European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2555

30.11.2023

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 158/2023

an 13 Meitheamh 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2555]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2360 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 a mhéid a bhaineann leis an díolúine 90 lá i gcomhair rochtain ar chuntas (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 16eb (Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘, arna leasú le:

—

32022 R 2360: Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2360 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2022 (IO L 312, 5.12.2022, lch. 1).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, léifear forálacha an Rialacháin in éineacht leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)

A mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, sa chéad mhír d’Airteagal 2, is mar a leanas a léifear na focail ‘25 Iúil 2023’: ‘7 mí tar éis theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 158/2023 ó Chomhchoiste LEE an 13 Meitheamh 2023’.

(b)

Cuirtear na habairtí seo a leanas isteach sa chéad mhír d’Airteagal 2: ‘Féadfaidh Stáit CSTE, ina reachtaíocht náisiúnta, foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse níos giorra ná mar a fhoráiltear faoin mír seo. Ní fhéadfaidh an scoithdháta, áfach, a bheith roimh an 25 Iúil 2023.’.

(c)

A mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is mar a leanas a léifear an téacs sa dara mír d’Airteagal 3: ‘Beidh feidhm aige laistigh de 7 mí tar éis theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 158/2023 ó Chomhchoiste LEE an 13 Meitheamh 2023.’.”

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2360 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 14 Meitheamh 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2023.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 312, 5.12.2022, lch. 1.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2555/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)