|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2657 |
23.11.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2657 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Samhain 2023
maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí beintiavalacarb i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) agus Airteagal 78(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Treoir 2008/44/CE ón gCoimisiún (2) áirítear beintiavalacarb mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3). |
|
(2) |
Maidir leis na substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4). |
|
(3) |
Formheas na substainte gníomhaí beintiavalacarb, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 15 Samhain 2024. |
|
(4) |
Cuireadh iarratas faoi bhráid na Polainne, an Ballstát is rapóirtéir, agus faoi bhráid na Fraince, an Ballstáit is comhrapóirtéir, chun formheas na substainte gníomhaí beintiavalacarb a athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) agus laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin. |
|
(5) |
Chuir an t-iarratasóir na sainchomhaid fhorlíontacha is gá faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir, an Bhallstáit is comhrapóirtéir, an Choimisiúin agus an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith inghlactha. |
|
(6) |
D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis agus an Choimisiúin í an 31 Deireadh Fómhair 2017. |
|
(7) |
Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal. Scaip an tÚdarás an tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit chomh maith chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Chuir an tÚdarás na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún. |
|
(8) |
An 23 Lúnasa 2021, chuir an tÚdarás an chonclúid uaidh in iúl don Choimisiún (6) (‘conclúid ón Údarás’) maidir le cé acu is féidir nó nach féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh beintiavalacarb na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(9) |
Sa chonclúid sin uaidh, shainaithin an tÚdarás roinnt ábhair imní shonracha. Go háirithe, thángthas ar an gconclúid go bhfuil acmhainneacht charcanaigineach ag beintitiavalicarb, acmhainneacht atá comhsheasmhach leis an togra ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán chun é a aicmiú mar charcanaigin de chatagóir 1B (7). Mheas an t-údarás freisin go léiríonn beintiavalacarb airíonna suaite inchrínigh a bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith acu ar dhaoine, mar a leagtar amach i bpointe 3.6.5. d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. De réir an Údaráis, meastar go mbeidh iarmhair beintiavalacarb os cionn an luacha a leagtar amach i bpointe 3.6.5. d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus, dá bhrí sin, ní chomhlíontar an ceanglas sin. |
|
(10) |
Sa mheastóireacht a rinne an tÚdarás ar cé acu atá nó nach bhfuil gá le beintiavalacarb chun baol tromchúiseach do shláinte plandaí a rialú, baol nach féidir a smachtú ar mhodhanna eile atá ar fáil lena n-áirítear modhanna neamhcheimiceacha i gcomhréir le hAirteagal 4(7) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid, in ainneoin go bhféadfadh líon neamhleor roghanna malartacha ceimiceacha a bheith ar fáil le haghaidh roinnt úsáidí a bhaintear as beintiavalacarb agus i roinnt Ballstát, go bhfuil roinnt modhanna neamhcheimiceacha ar fáil freisin, agus go bhféadfadh teaglaim de mhodhanna ceimiceacha agus neamhcheimiceacha a bheith ann chun na lotnaidí a rialú i roinnt barr. Ina theannta sin, measann an Coimisiún nár sainaithníodh aon bhaol tromchúiseach do shláinte plandaí. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis an maolú in Airteagal 4(7) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a chur i bhfeidhm. |
|
(11) |
Chuir an Coimisiún a dhréacht-tuarascáil athnuachana maidir le beintiavalacarb agus dréacht den Rialachán seo faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 24 Bealtaine 2023 agus an 11 Iúil 2023, faoi seach. |
|
(12) |
D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach i leith chonclúid an Údaráis agus na dréacht-tuarascála athnuachana. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu. |
|
(13) |
D’ainneoin na barúlacha a rinne an t-iarratasóir, ní fhéadfaí an t-ábhar imní a cuireadh in iúl sa mheasúnú riosca ar bheintiavalacarb a chur as an áireamh. |
|
(14) |
Dá réir sin, maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil beintiavalacarb, níor suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Dá bhrí sin, is iomchuí gan formheas na substainte gníomhaí beintiavalacarb a athnuachan. |
|
(15) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir sin. |
|
(16) |
Ba cheart am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit údaruithe maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil beintiavalacarb a tharraingt siar. |
|
(17) |
Maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil beintiavalacarb, i gcás ina ndeonóidh na Ballstáit aon tréimhse cairde i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, níor cheart an tréimhse sin a bheith níos faide ná 12 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
|
(18) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/918 ón gCoimisiún (8) cuirtear síneadh le tréimhse formheasa beintiavalacarb go dtí an 15 Samhain 2024 chun go bhféadfaí an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachaidh tréimhse formheasa na substainte sin in éag. Mar sin féin, ós rud é go bhféadfar cinneadh maidir le neamh-athnuachan ar an bhformheas a dhéanamh roimh an dáta éaga, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo tráth is luaithe ná an dáta sin. |
|
(19) |
Leis an Rialachán seo ní chuirtear cosc ar iarratas eile a chur isteach maidir leis an tsubstaint ghníomhach beintiavalacarb a fhormheas de bhun Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(20) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí
Ní dhéantar formheas na substainte gníomhaí beintiavalacarb a athnuachan.
Airteagal 2
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
I gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, scriostar ró 163 maidir le beintiavalacarb.
Airteagal 3
Forálacha idirthréimhseacha
Déanfaidh na Ballstáit na húdaruithe a tharraingt siar maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil beintiavalacarb mar shubstaint ghníomhach faoin 13 Meitheamh 2024.
Airteagal 4
Tréimhse cairde
Aon tréimhse chairde a dheonaíonn na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, rachaidh sí in éag faoin 13 Nollaig 2024.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,an 6 Samhain 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) Treoir 2008/44/CE ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2008 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun beintiavalacarb, boscailid, carvón, fluocsastróibin, Paecilomyces lilacinus agus próitiaconasól a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 94, 5.4.2008, lch. 13).
(3) Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26), ar Rialachán é a leanann d’fheidhm a bheith aige maidir leis an nós imeachta chun na substaintí gníomhacha sin a athnuachan de bhun Airteagal 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20).
(6) Peer review of the pesticide risk assessment of the active substance benthiavalicarb (variant assessed benthiavalicarb-isopropyl) [Athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí i gcás na substainte gníomhaí beintiavalacarb (beintiavalacarb-iseapróipil an t-athraitheach arna mheasúnú)] EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(9):6833; https://doi.org/10.2903/j.efsa.2021.6833).
(7) European Chemicals Agency, Committee for Risk Assessment RAC, Opinion proposing harmonised classification and labelling at EU level of benthiavalicarb-isopropyl (ISO) [An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, An Coiste um Measúnú Riosca (RAC), Tuairim lena moltar aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais Eorpaigh le haghaidh beintiavalacarb iseapróipil (ISO)]; iseapróipil [(S)-1- {[(R)-1-(6-fluarai–1,3-beinsitiasól-2-il)eitil]carbamóil}-2-meitilpróipil]carbamáite Uimhir CE: — Uimhir CAS: 177406-68-7 CLH-O-0000007106-79-01/F; arna ghlacadh an 18 Márta 2022; https://echa.europa.eu/documents/10162/c334cdfd-3fd8-adff-04a2-9f84dd871f6a.
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/918 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha aclóinífein, aigéad iondóiliolbútarach, aimeatochtraidin, beaflubútaimid, beintiavalacarb, boscailid, captan, cleataidim, cioglocsaidim, ciafluaimeitifein, dasaimeit, déchlófop, démheatomorf, eiteafón, feanasacuin, feinmeideafam, fluaipicilíd, fluocsastróibin, fluraclóradón, foilpéad, foirmeiteanáit, himeacsasól, mandaprópaimid, meatalacsail, meataildéad, meatam, meatasaclór, meitríbhúisin, milbimeictin, paclabútrasól, peanocsulam, pirimeafos-meitil, própamacarb, prócuineaisid, próitiaconasól, S-meitileaclór, Trichoderma asperellum tréithchineál T34, Trichoderma atroviride tréithchineál I-1237, víreas polaihéadróise núicléach Helicoverpa armigera agus víreas polaihéadróise núicléach Spodoptera littoralis, (IO L 119, 5.5.2023, lch. 160).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2657/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)