European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2711

7.12.2023

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2711 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Nollaig 2023

lena ndeonaítear maoluithe do Bhallstát ar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le sonraí a sheachadadh maidir le hathróga áirithe i staidreamh a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 7725)

(Is é an téacs Sualainnise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1700 ón Aontas Eorpach agus ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, staidreamh a bhunófar ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 808/2004, (CE) Uimh. 452/2008 agus (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 19(1) agus (5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2019/1700, féadfar maoluithe a dheonú i gcás ina mbeadh gá le hoiriúnuithe móra ar chóras staidrimh náisiúnta Ballstáit chun an Rialachán sin nó na gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme arna nglacadh dá bhun a chur i bhfeidhm.

(2)

Chuir an tSualainn isteach iarraidh go ndeonófaí di maoluithe sealadacha ar cheanglais staidrimh nua Rialachán (AE) 2019/1700, ceanglais a tugadh isteach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/126 ón gCoimisiún (2) agus a chuirtear chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2094 ón gCoimisiún (3).

(3)

San fhaisnéis a cuireadh ar fáil don Choimisiún léirítear gurb é is cúis le hiarraidh an Bhallstáit ar mhaoluithe an gá atá le hoiriúnuithe móra ar na córais staidrimh náisiúnta chun Rialachán (AE) 2019/1700 a chomhlíonadh go hiomlán, arna fhorlíonadh le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/126 agus arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2094.

(4)

Ba cheart na maoluithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/126 agus ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2094 a dheonú don tSualainn.

(5)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Deonaítear na maoluithe mar a leagtar amach san Iarscríbhinn iad don tSualainn.

Airteagal 2

Is chuig Ríocht na Sualainne a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Paolo GENTILONI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 261 I, 14.10.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/126 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí líon agus teideal na n-athróg i ndáil le fearann an tomhaltais a shonrú (IO L 17, 19.1.2023, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2094 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2022 lena sonraítear míreanna teicniúla na dtacar sonraí, lena mbunaítear na formáidí teicniúla maidir le tarchur faisnéise, agus lena sonraítear na socruithe mionsonraithe agus ábhar na dtuarascálacha cáilíochta maidir le heagrú suirbhé shamplaigh i réimse an tomhaltais (IO L 281, 31.10.2022, lch. 23).


IARSCRÍBHINN

Chun críche bhailiú sonraí Shuirbhéireacht Buiséad Teaghlaigh 2026, deonaítear na maoluithe seo a leanas don tSualainn:

Maidir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/126 ón gCoimisiún: maolú i ndáil le sonraí a sholáthar maidir le ‘Tomhaltas trí thomhaltas aonair a aicmiú de réir cuspóra (COICOP)’ ar leibhéal 4-dhigit seachas ar leibhéal 5 dhigit COICOP .

Maidir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2094 ón gCoimisiún: maolú i ndáil le sonraí a sholáthar maidir le ‘Tomhaltas trí thomhaltas aonair a aicmiú de réir cuspóra (COICOP)’ ar leibhéal 4-dhigit seachas ar leibhéal 5 dhigit COICOP .


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2711/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)