European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2638

22.11.2023

RIALACHÁN (AE) 2023/2638 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Samhain 2023

lena socraítear le haghaidh 2024 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ceanglaítear, le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), go bhfuil bearta caomhnaithe le glacadh agus an chomhairle eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch a bhíonn ar fáil á cur san áireamh, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, tuarascálacha arna dtarraingt suas ag an gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach agus ag comhlachtaí comhairleacha eile agus aon chomhairle a fhaightear ó chomhairlí comhairleacha.

(2)

Tá an Chomhairle le bearta a ghlacadh maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt, lena n-áirítear coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis na deiseanna iascaireachta sin, de réir mar is iomchuí. Faoi Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tá na deiseanna iascaireachta le socrú i gcomhréir le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh (CBI) de réir mar a leagtar amach in Airteagal 2(2) den Rialachán sin. Faoi Airteagal 16(1) den Rialachán sin, tá deiseanna iascaireachta le cionroinnt i measc na mBallstát ar dhóigh lena n-áirithítear cobhsaíocht choibhneasta ghníomhaíochtaí iascaireachta gach Ballstáit le haghaidh gach stoic nó iascaigh.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart na gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) a bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ar bhonn na comhairle eolaíche atá ar fáil, agus impleachtaí bitheolaíocha agus socheacnamaíocha a chur san áireamh agus cóir chothrom idir earnálacha iascaireachta á háirithiú, agus na tuairimí a cuireadh in iúl le linn na gcomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara a chur san áireamh.

(4)

Le Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), bunaítear plean ilbhliantúil do na stoic trosc, scadán agus salán i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin. Is é is aidhm don phlean sin a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a chothabháil os cionn leibhéil ar a mbeifear in ann an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, i gcás stoic atá faoi réir pleananna ilbhliantúla sonracha, go bhfuil na deiseanna iascaireachta le socrú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sna pleananna ilbhliantúla sin.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/1139, tá na deiseanna iascaireachta le haghaidh na stoc a liostaítear in Airteagal 1 den Rialachán sin le socrú chun an bhásmhaireacht iascaireachta ar leibhéal na huastáirgeachta inbhuanaithe, arna shloinneadh ina raonta, a bhaint amach a luaithe is féidir agus, ar bhonn forchéimnitheach agus incriminteach, faoi 2020 ar a dhéanaí. Dá bhrí sin, ba cheart na teorainneacha gabhála is infheidhme in 2024 maidir leis na stoic ábhartha i Muir Bhailt a bhunú i gcomhréir le rialacha agus cuspóirí an phlean ilbhliantúil arna bhunú leis an Rialachán sin.

(6)

D’fhoilsigh an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) a comhairle bhliantúil stoic maidir le stoic Mhuir Bhailt an 31 Bealtaine 2023.

(7)

Stoic áirithe a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2016/1139, molann ICES gabhálacha nialasacha ina leith. Mar sin féin, dá mbunófaí na TACanna ar na leibhéil arna moladh, thiocfadh feiniméan an ‘tachtspeicis’ chun cinn de thoradh na hoibleagáide gach gabháil a thabhairt i dtír, lena n-áirítear foghabhálacha ó na stoic sin in iascaigh mheasctha. Is éard is tachtspeiceas ann speiceas lena mbaineann easpa cuóta a d’fhéadfadh tabhairt ar shoitheach iascaireachta amháin nó níos mó scor den iascaireacht fiú más rud é go bhfuil cuótaí fós ag an soitheach nó ag na soithí sin le haghaidh speicis eile. Is iomchuí, dá bhrí sin, TACanna sonracha a bhunú le haghaidh fhoghabhálacha na stoc sin chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an t-iascach a choinneáil ar bun i bhfianaise na n-impleachtaí tromchúiseacha socheacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann mura ndéanfar amhlaidh, agus an gá atá le stádas maith bitheolaíoch a bhaint amach le haghaidh na stoc sin, agus an deacracht a bhaineann le hiascaireacht a dhéanamh ar gach stoc in iascach measctha ag an uastáirgeacht inbhuanaithe a chur san áireamh. Ba cheart leibhéal na TACanna foghabhála sin a shocrú chun a áirithiú go laghdófar ráta básmhaireachta na stoc sin, go gcuirfear dreasachtaí ar fáil chun feabhas a chur ar an roghnaíocht agus go ndéanfar foghabhálacha na stoc sin a sheachaint. Chun gabhálacha na stoc a laghdú a bhfuil TACanna foghabhála socraithe ina leith, ba cheart na deiseanna iascaireachta le haghaidh na n-iascach as a ngabhtar na stoic sin a shocrú ar leibhéil a chuideoidh le bithmhais na stoc leochaileach a athshlánú go leibhéil inbhuanaithe.

(8)

De réir ICES, bíonn speicis á meascadh go pointe áirithe, ar a laghad, i bhformhór mór na n-iascach i Muir Bhailt. Baineann an meascadh sin leis an dá speicas arna mbainistiú ag TAC agus le speicis eile. Idir speicis pheiligeacha agus speiceas ghrinnill a tharlaíonn an méid is tábhachtaí den mheascadh. Molann ICES gabhálacha nialasacha a dhéanamh ar scadáin ó Mhuir Bhailt Thiar, ar throisc ó Mhuir Bhailt Thoir agus ar bhradáin sa phríomh-imchuach in 2024. Thairis sin, gabhálacha an-íseal a mholann ICES sa chomhairle réamhchúraim uaidh maidir le troisc ó Mhuir Bhailt Thiar. Dá bhrí sin, dá mbunófaí TACanna le haghaidh na stoc sin ar na leibhéil arna moladh ag ICES, bheadh ar shoithí a bhíonn ag iascach leathóg go háirithe scor den iascaireacht in 2024. Bunaithe ar shonraí ó Fhaireachlann an Mhargaidh Eorpaigh um Iascach agus um Tháirgí Dobharshaothraithe (EUMOFA), meastar gurb é EUR 24,5 milliún luach céad-díola an iascaigh leathóg a cheadaítear a ghabháil laistigh de theorainneacha na TACanna atá beartaithe. Maidir le hiascaigh atá dírithe ar speicis nach bhfuil arna mbainistiú ag TAC de chuid an Aontais, go háirithe speicis eile leathógacha, bheadh ar go leor díobh, go háirithe iascaigh chósta ar mhionscála, deireadh a chur leis an iascaireacht in 2024. Is iomchuí, dá bhrí sin, TAC a bhunú le haghaidh fhoghabhálacha na tachtspeiceas seo a leanas, faoi choinníollacha áirithe: scadáin ó Mhuir Bhailt Thiar, troisc ó Mhuir Bhailt Thoir, troisc ó Mhuir Bhailt Thiar agus bradáin sa phríomh-imchuach.

(9)

Maidir leis an stoc trosc ó Mhuir Bhailt Thoir, measann ICES go bhfuil an bhithmhais an stoic trosc ó Mhuir Bhailt Thoir fós faoi bhun an phointe tagartha teorann maidir le bithmhais an stoic sceite, leibhéal ar faoina bhun a d’fhéadfadh laghdú a bheith ar an acmhainneacht síolraithe (Blim), agus gur ar éigean a tháinig méadú uirthi i gcomparáid le 2022. Dá bhrí sin, molann ICES den chúigiú bliain as a chéile gan aon trosc ó Mhuir Bhailt Thoir a ghabháil. Sna himthosca sin, is iomchuí, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, na hiascaigh spriocdhírithe choinneáil dúnta agus leanúint de na bearta feabhais atá nasctha go feidhmiúil leis an méid sin. Ba cheart na deiseanna iascaireachta le haghaidh foghabhálacha dosheachanta a shocrú ar leibhéal íseal agus feiniméan an ‘tachtspeicis’ á sheachaint ag an am céanna.

(10)

Maidir leis an stoc trosc ó Mhuir Bhailt Thiar, rinne ICES a chomhairle a íosghrádú, mar thoradh ar éiginnteachtaí leanúnacha, go comhairle réamhchúraim. Is cosúil faoi láthair go bhfuil an stoc faoi bhun Blim le formhór na 15 bliana seo caite agus go raibh sé ar leibhéal níos ísle ná riamh in 2022. Tá an chomhairle réamhchúraim maidir le gabhálacha ag leibhéal an-íseal. Sna himthosca sin, is iomchuí, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, na hiascaigh spriocdhírithe a choinneáil dúnta agus leanúint de na bearta feabhais atá nasctha go feidhmiúil leis an méid sin, agus na hiascaigh áineasa trosc ó Mhuir Bhailt a dhúnadh. Ba cheart na deiseanna iascaireachta le haghaidh foghabhálacha dosheachanta a shocrú ar leibhéal íseal agus feiniméan an tachtspeicis á sheachaint ag an am céanna.

(11)

Maidir le bradáin i bhforanna 22 go 31 ICES, lean ICES dá chomhairle maidir le gabhálacha nialasacha, chuir sé teorainn leis an bhféidearthacht leanúint d’iascaigh spriocdhírithe shamhraidh chósta d’fhoroinn 31 ICES agus laghdaigh sé a chomhairle maidir le gabhálacha dá réir. Sna himthosca sin, is iomchuí, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, an limistéar iascaireachta agus leibhéal na ndeiseanna iascaireachta a choigeartú i gcomhréir le comhairle ICES, agus na bearta ceartaitheacha a bhfuil baint fheidhmiúil acu leo a choinneáil ar bun.

(12)

Chun úsáid iomlán na ndeiseanna iascaireachta cósta a áirithiú i bhforoinn 32 ICES, tugadh isteach solúbthacht theoranta idirlimistéir do bhradáin idir foranna 22 go 31 ICES agus foroinn 32 ICES in 2019. I bhfianaise na n-athruithe ar dheiseanna iascaireachta don dá stoc sin, is iomchuí an tsolúbthacht sin a choinneáil ar bun.

(13)

Toirmeasc a chur ar iascaireacht ar bhric gheala thar cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte agus teorannú a dhéanamh ar fhoghabhálacha breac geal go 3 % den chomhghabháil breac geal agus bradán, bhí ról acu maidir le laghdú substaintiúil ar an míthuairisciú nach beag a bhí ann roimhe sin ar ghabhálacha san iascach bradán, go háirithe iad siúd a thuairiscítí mar ghabhálacha breac geal. Is iomchuí, dá bhrí sin, na srianta atá ann cheana a choinneáil ar bun chun an míthuairisciú a choinneáil ag leibhéal íseal.

(14)

Ba cheart bearta maidir le hiascaigh áineasa trosc agus bradán, agus bearta chun na stoic breac geal agus bradán a chaomhnú, a bheith gan dochar do bhearta náisiúnta níos déine faoi Airteagail 19 agus 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(15)

Maidir le scadáin i Murascaill na Boitnia, a mbaineann tábhacht mhór shocheacnamaíoch lena n-iascach, thug ICES comhairle maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe lenar ghabh raonta gabhálacha. An tráth céanna, is lú bithmhais an stoic sin ná an pointe tagartha ar faoina bhun a bhfuil gníomhaíocht shonrach iomchuí bhainistíochta le déanamh (Btrigger) agus tá dóchúlacht ann go dtitfidh an stoc faoi bhun Blim in 2025. Sna himthosca sin, is iomchuí, de bhun Rialachán (AE) 2016/1139, na deiseanna iascaireachta a shocrú sa raon íosta den bhásmhaireacht iascaireachta as a n-eascraíonn an uastáirgeacht inbhuanaithe (FMSY).

(16)

Maidir le scadáin ó Mhuir Bhailt Thiar, measann ICES, cé gur tháinig méadú ar bhithmhais an stoic, nach bhfuil inti ach 71 % de Blim. Thairis sin, tá an earcaíocht fós ar leibhéil níos ísle ná riamh agus meastar nach n-athshlánófar an bhithmhais os cionn Blim in 2025. Dá bhrí sin, molann ICES don séú bliain as a chéile gan aon scadán ó Mhuir Bhailt Thiar a ghabháil. Sna himthosca sin, is iomchuí, de bhun Rialachán (AE) 2016/1139, na hiascaigh spriocdhírithe a choinneáil dúnta agus na deiseanna iascaireachta le haghaidh foghabhálacha dosheachanta a shocrú ar leibhéal íseal chun feiniméan an tachtspeicis a sheachaint.

(17)

A mhéid a bhaineann le scadáin ó Mhuir Bhailt Láir, a mbaineann tábhacht mhór shocheacnamaíoch lena n-iascach, thug ICES comhairle maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe lenar bhain réimsí gabhálacha. An tráth céanna, measann ICES gur lú bithmhais an stoic sin ná Blim den chuid is mó le 30 bliain anuas, lena n-áirítear le blianta beaga anuas, agus go bhfuil dóchúlacht ann go mbeidh bithmhais an stoc sin faoi bhun Blim i gcónaí in 2025. Sna himthosca sin, is iomchuí, de bhun Rialachán (AE) 2016/1139, na deiseanna iascaireachta a shocrú sa raon íosta FMSY, agus cosc le linn an tséasúir sceite a shocrú d’iascaigh a úsáideann trál peiligeach mar bheart ceartaitheach breise a bhfuil nasc feidhmiúil aige leis na deiseanna iascaireachta.

(18)

Maidir le scadáin i Murascaill Ríge, measann ICES go bhfuil an bhithmhais os cionn Btrigger agus go bhfuil an brú iascaireachta ag FMSY. Is iomchuí, dá bhrí sin, de bhun Rialachán (AE) 2016/1139, na deiseanna iascaireachta a shocrú ag luach phointe FMSY.

(19)

A mhéid a bhaineann le leathóga, measann ICES go mbíonn troisc a ghabháil mar fhoghabhálacha in iascaigh leathóg. Is iomchuí, dá bhrí sin, de bhun Rialachán (AE) 2016/1139, na deiseanna iascaireachta le haghaidh leathóg a shocrú faoi bhun an luacha is ísle sa raon FMSY.

(20)

Maidir le saláin, measann ICES nach raibh aon earcaíocht láidir ann ó bhí 2014 ann, cé go bhfuil an bhithmhais os cionn Btrigger. Ina theannta sin, measann ICES go raibh an earcaíocht ar leibhéal níos ísle ná riamh in 2021 agus 2022. Thairis sin, is minic gur iascaigh mheasctha iad na hiascaigh salán, ina ndéantar iascach ar salán mar aon le scadáin. Is iomchuí, dá bhrí sin, de bhun Rialachán (AE) 2016/1139, na deiseanna iascaireachta le haghaidh salán a shocrú sa raon íosta comhfhreagrach FMSY.

(21)

Tá úsáid na ndeiseanna iascaireachta a leagtar amach sa Rialachán seo faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (3), agus go háirithe Airteagal 33 de maidir le gabhálacha agus an iarracht iascaireachta a thaifeadadh agus Airteagal 34 de maidir le sonraí i ndáil le hídiú deiseanna iascaireachta a tharchur chuig an gCoimisiún. Ba cheart a shonrú sa Rialachán seo, dá bhrí sin, na cóid a bhaineann le stoic a thabhairt i dtír faoi réir an Rialacháin seo atá le húsáid ag na Ballstáit agus sonraí á seoladh chuig an gCoimisiún acu.

(22)

Le Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle (4), leagtar síos coinníollacha breise maidir le TACanna a bhainistiú ó bhliain go bliain, lena n-áirítear, faoi Airteagail 3 agus 4 dá chuid, forálacha solúbthachta le haghaidh stoic atá faoi réir TACanna réamhchúraim agus anailíseacha. Faoi Airteagal 2 den Rialachán sin, tá an Chomhairle le cinneadh, agus na TACanna á socrú aici, cé na stoic nár cheart feidhm a bheith ag Airteagail 3 ná 4 maidir leo, go háirithe ar bhonn stádas bitheolaíoch na stoc. Ina theannta sin, le hAirteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 leagtar síos an sásra solúbthachta ó bhliain go bliain le haghaidh na stoc uile atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír. Dá bhrí sin, chun solúbthacht iomarcach a sheachaint a bhainfeadh an bonn de phrionsabal shaothrú céillí freagrach bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara, a chuirfeadh bac ar ghnóthú chuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh agus a chuirfeadh meath ar stádas bitheolaíoch na stoc, ba cheart a chur in iúl go ríshoiléir nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir le TACanna ach amháin i gcás nach mbaintear leas as an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(23)

Maidir le bithmhais troisc ó Mhuir Bhailt Thoir, troisc ó Mhuir Bhailt Thiar agus scadáin ó Mhuir Bhailt Thiar, tá sé faoi bhun an Blim. I gcás na stoc sin go léir, ní cheadaítear in 2024 ach iascaigh foghabhála, eolaíocha, agus i gcás scadáin ó Mhuir Bhailt Thiar, iascaigh chósta ar mhionscála. Dá bhrí sin, agus i bhfianaise athléimneacht réasúnta íseal éiceachóras Mhuir Bhailt, tá gealltanas tugtha ag na Ballstáit a bhfuil sciar cuóta de na TACanna ábhartha acu gan an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a chur i bhfeidhm maidir leis na stoic sin in 2024, ionas nach rachaidh gabhálacha in 2024 thar na TACanna ábhartha. Thairis sin, i bhforanna 22-30 ICES, tá an bhithmhais maidir le gach stoc bradán sna haibhneacha faoi bhun an phointe tagartha teorann do tháirgeadh gealóg (Rlim) agus ní cheadaítear ach iascaigh foghabhála agus eolaíocha in 2024. Dá bhrí sin, thug na Ballstáit ábhartha gealltanas comhchosúil maidir le solúbthacht ó bhliain go bliain i ndáil le gabhálacha bradán sa phríomh-imchuach in 2024.

(24)

Le Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle (5), socraítear na deiseanna iascaireachta le haghaidh troisc Ioruacha ón 1 Samhain 2022 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023 i roinn 3a ICES (‘Skagerrak-Kattegat’), in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES agus in uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a ICES (‘an Mhuir Thuaidh’). Is ón 1 Samhain go dtí an 31 Deireadh Fómhair a bheidh an séasúr iascaireachta le haghaidh troisc Ioruacha. Chuaigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i mbun comhairliúcháin dhéthaobhacha de bhun Airteagal 498(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an Aontais Eorpaigh, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (6) an 16 Deireadh Fómhair 2023 agus tháinig siad ar chomhaontú maidir le TAC ar bhonn na comhairle ó ICES a foilsíodh an 9 Deireadh Fómhair 2023. Déantar torthaí na gcomhairliúchán a dhoiciméadú sa Taifead i Scríbhinn, a d’fhormhuinigh an Chomhairle an 20 Deireadh Fómhair 2023 agus a shínigh Ceann Toscaireachta na Ríochta Aontaithe agus ionadaí an Choimisiúin thar ceann an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 498(6) den Chomhaontú sin agus le Cinneadh (AE) 2021/1875 ón gComhairle (7). Dá bhrí sin, maidir leis na deiseanna iascaireachta ábhartha le haghaidh troisc Ioruacha i roinn 3a ICES, in uiscí na Ríochta Aontaithe agus in uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES, agus in uiscí na Ríochta Aontaithe de roinn 2a ICES ón 1 Samhain 2023 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024, ba cheart iad a shocrú ag an leibhéal a leagtar amach sa taifead sin i scríbhinn.

(25)

Le Rialachán (AE) 2023/194, socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh cadóg i bhfolimistéar 4, roinn 6a agus roinn 3a ICES (an Mhuir Thuaidh, Iarthar na hAlban, Skagerrak) le haghaidh 2023, bunaithe ar thoradh na gcomhairliúchán iascaigh idir an tAontas, an Iorua agus an Ríocht Aontaithe le haghaidh 2024, mar atá doiciméadaithe sa Taifead Comhaontaithe, a síníodh an 9 Nollaig 2022. Chun a ráthú go mbainfear lánúsáid as deiseanna iascaireachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le socrú solúbtha a chur chun feidhme idir cuid de na limistéir TAC inarb é an stoc bitheolaíoch céanna atá i gceist. Is iomchuí, dá bhrí sin, solúbthacht idirlimistéir a thabhairt isteach maidir le cuótaí na mBallstát le haghaidh cadóg, is é sin suas le 10 % ón Muir Thuaidh go dtí uiscí an Aontais in Skagerrak-Kattegat.

(26)

Leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, agus leis an bPrótacal a ghabhann leis (8), foráiltear go bhfuil an tAontas chun 7,7 % den TAC le haghaidh na gcaibeallán (Mallotus villosus) atá le gabháil in uiscí na Graonlainne d’fholimistéir 5 agus 14 ICES a fháil ó Rialtas na Graonlainne. An 5 Deireadh Fómhair 2023, chuir Rialtas na Graonlainne in iúl don Aontas nach bhfuil Rialtas na Graonlainne in ann caibealláin a thairiscint don Aontas le haghaidh na tréimhse comhfhreagraí, bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch idirmheánach a d’fhoilsigh Institiúid Taighde Mara agus Fionnuisce na hÍoslainne, ina sonraítear nár cheart do na gabhálacha sa tréimhse ‘geimhreadh 2023/2024’ a bheith níos mó ná nialas tona. Go dtí go n-eiseofar an chomhairle eolaíoch chríochnaitheach, a d’fhéadfadh ligean do Rialtas na Graonlainne caibealláin a thairiscint don Aontas, ba cheart a mharcáil go bhfuil na deiseanna iascaireachta le haghaidh an stoic sin i Rialachán (AE) 2023/194 ‘Le bunú’.

(27)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/194 a leasú dá réir.

(28)

Chun briseadh i ngníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo a bhaineann le Muir Bhailt ón 1 Eanáir 2024. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le troisc Ioruacha i roinn 3a ICES, in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES, agus in uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a ICES ón 1 Samhain 2023 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024, ós rud é gurb é sin séasúr iascaireachta an troisc Ioruaigh. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le cadóga i bhfolimistéar 4, roinn 6a agus roinn 3a ICES (an Mhuir Thuaidh, Iarthar na hAlban, Skagerrak) ón 1 Samhain 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023, chun úsáid iomlán na ndeiseanna iascaireachta le haghaidh 2023 a ráthú. Ar chúiseanna práinne, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm láithreach tar éis a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, socraítear na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc i Muir Bhailt le haghaidh 2024 agus leasaítear deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile arna socrú le Rialachán (AE) 2023/194.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais a oibríonn i Muir Bhailt.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le hiascaigh áineasa i gcás ina dtagraítear go sainráite dóibh sna forálacha ábhartha.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Ina theannta sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘foroinn’ foroinn de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) de Mhuir Bhailt mar a shainítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9);

(2)

ciallaíonn ‘gabháil iomlán incheadaithe (TAC)’:

(a)

in iascaigh atá faoi réir na díolúine ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar síos in Airteagal 15(4) go (7) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, an chainníocht éisc a fhéadfar a thabhairt i dtír as gach stoc gach bliain;

(b)

i ngach iascach eile, an chainníocht éisc a fhéadfar a ghabháil as gach stoc gach bliain;

(3)

ciallaíonn ‘cuóta’ an cion den TAC a chionroinntear ar an Aontas, ar Bhallstát nó ar thríú tír;

(4)

ciallaíonn ‘iascaigh áineasa’ gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála lena saothraítear acmhainní bitheolaíocha na mara, le haghaidh áineasa, turasóireachta nó spóirt mar shampla;

(5)

ciallaíonn ‘measúnú anailíseach’ meastóireacht chainníochtúil ar threochtaí i gcás stoc ar leith, bunaithe ar shonraí maidir le bitheolaíocht agus saothrú an stoic sin, lena n-áirítear meastóireacht atá bunaithe ar athróga, ar sonraíodh le hathbhreithniú eolaíoch na sonraí sin go raibh siad de cháilíocht leordhóthanach chun comhairle eolaíoch a sholáthar;

(6)

ciallaíonn ‘TAC anailíseach’ TAC a bhfuil measúnú anailíseach ar fáil ina leith;

(7)

ciallaíonn ‘TAC réamhchúraim’ TAC nach bhfuil measúnú anailíseach ar fáil ina leith, agus a bhfuil measúnú bunaithe ar chur chuige an réamhchúraim ar fáil ina leith ina ionad sin nó nach bhfuil aon mheasúnú ar fáil ina leith.

CAIBIDIL II

Deiseanna iascaireachta

Airteagal 4

TACanna agus cionrannta

Leagtar amach san Iarscríbhinn na TACanna, na cuótaí agus, i gcás inarb iomchuí, na bearta a bhfuil baint fheidhmiúil acu leo.

Airteagal 5

Forálacha speisialta maidir le cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta

1.   Beidh cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta i measc na mBallstát a leagtar amach sa Rialachán seo gan dochar do na nithe seo a leanas:

(a)

malartuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)

asbhaintí agus ath-chionrannta arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(c)

gabhálacha breise arna gceadú faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 nó faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(d)

cainníochtaí arna gcoinneáil siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 nó a aistríodh faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(e)

asbhaintí arna ndéanamh de bhun Airteagail 105, 106 agus 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

2.   Déantar na stoic atá faoi réir TACanna réamhchúraim nó anailíseacha chun na TACanna agus na cuótaí a bhainistiú ó bhliain go bliain dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 847/96 a shainaithint san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.   Seachas i gcás ina sonraítear a mhalairt san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, tá feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir le stoic atá faoi réir TAC réamhchúraim, agus tá feidhm ag Airteagail 3(2) agus (3) agus Airteagal 4 den Rialachán sin maidir le stoic atá faoi réir TAC anailíseach.

4.   Níl feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina n-úsáidfidh Ballstát an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 6

Coinníollacha maidir le gabhálacha agus foghabhálacha a thabhairt i dtír

Sainaithnítear sna táblaí TAC ábhartha san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo stoic na speiceas nach spriocspeicis iad laistigh de theorainneacha bitheolaíocha sábháilte dá dtagraítear in Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bhfuil feidhm ag an maolú ar an oibleagáid gabhálacha a chomhaireamh in aghaidh na gcuótaí ábhartha maidir leo.

Airteagal 7

Tréimhsí coiscthe chun sceitheadh trosc a chosaint

1.   Cuirfear toirmeasc ar iascaireacht le haon chineál trealaimh iascaireachta i bhforanna 25 agus 26 ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar síos i mír 1 sna cásanna seo a leanas:

(a)

oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéantar na himscrúduithe sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241;

(b)

soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a bhíonn ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó traimlí, doruithe grinneallsocraithe, spiléir, sruthdhoruithe, doruithe láimhe agus trealamh díreoige nó gléasanna comhchosúla éighníomhacha i limistéir inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an muirchairt oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla;

(c)

soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht i bhforoinn 25 ar stoic pheiligeacha lena gcaitheamh go díreach ag an duine, a bhfuil trealaimh á n-úsáid acu arb ionann méid a mogaill agus 45 mm nó ar lú é ná sin, i limistéir inar lú ná 50 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an muirchairt oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla, agus a ndéantar sórtáil ar na gabhálacha dá gcuid arna dtabhairt i dtír.

3.   Cuirfear toirmeasc ar iascaireacht le haon chineál trealaimh iascaireachta i bhforanna 22 agus 23 ón 15 Eanáir go dtí an 31 Márta, agus i bhforoinn 24 ón 15 Bealtaine go dtí an 15 Lúnasa.

4.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar síos i mír 3 sna cásanna seo a leanas:

(a)

oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéantar na himscrúduithe sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241;

(b)

soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a bhíonn ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó traimlí, doruithe grinneallsocraithe, spiléir, sruthdhoruithe, doruithe láimhe agus trealamh díreoige, nó gléasanna comhchosúla éighníomhacha i limistéir inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an muirchairt oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla;

(c)

soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht i bhforoinn 24 ar stoic pheiligeacha lena gcaitheamh go díreach ag an duine, a bhfuil trealaimh á n-úsáid acu arb ionann méid a mogaill agus 45 mm nó ar lú é ná sin, i limistéir inar lú ná 40 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an muirchairt oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla, agus a ndéantar sórtáil ar na gabhálacha dá gcuid arna dtabhairt i dtír;

(d)

soithí iascaireachta de chuid an Aontais a bhíonn ag iascaireacht le dreidirí ar mhoilisc dhébhlaoscacha i bhforoinn 22 i limistéir ar lú doimhneacht an uisce ná 20 méadar de réir na gcomhordanáidí ar an muirchairt oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla.

5.   Áiritheoidh máistrí shoithí iascaireachta de chuid an Aontais dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), agus mír 4, pointí (b) agus (c) go bhféadfaidh údaráis rialúcháin an Bhallstáit inniúil faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíocht iascaireachta tráth ar bith.

Airteagal 8

Tréimhsí coiscthe chun sceitheadh scadán a chosaint i bhforanna 25-27, 28.2, 29 agus 32

Cuirfear toirmeasc ar speicis pheiligeacha a iascach agus trál peiligeach á úsáid le linn na dtréimhsí seo a leanas:

i bhforanna 25 agus 26 ón 1 Aibreán go dtí an 30 Aibreán,

i bhforanna 27 agus 28.2 ón 16 Aibreán go dtí an 15 Bealtaine,

i bhforanna 29 agus 32 ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Bealtaine.

Airteagal 9

Bearta maidir le hiascaigh áineasa trosc i bhforanna 22 go 26

Cuirfear toirmeasc ar iascaigh áineasa trosc i bhforanna 22 go 26.

Airteagal 10

Bearta maidir le hiascaigh áineasa bradán i bhforanna 22 go 31

1.   Cuirfear toirmeasc ar iascaigh áineasa bradán i bhforanna 22-31. Aon eiseamal den bhradán a gabhadh de thaisme, cuirfear ar ais san fharraige láithreach bonn é.

2.   De mhaolú ar mhír 1, déanfar iascaigh áineasa bradán a cheadú faoi na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)

ní fhéadfar níos mó ná an t-aon eiseamal amháin de bhradáin a bhfuil a n-eite shaille gearrtha a ghabháil agus a choinneáil in aghaidh an iascaire áineasa in aghaidh an lae;

(b)

tar éis dó an chéad bhradán a bhfuil a eite shaille gearrtha a ghabháil, scoirfidh an t-iascaire áineasa d’iascaireacht bradán ar feadh an chuid eile den lá;

(c)

déanfar gach eiseamal d’aon speiceas éisc a choinnítear a thabhairt i dtír ina eiseamal iomlán.

3.   De mhaolú breise ar mhír 1, ceadófar iascaigh áineasa bradán i bhforoinn 31 ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa i limistéir laistigh de cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte.

4.   Tá an tAirteagal seo gan dochar do bhearta náisiúnta níos déine faoi Airteagail 19 agus 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 11

Bearta maidir leis na stoic breac geal agus bradán i bhforanna 22 go 32 a chaomhnú

1.   Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais bric gheala a iascach thar cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte i bhforanna 22 go 32. Nuair a bheifear ag iascaireacht bradán thar cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte i bhforoinn 32, ní rachaidh foghabhálacha breac geal thar 3 % den ghabháil iomlán bradán agus breac geal a bheidh ar bord tráth ar bith nó a tugadh i dtír tar éis gach turais iascaireachta.

2.   Cuirfear toirmeasc ar iascaireacht le spiléir ar bhric gheala nó bradáin thar cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte i bhforanna 22 go 31.

3.   Tá an tAirteagal seo gan dochar do bhearta náisiúnta níos déine faoi Airteagail 19 agus 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 12

Tarchur sonraí

Nuair a sheolfaidh na Ballstáit sonraí a bhaineann le cainníochtaí stoc arna ngabháil nó arna dtabhairt i dtír chuig an gCoimisiún de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

CAIBIDIL III

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 13

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2023/194

Leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn IA, Cuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad thábla na ndeiseanna iascaireachta le haghaidh troisc Ioruacha (Trisopterus esmarkii) i roinn ICES 3a (‘Skagerrak-Kattegat’), in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES agus in uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a ICES (‘an Mhuir Thuaidh’):

‘Speiceas:

an trosc Ioruach agus foghabhálacha gaolmhara

Trisopterus esmarkii

Limistéar:

3a; Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4; Uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a

(NOP/2A3A4.)

Bliain

2023

 

2024

 

 

An Danmhairg

49 478

(1)(3)

8 226

(1)(6)

TAC anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Ghearmáin

9

(1)(2)(3)

2

(1)(2)(6)

An Ísiltír

36

(1)(2)(3)

6

(1)(2)(6)

An tAontas

49 524

(1)(3)

8 234

(1)(6)

An Ríocht Aontaithe

10 204

(2)(3)

2 058

(2)(6)

An Iorua

0

(4)

0

(4)

Oileáin Fharó

0

(5)

0

(5)

TAC

59 728

 

10 292

 

(1)

Féadfaidh suas le 5 % den chuóta a bheith ina bhfoghabhálacha cadóg agus faoitíní (OT2/* 2A3A4). Foghabhálacha cadóg agus faoitíní arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun na forála seo agus foghabhálacha speiceas arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní rachaidh siad, i dteannta a chéile, thar 9 % den chuóta.

(2)

Ní fhéadfar an cuóta a iascach ach in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i limistéir ICES 2a, 3a agus 4.

(3)

Ní fhéadfar é a iascach ach ón 1 Samhain 2022 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023.

(4)

Bainfear úsáid as greille shórtála.

(5)

Bainfear úsáid as greille shórtála. Áirítear leis an méid seo uasmhéid 15 % d’fhoghabhálacha dosheachanta (NOP/*2A3A4), nach mór a chomhaireamh in aghaidh an chuóta seo.

(6)

Ní fhéadfar é a iascach ach ón 1 Samhain 2023 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024.’;

(2)

in Iarscríbhinn IA, Cuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad thábla na ndeiseanna iascaireachta le haghaidh cadóg (Melanogrammus aeglefinus) i bhfolimistéar 4 ICES agus in uiscí na Ríochta Aontaithe, Roinn 2a ICES:

‘Speiceas:

An Chadóg

Melanogrammus aeglefinus

 

 

Limistéar:

4; Uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a

(HAD/2AC4.)

An Bheilg

 

363

(1) (2)

TAC anailíseach

Tá feidhm ag Airteagal 8(2) den Rialachán seo

An Danmhairg

 

2 495

(1) (2)

An Ghearmáin

 

1 588

(1) (2)

An Fhrainc

 

2 768

(1) (2)

An Ísiltír

 

272

(1) (2)

An tSualainn

 

223

(1) (2)

An tAontas

 

7 709

(1) (2)

An Iorua

 

13 432

(3)

An Ríocht Aontaithe

37 261

 

TAC

 

58 402

 

(1)

Coinníoll speisialta: a bhféadfar suas le 10 % de a iascach in uiscí na Ríochta Aontaithe, uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 6a lastuaidh de 58°30′T (HAD/*6AN58).

(2)

Coinníoll speisialta: a bhféadfar suas le 10 % de a iascach in uiscí an Aontais in 3a (HAD/*03A-C).

(3)

A bhféadfar 11 182 tona de a thógáil in uiscí an Aontais (HAD/*04-EU). Gabhálacha a thógfar laistigh den chuóta seo, asbhainfear iad ó sciar na hIorua den TAC.

Coinníoll speisialta: laistigh de theorainneacha na gcuótaí seo, ní fhéadfar níos mó ná an chainníocht a thugtar thíos a thógáil sna limistéir seo a leanas:

Uiscí na hIorua in 4 (HAD/*04N-)

 

 

An tAontas

 

4 774 ;’

 

 

(3)

in Iarscríbhinn IB, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh na gcaibeallán (Mallotus villosus) in uiscí na Graonlainne i bhfolimistéir 5 agus 14 ICES:

‘Speiceas:

Caibeallán

Mallotus villosus

Limistéar:

Uiscí na Graonlainne in 5 agus 14

(CAP/514GRN)

An Danmhairg

Le bunú

 

TAC anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Ghearmáin

Le bunú

 

An tSualainn

Le bunú

 

Na Ballstáit uile

Le bunú

(1)

An tAontas

Le bunú

(2) (3)

An Iorua

Le bunú

(3)

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 

(1)

Ní bheidh rochtain ag an Danmhairg, an Ghearmáin, agus an tSualainn ar an gcuóta ‘na Ballstáit uile’ go dtí go mbeidh a gcuóta féin ídithe acu. Ní bheidh rochtain ar bith, áfach, ar an gcuóta ‘na Ballstáit uile’ ag Ballstáit a bhfuil níos mó ná 10 % de chuóta an Aontais acu. Na gabhálacha atá le ríomh in aghaidh an chuóta chomhroinnte seo, déanfar iad a thuairisciú ar leithligh (CAP/514GRN_AMS).

(2)

Is féidir tús a chur le hiascaireacht nuair a ghlacfaidh an tAontas tairiscint le haghaidh cuótaí den sórt sin ó údaráis na Graonlainne faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile agus an Phrótacail cur chun feidhme a ghabhann leis (*1). Áiritheoidh na Ballstáit nach sáróidh a ngabhálacha an chainníocht a fuarthas ó údaráis na Graonlainne, tar éis na cainníochtaí a aistríodh chuig an Iorua a asbhaint.

(3)

Maidir le tréimhse iascaireachta ón 15 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 15 Aibreán 2024.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2024.

De mhaolú ar an dara mír:

(a)

Beidh feidhm ag Airteagal 13, pointe (1), ón 1 Samhain 2023 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024;

(b)

Beidh feidhm ag Airteagal 13, pointe (2), ón 1 Samhain 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Samhain 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. CREVITS


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(2)  Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle (IO L 191, 15.7.2016, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008 agus (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle an 6 Bealtaine 1996 lena dtugtar isteach coinníollacha breise maidir le TACanna agus cuótaí a bhainistiú ó bhliain go bliain (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3).

(5)  Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige (IO L 28, 31.1.2023, lch. 1).

(6)   IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.

(7)  Cinneadh (AE) 2021/1875 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sna comhairliúcháin bhliantúla leis an Ríocht Aontaithe chun teacht ar chomhaontú maidir leis na gabhálacha iomlána incheadaithe (IO L 378, 26.10.2021, lch. 6).

(8)   IO L 175, 18.5.2021, lch. 3. D’fhormheas an tAontas an Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, agus an Prótacal cur chun feidhme a ghabhann leis, trí bhíthin Chinneadh (AE) 2021/2043 ón gComhairle an 18 Samhain 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, agus an Phrótacail cur chun feidhme a ghabhann leis (IO L 418, 24.11.2021, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach thoir thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch. 70).


IARSCRÍBHINN

NA TACanna IS INFHEIDHME MAIDIR LE SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I LIMISTÉIR ARB ANN DO TACanna INA LEITH DE RÉIR SPEICIS AGUS DE RÉIR LIMISTÉIR

Leis na táblaí seo a leanas déantar na TACanna agus na cuótaí a leagan amach (ina dtonaí beomheáchain, seachas i gcás ina sonraítear a mhalairt) de réir stoic agus na bearta a bhfuil baint fheidhmiúil acu leo.

Is tagairtí do limistéir ICES iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Tagraítear do stoic éisc de réir ord aibítre ainmneacha eolaíocha an speicis.

Chun críocha an Rialacháin seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha, ar fáil:

Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Clupea harengus

HER

An scadán

Gadus morhua

COD

An trosc

Pleuronectes platessa

PLE

An leathóg

Salmo salar

SAL

An bradán Atlantach

Sprattus sprattus

SPR

An salán


Tábla 1

Speiceas:

An scadán

 

Limistéar:

Foranna 30-31

 

Clupea harengus

 

 

(HER/30/31.)

An Fhionlainn

 

45 092

 

TAC anailíseach

An tSualainn

 

9 908

 

An tAontas

 

55 000

 

TAC

 

55 000

 


Tábla 2

Speiceas:

An scadán

 

Limistéar:

Foranna 22-24

 

Clupea harengus

 

 

(HER/3BC+24)

An Danmhairg

 

110

(1)

TAC anailíseach

An Ghearmáin

 

435

(1)

Níl feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Fhionlainn

 

0

(1)

Níl feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Pholainn

 

103

(1)

An tSualainn

 

140

(1)

An tAontas

 

788

(1)

TAC

 

788

(1)

(1)

Go heisiach le haghaidh foghabhálacha. Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe faoin gcuóta seo.

De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfar oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, a dhíriú ar an scadán ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.

De mhaolú ar an gcéad mhír, ceadaítear iascaireacht a dhéanamh ar an gcuóta sin i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar a bhíonn ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin, doruithe láimhe, eangacha sáinne nó trealamh díreoige. Áiritheoidh máistrí na soithí iascaireachta sin go bhféadfaidh údaráis rialúcháin an Bhallstáit inniúil faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí iascaireachta am ar bith.


Tábla 3

Speiceas:

An scadán

 

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhforanna 25-27, 28.2, 29 agus 32

 

Clupea harengus

 

 

(HER/3D-R30)

An Danmhairg

 

888

 

TAC anailíseach

An Ghearmáin

 

235

 

Níl feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Eastóin

 

4 535

 

Níl feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Fhionlainn

 

8 853

 

An Laitvia

 

1 119

 

An Liotuáin

 

1 178

 

An Pholainn

 

10 057

 

An tSualainn

 

13 503

 

An tAontas

 

40 368

 

TAC

 

Ní bhaineann le hábhar

 


Tábla 4

Speiceas:

An scadán

 

Limistéar:

Foroinn 28.1

 

Clupea harengus

 

 

(HER/03D.RG)

An Eastóin

 

17 529

 

TAC anailíseach

An Laitvia

 

20 430

 

Tá feidhm ag Airteagal 6 den Rialachán seo.

An tAontas

 

37 959

 

TAC

 

37 959

 


Tábla 5

Speiceas:

An trosc

 

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhforanna 25-32

 

Gadus morhua

 

 

(COD/3DX32.)

An Danmhairg

 

137

(1)

TAC réamhchúraim

An Ghearmáin

 

54

(1)

Níl feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Eastóin

 

13

(1)

An Fhionlainn

 

10

(1)

An Laitvia

 

51

(1)

An Liotuáin

 

33

(1)

An Pholainn

 

159

(1)

An tSualainn

 

138

(1)

An tAontas

 

595

(1)

TAC

 

Ní bhaineann le hábhar

(1)

(1)

Go heisiach le haghaidh foghabhálacha. Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe faoin gcuóta seo.

De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfar oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, a dhíriú ar an trosc ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.


Tábla 6

Speiceas:

An trosc

 

Limistéar:

Foranna 22-24

 

Gadus morhua

 

 

(COD/3BC+24)

An Danmhairg

 

148

(1)

TAC réamhchúraim

An Ghearmáin

 

73

(1)

Níl feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Eastóin

 

3

(1)

An Fhionlainn

 

3

(1)

An Laitvia

 

12

(1)

An Liotuáin

 

8

(1)

An Pholainn

 

40

(1)

An tSualainn

 

53

(1)

An tAontas

 

340

(1)

TAC

 

340

(1)

(1)

Go heisiach le haghaidh foghabhálacha. Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe faoin gcuóta seo.

De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfar oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, a dhíriú ar an trosc ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.


Tábla 7

Speiceas:

An leathóg

 

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhforanna 22-32

 

Pleuronectes platessa

 

 

(PLE/3BCD-C)

An Danmhairg

 

8 105

 

TAC anailíseach

An Ghearmáin

 

900

 

Tá feidhm ag Airteagal 6 den Rialachán seo.

An Pholainn

 

1 697

 

An tSualainn

 

611

 

An tAontas

 

11 313

 

TAC

 

11 313

 


Tábla 8

Speiceas:

An bradán Atlantach

 

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhforanna 22-31

 

Salmo salar

 

 

(SAL/3BCD-F)

An Danmhairg

 

11 183

(1)(2)

TAC anailíseach

An Ghearmáin

 

1 244

(1)(2)

Níl feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Eastóin

 

1 137

(1)(2)(3)

Níl feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Fhionlainn

 

13 945

(1)(2)

An Laitvia

 

7 113

(1)(2)

An Liotuáin

 

836

(1)(2)

An Pholainn

 

3 393

(1)(2)

An tSualainn

 

15 116

(1)(2)

An tAontas

 

53 967

(1)(2)

TAC

 

Ní bhaineann le hábhar

 

(1)

Arna shloinneadh de réir líon na n-iasc aonair.

(2)

Go heisiach le haghaidh foghabhálacha. Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe faoin gcuóta seo.

De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfar oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, a dhíriú ar an mbradán Atlantach ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.

De mhaolú ar an gcéad mhír, ceadófar iascaireacht a dhéanamh ar an gcuóta seo i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais i bhforoinn 31 ICES i limistéir laistigh de cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte le linn na tréimhse ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa.

(3)

Coinníoll speisialta: ní fhéadfar níos mó ná 450 eiseamal den chuóta seo a iascach in uiscí an Aontais i bhforoinn 32 (SAL/*3D32).


Tábla 9

Speiceas:

An bradán Atlantach

 

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhforoinn 32

 

Salmo salar

 

 

(COD/3D32.)

An Eastóin

 

1 040

(1)

TAC réamhchúraim

An Fhionlainn

 

9 104

(1)

An tAontas

 

10 144

(1)

TAC

 

Ní bhaineann le hábhar

 

(1)

Arna shloinneadh de réir líon na n-iasc aonair.


Tábla 10

Speiceas:

An salán

 

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhforanna 22-32

 

Sprattus sprattus

 

 

(SPR/3BCD-C)

An Danmhairg

 

19 827

 

TAC anailíseach

An Ghearmáin

 

12 561

 

Tá feidhm ag Airteagal 6 den Rialachán seo.

An Eastóin

 

23 024

 

 

An Fhionlainn

 

10 379

 

An Laitvia

 

27 807

 

An Liotuáin

 

10 059

 

An Pholainn

 

59 013

 

An tSualainn

 

38 330

 

An tAontas

 

201 000

 

TAC

 

Ní bhaineann le hábhar

 


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2638/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)