European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2623

22.11.2023

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2623 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Lúnasa 2023

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/472 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhionsonraí na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascaigh áirithe in Uiscí an Iarthair a shonrú le haghaidh na tréimhse 2024–2027

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/472 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic a dhéantar a iascach in Uiscí an Iarthair agus sna huiscí máguaird agus d’iascaigh a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/1139 agus (AE) 2018/973 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 88/2006, (CE) Uimh. 509/2007 agus (CE) Uimh. 1300/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/472, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán sin a fhorlíonadh trí mhionsonraí na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a shonrú i gcás stoic uile na speiceas sa Mhuir Thuaidh a bhfuil feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír faoi Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2)maidir leo, mar a fhoráiltear i bpointí (a) go (e) d’Airteagal 15(5) den Rialachán sin ar bhonn na moltaí comhpháirteacha arna bhforbairt ag na Ballstáit.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 ón gCoimisiún (3), sonraítear na mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascaigh ghrinnill áirithe in Uiscí an Iarthair le haghaidh na tréimhse 2021–2023, tar éis dhá mholadh chomhpháirteacha arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an mBeilg, an Spáinn, an Fhrainc, Éire agus an Ísiltír (Ballstáit Uiscí an Iarthuaiscirt), agus ag an mBeilg, an Spáinn, an Fhrainc, an Ísiltír agus an Phortaingéil (Ballstáit Uiscí an Iardheiscirt). Leasaíodh Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 in 2021 (4), 2022 (5) agus 2023 (6).

(3)

Tar éis do Bhallstáit Uiscí an Iarthuaiscirt dul i gcomhairle le Comhairle Chomhairleach Uiscí an Iarthuaiscirt agus leis an gComhairle Chomhairleach Pheiligeach, chuir siad moladh comhpháirteach tosaigh faoi bhráid an Choimisiúin an 3 Bealtaine 2023.

(4)

Tar éis do Bhallstáit Uiscí an Iardheiscirt dul i gcomhairle le Comhairle Chomhairleach Uiscí an Iardheiscirt agus leis an gComhairle Chomhairleach Pheiligeach, chuir siad moladh comhpháirteach tosaigh faoi bhráid an Choimisiúin an 2 Bealtaine 2023.

(5)

Rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) measúnú ar na moltaí comhpháirteacha tosaigh le linn sheisiún iomlánach an 8–12 Bealtaine 2023 (7).

(6)

An 6 Iúil 2023, chuir Ballstáit Uiscí an Iardheiscirt moladh comhpháirteach a tugadh cothrom le dáta isteach.

(7)

An 13 Iúil 2023 chuir Ballstáit Uiscí an Iarthuaiscirt moladh comhpháirteach a tugadh cothrom le dáta isteach.

(8)

Rinne an Grúpa Saineolaithe um Iascach agus Dobharshaothrú breithniú ar na moltaí comhpháirteacha a tugadh cothrom le dáta i gcruinniú an 28 Iúil 2023 ar fhreastail Parlaimint na hEorpa air mar bhreathnóir.

(9)

Faoi Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/472, rinne an Coimisiún na moltaí comhpháirteacha a tugadh cothrom le dáta a mheas i bhfianaise mheasúnú CETEI ar na moltaí comhpháirteacha tosaigh chun a áirithiú go bhfuil na moltaí comhpháirteacha a tugadh cothrom le dáta comhoiriúnach le bearta caomhnúcháin ábhartha an Aontais, lena n-áirítear an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír.

(10)

Chuir an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh freisin: (i) go bhfuiltear ag súil go gcuirfear tuilleadh faisnéise ar fáil sa mheasúnú atá ar na bacáin maidir le héifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas, ábharthacht agus breisluach Aontais na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír; agus (ii) thug CETEI dá aire (8) go bhfuil an próiseas reatha chun meastóireacht a dhéanamh ar mholtaí comhpháirteacha neamhéifeachtúil, gur gá tuilleadh machnaimh a dhéanamh maidir le conas is féidir é a fheabhsú tuilleadh agus go bhféadfaí, le machnamh den sórt sin, plé a dhéanamh ar shaincheisteanna sonraí agus bealaí nua a aimsiú chun cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a fheabhsú.

(11)

Na díolúintí ard-inmharthanachta seo a leanas ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le hUiscí an Iarthuaiscirt.

(12)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine ard-inmharthanachta maidir le gliomaigh na hIorua a ghabhtar le potaí, gaistí agus cléibh, agus tráil ghrinnill i bhfolimistéir 6 agus 7 den Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (‘ICES’). D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI meastóireacht ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid, cé go bhfuil meastacháin mharthanais agus rátaí aschuir athraitheach idir réimsí éagsúla, go ndearnadh staidéir mharthanais ar bhealach láidir agus go dtarraingítear aird ar na tairbhí a bhaineann le roghnaíocht fheabhsaithe trí bhearta teicniúla (9). Ar an gcúis sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(13)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine ard-inmharthanachta maidir le sóil choiteanna atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe a ghabhtar le tráil ghrinnill ag a bhfuil mogallmhéid 80-99 mm i roinn 7d ICES laistigh de 6 mhuirmhíle ón gcósta ach lasmuigh d’iasclanna sainaitheanta, agus le tráil dobharchú ar mó ná 80 mm a mogall soc-fhoircinn i roinn 7e ICES laistigh de 6 mhuirmhíle ón gcósta ach lasmuigh d’iasclanna sainaitheanta agus a ghabhtar le tráil dobharchú ar mó ná 80 mm a mogall soc-fhoircinn i roinn 7e ICES laistigh de 6 mhuirmhíle ón gcósta ach lasmuigh d’iasclanna sainaitheanta. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI meastóireacht ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil an inmharthanacht réasúnta agus go ndearnadh na staidéir a cuireadh i láthair ar bhealach láidir (10). Ar na cúiseanna sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(14)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine ard-inmharthanachta maidir le sciataí agus roic a ghabhtar le gach trealamh i bhfolimistéir 6 agus 7 ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil leibhéal an chomhair idir na Ballstáit suntasach agus gurb í an díolúine a spreag an obair seo, cé go bhfuil an inmharthanacht athraitheach de réir trealaimh agus séasúir (11). Thairis sin, gheall na Ballstáit sa mholadh comhpháirteach a tugadh cothrom le dáta meitea-anailís a dhéanamh ar mharthanas arb é is aidhm di measúnú a dhéanamh ar éifeacht fhoriomlán na díolúine. Ar na cúiseanna sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(15)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine ard-inmharthanachta maidir le leathóga a ghabhtar le traimlí, tráil dobharchú, tráil bhíoma, saighní Danmhargacha agus saighní i roinn 7 ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid, cé go bhfuil na rátaí marthanais athraitheach agus gurb é an áit is ísle iad na deighleoga ina dtugtar cuntas ar na gabhálacha is airde, agus ina bhfuil na rátaí aischuir agus na méideanna ábhair mhuirí aischurtha is airde, go bhfuil obair ar siúl sna hiascaigh lena mbaineann chun roghnaíocht agus dóchúlachtaí marthanais a fheabhsú maidir le trealamh agus teicneolaíochtaí nuálacha (12). Chun go bhféadfaí leanúint den obair sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(16)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine ard-inmharthanachta maidir le speicis a ghabhtar i bpotaí agus i ngaistí i bhfolimistéir 5 (seachas 5a agus lena n-áirítear uiscí an Aontais in 5b amháin), 6 agus 7 ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil na méideanna foriomlána iasc atá beartaithe diomaibhseach, go bhfuil na cineálacha trealaimh neamhurchóideach ar an iomlán agus gur dócha go mbeidh tionchar na díolúine íseal (13). Ar na cúiseanna sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(17)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine maidir leis an ronnach Atlantach agus an scadán Atlantacha in iascaigh peaslín saighne i bhfolimistéar 6 ICES; agus maidir leis an ronnach Atlantach agus an scadán in iascach na heangaí fáinne atá dírithe ar speicis pheiligeacha nach bhfuil faoi réir na gcuótaí i ranna 7e agus 7f ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus, cé nach bhféadfadh sé a fhíorú, maidir leis na coinníollacha a comhlíonadh le linn na dturgnamh a cuireadh isteach, cé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha sin ionadaíoch ar na coinníollacha a bhaineann le hoibríochtaí iascaireachta tráchtála, tháinig sé ar an gconclúid gurb iad na meastacháin mharthanais 70 % i gcás ronnach Atlantach agus scadán is fearr atá ar fáil d’iascaigh peaslín saighne (14). Ar an gcúis sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(18)

Na díolúintí ard-inmharthanachta seo a leanas ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le hUiscí an Iardheiscirt.

(19)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine ard-inmharthanachta maidir le gliomaigh na hIorua a ghabhtar le tráil ghrinnill i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid go n-athraíonn rátaí marthanais ar fud na gcabhlach agus gur léiríodh go bhfuil na siúiteanna aischuir éifeachtúil chun básmhaireacht ó aischuir a laghdú (15). Ar na cúiseanna sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027 le haghaidh na soithí sin a bhfuil siúiteanna aischuir suiteáilte iontu.

(20)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine ard-inmharthanachta maidir le sciataí agus roic, seachas roic na súl dubh, a ghabhtar le gach trealamh i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid, cé go bhfuil tásca ann go n-athraíonn na tionchair de réir cineálacha trealaimh agus speiceas, go bhfuil roinnt staidéar eolaíoch fós ar siúl chun measúnú a dhéanamh ar inmharthanacht speiceas éagsúil sciataí agus roc (16). Chun go bhféadfaí na staidéir sin a chur i gcrích, chun comhsheasmhacht le hUiscí an Iarthuaiscirt a áirithiú agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(21)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine ard-inmharthanachta le maidir le deargáin a ghabhtar le trealamh ceardaíochta voracera i roinn 9a ICES, agus le duáin agus doruithe i bhfolimistéir 8 agus 10 agus i roinn 9a ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil teorainn leis an bhfaisnéis nua a soláthraíodh chun tacú leis an díolúine agus go bhfuil éiginnteacht ann i dtaca le meastacháin mharthanais maidir le hábhar muirí aischurtha agus méideanna anaithnide aischuir mar aon le laghdú ar na gabhálacha a thugtar i dtír. Léirítear i dtuarascáil CETEI go bhfuil gá le staidéir nua chun meastachán a dhéanamh ar na rátaí marthanais bunaithe ar bhreathnóireacht faoi chuing a gabhadh ó oibríochtaí tráchtála ionadaíocha (17). Chun go bhféadfaí na staidéir sin a chur i gcrích agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(22)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine maidir le hainseabhaithe, bolmáin agus ronnaigh Atlantacha san iascach peaslín saighne. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid, cé nach bhféadfaí roinnt tionchair a mheasúnú, go raibh na meastacháin mharthanais i staidéir roimhe seo ard i gcás na speiceas sin. Thairis sin, tá staidéir eolaíocha ar siúl faoi láthair (18). Ar na cúiseanna sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(23)

Na díolúintí de minimis seo a leanas ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le hUiscí an Iarthuaiscirt.

(24)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine de minimis maidir le faoitíní a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill agus saighní ag a bhfuil mogallmhéid 80 mm nó níos mó, tráil pheiligeacha agus tráil bhíoma ag a bhfuil mogallmhéid 80-119 mm i ranna 7d agus 7e ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid, cé nár cuireadh isteach aon fhaisnéis nua chun tacú leis an díolúine, go raibh sé cruthaithe ag staidéir roimhe seo go raibh caillteanais shuntasacha gabhálacha tráchtála ann mar thoradh ar ghairis roghnaíochta áirithe a úsáid (19). Ar an gcúis sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(25)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine de minimis maidir le sóil choiteanna a ghabhann soithí a úsáideann traimlí agus eangacha geolbhaigh i ranna 7d go 7g ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil trealamh iascaireachta faoin díolúine sin feistithe chun sóil choiteanna a ghabháil ar an íosmhéid tagartha caomhnaithe agus os cionn na híosmhéide sin. Thairis sin, thug CETEI le fios ina thuarascáil, gur dócha go mbeadh caillteanais tráchtála mar thoradh ar fheabhsuithe ar an roghnaíocht. Ar na cúiseanna sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(26)

Áirítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine de minimis maidir le sóil choiteanna a ghabhann soithí a úsáideann tráil bhíoma ag a bhfuil mogallmhéid 80 go 119 mm atá feistithe le painéal Pléimeannach, chun sóil choiteanna a ghabháil i ranna 7d go 7h, 7j agus 7k ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil teorainn leis an bhfaisnéis a mhéid a bhaineann leis an leibhéal glactha nó le faireachán a dhéanamh ar shonraí ar an ngaireas roghnaíochta. Mar sin féin, thug CETEI le fios freisin ina thuarascáil go bhfuil sé dearfach go mbaineann an díolúine le húsáid modhnaithe trealaimh lenar léiríodh gur féidir léi leibhéal na ngabhálacha de thaisme a laghdú. Ar an gcúis sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(27)

Áiríodh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine de minimis maidir le cadóga a ghabhann soithí a oibríonn le mogallmhéid 100 mm nó níos mó i gcás gach tráil grinnill agus saighne; soithí a oibríonn le mogallmhéideanna 80 mm nó níos mó lena ngabhann sonraíochtaí áirithe maidir le comhdhéanamh gabhála; agus soithí a oibríonn le tráil bhíoma a úsáideann mogallmhéideanna 80 mm nó níos mó i gcomhar le húsáid painéil Phléimeannacha i ranna 7b, 7c agus 7e go 7k ICES. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid, cé go bhfuil iascaireacht inbhuanaithe á déanamh ar an stoc cadóg sa Mhuir Cheilteach faoi láthair, go bhfuil ráta ard aischuir ann i roinnt iascach. Ina theannta sin, tháinig CETEI ar an gconclúid gur cheart go leanfadh feabhsú na roghnaíochta de bheith ina thosaíocht sna hiascaigh sin agus go bhfuil feabhsuithe déanta cheana féin ar roinnt iascach (20). Ar na cúiseanna sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027, ar choinníoll go mbeidh feidhm fós ag na bearta teicniúla i bpointe 1.3.2 de chuid B d’Iarscríbhinn VI d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) tar éis an 31 Nollaig 2023.

(28)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine de minimis maidir le torcéisc a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill i ranna 7b, 7c agus 7f go 7k ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid, cé go bhfuil teorainn leis an bhfaisnéis a mhéid a bhaineann le caillteanais a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar dheireadh a chur leis an díolúine, gur soláthraíodh faisnéis faoi thrialacha roghnaíochta agus go bhféadfaí feabhsuithe roghnaíochta a dhéanamh i roinnt iascach. Thairis sin, sna measúnuithe a rinne CETEI roimhe seo, tháinig sé ar an gconclúid go mbeadh sé dúshlánach an roghnaíocht a fheabhsú i gcás an torcéisc amháin (22). Ina theannta sin, tá baol ann freisin go mbeidh an torciasc ina tachtspeiceas in iliomad iascaigh ghrinnill. Ar na cúiseanna sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(29)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine de minimis maidir le scoilteáin faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe a ghabhtar le tráil bhíoma ag a bhfuil mogallmhéid 80 go 119 mm i bhfolimistéar 7 ICES agus a úsáideann tráil ghrinnill faoi choinníollacha ginearálta. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil teorainn leis an bhfaisnéis nua a soláthraíodh chun tacú leis an díolúine agus gur féidir feabhsuithe a dhéanamh ar an roghnaíocht. Mar sin féin, ina thuarascáil, thug CETEI le fios freisin go bhfuil sé léirithe i roinnt staidéar gur tháinig laghduithe suntasacha ar ghabhálacha indíolta i roinnt iascach mar thoradh ar ghairis roghnaíochta (23). Ar an gcúis sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(30)

Áirítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine de minimis maidir le sóil choiteanna a ghabhann soithí a úsáideann tráil bhíoma ag a bhfuil mogallmhéid 80 go 119 mm lena ngabhann an roghnaíocht mhéadaithe (painéal Pléimeannach) i ranna 7a ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid gurbh ionann an fhaisnéis a cuireadh isteach chun tacú leis an díolúine sin agus an fhaisnéis a cuireadh isteach sna blianta roimhe. Thairis sin, sa mheasúnú a rinne sé roimhe seo (24), d’admhaigh CETEI gur cuireadh bearta i bhfeidhm chun gabhálacha sól de thaisme a laghdú. Ar an gcúis sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(31)

Áirítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine de minimis maidir le hairgintíní móra a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill ag a bhfuil mogallmhéid is mó ná 100 mm (TR1) i roinn 5b (uiscí an Aontais) agus i bhfolimistéar 6 ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid nach dócha go mbeidh tionchar suntasach ag an díolúine ar an stoc mar gheall ar leibhéal íseal an ábhair mhuirí aischurtha (25). Thairis sin, sna measúnuithe a rinne CETEI roimhe seo, thug sé le fios go bhfuil sé deacair feabhsuithe ar bhearta roghnaíochta a bhaint amach i gcás roinnt iascach gan costais dhíréireacha a bheith ar na cabhlaigh lena mbaineann (26). Ar na cúiseanna sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(32)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 dhá dhíolúine de minimis maidir le bolmáin agus ronnaigh Atlantacha a ghabhann soithí in iascaigh ghrinnill mheasctha, ar soithí iad a úsáideann tráil ghrinnill, saighní agus tráil bhíoma i bhfolimistéar 6 agus i ranna 7b go 7k ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid gur dócha go bhfuil an díolúine réasúnta agus go bhfuil bunús maith léi (27). Ar an gcúis sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(33)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine de minimismaidir le faoitíní gorma in iascach ina bhfuil trálaeir peiligeach tionsclaíoch i bhfolimistéir 6 agus 7 agus i roinn 5b ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid gurb ionann, den chuid is mó, an fhaisnéis a thacaíonn leis an díolúine agus an fhaisnéis a bhí ann sna blianta roimhe sin, is é sin an deacracht a bhaineann leis an roghnaíocht agus na costais láimhseála bhreise a fheabhsú (28). Tháinig CETEI ar an gconclúid freisin, maidir leis an oibríocht ar bord an tsoithigh agus an fhaisnéis a soláthraíodh chun tacú leis an dearbhú, go bhfuil na costais a bhaineann le gabhálacha de thaisme ar bord a láimhseáil díréireach, go dtugann an tuairisc ar an oibríocht sin bonn cirt réasúnta leis an díolúine sin (29). Ar na cúiseanna sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(34)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine de minimis maidir le bolmáin, ronnaigh Atlantacha agus faoitíní a ghabhtar le trálaeir pheiligeacha atá suas le 25 mhéadar ar fad ar an iomlán agus a úsáideann tráil mheánuisce i roinn 7d ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil teorainn leis an bhfaisnéis nua a soláthraíodh chun tacú leis an díolúine. Mar sin féin, ina thuarascáil, thug CETEI le fios freisin go bhfuil sé deacair feabhsuithe ar an roghnaíocht a bhaint amach (30). Ar an gcúis sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(35)

Na díolúintí de minimis seo a leanas ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le hUiscí an Iardheiscirt.

(36)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine de minimis maidir le colmóirí a ghabhtar le tráil agus saighní i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid, d’ainneoin go ndearnadh an t-iliomad staidéar roghnach, nár thángthas ar aon réiteach. Thairis sin, thug CETEI le fios ina thuarascáil, gur léirigh staidéir go ginearálta go bhfuil na modhnuithe trealaimh a tástáladh neamhéifeachtach nó go mbíonn caillteanais dho-ghlactha gabhálacha indíolta mar thoradh orthu (31). Ar na cúiseanna sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(37)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine de minimis maidir le sóil choiteanna a ghabhtar le tráil pheiligeacha, tráil bhíoma agus tráil ghrinnill i ranna 8a agus 8b ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil teorainn leis an bhfaisnéis nua a soláthraíodh chun tacú leis an díolúine. Mar sin féin, thug CETEI le fios ina thuarascáil, go léiríonn an fhaisnéis a soláthraíodh go bhfuil méadú tagtha ar amanna sórtála ar bord a bhaineann leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír (32). Ina theannta sin, tá ráta aischuir agus méid na ngabhálacha de thaisme íseal. Ar na cúiseanna sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(38)

Áiríodh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine de minimis maidir le sóil choiteanna a ghabhtar le traimlí agus le heangacha geolbhaigh i ranna 8a agus 8b ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil an roghnaíocht le haghaidh líonta éighníomhacha ard (33). Ar an gcúis sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(39)

Áiríodh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine de minimis maidir le halfainsíní a ghabhtar le duáin agus doruithe i bhfolimistéar 10 ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid, cé go bhfuil teorainn leis an bhfaisnéis nua a soláthraíodh chun tacú leis an díolúine (34), go raibh na measúnuithe a rinne sé roimhe seo maidir le deacrachtaí ar fhorais roghnaíochta agus costais dhíréireacha fós ábhartha (35). Ar an gcúis sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(40)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine de minimis maidir le bolmáin a ghabhtar le tráil bhíoma, tráil ghrinnill agus saighní i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid gur dócha go bhfuil an díolúine réasúnta agus go bhfuil bunús maith léi (36). Ar an gcúis sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(41)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine de minimis maidir le bolmáin a ghabhtar le heangacha geolbhaigh i bhfolimistéir 8, 9 agus 10 ICES agus i limistéir 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2.0 den Choiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir (‘CECAF’). D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid, cé go bhfuil an fhaisnéis nua a soláthraíodh chun tacú leis an díolúine teoranta, go raibh na measúnuithe a rinneadh roimhe seo fós ábhartha. Thairis sin, sna measúnuithe sin roimhe seo (37), thug CETEI le fios go mbeadh sé réasúnta a ghlacadh leis go bhfuil sé deacair roghnaíocht do bholmán sna hiascaigh sin a bhaint amach. Ar an gcúis sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(42)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 dhá dhíolúine de minimis maidir le ronnaigh a ghabhtar le tráil bhíoma, le tráil ghrinnill agus le saighní i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES; agus ronnaigh a ghabhtar le heangacha geolbhaigh i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES agus i limistéir 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2.0 CECAF. D’iarr na Ballstáit go leanfaí de na díolúintí sin. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil sé an-deacair an roghnaíocht a mhéadú sna hiascaigh sin gan an táirgeacht a laghdú (38). Ar an gcúis sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart na díolúintí a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(43)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine de minimis maidir le scoilteáin a ghabhtar le tráil bhíoma, le tráil ghrinnill agus le saighní i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid nach bhfuarthas aon réiteach d’ainneoin go ndearnadh go leor turgnamh roghnaíochta. Thairis sin, sna measúnuithe a rinne sé roimhe seo, thug CETEI le fios go bhfuil sé deacair sna hiascaigh sin na rátaí aischuir a laghdú tríd an roghnaíocht a fheabhsú (39). Ar na cúiseanna sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(44)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine de minimis maidir le scoilteáin a ghabhtar le heangacha geolbhaigh i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid gur féidir glacadh leis go bhfuil roghnaíocht na líonta éighníomhacha le haghaidh scoilteán ard agus go bhfuil na costais a bhaineann le láimhseáil na méideanna an-bheag scoilteán suntasach (40). Ar na cúiseanna sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(45)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine de minimis maidir le láimhínigh a ghabhtar le tráil pheiligeacha, le tráil bhíoma, le tráil ghrinnill agus le saighní i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine, ach gan tráil pheiligeacha a chur san áireamh, ós rud é nár tuairiscíodh aon ghabháil láimhínigh trí úsáid a bhaint as an trealamh sin. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid gur léiríodh caillteanais réasúnta ard gabhála tráchtála i staidéir maidir le feabhas a chur ar roghnaíocht (41). Ar an gcúis sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(46)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine de minimis maidir le láimhínigh a ghabhtar le heangacha geolbhaigh i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid gur cosúil nach féidir roghnaíocht na líonta éighníomhacha le haghaidh láimhíneach a fheabhsú mar gheall ar mhoirfeolaíocht an speicis agus go bhfuil na costais a bhaineann le láimhseáil na méideanna an-bheag láimhíneach suntasach (42). Ar na cúiseanna sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(47)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine de minimis maidir le faoitíní a ghabhtar le heangacha geolbhaigh i bhfolimistéar 8 ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid, cé go bhfuil an fhaisnéis nua a soláthraíodh chun tacú leis an díolúine teoranta, go raibh na measúnuithe a rinneadh roimhe seo fós ábhartha. Thairis sin, sna measúnuithe a rinne sé roimhe seo (43), tháinig CETEI ar an gconclúid go bhfuil sé deacair feabhsuithe ar an roghnaíocht a bhaint amach in iascaigh eangacha geolbhaigh. Ar na cúiseanna sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(48)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine de minimis maidir le hainseabhaithe a ghabhtar le tráil bhíoma, le tráil ghrinnill agus le saighní i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid go dtugtar le tuiscint leis na sonraí gabhála go bhfuil leibhéal na ngabhálacha de thaisme sna hiascaigh lena mbaineann íseal agus gur dócha go mbeidh tionchar íseal ag an díolúine (44). Ar na cúiseanna sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(49)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 dhá dhíolúine de minimis maidir le deargáin a ghabhtar le tráil bhíoma, le tráil ghrinnill agus le saighní i gcuid Mhurascaill Cádiz de roinn 9a ICES; agus maidir le sóil a ghabhtar le tráil bhíoma, le tráil ghrinnill agus le saighní i gcuid Mhurascaill Cádiz de roinn 9a ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí de na díolúintí sin. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid, cé go bhfuil an fhaisnéis a soláthraíodh chun tacú leis an díolúine teoranta, go raibh na measúnuithe a rinneadh roimhe seo fós ábhartha. Thairis sin, sna measúnuithe sin roimhe seo (45), chuir CETEI in iúl gur léirigh an anailís a rinneadh ar chostais dhíréireacha go mbeadh méadú ar an am láimhseála agus sórtála ar bord ag brath ar mhéid na soithí, dá mba rud é nach ndeonófaí na díolúintí. Ar na cúiseanna sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart na díolúintí a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(50)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 díolúine de minimis maidir le faoitíní gorma a ghabhtar le tráil mheánuisce agus tráil mheánuisce dhá bhád i bhfolimistéar 8 ICES. D’iarr na Ballstáit go leanfaí den díolúine. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid, cé go bhfuil an fhaisnéis nua a soláthraíodh chun tacú leis an díolúine teoranta, gur cosúil go bhfuil tionchar íseal ag an díolúine sin. Thairis sin, leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil chun tacú leis an dearbhú go bhfuil na costais a bhaineann le gabhálacha de thaisme ar bord a láimhseáil díréireach, tugtar údar réasúnta leis an díolúine sin (46). Ar na cúiseanna sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an díolúine a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(51)

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 dhá dhíolúine de minimis maidir le hainseabhaithe agus bolmáin a ghabhtar le tráil pheiligeacha i bhfolimistéar 8 ICES; agus maidir le bolmáin a ghabhtar le peaslíon saighne i bhfolimistéir 8, 9 agus 10 ICES agus i ranna 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2.0 CECAF. D’iarr na Ballstáit go leanfaí de na díolúintí sin. Rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar chuid den mholadh comhpháirteach tosaigh agus tháinig sé ar an gconclúid, cé go bhfuil an fhaisnéis a cuireadh isteach teoranta, go léiríonn sí go bhfuil sé an-deacair roghnaíocht a mhéadú gan an táirgeacht a laghdú (47). Ar an gcúis sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (9) agus (10) thuas, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart na díolúintí a iarradh a dheonú ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(52)

Tá na bearta sna moltaí comhpháirteacha a tugadh cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 15(4), Airteagal 15(5)(c) agus Airteagal 18(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus le Rialachán (AE) 2019/472, go háirithe Airteagal 13 de, agus dá bhrí sin féadfar iad a áireamh sa Rialachán seo.

(53)

Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta ag soithí an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leo, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe.

(54)

Ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2024,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

Ciallaíonn ‘painéal Pléimeannach’ an chuid eangaí barrchaolaithe deiridh de thrál bíoma lena ngabhann na nithe seo a leanas:

tá an cúl ceangailte go díreach leis an soc-fhoirceann;

déantar na codanna eangaí uachtair agus íochtair as 120 mm mogaill ar a laghad arna thomhas idir na snaidhmeanna; agus

tá sé 3 m ar a laghad ar fhad sínte.

2.

Ciallaíonn ‘painéal Seltra’ gaireas roghnaíochta lena ngabhann na nithe seo a leanas:

tá barrphainéal ag a bhfuil mogallmhéid 270 mm ar a laghad aige (mogall muileatach) nó barrphainéal ag a bhfuil mogallmhéid 300 mm ar a laghad aige (mogall cearnógach), agus cuirtear é i roinn bosca ceithre phainéal, sa chuid dhíreach de shoc-fhoirceann;

tá sé 3 mhéadar ar a laghad ar fhad;

tá sé suite laistigh de 4 mhéadar ar a mhéad ón soc-fhoirceann; agus

clúdaíonn sé leithead iomlán leathán uachtarach roinn bosca an tráil (i.e. ó dhlúthchiumhais go dlúthchiumhais).

3.

Ciallaíonn ‘gaireas líonghreille roghnaíochta’ gaireas roghnaíochta ag a bhfuil roinn ceithre phainéal arna cur isteach i dtrál dhá phainéal ag a bhfuil leathán claonta de líontán mogaill muileatach ag a bhfuil mogallmhéid 200 mm ar a laghad, rud a fhágann go bhfuil poll éalaithe ar bharr an tráil;

4.

Ciallaíonn ‘líonghreille CEFAS’ gaireas roghnaíochta Líonghreille arna fhorbairt ag an Lárionad Comhshaoil, Iascaigh agus Eolaíochta Dobharshaothraithe le haghaidh gabhálacha chloicheán Bhá Bhaile Átha Cliath i Muir Éireann;

5.

Ciallaíonn ‘trál flapa’ trál atá feistithe le greille líontáin arna forbairt chun gabháil trosc, cadóg agus faoitíní in iascaigh ghliomach na hIorua a laghdú;

6.

Ciallaíonn ‘téad frithchloch’ modhnú trealaimh ar thráil bhíoma ghrinnill chun cuidiú le cosc a chur ar chlocha agus bolláin dul isteach sa trál agus damáiste a dhéanamh do threalamh agus do ghabhálacha araon;

7.

Ciallaíonn ‘painéal scaoilte beantóis’ painéal de mhogall mór nó painéal d’eangach mogaill chearnógaigh atá feistithe ar an bpainéal íochtair de thrál, trál bíoma de ghnáth, chun aon ábhar beantach agus smionagar ar ghrinneall na farraige a scaoileadh saor sula dtéann sé isteach sa soc-fhoirceann;

8.

Ciallaíonn ‘Crios Cosanta na Mara Ceiltí’ na huiscí laistigh de ranna 7f, 7g ICES agus an chuid de 7j atá lastuaidh de dhomhanleithead 50°T agus lastoir de 11°I.

9.

Ciallaíonn ‘Voracera’ líne duáin meicnithe a dheartar agus a dhéantar go háitiúil, a úsáideann an cabhlach ar mionscála a dhíríonn ar dheargáin i nDeisceart na Spáinne i roinn 9a ICES.

Airteagal 2

An oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme

In Uiscí an Iarthuaiscirt (folimistéir 5 ICES (seachas roinn 5a agus uiscí an Aontais amháin i roinn 5b), 6 agus 7) agus Uiscí an Iardheiscirt (folimistéir 8, 9 agus 10 ICES (na huiscí timpeall ar na hAsóir), agus criosanna 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2.0 CECAF (uiscí timpeall ar Mhaidéara agus ar na hOileáin Chanáracha), beidh feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá bhforáiltear in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 in iascaigh ghrinnill agus pheiligeacha i gcomhréir leis an Rialachán sin le haghaidh na tréimhse 2024–2027.

CAIBIDIL II

DÍOLÚINTÍ INMHARTHANACHTA IN UISCÍ AN IARTHUAISCIRT

Airteagal 3

Díolúine inmharthanachta maidir le gliomach na hIorua

1.   Beidh feidhm ag an díolúine inmharthanachta dá bhforáiltear in Airteagal 15(4), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leo seo a leanas:

(a)

Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) a ghabhtar i bpotaí, i ngaistí nó i gcléibh (cóid trealaimh (48): FPO, FIX agus FYK), i bhfolimistéir 6 agus 7 ICES;

(b)

Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) a ghabhtar le tráil ghrinnill (OTT, OTB, TBS, TBN, TB, PTB, OT, PT, TX) ag a bhfuil mogallmhéid 100 mm nó níos mó i bhfolimistéar 7 ICES;

(c)

Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) a ghabhtar i bhfolimistéar 7 ICES, le tráil ghrinnill (OTT, OTB, TBS, TBN, TB, PTB, OT, PT, TX) ag a bhfuil mogallmhéid idir 70 agus 99 mm i gcomhcheangal le roghanna trealaimh ardroghnaíoch, mar a leagtar amach i míreanna 2 agus 3;

(d)

Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) a ghabhtar le tráil dobharchú (OTT, OTB, TBS, TBN, TB, PTB, OT, PT, TX) ag a bhfuil mogallmhéid idir 80 mm agus 110 mm i roinn 6a ICES laistigh de dhá mhuirmhíle dhéag ón gcósta.

2.   Beidh feidhm ag an díolúine sin i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 .

3.   I gcás ina n-aischuirtear gliomaigh na hIorua a ghabhtar sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, scaoilfear saor gliomach na hIorua ina iomláine, láithreach agus sna áit ina ngabhtar é.

Airteagal 4

Díolúine inmharthanachta maidir leis an sól coiteann

1.   Beidh feidhm ag an díolúine inmharthanachta dá bhforáiltear in Airteagal 15(4)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le gabhálacha sól coiteann (Solea solea) atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe laistigh de shé mhuirmhíle ón gcósta ach lasmuigh d’iasclanna a sainaithníodh:

(a)

i roinn 7d ICES, a ghabhtar le trealamh tráil dobharchú (OTT, OTB, TBS, TBN, TB, PTB, OT, PT, TX) ag a bhfuil mogallmhéid soc-fhoircinn 80 go 99 mm, agus

a bhfuil fad uasta 10 méadar agus cumhacht innill uasta 221 kW iontu; agus

a dhéanann iascaireacht in uiscí a bhfuil doimhneacht 30 méadar nó níos lú iontu agus ar lú ná 90 nóiméad a n-aga tarraingthe.

(b)

i roinn 7e ICES, a ghabhtar le trealamh tráil dobharchú (OTB) ag a bhfuil mogallmhéid soc-fhoircinn 80 go 99 mm, ag soithí faoi bhun 12 mhéadar.

2.   I gcás ina n-aischuirtear sóil choiteanna a ghabhtar sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, scaoilfear saor an sól coiteann láithreach.

Airteagal 5

Díolúine inmharthanachta maidir le sciataí agus roic

1.   An díolúine inmharthanachta dá bhforáiltear in Airteagal 15(4), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, beidh feidhm aici maidir le scátaí agus roic (Rajiformes) a ghabhtar le haon trealamh iascaireachta in Uiscí an Iarthuaiscirt (folimistéir 6 agus 7 ICES).

2.   Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu meitea-anailís ar mharthanas arb é is aidhm di measúnú a dhéanamh ar thionchar na díolúine a chur isteach faoin 1 Bealtaine 2027. Déanfaidh an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (‘CETEI’) measúnú ar an bhfaisnéis a sholáthraítear faoin 31 Iúil 2027.

3.   I gcás ina n-aischuirtear sciataí agus roic a ghabhtar sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, scaoilfear saor na sciataí agus na roic láithreach.

Airteagal 6

Díolúine inmharthanachta maidir leis an leathóg

1.   Beidh feidhm ag an díolúine inmharthanachta dá bhforáiltear in Airteagal 15(4), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le leathóga (Pleuronectes platessa) a ghabhtar sna háiteanna seo a leanas:

(a)

Ranna 7d go 7g ICES le traimlí (GTR, GTN, GEN, GN);

(b)

Ranna 7d go 7g ICES le tráil dobharchú (OTT, OTB, TBS, TBN, TB, PTB, OT, PT, TX);

(c)

Ranna 7a go 7g ICES ag soithí ag a bhfuil inneall uasta níos mó ná 221 kW, agus a úsáideann tráil bhíoma (TBB) a bhfuil téad frithchloch nó painéal scaoilte beantóis feistithe orthu;

(d)

Ranna 7a go 7g ICES ag soithí a úsáideann tráil bhíoma (TBB), ag a bhfuil uaschumhacht innill 221 kW nó 24 mhéadar ar fad uasta, a thógtar chun iascaireacht a dhéanamh laistigh de 12 mhuirmhíle ón gcósta agus ar lú ná 90 nóiméad a meán-agaí tarraingthe;

(e)

Roinn 7d ICES le saighní Danmhargacha (cód trealaimh: SDN);

(f)

Roinn 7d go 7k ICES le saighní (SSC).

2.   I gcás ina n-aischuirtear leathóga a ghabhtar sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, scaoilfear saor an leathóg láithreach.

Airteagal 7

Díolúine inmharthanachta maidir le speicis a ghabhtar le potaí, gaistí agus cléibh

1.   Beidh feidhm ag an díolúine inmharthanachta dá bhforáiltear in Airteagal 15(4), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le speicis a ghabhtar le potaí, gaistí agus cléibh (FPO, FIX, FYK) i bhfolimistéir 5 ICES (seachas folimistéar 5a agus lena n-áirítear uiscí an Aontais i bhfolimistéar 5b), 6 agus 7.

2.   I gcás ina n-aischuirtear iasc a ghabhtar sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, scaoilfear saor an t-iasc láithreach.

Airteagal 8

Díolúine inmharthanachta maidir le speicis pheiligeacha

1.   An díolúine inmharthanachta dá bhforáiltear in Airteagal 15(4), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, beidh feidhm aici maidir le gabhálacha ronnach (Scomber scombrus) agus gabhálacha scadán (Clupea harengus) a ghabhtar sna hiascaigh peaslíonta saighne i bhfolimistéar 6 ICES, má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

scaoilfear saor an ghabháil sula ndúntar an céatadán áirithe den pheaslíon saighne a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 (pointe aisghabhála);

(b)

tá an trealamh peaslín saighne feistithe le baoithe infheicthe lena marcáltar go soiléir an teorainn atá leis an bpointe aisghabhála;

(c)

tá an soitheach agus an trealamh peaslín saighne feistithe le córas leictreonach lena ndéantar taifead agus doiciméadú maidir leis an uair a rinneadh an peaslíon saighne a tharraing le haghaidh na n-oibríochtaí iascaireachta uile, áit a ndearnadh é agus a mhéid a rinneadh é.

2.   Dúnadh 80 % den pheaslíon saighne a bheidh sa phointe aisghabhála in iascaigh ronnach agus dúnadh 90 % den pheaslíon saighne in iascaigh scadán.

3.   Más rud é go bhfuil meascán den dá speiceas i scoil timpeallaithe na n-iasc, dúnadh 80 % den pheaslíon saighne a bheidh sa phointe aisghabhála.

4.   Beidh toirmeasc ar ghabhálacha ronnach agus scadán a scaoileadh saor tar éis an phointe aisghabhála.

5.   Déanfar scoil timpeallaithe na n-iasc a shampláil sula scaoilfear í chun meastachán a dhéanamh ar chomhdhéanamh na speiceas, comhdhéanamh mhéid na n-iasc agus ar an gcainníocht.

6.   Beidh feidhm ag an díolúine inmharthanachta dá bhforáiltear in Airteagal 15(4), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le gabhálacha ronnach agus scadán san iascach eangaí fáinne a dhíríonn ar speicis pheiligeacha nach bhfuil faoi réir cuótaí i ranna 7e agus 7f ICES, má chomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo agus in Airteagal 15 den Rialachán seo.

CAIBIDIL III

DÍOLÚINTÍ INMHARTHANACHTA IN UISCÍ AN IARDHEISCIRT

Airteagal 9

Díolúine inmharthanachta maidir le gliomach na hIorua

1.   Beidh feidhm ag an díolúine inmharthanachta dá bhforáiltear in Airteagal 15(4), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) a ghabhtar i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES le tráil ghrinnill a bhfuil córas siúite feistithe ar bord acu (OTB, OTT, PTB, TBN, TBS, TB, TBB, OT, PT agus TX).

2.   I gcás ina n-aischuirtear gliomaigh na hIorua a ghabhtar sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, scaoilfear saor gliomach na hIorua láithreach agus sna áit ina ngabhtar é.

Airteagal 10

Díolúine inmharthanachta maidir le sciataí agus roic

1.   Beidh feidhm ag an díolúine inmharthanachta dá bhforáiltear in Airteagal 15(4), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le sciataí agus roic (Rajiformes), seachas roic na súl dubh, a ghabhtar le gach cineál trealaimh i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES.

2.   I gcás ina n-aischuirtear sciataí agus roic sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, scaoilfear saor na sciataí agus na roic láithreach.

Airteagal 11

Díolúine inmharthanachta maidir leis an deargán

1.   Beidh feidhm ag an díolúine inmharthanachta dá bhforáiltear in Airteagal 15(4), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le deargán (Pagellus bogaraveo) a ghabhtar leis an trealamh ceardaíochta voracera i roinn 9a ICES agus maidir le deargáin (Pagellus bogaraveo) a ghabhtar le duáin agus doruithe (LHP, LHM, LLS, LLD) i bhfolimistéir 8 agus 10 ICES agus i roinn 9a.

2.   I gcás ina n-aischuirtear deargáin a ghabhtar sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, scaoilfear saor an deargán láithreach.

Airteagal 12

Díolúine inmharthanachta maidir leis an ainseabhaí, leis an mbolmán agus leis an ronnach

Beidh feidhm ag an díolúine inmharthanachta dá bhforáiltear in Airteagal 15(4), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le gabhálacha ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus), bolmán (Trachurus spp) agus ronnach (Scomber scombrus) in iascaigh peaslín saighne (PS), ar choinníoll nach dtógtar an eangach ar bord go hiomlán.

CAIBIDIL IV

DÍOLÚINTÍ DE MINIMIS IN UISCÍ AN IARTHUAISCIRT

Airteagal 13

Díolúintí de minimisin Uiscí an Iarthuaiscirt

De mhaolú ar Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, féadfar na cainníochtaí seo a leanas a aischur in Uiscí an Iarthuaiscirt de bhun Airteagal 15(5), pointe (c) den Rialachán sin, faoi réir míreanna 2 go 7 den Rialachán sin:

(1)

maidir leis an bhfaoitín (Merlangius merlangus), suas le huasmhéid 3 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill agus saighní a bhfuil mogallmhéid acu atá cothrom le nó níos mó ná 80 mm (OTB, OTT, OT, PTB, PT, SSC, SDN, SPR, SX, SV, TBN, TBS, TB, TX), tráil pheiligeacha (OTM, PTM) agus tráil bhíoma (BT2) a bhfuil mogallmhéid 80 go 119 mm acu i ranna 7d agus 7e ICES;

(2)

maidir leis an sól coiteann (Solea solea), suas le huasmhéid 3 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann traimil agus eangacha geolbhaigh (GN, GNS, GND, GNC, GTN, GTR, GEN, GNF) chun sól coiteann a ghabháil i ranna 7d go 7g ICES;

(3)

maidir leis an sól coiteann (Solea solea), suas le huasmhéid 3 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil bhíoma (TBB) ag a bhfuil mogallmhéid 80 go 119 mm, atá feistithe le painéal Pléimeannach, chun sól coiteann a ghabháil i ranna 7d go 7h, 7j agus 7k ICES;

(4)

maidir le cadóg (Melanogrammus aeglefinus), suas le huasmhéid 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin a ghabhtar i ranna 7b, 7c agus 7e go 7k ICES:

(a)

ag soithí a úsáideann mogallmhéid 100 mm nó níos mó do gach trál grinnill, saighní (OTB, OTT, OT, PTB, PT, SSC, SDN SPR, SX, SV, TBN, TBS, TB, TX) nach mó ná 30 % dá ngabhálacha gliomach na hIorua agus gan tráil bhíoma a chur san áireamh,

(b)

ag soithí a úsáideann mogallmhéid 80 mm nó níos mó agus ar Gliomaigh na hIorua níos mó ná 30 % dá ngabhálacha,

(c)

ag soithí a úsáideann tráil bhíoma a úsáideann mogallmhéideanna 80 mm nó níos mó i gcomhar le húsáid painéil Phléimeannaigh;

Beidh feidhm ag an díolúine sin ar choinníoll go bhfuil feidhm ag na forálacha a leagtar síos i bpointe 1.3.2 de Chuid B d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241.

(5)

maidir le torciasc (Caproidae), suas le huasmhéid 0,5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin maidir le gach trealamh sna limistéir sin, a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill (OTT, OTB, TBS, TBN, TB, PTB) i ranna 7b, 7c agus 7f go 7k de ICES;

(6)

maidir le scoilteán (Lepidorhombus spp.) atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe, suas le huasmhéid 4 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil bhíoma (TBB) ag a bhfuil mogallmhéid 80 go 119 mm (BT2) i bhfolimistéar 7 ICES; agus a úsáideann tráil ghrinnill (OTT, OTB, TBS, TBN, TB, PTB, OT, PT, TX) faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)

i ranna 7f, 7g, an chuid de roinn 7h lastuaidh de dhomhanleithead 49° 30′ Tuaisceart agus an chuid de roinn 7j lastuaidh de dhomhanleithead 49° 30′ Tuaisceart agus lastoir de dhomhanfhad 11° Iarthar de ICES, le haghaidh soithí TR2 ar faoitíní iad níos mó ná 55 % dá ngabhálacha nó ar láimhínigh, colmóirí nó scoilteáin le chéile iad níos mó ná 55 % dá ngabhálacha;

(b)

i bhfolimistéar 7 ICES, lasmuigh den limistéar thuasluaite, le haghaidh soithí TR2.

(7)

maidir leis an sól coiteann (Solea solea), suas le huasmhéid 3 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil bhíoma ag a bhfuil mogallmhéid 80 go 119 mm (BT2) le roghnaíocht mheádaithe (painéal Pléimeannach) i ranna 7a ICES;

(8)

maidir leis an airgintín mór (Argentina silus), suas le 0,6 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ó gach trealamh sna limistéir sin, a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill (OTT, OTB, TBS, TBN, TB, PTB, OT, PT, TX) ag a bhfuil mogallmhéid 100 mm nó níos mó (TR1) i roinn 5b ICES (uiscí an Aontais) agus i bhfolimistéar 6;

(9)

maidir leis an mbolmán (Trachurus spp.), suas le huasmhéid 3 % de na foghabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin, a ghabhtar in iascaigh mheasctha ghrinnill, ag soithí a úsáideann tráil ghrinnill, saighní agus tráil bhíoma (OTB, OTT, OT, PTB, PT, SSC, SDN, SPR, SX, SV, TBB, TBN, TBS, TB, TX) i bhfolimistéar 6 ICES agus ranna 7b go 7k;

(10)

maidir leis an ronnach (Scomber scombrus), suas le huasmhéid 3 % de na foghabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin, a ghabhtar in iascaigh mheasctha ghrinnill, ag soithí a úsáideann tráil ghrinnill, saighní agus tráil bhíoma (OTB, OTT, OT, PTB, PT, SSC, SDN, SPR, SX, SV, TBB, TBN, TBS, TB, TX) i bhfolimistéar 6 ICES agus ranna 7b go 7k;

(11)

maidir leis an bhfaoitín gorm (Micromesistius poutassou), suas le huasmhéid 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin san iascach ina bhfuil trálaer peiligeach tionsclaíoch a dhíríonn ar an speiceas sin i bhfolimistéir 6 agus 7 ICES agus i roinn 5b, agus an speiceas sin a phróiseáil ar bord chun bonn suiréime a dhéanamh;

(12)

maidir leis an ronnach (Scomber scombrus), leis an mbolmán (Trachurus spp.) agus leis an bhfaoitín (Merlangius merlangus), suas le husamhéid 1 % de na gabhálacha bliantúla iomlána san iascach peiligeach ina bhfuil trálaeir pheiligeacha suas le 25 mhéadar ar fad san iomlán, a úsáideann trál meánuisce (OTM agus PTM), agus a dhíríonn ar ronnach, bolmán agus scadán i roinn 7d ICES.

CAIBIDIL V

DÍOLÚINTÍ DE MINIMIS IN UISCÍ AN IARDHEISCIRT

Airteagal 14

Díolúintí de minimis in Uiscí an Iardheiscirt

De mhaolú ar Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, féadfar na cainníochtaí seo a leanas a aischur in Uiscí an Iardheiscirt de bhun Airteagal 15(5), pointe (c) den Rialachán sin:

(1)

maidir leis an gcolmóir (Merluccius merluccius), suas le huasmhéid 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ag soithí a úsáideann tráil agus saighní (OTM, PTM, OTT, OTB, PTB, OT, PT, TBN, TBS, TX, SSC, SPR, TB, SDN, SX, SV) i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES;

(2)

maidir leis an sól coiteann (Solea solea), suas le huasmhéid 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ag soithí a úsáideann tráil pheiligeacha, tráil bhíoma agus tráil ghrinnill (OTM, PTM, OTB, OTT, PTB, TBN, TBS, TBB, OT, PT, TX) i ranna 8a agus 8b ICES;

(3)

maidir leis an sól coiteann (Solea solea), suas le huasmhéid 3 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ag soithí a úsáideann traimlí agus eangacha geolbhaigh (GNS, GN, GND, GNC, GTN, GTR, GEN) i ranna 8a agus 8b ICES;

(4)

maidir le halfainsíní (Beryx spp.), suas le huasmhéid 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ag soithí a úsáideann duáin agus doruithe (LHP, LHM, LLS, LLD) i bhfolimistéar 10 ICES;

(5)

maidir leis an mbolmán (Trachurus spp.), suas le huasmhéid 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána de ghabhálacha bolmán ag soithí a úsáideann tráil bhíoma, tráil ghrinnill agus saighní (OTB, OTT, PTB, TBN, TBS, TBB, OT, PT, TX, SSC, SPR, SDN, SX, SV) i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES;

(6)

maidir leis an mbolmán (Trachurus spp.), suas le huasmhéid 3 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ag soithí a úsáideann eangacha geolbhaigh (GNS, GND, GNC, GTR, GTN) i bhfolimistéir 8, 9 agus 10 ICES agus limistéir 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2.0 CECAF;

(7)

maidir leis an ronnach (Scomber scombrus), suas le huasmhéid 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ag soithí a úsáideann tráil bhíoma, tráil ghrinnill agus saighní (OTB, OTT, PTB, TBN, TBS, TBB, OT, PT, TX, SSC, SPR, SDN, SX, SV) i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES;

(8)

maidir leis an ronnach (Scomber scombrus), suas le huasmhéid 3 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ag soithí a úsáideann eangacha geolbhaigh (GNS, GND, GNC, GTR, GTN) i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES agus limistéir 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2.0 CECAF;

(9)

maidir leis an scoilteán (Lepidorhombus spp.), suas le huasmhéid 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána de scoilteáin ag soithí a úsáideann tráil bhíoma, tráil ghrinnill agus saighní (OTB, OTT, PTB, TBN, TBS, TBB, OT, PT, TX, SSC, SPR, SDN, SX, SV) i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES;

(10)

maidir leis an scoilteán (Lepidorhombus spp.), suas le huasmhéid 4 % de na gabhálacha bliantúla iomlána de na speicis sin ag soithí a úsáideann eangacha geolbhaigh (GNS, GND, GNC, GTR, GTN) i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES;

(11)

maidir leis an láimhíneach (Lophiidae), suas le huasmhéid 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ag soithí a úsáideann tráil bhíoma, tráil ghrinnill agus saighní (OTB, OTT, PTB, TBN, TBS, TBB, OT, PT, TX, SSC, SPR, SDN, SX, SV) i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES;

(12)

maidir leis an láimhíneach (Lophiidae), suas le huasmhéid 4 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ag soithí a úsáideann eangacha geolbhaigh (GNS, GND, GNC, GTR, GTN) i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES;

(13)

maidir leis an bhfaoitín (Merlangius merlangus), suas le huasmhéid 4 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ag soithí a úsáideann eangacha geolbhaigh (GNS, GND, GNC, GTR, GTN) i bhfolimistéar 8 ICES;

(14)

maidir leis an ainseabhaí (Engraulis encrasicolus), suas le huasmhéid 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ag soithí a úsáideann tráil bhíoma, tráil ghrinnill agus saighní (OTT, OTB, PTB, OT, PT, TBN, TBS, TX, SSC, SPR, TB, TBB, SDN, SX, SV) i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES;

(15)

maidir leis an deargán (Pagellus bogaraveo), suas le huasmhéid 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ag soithí a úsáideann tráil bhíoma, tráil ghrinnill agus saighní (OTT, OTB, PTB, OT, PT, TBN, TBS, TX, SSC, SPR, TB, TBB, SDN, SX, SV) i gcuid Mhurascaill Cádiz d’fholimistéar 9a ICES;

(16)

maidir leis an sól (Solea spp.), suas le huasmhéid 1 % de na gabhálacha bliantúla iomlána de na speicis sin ag soithí a úsáideann tráil bhíoma, tráil ghrinnill agus saighní (OTT, OTB, PTB, OT, PT, TBN, TBS, TX, SSC, SPR, TB, TBB, SDN, SX, SV) i gcuid Mhurascaill Cádiz d’fholimistéar 9a ICES.

(17)

maidir leis an bhfaoitín gorm (Micromesistius poutassou), suas le huasmhéid 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin san iascach ina bhfuil trálaer peiligeach tionsclaíoch a dhíríonn ar fhaoitíní gorma i bhfolimistéar 8 ICES agus a úsáideann tráil mheánuisce (OTM) agus tráil láruisce dhá bhád (PTM) agus a phróiseálann an speiceas sin ar bord chun bonn suiréime a dhéanamh;

(18)

maidir leis an ainseabhaí (Engraulis encrasicolus), leis an ronnach (Scomber scombrus) agus leis an mbolmán (Trachurus spp.) suas le huasmhéid 4 % de na gabhálacha bliantúla iomlána de na speicis sin san iascach ina bhfuil trálaer peiligeach a dhíríonn ar na speicis sin i bhfolimistéar 8 ICES agus a úsáideann tráil pheiligeacha;

(19)

maidir leis an mbolmán (Trachurus spp.) agus leis an ronnach (Scomber scombrus), suas le huasmhéid 4 % de na gabhálacha bliantúla iomlána agus maidir leis an ainseabhaí (Engraulis encrasicolus) suas le huasmhéid 1 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin a úsáideann peaslíonta saighne (PS) i bhfolimistéir 8, 9 agus 10 ICES agus ranna 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2.0 CECAF.

CAIBIDIL VI

GABHÁLACHA A DHOICIMÉADÚ

Airteagal 15

Gabhálacha le haghaidh cabhlach peiligeach a dhoiciméadú

Déanfar cainníochtaí éisc a scaoileadh faoin díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 8 agus torthaí na samplála a cheanglaítear faoi Airteagal 8(5) a thuairisciú sa logleabhar dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (49).

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA DEIRIDH

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Lúnasa 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 83, 25.3.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle, IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.

(3)   Commission Delegated Regulation (EU) 2020/2015 of 21 August 2020 specifying details of the implementation of the landing obligation for certain fisheries in Western Waters for the period 2021- 2023 [Níl leagan Gaeilge ann] (IO L 415, 10.12.2020, lch. 22).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2063 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2021 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 lena sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascaigh áirithe in Uiscí an Iarthair le haghaidh na tréimhse 2021-2023, IO L 421, 26.11.2021, lch. 6.

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2290 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 a mhéid a bhaineann le díolúintí áirithe ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír in Uiscí an Iarthair le haghaidh 2023, IO L 303, 23.11.2022, lch. 12.

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/828 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2023 lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 a mhéid a bhaineann leis an díolúine inmharthanachta maidir le gabhálacha sól coiteann a dhéanann soithí atá níos lú ná 12 mhéadar ar fad agus a úsáideann tráil ghrinnill dobharchú, in uiscí an Iarthair, roinn 7e ICES, le haghaidh 2023, IO L 104, 19.4.2023, lch. 23.

(7)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(8)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(9)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(10)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(11)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(12)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(13)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(14)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(15)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(16)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(17)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(18)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(19)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(20)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(21)  Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus le héiceachórais mhara a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle, IO L 198, 25.7.2019, lch. 105.

(22)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/26710926/STECF+22-05+-+Eval+JRs+Lo+and+TM.pdf/fedda422-cdab-4d25-a259-ea2d9dde3af9

(23)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(24)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/26710926/STECF+22-05+-+Eval+JRs+Lo+and+TM.pdf/fedda422-cdab-4d25-a259-ea2d9dde3af9

(25)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(26)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/26710926/STECF+22-05+-+Eval+JRs+Lo+and+TM.pdf/fedda422-cdab-4d25-a259-ea2d9dde3af9

(27)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(28)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/812327/STECF+PLEN+14-02.pdf

(29)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(30)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(31)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(32)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(33)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(34)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(35)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2124128/STECF+18-06+-+Evaluation+of+LO+joint+recommendations.pdf/7abb0ef7-934a-4f9d-992a-3e4b13bb35a7

(36)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(37)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2694823/STECF+20-04+-+Eval+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf/6176f9ad-0855-4985-b7de-64685862b6cb

(38)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(39)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(40)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(41)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(42)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(43)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2694823/STECF+20-04+-+Eval+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf/6176f9ad-0855-4985-b7de-64685862b6cb

(44)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(45)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2694823/STECF+20-04+-+Eval+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf/6176f9ad-0855-4985-b7de-64685862b6cb

(46)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(47)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/61703874/STECF+23-0406+-+Ev+JRs+LO.pdf/5cf75911-6a7f-4aa5-be7d-3f371440b2bd

(48)  Is iad na cóid trealaimh a úsáidtear sa Rialachán seo na cóid trealaimh sin in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 an 4 Aibreán 2011 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú (IO L 112, 30.4.2011, lch. 1). I gcás na soithí ar lú a bhfad iomlán ná 10 méadar, is iad na cóid trealaimh a úsáidtear sa tábla seo na cóid sin ó aicmiú trealaimh Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe.

(49)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2623/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)