|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2526 |
20.11.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2526 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Samhain 2023
lena leasaítear na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/389 a mhéid a bhaineann le liostaí ábhair na faisnéise faoi shonraí aonair atá le nochtadh ag na húdaráis inniúla
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar síos le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2022/389 ón gCoimisiún (2) teimpléid maidir leis an bhfaisnéis a fhoilsiú, ar faisnéis í nach mór do na húdaráis inniúla a nochtadh de bhun Airteagal 57(1) de Threoir (AE) 2019/2034. Baineann an fhaisnéis sin le comhdhéanamh na gcistí dílse agus leis na ceanglais cistí dílse de réir chineál an cheanglais, ach tá sí teoranta do ghnólachtaí infheistíochta nach gcáilíonn mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha. |
|
(2) |
Ós rud é go bhféadfaidh líon mór gnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha a bheith i mBallstáit áirithe, d’fhéadfadh an easpa faisnéise atá ar fáil go poiblí maidir le comhdhéanamh na gcistí dílse agus le ceanglais cistí dílse na ngnólachtaí infheistíochta sin saobhadh a dhéanamh ar chomparáid fhóinteach a dhéanamh idir na ceanglais chomhiomlánaithe de réir cineáil i mBallstáit éagsúla. Dá bhrí sin, ba cheart do na teimpléid a leagtar síos i gCuid 1 d’Iarscríbhinn IV de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/389 tagairt a dhéanamh do na sonraí maidir le comhdhéanamh na gcistí dílse agus leis na ceanglais cistí dílse de réir chineál an cheanglais do na gnólachtaí infheistíochta sin a cháilíonn mar ghnólacht infheistíochta bheag neamh-idirnasctha. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/389 a leasú dá réir. |
|
(4) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí. |
|
(5) |
Ní bhaineann na leasuithe is gá ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/389 le hathruithe suntasacha i dtéarmaí substainteacha ná le hualach breise tuairisceoireachta ar ghnólachtaí infheistíochta. I gcomhréir le hAirteagal 15(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), níor reáchtáil an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte agus ní dhearna sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo, ós rud é go mbeadh sé díréireach go mór i dtaca le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme lena mbaineann, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/389 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Samhain 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 314, 5.12.2019, lch. 64.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/389 ón gCoimisiún an 8 Márta 2022 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme le haghaidh chur i bhfeidhm Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le formáid, struchtúr, liostaí ábhair agus dáta foilseacháin bliantúil na faisnéise atá le nochtadh ag údaráis inniúla (IO L 79, 9.3.2022, lch. 4).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach) lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331 15.12.2010, lch. 12).
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/389, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid 1:
‘CUID 1 -
Sonraí aonair in aghaidh an údaráis inniúil (bliain 20XX)
|
|
Tagairt don teimpléad tuairiscithe |
Sonraí |
|
||
|
|
Líon agus méid na ngnólachtaí infheistíochta |
|
|
|
|
|
010 |
Líon na ngnólachtaí infheistíochta |
|
[Luach] |
||
|
020 |
Sócmhainní iomlána na ngnólachtaí infheistíochta uile sa Bhallstát (in MEUR) (1) |
|
[Luach] |
||
|
|
Líon agus méid na ngnólachtaí infheistíochta tríú tír (2) |
|
|
||
|
030 |
Ó thríú tíortha |
An líon brainsí (3) |
|
[Luach] |
|
|
040 |
An líon fochuideachtaí (4) |
|
[Luach] |
||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Comhdhéanamh na gcistí dílse i ndáil le ceanglais cistí dílse |
|
Sonraí, i milliúin euro |
Sonraí, mar chéatadán d’iomlán na gceanglas cistí dílse (6)% |
|
|
050 |
Iomlán Ghnáthchothromas Leibhéal 1 (5) |
I 01.00 ró 0030 agus I 01.01 ró 0030 |
[Luach] |
[Luach] |
|
|
060 |
Iomlán Leibhéal 1 Breise (5) |
I 01.00 ró 0300 agus I 01.01 ró 0300 |
[Luach] |
[Luach] |
|
|
070 |
Iomlán Chaipiteal Leibhéal 2 (5) |
I 01.00 ró 0420 agus I 01.01 ró 0420 |
[Luach] |
[Luach] |
|
|
080 |
Cistí dílse iomlána (6) |
I 01.00 ró 0010 agus I 01.01 ró 0010 |
[Luach] |
[Luach] |
|
|
|
Iomlán na gceanglas cistí dílse de réir cineáil |
|
Sonraí, i milliúin euro |
Sonraí, mar chéatadán d’iomlán na gceanglas cistí dílse (6) % |
|
|
090 |
Sonraí maidir le ceanglais cistí dílse |
Ceanglas forchostais sheasta (7) |
I 02.01 ró 0030 agus I 02.03 ró 0030 |
[Luach] |
[Luach] |
|
100 |
Ceanglas maidir le híosmhéid buan caipitil (8) |
I 02.01 ró 0020 agus I 02.03 ró 0020 |
[Luach] |
[Luach] |
|
|
110 |
Ceanglas de réir K-fhachtóirí (9) |
I 02.01 ró 0040 |
[Luach] |
[Luach] |
|
|
120 |
ar Riosca don Chliant (RtC) é (10) |
I 04.00 ró 0020 |
[Luach] |
[Luach] |
|
|
130 |
ar Riosca don Mhargadh (RtM) é (11) |
I 04.00 ró 0090 |
[Luach] |
[Luach] |
|
|
140 |
ar Riosca don Ghnólacht (RtF) é (12) |
I 04.00 ró 0120 |
[Luach] |
[Luach] |
|
(1) Is éard a bheidh i méid iomlán na sócmhainní suim luachanna sócmhainní na ngnólachtaí infheistíochta uile sa Bhallstát, arna ríomh bunaithe ar na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme, gan aon sócmhainn faoi bhainistíocht a chur san áireamh.
(2) Ní bheidh tíortha LEE san áireamh.
(3) An líon brainsí mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (3), de Threoir (AE) 2019/2034. Aon líon áiteanna gnó atá bunaithe sa tír chéanna ag gnólacht infheistíochta a bhfuil a cheanncheathrú aige i dtríú tír, ba cheart iad a áireamh mar aon bhrainse amháin.
(4) An líon fochuideachtaí mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (29), de Threoir (AE) 2019/2034. Aon fhochuideachta de ghnóthas fochuideachta, measfar gur fochuideachta den mháthairghnóthas é, máthairghnóthas atá i gceannas ar na gnóthais sin.
(5) Caipiteal dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2019/2033.
(6) Iomlán na gceanglas cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2033.
(7) Ceanglas forchostais sheasta dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2019/2033.
(8) Ceanglas maidir le híosmhéid buan caipitil dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2019/2033.
(9) Ceanglas de réir K-fhachtóirí dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (c) de Rialachán (AE) 2019/2033.
(10) Ceanglais cistí dílse a bhaineann le Riosca don Chliant dá dtagraítear in Airteagal 15(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2019/2033. Luaigh cóimheas caipitil iomlán sa cholún ‘Sonraí, mar chéatadán d’iomlán na gceanglas cistí dílse %’.
(11) Ceanglais cistí dílse a bhaineann le Riosca don Mhargadh dá dtagraítear in Airteagal 15(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2019/2033.
(12) Ceanglais cistí dílse a bhaineann le Riosca don Ghnólacht dá dtagraítear in Airteagal 15(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2019/2033.”
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2526/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)