Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2720 |
6.12.2023 |
RIALACHÁN (AE) 2023/2720 ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Samhain 2023
lena n-osclaítear don tréimhse 2024–2026 taraif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe agus lena bhforáiltear do bhainistiú na dtaraif-chuótaí sin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas,
(1) |
Faoi láthair, bíonn soláthairtí tháirgí iascaigh áirithe de chuid an Aontais ag brath ar allmhairí ó thríú tíortha. Le scór éigin blianta anuas, tá an tAontas ag éirí níos spleáiche ar allmhairí chun an t-éileamh atá aige ar tháirgí iascaigh a shásamh. Chun a áirithiú nach gcuirfear táirgeadh tháirgí iascaigh an Aontais i mbaol agus go bhfuil soláthar leordhóthanach táirgí iascaigh ann dá thionscal próiseála, ba cheart dleachtanna allmhairiúcháin ar líon áirithe táirgí iascaigh a chur ar fionraí nó a laghdú laistigh de tharaif-chuótaí dar iomchuí a méid. Chun iomaíocht chóir a áirithiú idir táirgí iascaigh allmhairithe agus táirgí iascaigh an Aontais ar mhargadh an Aontais, ba cheart tionchar na mbeart maidir le hiomaíochas tháirgeoirí iascaigh an Aontais a chur san áireamh freisin. |
(2) |
Le Rialachán (AE) 2020/1706 ón gComhairle (1), osclaíodh bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le haghaidh na tréimhse 2021–2023 agus rinneadh foráil maidir leis an mbainistiú sin. Ós rud é go rachaidh tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin sin in éag an 31 Nollaig 2023, ba cheart rialachán nua a ghlacadh lena ndéantar foráil do tharaif-chuótaí a ghlacadh le haghaidh na tréimhse 2024–2026. |
(3) |
Ó bhí mí Iúil 2014 ann, tá bearta sriantacha á bhforchur go forchéimneach ag an Aontas ar an Rúis. Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl go bhfuil an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe á sárú ag fogha míleata gan chúis gan údar na Rúise faoin Úcráin agus go bhfuil dochar á dhéanamh aige do shlándáil agus cobhsaíocht na hEorpa agus an domhain. |
(4) |
Le déanaí, an 23 Meitheamh 2023, ghlac an Chomhairle an 11ú pacáiste de bhearta sriantacha in aghaidh na Rúise mar gheall ar an gcogadh foghach leanúnach atá á chur aici i gcoinne na hÚcráine. |
(5) |
Cé gur comhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) í an Rúis, is féidir leis an Aontas brath ar na heisceachtaí a bhfuil feidhm acu faoin gComhaontú lena mBunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’), agus go háirithe Airteagal XXI den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994, go háirithe maidir leis an oibleagáid na buntáistí a dheonaítear do tháirgí comhchosúla a allmhairítear ó thíortha eile (cóir an náisiúin barrfhabhair) a dheonú do tháirgí a allmhairítear ón Rúis. |
(6) |
I bhfianaise mheath an chaidrimh idir an tAontas agus an Rúis, chun comhleanúnachas le gníomhaíochtaí agus prionsabail an Aontais i réimse ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú, ní bheadh sé iomchuí, dá bhrí sin, ligean do tháirgí de thionscnamh na Rúise tairbhe a bhaint as cóir saor ó dhleacht agus cóir an náisiúin barrfhabhair maidir leis na táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. |
(7) |
Tá meath tagtha ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an Bhealarúis le blianta beaga anuas, mar gheall ar neamhaird réimeas na Bealarúise ar an dlí idirnáisiúnta, ar chearta bunúsacha agus ar chearta an duine. Ina theannta sin, thug an Bhealarúis tacaíocht fhorleathan do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ón tús. |
(8) |
Ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2020 ann, tá bearta sriantacha á bhforchur go forchéimneach ag an Aontas ar an mBealarúis toisc go bhfuil cearta an duine á sárú go leanúnach aici agus imircigh á n-ionstraimiú aici agus toisc go bhfuil an Bhealarúis rannpháirteach i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Ós rud é nach ball de EDT í an Bhealarúis, níl sé d’oibleagáid ar an Aontas, de bhua Chomhaontú EDT, cóir an náisiúin barrfhabhair a dheonú do tháirgí ón mBealarúis. |
(9) |
I bhfianaise mheath an chaidrimh idir an tAontas agus an Bhealarúis, chun comhleanúnachas le gníomhaíochtaí agus prionsabail an Aontais i réimse ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú, ní bheadh sé iomchuí, dá bhrí sin, ligean do tháirgí de thionscnamh na Bealarúise tairbhe a bhaint as cóir saor ó dhleacht maidir leis na táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. |
(10) |
Nuair a eisiafar táirgí ón mBealarúis agus ón Rúis, go háirithe mangaigh Alascacha, ó raon feidhme an Rialacháin seo, beidh tionchar aige sin ar shreafaí trádála agus beidh ar thionscal an Aontais é féin a oiriúnú dó sin. Más rud é, mar thoradh air sin, go sainaithneofar amhábhair nach gcumhdaítear faoi láthair faoi raon feidhme an Rialacháin seo ach atá coibhéiseach leis na táirgí sin agus a bhfuil géarghá leo le linn na tréimhse oiriúnaithe, féadfar an Rialachán seo a athbhreithniú chun na himthosca sin a chur san áireamh. |
(11) |
Ba cheart allmhairithe uile an Aontais tairbhiú de rochtain chomhionann gan bhriseadh ar na taraif-chuótaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, agus ba cheart na rátaí a leagtar amach le haghaidh na dtaraif-chuótaí a chur i bhfeidhm gan bhriseadh i dtaca le hallmhairí uile na dtáirgí iascaigh lena mbaineann a thugtar isteach sna Ballstáit uile go dtí go mbeidh na taraif-chuótaí uile ídithe. |
(12) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (2), déantar foráil maidir le córas bainistithe taraif-chuótaí ina leantar ord cróineolaíoch na ndátaí a glacadh le dearbhuithe custaim maidir le scaoileadh chun saorchúrsaíochta. Ós rud é gur ceapadh na taraif-chuótaí sin chun soláthar leordhóthanach táirgí iascaigh a áirithiú do thionscal próiseála an Aontais, ba cheart leibhéal íosta cóireála nó oibríochta a cheangal le haghaidh teidlíocht cuótaí. |
(13) |
Lena áirithiú go mbainisteofar na taraif-chuótaí ar bhealach éifeachtúil, ba cheart a cheadú do na Ballstáit na méideanna riachtanacha a chomhfhreagraíonn dá n-allmhairí iarbhír a asbhaint ón taraif-chuóta. Ós rud é, leis an modh bainistithe sin, gur gá dlúthchomhar a bheith ann idir na Ballstáit agus an Coimisiún, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann faireachán a dhéanamh ar an ráta lena n-ídítear na taraif-chuótaí agus ba cheart dó na Ballstáit a chur ar an eolas dá réir. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirfear ar fionraí na dleachtanna allmhairiúcháin ar na táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn nó laghdófar iad chun go dtiocfaidh siad faoi na taraif-chuótaí ag na rátaí, do na tréimhsí agus suas go dtí na méideanna a shonraítear ann.
Airteagal 2
Bainisteofar na taraif-chuótaí dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.
Airteagal 3
Beidh na taraif-chuótaí faoi réir maoirseacht chustaim úsáide deiridh i gcomhréir le hAirteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).
Airteagal 4
1. Ní bheidh feidhm ag cur ar fionraí nó laghdú dleachtanna allmhairiúcháin, ach maidir le táirgí a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine.
2. Ní bheidh na taraif-chuótaí ar fáil le haghaidh táirgí a phróiseáiltear ar an leibhéal miondíola nó lónadóireachta.
3. Ní bheidh na taraif-chuótaí ar fáil le haghaidh táirgí nach le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na hoibríochtaí seo a leanas a cheaptar iad:
(a) |
glanadh, dí-inniú, an t-eireaball a bhaint agus dícheannadh; |
(b) |
gearradh; |
(c) |
filléid mhear-reoite arna reo go leithleach a athphacáil; |
(d) |
sampláil agus sórtáil; |
(e) |
lipéadú; |
(f) |
pacáil; |
(g) |
fuarú; |
(h) |
reo; |
(i) |
íosreo; |
(j) |
díreo; |
(k) |
glónrú; |
(l) |
leá; agus |
(m) |
deighilt. |
4. D’ainneoin mhír 3, beidh na taraif-chuótaí ar fáil le haghaidh táirgí a ceapadh le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na hoibríochtaí seo a leanas:
(a) |
dísliú; |
(b) |
iad a ghearradh ina bhfáinní agus ina stiallacha le haghaidh ábhair faoi na cóid AC ex 0307 43 35, ex 0307 43 91, ex 0307 43 92 agus ex 0307 43 99; |
(c) |
filléadú; |
(d) |
flapaí a tháirgeadh; |
(e) |
bloic reoite a ghearradh; |
(f) |
bloic reoite d’fhilléid agus ceifileapóid idirdhuillithe a scoilteadh chun filléid aonair a fháil; |
(g) |
sliseadh le haghaidh ábhair faoi na cóid AC ex 0303 66 11, ex 0303 66 12, ex 0303 66 13, ex 0303 66 19, ex 0303 89 70 agus ex 0303 89 90; |
(h) |
cóireáil le gáis phacáistithe mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle (4) le haghaidh táirgí faoi chóid AC 0306 16 99 (foroinn TARIC 20 agus 30), 0306 17 92 (foroinn TARIC 20), 0306 17 99 (foroinn TARIC 10), 0306 35 90 (foranna TARIC 12, 14, 92 agus 93), 0306 36 90 (foranna TARIC 20 agus 30), 1605 21 90 (foranna TARIC 45, 55 agus 62) agus 1605 29 00 (foranna TARIC 50, 55 agus 60); |
(i) |
an táirge reoite a roinnt nó a chur faoi theaschóireáil ionas gur féidir dramhábhar inmheánach a bhaint as le haghaidh ábhar faoi chóid AC 0306 11 10 (foroinn TARIC 10), 0306 11 90 (foroinn TARIC 20) agus 0306 31 00 (foroinn TARIC 10); |
(j) |
paistéaradh faoi chóid AC 0305 20 00 agus 1604 32 00; |
(k) |
glanadh i gcás inarb í an oibríocht sin an oibríocht amháin is féidir a dhéanamh ar earra ar leith agus gur gá an glanadh sin chun an táirge atá oiriúnach lena chaitheamh ag an duine a fháil (eochraí éisc faoi cheannteidil 0302; 0303 agus 0305; séaclaí faoi cheannteideal 0306, éisc reoite, seachas filléid éisc agus feoil eile éisc, den speiceas Gadus morhua, lena bpróiseáil faoi chód AC 0303 63 10, den speiceas Merluccius, seachas Merluccius merluccius, lena bpróiseáil faoi chóid AC 0303 66 11, 0303 66 12, 0303 66 13, 0303 66 19, agus den speiceas Theragra chalcogramma lena bpróiseáil faoi chód AC 0303 67 00); agus |
(l) |
pacáistiú a dhéantar i dtimpeallacht mhodhnaithe faoi chód AC 1605 40 00. |
5. Ní bheidh na taraif-chuótaí ar fáil do tháirgí de thionscnamh na Rúise ná na Bealarúise.
Chun tionscnamh na dtáirgí a thagann faoi na cuótaí a bhunú, beidh feidhm ag rialacha tionscnaimh neamhfhabhracha i gcomhréir le hAirteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
Airteagal 5
Oibreoidh an Coimisiún agus údaráis chustaim na mBallstát i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go ndéanfar cur chun feidhme an Rialacháin seo a bhainistiú agus a rialú go cuí.
Airteagal 6
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Samhain 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
X. MÉNDEZ BÉRTOLO
(1) Rialachán (AE) 2020/1706 ón gComhairle an 13 Samhain 2020 lena n-osclaítear agus lena bhforáiltear do bhainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le haghaidh na tréimhse 2021–2023 (IO L 385, 17.11.2020, lch. 3).
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16).
IARSCRÍBHINN
Uimhir an Ordaithe |
Cód AC |
Cód TARIC |
Tuairisc |
Méid bliantúil an chuóta (tonnaí) (1) |
Dleacht an chuóta |
Tréimhse an chuóta |
09.2503 |
ex 0303 39 85 |
80 |
Éisc leathógacha (Limanda aspera, Lepidopsetta bilineata, Pleuronectes quadrituberculatus, Limanda ferruginea, Lepidopsetta polyxystra, Eopsetta jordani), reoite, lena bpróiseáil |
7 500 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
ex 0303 39 85 |
90 |
|||||
09.2504 |
0302 11 20 |
10 |
Bric den speiceas Oncorhynchus mykiss, agus an ceann agus na geolbhaigh orthu, dí-innithe, ar mó ná 1,2 kg meáchan gach ceann díobh, nó gan an ceann orthu, geolbhaithe agus dí-innithe, ar mó ná 1 kg meáchan gach ceann díobh, lena bpróiseáil |
10 000 |
5 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
09.2505 |
ex 0303 54 10 |
95 (2) |
Ronnaigh Sheapánacha (Scomber japonicus), iomlán, filléid agus flapaí, lena bpróiseáil |
5 000 |
7,5 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
ex 0304 89 49 |
20 |
|||||
ex 0304 99 99 |
12 |
|||||
09.2508 |
ex 0307 43 35 |
10 |
Scuideanna den speiceas Loligo gahi, iad reoite, lena bpróiseáil |
75 000 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
09.2746 |
ex 0302 89 90 |
30 |
Sclamhairí dearga deisceartacha (Lutjanus purpureus), iad úr, fuaraithe, lena bpróiseáil |
1 500 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
09.2748 |
ex 0302 91 00 |
96 |
Eochraí éisc, iad úr, fuaraithe nó reoite, saillte nó faoi sháile, lena bpróiseáil |
5 700 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
ex 0303 91 90 |
96 |
|||||
ex 0305 20 00 |
41 |
|||||
09.2750 |
ex 0305 20 00 |
35 |
Eochraí éisc, iad nite, na horgáin ghreamaitheacha glanta agus iad saillte go simplí nó faoi sháile, chun ionadaigh caibheáir a mhonarú |
1 200 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
ex 1604 32 00 |
20 |
|||||
09.2759 |
ex 0302 51 10 |
20 |
Troisc (Gadus morhua, Gadus ogac, Gadus macrocephalus) agus iasc den speiceas Boreogadus saida, seachas aenna agus eochraí, iad úr, fuaraithe nó reoite, lena bpróiseáil |
110 000 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
ex 0302 51 90 |
10 |
|||||
ex 0302 59 10 |
10 |
|||||
ex 0303 63 10 |
10 |
|||||
ex 0303 63 30 |
10 |
|||||
ex 0303 63 90 |
10 |
|||||
ex 0303 69 10 |
10 |
|||||
09.2760 |
ex 0303 66 11 |
10 |
Colmóirí (Merluccius spp. seachas Merluccius merluccius, Urophycis spp.) agus tusceascanna bándearga (Genypterus blacodes agus Genypterus capensis), iad reoite, lena bpróiseáil |
10 000 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
ex 0303 66 12 |
10 |
|||||
ex 0303 66 13 |
10 |
|||||
ex 0303 66 19 |
11 |
|||||
91 |
||||||
ex 0303 89 70 |
10 |
|||||
ex 0303 89 90 |
30 |
|||||
09.2761 |
ex 0304 79 50 |
10 |
Gránádóirí gorma (Macruronus Novaezelandiae) agus gránádóirí Patagónacha (Macruronus magellanicus), filléid reoite agus feoil eile atá reoite, lena bpróiseáil |
17 500 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
ex 0304 95 90 |
11 |
|||||
ex 0304 79 90 |
11 |
|||||
09.2762 |
ex 0306 11 10 |
10 |
Gliomaigh charraige agus piardóga farraige eile (Palinurus spp., Panulirus spp., Jasus spp.), iad beo, fuaraithe, reoite, lena bpróiseáil |
200 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
ex 0306 11 90 |
20 |
|||||
ex 0306 31 00 |
10 |
|||||
09.2765 |
ex 0305 62 00 |
20 |
Troisc (Gadus morhua, Gadus ogac, Gadus macrocephalus) agus éisc den speiceas Boreogadus saida, saillte nó faoi sháile, ach gan iad a bheith triomaithe nó deataithe, lena bpróiseáil |
2 000 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
25 |
||||||
29 |
||||||
ex 0305 69 10 |
10 |
|||||
09.2770 |
ex 0305 63 00 |
10 |
Ainseabhaithe (Engraulis anchoita), saillte nó faoi sháile, ach gan iad a bheith triomaithe nó deataithe, lena bpróiseáil |
1 500 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
09.2772 |
ex 0304 93 10 |
10 |
Surimi, reoite, lena próiseáil |
60 000 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
ex 0304 94 10 |
10 |
|||||
ex 0304 95 10 |
10 |
|||||
ex 0304 99 10 |
10 |
|||||
09.2774 |
ex 0304 74 15 |
10 |
Colmóirí an Aigéin Chiúin (Merluccius productus) agus colmóirí na hAirgintíne (colmóirí an Atlantaigh Thiar Theas) (Merluccius hubbsi), filléid reoite agus feoil eile, lena bpróiseáil |
40 000 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
ex 0304 74 19 |
10 |
|||||
ex 0304 95 50 |
10 |
|||||
20 |
||||||
09.2776 |
ex 0304 71 10 |
10 |
Troisc (Gadus morhua, Gadus macrocephalus), filléid reoite agus feoil reoite, lena bpróiseáil |
45 000 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
ex 0304 71 90 |
10 |
|||||
ex 0304 95 21 |
10 |
|||||
ex 0304 95 25 |
10 |
|||||
09.2777 |
ex 0303 67 00 |
10 |
Mangaigh Alascacha (Theragra chalcogramma), iad reoite, filléid reoite agus feoil reoite eile, lena bpróiseáil |
340 000 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
ex 0304 75 00 |
10 |
|||||
ex 0304 94 90 |
10 |
|||||
09.2778 |
ex 0304 83 90 |
21 |
Éisc leathógacha (Limanda aspera, Lepidopsetta bilineata, Pleuronectes quadrituberculatus, Limanda ferruginea, Lepidopsetta polyxystra), filléid reoite agus feoil eile éisc, lena bpróiseáil |
10 000 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
ex 0304 99 99 |
65 |
|||||
09.2785 |
ex 0307 43 91 |
10 |
Ráth (3) scuideanna (Ommastrephes spp. seachas Todarodes sagittatus (comhchiallach Ommastrephes sagittatus) -, Nototodarus spp., Sepioteuthis spp.) agus Illex spp., iad reoite, agus craiceann agus eití orthu, lena bpróiseáil |
20 000 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
ex 0307 43 92 |
10 |
|||||
ex 0307 43 99 |
21 |
|||||
09.2786 |
ex 0307 43 91 |
20 |
Scuideanna (Ommastrephes spp. - seachas Todarodes sagittatus (comhchiallach Ommastrephes sagittatus) -, Nototodarus spp., Sepioteuthis spp.) agus Illex spp., reoite, iomlán nó braiteoga agus eití orthu, lena bpróiseáil |
5 000 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
ex 0307 43 92 |
20 |
|||||
ex 0307 43 99 |
29 |
|||||
09.2790 |
ex 1604 14 26 |
10 |
Filléid ar a dtugtar ‘luanta’ tuinníní agus tuinníní aigéanacha, lena bpróiseáil |
35 000 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
ex 1604 14 36 |
10 |
|||||
ex 1604 14 46 |
11 |
|||||
21 |
||||||
92 |
||||||
94 |
||||||
09.2794 |
ex 1605 21 90 |
45 |
Séaclaí agus cloicheáin den speiceas Pandalus borealis agus Pandalus montagui, cócaráilte agus scafa, lena bpróiseáil |
4 500 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
55 |
||||||
62 |
||||||
ex 1605 29 00 |
50 |
|||||
55 |
||||||
60 |
||||||
09.2798 |
ex 0306 16 99 |
20 |
Séaclaí agus cloicheáin den speiceas Pandalus borealis agus Pandalus montagui, cócaráilte agus scafa, lena bpróiseáil |
2 000 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
30 |
||||||
ex 0306 35 90 |
12 |
|||||
14 |
||||||
92 |
||||||
93 |
||||||
09.2800 |
ex 1605 21 90 |
55 |
Séaclaí agus cloicheáin den speiceas Pandalus jordani, iad cócaráilte agus scafa, lena bpróiseáil |
4 000 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
ex 1605 29 00 |
60 |
|||||
09.2802 |
ex 0306 17 92 |
20 |
Séaclaí agus cloicheáin den speiceas Penaeus vannamei agus Penaeus monodon, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, iad úr, fuaraithe nó reoite, gan iad a bheith cócaráilte, lena bpróiseáil |
48 000 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
ex 0306 36 90 |
30 |
|||||
09.2804 |
ex 1605 40 00 |
40 |
Eireabaill cráifisceanna den speiceas Procambarus clarkii, cócaráilte, lena bpróiseáil |
2 500 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
09.2821 |
0307 43 33 |
10 |
Scuideanna den speiceas Loligo pealeii, reoite, lena bpróiseáil |
1 000 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
09.2822 |
ex 0303 11 00 |
20 |
Bradáin an Aigéin Chiúin den speiceas Oncorhynchus nerka (bradán dearg), Oncorhynchus kisutch, Oncorhynchus keta agus Oncorhynchus tshawytscha, iad dícheannta agus dí-innithe, agus i bhfoirm filléad, reoite, lena bpróiseáil |
10 000 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
ex 0303 12 00 |
20 |
|||||
ex 0304 81 00 |
20 |
|||||
09.2824 |
0302 52 00 |
10 |
Cadóga (Melanogrammus aeglefinus), iad úr, fuaraithe nó reoite agus iad dícheannta, geolbhaithe agus dí-innithe, lena bpróiseáil |
3 500 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
0303 64 00 |
10 |
|||||
09.2826 |
ex 0306 17 99 |
10 |
Séaclaí agus cloicheáin den speiceas Pleoticus muelleri, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, iad úr, fuaraithe nó reoite, lena bpróiseáil |
16 000 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
ex 0306 36 90 |
20 |
|||||
09.2515 |
ex 0304 61 00 |
10 |
Filléid reoite tioláipianna (Oreochromis spp.) |
10 000 |
0 % |
1.1.2024–31.12.2026 |
(1) Arna shloinneadh i nglanmheáchan mura sonraítear a mhalairt.
(2) Ón 15 Feabhra go dtí an 15 Meitheamh, ní dheonófar tairbhe an taraif-chuóta d’earraí arna ndearbhú le haghaidh saorchúrsaíochta.
(3) Corp ceifileapóid nó scuideanna gan cheann agus gan bhraiteoga, a bhfuil craiceann agus eití orthu.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2720/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)