|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2579 |
21.11.2023 |
RIALACHÁN (AE) 2023/2579 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Samhain 2023
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2023/1803 a mhéid a bhaineann le Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 16
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le cur i bhfeidhm caighdeán idirnáisiúnta cuntasaíochta (1), agus go háirithe Airteagal 3(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún (2), glacadh caighdeáin idirnáisiúnta cuntasaíochta agus léirmhínithe a bhí ann an 8 Meán Fómhair 2022. |
|
(2) |
An 22 Meán Fómhair 2022, d’eisigh an Bord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta leasuithe ar Chaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 16 Léasanna (‘IFRS 16’), lena leagtar síos an dóigh ar cheart do chuideachta léasanna a aithint, a thomhas, a chur i láthair agus a nochtadh. Leis na leasuithe ar IFRS 16 sonraítear an dóigh a dtomhaiseann an díoltóir is léasaí idirbhearta um dhíol agus um aisléasú ina dhiaidh sin. |
|
(3) |
Tar éis dul i gcomhairle leis an ngrúpa comhairleach Eorpach um thuairisciú airgeadais (EFRAG), cinneann an Coimisiún maidir leis na leasuithe ar IFRS 16 go gcomhlíontar na critéir maidir le glacadh mar a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/1803 a leasú dá réir sin. |
|
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Rialála Cuntasaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2023/1803, leasaítear Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 16 Léasanna mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Cuirfidh gach cuideachta na leasuithe dá dtagraítear in Airteagal 1 i bhfeidhm ó dháta tosaithe a céad bhliana airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2024, nó dá éis, ar a dhéanaí.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Samhain 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
IARSCRÍBHINN
Dliteanas léasa i nDíolachán agus in Aisléasú
Leasuithe ar IFRS 16
Leasuithe ar Léasanna IFRS 16
Cuirtear míreanna 102A, C1D agus C20E leis agus leasaítear mír C2. Cuirtear ceannteideal nua roimh mhír C20E.
Idirbhearta díola agus aisléasaithe
...
Measúnú a dhéanamh ar cé acu an díolachán é aistriú na sócmhainne nó nach ea
...
Is díolachán é aistriú na sócmhainne
...
|
102A |
Tar éis an dáta tosaigh, déanfaidh an díoltóir-léasaí míreanna 29–35 a chur i bhfeidhm maidir leis an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide a eascraíonn as an aisléasú agus míreanna 36–46 a chur i bhfeidhm maidir leis an dliteanas léasa a eascraíonn as an aisléasú. Agus míreanna 36–46 á gcur i bhfeidhm, cinnfidh an díoltóir-léasaí ‘íocaíochtaí léasa’ nó ‘íocaíochtaí léasa athbhreithnithe’ ar bhealach nach n-aithneodh an díoltóir-léasaí aon mhéid den ghnóthachan nó den chaillteanas a bhaineann leis an gceart úsáide arna choinneáil ag an díoltóir-léasaí. Trí na ceanglais sa mhír seo a chur i bhfeidhm, ní chuirtear cosc ar an díoltóir-léasaí aon ghnóthachan nó aon chaillteanas a bhaineann le foirceannadh páirteach nó iomlán léasa a aithint i mbrabús nó i gcaillteanas mar a cheanglaítear le mír 46(a).
... |
Foscríbhinn C
Dáta éifeachtach agus aistriú
Dáta éifeachtach
...
|
C1D |
Le Dliteanas Léasa i nDíolachán agus in Aisléasú, a eisíodh i mí Mheán Fómhair 2022, leasaíodh mír C2 agus cuireadh míreanna 102A agus C20E leis. Cuirfidh an díoltóir-léasaí na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí tuairiscithe bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann díoltóir-léasaí na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin. |
An tAistriú
|
C2 |
Chun críocha na gceanglas i míreanna C1–C20E, is é dáta an chur i bhfeidhm tosaigh tús na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina gcuireann eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm den chéad uair.
... |
Dliteanas Léasa i ndíolachán agus in aisléasú
|
C20E |
Cuirfidh díoltóir-léasaí Dliteanas Léasa i nDíolachán agus in Aisléasú (féach mír C1D) i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 maidir le hidirbhearta díola agus aisléasaithe a dhéantar tar éis dháta an chur i bhfeidhm tosaigh. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2579/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)