|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2520 |
16.11.2023 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2520 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Samhain 2023
maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Trust and Freedom’ [Iontaoibh agus Saoirse] de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (1), agus go háirithe Airteagal 6(2) agus (3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Cuireadh iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Trust and Freedom’ [Iontaoibh agus Saoirse] faoi bhráid an Choimisiúin an 9 Deireadh Fómhair 2023. |
|
(2) |
Tagann an iarraidh sin sna sála ar an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Trust and Freedom’ [Iontaoibh agus Saoirse] a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin an 24 Iúil 2023. |
|
(3) |
Maidir leis an iarraidh ar chlárú a cuireadh isteach an 24 Iúil 2023, chuir an Coimisiún in iúl don ghrúpa eagraithe, trí litir dar dáta an 23 Lúnasa 2023 (C(2023) 5630 final), agus de bhun Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2019/788, gur comhlíonadh na ceanglais maidir le clárú a leagtar amach in Airteagal 6(3), an chéad fhomhír, pointí (a), (d) agus (e), den Rialachán sin agus nach raibh Airteagal 6(3), an chéad fhomhír, pointe (b) de infheidhme. Mhínigh an Coimisiún freisin, áfach, nár chomhlíon an tionscnamh an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 6(3), an chéad fhomhír, pointe (c), de Rialachán (AE) 2019/788. Mhínigh an Coimisiún, go háirithe, maidir leis an tríú ceann de thrí chuspóir an tionscnaimh (‘Cearta Bunúsacha a Chosaint i Reachtaíocht an Aontais Eorpaigh trí Shásra Neamhnithe’), nach bhfuil sé de chumhacht ag an gCoimisiún aon reachtaíocht a mholadh lena gceadófaí athbhreithniú breithiúnach neamhspleách a bhunú ‘arna ghníomhachtú ag parlaimintí náisiúnta, áitiúla agus náisiúnta, sula nglacfar iad, chun aon dréacht de ghníomh dlí de chuid an Aontais a sháraíonn na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha a athbhreithniú agus a neamhniú’ agus go gcuirtear leigheasanna breithiúnacha ar bun go cuimsitheach sna Conarthaí. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl do na heagraithe de bhun Airteagal 6(4), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2019/788 go bhféadfaidís an tionscnamh a leasú chun measúnú an Choimisiúin a chur san áireamh, nó an tionscnamh tosaigh a choimeád ar bun, nó a tharraingt siar, i gcomhréir le hAirteagal 6(4), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2019/788. |
|
(5) |
An 9 Deireadh Fómhair 2023, chuir an grúpa eagraithe an tionscnamh isteach arís gan an tríú cuspóir. |
|
(6) |
Is iad aidhmeanna an tionscnaimh leasaithe mar a chuir na heagraithe in iúl iad go molfadh an Coimisiún reachtaíocht ‘lena gcothaítear saoirse, trédhearcacht, cuntasacht agus rannpháirtíocht an duine aonair laistigh den Aontas’ agus ‘srianta agus ceartúcháin a bhunú agus a neartú, lena n-áiritheofar go mbeidh institiúidí an Aontais freagrúil do riachtanais agus leasanna na ndaoine aonair agus ár gcearta daonna á gcaomhnú ag an am céanna mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh’. Déanann na heagraithe na haidhmeanna sin a shainiú a thuilleadh, trí dhá chuspóir. Sa chéad chuspóir, ‘Dínite an Duine a Choimeád agus Toiliú Feasach a Aithint’, iarrtar bearta atá dírithe ar na Ballstáit maidir le ‘toiliú feasach a shainiú, tosaíocht dhínit an duine, na saoirse agus neamhspleáchas coirp a chur chun cinn laistigh den Aontas Eorpach’. Sa dara cuspóir, ‘Trédhearcacht a Fheabhsú agus Saoránaigh a Chumhachtú’, iarrtar ar an gCoimisiún gníomh dlí a mholadh ‘lena bhfeabhsaítear trédhearcacht agus rochtain ar fhaisnéis i bpróisis chinnteoireachta an Aontais’. |
|
(7) |
In iarscríbhinn a ghabhann leis an tionscnamh leasaithe, tugtar tuilleadh sonraí faoi ábhar, faoi chuspóirí agus faoi chúlra an tionscnaimh. Tagraíonn sé do chearta bunúsacha agus tathantaíonn sé ar an gCoimisiún ‘an oidhreacht mhorálta agus spioradálta atá cumhdaithe i mbrollach’ Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chaomhnú ‘trí luachanna doroinnte uilechoiteanna dhínit an duine, na saoirse, an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta a chur chun cinn, an daonlathas, an smacht reachta a chothú, agus tús áite a thabhairt don duine aonair trí shaoránacht an Aontais agus trí chrios saoirse, slándála agus ceartais.’ |
|
(8) |
Maidir leis an gcéad chuspóir den tionscnamh maidir le dínit an duine agus maidir le toiliú feasach a aithint, liostaítear cúig phrionsabal san iarscríbhinn: (i) ‘Urraim don Neamhspleáchas agus don tSláine Aonair’ trína aithint go ‘gciallaíonn toiliú feasach go bhfuil sé de cheart ag gach duine cinntí eolasacha a dhéanamh maidir lena roghanna cúraim sláinte agus cóireála’; (ii) ‘Toiliú Saor a Chaomhnú i ngach Imthoisc’, ós rud é go bhfuil toiliú saor ‘riachtanach i dtaighde (trialacha cliniciúla) agus i gcomhthéacsanna cóireála araon’; (iii) ‘Faisnéis Chruinn, Intuigthe agus Inrochtana a Sholáthar’ maidir le cumarsáid idir gairmithe cúraim sláinte agus othair; (iv) ‘Tuiscint Chuimsitheach ar Thrialacha Cliniciúla agus ar Nósanna Imeachta Leighis’, rud a chiallaíonn gur cheart d’othair ‘an cineál, an cuspóir, na rioscaí agus na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a thuiscint go hiomlán’; (v) ‘An Ceart chun Toiliú a Dhiúltú nó a Tharraingt Siar’ a aithint. |
|
(9) |
Maidir leis an dara cuspóir den tionscnamh maidir le trédhearcacht, liostaítear cúig ghníomhaíocht san iarscríbhinn: (i) ‘Trédhearcacht níos fearr a iarraidh trí fhoilsiú clár oibre, miontuairiscí cruinnithe, tuarascálacha inmheánacha, ríomhphoist agus SMS a iarraidh’; (ii) ‘Gníomhaíochtaí brústocaireachta a nochtadh trí chlár poiblí brústocairí a bhunú’ agus ‘a n-idirghníomhaíochtaí le hoifigigh de chuid an Aontais’; (iii) ‘Cruinnithe rúnda a thoirmeasc’ ag oifigigh de chuid an Aontais; (iv) ‘Leas an phobail a mheas thar leas príobháideach’; (v) ‘Smachtbhannaí a bhunú le haghaidh sáruithe’. |
|
(10) |
Rinne na heagraithe doiciméad breise, atá i gceangal leis an tionscnamh, ina bhfuil tásc ginearálta ar na bunúis dlí agus na hionstraimí atá beartaithe a chur isteach mar chuid dá n-iarratas ar chlárú. |
|
(11) |
Measann an Coimisiún go bhféadfadh sé, i bprionsabal, bearta ábhartha a mholadh bunaithe ar fhorálacha sonracha CFAE, amhail Airteagal 114 agus Airteagal 168(4)(c), maidir leis na bearta a iarrtar leis an gcéad chuspóir den tionscnamh maidir le dínit an duine agus toiliú feasach, cé nach bhfuil inniúlacht ag an gCoimisiún gníomh reachtach a mholadh lena rialófaí saincheist an toilithe go forleathan agus ar bhealach ginearálta. Tá Airteagal 168(4)(c) mar bhonn do bhearta sonracha chun déileáil le gnáthcheisteanna sábháilteachta. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an Coimisiún togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí sna réimsí sin den tsláinte phoiblí inar tugadh inniúlacht shonrach don Aontas. Lasmuigh d’inniúlacht na mbeart sonrach sin, níl ach inniúlacht tacaíochta ag an Aontas i réimse na sláinte poiblí i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 168(1) CFAE, trína gcomhlánóidh gníomhaíocht an Aontais beartais náisiúnta agus, i gcomhréir le hAirteagal 168(7) CFAE, trína n-urramóidh sí na freagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir lena mbeartas sláinte a shainiú agus seirbhísí sláinte agus cúram leighis a eagrú agus a sholáthar. |
|
(12) |
Maidir leis na bearta a iarrtar leis an dara cuspóir den tionscnamh i dtaca le trédhearcacht, d’fhéadfadh an Coimisiún togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí lena gcuirfí feabhas ar thrédhearcacht agus ar rochtain ar fhaisnéis i bpróisis chinnteoireachta an Aontais bunaithe ar Airteagal 15(3) CFAE. |
|
(13) |
Ar na cúiseanna sin, measann an Coimisiún nach bhfuil aon chuid den tionscnamh leasaithe ann ar follas nach dtagann sí faoi chuimsiú chumhachtaí an Choimisiúin togra a chur isteach le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais chun na Conarthaí a chur chun feidhme. |
|
(14) |
Is conclúid é sin atá gan dochar don mheasúnú ar cé acu a chomhlíonfaí nó nach gcomhlíonfaí, sa chás seo, na coinníollacha coincréiteacha substainteacha is gá le go ngníomhódh an Coimisiún, coinníollacha lena n-áirítear comhlíonadh phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, sin agus comhoiriúnacht le cearta bunúsacha. |
|
(15) |
Tá fianaise iomchuí curtha ar fáil ag an ngrúpa eagraithe go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/788, agus go bhfuil na daoine teagmhála ainmnithe aige i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin. |
|
(16) |
Ní tionscnamh é ar follas é a bheith míchuí, suaibhreosach ná cráiteach, ná ní follas go bhfuil sé contrártha do luachanna an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ná do na cearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
|
(17) |
Ba cheart an tionscnamh dar teideal ‘Trust and Freedom’ [Iontaoibh agus Saoirse] a chlárú dá bhrí sin. |
|
(18) |
An chonclúid go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le clárú faoi Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/788, ní rud í a thugann le tuiscint go ndearbhaíonn an Coimisiún ar aon bhealach go bhfuil ábhar an tionscnaimh leasaithe cruinn fíorasach, agus is é grúpa eagraithe an tionscnaimh amháin atá freagrach as an méid sin. Ní chuireann a bhfuil sa tionscnamh leasaithe ach tuairimí an ghrúpa eagraithe in iúl, agus ní féidir a dhéanamh amach ar aon bhealach gurb iad tuairimí an Choimisiúin a léiríonn sé, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déanfar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Trust and Freedom’ [Iontaoibh agus Saoirse] a chlárú.
Airteagal 2
Tá an Cinneadh seo dírithe chuig grúpa eagraithe an tionscnaimh ó na saoránaigh ‘Trust and Freedom’ [Iontaobhas agus Saoirse], grúpa a bhfuil Justyna Magdalena WALKER agus Helena Maria TENDER DA COSTA CABRAL ina n-ionadaithe dó, agus iad ag gníomhú mar dhaoine teagmhála thar a cheann.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Samhain 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Věra JOUROVÁ
Leas-Uachtarán
(1) IO L 130, 17.5.2019, lch. 55., ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/788/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2520/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)