|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2583 |
21.11.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2583 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Samhain 2023
maidir le L-isileoicín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum KCCM 80185 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe a údarú agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach maidir le L-isileoicín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum KCCM 20516 a údarú. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(3) |
Baineann an t-iarratas le L-isileoicín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum KCCM 20516 a údarú mar bhreiseán beathaithe lena úsáid i mbeatha agus in uisce óil le haghaidh gach speicis ainmhíoch, iarratas ina n-iarrtar an breiseán a aicmiú sa chatagóir breiseán ‘breiseáin chothaitheacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘aimíonaigéid, a salainn agus analóga’. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sna tuairimí uaidh an 10 Samhain 2021 (2) agus an 21 Márta 2023 (3) go bhfuil L-isileoicín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum KCCM 80185 sábháilte do na spriocspeicis, do na tomhaltóirí agus don chomhshaol, faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Tháinig sé ar an gconclúid freisin go bhfuil an breiseán guaiseach trí ionanálú do na daoine a láimhseálann an breiseán. Thairis sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur foinse éifeachtúil den aimíonaigéad riachtanach isileoicín é an breiseán le haghaidh ainmhithe neamh-athchogantacha, agus gur cheart an L-isileoicín forlíontach a chosaint ar dhíghrádú sa chogansach ionas go mbeidh sé lán-éifeachtúil i gcás na n-athchogantach Chuir an tÚdarás in iúl go raibh imní air maidir leis an aimíonaigéad a thabhairt go comhuaineach trí uisce óil agus beatha. Mar sin féin, níor mhol an tÚdarás uaschion i gcás L-isileoicín. Dá bhrí sin, i gcás forlíonadh le L-isileoicín trí uisce óil, is iomchuí an t-úsáideoir a chur ar an eolas an soláthar cothaithe a chur san áireamh leis na haimíonaigéid riachtanacha uile atá riachtanach agus atá riachtanach go coinníollach. Níor mheas an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh anailíse a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe in ábhar beatha, tuarascáil arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(5) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann L-isileoicín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum KCCM 80185 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid an bhreiseáin sin a údarú. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn agus a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin chothaitheacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘aimíonaigéid, a salainn agus analóga’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Samhain 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA] 2021; 19(12):6977.
(3) EFSA Journal [Iris EFSA] 2023; 21(4):7957.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||||||||||||||||
|
mg/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin chothaitheacha. Feidhmghrúpa: aimíonaigéid, a salainn agus analóga |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
3c384 |
L-isileoicín |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Púdar inarb é 90 % an t-íoschion L-isileoicín (ar bhonn ábhar tirim) Tréithriú na substainte gníomhaí L-isileoicín arna tháirgeadh trí choipeadh le Corynebacterium glutamicum KCCM 80185 Ainm IUPAC: aigéad (2S,3S)-2-aimínea-3-meitilpeantánóch Foirmle cheimiceach: C6H13NO2 Uimhir CAS: 73-32-5 Modh anailíse (1) Maidir le L-isileoicín sa bhreiseán beathaithe a shainaithint:
Maidir le L-isileoicín sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:
Maidir le hisileoicín sna réamh-mheascáin a chainníochtú:
Maidir le L-isileoicín sa beatha chumaisc a chainníochtú:
Maidir le hisileoicín in uisce a chainníochtú:
|
Gach speiceas ainmhíoch |
- |
|
- |
|
an 11 Nollaig 2033 |
||||||||||||||||||||||||||
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en
(2) Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2009 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar bheatha (IO L 54, 26.2.2009, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2583/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)