|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2686 |
28.11.2023 |
CINNEADH (CBES) 2023/2686 ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Samhain 2023
lena leasaítear Cinntí áirithe ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha chun forálacha maidir le heisceachtaí daonnúla a chur isteach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Sna conclúidí uaithi an 20 Bealtaine 2021 maidir leis an ‘Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i ndáil le gníomhaíocht dhaonnúil an Aontais: dúshláin nua, na prionsabail chéanna’, d’athdhearbhaigh an Chomhairle a tiomantas aon tionchair dhiúltacha neamhbheartaithe a d’fhéadfadh a bheith ag bearta sriantacha an Aontais ar ghníomhaíocht dhaonnúil ar bhonn prionsabal a sheachaint agus, i gcás nach féidir iad a sheachaint, iad a mhaolú a mhéid is féidir. D’athdhearbhaigh an Chomhairle go gcomhlíonann bearta sriantacha an Aontais na hoibleagáidí uile faoin dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus an dlí idirnáisiúnta um dhídeanaithe. Chuir sí i dtreis a thábhachtaí atá sé cloí go hiomlán le prionsabail dhaonnúla agus leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta i mbeartas smachtbhannaí an Aontais, lena n-áirítear trí eisceachtaí daonnúla a áireamh go comhsheasmhach i gcórais beart sriantach an Aontais i gcás inarb ábhartha, agus trína áirithiú go mbeidh creat éifeachtach i bhfeidhm le haghaidh na húsáide a bhaineann eagraíochtaí daonnúla as na heisceachtaí sin. |
|
(2) |
An 9 Nollaig 2022, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) Rún 2664 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, á mheabhrú di na rúin a ghlac sí roimhe seo lena bhforchuirtear bearta smachtbhannaí mar fhreagairt ar bhagairtí ar an tsíocháin agus ar an tslándáil idirnáisiúnta, agus á chur i dtábhacht di maidir leis na bearta a dhéanann Ballstáit na Náisiún Aontaithe chun smachtbhannaí a chur chun feidhme, go gcomhlíonann na bearta sin oibleagáidí na mBallstát sin faoin dlí idirnáisiúnta agus nach bhfuil na bearta sin ceaptha iarmhairtí díobhálacha daonnúla a bheith acu do phobail shibhialtacha nó iarmhairtí díobhálacha do ghníomhaíochtaí daonnúla ná dóibh siúd a dhéanann gníomhaíochtaí daonnúla. Chinn CSNA i mír 1 de Rún 2664 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe go gceadaítear cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc nó earraí agus seirbhísí is gá a sholáthar chun seachadadh tráthúil cúnaimh dhaonnúil a áirithiú nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine ag gníomhaithe áirithe agus nach sárú iad ar na reonna sócmhainní arna bhfhorchur ag CSNA nó ag a Choistí Smachtbhannaí. |
|
(3) |
An 14 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/338 (1), lenar tugadh isteach an díolúine dhaonnúil de bhun Rún 2664 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i gcórais beart sriantach an Aontais, lena dtugtar éifeacht do bhearta arna gcinneadh ag CSNA nó ag a Choistí Smachtbhannaí. An 31 Márta 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/726 (2), lenar tugadh isteach an díolúine dhaonnúil de bhun Rún 2664 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i gcórais beart sriantach an Aontais lena dtugtar éifeacht do na bearta arna gcinneadh ag CSNA nó ag a Choistí Smachtbhannaí agus sna bearta comhlántacha arna gcinneadh ag an gComhairle. |
|
(4) |
Chun comhsheasmhacht agus comhleanúnachas chórais beart sriantach an Aontais lena chéile agus leis na bearta sriantacha arna nglacadh ag CSNA nó ag a Choistí Smachtbhannaí a mhéadú, agus chun a áirithiú go seachadfar cúnamh daonnúil go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine, measann an Chomhairle gur cheart díolúine a thabhairt isteach i gcórais áirithe beart sriantach de chuid an Aontais, ar díolúine é ó bhearta reo sócmhainní atá infheidhme maidir le daoine agus eintitis nádúrtha nó dhlítheanacha ainmnithe, agus ó na srianta ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh, ar mhaithe leis na gníomhaithe dá dtagraítear i Rún 2664 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le heagraíochtaí agus gníomhaireachtaí ar dheonaigh an tAontas an Deimhniú Comhpháirtíochta Daonnúla dóibh nó atá aitheanta ag Ballstát, nó ag gníomhaireachtaí speisialaithe na mBallstát. Ina theannta sin, measann an Chomhairle gur cheart sásra maolúcháin a thabhairt isteach, nó sásra maolúcháin atá ann cheana a leasú, do na heagraíochtaí agus na gníomhaithe sin atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí daonnúla nach féidir leo leas a bhaint as an díolúine sin. Measann an Chomhairle freisin gur cheart clásail athbhreithniúcháin a bhaineann leis na heisceachtaí sin a thabhairt isteach. Ina theannta sin, measann an Chomhairle gur cheart clásail athbhreithniúcháin a bhaineann leis na forálacha atá ann cheana maidir le heisceachtaí daonnúla a thabhairt isteach i gcórais áirithe beart sriantach eile de chuid an Aontais. |
|
(5) |
Is gá leasú a dhéanamh, dá bhrí sin, ar na Cinntí a leanas ón gComhairle: 2010/638/CBES (3), 2011/72/CBES (4), 2011/101/CBES (5),2011/173/CBES (6), 2012/642/CBES (7), 2013/184/CBES (8), 2014/145/CBES (9), (CBES) 2015/1763 (10), (CBES) 2017/2074 (11), (CBES) 2019/797 (12), (CBES) 2019/1720 (13), (CBES) 2021/1277 (14), (CBES) 2023/891 (15) agus (CBES) 2023/1532 (16). |
|
(6) |
Ní mór don Aontas tuilleadh a dhéanamh chun bearta áirithe den Chinneadh seo a chur chun feidhme, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2010/638/CBES mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 4, cuirtear na míreanna seo a leanas leis: ‘6. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar cúnamh daonnúil go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an cúnamh sin agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
7. Gan dochar do mhír 6, de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla de chuid Ballstáit údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun a áirithiú go ndéanfar cúnamh daonnúil a sheachadadh go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine. 8. Mura ndéanann an t-údarás inniúil ábhartha cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise laistigh de 5 lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh ar údarú faoi mhír 7, measfar gur deonaíodh an t-údarú sin. 9. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhíreanna 7 agus 8 laistigh de 4 seachtaine ó údarú den sórt sin.’ |
|
(2) |
in Airteagal 8, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘3. Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(6) agus (7) a mhéid a bhaineann le hAirteagal 4(1) agus (2) a athbhreithniú go tráthrialta, agus ar a laghad gach 12 mhí, nó ar iarraidh phráinneach ó aon Bhallstát, ón Ardionadaí, nó ón gCoimisiún tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca.’ |
Airteagal 2
Leasaítear Cinneadh 2011/72/CBES mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear na míreanna a leanas leis: ‘6. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar cúnamh daonnúil go tráthúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thabharfaidh an cúnamh sin agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
7. Gan dochar do mhír 6, de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun a áirithiú go ndéanfar cúnamh daonnúil a sheachadadh go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine. 8. Mura ndéanann an t-údarás inniúil ábhartha cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise laistigh de 5 lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh ar údarú faoi mhír 7, measfar gur deonaíodh an t-údarú sin. 9. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhíreanna 7 agus 8 laistigh de 4 seachtaine ó údarú den sórt sin.’ |
|
(2) |
in Airteagal 5, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘3. Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(6) agus (7) a mhéid a bhaineann le hAirteagal 1(1) agus (2) a athbhreithniú go tráthrialta, agus ar a laghad gach 12 mhí, nó ar iarraidh phráinneach ó aon Bhallstát, ón Ardionadaí, nó ón gCoimisiún tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca.’ |
Airteagal 3
Leasaítear Cinneadh 2011/101/CBES mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 5, cuirtear na míreanna seo a leanas leis: ‘5. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar cúnamh daonnúil go tráthúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thabharfaidh an cúnamh sin agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
6. Gan dochar do mhír 5, de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun a áirithiú go ndéanfar cúnamh daonnúil a sheachadadh go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine. 7. Mura ndéanann an t-údarás inniúil ábhartha cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise laistigh de 5 lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh ar údarú faoi mhír 6, measfar gur deonaíodh an t-údarú sin. 8. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhíreanna 6 agus 7 laistigh de 4 seachtaine ó údarú den sórt sin.’ |
|
(2) |
in Airteagal 10, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘4. Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(5) agus (6) a mhéid a bhaineann le hAirteagal 5(1) agus (2) a athbhreithniú go tráthrialta, agus ar a laghad gach 12 mhí, nó ar iarraidh phráinneach ó aon Bhallstát, ón Ardionadaí, nó ón gCoimisiún tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca’.’ |
Airteagal 4
Leasaítear Cinneadh 2011/173/CBES mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 2, cuirtear na míreanna a leanas leis: ‘7. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar cúnamh daonnúil go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an cúnamh sin nó a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
8. Gan dochar do mhír 7, de mhaolú ar mhíreanna1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun a áirithiú go ndéanfar cúnamh daonnúil a sheachadadh go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine. 9. Mura ndéanann an t-údarás inniúil ábhartha cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise laistigh de 5 lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh ar údarú faoi mhír 8, measfar gur deonaíodh an t-údarú sin. 10. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhíreanna 8 agus 9 laistigh de 4 seachtaine ó údarú den sórt sin.’ |
|
(2) |
in Airteagal 6, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(7) agus (8) a mhéid a bhaineann le hAirteagal 2(1) agus (2) a athbhreithniú go tráthrialta, agus ar a laghad gach 12 mhí, nó ar iarraidh phráinneach ó aon Bhallstát, ón Ardionadaí, nó ón gCoimisiún tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca.’. |
Airteagal 5
In Airteagal 8 de Chinneadh 2012/642/CBES, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
‘3. Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(f)(i) a mhéid a bhaineann le hAirteagal 4(1) agus (2) a athbhreithniú go tráthrialta, agus ar a laghad gach 12 mhí, nó ar iarraidh phráinneach ó aon Bhallstát, ón Ardionadaí, nó ón gCoimisiún tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca.’
Airteagal 6
Leasaítear Cinneadh 2013/184/CBES mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 6, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘7. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar cúnamh daonnúil go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an cúnamh sin nó dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
|
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6a: ‘Airteagal 6a 1. Gan dochar d’Airteagal 6(7), de mhaolú ar Airteagal 6(1) agus (2), féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun a áirithiú go ndéanfar cúnamh daonnúil a sheachadadh go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine. 2. Mura ndéanann an t-údarás inniúil ábhartha cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise laistigh de 5 lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh ar údarú faoin Airteagal seo, measfar gur deonaíodh an t-údarú sin. 3. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin Airteagal seo laistigh de 4 seachtaine ó údarú den sórt sin.’; |
|
(3) |
in Airteagal 12, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagail 6(7) agus 6a(1) a mhéid a bhaineann le hAirteagal 6(1) agus (2) a athbhreithniú go tráthrialta, agus ar a laghad, gach 12 mhí nó ar iarraidh phráinneach ó aon Bhallstát, ón Ardionadaí, nó ón gCoimisiún tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca.’. |
Airteagal 7
In Airteagal 6 de Chinneadh 2014/145/CBES, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
‘Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(11), a mhéid a bhaineann le hAirteagal 2(2), agus in Airteagal 2(12) a mhéid a bhaineann le hAirteagal 2(1) agus (2) a athbhreithniú go tráthrialta, agus ar a laghad gach 12 mhí, nó ar iarraidh phráinneach ó aon Bhallstát, ón Ardionadaí, nó ón gCoimisiún tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca.’.
Airteagal 8
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1763 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 2, cuirtear na míreanna seo a leanas leis: ‘7. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar cúnamh daonnúil go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an cúnamh sin nó a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
8. Gan dochar do mhír 7, de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun a áirithiú go ndéanfar cúnamh daonnúil a sheachadadh go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine. 9. Mura ndéanann an t-údarás inniúil ábhartha cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise laistigh de 5 lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh ar údarú faoi mhír 8, measfar gur deonaíodh an t-údarú sin. 10. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhíreanna 8 agus 9 laistigh de 4 seachtaine ó údarú den sórt sin.’ |
|
(2) |
in Airteagal 6, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(7) agus (8) a mhéid a bhaineann le hAirteagal 2(1) agus (2) a athbhreithniú go tráthrialta, agus ar a laghad gach 12 mhí, nó ar iarraidh phráinneach ó aon Bhallstát, ón Ardionadaí, nó ón gCoimisiún tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca.’. |
Airteagal 9
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/2074 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 7, cuirtear na míreanna seo a leanas leis: ‘8. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar cúnamh daonnúil go tráthúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thabharfaidh an cúnamh agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
9. Gan dochar do mhír 8, de mhaolú ar mhíreanna 1, 2 agus 3, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun a áirithiú go ndéanfar cúnamh daonnúil a sheachadadh go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine. 10. Mura ndéanann an t-údarás inniúil ábhartha cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise laistigh de chúig lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh ar údarú faoi mhír 9, measfar gur deonaíodh an t-údarú sin. 11. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhíreanna 9 agus 10 laistigh de 4 seachtaine ó údarú den sórt sin.’ |
|
(2) |
in Airteagal 13, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(8) agus (9) a mhéid a bhaineann le hAirteagal 7(1), (2) agus (3) a athbhreithniú go tráthrialta, agus ar a laghad gach 12 mhí, nó ar iarraidh phráinneach ó aon Bhallstát, ón Ardionadaí, nó ón gCoimisiún tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca.’. |
Airteagal 10
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/797 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 5, cuirtear na míreanna seo a leanas leis: ‘7. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí ná acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar cúnamh daonnúil go tráthúil ná chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an cúnamh ná a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
8. Gan dochar do mhír 7, de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun a áirithiú go ndéanfar cúnamh daonnúil a sheachadadh go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine. 9. Mura ndéanann an t-údarás inniúil ábhartha cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise laistigh de chúig lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh ar údarú faoi mhír 8, measfar gur deonaíodh an t-údarú sin. 10. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhíreanna 8 agus 9 laistigh de 4 seachtaine ó údarú den sórt sin.’ |
|
(2) |
in Airteagal 10, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(7) agus (8) a mhéid a bhaineann le hAirteagal 5(1) agus (2) a athbhreithniú go tráthrialta, agus ar a laghad gach 12 mhí, nó ar iarraidh phráinneach ó aon Bhallstát, ón Ardionadaí, nó ón gCoimisiún tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca.’. |
Airteagal 11
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1720 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 2, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘7. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar cúnamh daonnúil go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an cúnamh sin nó a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
|
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3: ‘Airteagal 3 1. Gan dochar d’Airteagal 2(7), de mhaolú ar Airteagal 2(1) agus (2), féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun a áirithiú go ndéanfar cúnamh daonnúil a sheachadadh go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine. 2. Mura ndéanann an t-údarás inniúil ábhartha cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise laistigh de chúig lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh ar údarú faoin Airteagal seo, measfar gur deonaíodh an t-údarú sin. 3. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin Airteagal seo laistigh de 4 seachtaine ó údarú den sórt sin.’; |
|
(3) |
in Airteagal 9, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(7) agus Airteagal 3 a mhéid a bhaineann le hAirteagal 2(1) agus (2) a athbhreithniú go tráthrialta, agus ar a laghad gach 12 mhí, nó ar iarraidh phráinneach ó aon Bhallstát, ón Ardionadaí, nó ón gCoimisiún tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca.’. |
Airteagal 12
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1277 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 2, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘7. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí ná acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar cúnamh daonnúil go tráthúil ná chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an cúnamh ná a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
|
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3: ‘Airteagal 3 1. Gan dochar d’Airteagal 2(7), de mhaolú ar Airteagal 2(1) agus (2), féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun a áirithiú go ndéanfar cúnamh daonnúil a sheachadadh go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine. 2. Mura ndéanann an t-údarás inniúil ábhartha cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise laistigh de chúig lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh ar údarú faoi faoin Airteagal seo, measfar gur deonaíodh an t-údarú sin. 3. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin Airteagal seo laistigh de 4 seachtaine ó údarú den sórt sin.’; |
|
(3) |
in Airteagal 9, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(7) agus Airteagal 3 a mhéid a bhaineann le hAirteagal 2(1) agus (2) a athbhreithniú go tráthrialta, agus ar a laghad gach 12 mhí, nó ar iarraidh phráinneach ó aon Bhallstát, ón Ardionadaí, nó ón gCoimisiún tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca.’. |
Airteagal 13
In Airteagal 8 de Chinneadh (CBES) 2023/891, cuirtear an mhéid seo a leanas leis:
‘Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(7) agus (8) a mhéid a bhaineann le hAirteagal 2(1) agus (2) a athbhreithniú go tráthrialta, agus ar a laghad gach 12 mhí, nó ar iarraidh phráinneach ó aon Bhallstát, ón Ardionadaí, nó ón gCoimisiún tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca.’.
Airteagal 14
I gCinneadh (CBES) 2023/1532, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:
‘Airteagal 10
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 27 Iúil 2024 agus coinneofar faoi athbhreithniú leanúnach é. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.
Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(7) agusl (8) a mhéid a bhaineann le hAirteagal 3(1) agus (2) a athbhreithniú go tráthrialta, agus ar a laghad gach 12 mhí, nó ar iarraidh phráinneach ó aon Bhallstát, ón Ardionadaí, nó ón gCoimisiún tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca.’
Airteagal 15
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Samhain 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Y. DÍAZ PÉREZ
(1) Cinneadh (CBES) 2023/338 ón gComhairle an 14 Feabhra 2023 lena leasaítear cinntí agus comhsheasaimh áirithe ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha chun forálacha maidir le díolúine dhaonnúil a chur isteach (IO L 47, 15.2.2023, lch. 50).
(2) Cinneadh (CBES) 2023/726 ón gComhairle an 31 Márta 2023 lena leasaítear cinntí áirithe ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha chun forálacha maidir le díolúine dhaonnúil a chur isteach (IO L 94, 3.4.2023, lch. 48).
(3) Cinneadh 2010/638/CBES ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Ghuine (IO L 280, 26.10.2010, lch. 10).
(4) Cinneadh 2011/72/CBES ón gComhairle an 31 Eanáir 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis (IO L 28, 2.2.2011, lch. 62).
(5) Cinneadh 2011/101/CBES ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib (IO L 42, 16.2.2011, lch. 6).
(6) Cinneadh 2011/173/CBES ón gComhairle an 21 Márta 2011 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (IO L 76, 22.3.2011, lch. 68).
(7) Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise i bhfogha na Rúise faoin Úcráin (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1).
(8) Cinneadh 2013/184/CBES ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma(IO L 111, 23.4.2013, lch. 75).
(9) Cinneadh (CBES) 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).
(10) Cinneadh (CBES) 2015/1763 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin (IO L 257, 2.10.2015, lch. 37).
(11) Cinneadh (CBES) 2017/2074 ón gComhairle an 13 Samhain 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala (IO L 295, 14.11.2017, lch. 60).
(12) Cinneadh (CBES) 2019/797 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe a chuireann an tAontas nó a Bhallstáit i mbaol (IO L 129 I, 17.5.2019, lch. 13).
(13) Cinneadh (CBES) 2019/1720 ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua (IO L 262, 15.10.2019, lch. 58).
(14) Cinneadh (CBES) 2021/1277 ón gComhairle an 30 Iúil 2021 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin (IO L 277 I, 2.8.2021, lch. 16).
(15) Cinneadh (CBES) 2023/891 ón gComhairle an 28 Aibreán 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú (IO L 114, 2.5.2023, lch. 15).
(16) Cinneadh (CBES) 2023/1532 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine (IO L 186, 25.7.2023, lch. 20).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2686/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)