European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2669

1.12.2023

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2669 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Samhain 2023

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2191 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh gairis chumarsáide gan sreang a úsáidtear gar don chluas nó an-ghar do chorp an duine

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 16 de Threoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), trealamh raidió atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil sé i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir sin i gcás ina bhfuil siad cumhdaithe leis na caighdeáin sin nó le codanna sin díobh.

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 5376 ón gCoimisiún (3), d’iarr an Coimisiún ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) agus ar Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI) go ndéanfaí caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh trealamh raidió a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir 2014/53/AE (‘an iarraidh’).

(3)

Ar bhonn na hiarrata, leasaigh Cenelec caighdeán comhchuibhithe EN 50360:2017 le haghaidh gairis chumarsáide gan sreang a úsáidtear gar don chluas agus caighdeán comhchuibhithe EN 50566:2017 le haghaidh gairis chumarsáide a úsáidtear an-ghar do chorp an duine, ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2191 ón gCoimisiún (4). Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeáin chomhchuibhithe EN 50360:2017/A1:2023 agus EN 50566:2017/A1:2023.

(4)

Rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le Cenelec féachaint an gcomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe sin an iarraidh.

(5)

Caighdeáin chomhchuibhithe EN 50360:2017, arna leasú le EN 50360:2017/A1:2023, agus EN 50566:2017, arna leasú le EN 50566:2017/A1:2023, comhlíonann siad na ceanglais fhíor-riachtanacha is aidhm dóibh a chumhdach agus a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2014/53/AE. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(6)

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2191 tugtar na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar le fios go nglactar leis go bhfuil comhréir ann le Treoir 2014/53/AE. Chun a áirithiú go ndéanfar na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/53/AE a liostú in aon ghníomh amháin, ba cheart na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 50360:2017, arna leasú le EN 50360:2017/A1:2023, agus EN 50566:2017, arna leasú le EN 50566:2017/A1:2023 a chuimsiú san Iarscríbhinn sin.

(7)

Is gá na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 50360:2017 agus EN 50566:2017 a tharraingt siar as Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ós rud é gur leasaíodh iad. Is iomchuí, dá bhrí sin, na tagairtí sin a scriosadh as Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2191.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2191 a leasú dá réir.

(9)

Ionas go dtabharfar a ndóthain ama do mhonaróirí a dtrealamh raidió a chumhdaítear le caighdeáin chomhchuibhithe EN 50360:2017 nó EN 50566:2017 a chur in oiriúint, is gá tarraingt siar na dtagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe sin a chur ar athlá.

(10)

Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2191 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointe (1) den Iarscríbhinn ón 1 Meitheamh 2025.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Samhain 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj.?locale=ga

(2)  Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/53/oj).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 5376 final ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2015 maidir le hiarraidh um chaighdeánú ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil agus ar Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide, mar atá, caighdeánú a mhéid a bhaineann le trealamh raidió chun tacú le Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2191 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2022 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh trealamh raidió a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 289, 10.11.2022, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/2191/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2191 mar a leanas:

(1)

scriostar rónna 1 agus 4;

(2)

cuirtear na rónna seo a leanas isteach in ord seicheamhach:

‘1a

EN 50360:2017

Caighdeán táirge chun a léiriú go gcomhlíonann gairis chumarsáide gan sreang na bunsrianta agus na teorainnluachanna nochta a bhaineann le nochtadh an duine do réimsí leictreamaighnéadacha sa raon minicíochta ó 300 MHz go 6 GHz: gairis a úsáidtear gar don chluas

EN 50360:2017/A1:2023’;

‘4a.

EN 50566:2017

Caighdeán táirge chun a léiriú go gcomhlíonann gairis chumarsáide gan sreang na bunsrianta agus na teorainnluachanna nochta a bhaineann le nochtadh an duine do réimsí leictreamaighnéadacha sa raon minicíochta ó 30 MHz go 6 GHz: gairis láimhe agus gairis atá suite ar an gcorp atá an-ghar do chorp an duine

EN 50566:2017/A1:2023’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2669/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)