|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2599 |
23.11.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2599 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Samhain 2023
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le riarachán cuideachtaí loingseoireachta ag údaráis riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 3gf(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Treoir 2003/87/CE, arna leasú le Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), déantar foráil maidir le hastaíochtaí muiriompair a áireamh sa chóras i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas (‘EU ETS’). |
|
(2) |
Chun an t-ualach riaracháin ar chuideachtaí loingseoireachta a laghdú, foráiltear le Treoir 2003/87/CE go mbeidh Bhallstát amháin freagrach as gach cuideachta loingseoireachta. De bhun Threoir 2003/87/CE, tugtar ‘an t-údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta’ ar an mBallstát atá freagrach as cuideachta loingseoireachta a riar. |
|
(3) |
I gcomhthéacs an dlí mhuirí ghinearálta, tagraíonn an coincheap ‘cuideachta loingseoireachta’ don eintiteas a gcuirtear de chúram air an soitheach a bhainistiú agus ní féidir é a mhodhnú le comhaontú déthaobhach idir na páirtithe. Ní hé an cur chuige ginearálta sin an cur chuige is oiriúnaí, áfach, i gcomhthéacs EU ETS, arb é is cuspóir don ghníomh reatha. Is gá, i gcomhthéacs sonrach sinEU ETS, aghaidh a thabhairt ar na hoibleagáidí maidir leis an eintiteas is oiriúnaí chun na bearta is gá a dhéanamh ina leith sin. In aghaidh an méid a tharlaíonn sa dlí muirí ginearálta, d’fhéadfadh an t-eintiteas sin a bheith difriúil leis an eintiteas a gcuirtear de chúram air an soitheach a bhainistiú go hiarbhír. Ina bhfianaise sin, is gá, chun críche EU ETS, imeacht ó bhrí an choincheap ‘cuideachta loingseoireachta’ sa dlí muirí ginearálta chun go mbeidh na páirtithe ábalta teacht ar chomhaontú conarthach eatarthu maidir le haitheantas an eintitis a gcuirtear na hoibleagáidí a leanann ó EU ETS de chúram air. |
|
(4) |
Lena áirithiú go gcaithfear go cothrom le cuideachtaí loingseoireachta, ba cheart do na Ballstáit rialacha comhoiriúnaithe maidir le riar cuideachtaí loingseoireachta a bhfuil siad freagrach astu a leanúint. Chun forfheidhmiú cuí EU ETS a ráthú agus chun na difríochtaí idir EU ETS agus an dlí muirí ginearálta a chur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcás eagraíocht nó duine a ghlac freagracht as oibriú na loinge ón longúinéir agus, an fhreagracht sin á glacadh aici nó aige, gur aontaigh sé na dualgais agus na freagrachtaí uile arna bhforchur leis an gCód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a thógáil ar láimh, agus gur ghlac sé nó sí freisin an fhreagracht as oibleagáidí EU ETS, beidh an eagraíocht nó an duine sin sainordaithe go cuí ag an longúinéir cloí leis na bearta náisiúnta lena dtrasuítear Treoir 2003/87/CE, lena n-áirítear an oibleagáid liúntais a ghéilleadh faoi Airteagal 3gb agus Airteagal 12 den Treoir sin. A mhéid a imíonn an ceanglas sin ón gcleachtas maidir leis an sainmhíniú ar ‘cuideachta loingseoireachta’ sa dlí muirí ginearálta, tá sé teoranta do ghlacadh na freagrachta faoi EU ETS. |
|
(5) |
Chun forfheidhmiú EU ETS a éascú, ba cheart don eagraíocht nó don duine a ghlac freagracht as oibleagáidí EU ETS faisnéis maidir le longa atá faoina fhreagracht a sholáthar dá húdarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta. |
|
(6) |
Ní mór na heintitis atá freagrach as comhlíonadh na n-oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2015/757 (4) agus na n-oibleagáidí faoi Threoir 2003/87/CE a shainaithint go soiléir i gcónaí. Chuige sin, agus d’fhonn comhleanúnachas sa riarachán agus san fhorfheidhmiú a áirithiú, foráiltear le Rialachán (AE) 2015/757 nach mór don eintiteas céanna a bheith freagrach as an dá rud. |
|
(7) |
Cuimsítear in Airteagal 3gf (1) agus (3) de Threoir 2003/87/CE na forálacha lena rialaítear sannadh gach cuideachta loingseoireachta dá húdarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta. Lena áirithiú go gcaithfear go cothrom le cuideachtaí loingseoireachta, ní mór foráil a dhéanamh maidir le rialacha mionsonraithe comhchuibhithe maidir le sannadh cuideachtaí loingseoireachta do Bhallstáit. Áirítear leis na rialacha maidir le sannadh cuideachta loingseoireachta do Bhallstát tír chlárúcháin na cuideachta loingseoireachta, ar cheart dó a bheith bunaithe ar fhaisnéis a thaifeadtar in Thetis MRV, córas faisnéise tiomnaithe an Aontais arna fhorbairt agus arna oibriú ag an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí a thacaíonn le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2015/757. Ba cheart sannadh cuideachtaí loingseoireachta nach bhfuil cláraithe i mBallstát a bheith bunaithe ar shonraí um chuairteanna ar chalafoirt a stóráiltear i gcóras faisnéise agus malartaithe muirí an Aontais a bunaíodh le Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (SafeSeaNet) (5). D’fhéadfaí na sonraí um chuairteanna ar chalafoirt a fhorlíonadh le faisnéis ó chórais faisnéise eile, de réir mar is iomchuí. |
|
(8) |
Ina theannta sin, is gá rialacha mionsonraithe maidir le sannadh a bhunú le haghaidh cuideachtaí loingseoireachta nach bhfuil cláraithe i mBallstát agus nach ndearna aon mhuiraistear a thagann faoin raon feidhme a leagtar amach in Airteagal 3ga de Threoir 2003/87/CE sna 4 bliana faireacháin roimhe sin agus arb é a gcéad mhuiraistear laistigh de raon feidhme na Treorach sin turas idir calafoirt atá faoi dhlínse dhá Bhallstát, agus le haghaidh cuideachtaí loingseoireachta nach bhfuil cláraithe i mBallstát agus a thugann a líon is mó cuairteanna ar chalafoirt in dhá Bhallstát nó níos mó. Chun cur chun feidhme rianúil EU ETS a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit faisnéis a mhalartú i gcás athrú ar údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta de chuid cuideachta loingseoireachta ar leith. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Athrú Aeráide, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. I gcás inar ghlac an eagraíocht nó an duine, amhail an bainisteoir nó an cairtfhostóir lánchostais a ghlac freagracht as oibriú na loinge ón longúinéir agus, ar ghlacadh freagrachta den sórt sin, a d’aontaigh ceannas a ghlacadh ar na dualgais agus na freagrachtaí uile arna bhforchur leis an gCód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle freagracht freisin as oibleagáidí comhlíonta na mbeart náisiúnta lena dtrasuítear Treoir 2003/87/CE agus an oibleagáid lamháltais a ghéilleadh faoi Airteagal 3gb agus 12 den Treoir sin (‘na hoibleagáidí ETS’), áiritheoidh na Ballstáit gur thug an longúinéir sainordú cuí don eagraíocht nó don duine sin oibleagáidí ETS a chomhlíonadh.
2. Chun críocha mhír 1, cuirfidh an eagraíocht nó an duine doiciméad ar fáil dá húdarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta lena léireofar go soiléir gur thug an longúinéir sainordú cuí dó oibleagáidí ETS a chomhlíonadh.
Síneoidh an longúinéir agus an eagraíocht nó an duine sin an doiciméad.
Má an doiciméad sin i dteanga eile seachas teanga oifigiúil de chuid Bhallstát nó i mBéarla, soláthrófar aistriúchán Béarla.
Más cóip é an doiciméad sin, deimhneoidh nótaire poiblí nó duine comhchosúil eile a shonraigh an t-údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta mar fhíorchóip é seo. Má eisítear an chóip dheimhnithe lasmuigh de Bhallstát an údaráis riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta, déanfar an chóip a dhlisteanú, ach amháin mura bhforáiltear a mhalairt leis an dlí náisiúnta.
3. Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa doiciméad dá dtagraítear i mír 2:
|
(a) |
ainm agus uimhir aitheantais uathúil cuideachta agus úinéara chláraithe na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta de chuid na heagraíochta nó an duine ar thug an longúinéir sainordú dó; |
|
(b) |
tír chlárúcháin na heagraíochta nó an duine ar thug an longúinéir sainordú dó, mar a taifeadadh faoi Scéim Uimhrithe um Uimhir Aitheantais Uathúil Cuideachta agus Úinéara Chláraithe IMO; |
|
(c) |
ainm agus uimhir aitheantais uathúil cuideachta agus úinéara chláraithe IMO de chuid an longúinéara; |
|
(d) |
an fhaisnéis seo a leanas maidir le duine teagmhála an longúinéara:
|
|
(e) |
dáta chur i bhfeidhm an tsainordaithe ón longúinéir chuig an eagraíocht nó an duine sin; |
|
(f) |
uimhir aitheantais loinge IMO gach loinge a thagann faoi raon feidhme an tsainordaithe. |
4. I gcás nach féidir leis an eagraíocht nó leis an duine dá dtagraítear sa chéad mhír an doiciméad dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar dá húdarás riaracháin, measfar gurb é an longúinéir an t-eintiteas atá freagrach as oibleagáidí ETS.
Airteagal 2
1. I gcás inarb é an longúinéir an t-eintiteas a ghlac freagracht as oibleagáidí ETS, áiritheoidh an t-údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta go soláthróidh an longúinéir doiciméad dó ina mbeidh liosta de na longa ar ghlac an longúinéir freagracht as oibleagáidí ETS ina leith agus a dtagann a n-astaíochtaí faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE, chomh maith lena n-uimhir aitheantais loinge IMO faoi seach.
2. I gcás aon athrú ar an liosta dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an longúinéir a údarás riaracháin ar an eolas gan mhoill maidir le cuideachta loingseoireachta agus soláthróidh sé doiciméad nuashonraithe dó, chomh maith le hainm agus uimhir aitheantais uathúil cuideachta agus úinéara chláraithe IMO de chuid na cuideachta loingseoireachta nua le haghaidh gach loinge nach bhfuil faoi fhreagracht an longúinéara a thuilleadh.
Airteagal 3
1. Chun críche cuideachta loingseoireachta a shannadh d’údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta i gcomhréir le hAirteagal 3gf de Threoir 2003/87/CE, is í tír chlárúcháin cuideachta loingseoireachta dá dtagraítear in Airteagal 3gf den Treoir sin an tír a thaifeadtar in Thetis MRV, an córas faisnéise tiomnaithe de chuid an Aontais a thacaíonn le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2015/757.
2. Chun críche cuideachta loingseoireachta nach bhfuil cláraithe i mBallstát a shannadh d’údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta i gcomhréir le hAirteagal 3gf (1) de Threoir 2003/87/CE, beidh sonraí um chuairteanna ar chalafoirt bunaithe ar shonraí a stóráiltear i gcóras faisnéise agus malartaithe muirí an Aontais (SafeSeaNet) a bunaíodh le Treoir 2002/59/CE.
I gcás nach leor na sonraí atá cláraithe in SafeSeaNet chun críche cuideachta loingseoireachta nach bhfuil cláraithe i mBallstát a shannadh d’údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta, féadfaidh an Coimisiún sonraí comhlántacha a úsáid, amhail sonraí an Chórais Uathaitheantais, a stóráiltear i gcórais faisnéise eile.
Airteagal 4
I gcás inar turas a thosaigh ó chalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit é an chéad mhuiraistear loinge de chuid cuideachta loingseoireachta nach bhfuil cláraithe i mBallstát, dá dtagraítear in Airteagal 3gf(1), pointe (c), de Threoir 2003/87/CE, agus a chríochnaigh ag calafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit eile, is é an Ballstát inar thosaigh an turas sin an t-údarás riaracháin i leith na cuideachta loingseoireachta sin.
Airteagal 5
I gcás ina dtugann cuideachta loingseoireachta nach bhfuil cláraithe i mBallstát a líon is mó cuairteanna ar chalafort in dhá Bhallstát nó níos mó, is é a bheidh san údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta an Ballstát inar thug an chuideachta loingseoireachta a céad chuairt ar chalafort i measc na dturas a thosaigh nó a chríochnaigh sna Ballstáit sin ar tugadh an líon céanna cuairteanna ar chalafoirt orthu agus a tugadh le linn na dtréimhsí tuairiscithe ábhartha.
Déanfar an dáta imeachta agus teachta a ríomh de réir Mheán-Am Greenwich (GMT/UTC).
Airteagal 6
1. I gcás athrú ar údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta, beidh rochtain ag an údarás riaracháin nua i leith cuideachta loingseoireachta ar an bhfaisnéis ábhartha go léir faoin gcuideachta loingseoireachta sin. Áireofar leis sin rochtain ar phlean faireacháin gach loinge atá faoi fhreagracht na cuideachta loingseoireachta, ar na tuarascálacha astaíochtaí roimhe sin ar leibhéal loinge agus ar thuarascálacha ar leibhéal loinge atá le cur isteach i gcás ina ndéanfar athrú ar chuideachta gach loinge atá faoi fhreagracht na cuideachta loingseoireachta, agus ar na sonraí astaíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal na cuideachta de thréimhsí faireacháin roimhe sin.
2. Sula ndéanfar an t-athrú dá dtagraítear i mír 1, feidhmeoidh an t-údarás riaracháin i ndáil le cuideachta loingseoireachta atá freagrach, dícheall cuí chun aon doiciméid nó faisnéis ábhartha eile a bhaineann leis an gcuideachta loingseoireachta lena mbaineann a sholáthar don údarás riaracháin nua i leith cuideachta loingseoireachta, arna iarraidh sin dó.
3. Sula ndéanfar an t-athrú dá dtagraítear i mír 1, beidh rochtain ag an údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta atá freagrach, ar fhaisnéis maidir leis an tréimhse a raibh an chuideachta loingseoireachta faoina fhreagracht lena linn de réir mar is iomchuí, go háirithe chun na nósanna imeachta pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar na forálacha náisiúnta a glacadh de bhun Threoir 2003/87/CE agus ar na pionóis dá dtagraítear in Airteagal 16(3) den Treoir sin a láimhseáil.
Airteagal 7
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Samhain 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.
(2) Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L 130, 16.5.2023, lch. 134).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cur chun feidhme an Chóid Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3051/95 ón gComhairle (IO L 64, 4.3.2006, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55).
(5) Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas Comhphobail faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí agus lena n-aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle (IO L 208, 5.8.2002, lch. 10).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2599/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)