European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2660

29.11.2023

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2660 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Samhain 2023

lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí gliofosáit a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2324 ón gCoimisiún (2) rinneadh athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí gliofosáit go dtí an 15 Nollaig 2022 agus áiríodh í ar an liosta i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3).

(2)

An 13 Nollaig 2019, chuir an t-iarratasóir (an Grúpa Athnuachana Gliofosáite) iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí gliofosáit a athnuachan faoi bhráid an Ghrúpa um Measúnú ar Ghliofosáit (AGG), atá comhdhéanta den Fhrainc, den Ungáir, den Ísiltír agus den tSualainn, tíortha a ceapadh chun gníomhú go comhpháirteach mar Bhallstáit is rapóirtéirí (4), i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) agus laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin.

(3)

Chuir an t-iarratasóir na sainchomhaid fhorlíontacha faoi bhráid AGG, an Choimisiúin agus an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn AGG an t-iarratas a bheith inghlactha.

(4)

An 15 Meitheamh 2021 chuir AGG a mheasúnuithe ar an tsubstaint ghníomhach gliofosáit faoi bhráid an Údaráis agus na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (an ‘Ghníomhaireacht’) i bhfoirm dréacht-tuarascála maidir le measúnú ar athnuachan agus tuarascáil ina raibh togra le haghaidh aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), faoi seach. Ina dhréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan, mhol AGG athnuachan a dhéanamh ar fhormheas gliofosáite ar bhonn an mheasúnaithe riosca a rinne sé.

(5)

Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal. Scaip sé an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit freisin chun barúlacha a chur isteach agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Rinne an tÚdarás na barúlacha a fuarthas a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

(6)

Bhreithnigh AGG, in éineacht leis an Údarás, na barúlacha uile a fuarthas i dtaca leis an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan agus maidir le freagairtí an iarratasóra orthu. I gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, d’iarr an tÚdarás faisnéis bhreise ar an iarratasóir.

(7)

I bhfianaise an mhéid faisnéise nua a fuarthas tríd an gcomhairliúchán poiblí, na hoibre a d’éiligh AGG tar éis na meastóireachta ar na barúlacha a fuarthas, agus an ghá atá le meastóireacht a dhéanamh ar an bhfaisnéis bhreise a d’iarr an tÚdarás ar an iarratasóir, chuir AGG in iúl go raibh gá le níos mó ama chun dréacht-tuarascáil cothrom le dáta maidir le measúnú ar athnuachan a chur ar fáil. Dá réir sin, an 10 Bealtaine 2022 d’fhógair an tÚdarás agus an Ghníomhaireacht go gcuirfí moill ar sholáthar na conclúide ón Údarás go dtí mí Iúil 2023.

(8)

An 30 Bealtaine 2022, ghlac Coiste um Measúnú Riosca na Gníomhaireachta a thuairim uaidh maidir le haicmiú agus lipéadú comhchuibhithe gliofosáite (7), inar tháinig sé ar an gconclúid gur cheart an t-aicmiú ar ghliofosáit a bhí ann cheana, aicmiú a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, a choinneáil. Dheimhnigh an Coiste freisin, ar bhonn na faisnéise eolaíche agus teicniúla is déanaí atá ar fáil, agus i bhfianaise na gcritéar a leagtar síos sa Rialachán sin, nach gcomhlíonann gliofosáit na critéir chun bheith aicmithe mar shubstaint atá carcanaigineach, só-ghineach nó tocsaineach don atáirgeadh.

(9)

Ós rud é gur cuireadh moill ar an measúnú ar ghliofosáit ar chúiseanna nach raibh neart ag an iarratasóir orthu, bhí sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún síneadh bliana, go dtí an 15 Nollaig 2023, a chur le tréimhse formheasa gliofosáite, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 (8).

(10)

An 6 Iúil 2023, rinne an tÚdarás an chonclúid uaidh maidir lena mheasúnú eolaíoch riosca i dtaobh an féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh an tsubstaint ghníomhach gliofosáit na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a chur in iúl don Choimisiún (9).

(11)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach maidir leis an gconclúid ón Údarás agus, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, maidir leis an dréacht-tuarascáil athnuachana. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu.

(12)

Chuir an Coimisiún an dréacht-tuarascáil athnuachana maidir le gliofosáit agus chuir sé dréacht den Rialachán seo faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 13 Iúil 2023 agus an 22 Meán Fómhair 2023, faoi seach.

(13)

Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach gliofosáit, suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Dá bhrí sin, is iomchuí an formheas ar ghliofosáit a athnuachan.

(14)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, i gcomhar le hAirteagal 6 de, agus i bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil reatha agus thoradh an mheasúnaithe riosca, is gá, áfach, foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha agus srianta áirithe, lena n-áirítear faisnéis dhaingnitheach a chur isteach.

(15)

Is iomchuí, go háirithe, uasteorainneacha a shocrú le haghaidh eisíontais áirithe atá ábhartha ó thaobh na tocsaineolaíochta de a d’fhéadfadh a bheith san ábhar teicniúil mar a mhonaraítear é chun a áirithiú nach mbeidh aon éifeacht dhíobhálach ar shláinte an duine mar thoradh ar an tsubstaint ghníomhach gliofosáit a úsáidtear i dtáirgí cosanta plandaí.

(16)

Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe riosca, is gá freisin a cheangal ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar ghnéithe teicniúla áirithe agus measúnuithe á ndéanamh acu chun táirgí cosanta plandaí ina bhfuil gliofosáit a údarú.

(17)

Chun a áirithiú nach mbeidh éifeachtaí díobhálacha ag táirgí cosanta plandaí ina bhfuil gliofosáit ar shláinte an duine ná ar shláinte ainmhithe agus nach mbeidh éifeachtaí do-ghlactha acu ar an gcomhshaol, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt go gcuirtear sonraí leordhóthanacha ar fáil maidir leis na comhfhoirmligh sna táirgí sin, agus go háirithe na critéir á gcur san áireamh maidir le comhfhoirmligh dho-ghlactha a shainaithint mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/574 ón gCoimisiún (10).

(18)

Is féidir roinnt barr a fhás i bpáirceanna inar úsáideadh gliofosáit sa séasúr fáis roimhe sin. Ós rud é nach raibh an tÚdarás in ann an measúnú riosca do thomhaltóirí ar iarmhair a d’fhéadfadh a bheith sna barra sin a thabhairt chun críche ar bhonn na sonraí atá ar fáil, ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit, agus measúnuithe riosca á ndéanamh acu chun táirgí cosanta plandaí ina bhfuil gliofosáit a údarú, aird ar leith a thabhairt ar an measúnú ar theagmháil le tomhaltóirí i gcás barra i ndiaidh a chéile.

(19)

Níor aithníodh aon ábhar imní maidir leis an riosca go láisteodh gliofosáit agus a meitibilítí go díreach isteach i screamhuisce. Tugadh faoi deara, áfach, le linn an athbhreithnithe phiaraí go bhféadfadh screamhuisce a bheith i mbaol teagmhála trí insíothlú bruaigh agus/nó nascacht na ndobharlach dromchla le huiscígh screamhuisce nach raibh faisnéis ar fáil ina leith. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh riosca níos mó láiste isteach i screamhuisce agus in uiscí dromchla mar thoradh ar úsáidí áirithe neamhthalmhaíochta gliofosáite ar dhromchlaí séalaithe agus i limistéir an-tréscaoilteach. Dá bhrí sin, agus measúnuithe á ndéanamh acu chun táirgí cosanta plandaí ina bhfuil gliofosáit a údarú, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar chosaint screamhuisce i limistéir leochaileacha, lena n-áirítear limistéir an-tréscaoilteach, agus go ginearálta ar chosaint uiscí dromchla, go háirithe na huiscí sin a úsáidtear chun uisce óil a astarraingt, agus úsáidí ar dhromchlaí séalaithe á mbreithniú go sonrach.

(20)

I gcás úsáidí áirithe gliofosáite a measúnaíodh mar chuid den phróiseas athnuachana, sainaithníodh ardriosca do mhamaigh luibhiteacha bheaga agus measúnú coimeádach (Sraith 1) á chur i bhfeidhm gan mionchoigeartuithe teagmhála a chur san áireamh, ós rud é nach raibh aon sonraí iontaofa ar leibhéal níos airde ann a bhí oiriúnach dó sin. Agus measúnuithe riosca á ndéanamh acu chun táirgí cosanta plandaí ina bhfuil gliofosáit a údarú, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar an measúnú ar an riosca do mhamaigh luibhiteacha bheaga, go háirithe le haghaidh na n-úsáidí sin inar shainaithin an tÚdarás an riosca sin, agus, i gcás inar gá, bearta maolaithe iomchuí a fhorchur, amhail uainiú na húsáide a theorannú, an líon leataí nó an t-uasráta dáileoige a theorannú. Ar bhonn thoradh an mheasúnaithe riosca, meastar gur iomchuí freisin uasrátaí úsáide a shocrú ar cheart feidhm a bheith acu de ghnáth mura léiríonn toradh measúnaithe riosca a dhéantar le haghaidh úsáid shonrach táirge cosanta plandaí nach mbeidh aon éifeacht dho-ghlactha ar mhamaigh luibhiteacha bheaga mar thoradh ar ráta níos airde.

(21)

Níor shainaithin an tÚdarás aon riosca do-ghlactha le haghaidh plandaí talún nach spriocphlandaí talún iad nuair a bhíonn breithniú á dhéanamh ar theagmháil fhéideartha ó cháitheadh sprae má chuirtear bearta maolaithe áirithe i bhfeidhm. D’fhéadfadh plandaí uisceacha nach spriocphlandaí iad a bheith i mbaol teagmhála le cáitheadh den sórt sin freisin. Chun aon iarmhairt dho-ghlactha ar phlandaí talún agus uisceacha nach spriocphlandaí iad a sheachaint, ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit an baol teagmhála a d’fhéadfadh a bheith ann ó cháitheadh sprae a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh acu maidir le húdarú táirgí cosanta plandaí ina bhfuil gliofosáit.

(22)

Cé nár sainaithníodh aon tionchar díreach ar an mbithéagsúlacht mar chuid den mheasúnú athnuachana ar ghliofosáit, níorbh fhéidir éifeachtaí indíreacha a d’fhéadfadh a bheith ann a chur as an áireamh. Agus measúnuithe á ndéanamh acu maidir le húdarú táirgí cosanta plandaí ina bhfuil gliofosáit, ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, aird ar leith a thabhairt ar aon tionchar indíreach a d’fhéadfadh a bheith ann ar an mbithéagsúlacht trí idirghníomhaíochtaí trófacha arb é úsáid táirgí cosanta plandaí ina bhfuil gliofosáit is cúis leo. Agus an méid sin á dhéanamh acu, ba cheart dóibh na coinníollacha sonracha agra-chomhshaoil a chur san áireamh agus, i gcás inar gá, bearta maolaithe riosca agus/nó coinníollacha agus srian ar úsáid a fhorchur.

(23)

In éagmais modhanna agus treoraíochta arna gcomhaontú ar leibhéal an Aontais, ar modhanna iad nach mór a fhorbairt fós, féadfaidh na Ballstáit modhanna a chur i bhfeidhm a mheasann siad a bheith iomchuí chun na héifeachtaí indíreacha a d’fhéadfadh a bheith ag táirgí cosanta plandaí ina bhfuil gliofosáit a chinneadh agus lena gcuirtear san áireamh a ndálaí sonracha agra-chomhshaoil. Agus an méid sin á dhéanamh acu, má shainaithníonn siad aon éifeacht indíreach den sórt sin a d’fhéadfadh a bheith ann ar an mbithéagsúlacht agus má tá modhanna praiticiúla eile rialaithe nó coiscthe ar fáil a mbeadh tionchar níos ísle acu ar an mbithéagsúlacht, ba cheart do na Ballstáit coinníollacha sonracha nó srianta sonracha úsáide a shocrú le haghaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil gliofosáit, agus breithniú á dhéanamh go háirithe an bhfuil modhanna praiticiúla eile rialaithe nó coiscthe ar fáil a mbeadh tionchar níos ísle acu ar an mbithéagsúlacht.

(24)

Ós rud é nach bhfuil aon mhodh comhaontaithe ná aon treoraíocht chomhaontaithe maidir le measúnú ar éifeachtaí indíreacha ar an mbithéagsúlacht ar fáil faoi láthair ar leibhéal an Aontais, ba cheart don iarratasóir faisnéis dhaingnitheach faoi aon éifeacht indíreach a d’fhéadfadh a bheith ann ar an mbithéagsúlacht trí idirghníomhaíochtaí trófacha a chur isteach a luaithe a bheidh modhanna agus treoir oiriúnach ar fáil.

(25)

Ina theannta sin, forálacha eile de chuid an Aontais atá dírithe ar an mbithéagsúlacht a chosaint agus a chur chun cinn in éiceachórais, lena n-áirítear agrai-éiceachórais, d’fhéadfadh siad a bheith ábhartha freisin agus breithniú á dhéanamh ar aon tionchar a bheadh ag gliofosáit ar an mbithéagsúlacht a laghdú. Go háirithe, faoi Threoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhar le hAirteagal 55 (11) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit forbairt agus cur chun feidhme an bhainistithe chomhtháite lotnaidí agus cineálacha cur chuige nó teicnící malartacha a spreagadh chun a spleáchas ar úsáid lotnaidicídí a laghdú.

(26)

Ní raibh úsáidí ag úsáideoirí neamhghairmiúla mar chuid de na húsáidí ionadaíocha a chuir an t-iarratasóir isteach agus dá bhrí sin ní dhearnadh measúnú orthu. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar úsáidí a mbaineann úsáideoirí neamhghairmiúla leas astu agus measúnuithe á ndéanamh acu ar a n-údarú.

(27)

D’fhéadfadh sé nach mbeadh úsáid táirgí cosanta plandaí ina bhfuil gliofosáit le haghaidh úsáidí réamhbhuana i gcónaí i gcomhréir le Treoir 2009/128/CE i gcomhar le forálacha Airteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar úsáidí réamhbhuana agus measúnuithe á ndéanamh acu ar a n-údarú. Go sonrach, úsáid táirgí cosanta plandaí ina bhfuil gliofosáit le haghaidh triomú chun amphointe na buainte a rialú nó chun bualadh a bharrfheabhsú, ní mheastar go gcomhlíonann sé sin forálacha Airteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus, dá bhrí sin, níor cheart í a údarú.

(28)

Ós rud é go n-úsáidtear táirgí cosanta plandaí ina bhfuil gliofosáit le haghaidh feidhmeanna neamhthalmhaíochta freisin, ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir le Treoir 2009/128/CE, a áirithiú go ndéanfar úsáid táirgí cosanta plandaí ina bhfuil gliofosáit a íoslaghdú nó a thoirmeasc i limistéir íogaire amhail páirceanna agus gairdíní poiblí, tailte spóirt agus áineasa, tailte scoile agus clóis súgartha do leanaí agus áiteanna atá dlúth le saoráidí cúraim sláinte.

(29)

Le Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus le Treoir 2009/128/CE leagtar amach ceanglais áirithe maidir le faireachán a dhéanamh ar stádas uisce agus ar úsáid táirgí cosanta plandaí. I bhfianaise a thábhachtaí atá sé cosc a chur ar éilliú an chomhshaoil le gliofosáit agus/nó a meitibilítí, agus go háirithe uiscí dromchla, féadfaidh na Ballstáit ceanglais faireacháin bhreise a shocrú freisin agus táirgí cosanta plandaí ina bhfuil gliofosáit á n-údarú acu.

(30)

Rinneadh dhá mheasúnú chuimsitheacha ar ghliofosáit ó 2012 i leith, agus níor shainaithin ceachtar acu ábhair imní lena léirítear nach gcomhlíontar na critéir formheasa a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Dá bhrí sin, ní féidir coinne a bheith leis go ndéanfaí dóthain faisnéise nua a charnadh sa ghearrthéarma chun go n-eascrófaí toradh difriúil as. An tráth céanna, tugtar faoi deara go bhfuil dlús curtha le taighde ar ghliofosáit le blianta beaga anuas agus d’fhéadfadh léargais nua ar airíonna gliofosáite atá ábhartha do chosaint shláinte an duine agus an chomhshaoil teacht chun cinn. Chun na breithnithe sin a chothromú, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le formheas gliofosáite a athnuachan go ceann tréimhse 10 mbliana. Thairis sin, féadfar formheas na substainte gníomhaí a athbhreithniú tráth ar bith de bhun Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(31)

Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(32)

Agus é á chur san áireamh go rachaidh an formheas reatha maidir le gliofosáit in éag an 15 Nollaig 2023, agus d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm a luaithe is féidir.

(33)

Níor thug an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha tuairim uaidh laistigh den teorainn ama a leag a Chathaoirleach síos. Measadh go raibh gá le gníomh cur chun feidhme agus chuir an cathaoirleach an dréachtghníomh cur chun feidhme faoi bhráid an choiste achomhairc ar mhaithe lena phlé tuilleadh. Níor thug an coiste achomhairc tuairim uaidh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheas na substainte gníomhaí a athnuachan

Déantar formheas na substainte gníomhaí gliofosáit, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha agus na srianta a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 16 Nollaig 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Samhain 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2324 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2017 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí gliofosáit a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 333, 15.12.2017, lch. 10).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/724 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 686/2012 a mhéid a bhaineann leis na Ballstáit is rapóirtéirí agus na Ballstáit is comhrapóirtéirí a ainmniú le haghaidh na substaintí gníomhacha gliofosáit, lambda-ciahalaitrin, iomasamocs agus peindémheatailin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 a mhéid a bhaineann leis an bhféidearthacht go nglacfadh grúpa Ballstát ról an Bhallstáit is rapóirtéir orthu féin go comhpháirteach (IO L 124, 13.5.2019, lch. 32).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26), ar Rialachán é a bhfuil feidhm aige go fóill maidir leis an nós imeachta chun an tsubstaint ghníomhach sin a athnuachan de bhun Airteagal 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(7)  An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (2022). Tuairim ón gCoiste um Measúnú Riosca ina moltar aicmiú comhchuibhithe agus lipéadú comhchuibhithe le haghaidh gliofosáite (ISO); N-(fosfónóimeitil)glicín (Uimhir CE: 213-997-4; Uimhir CAS: 1071-83-6). https://echa.europa.eu/registry-of-clh-intentions-until-outcome/-/dislist/details/0b0236e185e41a77.

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2364 ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí gliofosáit (IO L 312, 5.12.2022, lch. 99).

(9)  An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA), 2023. Athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach gliofosáit. (EFSA Journal [Iris EPSA] 21(7), 1-52. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8164).

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/574 ón gCoimisiún an 13 Márta 2023 lena leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le comhfhoirmligh neamh-inghlactha i dtáirgí cosanta plandaí a shainaithint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 75, 14.3.2023, lch. 7).

(11)  Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat le haghaidh gníomhaíocht Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71).

(12)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

Gliofosáit

Uimh. CAS: 1071-83-6

Uimhir CIPAC: 284

N-(fosfónaimeitil)glicín

≥ 950 g/kg

Is ábhar imní ó thaobh na tocsaineolaíochta iad na heisíontais seo a leanas agus ní rachaidh siad thar an méid seo a leanas san ábhar teicniúil ann:

N-níotrósa-gliofosáit (NNG): < 1 mg/kg

formaildéad: < 1 g/kg

trí-eitiolaimín: ≤ 2g/kg

aigéad formach: ≤ 4 g/kg

N,N-bis(fosfónaimeitil)glicín (gliofoisín): ≤ 3 g/kg

16 Nollaig 2023

15 Nollaig 2033

Ní fhéadfar ach úsáidí mar luibhicíd a údarú.

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le gliofosáit, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.

Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

na comhfhoirmligh atá i láthair i dtáirgí cosanta plandaí a bhfuil gliofosáit iontu, agus na critéir maidir le comhfhoirmligh neamh-inghlactha a shainaithint mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/574 ón gCoimisiún á gcur san áireamh go háirithe;

an measúnú ar theagmháil le tomhaltóirí maidir le hiarmhair a d’fhéadfadh a bheith i láthair i mbarra a fhástar in uainíocht i ndiaidh a chéile;

cosaint screamhuisce i limistéir leochaileacha agus cosaint uiscí dromchla, go háirithe na huiscí a úsáidtear chun uisce óil a astarraingt, agus úsáidí sonracha ar dhromchlaí séalaithe á gcur san áireamh;

cosaint na mamach luibhiteach beag. Déanfaidh na Ballstáit, i gcás ina meastar gur gá sin, bearta maolaithe a fhorchur amhail uainiú na húsáide, an líon leataí nó an t-uasráta dáileoige a theorannú. Ní shárófar na huasrátaí leata seo a leanas ach amháin má léirítear, le toradh an mheasúnaithe riosca arna dhéanamh le haghaidh na n-úsáidí sonracha a ndéantar iarratas ar údarú ina leith, nach bhfuil aon éifeacht dho-ghlactha ar mhamaigh luibhiteacha bheaga mar gheall ar ráta níos airde:

Maidir le húsáid sa talmhaíocht: 1.44 kg gliofosáit in aghaidh an heicteáir, in aghaidh na bliana;

Maidir le húsáid chun speicis ionracha a rialú i limistéir thalmhaíochta agus neamhthalmhaíochta: 1.8 kg gliofosáit in aghaidh an heicteáir, in aghaidh na bliana;

Maidir le húsáid i limistéir neamhthalmhaíochta: 3.6 kg gliofosáit in aghaidh an heicteáir, in aghaidh na bliana;

cosaint plandaí talún agus uisceacha nach spriocphlandaí iad ar theagmháil trí cháitheadh sprae;

éifeachtaí indíreacha ar an mbithéagsúlacht trí idirghníomhaíochtaí trófacha a luaithe a chomhaontófar modhanna agus treoraíocht ábhartha chun éifeachtaí den sórt sin a shainaithint ar leibhéal an Aontais. In éagmais na modhanna agus na treoraíochta sin, féadfaidh na Ballstáit modhanna a chur i bhfeidhm a mheasann siad a bheith iomchuí chun na héifeachtaí indíreacha a d’fhéadfadh a bheith ag táirgí cosanta plandaí ina bhfuil gliofosáit a chinneadh agus lena gcuirtear san áireamh a ndálaí agra-chomhshaoil sonracha. Agus an méid sin á dhéanamh acu, má shainaithníonn siad aon éifeachtaí indíreacha den sórt sin a d’fhéadfadh a bheith ann ar an mbithéagsúlacht, socróidh na Ballstáit coinníollacha nó srianta úsáide sonracha le haghaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil gliofosáit, agus aird á tabhairt go háirithe ar mhodhanna praiticiúla eile rialaithe nó coiscthe a bhfuil tionchar níos ísle acu ar an mbithéagsúlacht;

úsáidí de chuid úsáideoirí neamhghairmiúla;

comhlíonadh na n-úsáidí réamhbhuana le forálacha Threoir 2009/128/CE i gcomhar le hAirteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Ní údarófar úsáidí ar mhaithe le triomú chun amphointe na buainte a rialú nó bualadh a bharrfheabhsú.

Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide, lena n-áirítear meascáin díobh, de réir mar is gá. Go háirithe, laghdófar an cáitheadh i gcás na leataí sprae arna ndéanamh ag úsáideoirí gairmiúla i bpáirceanna talmhaíochta. Mar réamhshocrú, chun plandaí talún nach spriocphlandaí iad a chosaint, beidh gá le stiall mhaoláin neamh-spraeáilte taobh istigh den pháirc de 5 go 10 m ar a laghad ó theorainn na páirce de réir na húsáide ar leith, le buinní laghdaithe cáite lena laghdaítear an cáitheadh sprae faoi 75 % ar a laghad, nó le bearta maolaithe riosca eile lena mbaineann laghdú coibhéiseach ar an gcáitheadh, ach amháin má léirítear, le toradh an mheasúnaithe riosca arna dhéanamh maidir le húsáid shonrach an táirge cosanta plandaí, nach bhfuil gá le bearta maolaithe riosca den sórt sin nó gur féidir iad a ísliú toisc nach bhfuil aon rioscaí do-ghlactha ann de bharr an cháite sprae.

Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit ceanglais faireacháin a shocrú agus údaruithe á ndeonú acu, chun an faireachán faoi Threoracha 2000/60/CE agus 2009/128/CE a chomhlánú.

Áiritheoidh na Ballstáit go n-íoslaghdófar úsáid táirgí cosanta plandaí ina bhfuil gliofosáit nó go ndéanfar sin a thoirmeasc sna limistéir shonracha a liostaítear in Airteagal 12(a) de Threoir 2009/128/CE.

Cuirfidh an t-iarratasóir faisnéis dhaingnitheach faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis a mhéid a bhaineann leis na héifeachtaí indíreacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar an mbithéagsúlacht trí idirghníomhaíochtaí trófacha, laistigh de 3 bliana ó dháta infheidhmeachta doiciméid threoraigh ábhartha arna fhormhuiniú ag an mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha.


(1)  Soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí sa tuarascáil athnuachana.


IARSCRÍBHINN II

In ionad iontráil 118 maidir le gliofosáit i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 540/2011 ón gCoimisiún, cuirtear an méid seo a leanas:

Uimh.

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

‘118

Gliofosáit

Uimh. CAS: 1071-83-6

Uimhir CIPAC: 284

N-(fosfónaimeitil)glicín

≥ 950 g/kg

Is ábhar imní ó thaobh na tocsaineolaíochta iad na heisíontais seo a leanas agus ní rachaidh siad thar an méid seo a leanas san ábhar teicniúil ann:

N-níotrósa-gliofosáit (NNG): < 1 mg/kg

formaildéad: < 1 g/kg

trí-eitiolaimín: ≤ 2g/kg

aigéad formach: ≤ 4 g/kg

N,N-bis(fosfónaimeitil)glicín (gliofoisín): ≤ 3 g/kg

16 Nollaig 2023

15 Nollaig 2033

Ní fhéadfar ach úsáidí mar luibhicíd a údarú.

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le gliofosáit, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.

Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

na comhfhoirmligh atá i láthair i dtáirgí cosanta plandaí a bhfuil gliofosáit iontu, agus na critéir maidir le comhfhoirmligh neamh-inghlactha a shainaithint mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/574 ón gCoimisiún (*1) á gcur san áireamh go háirithe;

an measúnú ar theagmháil le tomhaltóirí maidir le hiarmhair a d’fhéadfadh a bheith i láthair i mbarra a fhástar in uainíocht i ndiaidh a chéile;

cosaint screamhuisce i limistéir leochaileacha agus cosaint uiscí dromchla, go háirithe na huiscí a úsáidtear chun uisce óil a astarraingt, agus úsáidí sonracha ar dhromchlaí séalaithe á gcur san áireamh;

cosaint na mamach luibhiteach beag. Déanfaidh na Ballstáit, i gcás ina meastar gur gá sin, bearta maolaithe a fhorchur amhail uainiú na húsáide, an líon leataí nó an t-uasráta dáileoige a theorannú. Ní shárófar na huasrátaí leata seo a leanas ach amháin má léirítear, le toradh an mheasúnaithe riosca arna dhéanamh le haghaidh na n-úsáidí sonracha a ndéantar iarratas ar údarú ina leith, nach bhfuil aon éifeacht dho-ghlactha ar mhamaigh luibhiteacha bheaga mar gheall ar ráta níos airde:

Maidir le húsáid sa talmhaíocht: 1.44 kg gliofosáit in aghaidh an heicteáir, in aghaidh na bliana;

Maidir le húsáid chun speicis ionracha a rialú i limistéir thalmhaíochta agus neamhthalmhaíochta: 1.8 kg gliofosáit in aghaidh an heicteáir, in aghaidh na bliana;

Maidir le húsáid i limistéir neamhthalmhaíochta: 3.6 kg gliofosáit in aghaidh an heicteáir, in aghaidh na bliana;

cosaint plandaí talún agus uisceacha nach spriocphlandaí iad ar theagmháil trí cháitheadh sprae;

éifeachtaí indíreacha ar an mbithéagsúlacht trí idirghníomhaíochtaí trófacha a luaithe a chomhaontófar modhanna agus treoraíocht ábhartha chun éifeachtaí den sórt sin a shainaithint ar leibhéal an Aontais. In éagmais na modhanna agus na treoraíochta sin, féadfaidh na Ballstáit modhanna a chur i bhfeidhm a mheasann siad a bheith iomchuí chun na héifeachtaí indíreacha a d’fhéadfadh a bheith ag táirgí cosanta plandaí ina bhfuil gliofosáit a chinneadh agus lena gcuirtear san áireamh a ndálaí agra-chomhshaoil áitiúla. Agus an méid sin á dhéanamh acu, má shainaithníonn siad aon éifeachtaí indíreacha den sórt sin a d’fhéadfadh a bheith ann ar an mbithéagsúlacht, socróidh na Ballstáit coinníollacha nó srianta úsáide sonracha le haghaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil gliofosáit, agus aird á tabhairt go háirithe ar mhodhanna praiticiúla eile rialaithe nó coiscthe a bhfuil tionchar níos ísle acu ar an mbithéagsúlacht;

úsáidí de chuid úsáideoirí neamhghairmiúla;

comhlíonadh na n-úsáidí réamhbhuana le forálacha Threoir 2009/128/CE i gcomhar le hAirteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Ní údarófar úsáidí ar mhaithe le triomú chun amphointe na buainte a rialú nó bualadh a bharrfheabhsú.

Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide, lena n-áirítear meascáin díobh, de réir mar is gá. Go háirithe, laghdófar an cáitheadh i gcás na leataí sprae arna ndéanamh ag úsáideoirí gairmiúla i bpáirceanna talmhaíochta. Mar réamhshocrú, chun plandaí talún nach spriocphlandaí iad a chosaint, beidh gá le stiall mhaoláin neamh-spraeáilte taobh istigh den pháirc de 5 go 10 m ar a laghad ó theorainn na páirce de réir na húsáide ar leith, le buinní laghdaithe cáite lena laghdaítear an cáitheadh sprae faoi 75 % ar a laghad, nó le bearta maolaithe riosca eile lena mbaineann laghdú coibhéiseach ar an gcáitheadh, ach amháin má léirítear, le toradh an mheasúnaithe riosca arna dhéanamh maidir le húsáid shonrach an táirge cosanta plandaí, nach bhfuil gá le bearta maolaithe riosca den sórt sin nó gur féidir iad a ísliú toisc nach bhfuil aon rioscaí do-ghlactha ann de bharr an cháite sprae.

Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit ceanglais faireacháin a shocrú agus údaruithe á ndeonú acu, chun an faireachán faoi Threoracha 2000/60/CE (*2) agus 2009/128/CE a chomhlánú.

Áiritheoidh na Ballstáit go n-íoslaghdófar úsáid táirgí cosanta plandaí ina bhfuil gliofosáit nó go ndéanfar sin a thoirmeasc sna limistéir shonracha a liostaítear in Airteagal 12(a) de Threoir 2009/128/CE.

Cuirfidh an t-iarratasóir faisnéis dhaingnitheach faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis a mhéid a bhaineann leis na héifeachtaí indíreacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar an mbithéagsúlacht trí idirghníomhaíochtaí trófacha, laistigh de 3 bliana ó dháta infheidhmeachta doiciméid threoraigh ábhartha arna fhormhuiniú ag an mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha.’


(1)  Soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí sa tuarascáil athnuachana.

(*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/574 ón gCoimisiún an 13 Márta 2023 lena leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le comhfhoirmligh neamh-inghlactha i dtáirgí cosanta plandaí a shainaithint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(IO L 75, 14.2.2023, lch. 7).

(*2)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2660/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)