European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2693

1.12.2023

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2693 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Samhain 2023

lena gcinntear go bhfuil an fhaisnéis atá le huathmhalartú de bhun an chomhaontaithe a shínigh údaráis inniúla na Nua-Shéalainne agus údaráis inniúla Ballstát áirithe coibhéiseach leis an bhfaisnéis a shonraítear i bhforálacha áirithe de Threoir 2011/16/AE ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (1), agus go háirithe Airteagal 8ac(7), an chéad fhomhír, di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déantar foráil le hAirteagal 8ac(7), an chéad fhomhír, de Threoir 2011/16/AE go bhfuil an Coimisiún, tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, le cinneadh cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis atá le huathmhalartú ag údaráis inniúla an Bhallstáit sin agus ag údaráis inniúla dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í, faoi chomhaontú idir na húdaráis sin agus an dlínse sin, coibhéiseach leis an bhfaisnéis a shonraítear i Roinn III, mír B, d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/823 ón gCoimisiún (2), leagtar síos rialacha maidir leis an bhforáil sin de Threoir 2011/16/AE a chur chun feidhme.

(2)

Tar éis iarraidh a fháil ó údarás inniúil na Nua-Shéalainne an 31 Márta 2023, chinn an Coimisiún cinneadh a dhéanamh cé acu a bhaineann nó nach mbaineann an fhaisnéis a cheanglaítear a huathmhalartú de bhun Chomhaontú Iltaobhach na nÚdarás Inniúil maidir le huathmhalartú faisnéise faoi ioncam a dhíorthaítear trí ardáin dhigiteacha (3) (‘DPI-MCAA’), is comhaontú arna shíniú, faoi láthair, ag údaráis inniúla na Nua-Shéalainne agus na Beilge, na Bulgáire, na Cróite, na Cipire, na hEastóine, na Fionlainne, na hÉireann, na Laitvia, Lucsamburg, Mhálta, na hÍsiltíre, na Polainne, na Portaingéile, na Slóvaice, na Slóivéine, na Spáinne agus na Sualainne (‘na Ballstáit is sínitheoirí’) leis na gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2011/16/AE agus an bhfuil sí coibhéiseach leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi na rialacha tuairiscithe a leagtar amach sa Treoir sin.

(3)

Chun críocha an chinnidh, rinne an Coimisiún measúnú ar Acht na Nua-Shéalainne um Chánachas (Rátaí Bliantúla le haghaidh 2022–23, Geilleagar Ardáin, agus Ábhair Feabhsúcháin) 2023 [Taxation (Annual Rates for 2022–23, Platform Economy, and Remedial Matters) Act 2023] (‘an tAcht’) (4) agus ar an DPI-MCAA arna shíniú faoi láthair idir údaráis inniúla na Nua-Shéalainne agus na mBallstáit is sínitheoirí.

(4)

Leis an Acht, leasaítear Acht na Nua-Shéalainne um Riarachán Cánach 1994 [Tax Administration Act 1994] agus cuirtear i bhfeidhm forálacha na Rialacha Samhla maidir le Tuairisciú ag Oibreoirí Ardán 2020 i leith Díoltóirí sa Gheilleagar Comhroinnte agus Poistíneachta (5) (‘na Rialacha Samhla’), ar rialacha den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) iad, arna bhforlíonadh le Rialacha Samhla Tuairiscithe 2021 de chuid ECFE le haghaidh Ardáin Dhigiteacha: Creat an Mhalartaithe Idirnáisiúnta agus Modúl Roghnach um dhíol earraí (6) (‘na Rialacha Samhla leathnaithe’). Tá le téarma a shainmhínítear sna Rialacha Samhla nó sna Rialacha Samhla leathnaithe agus a úsáidtear san Acht an bhrí atá leis, an tráth sin, sna Rialacha Samhla nó sna Rialacha Samhla leathnaithe.

(5)

Tiocfaidh na Ranna den Acht lena gcuirtear na Rialacha Samhla i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024. Tá Roinn 211 ar cheann acu, lena gcuirtear Roinn 185S agus Roinn 185T isteach san Acht um Riarachán Cánach 1994. Faoi Roinn 185T den Acht um Riarachán Cánach 1994, féadfaidh an tArd-Ghobharnóir, le hOrdú i gComhairle arna dhéanamh ar mholadh ón Aire Ioncaim, dáta a dhearbhú ar a dtiocfaidh i bhfeidhm na Ranna den Acht um Riarachán Cánach 1994 lena gcuirtear na Rialacha Samhla leathnaithe i bhfeidhm, agus a dhearbhú go bhfuil an tOrdú i gComhairle le déanamh trí bliana ar a dhéanaí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Achta.

(6)

Is creat dlíthiúil idirnáisiúnta é DPI-MCAA a d’fhorbair ECFE chun tacú leis an uathmhalartú faisnéise bliantúil arna bhailiú faoi Rialacha Samhla ECFE ag dlínse chónaithe an oibreora ardán le dlínsí cónaithe na ndíoltóirí (agus, i ndáil le hidirbhearta a bhaineann le réadmhaoin a fháil ar cíos, leis na dlínsí ina bhfuil an réadmhaoin sin lonnaithe), de réir mar a chinntear ar bhonn na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí.

(7)

Leis an DPI-MCAA arna shíniú faoi láthair ag an Nua-Shéalainn agus ag na Ballstáit is sínitheoirí, ceanglaítear go ndéanfar an caidreamh malartaithe idir an Nua-Shéalainn agus gach ceann de na Ballstáit is sínitheoirí a ghníomhachtú i gcomhréir le Roinn 7 den DPI-MCAA.

(8)

I dtaca leis na sainmhínithe maidir leis an oibreoir ardán tuairiscithe a leagtar amach san Acht agus sa DPI-MCAA arna shíniú ag údaráis inniúla na Nua-Shéalainne agus údaráis inniúla na mBallstát is sínitheoirí, chinn an Coimisiún, go bhfuil siad coibhéiseach leis na sainmhínithe a leagtar amach i Roinn I, fomhíreanna A(1) go A(4), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE, i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/823.

(9)

I dtaca leis na sainmhínithe maidir le díoltóirí intuairiscithe a leagtar amach san Acht agus sa DPI-MCAA arna shíniú ag údaráis inniúla na Nua-Shéalainne agus údaráis inniúla na mBallstát is sínitheoirí, chinn an Coimisiún, go bhfuil siad coibhéiseach leis na sainmhínithe a leagtar amach i Roinn I, fomhíreanna B(1) go B(4), C(1) agus C(2), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE, i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/823.

(10)

I dtaca leis na sainmhínithe maidir le gníomhaíocht ábhartha a leagtar amach san Acht agus sa DPI-MCAA arna shíniú ag údaráis inniúla na Nua-Shéalainne agus údaráis inniúla na mBallstát is sínitheoirí, chinn an Coimisiún, go bhfuil siad coibhéiseach leis na sainmhínithe a leagtar amach i Roinn I, fomhíreanna A(8), A(10), A(11) agus C(9), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/823.

(11)

I dtaca leis na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a leagtar amach san Acht agus de bhun DPI-MCAA arna shíniú ag údaráis inniúla na Nua-Shéalainne agus údaráis inniúla na mBallstát is sínitheoirí, chinn an Coimisiún, go bhfuil siad coibhéiseach leis na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a leagtar amach i Roinn II d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE agus leis na sainmhínithe a leagtar amach i Roinn I, fomhíreanna C(3) go C(7), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/823.

(12)

I dtaca leis na ceanglais maidir le tuairisciú a leagtar amach san Acht agus de bhun DPI-MCAA arna shíniú ag údaráis inniúla na Nua-Shéalainne agus údaráis inniúla na mBallstát is sínitheoirí, chinn an Coimisiún, go bhfuil siad coibhéiseach leis na ceanglais maidir le tuairisciú a leagtar amach i Roinn III, fomhíreanna A(1), A(2), A(5), A(6) agus A(7) agus mír B d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE, agus leis na sainmhínithe a leagtar amach i Roinn I, fomhíreanna C(3) go C(8) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/823.

(13)

I dtaca leis na rialacha agus na nósanna imeachta riaracháin a leagtar síos san Acht, agus in DPI-MCAA arna shíniú ag údaráis inniúla na Nua-Shéalainne agus údaráis inniúla na mBallstát is sínitheoirí, chun cur chun feidhme agus comhlíonadh éifeachtach na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a áirithiú, chinn an Coimisiún go bhfuil siad coibhéiseach leis na forálacha a leagtar amach i Roinn IV, míreanna A go D d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE, i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/823.

(14)

Dá bhrí sin, an fhaisnéis a cheanglaítear a uathmhalartú idir údaráis inniúla na Nua-Shéalainne agus údaráis inniúla na mBallstát is sínitheoirí de bhun DPI-MCAA, ba cheart a mheas go bhfuil sí coibhéiseach leis an bhfaisnéis a shonraítear i Roinn III, mír B, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE. I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/823, tá feidhm ag an gcinneadh coibhéise sin maidir leis an gcomhaontú céanna idir údaráis inniúla aon Bhallstáit eile agus údaráis inniúla na Nua-Shéalainne.

(15)

Ós rud é nach bhfuil feidhm fós ag na Ranna den Acht lena gcuirtear forálacha na Rialacha Samhla i bhfeidhm, níor cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh coibhéise ach amháin maidir leis na gníomhaíochtaí ábhartha a bhaineann le réadmhaoin a ligean ar cíos agus le seirbhís phearsanta, mar a shainmhínítear i Roinn I, fomhír A(11), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE, ó dháta theacht i bhfeidhm na Ranna sin.

(16)

Maidir leis na Ranna den Acht um Riarachán Cánach 1994 lena gcuirtear forálacha na Rialacha Samhla leathnaithe i bhfeidhm, ós rud é nach dtiocfaidh siad i bhfeidhm ach amháin ar dháta a shonrófar in Ordú i gComhairle atá fós le glacadh ag Ard-Ghobharnóir na Nua-Shéalainne, ach atá le glacadh an 1 Aibreán 2026 ar a dhéanaí, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh coibhéise freisin maidir leis na gníomhaíochtaí ábhartha a bhaineann le haon mhodh iompair a ligean ar cíos agus le hearraí a dhíol, mar a shainmhínítear i Roinn I, fomhír C(9), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE, ó dháta theacht i bhfeidhm na Ranna sin.

(17)

Mar sin féin, níor cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh coibhéise ach amháin ar choinníoll go ngníomhachtaítear an caidreamh malartaithe idir an Nua-Shéalainn agus na Ballstáit is sínitheoirí a i gcomhréir le Roinn 7 den DPI-MCAA.

(18)

Mar a cheanglaítear le hAirteagal 25(1) de Threoir 2011/16/AE, tá gach malartú faisnéise idir údaráis inniúla na mBallstát agus dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad de bhun DPI-MCAA le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a chomhlíonadh.

(19)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(20)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um chomhar riaracháin maidir le cánachas,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cinneadh coibhéise

An fhaisnéis a cheanglaítear a uathmhalartú de bhun an Achta um Cánachas (Rátaí Bliantúla le haghaidh 2022–23, Geilleagar Ardáin, agus Ábhair Feabhsúcháin) 2023 agus Chomhaontú Iltaobhach na nÚdarás Inniúil maidir le huathmhalartú faisnéise faoi ioncam a dhíorthaítear trí ardáin dhigiteacha (‘DPI-MCAA’)), is comhaontú arna shíniú, faoi láthair, ag údaráis inniúla na Nua-Shéalainne agus na Beilge, na Bulgáire, na Cróite, na Cipire, na hEastóine, na Fionlainne, na hÉireann, na Laitvia, Lucsamburg, Mhálta, na hÍsiltíre, na Polainne, na Portaingéile, Phoblacht na Slóvaice, na Slóivéine, na Spáinne agus na Sualainne (‘na Ballstáit is sínitheoirí’), tá sí coibhéiseach, de réir bhrí Roinn I, fomhír A(7), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE, leis an bhfaisnéis a shonraítear i Roinn III, mír B, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE.

Beidh feidhm ag an gcinneadh coibhéise mar a leanas:

(i)

beidh feidhm aige maidir leis na gníomhaíochtaí ábhartha a bhaineann le réadmhaoin a ligean ar cíos agus le seirbhís phearsanta, mar a shainmhínítear i Roinn I, fomhír A(11), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE, ó dháta theacht i bhfeidhm na Ranna uile den Acht um Chánachas (Rátaí Bliantúla le haghaidh 2022–23, Geilleagar Ardáin, agus Ábhair Feabhsúcháin) 2023 lena gcuirtear i bhfeidhm forálacha na Rialacha Samhla maidir le Tuairisciú ag Oibreoirí Ardán 2020 i leith Díoltóirí sa Gheilleagar Comhroinnte agus Poistíneachta, ar rialacha den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) iad, agus a ndearna an Coimisiún measúnú orthu;

(ii)

beidh feidhm aige maidir leis na gníomhaíochtaí ábhartha a bhaineann le haon mhodh iompair a fháil ar cíos agus le díol earraí mar a shainmhínítear i Roinn I, fomhír C(9), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE ó dháta theacht i bhfeidhm na Ranna uile den Acht um Riarachán Cánach 1994, arna leasú leis an Acht um Chánachas (Rátaí Bliantúla le haghaidh 2022–23, Geilleagar Ardáin, agus Ábhair Feabhsúcháin) 2023, lena gcuirtear i bhfeidhm forálacha Rialacha Samhla Tuairiscithe 2021 de chuid ECFE le haghaidh Ardáin Dhigiteacha: Creat an Mhalartaithe Idirnáisiúnta agus Modúl Roghnach um dhíol earraí, agus a ndearna an Coimisiún measúnú orthu;

(iii)

sa bhreis ar na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (i) agus (ii), ní bheidh feidhm aige ach amháin nuair a ghníomhachtófar an caidreamh malartaithe idir údaráis inniúla na Nua-Shéalainne agus údaráis inniúla gach Ballstáit is sínitheoir i gcomhréir le Roinn 7 den DPI-MCAA.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Samhain 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 64, 11.3.2011, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/823 ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2023 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Threoir 2011/16/AE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coibhéis faisnéise a mheasúnú agus a chinneadh i gcomhaontú idir údaráis inniúla Ballstáit agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í (IO L 103, 18.4.2023, lch. 1).

(3)  Tá DPI-MCAA ar fáil ar líne ag Rialacha Samhla Tuairiscithe le haghaidh Ardáin Dhigiteacha:Creat an Mhalartaithe Idirnáisiúnta agus Modúl Roghnach um Dhíol Earraí (oecd.org)

(4)  Tá an tAcht um Chánachas (Rátaí Bliantúla le haghaidh 2022-23, Geilleagar Ardáin agus Ábhair Feabhsúcháin) 2023 ar fáil ar líne ag https://www.legislation.govt.nz/act/public/2023/0005/latest/LMS749649.html

(5)  ECFE (2020), Rialacha Samhla maidir le Tuairisciú ag Oibreoirí Ardán i leith Díoltóirí sa Gheilleagar Comhroinnte agus Poistíneachta, ECFE, Páras. Ar fáil ar líne ag https://www.oecd.org/tax/exchange-of-tax-information/model-rules-for-reporting-by-platform-operators-with-respect-to-sellers-in-the-sharing-and-gig-economy.pdf

(6)  ECFE (2021), Rialacha Samhla Tuairiscithe le haghaidh Ardáin Dhigiteacha: Creat an Mhalartaithe Idirnáisiúnta agus Modúl Roghnach um Dhíol Earraí, ECFE, Páras. Ar fáil ar líne ag https://www.oecd.org/tax/exchange-of-tax-information/model-reporting-rules-for-digital-platforms-international-exchange-framework-and-optional-module-for-sale-of-goods.pdf

(7)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2693/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)