|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2585 |
20.11.2023 |
MOLADH (AE) 2023/2585 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Deireadh Fómhair 2023
maidir le feabhas a chur ar an ráta tabhairt ar ais i dtaca le fóin, táibléid agus ríomhairí glúine úsáidte agus dramhaíola
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (‘DTLL’) ar cheann de na sruthanna dramhaíola is mó fás san Aontas, le méadú 2 % ag teacht air in aghaidh na bliana faoi láthair, rud a fhágann go bhfuil riosca tromchúiseach ann do shláinte an duine agus don chomhshaol araon, mura ndéantar cóireáil chuí air. In 2019, gineadh 16,2 kg per capita DTLL ar an meán san Eoraip (1) agus in 2020, bailíodh ar leithligh thart ar 10.5 kg per capita DTLL san Aontas (2) chun go ndéanfaí cóireáil chuí air i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus go ndéanfaí athchúrsáil air. Maidir leis an DTLL sin a bailíodh ar leithligh, is iontach íseal an sciar de ríomhtháirgí beaga tomhaltais, amhail fóin phóca, táibléad, ríomhairí glúine agus na luchtairí a ghabhann leo, a bhailítear ar leithligh. Mar shampla, tuairiscítear an ráta bailithe i dtaca le fóin phóca a bheith faoi bhun 5 % sna Ballstáit agus meastar go bhfuil stoc 700 milliún fón póca neamhúsáidte agus dramhaíola stóráilte i dteaghlaigh ar fud an Aontais. |
|
(2) |
Thairis sin, tá dúshlán ar leith ag baint le ríomhtháirgí beaga tomhaltais a bhailiú agus a athchúrsáil mar go ndiúscraítear iad ar bhealach míchuí trí dhramhaíl tí chathrach, go n-onnmhairítear go neamhdhleathach iad, nó go gcóireáiltear iad ar bhealach míchuí eile. Meastar, mar shampla, go bhfuil ráta athchúrsála na bhfón póca idir 12 % agus 15 % san Aontas. |
|
(3) |
Maidir le ríomhtháirgí beaga tomhaltais, amhail fóin phóca, táibléid agus ríomhairí glúine, tá ardluach leabaithe úis i ngeilleagar ciorclach ag baint leo ós rud é go bhfuil éagsúlacht mhór ábhar iontu, lena n-áirítear amhábhair chriticiúla thábhachtacha, ar ábhair iad is féidir a athchúrsáil nó a aisghabháil nuair a dhéantar dramhaíl a bhainistiú ar bhealach éifeachtach. Na samhlacha ciorclacha amhail athúsáid, deisiú nó athmhonarú ríomhtháirgí beaga tomhaltais, chomh maith le hathchúrsáil na n-amhábhar criticiúil atá iontu, cuidíonn siad, dá bhrí sin, le dramhaíl a chosc trí tháirgí, comhpháirteanna agus amhábhair thánaisteacha a thabhairt isteach sa gheilleagar an athuair. Ina theannta sin, is féidir borradh a chur faoi phoist ghlasa sa gheilleagar ciorclach trí threalamh leictreach agus leictreonach a dheisiú agus a athúsáid, chomh maith le hullmhú le haghaidh athúsáide agus athchúrsála DTLL. Mar shampla, is féidir le gníomhaíochtaí athúsáide i dtrealamh leictreach agus leictreonach idir 60 agus 140 post a chruthú in aghaidh gach 1 000 tona a bhailítear d’fhonn iad a athúsáid. (4) |
|
(4) |
Agus saolré na ríomhtháirgí beaga tomhaltais á meas, amhail fóin phóca, táibléid nó ríomhairí glúine, baineann a dtionchar comhshaoil agus sóisialta go príomha leis an gcéim táirgthe. An t-eastóscadh ábhar, lena n-áirítear táirgeadh miotal agus mianadóireacht amhábhar criticiúil (5) amhail miotail de chuid an ghrúpa platanaim, cóbalt, indiam, antamón, beirilliam, litiam, dúile tearc-chré, tungstan agus tantalam, is minic a bhaineann tionchair mhóra leo ar an gcomhshaol, ar an tsláinte agus ar an tsochaí. Áirítear ar na tionchair ghaolmhara ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte phoiblí na tionchair sin a eascraíonn as astaíochtaí truailleán agus gás ceaptha teasa, as substaintí guaiseacha a úsáid, agus as giniúint dramhaíola, agus áirítear leis na tionchair shóisialta a bhaineann le mianadóireacht amhábhar criticiúil tionchair amhail coinbhleachtaí sóisialta, sárú ar chearta an duine, saothar leanaí nó díshealbhú talún (6). Trí phrionsabail chiorclaíochta a chur i bhfeidhm maidir le saolré iomlán agus fad saoil na ríomhtháirgí beaga tomhaltais a leathnú, d’fhéadfadh, dá bhrí sin, buntáistí móra a bheith ann i dtaca le héifeachtúlacht acmhainní, dícharbónú agus dí-thruailliú, mar aon le tacú le margadh le haghaidh amhábhair thánaisteacha. |
|
(5) |
Tá tábhacht ar leith ag baint le hathchúrsáil agus le haisghabháil amhábhar criticiúil atá i ríomhtháirgí beaga tomhaltais i bhfianaise an éilimh dhomhanda atá ag dul i méid ar na hábhair sin agus i bhfianaise aon suaitheadh soláthair a d’fhéadfadh a bheith ann. Thairis sin, braitheann an tAontas go heisiach i mbeagnach gach cás ar allmhairí le haghaidh go leor de na hamhábhair sin. Dá bhrí sin, maidir le téarnamh eacnamaíoch na gcomhpháirteanna gaolmhara agus na n-ábhar gaolmhar, tá sé ríthábhachtach feabhas a chur ar chainníocht agus ar cháilíocht bhailiú na ríomhtháirgí beaga tomhaltais, trí scéimeanna aisghlactha a chuireann ar a gcumas do thomhaltóirí gléasanna a thabhairt ar ais nuair a bhíonn siad ina ndramhaíl nó nuair nach n-úsáidtear iad a thuilleadh. |
|
(6) |
Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún in 2019 a bhaineann leis an gComhaontú Glas don Eoraip (7), cuirtear i dtábhacht nach mór don aistriú chuig geilleagar ciorclach díriú ar na hearnálacha atá dian ar acmhainní, amhail an earnáil leictreonaice. I measc na ngníomhaíochtaí ábhartha a moladh, bhí measúnú ar na tairbhí a bhaineann le tacaíocht a thabhairt do scéimeanna aisghlactha chun tabhairt ar ais gléasanna nach dteastaíonn a dhreasú, amhail fóin phóca, táibléid agus luchtairí. Tugtar mionsonraí breise air sin sa Teachtaireacht ón gCoimisiún in 2020 maidir le Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach (8), ina n-iarrtar feabhas a chur ar bhailiú agus ar chóireáil DTLL, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí fhéachaint ar roghanna le haghaidh scéimeanna aisghlactha chun fóin phóca, táibléid agus luchtairí úsáidte agus dramhaíola a thabhairt ar ais. Ina theannta sin, sa Teachtaireacht ón gCoimisiún in 2021 maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú (9), iarrtar go ndéanfar dramhaíl a chosc agus athchúrsáil ar ardcháilíocht lena dtacaítear le spriocanna an Aontais maidir le héifeachtúlacht acmhainní, agus lena n-aithnítear DTLL i measc na sruthanna dramhaíola is mó fás an tráth céanna. |
|
(7) |
Is é is aidhm don Rialachán atá beartaithe maidir le soláthar slán amhábhar criticiúil (10) creat a sholáthar chun soláthar slán agus inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú san Aontas. Is é is aidhm aige tacaíocht a thabhairt do thionscadail straitéiseacha, lena n-áirítear i réimse na hathchúrsála, agus leagtar béim leis ar bhailiú níos mó a dhéanamh ar earraí úsáidte agus sruthanna dramhaíola araon ina bhfuil méideanna ábhartha amhábhar criticiúil. |
|
(8) |
Tá rialacha i Rialachán (AE) 2023/1670 ón gCoimisiún (11) chun fóin chliste, fóin phóca nach fóin chliste iad, fóin gan sreang agus ríomhairí táibléid a dhéanamh níos tíosaí ar fhuinneamh, níos buanfasaí agus níos fusa iad a dheisiú agus a athchúrsáil. I dtaca leis na ceanglais maidir le fáil ar uasghráduithe den leagan den chóras oibriúcháin, maidir le scrios sonraí agus aistriú feidhmiúlachtaí agus maidir leis an bhfaisnéis faoi chainníocht amhábhar criticiúil áirithe (cóbalt, tantalam, neoidimiam agus ór) agus maidir le céatadán an ábhair athchúrsáilte (más ann dó), tá sé de chuspóir acu, i sineirgíocht leis an Moladh seo, athúsáid agus athchúrsáil fón póca agus táibléad a chothú. |
|
(9) |
Rialaítear WEEE, lena n-áirítear dramhaíl ó ríomhtháirgí beaga tomhaltais, le Treoir 2012/19/AE. Leagtar amach in Airteagal 3(1), pointe (e), de Threoir 2012/19/AE sainmhíniú ar ‘dramhthrealamh leictreach agus leictreonach’, agus sainmhínítear in Airteagal 3(1) de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12)‘dramhaíl’ mar ‘aon substaint nó rud a fhaigheann an sealbhóir réidh leis nó a bhfuil sé ar intinn aige nó a bhfuil sé de cheangal ar an sealbhóir fáil réidh leis’. |
|
(10) |
Le Treoir 2012/19/AE, cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit a áirithiú go n-íoslaghdófar diúscairt DTLL mar dhramhaíl chathrach nár sórtáladh, go mbainfear amach ardleibhéal bailithe ar leithligh, agus go n-áiritheofar go ndéanfar cóireáil chuí ar gach DTLL a bhailítear ar leithligh. Leis an Treoir sin, socraítear sprioc bhliantúil bailithe DTLL de 65 %, a bheidh infheidhme ó 2019 ar aghaidh, bunaithe ar mheánmheáchan an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a chuirtear ar an margadh sna 3 bliana roimhe sin i ngach Ballstát, nó de rogha air sin sprioc 85 % den trealamh leictreach agus leictreonach a ghintear go bliantúil ar chríoch gach Ballstáit. Ina theannta sin, leagtar síos sa Treoir sin spriocanna íosta aisghabhála lena n-áirítear sprioc athchúrsála agus ullmhaithe le haghaidh athúsáide do chatagóirí éagsúla trealaimh leictrigh agus leictreonaigh. |
|
(11) |
Leagtar síos i dTreoir 2012/19/AE freisin oibleagáidí sonracha aisghlactha chun bailiú ar leithligh DTLL a áirithiú. Tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear córais ar bun lena ndéantar foráil maidir le DTLL teaghlaigh a thabhairt ar ais saor in aisce. Glacfaidh dáileoirí le tabhairt ar ais DTLL nuair a dhíolann siad trealamh leictreach agus leictreonach den chineál céanna. Ní mór do dháileoirí foráil a dhéanamh freisin maidir le bailiú DTLL an-bheag ó úsáideoirí deiridh i siopaí miondíola de mhéid áirithe (13), saor in aisce, gan aon oibleagáid ar an úsáideoir deiridh trealamh leictreach agus leictreonach de chineál coibhéiseach a cheannach, ach amháin má léirítear i measúnú gur dócha go mbeidh scéimeanna malartacha bailithe atá ann cheana chomh héifeachtach céanna ar a laghad. |
|
(12) |
De bhun Airteagal 14(2) de Threoir 2012/19/AE, áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh úsáideoirí trealaimh leictrigh agus leictreonaigh i dteaghlaigh phríobháideacha an fhaisnéis is gá maidir leis na córais tabhairt ar ais agus bailithe atá ar fáil dóibh agus molfaidh siad an comhordú faisnéise maidir leis na pointí bailithe atá ar fáil freisin. |
|
(13) |
Cé go bhfuil roinnt dul chun cinn déanta ó glacadh an chéad Treoir maidir le DTLL, glacadh Treoir 2002/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) in 2003, agus níos mó fós ó glacadh Treoir 2012/19/AE, is íseal fós na rátaí ullmhaithe le haghaidh athúsáide, bailithe agus aisghabhála dramhaíola ó ríomhtháirgí beaga tomhaltais sna Ballstáit. Coinnítear méideanna móra ríomhtháirgí beaga tomhaltais, idir táirgí feidhmiúla agus dramhaíola, i dteaghlaigh mar gheall ar a mbeagmhéid, lena n-úsáid mar chúltaca nó mar stóráil sonraí, nó le haghaidh a n-acmhainneachta athdhíola. An easpa feasachta maidir leis na roghanna aisghlactha atá ar fáil, mar aon le hábhair imní maidir le príobháideachas sonraí pearsanta agus gléasanna den sórt sin á dtabhairt ar ais chun go bhféadfaí iad a athúsáid nó a ullmhú lena n-athúsáid, cuireann na nithe sin le rátaí ísle tabhairt ar ais freisin. |
|
(14) |
Chun saincheisteanna a bhaineann le bainistíocht DTLL sna Ballstáit a shainaithint agus chun tacú leo dul i ngleic le saincheisteanna den sórt sin, rinne an Coimisiún tionscnamh maidir le comhlíonadh DTLL a chur chun cinn, inar cuireadh moltaí ar fáil do na Ballstáit chun bailiú DTLL a mhéadú (15). Áirítear ar na moltaí sin, go háirithe, go bhforbróidh na Ballstáit bonneagar leormhaith do thomhaltóirí chun fáil réidh le DTLL agus chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi na roghanna aisghlactha atá ar fáil dóibh. Áirítear leis sin a áirithiú go gcomhlíonann dáileoirí a n-oibleagáidí aisghlactha faoi Airteagal 5 de Threoir 2012/19/AE agus go dtugtar an rogha do thomhaltóirí gléasanna a thabhairt ar ais saor in aisce. |
|
(15) |
I staidéar a rinneadh don Choimisiún in 2022 chun féachaint ar roghanna san Aontas maidir le scéimeanna tabhairt ar ais maidir le fóin phóca, táibléid agus trealamh beag leictreach agus leictreonach eile (16), sainaithníodh sraith beart beartais chun feabhas a chur ar ráta tabhairt ar ais na ríomhtháirgí beaga tomhaltais úsáidte agus dramhaíola, go háirithe trí dhreasachtaí airgeadais, trí bhearta rialála agus trí fheabhas a chur ar an áisiúlacht do thomhaltóirí. Is dócha go bhfeabhsóidh bearta den sórt sin, ina n-aonar nó i dteannta a chéile, éifeachtacht na scéimeanna aisghlactha chun ríomhtháirgí beaga tomhaltais a aisghabháil. |
|
(16) |
Dáileoirí, soláthraithe teileachumarsáide, gnólachtaí príobháideacha, fiontair shóisialta agus eintitis geilleagair shóisialta, carthanais, táirgeoirí trealaimh leictrigh agus leictreonaigh nó eagraíochtaí a chuireann oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí chun feidhme thar a gceann (eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí), agus ardáin ar líne, ba cheart cead a bheith acu scéimeanna cúltaca a oibriú. |
|
(17) |
Rinneadh an úsáid i bhfoirm lascainí, dearbhán, scéimeanna um aisíoc éarlaise agus luach saothair airgid a thairgtear do thomhaltóirí agus a ngléasanna á dtabhairt ar ais acu a shainaithint mar bheart éifeachtúil chun feabhas a chur ar ráta tabhairt ar ais na ngléasanna dramhaíola agus na ngléasanna úsáidte. Mar a thugtar faoi deara i scéimeanna aisghlactha atá ann cheana, braitheann an luach saothair airgeadais ar cé acu atá an gléas oiriúnach lena athúsáid nó an bhfuil sé le hathchúrsáil. Tá luach athdhíola níos airde ag gléasanna athdhíola atá oiriúnach lena n-athúsáid, lena ndeisiú agus lena n-athchóiriú agus, ar an gcaoi sin, déantar idirdhealú orthu ó na cinn a ndearnadh dramhaíl dóibh agus a bhailítear le haghaidh athchúrsála. Le tairiscintí spriocdhírithe ar luach saothair airgeadais, éascaítear bailiú agus aisghabháil éifeachtúil na ngléasanna úsáidte agus dramhaíola araon agus meastar go spreagfaidh siad tomhaltóirí na ríomhtháirgí beaga tomhaltais nach n-úsáideann siad a thuilleadh, ach a stórálann siad sa bhaile, a thabhairt ar ais. Is léir ón taithí a fuarthas gur iondúil go mbíonn na scéimeanna sin níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla nuair a cheaptar iad ar feadh tréimhse theoranta. |
|
(18) |
I gcás ina soláthraítear luach saothair airgeadais as ríomhtháirgí beaga tomhaltais a thabhairt ar ais trí rogha aischeannaigh, ba cheart uirlisí agus socruithe iomchuí a cheadú chun cabhrú le tomhaltóirí cinntí eolasacha a dhéanamh, cuir i gcás, trí mhodh a sholáthar chun luach aischeannaigh a ngléasanna a ríomh. |
|
(19) |
Fuarthas taithí dhearfach i roinnt Ballstát agus úsáid á baint as bonneagar agus as líonra seirbhísí poist agus loingseoireachta ó dhoras go doras chun trealamh leictreach agus leictreonach úsáidte nó dramhaíola a bhailiú laistigh dá gcríoch. I gcás ina bhfuil socruithe den sórt sin i mBallstát, is féidir le tomhaltóirí sa Bhallstát sin oifigí poist a úsáid mar phointí fágála nó seirbhísí poist agus loingseoireachta a úsáid chun a ríomhtháirgí beaga tomhaltais úsáidte nó dramhaíola a sheoladh chuig pointí bailithe arna mbunú sa Bhallstát sin ag oibreoirí aisghlactha nó ag eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí. Fuarthas amach go gcuireann socruithe den sórt sin go mór leis an áisiúlacht don tomhaltóir a ndéanann ríomhtháirgí beaga tomhaltais a thabhairt ar ais. |
|
(20) |
Sainaithníodh spriocanna maidir le hathúsáid agus ullmhú le haghaidh athúsáide mar phríomhchumasóirí agus mar phríomhtháscairí geilleagair chiorclaigh. Trí spriocanna den sórt sin a leagan síos, is féidir athúsáid a spreagadh trí bhearta iomchuí. D’fhéadfaí na spriocanna a shocrú mar chuspóir náisiúnta atá bainteach le faireachán nó mar sprioc shainordaitheach d’oibreoirí sonracha scéimeanna aisghlactha, amhail dáileoirí nó eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí. |
|
(21) |
Tá sé ríthábhachtach tús áite a thabhairt don athúsáid seachas don athchúrsáil mar gheall ar an acmhainneacht atá ann astaíochtaí gás ceaptha teasa agus úsáid acmhainní a laghdú, chomh maith leis an bhféidearthacht poist a chruthú. Le Treoir 2008/98/CE leagtar síos oibleagáid ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun athúsáid a spreagadh mar chuid dá gcláir um chosc ar dhramhaíl, agus faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart gaolmhar trí athúsáid a thomhas i gcomhréir le modheolaíocht chomhchoiteann arna bunú faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/19 ón gCoimisiún (17). Tá trealamh leictreach agus leictreonach ar cheann de na catagóirí táirgí a áirítear sa Chinneadh Cur Chun Feidhme sin agus ar cheart do na Ballstáit athúsáid a thomhas ina leith uair amháin gach 3 bliana ar a laghad. |
|
(22) |
Bunaítear na spriocanna aisghabhála a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2012/19/AE mar chomhsprioc i dtaca le hullmhú le haghaidh athúsáide agus athchúrsála do na catagóirí trealaimh leictrigh agus leictreonaigh ábhartha. Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2193 ón gCoimisiún (18), ceanglaítear ar na Ballstáit na cainníochtaí DTLL arna n-ullmhú lena n-athúsáid a thuairisciú don Choimisiún, de bhreis ar na cainníochtaí a athchúrsáiltear. Le tuairisciú ar leithligh ar ullmhú le haghaidh athúsáide, cuirtear ar a gcumas do na Ballstáit forléargas a fháil ar na cainníochtaí ábhartha agus, b’fhéidir, tionscnaimh a dhéanamh chun spriocanna ar leith a leagan síos maidir le hullmhú le haghaidh athúsáide chun an oibríocht aisghabhála sin a chur chun cinn agus chun na spriocanna comhcheangailte a mhéadú maidir le hullmhú le haghaidh athúsáide agus athchúrsála araon. |
|
(23) |
Ba cheart go gcuideodh comhpháirtíochtaí idir eagraíochtaí athúsáide agus oibreoirí scéimeanna aisghlactha, amhail dáileoirí, gnólachtaí príobháideacha, eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, fiontair shóisialta agus eintitis agus carthanais an gheilleagair shóisialta leis an ullmhú le haghaidh athúsáide a uasmhéadú, mar shampla, trí scaradh DTLL a spreagadh atá le hullmhú lena n-athúsáid ó DTLL eile a bhailítear ar leithligh agus trí rochtain ar DTLL a bhailítear ar leithligh a thabhairt do phearsanra ó ionaid athúsáide. Ba cheart go spreagfadh comhpháirtíochtaí den sórt sin freisin tomhas shreafaí athúsáide na ríomhtháirgí beaga tomhaltais. |
|
(24) |
Má chuirtear feabhas ar áisiúlacht agus infheictheacht na bpointí bailithe agus aisghlactha, is féidir dul i bhfeidhm ar thomhaltóirí chun ríomhtháirgí beaga tomhaltais, nach n-úsáideann siad a thuilleadh, ach a stórálann siad sa bhaile, a thabhairt ar ais. Leis na bunachair sonraí, ba cheart infheictheacht na bpointí aisghlactha le haghaidh dramhthrealamh leictreach agus leictreonach agus trealamh úsáidte leictreach agus leictreonach a éascú agus a fheabhsú, trí fhaisnéis a sholáthar maidir leis na pointí aisghlactha is gaire trí léarscáileanna so-úsáidte agus uirlisí cuardaigh. Ba cheart bunachair sonraí a úsáid freisin chun athúsáid a spreagadh trí phointí athúsáide, deisithe nó athchóirithe le haghaidh trealamh leictreach agus leictreonach a mhapáil. |
|
(25) |
Chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le slándáil sonraí agus chun a áirithiú go ndéantar na sonraí pearsanta uile a stóráiltear i ríomhtháirgí beaga tomhaltais a bhainistiú agus a scriosadh i gceart le haghaidh aon oibríocht athúsáide nó aisghabhála ina dhiaidh sin, deimhnítear go gcomhlíonann roinnt scéimeanna aisghlactha caighdeáin áirithe láimhseála sonraí. Ar na samplaí de chaighdeáin tá caighdeán Eorpach EN50614 maidir le ceanglais i dtaca le hullmhú le haghaidh athúsáid DTLL agus an caighdeán ‘Réidh le hAthúsáid (R2)’. |
|
(26) |
Sainaithníodh iarrachtaí spriocdhírithe cumarsáide nó feachtais faisnéise ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil i staidéir éagsúla mar mhodh úsáideach chun feasacht a mhúscailt maidir leis an tábhacht a bhaineann le ríomhtháirgí beaga tomhaltais ina bhfuil amhábhair chriticiúla a thabhairt ar ais, chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi na roghanna maidir le tabhairt ar ais atá ar fáil dóibh, chomh maith leis na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith acu (e.g. dreasachtaí airgeadais), agus chun feabhas a chur ar ráta foriomlán tabhairt ar ais na ríomhtháirgí beaga tomhaltais. |
|
(27) |
Léirigh taithí na mBallstát i gcur chun feidhme na n-oibleagáidí aisghabhála a bunaíodh le hAirteagal 5(2), pointí (b) agus (c), de Threoir 2012/19/AE gur féidir feabhas a chur ar na rátaí comhlíonta agus aischuir trí fhaireachán níos déine, agus trí chigireachtaí ar cé acu a dhéanann nó nach ndéanann dáileoirí, lena n-áirítear dáileoirí ar líne, a dhíolann trealamh leictreach agus leictreonach, na socruithe aisghabhála sin a sholáthar. |
|
(28) |
Ba cheart d’oibreoirí scéimeanna aisghlactha le haghaidh trealamh úsáidte leictreach agus leictreonach a bheith in ann roinnt brandaí, samhlacha agus faisnéis maidir le haisghlacadh a chumhdach agus is gá an fhéidearthacht ríomhtháirgí beaga tomhaltais a thabhairt ar ais a bheith infheicthe agus is gá an fhéidearthacht sin a chur in iúl don tomhaltóir ag an díolphointe, lena n-áirítear é sin a dhéanamh i gcás díolacháin ar líne. |
|
(29) |
Trí eolas agus dea-chleachtais a chomhroinnt idir na Ballstáit, is féidir na cineálacha cur chuige is iomchuí agus is éifeachtaí a shainaithint agus a chur i gcomparáid le chéile chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ar leith a bhaineann le bailiú DTLL, go háirithe i ndáil le ríomhtháirgí beaga tomhaltais. Cuirtear tionscnaimh agus cláir ar fáil chun piarfhoghlaim idir údaráis chomhshaoil a éascú agus chun tacaíocht shaincheaptha a chur ar fáil d’údaráis na mBallstát a chuireann beartas agus reachtaíocht chomhshaoil chun feidhme agus is é an Coimisiún, go háirithe, a chuireann na tionscnaimh agus na cláir sin ar fáil. Bhunaigh an Coimisiún clár piarfhoghlama (19) a d’fhéadfaí a úsáid chun dea-chleachtais a mhalartú maidir le bailiú agus cóireáil DTLL, mar aon le malartuithe maidir le bearta lena ndreasaítear aisghabháil na ríomhtháirgí beaga tomhaltais, |
TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:
|
(1) |
Ba cheart do na Ballstáit tacú le dreasachtaí airgeadais a bhunú chun ríomhtháirgí beaga tomhaltais a thabhairt ar ais, is é sin, fóin phóca, táibléid agus ríomhairí glúine, trí chistiú tiomnaithe d’oibreoirí scéimeanna aisghlactha nó trí cheanglais ar oibreoirí scéimeanna aisghlactha, go háirithe eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, chun foráil a dhéanamh maidir le dreasachtaí den sórt sin, nó an dá rud. Ba cheart na dreasachtaí airgeadais, a bhféadfadh lascainí, dearbháin nó luach saothair airgeadaíochta a bheith i gceist leo, a dhíriú ar aon cheann de na nithe seo a leanas:
|
|
(2) |
Iarrtar ar na Ballstáit scrúdú a dhéanamh, trí staidéir thiomnaithe agus trí threoirthionscadail, ar a indéanta atá sé córas aisíoctha éarlaisí a chur chun feidhme le haghaidh ríomhtháirgí beaga tomhaltais feidhmiúla agus neamhfheidhmiúla araon. |
|
(3) |
Ba cheart do na Ballstáit bunú agus úsáid uirlisí a spreagadh lena gcuirtear ar a gcumas do thomhaltóirí an luach a bhaineann lena ngléas beag leictreonach tomhaltais lena cheannach ar ais ag oibreoirí a ríomh. Ba cheart ríomh ráta aischeannaigh na ngléasanna sin a éascú agus a chur ar fáil do thomhaltóirí trí uirlisí éagsúla amhail ríomhanna a dhéantar i siopaí, ar líne, ar bhealach uathoibrithe trí phróiseas scanta, nó trí chóras pas táirgí a úsáid. Ba cheart na critéir a úsáidtear chun an ráta aischeannaigh a ríomh a bheith trédhearcach agus ba cheart iad a bheith bunaithe ar riocht agus ar mhúnla an ghléis. |
|
(4) |
Moltar do na Ballstáit cuimsiú seirbhísí poist agus loingseoireachta a chur chun cinn agus tacú leis an gcuimsiú sin i mbearta a chuidíonn le ríomhtháirgí beaga tomhaltais a bhailiú ar leithligh agus a aisghabháil laistigh dá gcríoch. Ba cheart tabhairt ar ais agus bailiú na ríomhtháirgí beaga tomhaltais a éascú trí bhearta spriocdhírithe trína gcomhoibríonn oibreoirí scéimeanna aisghlactha le seirbhísí poist agus loingseoireachta agus na haidhmeanna seo a leanas acu:
|
|
(5) |
Iarrtar ar na Ballstáit spriocanna a bhunú maidir le hathúsáid agus ullmhú le haghaidh athúsáide maidir le fóin phóca, táibléid agus ríomhairí glúine. D’fhéadfaí spriocanna den sórt sin a bhunú le haghaidh grúpaí táirgí aonair nó d’fhéadfaí baint níos leithne a bheith acu le Catagóir 6 ‘Trealamh beag TF agus teileachumarsáide’ in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2012/19/AE. Ba cheart spriocanna athúsáide a áireamh i bpleananna náisiúnta coiscthe dramhaíola agus ba cheart iad a dhíriú ar dheisitheoirí, ar athchóiritheoirí nó ar eagraíochtaí athúsáide. Ba cheart spriocanna maidir le hullmhú le haghaidh athúsáide a áireamh i bpleananna bainistithe dramhaíola nó in údaruithe nó i gceanglais eile a leagtar síos d’eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí. Agus spriocanna athúsáide agus ullmhaithe le haghaidh athúsáide á socrú, ní mór do na Ballstáit úsáid a bhaint as an modheolaíocht choiteann chun athúsáid a ríomh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/19 agus na rialacha maidir le hullmhú le haghaidh athúsáide a ríomh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2193. |
|
(6) |
Ba cheart do na Ballstáit spreagadh agus tacaíocht a thabhairt d’oibreoirí scéimeanna aisghlactha chun comhpháirtíochtaí a bhunú le heagraíochtaí athúsáide chun rochtain a thabhairt dóibh ar ríomhtháirgí beaga tomhaltais a bhailítear, chun go bhféadfar na cinn is féidir a ullmhú lena n-athúsáid a scaradh ó na cinn a sheoltar lena n-athchúrsáil. |
|
(7) |
Moltar do na Ballstáit a chumasú, trí acmhainní iomchuí a chur ar fáil, bunachair sonraí agus uirlisí cuardaigh a fhorbairt agus a fheabhsú, ar uirlisí iad atá dírithe ar thomhaltóirí maidir le pointí bailithe agus aisghlactha an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh úsáidte agus dramhaíola. D’fhéadfaí a áireamh leis sin ceangal a chur ar tháirgeoirí, trí eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí nó trína socruithe féin um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí, na costais a bhaineann le gníomhaíocht den sórt sin a chumhdach. Ba cheart bunachair sonraí agus uirlisí cuardaigh a bheith oscailte do gach pointe aisghlactha agus do gach deisitheoir i gcomhréir le dlí an Aontais, ba cheart iad a bheith ar fáil saor in aisce do na tomhaltóirí agus ba cheart iad a bheith so-úsáidte. Ba cheart a áireamh leis an ngníomhaíocht bunachair sonraí nua a fhorbairt agus feabhas a chur ar fheidhmiúlacht na mbunachar sonraí atá ann cheana. I mbunachair sonraí agus uirlisí cuardaigh nach gcuireann faisnéis ar fáil ach maidir le pointí bailithe agus aisghlactha DTLL, ba cheart a áireamh áiteanna inar féidir le tomhaltóirí a ríomhtháirgí beaga tomhaltais a dheisiú, a athúsáid agus a athmhonarú. |
|
(8) |
Ba cheart do na Ballstáit feachtais rialta feasachta tomhaltóirí a dhéanamh, nó a cheangal ar eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí feachtais feasachta tomhaltóirí a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus/nó áitiúil, arb é is aidhm dóibh bailiú ar leithligh ríomhtháirgí beaga tomhaltais a mhéadú. Ba cheart go ndíreodh feachtais ar fheabhas a chur ar infheictheacht na bpointí aisghabhála agus bailithe araon le haghaidh trealamh leictreach agus leictreonach úsáidte nó dramhaíola, agus ar na tairbhí díreacha a d’fhéadfadh a bheith ann do thomhaltóirí (e.g. dreasachtaí airgeadais). Ba cheart é a bheith de chuspóir feasacht an phobail a ardú maidir leis na roghanna atá ar fáil chun ríomhtháirgí beaga tomhaltais a thabhairt ar ais, a athúsáid nó a aischur, agus maidir leis an tábhacht a bhaineann le bailiú ar leithligh agus aisghabháil na ngléasanna luachmhara sin i bhfianaise impleachtaí comhshaoil agus acmhainní. |
|
(9) |
Ba cheart do na Ballstáit oibreoirí scéimeanna aisghlactha a spreagadh chun úsáid a bhaint as scéimeanna deimhniúcháin lena n-áiritheofar go ndéanfar na sonraí pearsanta uile a stóráiltear i ríomhtháirgí beaga tomhaltais a bhainistiú agus a scriosadh ar bhealach cuí. Agus gléasanna á dtabhairt ar ais acu, ba cheart a chur in iúl do thomhaltóirí go n-úsáidfear scéim deimhniúcháin den sórt sin, nó socruithe coibhéiseacha atá le sonrú, chun sonraí pearsanta a bhainistiú. |
|
(10) |
Ba cheart do na Ballstáit cur chun feidhme na hoibleagáide aisghlactha a leagtar síos in Airteagal 5(2), pointí (b) agus (c), de Threoir 2012/19/AE a mhéadú trí chigireachtaí córasacha agus tréimhsiúla agus trí fhaireachán a dhéanamh ar dháileoirí. |
|
(11) |
Iarrtar ar na Ballstáit a cheangal ar dháileoirí tomhaltóirí a cheannaíonn ríomhtháirgí beaga tomhaltais a chur ar an eolas maidir leis an bhféidearthacht trealamh leictreach agus leictreonach úsáidte nó dramhaíola a thabhairt ar ais. Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar ag an díolphointe, ar bhealach soiléir infheicthe, nó, i gcás díolacháin ar líne, trí fhaisnéis a sholáthraítear leis an tairiscint. |
|
(12) |
Moltar do na Ballstáit úsáid a bhaint as uirlisí, lena n-áirítear na huirlisí sin a bhunaigh an Coimisiún, lena n-éascaítear piarfhoghlaim idir údaráis chomhshaoil agus lena gcuirtear tacaíocht shaincheaptha ar fáil, go háirithe trí dhea-chleachtais a mhalartú le Ballstáit eile maidir le dramhaíl a bhailiú ó ríomhtháirgí beaga tomhaltais agus maidir lena n-aisghabháil. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Virginijus SINKEVIČIUS
Comhalta den Choimisiún
(1) An Monatóir Domhanda maidir le Dramhthrealamh leictreach agus leictreonach 2020: Cainníochtaí, sreafaí, agus acmhainneacht an gheilleagair chiorclaigh: https://ewastemonitor.info/wp-content/uploads/2020/11/GEM_2020_def_july1_low.pdf
(2) Eurostat: https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Waste_statistics_-_electrical_and_electronic_equipment
(3) Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (WEEE) (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38).
(4) RREUSE (2021) ‘Job creation in the re-use sector: data insights from social enterprises’ [Cruthú post san earnáil athúsáide: léargais sonraí ó fhiontair shóisialta].
(5) An togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun soláthar slán agus inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, 2018/1724 agus (AE) 2019/102. Cuimsíonn COM(2023) 160 in Iarscríbhinn II a ghabhann leis liosta d’amhábhair chriticiúla.
(6) ‘Study on Social and environmental impacts of mining activities in the EU’ [Tionchair shóisialta agus chomhshaoil na ngníomhaíochtaí mianadóireachta san Aontas]: https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2022/729156/IPOL_STU(2022)729156_EN.pdf
(7) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – An Comhaontú Glas don Eoraip, COM(2019)640 final.
(8) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘A new Circular Economy Action Plan for a cleaner and more competitive Europe’ [Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche] (COM(2020) 98 final).
(9) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘Pathway to a Healthy Planet for All EU Action Plan: ‘Plean Gníomhaíochta um Uisce, Aer Agus Ithir Saor Ó Thruailliú’ COM(2021) 400 final.
(10) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun soláthar slán agus inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 168/2013, (AE) 2018/858, 2018/1724 agus (AE) 2019/102 (COM(2023) 160 final.
(11) Rialachán (AE) 2023/1670 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2023 lena leagtar síos ceanglais maidir le héicidhearthóireacht i dtaca le fóin chliste, fóin phóca nach fóin chliste iad, fóin shiúil agus ríomhairí táibléid de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/826 ón gCoimisiún.(IO L 214, 31.8.2023, lch. 47).
(12) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
(13) Le hionaid díolacháin a bhaineann le trealamh leictreach agus leictreonach 400 m2ar a laghad.
(14) Treoir 2002/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (WEEE) (IO L 37, 13.2.2003, lch. 24).
(15) Tionscnamh chun comhlíonadh WEEE a chur chun cinn: https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/09c7215a-49c5-11e8-be1d-01aa75ed71a1/language-en.
(16) Staidéar ar roghanna le haghaidh scéimeanna chun fóin phóca, táibléid agus trealamh beag leictreach agus leictreonach eile a thabhairt ar ais san Aontas: https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/f049cf4f-ed23-11ec-a534-01aa75ed71a1/language-en.
(17) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/19 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 lena leagtar síos modheolaíocht chomhchoiteann agus formáid maidir le tuairisciú ar athúsáid i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 10, 12.1.2021, lch. 1).
(18) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2193 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le ríomh, fíorú agus tuairisciú sonraí agus bunú formáidí sonraí chun críocha Threoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 330, 20.12.2019, lch. 72).
(19) Clár TAIEX-EIRPEER 2 PEER.
(20) Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsithe dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/2585/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)