European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2541

30.11.2023

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 144/2023

an 13 Meitheamh 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2541]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2022/2383 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 a mhéid a bhaineann le cineálcheadú feithiclí saothair throm a úsáideann bithdhíosal íon i leith astaíochtaí (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 45zzl (Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún) de Chaibidil I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32022 R 2383: Rialachán (AE) 2022/2383 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2022 (IO L 315, 7.12.2022, lch. 63).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2022/2383 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 14 Meitheamh 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2023.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 315, 7.12.2022, lch. 63.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2541/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)