European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2562

30.11.2023

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 165/2023

an 13 Meitheamh 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn XVIII (Sláinte agus sábháilteacht ag an obair, dlí an tsaothair agus cóir chomhionann idir fir agus mná) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2562]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Treoir (AE) 2022/431 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (1), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XVIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 14a (Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XVIII a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32022 L 0431: Treoir (AE) 2022/431 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2022 (IO L 88, 16.3.2022, lch. 1).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Threoir (AE) 2022/431 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 14 Meitheamh 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2023.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 88, 16.3.2022, lch. 1.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2562/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)