European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2523

16.11.2023

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2523 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Samhain 2023

maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal EU Live Bus Stop Info [Faisnéis Bheo Stadanna Bus an Aontais Eorpaigh] de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 7436)

(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (1), agus go háirithe Airteagal 6(2) agus (3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An tionscnamh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal EU Live Bus Stop Info [Faisnéis Bheo Stadanna Bus an Aontais Eorpaigh], cuireadh iarraidh ar son a chláraithe faoi bhráid an Choimisiúin an 9 Meán Fómhair 2023.

(2)

Is mar a leanas a chuir na heagraithe cuspóirí an tionscnaimh in iúl: ‘trí chóid QR a chomhtháthú ag gach stad bus, is féidir le paisinéirí rochtain a fháil ar shonraí fíor-ama faoi sceidil, bealaí, moilleanna, agus nuashonruithe; is é is aidhm don tionscnamh seo inrochtaineacht faisnéise iompair phoiblí ar fud Bhallstáit an Aontais a athrú ó bhonn. Cuireann an fhaisnéis seo atá ar fáil go héasca feabhas ar eispéiris taistil, laghdaíonn sé éiginnteacht, agus tagann sé leis na spriocanna iompair inbhuanaithe atá ann maidir le húsáid iompair phoiblí a chur chun. Cuireann an tionscnamh le cathracha níos glaise trí thaisteal bus a spreagadh, brú tráchta agus astaíochtaí a laghdú. I gcomhréir le Conarthaí de chuid an Aontais amhail an margadh aonair digiteach, déanann an tionscnamh teicneolaíocht nua-aimseartha a chomhtháthú i seirbhísí poiblí, rud a thugann cumhacht do phaisinéirí cinntí eolasacha a dhéanamh. Tá an trédhearcacht sin ag teacht le prionsabail an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí, trí fhaisnéis atá cruinn agus cothrom le dáta a áirithiú.’

(3)

In iarscríbhinn a ghabhann leis an tionscnamh, tugtar tuilleadh sonraí faoi ábhar, faoi chuspóirí agus faoi chúlra an tionscnaimh. Tagraíonn sé don ghá atá le ‘feabhas a chur ar eispéireas paisinéirí agus ar shoghluaisteacht laistigh de líonra iompair phoiblí an Aontais Eorpaigh’ agus le ‘feabhas a chur ar rochtain ar fhaisnéis fíor-ama ag stadanna bus chun an éiginnteacht a bhíonn ar phaisinéirí a mhaolú maidir le sceidil bus, stádas oibríochtúil, moilleanna agus roghanna eile.’ Leagtar amach ann cúig chuspóir: ‘1. Eispéireas Feabhsaithe Paisinéirí’; ‘2. Neamhchinnteacht Laghdaithe’; ‘3. An tSoghluaisteacht Inbhuanaithe a Chur Chun Cinn’; Comhtháthú Digiteach’; ‘5. Trédhearcacht agus Inrochtaineacht’. Measann na heagraithe go bhfuil an tionscnamh ‘ag teacht le tiomantas an Aontais Eorpaigh don tsoghluaisteacht inbhuanaithe, don iompar éifeachtúil agus don nuálaíocht theicneolaíoch’ agus go gcuireann sé le hiompar níos glaise agus le clár oibre digiteach an Aontais.

(4)

Chuir na heagraithe doiciméad breise isteach freisin mar chuid dá n-iarratas ar chlárú, doiciméad ina bhfuil achoimre ar dhréachtghníomh.

(5)

Measann an Coimisiún go bhféadfadh cuspóirí an tionscnaimh teacht, i bprionsabal, faoi Airteagal 91(1), pointe (d), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). De réir na forála sin, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, aon fhorálacha iomchuí eile a leagan síos chun Airteagal 90 CFAE, maidir le comhbheartas iompair, a chur chun feidhme.

(6)

Ar an gcúis sin, measann an Coimisiún nach bhfuil aon chuid den tionscnamh ar léir nach dtagann sí faoi chuimsiú chumhachtaí an Choimisiúin togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais chun na Conarthaí a chur chun feidhme.

(7)

Is conclúid é sin nach ndéanann difear don mheasúnú ar cé acu a chomhlíonfaí nó nach gcomhlíonfaí, sa chás seo, na coinníollacha coincréiteacha substainteacha is gá le go ngníomhódh an Coimisiún, coinníollacha lena n-áirítear comhlíonadh phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, sin agus comhoiriúnacht le cearta bunúsacha.

(8)

Tá fianaise iomchuí curtha ar fáil ag an ngrúpa eagraithe go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/788, agus go bhfuil na daoine teagmhála ainmnithe aige i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin.

(9)

Ní tionscnamh é ar follas é a bheith míchuí, suaibhreosach ná cráiteach, ná ní follas go bhfuil sé contrártha do luachanna an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 CAE ná do na cearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart an tionscnamh dar teideal ‘EU Live Bus Stop Info’ [Faisnéis Bheo Stadanna Bus an Aontais Eorpaigh] a chlárú.

(11)

An chonclúid go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le clárú faoi Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/788, ní rud í a thugann le tuiscint go ndearbhaíonn an Coimisiún ar aon bhealach go bhfuil ábhar an tionscnaimh cruinn fíorasach, agus is é grúpa eagraithe an tionscnaimh amháin atá freagrach as an méid sin. Ní chuireann ábhar an tionscnaimh ach tuairimí an ghrúpa eagraithe in iúl, agus ní féidir a dhéanamh amach ar aon bhealach gurb iad tuairimí an Choimisiúin a léiríonn sé,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déanfar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘EU Live Bus Stop Info’ [Faisnéis Bheo Stadanna Bus an Aontais Eorpaigh] a chlárú.

Airteagal 2

Tá an Cinneadh seo dírithe ar ghrúpa eagraithe an tionscnaimh ó na saoránaigh dar teideal ‘EU Live Bus Stop Info’, a bhfuil Hubert Willy LEHMANN agus Mihaela-Valentina MONCEANU ina n-ionadaithe dó, agus iad ag gníomhú mar dhaoine teagmhála thar a cheann.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Samhain 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Věra JOUROVÁ

Leas-Uachtarán


(1)   IO L 130, 17.5.2019, lch. 55.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2523/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)