|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2679 |
29.11.2023 |
CINNEADH (AE) 2023/2679 ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Samhain 2023
lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint don togra ó rialtas na hEastóine,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
|
(2) |
An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. An 14 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2022/689 (3), lena gceaptar comhalta agus beirt chomhaltaí mhalartacha, arna moladh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún. |
|
(3) |
Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Mart VÕRKLAEV a cheapadh. |
|
(4) |
Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis do Piret RAMMUL éirí as oifig. |
|
(5) |
Mhol rialtas na hEastóine Katrin KRAUSE, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil í agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Harku vallavanem (Méara Bhardas Tuaithe Harku), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025. |
|
(6) |
Mhol Rialtas na hEastóine Mikk JÄRV, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil é agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Kanepi vallavanem (Méara Bhardas Tuaithe Kanepi), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí áitiúla iad agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:
|
(a) |
mar chomhalta:
agus |
|
(b) |
mar chomhalta malartach:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Samhain 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
X. MÉNDEZ BÉRTOLO
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.
(2) Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).
(3) Cinneadh (AE) 2022/689 ón gComhairle an 14 Márta 2022 lena gceaptar comhalta agus beirt chomhaltaí mhalartacha, arna moladh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún (IO L 128, 2.5.2022, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2679/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)