|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2612 |
24.11.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2612 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Samhain 2023
lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch óna n-údaraítear coinsíneachtaí de chrúbacha áirithe agus d’fheoil úr uathu a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos, inter alia, na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus tá feidhm aige ón 21 Aibreán 2021. Ceann de na ceanglais sláinte ainmhithe sin is ea gur gá na coinsíneachtaí sin a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le coinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha, nó ó chriosanna nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 foráiltear nach gceadófar coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha ná de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoina raon feidhme a theacht isteach san Aontas ach amháin más ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch a thagann siad, a liostaítear le haghaidh an speicis agus na gcatagóirí áirithe sin d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch, i gcomhréir leis na ceanglais sláinte ainmhithe a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) bunaítear na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear na speicis agus catagóirí sin d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe sin. |
|
(4) |
In Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach faoi seach an liosta de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch óna n-údaraítear coinsíneachtaí de chrúbacha, seachas each-ainmhithe, agus de chrúbacha atá sé beartaithe a choinneáil i mbunaíochtaí teoranta, agus coinníollacha sonracha maidir leis na crúbacha sin a theacht isteach san Aontas. Le hAirteagal 21(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, arna thabhairt isteach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/119 ón gCoimisiún (4), déantar foráil maidir le maolú ar Airteagal 21(1), pointe (b), de, agus ceadaítear crúbacha, seachas each-ainmhithe, a shainaithnítear le modh fisiciúil sainaitheanta ina dtaispeántar cód na tíre is onnmhaireoir atá éagsúil ón gcód atá i gcomhréir le Caighdeán ISO 3166 a theacht isteach san Aontas, ar bhonn iarrata ó thríú tír nó críoch ar an gCoimisiún agus faoi réir chomhaontú an Choimisiúin. Dá bhrí sin, ba cheart coinníoll sonrach ‘ID’ a fhreagraíonn don mhaolú sin a chur isteach sna táblaí i gCuid 3 d’Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404. |
|
(5) |
Ina theannta sin, chuir an Ríocht Aontaithe iarraidh chuí-réasúnaithe faoi bhráid an Choimisiún go liostófaí í maidir le bó-ainmhithe, ainmhithe den chineál caorach agus ainmhithe den chineál gabhair de thionscnamh na tríú tíre sin agus a Spleáchríoch Corónach Oileán Mhanann, Geansaí agus Geirsí a theacht isteach san Aontas leis an gcoinníoll sonrach ‘ID’. Dá bhrí sin, sna hiontrálacha le haghaidh criosanna GB-1 agus GB-2 sa Ríocht Aontaithe, agus a Spleáchríoch Corónach Geansaí, Oileán Mhanann agus Geirsí, ba cheart colún 6 den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun an coinníoll sonrach sin a áireamh. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir. |
|
(7) |
Sa tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach an liosta de na tríú tíortha, na críocha nó na criosanna de thríú tír nó de chríoch óna n-údaraítear coinsíneachtaí d’fheoil úr ó chrúbaigh a theacht isteach san Aontas. agus áirítear ann colún 7 ina leagtar amach ‘dáta deiridh’ le haghaidh coinsíneachtaí agus colún 8 ina leagtar amach ‘dáta oscailte’ le haghaidh coinsíneachtaí. I gcolún 8 den tábla sin, san iontráil le haghaidh crios BW-4 sa Bhotsuáin, ar mhaithe le soiléireacht agus i bhfianaise an fhonóta (1) i gceannteideal cholún 7, ba cheart an dáta oscailte a luaitear i gcolún 8 a scriosadh. |
|
(8) |
Ina theannta sin, sa tábla i gCuid 2 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, ar bhonn na faisnéise a sholáthair an Bhotsuáin don Choimisiún, ba cheart criosanna rialaithe galar 18 agus 14 a scriosadh ó na tuairiscí ar chriosanna BW-1 agus BW-2 sa Bhotsuáin, faoi seach. Dá bhrí sin, ba cheart na táblaí i gCodanna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir. |
|
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II, III agus XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Samhain 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh a theacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/119 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le teacht isteach coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha áirithe agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis a dteacht isteach (IO L 16, 18.1.2023, lch. 5).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní II, III agus XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/404 mar seo a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinní II mar a leanas:
|
|
(2) |
in Iarscríbhinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid 3: ‘ Cuid 3 – coinníollacha sonracha dá dtagraítear i gcolún 4 den tábla a leagtar amach i gCuid 1
|
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn XIII mar a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2612/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)