European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2602

23.11.2023

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2602 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Samhain 2023

lena nglactar le hiarraidh ar stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua i ndáil leis na bearta frithdhumpála cinntitheacha arna bhforchur ar allmhairí ceanglóirí áirithe iarainn nó cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’),

Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí ceanglóirí áirithe iarainn nó cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (2) (an Rialachán bunaidh’), agus go háirithe Airteagal 2 de,

De bharr an mhéid seo a leanas,

1.   NA BEARTA ATÁ I bhFEIDHM

(1)

An 16 Feabhra 2022, trí bhíthin ‘an Rialachán bunaidh’, d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí ceanglóirí áirithe iarainn nó cruach (‘an táirge lena mbaineann’) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’) isteach san Aontas.

(2)

San imscrúdú arb é an Rialachán bunaidh (‘an t-imscrúdú bunaidh’) ba thoradh air, úsáideadh sampláil chun na táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín a imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

(3)

D’fhorchuir an Coimisiún dleachtrátaí frithdhumpála aonair idir 22,1 % agus 48,8 % ar allmhairí an táirge lena mbaineann i gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ón tSín. Forchuireadh dleachtráta 39,6 % ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár áiríodh sa sampla. Liostaítear na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár áiríodh sa sampla san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán bunaidh. Thairis sin, forchuireadh dleachtráta 86,5 % ar bhonn náisiúnta ar an táirge lena mbaineann arna tháirgeadh ag cuideachtaí sa tSín nár chuir iad féin in iúl ná nár chomhoibrigh leis an imscrúdú.

(4)

De bhun Airteagal 2 den Rialachán bunaidh, an meánráta dleachta frithdhumpála ualaithe iomchuí maidir le cuideachtaí comhoibríocha nach bhfuil sa sampla, is é sin an dleachtráta 39,6 %, is féidir Airteagal 1(2) den Rialachán sin a leasú tríd an ráta sin a dheonú do tháirgeoirí onnmhairiúcháin nua, i gcás inar leor an fhianaise a thugann an táirgeoir onnmhairiúcháin nua sin sa tSín don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

nár onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin ar ar a mbonn a forchuireadh na bearta, is é sin ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020 (‘an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh’) (‘Coinníoll 1’);

(b)

níl sé comhlachaithe le haon cheann de na honnmhaireoirí ná na táirgeoirí sa tSín atá faoi réir na mbeart frithdhumpála arna bhforchur leis an Rialachán bunaidh (‘Coinníoll 2’); agus

(c)

d’onnmhairigh sé iarbhír an táirge lena mbaineann chuig an Aontas nó tá oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin (Coinníoll 3).

2.   IARRAIDH AR STÁDAS AN TÁIRGEORA ONNMHAIRIÚCHÁIN NUA

(5)

An 10 Deireadh Fómhair 2022, chuir an chuideachta Ningbo Zhongli Bolts Manufacturing Co., Ltd. (‘Zhongli’ nó ‘an t-iarratasóir’) iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin go ndeonófaí stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua (‘NEPT’) dó agus, dá bhrí sin, go mbeadh sé faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha sa tSín nár áiríodh sa sampla, agus é ag maíomh gur chomhlíon sé na trí choinníoll a leagtar amach in Airteagal 2 den Rialachán bunaidh (‘coinníollacha NEPT’).

(6)

Chun a chinneadh ar chomhlíon an t-iarratasóir na coinníollacha i leith deonú NEPT a fháil, na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2 den Rialachán bunaidh (‘coinníollacha NEPT’), chuir an Coimisiún ceistneoir ar dtús chuig an iarratasóir inar iarradh fianaise a léireodh gur chomhlíon sé coinníollacha NEPT. I gcomhthráth, chuir an Coimisiún tionscal an Aontais ar an eolas faoin iarraidh ón iarratasóir agus d’iarr sé air barúlacha a thabhairt. Chuir tionscal an Aontais, a ndéanann Institiúid Cheanglóirí Tionsclaíocha na hEorpa (‘EIFI’) ionadaíocht thar a cheann, barúlacha isteach maidir leis an iarratasóir coinníollacha NEPT a chomhlíonadh. Rinne an t-iarratasóir líomhaintí EIFI a chonspóid in aighneacht a rinne sé ina dhiaidh sin.

(7)

Tar éis anailís a dhéanamh ar an bhfreagra ar an gceistneoir agus ar na barúlacha a thug na páirtithe, d’iarr an Coimisiún tuilleadh faisnéise agus fianaise thacaíochta ar an iarratasóir trí bhíthin litir easnaimh a seoladh an 14 Márta 2023. Thug an t-iarratasóir freagra ar an litir easnaimh an 31 Márta 2023.

(8)

I gcomhthráth le hanailís a dhéanamh ar an bhfianaise a chuir an t-iarratasóir agus EIFI isteach, cheadaigh an Coimisiún bunachar sonraí ar líne Orbis (3), Qichacha (4), Aliyun (5) agus bunachar sonraí Chóras Náisiúnta na Síne um Fhaisnéis Chreidmheasa Fiontar a Phoibliú (6) le haghaidh faisnéis chuideachta, agus cros-seiceáil á déanamh aige ar an bhfaisnéis uile atá ar fáil i gcomparáid leis an bhfaisnéis atá ar fáil go poiblí ar an idirlíon.

(9)

Ar deireadh, rinne an Coimisiún cros-seiceáil chianda ar an iarratasóir. Aon fhaisnéis a mheas an Coimisiún a raibh gá léi, d’fhéach le sé lena fíorú chun a chinneadh ar chomhlíon an t-iarratasóir coinníollacha NEPT.

3.   ANAILÍS AR AN IARRAIDH

(10)

Maidir leis na réamh-shaincheisteanna a tharraing EIFI anuas, shuigh an Coimisiún nach trádálaí é an t-iarratasóir agus gur thug an t-iarratasóir an t-údarú iomchuí don duine a shínigh iarraidh an iarratasóra.

(11)

Mar réamh-shaincheist, mhaígh EIFI go bhféadfadh an t-iarratasóir a bheith ina thrádálaí ar na cúiseanna seo a leanas: (i) léiríonn an tuairisc ar a shuíomh gréasáin (7) go nascann sé ceannaitheoirí domhanda agus táirgeoirí Síneacha, agus (ii) gur comhalta é de Comhlachas Tráchtála na Síne um Allmhairiú agus Onnmhairiú Innealra agus Táirgí Leictreonacha (‘CCCME’), comhlachas trádála a rinne ionadaíocht thar ceann táirgeoirí onnmhairiúcháin san imscrúdú bunaidh. Ina theannta sin, thug EIFI dá aire gur ‘bainisteoir díolacháin’ é an duine a shínigh an iarraidh NEPT, cé nach bhfuil aon fhianaise ann go bhféadfadh an duine sin maímh a dhéanamh thar ceann na cuideachta agus d’áitigh sé gur cheart diúltú d’iarratas NEPT ar an mbonn sin amháin.

(12)

Rinne an t-iarratasóir na líomhaintí thuasluaite a chonspóid, ag maíomh gurb amhlaidh nach é suíomh gréasáin an iarratasóra a ndearna EIFI tagairt dó ach ardán ríomhthráchtála B2B, CHINA.CN, ar a bhfuil faisnéis faoi roinnt cuideachtaí. Thairis sin, mhaígh an t-iarratasóir nach comhalta de CCCME é, agus nach ndéanann sé ach a shuíomh gréasáin a úsáid chun é féin a mhargú, agus in aon chás, déanann CCCME ionadaíocht thar ceann monaróirí agus eintitis eile freisin. Ar deireadh, mhaígh an t-iarratasóir go raibh sé de cheart ag bainisteoir díolacháin na cuideachta an iarraidh NEPT a shíniú thar ceann na cuideachta.

(13)

Ar an gcéad dul síos, chinn an Coimisiún nárbh é suíomh gréasáin oifigiúil an iarratasóra é an suíomh gréasáin a líomhain EIFI gur leis an iarratasóir é (CHINA.CN). Dá bhrí sin, ní fhéadfaí teacht ar chonclúid ar bith maidir le stádas an iarratasóra i ngeall ar an tuairisc ar an suíomh gréasáin sin. Ar an dara dul síos, dheimhnigh an Coimisiún nach léiríonn suíomh gréasáin CCCME (8) go bhfuil an t-iarratasóir ar cheann de chomhaltaí CCCME, agus nach ndéanann sé ach fógraíocht air féin ar an suíomh sin. Ar deireadh, san anailís agus san fhíorúchán ar chuntais airgeadais an iarratasóra le linn na cros-seiceála cianda, níor léiríodh ceannacháin an táirge lena mbaineann ó thríú páirtithe. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do mhaíomh EIFI mar mhaíomh gan bhunús agus, toisc nach ann d’fhianaise a thabharfadh a mhalairt le fios, tháinig sé ar an gconclúid nach trádálaí an táirge lena mbaineann é an t-iarratasóir ach gur táirgeoir onnmhairiúcháin é.

(14)

Thíolaic an t-iarratasóir an údarú freisin a thug an stiúrthóir feidhmiúcháin, faoinar deimhníodh gur ionadaí dlíthiúil de chuid na cuideachta é ar bhonn Airteagail Chomhlachais na cuideachta, údarú lenar údaraíodh an bainisteoir díolacháin an iarraidh NEPT a shíniú thar ceann na cuideachta. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur cuireadh an iarraidh ar NEPT isteach i gceart agus mheas sé nach gá scrúdú breise a dhéanamh féachaint ar cheart diúltú di ar an mbonn sin.

(15)

Maidir leis an gcéad choinníoll NEPT, mhaígh tionscal an Aontais nár chuir an t-iarratasóir aon chruthúnas isteach maidir le heaspa onnmhairí chuig an Aontas le linn na chéad tréimhse imscrúdúcháin agus go maíonn an t-iarratasóir ar líne san am céanna go n-onnmhairíonn sé chuig ‘an Eoraip’ agus ‘Oirthear na hEorpa’, rud a luadh ar a shuíomh gréasáin freisin le linn na chéad tréimhse imscrúdúcháin agus go mbeadh sé réasúnta teacht ar an gconclúid dá bhrí sin go n-áireofaí leis sin onnmhairí chuig an Aontas. Ina fhreagra ar bharúlacha EIFI, luaigh an t-iarratasóir, maidir le honnmhairí a chur chuig an Eoraip, nár ghá go gciallódh sin gur onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann isteach san Aontas le linn na chéad tréimhse imscrúdúcháin, agus go bhféadfadh an Coimisiún a fhíorú go raibh easpa onnmhairí chuig an Aontas de réir thaifid na cuideachta agus de réir údaráis chustaim an Aontais.

(16)

Chinn an Coimisiún gur bunaíodh Zhongli in 2003, ach nach bhfuair sé ceadúnas onnmhairiúcháin ach i mí na Bealtaine 2018 agus gur thosaigh sé ag onnmhairiú méideanna suntasacha den táirge lena mbaineann in 2021. De réir na fianaise a chuir Zhongli ar fáil, is i mí Aibreáin 2021 a rinne an chuideachta an an táirge lena mbaineann a dhíol leis an Aontas den chéad uair. Idirbhearta onnmhairiúcháin an táirge lena mbaineann a rinneadh níos luaithe, mar a léiríodh sna mórleabhair dhíolacháin a théann siar go mí Eanáir 2019, bhí siad go léir le seoladh chun bealaigh chuig tríú tíortha san Áise agus san Afraic, d’ainneoin na maíomh a rinneadh ar líne.

(17)

Rinne an Coimisiún na hidirbhearta onnmhairiúcháin uile a fhíorú le linn na chéad tréimhse imscrúdúcháin agus níor aimsigh sé aon fhianaise i leith onnmhairí an táirge lena mbaineann chuig an Aontas. Go sonrach, níor léirigh mórleabhar díolacháin na cuideachta aon taifead ar idirbhearta onnmhairiúcháin an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na chéad tréimhse imscrúdúcháin, agus bhí mórleabhair na cuideachta le linn na tréimhse sin i gcomhréir le ráitis airgeadais na cuideachta. Go deimhin, léirigh an mórleabhar díolacháin a fíoraíodh gur tharla an chéad díolachán onnmhairiúcháin chuig an Aontas i mí Aibreáin 2021.

(18)

Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do líomhain EIFI. Gan aon fhianaise a thugann le fios gur onnmhairigh an t-iarratasóir an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na chéad tréimhse imscrúdúcháin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chomhlíon an t-iarratasóir an chéad choinníoll NEPT.

(19)

Maidir leis an dara coinníoll NEPT, mhaígh EIFI nach bhféadfadh an dearbhú simplí a rinne an t-iarratasóir nach raibh sé comhlachaithe an dualgas cruthúnais ba ghá don choinníoll seo a chomhlíonadh. Mar fhreagra ar mhaímh EIFI, mhínigh an t-iarratasóir go bhfuil duine den bheirt scairshealbhóirí atá aige (ar daoine príobháideacha iad araon) mar an aon scairshealbhóir amháin i gcuideachta eile freisin, Ningbo Zhenhai Dongfang Materials Department (‘Zhenhai’), nach dtáirgeann nó nach ndíolann an táirge lena mbaineann.

(20)

Dheimhnigh an Coimisiún céannacht na beirte scairshealbhóirí agus a sciar i gcothromas an iarratasóra in Airteagail Chomhlachais an iarratasóra. Cheadaigh an Coimisiún bunachar sonraí Orbis freisin, nach raibh faisnéis ann, áfach, faoi Zhongli ná Zhenhai. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún cuardach breise ar bhunachair sonraí eile ina bhfuil faisnéis atá ar fáil go poiblí maidir le cuideachtaí sa tSín (9). Níor léirigh na bunachair sonraí sin (a) gur táirgeoir onnmhairiúcháin an táirge lena mbaineann é Zhenhai, (b) go bhfuil scairshealbhóirí ag ceachtar de na cuideachtaí seachas na scairshealbhóirí a nocht an t-iarratasóir, ná (c) go bhfuil cuideachtaí cleamhnaithe breise ag ceachtar de na cuideachtaí. Gan fianaise a thugann le fios go bhfuil an t-iarratasóir comhlachaithe le haon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chomhlíon an t-iarratasóir an dara coinníoll NEPT.

(21)

Maidir leis an tríú coinníoll NEPT, mhaígh EIFI nach leor doiciméad díolacháin, mar atá le feiceáil sa leagan oscailte d’iarraidh an iarratasóra, chun onnmhairí iarbhír chuig an Aontas a léiriú, ach gur cheart cruthúnas iarbhír ar allmhairiú isteach san Aontas a chur isteach freisin.

(22)

Sholáthair an t-iarratasóir doiciméid tacaíochta le haghaidh lastais de chainníochtaí suntasacha den táirge lena mbaineann chuig an Aontas ó mhí Aibreáin 2021 ar aghaidh, mar atá conarthaí díolacháin, sonraisc thráchtála, liostaí pacála, billí luchta, sonraisc CBL, agus foirmeacha dearbhaithe allmhairiúcháin óna gcustaiméirí san Aontas. D’fhíoraigh an Coimisiún na díolacháin sin de réir ráitis airgeadais an iarratasóra le linn na cros-seiceála cianda. Ar bhonn na fianaise sin, shuigh an Coimisiún gur onnmhairigh an t-iarratasóir an táirge lena mbaineann chuig an Aontas ó mhí Aibreáin 2021, i.e. tar éis na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh agus, ó tharla sin amhlaidh, chinn sé gur chomhlíon an t-iarratasóir an tríú coinníoll NEPT.

(23)

Dá réir sin, chomhlíon an t-iarratasóir gach ceann de na trí choinníoll chun go ndeonófar NEPT dó, mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Rialachán bunaidh agus ba cheart, dá bhrí sin, glacadh leis an iarraidh ón iarratasóir. Dá réir sin, ba cheart an t-iarratasóir a bheith faoi réir dleacht frithdhumpála 39,6 % le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla le linn an imscrúdaithe bunaidh.

4.   NOCHTADH

(24)

Cuireadh an t-iarratasóir agus tionscal an Aontais ar an eolas faoi na fíorais agus na breithnithe bunriachtanacha ar ar a mbonn a measadh gurbh iomchuí an dleachtráta frithdhumpála is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla san imscrúdú bunaidh a dheonú don iarratasóir.

(25)

Tugadh an deis do na páirtithe barúlacha a chur isteach. Ní bhfuarthas aon bharúil.

(26)

Tá an Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an chuideachta seo a leanas le liosta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár sampláladh san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191: ’ in the Annex to Implementing Regulation (EU) 2022/191:

Cuideachta

TARIC cód breise

Ningbo Zhongli Bolts Manufacturing Co., Ltd.

899U

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Samhain 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)   IO L 36, 17.2.2022, lch. 1.

(3)  Is soláthraí domhanda sonraí é Orbis a sholáthraíonn faisnéis chorparáideach lena gcumhdaítear níos mó ná 220 milliún cuideachta ar fud an domhain. Go príomha, soláthraíonn sé faisnéis chaighdeánaithe faoi chuideachtaí príobháideacha agus faoi struchtúir chorparáideacha.

(4)  Is bunachar sonraí príobháideach brabúsach atá faoi úinéireacht na Síne é Qichacha a sholáthraíonn sonraí gnó, faisnéis chreidmheasa, agus anailísíocht a bhaineann le tomhaltóirí nó gairmithe le haghaidh cuideachtaí príobháideacha agus cuideachtaí poiblí atá lonnaithe sa tSín.

(5)  Is fochuideachta de Ghrúpa Alibaba é Aliyun (ar a dtugtar Alibaba Cloud freisin). Soláthraíonn sé seirbhísí néalríomhaireachta do ghnólachtaí ar líne agus don éiceachóras ríomhthráchtála atá ag Alibaba féin agus, i measc gnéithe eile, cuireann sé bunachar sonraí ar fáil ina soláthraítear sonraí gnó, faisnéis chreidmheasa agus faisnéis de chineálacha eile maidir le cuideachtaí príobháideacha agus poiblí atá lonnaithe sa tSín le haghaidh tomhaltóirí nó gairmithe.

(6)  Is gníomhaireacht faisnéise creidmheasa rialtasach é Córas Náisiúnta na Síne um Fhaisnéis Chreidmheasa Fiontar a Phoibliú. Tá sé á fhorbairt agus á reáchtáil ag Riarachán Stáit na Síne um Rialáil Margaidh (SAMR), arb é an t-údarás inniúil clárúcháin le haghaidh cuideachtaí sa tSín é.

(7)  https://ningbozhongli.en.china.cn/, ar tugadh cuairt air an 12 Meán Fómhair 2023.

(8)  https://ningbozhongli.en.china.cn/, ar tugadh cuairt air an 12 Meán Fómhair 2023.

(9)  Qichacha (https://www.qcc.com/) agus Aliyun (https://market.aliyun.com/), ar tugadh cuairt orthu an 11 Meán Fómhair 2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2602/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)