European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2611

24.11.2023

MOLADH (AE) 2023/2611 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Samhain 2023

maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí na náisiúnach tríú tír

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá ganntanas oibrithe an Aontais ag cur srian suntasach ar a chumas dul in oiriúint do na claochluithe leanúnacha ó thaobh na hoibre, an táirgthe agus na cumarsáide de ar fud na ngeilleagar agus na margaí saothair.

(2)

Bíonn fostóirí ar fud an Aontais ag tuairisciú deacrachtaí i gcónaí maidir le hoibrithe a aimsiú a bhfuil na scileanna riachtanacha acu. Ina theannta sin, le daonra atá ag dul in aois, meastar go laghdófar an lucht saothair atá ar fáil agus go gcuirfear leis an nganntanas scileanna amach anseo. Déantar difear ar leith d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), is é sin 25 mhilliún eintiteas ar fud an Aontais, toisc go bhfuil siad ag streachailt chun teacht ar an tallann cheart is gá le haghaidh fás inbhuanaithe, inscálaitheachta agus iomaíochais.

(3)

Tá an ganntanas pearsanra oilte le brath thar na héiceachórais thionsclaíocha uile i roinnt mhaith Ballstát, agus tá méadú ag teacht ar líon na bhfolúntas post ardoilte, meánoilte agus ísealoilte. Tá ganntanas leanúnach roimh earnálacha amhail earnáil na foirgníochta, na monaraíochta, na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC), an iompair, na seirbhísí gairmiúla, an chúraim sláinte agus an chúraim fhadtéarmaigh. Ina theannta sin, tháinig dúbailt ar ghanntanais lucht saothair i bpríomhearnálacha atá ríthábhachtach don aistriú glas idir 2015 agus 2021. Is measa fós an staid sin toisc go mbíonn deacrachtaí ag gnólachtaí teacht ar fhostaithe a bhfuil scileanna digiteacha leordhóthanacha acu, agus go mbíonn deacrachtaí ar leith acu speisialtóirí TFC a earcú.

(4)

Is dúshlán suntasach iad ganntanais scileanna do mhianta an Aontais leanúint de bheith ina cheannaire domhanda iomaíoch agus ina mhol le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasacha, agus spriocanna uaillmhianacha aeráide agus fuinnimh a bhaint amach. Cuireann siad bac freisin ar chumas an Aontais leas a bhaint as acmhainneacht na n-aistrithe glasa agus digiteacha, a cheannaireacht theicneolaíoch a neartú, fás agus nuálaíocht a spreagadh, agus freagairt go héifeachtach d’éigeandálaí amhail paindéim COVID-19 nó coinbhleachtaí geopholaitiúla. Cuireann bearnaí scileanna in earnálacha sonracha amhail an cúram sláinte agus an cúram fadtéarmach teorainn leis an acmhainneacht chun aire a thabhairt don daonra atá ag dul in aois agus chun rochtain ar chúram sláinte ar ardchaighdeán a áirithiú do chách.

(5)

Chun aghaidh a thabhairt ar na ganntanais scileanna sin, tá gá le hinfheistíocht shuntasach san uas-sciliú agus san athsciliú, chomh maith le bearta chun borradh a chur faoi rannpháirtíocht daoine fásta atá in aois oibre sa mhargadh saothair, chun soghluaisteacht an lucht saothair a éascú, chun dálaí oibre a fheabhsú agus chun daoine aonair a bhfuil na scileanna riachtanacha acu a mhealladh chuig an Aontas.

(6)

Tá tacaíocht leanúnach tugtha ag an Aontas do ghníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna agus saothair tríd an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht a lucht saothair intíre. Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin tionscnaimh chun soghluaisteacht an lucht saothair a fheabhsú laistigh den mhargadh inmheánach, amhail líonraí comhair Eorpacha seirbhísí fostaíochta (EURES). Ina theannta sin, féachann sé le rátaí rannpháirtíochta na mban, daoine faoi mhíchumas agus daoine ar de chúlra imirceach iad sa mhargadh saothair a ardú. Cuirtear béim ar leith freisin ar rannpháirtíocht grúpaí faoi ghannionadaíocht, go háirithe an óige nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna. I gClár oibre scileanna don Eoraip 2020 (1), leagtar amach 12 ghníomhaíocht chun cabhrú le daoine aonair agus gnólachtaí scileanna a fhorbairt agus iad a chur á n-úsáid, lena n-áirítear moltaí ón gComhairle maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint (2), cuntais foghlama aonair (3), micridhintiúir (4) agus seoladh an Chomhshocraithe um Scileanna. Tacaíonn an Comhshocrú um Scileanna le comhoibriú idir eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha chun gníomhaíocht chomhchoiteann maidir le scileanna a neartú chun freastal ar riachtanais an mhargaidh saothair agus tacaíonn sé le comhpháirtíochtaí mórscála i bpríomhéiceachórais thionsclaíocha.

(7)

Oibríonn an tAontas i dtreo cur chuige cuimsitheach chun ganntanais lucht saothair a líonadh, go háirithe trína chur ar chumas daoine de gach glúin san Aontas a roghanna saoil agus a n-acmhainneacht sa gheilleagar agus sa tsochaí i gcoitinne a bhaint amach. Chuige sin, tá tacar cuimsitheach ionstraimí beartais de chuid an Aontais, go háirithe an Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘An t-athrú déimeagrafach san Eoraip: bosca uirlisí le haghaidh gníomhaíochta’, ar fáil do na Ballstáit d’fhonn réiteach níos fearr a dhéanamh idir uaillmhianta teaghlaigh agus obair íoctha, tacú leis na glúnta óga agus iad a chumhachtú chun go mbeidh rath orthu, chomh maith le glúnta níos sine a chumhachtú agus a leas a chothú.

(8)

Mar sin féin, ní le lucht saothair an Aontais amháin atáthar in ann freastal ar an éileamh ar oibrithe oilte. Chun go n-éireoidh le geilleagar an Aontais agus chun go mbeidh sé athléimneach, is gá é a dhéanamh níos tarraingtí do thallann dhomhanda. Ní mór imirce dhleathach bhainistithe cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bheith mar chuid den réiteach ar ghanntanais saothair atá roimh fhostóirí chun oibrithe a aimsiú ag a bhfuil na scileanna atá de dhíth orthu agus chun borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch.

(9)

Léiríonn sonraí ó shuirbhé an Aontais ar an bhfórsa saothair gur mó an seans go mbeidh náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil oideachas treasach rócháilithe dá bpost agus go mbeidh siad ag obair i ngairmeacha ísealoilte nó meánoilte i comparáid le saoránaigh an Aontais. In 2022, 39,4 % ab ea ráta ró-cháilíochta an Aontais i gcás daoine nach saoránaigh den Aontas iad, 31,8 % i gcás saoránaigh den Aontas ó Bhallstáit eile agus gan ach 21,1 % i gcás náisiúnaigh an Bhallstáit atá i gceist (5). D’fhéadfadh caillteanais eacnamaíocha do na daoine aonair lena mbaineann agus do gheilleagar an Aontais a bheith mar thoradh ar rócháiliú.

(10)

Cé go gcoinníonn na Ballstáit an ceart chun an líon daoine a thagann ó thríú tíortha chun oibriú a chinneadh, tá cur chuige cuimsitheach bunaithe ag an Aontas i leith na himirce dleathaí, ina n-aithnítear an ról ríthábhachtach atá ag imircigh i ngeilleagar agus i sochaí an Aontais, chun nósanna imeachta imirce a chuíchóiriú agus chun coinníollacha iontrála agus cearta náisiúnach tríú tír san Aontas a chomhchuibhiú. Aithnítear sa chomhaontú maidir le himirce agus tearmann (6) gur cuid ríthábhachtach de chóras cuimsitheach bainistithe imirce é bealaí dleathacha i dtreo an Aontais a fhorbairt le haghaidh náisiúnaigh tríú tír oilte. Le Treoir athmhúnlaithe (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) (‘an Treoir maidir le Cárta Gorm’ mar a thugtar uirthi) beartaítear tallann ardoilte a mhealladh chuig an margadh saothair. Chun aghaidh a thabhairt ar an éileamh méadaitheach ar ghairmithe oilte in earnáil TFC sna Ballstáit, foráiltear leis an Treoir seo gur cheart a mheas go bhfuil ardscileanna gairmiúla coibhéiseach le cáilíochtaí ardoideachais i ngairmeacha sonracha TFC. Ina theannta sin, leis an bpacáiste scileanna agus tallainne (8), a ghlac an Coimisiún i mí Aibreáin 2022, cuirtear i dtábhacht go dtéann an imirce dhleathach chun tairbhe d’imircigh agus dá dtíortha tionscnaimh agus cinn scríbe araon. Leis an bpacáiste, moladh bearta beartais reachtacha, oibríochtúla atá dírithe ar an todhchaí chun creat imirce dleathaí an Aontais a threisiú, lena n-áirítear tograí chun leasú a dhéanamh ar Threoir 2003/109/CE ón gComhairle (9) agus ar Threoir 2011/98/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) chun na nósanna imeachta maidir le ligean isteach náisiúnach tríú tír ag a bhfuil gach leibhéal scileanna a shimpliú agus chun a gcearta a atreisiú nuair a bheidh cónaí orthu san Aontas.

(11)

Daoine oilte a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus atá toilteanach dul i mbun fostaíochta sna Ballstáit, is baicle cuardaitheoirí poist féideartha iad nach mbaintear úsáid leordhóthanach aisti agus a d’fhéadfaí a úsáid chun freagairt do riachtanais na bhfostóirí. I gcomhréir leis an Moladh ón gCoimisiún (AE) 2020/1364 (11) maidir le conairí dlíthiúla cosanta a chur chun cinn san Aontas, mhol an Coimisiún do na Ballstáit conairí comhlántacha saothair a chur ar bun le haghaidh daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu chun a scileanna, a gcáilíochtaí agus a n-inspreagadh a ghiaráil, agus aghaidh á tabhairt an tráth céanna ar na ganntanais scileanna agus saothair san Aontas.

(12)

Chun earcaíocht idirnáisiúnta a éascú agus chun deiseanna a chur ar fáil do náisiúnaigh tríú tír chun bheith ag obair i ngairmeacha lena mbaineann ganntanas agus a aithnítear a bheith ábhartha don Aontas, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún ‘Linn Tallann an Aontais’ (12) a bhunú, ardán lena dtugtar le chéile próifílí cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha agus lena dtacaítear le meaitseáil na bpróifílí sin le folúntais fostóirí atá bunaithe sna Ballstáit. Beidh sé d’aidhm ag an Linn Tallann an tAontas a dhéanamh níos tarraingtí do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha agus tacú le fostóirí aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna agus saothair san Aontas. D’fhéadfadh Linn Tallann an Aontais tacú freisin le hoibríochtú na gconairí saothair comhlántacha.

(13)

Tá Comhpháirtíochtaí Tallainne á bhforbairt ag an gCoimisiún freisin atá ar cheann de phríomhghnéithe ghné sheachtrach an Chomhaontaithe maidir le himirce agus tearmann agus a chuirtear i ngníomh i gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le scileanna agus tallann a mhealladh chuig an Aontas (13).

(14)

I gcomhthéacs iomaíocht dhomhanda mhéadaitheach le haghaidh scileanna agus tallainne, níl ach ceann amháin de Bhallstáit an Aontais ar áireamh sna cúig thír is tarraingtí de chuid ECFE d’oibrithe ardoilte in 2023 (14). Bíonn an cumas chun tallann a mhealladh agus a choinneáil ag brath ar athróga éagsúla lena n-áirítear beartais maidir le lánpháirtiú agus cuimsiú, bearta tacaíochta d’imircigh a bhfuil riachtanais speisialta acu, bealaí dlíthiúla chuig buanchónaí agus chuig saoránacht lena n-áirítear bealaí den sórt sin do mhic léinn, ionchais ioncaim agus cúrsaí cánach, an bhraistint ar ionchais amach anseo, cáilíocht saoil agus an t-aitheantas a thugtar do scileanna agus do cháilíochtaí.

(15)

Is ar fud raon gníomhaíochtaí an Aontais maidir le scileanna agus imirce a thugtar aghaidh ar an tsaincheist maidir le hoibrithe oilte a mhealladh agus ar an ról maidir le scileanna agus cáilíochtaí a aithint. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún a ghabhann leis an gclár oibre Scileanna don Eoraip (15), leagtar béim ar an ngá atá le níos mó a dhéanamh chun feabhas a chur ar chonairí dlíthiúla isteach san Aontas agus ar aitheantas a thabhairt do scileanna náisiúnach tríú tír i margadh saothair an Aontais. I bplean gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le lánpháirtiú agus cuimsiú 2021–2027 (16) aithnítear a thábhachtaí atá sé aithint agus inchomparáideacht cáilíochtaí náisiúnach tríú tír a éascú chun tacú le náisiúnaigh tríú tír leas iomlán a bhaint as a gcuid scileanna. I bplean tionsclaíoch an chomhaontaithe ghlais (17), fógraíodh gníomhaíochtaí lena n-áirítear obair ar aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí náisiúnach tríú tír, agus cuireadh in iúl den chéad uair an luach a bhaineann le cur chuige ‘tús áite do scileanna’ chun scileanna iarbhír na saoránach agus na náisiúnach tríú tír a shainaithint. Aithníodh sa phacáiste faoisimh do FBManna (18) go bhfuil ganntanas scileanna i measc na ndúshlán is mó atá os comhair FBManna agus meabhraíodh an gealltanas tionscnamh a chur i láthair chun feabhas a chur ar an aitheantas a thugtar do scileanna agus do cháilíochtaí náisiúnach tríú tír chun cabhrú le haghaidh a thabhairt ar bhearnaí scileanna i margadh saothair an Aontais. Ar an gcaoi chéanna, sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’, cuireadh i dtábhacht gur gá soghluaisteacht a éascú chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna san Aontas trína dhéanamh níos éasca scileanna agus cáilíochtaí shaoránaigh Ballstáit eile agus cáilíochtaí náisiúnach tríú tír a aithint.

(16)

An 14 Meán Fómhair 2022, d’fhógair an tUachtarán von der Leyen Bliain Eorpach na Scileanna (2023) ina haitheasc ar staid an Aontais Eorpaigh inar cuireadh i dtábhacht nach mór mealladh na ndaoine, ag a bhfuil na scileanna cearta, chuig an Aontas a bheith mar chuid den réiteach ar dhúshláin scileanna. Le Cinneadh (AE) 2023/936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), bunaíodh ceithre chuspóir do Bhliain Eorpach na Scileanna, lena n-áirítear an cuspóir ‘daoine ó thríú tíortha a bhfuil na scileanna is gá sna Ballstáit acu a mhealladh’. Is éard atá i gceist leis an gcuspóir sin deiseanna foghlama a chur chun cinn (lena n-áirítear oideachas agus oiliúint teanga nuair is gá), forbairt scileanna agus soghluaisteacht a chothú, agus aithint cáilíochtaí a éascú.

(17)

I gcomhthéacs tallann a mhealladh agus ó thaobh na hearcaíochta i gcoitinne bíonn ról lárnach á imirt ag aithint scileanna agus cáilíochtaí. Feidhmíonn cáilíochtaí agus torthaí foghlama a bhaineann le cáilíochtaí mar chomharthaí gnóthachtála san fhoghlaim. Is minic a úsáidtear cáilíochtaí agus leibhéil cáilíochtaí chun riachtanais iontrála a shocrú do phoist agus d’fhéadfaidís a bheith nasctha le dul chun cinn gairme agus luach saothair. Is minic a éilítear cáilíochtaí chun comhlíonadh na gcaighdeán agus na gceanglas chun oibriú i róil áirithe a léiriú, mar shampla i ngairmeacha rialáilte.

(18)

I gcur chuige ‘tús áite do scileanna’ moltar scileanna duine a shainaithint agus úsáid iomlán a bhaint astu – cibé acu an i suíomhanna foirmiúla, seachfhoirmiúla nó neamhfhoirmiúla a shealbhaítear iad – seachas measúnuithe a bhunú ar cháilíochtaí amháin. Is féidir bearta chun tallann a mhealladh agus chun rannpháirtíocht sa mhargadh saothair a mhéadú a uasmhéadú agus ba cheart cur chuige ‘tús áite do scileanna’ a bheith mar bhonn taca leo, ar cur chuige lena gcuirtear luach ar scileanna agus lena bhféachtar le daoine a mheaitseáil le poist a oireann dá mbuanna agus dá n-acmhainneacht.

(19)

Is ar bhealaí éagsúla ar an leibhéal náisiúnta a eagraítear agus a bhainistítear aithint na scileanna agus na gcáilíochtaí de chuid náisiúnach tríú tír, ag brath ar cheanglais dhlíthiúla agus ar eagrú fostaíochta, oideachais, oiliúna agus imirce i mBallstáit éagsúla. Déanann na Ballstáit cinntí aitheantais atá ceangailteach ó thaobh dlí i gcásanna ina ndeonaíonn siad cearta do náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cáilíochtaí sonracha acu. Leis na cinntí sin, cuirtear bealach ar fáil chun a fhíorú go bhfuil na scileanna agus na cáilíochtaí is gá ag duine sula ndeonaítear cearta dóibh i dtrí chás ar leith, is é sin rochtain a fháil ar ghairm rialáilte, rochtain a fháil ar fhoghlaim, nó i gcomhthéacs imirce lucht saothair.

(20)

Tarlaíonn an chéad chás de rochtain ar ghairm rialáilte nuair a d’fhéadfadh sé go mbeadh ar náisiúnach tríú tír aitheantas a fháil dá scileanna agus dá gcáilíochtaí d’fhonn gairm rialáilte a rochtain nó a shaothrú. Tagann na céadta gairmeacha faoin gcatagóir sin, mar shampla san altranas, sa leigheas, sa chógaisíocht, san ailtireacht agus – i roinnt Ballstát – bríceadóirí, pluiméirí, leictreoirí agus innealtóirí sibhialta. Tá ‘aithint cáilíochtaí gairmiúla’ riachtanach chun rochtain a fháil ar na gairmeacha sin sna Ballstáit ina ndéantar iad a rialáil.

(21)

Chun an tsaoirse chun seirbhísí a bhunú agus a sholáthar agus saorghluaiseacht daoine a áirithiú go héifeachtach, agus a áirithiú an tráth céanna go gcomhlíontar caighdeáin agus ceanglais ghairmiúla, bhunaigh an tAontas prionsabail, nósanna imeachta agus critéir chomhchoiteanna maidir le haitheantas chun trédhearcacht, cothroime agus comhsheasmhacht a chur chun cinn maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla trí Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20).

(22)

Is náisiúnaigh de chuid na mBallstát a fheidhmíonn cearta saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais tairbhithe Threoir 2005/36/CE. Chun an Treoir a chomhlánú, is éard is príomhthairbhithe an Mholta seo náisiúnaigh tríú tír atá i mbun víosa nó cead oibre agus cónaithe a fháil i mBallstát nó a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil san Aontas cheana féin, gan beann ar cháilíochtaí a eisíodh san Aontas nó i dtríú tíortha a bheith acu. D’fhéadfadh roinnt moltaí a bheith ábhartha freisin maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí náisiúnach de chuid an Aontais a bhfuil cáilíochtaí acu a eisíodh i dtríú tíortha, chun a áirithiú go n-urramófar prionsabal na córa comhionainne.

(23)

Luaitear in Aithris 10 de Threoir 2005/36/CE nach gcuireann an Treoir bac ar an bhféidearthacht go dtabharfadh na Ballstáit aitheantas, i gcomhréir lena rialacha, do cháilíochtaí gairmiúla náisiúnach tríú tír a fuarthas lasmuigh den Aontas, ach gur cheart d’aitheantas den sórt sin na coinníollacha íosta oiliúna do ghairmeacha áirithe a urramú. Tá feidhm ag roinnt rialacha maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí maidir le náisiúnaigh tríú tír, i gcás ina mbaineann siad tairbhe as cóir chomhionann le náisiúnaigh an Bhallstáit óstaigh faoi reachtaíocht an Aontais maidir le tearmann agus imirce dhleathach, agus as saorghluaiseacht (e.g. cónaitheoirí fadtéarmacha, baill teaghlaigh tríú tír de shaoránaigh an Aontais, tairbhithe stádais dídeanaí nó cosanta coimhdí, taighdeoirí, oibrithe ardoilte a bhfuil Cárta Gorm AE acu, náisiúnaigh tríú tír a thagann faoi raon feidhme Threoir 2011/98/AE agus oibrithe séasúracha).

(24)

Tá feidhm ag Treoir 2005/36/CE freisin maidir le náisiúnaigh tríú tíortha sonracha trí ionstraimí agus comhaontuithe éagsúla. Mar shampla, tá feidhm ag Treoir 2005/36/CE freisin maidir le náisiúnaigh thíortha LEE (faoin gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch) agus maidir le náisiúnaigh na hEilvéise (faoin gComhaontú idir an tAontas agus an Eilvéis maidir le saorghluaiseacht daoine). Leis an gComhaontú um Tharraingt Siar agus leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a tugadh i gcrích idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, soiléirítear socruithe maidir le Treoir/2005/36/CE a chur i bhfeidhm maidir le cáilíochtaí a fuarthas sa Ríocht Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse an 31 Nollaig 2020.

(25)

Áirítear i gcomhaontuithe saorthrádála an Aontais (CSTanna) forálacha chun tacú le comhaontuithe maidir le haitheantas frithpháirteach (CAFP) a fhorbairt le haghaidh cáilíochtaí gairmiúla le tríú tíortha. Leis an CAFP le haghaidh ailtirí a tugadh i gcrích i bprionsabal in 2022 idir an tAontas agus Ceanada, cumasaítear dul i mbun cleachtadh mar ailtire sa dá chríoch i gcomhréir le critéir chomhaontaithe. Ar áireamh freisin i gcomhaontuithe trádála an Aontais tá gealltanais chun láithreacht shealadach gairmithe oilte san Aontas a éascú, rud a d’fhéadfadh nósanna imeachta a chomhlánú chun aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí tríú tír ar bhealach níos fearr.

(26)

‘Aitheantas acadúil’ is ea an dara cás ina bhféadfadh sé go mbeadh ar náisiúnaigh tríú tír aitheantas a fháil dá scileanna agus dá gcáilíochtaí, rud a chiallaíonn aitheantas a thabhairt d’fhonn rochtain a fháil ar chineálacha foghlama breise amhail staidéar acadúil agus gairmoiliúint; nó chun teideal acadúil a úsáid. Díríonn aitheantas acadúil ar bhailíocht, leibhéal agus torthaí foghlama cáilíochta oideachais iasachta nó réamhfhoghlama d’fhonn rochtain a fháil ar staidéir bhreise. Cuireann líonraí Líonra Eorpach na Lárionad Náisiúnta Faisnéise agus na Lárionad Náisiúnta Faisnéise um Aitheantas Acadúil (líonraí ENIC-NARIC) faisnéis, comhairle agus cinntí aitheantais ar fáil chun iontráil chuig staidéir bhreise a éascú (san ardoideachas de ghnáth) agus d’fhéadfadh ról a bheith acu maidir le cinntí aitheantais a dhéanamh, achomhairc a láimhseáil nó comhairle a thabhairt maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí nó inchomparáideacht cáilíochtaí, lena n-áirítear le haghaidh rochtain ar fhostaíocht i dtíortha áirithe.

(27)

 

(28)

 

(29)

 

(30)

Tionscnaimh sheanbhunaithe amhail an creat Europass (21) agus uirlisí trédhearcachta amhail an Creat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF) (22), Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha Eorpacha (ESCO), Dintiúir Eorpacha Dhigiteacha don Fhoghlaim agus uirlisí trédhearcachta Phróiseas Bologna, is féidir iad a úsáid chun tacú le trédhearcacht agus inchomparáideacht scileanna agus cáilíochtaí ar fud an Aontais chun foghlaim agus forbairt gairme a éascú.

(31)

 

(32)

 

(33)

 

(34)

 

(35)

 

(36)

 

(37)

Le Moladh (AE) 2022/554 ón gCoimisiún (23), leagadh amach moltaí agus treoraíocht chun tacú leis na Ballstáit aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla daoine atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a éascú. Le measúnú ón gCoimisiún (24), a foilsíodh i mí an Mheithimh 2023, maidir le glacadh na mBallstát leis an Moladh sin agus a bhfreagairtí air, sainaithníodh réimse cleachtas a bhfuil gealladh fúthu.

(38)

Déantar comhpháirtíochtaí le tríú tíortha chun tallann a mhealladh a fhorbairt ar bhealach a rachaidh chun tairbhe an dá thaobh agus a thacóidh le riachtanais mhargadh saothair an dá pháirtí a chomhlíonadh. Níor cheart teitheadh daonna, teitheadh caipitil ná ‘imirce daoine oilte’ a tharlú mar gheall ar iarrachtaí tallann a mhealladh, rud a d’fhéadfadh teorainn a chur le hacmhainneacht shocheacnamaíoch agus forbairt tríú tíortha agus a gcumas seirbhísí riachtanacha a bhainistiú.

1.

 

2.

 

3.

 

(a)

féachaint le feabhas córasach a chur ar a dtarraingteacht mar cheann scríbe le haghaidh náisiúnaigh tríú tír ar gach leibhéal scile, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí chórais um aitheantas a thabhairt do scileanna agus cáilíochtaí a fheabhsú i gcás inarb infheidhme, as a n-eascróidh méadú nach beag ar a dtáscaire tarraingteachta ECFE le haghaidh oibrithe ardoilte.

(b)

 

4.

 

5.

 

(a)

 

(b)

chun rochtain ar chlár foghlama a dheonú (‘aitheantas acadúil’);

(c)

chun víosa nó cead oibre agus cónaithe a dheonú chun críoch fostaíochta sa Bhallstát, i gcás ina bhfuil aitheantas do scileanna agus cáilíochtaí ina chuid den phróiseas (‘aitheantas do scileanna agus cáilíochtaí le haghaidh imirce an lucht oibre’).

6.

 

(a)

 

(b)

 

(c)

 

(d)

 

(e)

 

(f)

 

(g)

Ciallaíonn ‘bailíochtú scileanna arna ngnóthú tríd an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil’ an próiseas lena ndearbhaíonn comhlacht nó údarás inniúil go bhfuil torthaí foghlama sealbhaithe ag duine trí shuíomhanna foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, arna dtomhas i gcomparáid le caighdeán ábhartha.

(h)

 

(i)

 

(j)

 

(k)

 

(l)

Ciallaíonn ‘rócháilíocht’ cás ina bhfuil leibhéal scile nó leibhéal oideachais agus oiliúna ag duine is airde ná an leibhéal is gá chun a phost a dhéanamh (25).

7.

 

8.

Níor cheart leis na nósanna imeachta measúnuithe ar náisiúnaigh tríú tír a bhunú ar a gcáilíochtaí amháin.

9.

Na Ballstáit a bhaineann úsáid as tástálacha ar mhargadh an tsaothair, ba cheart dóibh faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar riachtanais mhargadh an tsaothair agus infhaighteacht scileanna, agus d’fhéadfadh siad smaoineamh ar dhíolúintí ó thástálacha ar mhargadh an tsaothair le haghaidh earcaíocht i ngairmeacha nó in earnálacha ina bhfuil ganntanais scileanna, agus moltar dóibh díolúintí den sórt sin a bheartú le haghaidh FBManna go háirithe. Ba cheart do na Ballstáit tacaíocht ar leith a thabhairt do FBManna.

10.

 

11.

 

Tá feidhm ag na moltaí sa chaibidil seo maidir le gach ceann de na trí chás i dtaca le haitheantas do scileanna agus do cháilíochtaí a leagtar amach in 5 (a) – (c) thuas.

12.

 

13.

Ba cheart do na húdaráis náisiúnta a áirithiú go mbeidh rochtain ag an bpearsanra ábhartha ar an oiliúint chun na scileanna is gá a fhorbairt, lena n-áirítear scileanna teanga iasachta, chun bheith in ann fostóirí agus náisiúnaigh tríú tír araon a chur ar an eolas agus comhairle a chur orthu agus chun scileanna agus cáilíochtaí a mheasúnú.

14.

 

15.

 

16.

 

17.

 

18.

 

19.

 

20.

Ba cheart do na Ballstáit dul i mbun idirphlé leis na comhpháirtithe sóisialta agus le páirtithe leasmhara náisiúnta ábhartha (mar shampla fostóirí, FBManna, an tsochaí shibhialta, agus eagraíochtaí imirceach) chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar earcú náisiúnach tríú tír, lena n-áirítear tuiscint agus aitheantas neamhleor ar scileanna agus ar cháilíochtaí.

21.

 

22.

 

23.

 

(a)

 

(b)

 

(c)

 

(d)

 

24.

 

(a)

 

(b)

 

(c)

 

(d)

 

25.

 

(a)

 

(b)

 

26.

 

(a)

 

(b)

 

(c)

comhordú a dhéanamh ar ionchur agus nuashonruithe ar fhaisnéis teagmhála na n-údarás náisiúnta atá freagrach as aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla náisiúnach tríú tír arna bhfoilsiú ar Bhunachar na nGairmeacha Rialáilte, chun tacú leis an ngníomhaíocht a dtugtar tuairisc uirthi in 56 (c) thíos.

27.

 

(a)

 

(b)

 

(c)

 

(d)

 

28.

 

(a)

 

(b)

a áirithiú go mbeidh rochtain ag náisiúnaigh tríú tír ar nósanna imeachta chun scileanna a fuarthas trí fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú.

(c)

 

29.

 

30.

 

31.

 

32.

 

33.

 

34.

 

35.

 

36.

Ba cheart do na húdaráis náisiúnta faisnéis thrédhearcach a fhoilsiú maidir le haon chostas a bhaineann le nósanna imeachta um aitheantas agus a áirithiú nach sáraíonn na costais a chuirfear i bhfeidhm costas iarbhír an nós imeachta agus go bhfuil siad inchomparáide, i gcúinsí comhchosúla, leis na costais a chuirtear ar shaoránaigh den Aontas.

37.

 

(a)

 

(b)

 

(c)

 

Tá feidhm ag na moltaí sa chaibidil seo maidir leis na húdaráis inniúla atá freagrach as aitheantas a thabhairt do scileanna agus cáilíochtaí náisiúnach tríú tír chun rochtain a thabhairt ar ghairm rialáilte i mBallstát, dá dtagraítear in 5 (a) thuas.

38.

Ba cheart do na Ballstáit an t-aitheantas a thugtar do cháilíochtaí gairmiúla náisiúnach tríú tír a éascú trí nósanna imeachta a shimpliú agus a ailíniú níos dlúithe leis na nósanna imeachta a leagtar síos i dTreoir 2005/36/CE.

39.

Ba cheart d’údaráis inniúla líon agus cineálacha comhchosúla doiciméad a cheanglaítear ar shaoránaigh den Aontas a iarraidh ar náisiúnaigh tríú tír chun tacú le hiarratais ar údarú chun rochtain a fháil ar ghairm rialáilte, mar a leagtar amach in Airteagal 50 (1) agus in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2005/36/CE.

40.

 

41.

 

(a)

a measúnú ar iarratais ó náisiúnaigh tríú tír a bhunú ar rialacha atá coibhéiseach leis na rialacha a leagtar amach in Airteagal 13(1) de Threoir 2005/36/CE.

(b)

 

(c)

 

(d)

 

(e)

 

(f)

an nós imeachta um aitheantas maidir le húdarú chun rochtain a fháil ar ghairm rialáilte a chur i gcrích a luaithe is féidir ionas gur féidir cinneadh cuí-réasúnaithe a eisiúint laistigh de thréimhse réasúnta, tréimhse nár cheart a bheith níos faide ná 2 mhí ón dáta a cuireadh iarratas comhlánaithe isteach.

42.

Ba cheart do na Ballstáit a n-úsáid is fearr a bhaint as faisnéis scileanna maidir le ganntanais saothair agus scileanna, atá le fáil i bhfoinsí náisiúnta agus i bhfoinsí de chuid an Aontais, agus a cheangal ar a n-údaráis ábhartha tuairisciú ar ghanntanais lucht saothair a bhfuil coinne leo sna gairmeacha rialáilte atá faoina sainchúram. Ba cheart do na Ballstáit na sonraí sin a úsáid i bpleanáil lucht saothair, lena n-áirítear chun gairmeacha rialáilte tosaíochta a shainaithint chun náisiúnaigh tríú tír a mhealladh, tríú tíortha a shainaithint le haghaidh comhpháirtíochtaí féideartha agus aon oiriúnú a shainaithint ar nósanna imeachta um aitheantas a thabhairt do scileanna agus cáilíochtaí.

43.

 

(a)

 

(b)

 

(c)

 

(d)

 

44.

Maidir le gairmeacha rialáilte tosaíochta, ba cheart do na húdaráis inniúla féachaint ar shásraí lena gceadaítear do náisiúnaigh tríú tír dul i mbun oibre níos tapúla tar éis dá n-iarratas ar aitheantas a bheith curtha isteach cheana agus le linn don nós imeachta chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas a bheith ar feitheamh, lena n-áirítear:

(a)

 

(b)

 

(c)

 

45.

 

Tá feidhm ag na moltaí sa chaibidil seo maidir le húdaráis náisiúnta a bhfuil baint acu le nósanna imeachta um imirce lucht saothair, dá dtagraítear in 5 (c) thuas.

46.

Ba cheart do na húdaráis náisiúnta a bhfuil baint acu le haitheantas a thabhairt do scileanna agus cáilíochtaí, leis an imirce agus leis an bhfostaíocht oibriú i ndlúthchomhar le chéile chun próisis imirce lucht saothair a chuíchóiriú, agus tuairimí comhpháirtithe sóisialta agus na tionsclaíochta, go háirithe FBManna, á gcur san áireamh.

47.

 

48.

 

49.

 

50.

 

51.

 

52.

 

53.

Eagróidh an Coimisiún cruinnithe laistigh den ghrúpa comhordaitheoirí chun aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla agus i suíomhanna ábhartha eile, amhail Grúpa Comhairleach an Chreata Eorpaigh um Cháilíochtaí, an tArdán um Imirce Lucht Saothair, an Líonra Eorpach um Imeascadh, Grúpa Stiúrtha Linn Tallann an Aontais Eorpaigh agus líonraí Líonra Eorpach na Lárionad Náisiúnta Faisnéise agus na Lárionad Náisiúnta Faisnéise um Aitheantas Acadúil (líonraí ENIC-NARIC).

54.

 

55.

 

56.

 

(a)

 

(b)

 

(c)

 

(d)

rochtain a thabhairt ar fhaisnéis ar líne chun cabhrú le náisiúnaigh tríú tír na ceanglais maidir le haitheantas do scileanna agus cáilíochtaí san Aontas a thuiscint.

57.

 

(a)

 

(b)

 

(c)

 

(d)

 

(e)

 

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Samhain 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Thierry BRETON

Comhalta den Choimisiún


(1)  Sa Chlár Oibre Scileanna don Eoraip a seoladh in 2020, cuireadh i láthair cuspóirí an Aontais maidir le huas-sciliú agus athsciliú sna cúig bliana amach romhainn.

(2)  Moladh ón gComhairle an 24 Samhain 2020 maidir leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint (VET) don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht (IO C 417, 2.12.2020, lch. 1).

(3)  Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cuntais foghlama aonair 2022/C 243/03 (IO C 243, 27.6.2022, lch. 26).

(4)  Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúir le haghaidh na foghlama ar feadh an tsaoil agus na hinfhostaitheachta (IO C 243, 27.6.2022, lch. 10).

(5)  Eurostat, LFSA_EOQGAN

(6)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Comhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, COM(2020) 609 final.

(7)  Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíocht dar gá ardcháilíochtaí, agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/50/CE ón gComhairle (IO L 382, 28.10.2021, lgh. 1–38).

(8)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Scileanna agus tallanna a mhealladh chuig an Aontas Eorpach, (COM/2022/657 final).

(9)  Treoir 2003/109/EC ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarma iad (IO L 16, 23.1.2004, lgh. 44-5).

(10)  Treoir 2011/98/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh ceadúnas aonair do náisiúnaigh tríú tír chun cónaí agus obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit agus maidir le tacar de chearta comhchoiteanna d’oibreoirí tríú tír a chónaíonn go dlíthiúil i mBallstát (IO L 343, 23.12.2011, lgh. 1–9).

(11)  Moladh ón gComhairle (AE) 2020/1364 an 23 Meán Fómhair maidir le bealaí dlíthiúla cosanta san Aontas: athlonnú, ligean isteach daonnúil agus bealaí comhlántacha eile a chur chun cinn (IO L 317, 1.10.2020, lch. 13).

(12)  Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Linn Tallann an Aontais Eorpaigh a bhunú (COM(2023) 716).

(13)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Scileanna agus tallanna a mhealladh chuig an Aontas Eorpach (COM(2022) 657 final).

(14)  Cad í an tír is fearr do thallann dhomhanda in ECFE? ECFE, Díospóireachtaí maidir le Beartas Imirce Uimh. 29, 2023.

(15)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, An Clár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht (COM(2020) 274 final).

(16)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Plean Gníomhaíochta 2021–2027 um Imeascadh agus Cuimsiú (COM(2020) 758 final).

(17)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais le haghaidh Ré na Glan-Nialasachta, (COM(2023) 62 final).

(18)  Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Pacáiste Faoisimh do FBManna (COM(2023) 535 final).

(19)  Cinneadh (AE) 2023/936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le Bliain Eorpach na Scileanna (IO L 125, 11.5.2023, lch. 1).

(20)  Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).

(21)  Cinneadh (AE) 2018/646 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le creat coiteann le haghaidh soláthar seirbhísí níos fearr do scileanna agus do cháilíochtaí (Europass) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE (IO L 112, 2.5.2018, lgh. 42-50).

(22)  Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2017 maidir leis an gCreat Eorpach um Cháilíochtaí don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus lena n-aisghairtear an Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le Creat Eorpach um Cháilíochtaí ar feadh an tsaoil a bhunú (IO C 189, 15.6.2017, lgh. 15-28).

(23)  Moladh (AE) 2022/554 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2022 maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí daoine atá ar a dteitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin (IO L 107I, 6.4.2022, lgh. 1-8).

(24)  Measúnú ar Mholadh (AE) 2022/554 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2022 maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí daoine atá ar a dteitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin, an Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus FBManna, mí an Mheithimh 2023.

(25)  Is é an sainmhíniú atá ag Eurostat ar ráta rócháilíochta sciar na ndaoine fostaithe a bhfuil leibhéal treasach oideachais bainte amach acu (ISCED 2011 leibhéil 5-8) atá fostaithe i ngairmeacha ar bheagán oiliúna nó i ngairmeacha lena mbaineann meánleibhéal oiliúna nach gceanglaítear oideachas treasach lena n-aghaidh de ghnáth (mórghrúpaí 4-9 de ISCO-08).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/2611/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)