European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2650

24.11.2023

CINNEADH (AE) 2023/2650 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Samhain 2023

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE (Cigireacht long)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don Rialachán ón gComhairle (CE) Uimh. 2894/94 an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint do thogra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE, inter alia, a leasú.

(3)

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), chomh maith le 14 ghníomh dlí ghaolmhara, a ionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an Dréachtchinneadh atá i gceangal,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an Dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Samhain 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. CREVITS


(1)   IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.

(2)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (IO L 131, 28.5.2009, lch. 11).


DRÉACHT

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. ...

an …

lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (Athmhúnlú) (1), arna gceartú le IO L 74, 22.3.2010, lch. 1, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán (AE) 2019/492 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas (2) le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán (AE) Uimh. 788/2014 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le fíneálacha agus íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a fhorchur agus maidir le haitheantas eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge a tharraingt siar de bhun Airteagal 6 agus Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), arna gceartú le IO L 234, 7.8.2014, lch. 15, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1355/2014 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 maidir le glacadh Cóid áirithe ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) agus leasuithe gaolmhara ar choinbhinsiúin agus ar phrótacail (4) áirithe, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Treoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus do ghníomhaíochtaí ábhartha lucht riaracháin muirí (Athmhúnlú) (5), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(6)

Treoir Cur Chun Feidhme 2014/111/AE ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 lena leasaítear Treoir 2009/15/CE maidir le glacadh Cód áirithe ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) agus leasuithe gaolmhara ar choinbhinsiúin agus ar phrótacail (6) áirithe, tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(7)

Cinneadh 2009/728/CE ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2009 lena leathnaítear gan teorainneacha aitheantas an Chomhphobail do Chlár Loingseoireachta na Polainne (7), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(8)

Cinneadh (AE) 2015/669 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2015 lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/421/CE maidir le foilsiú liosta na n-eagraíochtaí aitheanta ar thug na Ballstáit fógra fúthu i gcomhréir le Treoir 94/57/CE (8) ón gComhairle, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(9)

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/765/AE ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2013 lena leasaítear aitheantas Det Norske Veritas de bhun Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna (9) d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(10)

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/281/AE ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2014 lena ndeonaítear aitheantas an Aontais do Chlár Loingseoireachta na Cróite de bhun Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna (10) d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(11)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/668 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2015 maidir le haitheantais eagraíochtaí áirithe a leasú i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(12)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1327 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2016 lena ndeonaítear aitheantas an Aontais do Chlár Loingseoireachta na hIndia i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna (12) d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(13)

Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 24.3.2017 lena leasaítear aitheantas Bureau Veritas SA – Registre international de classification de navires et d'aeronefs (BV) i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha comhchoiteanna agus na caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (C(2017) 1881 final), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(14)

Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 29.6.2020 lena leasaítear aitheantas Bureau Veritas Marine & Offshore SAS i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (C(2020) 4226 final), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(15)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1227 ón gCoimisiún an 27 Iúil 2021 lena leasaítear aitheantas DNV GL AS i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(16)

Liosta eagraíochtaí a shainaithnítear de réir Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge 2022/C 466/07 (14), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(17)

Leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 critéir agus oibleagáidí aitheantais d'eagraíochtaí aitheanta, lena n-áirítear forálacha maidir le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla.

(18)

Mar gheall ar na himthosca speisialta, eadhon go ndeonaíonn an Coimisiún aitheantas d'eagraíochtaí, go ndéanann na sáruithe difear don Aontas agus dá leasanna, agus do chineál casta agus teicniúil na nósanna imeachta measúnaithe agus sáraithe, ba cheart d'Údarás Faireacháin CSTE comhoibriú go dlúth leis an gCoimisiún agus fanacht le measúnú agus togra gníomhaíochta an Choimisiúin sula ndéanfaidh sé cinneadh maidir le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a chur i bhfeidhm ar eagraíochtaí a aithnítear bunaithe ar iarraidh ó Stát CSTE agus a bpríomháit ghnó a bheith acu i Stát CSTE.

(19)

Ní fhorléireofar aon ní sa Chinneadh seo chun comhlíonadh oibleagáidí an Choimisiúin faoi dhlí an Aontais Eorpaigh a shrianadh ná a theorannú ar bhealach ar bith maidir lena dhualgais i ndáil le haitheantas, measúnú agus, i gcás inarb iomchuí, bearta nó smachtbhannaí ceartaitheacha a fhorchur ar eagraíochtaí aitheanta nach bhfuil aitheanta ar iarraidh ó Stát CSTE agus nach bhfuil a bpríomháit ghnó acu i Stát CSTE.

(20)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasófar Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE mar seo a leanas:

1.

Cuirfear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 55b (Treoir 94/57/CE ón gComhairle):

32009 L 0015: Treoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus maidir le gníomhaíochtaí ábhartha lucht riaracháin muirí (Athmhúnlú) (IO L 131, 28.5.2009, lch. 47), arna leasú le:

32014 L 0111: Treoir Cur Chun Feidhme 2014/111/AE ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 (IO L 366, 20.12.2014, lch. 83 ).’

2.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 55d (Treoir 2009/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘55e.

32009 R 0391: Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (Athmhúnlú) (IO L 131, 28.5.2009, lch. 11), arna gceartú le IO L 74, 22.3.2010, lch. 1, arna leasú le:

32014 R 1355: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1355/2014 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 (IO L 365, 19.12.2014, lch. 82).

32019 R 0492: Rialachán (AE) 2019/492 an 25 Márta 2019 (IO L 85I, 27.3.2019, lch. 5).

Léifear forálacha an Rialacháin, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)

In Airteagal 3:

(i)

i mír 1, cuirfear isteach an fhomhír seo a leanas:

‘Déanfaidh Stáit CSTE, ar mian leo údarú a dheonú d’aon eagraíocht nach bhfuil aitheanta fós, iarraidh ar aitheantas a chur faoi bhráid Údarás Faireacháin CSTE mar aon le faisnéis iomlán faoi na critéir íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a bheith comhlíonta ag an eagraíocht, agus fianaise ar an méid sin, agus faoin gceanglas atá ann forálacha Airteagail 8(4), 9, 10 agus 11 a chomhlíonadh agus faoina gealltanas go gcomhlíonfaidh sí na forálacha sin. Cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE an iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ansin .’

(ii)

i mír 2, cuirfear an fhomhír seo a leanas léi:

‘Má chuir Stát CSTE an iarraidh isteach, déanfaidh an Coimisiún, in éineacht leis an Stát CSTE faoi seach, agus i ndlúthchomhar le hÚdarás Faireacháin CSTE, measúnuithe ar na heagraíochtaí a bhfuarthas an iarraidh ar aitheantas ina leith chun a fhíorú go bhfuil na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 á gcomhlíonadh ag na heagraíochtaí agus go ngeallann siad go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais sin.’

(b)

Cuirfear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 5:

‘I gcás eagraíochtaí a bhfuil a bpríomháit ghnó acu i Stát CSTE agus ar tugadh aitheantas dóibh ar bhonn iarraidh ó Stát CSTE, déanfar na cúraimí thuasluaite a shanntar don Choimisiún a chur i gcrích i ndlúthchomhar le hÚdarás Faireacháin CSTE. Is é Údarás Faireacháin CSTE a dhéanfaidh aon ghníomh coisctheach agus ceartaitheach i leith eagraíochtaí a bhfuil a bpríomháit ghnó acu i Stát CSTE agus ar tugadh aitheantas dóibh ar bhonn iarraidh ó Stát CSTE. Cuirfidh an Coimisiún a mheasúnú agus togra ar fáil d’Údarás Faireacháin CSTE maidir le conas gníomhú.’

(c)

In Airteagal 6:

(i)

i míreanna 1 agus 2, cuirfear an fhomhír seo a leanas leo:

‘I gcás eagraíochtaí a bhfuil a bpríomháit ghnó acu i Stát CSTE agus ar tugadh aitheantas dóibh ar bhonn iarraidh ó Stát CSTE, cuirfidh an tÚdarás Faireacháin CSTE na cúraimí thuasluaite a sannadh don Choimisiún i gcrích. Cuirfidh an Coimisiún a mheasúnú agus togra ar fáil d’Údarás Faireacháin CSTE maidir le conas gníomhú.’; agus

(ii)

i mír 4, cuirfear na focail ‘nó, a mhéid a bhaineann le cinntí arna nglacadh ag Údarás Faireacháin CSTE, Cúirt CSTE’ isteach tar éis na bhfocal ‘Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach’.

(d)

In Airteagal 7:

(i)

i mír 1(c), cuirfear na focail ‘agus, a mhéid a bhaineann le heagraíochtaí a bhfuil a bpríomháit ghnó acu i Stát CSTE agus ar tugadh aitheantas dóibh ar bhonn iarraidh ó Stát CSTE, an measúnú ón Údarás Faireacháin CSTE’ isteach tar éis an fhocail ‘Coimisiún’.

(ii)

i mír 2(a), cuirfear na focail ‘agus, a mhéid a bhaineann le heagraíochtaí a bhfuil a bpríomháit ghnó acu i Stát CSTE agus ar tugadh aitheantas dóibh ar bhonn iarraidh ó Stát CSTE, torthaí an mheasúnaithe ó Údarás Faireacháin CSTE’ isteach tar éis na bhfocal ‘a mheasúnaithe féin’.

(iii)

i mír 3, cuirfear na focail ‘, ar iarraidh ó Údarás Faireacháin CSTE a mhéid a bhaineann le heagraíochtaí a bhfuil a bpríomháit ghnó acu i Stát CSTE agus ar tugadh aitheantas dóibh ar bhonn iarraidh ó Stát CSTE’ isteach tar éis na bhfocal ‘thionscnamh féin’.

(e)

In Airteagal 8:

(i)

i míreanna 1 agus 2, cuirfear isteach an fhomhír seo a leanas:

‘I gcás eagraíochtaí a bhfuil a bpríomháit ghnó acu i Stát CSTE agus ar tugadh aitheantas dóibh ar bhonn iarraidh ó Stát CSTE, déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE na measúnuithe in éineacht leis an Stát CSTE faoi seach, agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún.’

(ii)

i mír 3, cuirfear isteach an fhomhír seo a leanas:

‘I gcás eagraíochtaí a bhfuil a bpríomháit ghnó acu i Stát CSTE agus ar tugadh aitheantas dóibh ar bhonn iarraidh ó Stát CSTE, cuirfidh an tÚdarás Faireacháin CSTE na cúraimí thuasluaite a shanntar don Choimisiún i gcrích i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún.’

(f)

In Airteagal 10:

(i)

i mír 1, cuirfear na focail ‘, nó a mhéid a bhaineann le heagraíochtaí a aithnítear ar bhonn iarraidh ó Stát CSTE, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach tar éis an fhocail ‘Coimisiún’.

(ii)

i mír 4, cuirfear na focail ‘agus Stáit CSTE’ isteach tar éis an fhocail ‘Ballstáit’, agus cuirfear na focail ‘agus Údarás Faireacháin CSTE, de réir mar a bheidh,’ isteach tar éis an fhocail ‘Coimisiún’.

(g)

In Airteagal 11:

(i)

i mír 5, cuirfear na focail ‘agus Údarás Faireacháin CSTE’ isteach tar éis na bhfocal ‘Stáit bhrataí’.

(ii)

i mír 7, cuirfear na focail ‘agus do Stáit CSTE’ isteach tar éis an fhocail ‘Ballstáit’.

(h)

In Airteagal 16, cuirfear na focail ‘agus Stáit CSTE’ isteach tar éis na bhfocal ‘na Ballstáit’.

55ea.

32009 D 0728: Cinneadh 2009/728/CE ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2009 lena leathnaítear gan teorainneacha aitheantas an Chomhphobail do Chlár Loingseoireachta na Polainne (IO L 258, 1.10.2009, lch. 34).

55eb.

32013 D 0765: Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/765/AE ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2013 lena leasaítear aitheantas Det Norske Veritas de bhun Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (IO L 338, 17.12.2013, lch. 107), arna leasú le:

Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2017) 1881 ón gCoimisiún an 24.3.2017,

Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 4226 ón gCoimisiún an 29.6.2020,

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1227 ón gCoimisiún an 27 Iúil 2021 (IO L 269, 28.7.2021, lch. 143).

55ec.

32014 D 0281: Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/281/AE ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2014 lena ndeonaítear aitheantas an Aontais do Chlár Loingseoireachta na Cróite de bhun Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (IO L 145, 16.5.2014, lch. 43).

55ed.

32015 D 0668: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/668 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2015 maidir le haitheantais eagraíochtaí áirithe a leasú i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 110, 29.4.2015, lch. 22).

55ee.

32015 D 0669: Cinneadh (AE) 2015/669 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2015 lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/421/CE maidir le foilsiú liosta na n-eagraíochtaí aitheanta ar thug na Ballstáit fógra fúthu i gcomhréir le Treoir 94/57/CE ón gComhairle (IO L 110, 29.4.2015, lch. 24).

55ef.

32016 D 1327: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1327 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2016 lena ndeonaítear aitheantas AE do Chlár Loingseoireachta na hIndia i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (IO L 209, 3.8.2016, lch. 15).

55eg.

52022XC1207(01): Liosta eagraíochtaí a shainaithnítear de réir Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (2022/C 466/07) (IO C 466, 7.12.2022, lch. 24).

55f.

32014 R 0788: Tá Rialachán (AE) Uimh. 788/2014 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le fíneálacha agus íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a fhorchur agus maidir le haitheantas eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge a tharraingt siar de bhun Airteagal 6 agus Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 214, 19.7.2014, lch. 12), arna cheartú le IO L 234, 7.8.2014, lch. 15.

Léifear forálacha an Rialacháin, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)

A mhéid a bhaineann leis na forálacha maidir le cur chun feidhme Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009, is é ‘Údarás Faireacháin CSTE i gcás eagraíochtaí a bhfuil a bpríomháit ghnó acu i Stát CSTE agus ar tugadh aitheantas dóibh ar bhonn iarraidh ó Stát CSTE’ a léifear in áit an fhocail ‘Coimisiún’.

(b)

In Airteagal 10(1), cuirfear na focail ‘, ar iarraidh ón Údarás Faireacháin CSTE i gcás eagraíochtaí a bhfuil a bpríomháit ghnó acu i Stát CSTE agus ar tugadh aitheantas dóibh ar bhonn iarraidh ó Stát CSTE’ isteach tar éis an fhocail ‘tionscnamh’.

(c)

In Airteagal 11:

(i)

Cuirfear an fhomhír seo a leanas le mír 1:

‘A mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear an iarraidh faoi bhráid Údarás Faireacháin CSTE, mar aon leis an bhfianaise dhoiciméadach dá dtagraítear i mír 3. Cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE an iarraidh agus an fhianaise dhoiciméadach ar aghaidh chuig an gCoimisiún.’

(ii)

Cuirfear an fhomhír seo a leanas le mír 7:

‘I gcás ina ndearna Ballstát de chuid an Aontais an iarraidh agus ina mbaineann sé le heagraíochtaí a bhfuil a bpríomháit ghnó acu i Stát CSTE agus ar tugadh aitheantas dóibh ar bhonn iarraidh ó Stát CSTE, cuirfidh an Coimisiún an iarraidh agus an fhianaise a ghabhann léi ar aghaidh chuig Údarás Faireacháin CSTE freisin.’

(d)

Cuirfear an mhír seo a leanas le hAirteagal 16:

‘6.   Déanfar rochtain ar dhoiciméid agus ar fhianaise eile arna dtiomsú ag Údarás Faireacháin CSTE a rialú le rialacha infheidhme Údarás Faireacháin CSTE.’

(e)

In Airteagal 22(4), cuirfear na focail ‘nó Cúirt CSTE i gcás cinntí arna nglacadh ag Údarás Faireacháin CSTE’ isteach tar éis na bhfocal ‘Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh’.

(f)

In Airteagal 23(4)(b), cuirfear na focail ‘nó Cúirt CSTE i gcás cinntí arna nglacadh ag Údarás Faireacháin CSTE’ isteach tar éis na bhfocal ‘Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh’.’

Airteagal 2

Maidir le téacsanna Rialachán (CE) Uimh. 391/2009, arna gceartú le IO L 74, 22.3.2010, lch. 1, (AE) Uimh. 788/2014, arna gceartú le IO L 234, 7.8.2014, lch. 15 agus (AE) 2019/492, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1355/2014, Treoir 2009/15/CE, Treoir Cur Chun Feidhme 2014/111/AE, Cinntí 2009/728/CE agus (AE) 2015/669, Cinntí Cur Chun Feidhme 2013/765/AE, 2014/281/AE, (AE) 2015/688, (AE) 2016/1327 agus (AE) 2021/1227 agus Cinntí Cur Chun Feidhme C(2017) 1881 an 24.3.2017 agus C(2020) 4226 an 29.6.2020, agus Liosta 2022/C 466/07 san Íoslainnis agus san Ioruais, atá le foilsiú i bhForlíonadh LLE a ghabhann le hIris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, beidh siad barántúil.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an …, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha ina leith (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, ….

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Rúnaithe

Chomhchoiste LEE


(1)   IO L 131, 28.5.2009, lch. 11.

(2)   IO L 85I, 27.3.2019, lch. 5.

(3)   IO L 214, 19.7.2014, lch. 12.

(4)   IO L 365, 19.12.2014, lch. 82.

(5)   IO L 131, 28.5.2009, lch. 47.

(6)   IO L 366, 20.12.2014, lch. 83.

(7)   IO L 258, 1.10.2009, lch. 34.

(8)   IO L 110, 29.4.2015, lch. 24.

(9)   IO L 338, 17.12.2013, lch. 107.

(10)   IO L 145, 16.5.2014, lch. 43.

(11)   IO L 110, 29.4.2015, lch. 22.

(12)   IO L 209, 3.8.2016, lch. 15.

(13)   IO L 269, 28.7.2021, lch. 143.

(14)   IO C 466, 7.12.2022, lch. 24.

(*1)  [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2650/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)