|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2517 |
13.11.2023 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2517 ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Samhain 2023
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE lena mbunaítear liosta tríú tíortha neamh-chomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, a mhéid a bhaineann le Poblacht Oileán na Tríonóide agus Tobága
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (1), agus go háirithe Airteagal 33 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 bunaítear córas de chuid an Aontais chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. |
|
(2) |
Le Caibidil VI de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 leagtar síos na nósanna imeachta maidir le tríú tíortha neamh-chomhoibríocha a shainaithint, démarches i leith na dtríú tíortha neamh-chomhoibríocha arna sainaithint, liosta de na tíortha sin a bhunú, tíortha a bhaint den liosta sin, an liosta sin a phoibliú agus aon bheart éigeandála. |
|
(3) |
An 24 Márta 2014 ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE (2), lena mbunaítear liosta tríú tíortha neamh-chomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, thug an Coimisiún fógra do Phoblacht Oileán na Tríonóide agus Tobága (‘Oileán na Tríonóide agus Tobága’) le Cinneadh uaidh an 21 Aibreán 2016 (3) go bhféadfaí í a shainaithint mar thír a mheasann an Coimisiún a bheith ina tríú tír neamh-chomhoibríoch. |
|
(5) |
I gCinneadh uaidh an 21 Aibreán 2016, chuir an Coimisiún faisnéis san áireamh maidir leis na fíorais agus na breithnithe riachtanacha is bonn le sainaithint fhéideartha den sórt sin. |
|
(6) |
Cuireadh Cinneadh an 21 Aibreán 2016 in iúl d’Oileán na Tríonóide agus Tobága in éineacht le litir ina n-iarrtar ar Oileán na Tríonóide agus Tobága plean gníomhaíochta a chur chun feidhme, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, chun na heasnaimh a sainaithníodh a cheartú. |
|
(7) |
Le Cinneadh uaidh an 21 Aibreán 2016, chuir an Coimisiún tús le próiseas idirphlé le hOileán na Tríonóide agus Tobága. |
|
(8) |
Go háirithe, d’iarr an Coimisiún ar Oileán na Tríonóide agus Tobága gach beart is gá a dhéanamh chun na gníomhaíochtaí atá sa phlean gníomhaíochta a mhol an Coimisiún a chur chun feidhme agus chun measúnú a dhéanamh ar a gcur chun feidhme. |
|
(9) |
Tugadh an deis d’Oileán na Tríonóide agus Tobága freagra a thabhairt ar Chinneadh an 21 Aibreán 2016 agus ar fhaisnéis ábhartha eile a chuir an Coimisiún in iúl, agus fianaise a chur isteach lena ndéantar na fíorais a leagtar amach sa Chinneadh sin a bhréagnú nó a chomhlánú. Deimhníodh d’Oileán na Tríonóide agus Tobága go raibh sé de cheart aige faisnéis bhreise a iarraidh, nó a chur ar fáil. |
|
(10) |
Lean an Coimisiún den fhaisnéis ábhartha uile a lorg agus a fhíorú. Breithníodh na barúlacha ó bhéal agus i scríbhinn a chuir Oileán na Tríonóide agus Tobága isteach tar éis Chinneadh an 21 Aibreán 2016 agus cuireadh san áireamh iad. Tionóladh cruinnithe idir Oileán na Tríonóide agus Tobága agus an Coimisiún, idir chruinnithe fisiceacha is chruinnithe fíorúla, chun pointí ábhartha a phlé. Coimeádadh Oileán na Tríonóide agus Tobága ar an eolas, ó bhéal nó i scríbhinn, faoi bhreithnithe an Choimisiúin. |
|
(11) |
Ar bhonn na faisnéise a bailíodh, bhunaigh an Coimisiún nár thug Oileán na Tríonóide agus Tobága aghaidh go leordhóthanach ar na réimsí imní ná ar na heasnaimh a leagtar amach i gCinneadh an 21 Aibreán 2016. Thairis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár cuireadh na bearta a moladh sa phlean gníomhaíochta chun feidhme ina n-iomláine. |
|
(12) |
De thoradh air sin, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2051 (4), lena sainaithnítear Oileán na Tríonóide agus Tobága mar thríú tír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN. |
|
(13) |
Ar bhonn an phróisis imscrúdaithe agus idirphlé a rinne an Coimisiún, lena n-áirítear an comhfhreagras a malartaíodh agus na cruinnithe a tionóladh, agus ar bhonn na gcúiseanna le Cinneadh an 21 Aibreán 2016 agus le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2051, is iomchuí Oileán na Tríonóide agus Tobága a chur ar liosta na dtríú tíortha neamh-chomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN. |
|
(14) |
I gCinneadh an 21 Aibreán 2016, rinne an Coimisiún anailís ar dhualgais Oileán na Tríonóide agus Tobága agus rinne sé meastóireacht ar a chomhlíontacht lena oibleagáidí idirnáisiúnta mar Stát brataí, Stát calafoirt, Stát cósta nó Stát margaidh. Chun críocha an athbhreithnithe sin, chuir an Coimisiún san áireamh na critéir a liostaítear in Airteagal 31(4) go (7) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008. |
|
(15) |
D’athbhreithnigh an Coimisiún comhlíontacht Oileán na Tríonóide agus Tobága i gcomhréir le torthaí Chinneadh an 21 Aibreán 2016, agus maidir leis an bhfaisnéis ábhartha a sholáthair Oileán na Tríonóide agus Tobága ina leith, d’athbhreithnigh sé an plean gníomhaíochta a moladh, agus na bearta a rinneadh chun an cás a cheartú. |
|
(16) |
Bhain na príomheasnaimh a shainaithin an Coimisiún le roinnt teipeanna oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta a chur chun feidhme, a bhí nasctha go háirithe le creat dlíthiúil leordhóthanach agus cothrom le dáta a ghlacadh, leis an easpa faireacháin éifeachtúil agus leordhóthanach ar shoithí iascaireachta a bhfuil bratach Oileán na Tríonóide agus Tobága ar foluain acu agus leis an easpa iniúchtaí ar iascaigh ag an gcalafort. Ar bhonn níos ginearálta, baineann na heasnaimh a sainaithníodh le heaspa comhlíontachta leis na hoibleagáidí atá i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige agus an Comhaontú a bhaineann le Cuid XI de a chur chun feidhme (5) (UNCLOS), sa Chomhaontú maidir le Forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le caomhnú agus le bainistiú stoc éisc traslimistéir agus stoc mórimirceach éisc a chur chun feidhme (6) agus sa Chomhaontú maidir le Bearta Stát an Chalafoirt chun iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte a Chosc, a Dhíspreagadh agus a Dhíothú (7). |
|
(17) |
Dá bhrí sin, trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2051, shainaithin an Coimisiún Oileán na Tríonóide agus Tobága mar thríú tír neamh-chomhoibríoch de bhun Rialacháin (CE) Uimh. 1005/2008. |
|
(18) |
Níor aimsíodh aon fhianaise a thabharfadh le fios gur de thoradh a srianta mar thír atá i mbéal forbartha a mhainnigh Oileán na Tríonóide agus Tobága a dhualgais faoin dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh. |
|
(19) |
Ar bhonn Chinneadh an 21 Aibreán 2016, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2051, agus ar bhonn an phróisis idirphlé le hOileán na Tríonóide agus Tobága a tionóladh leis an gCoimisiún agus an toradh a bhí air, cinntear nach leor na gníomhaíochtaí a rinne Oileán na Tríonóide agus Tobága i bhfianaise a dhualgais mar Stát brataí chun Airteagail 94, 117, 118 agus 119 de UNCLOS, Airteagail 18, 19 agus 23 de Chomhaontú na Náisiún Aontaithe maidir le Stoic Éisc agus Airteagail 6, 7, 8, 9 agus 12 den Chomhaontú maidir le Bearta Stát an Chalafoirt a chomhlíonadh. |
|
(20) |
Dá bhrí sin, níor chomhlíon Oileán na Tríonóide agus Tobága a dhualgais faoin dlí idirnáisiúnta mar Stát brataí gníomhú chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. |
|
(21) |
I bhfianaise na gconclúidí ar thángthas orthu maidir le hOileán na Tríonóide agus Tobága, i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ba cheart an tír sin a chur le liosta na dtríú tíortha neamh-chomhoibríocha a bunaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE. Ba cheart, dá bhrí sin, an Cinneadh Cur Chun Feidhme sin a leasú dá réir. |
|
(22) |
Is éard a bheidh i gceist le hOileán na Tríonóide agus Tobága a chur ar an liosta de thíortha neamh-chomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN na bearta a leagtar síos in Airteagal 38 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 a chur i bhfeidhm. Déantar foráil in Airteagal 38(1) den Rialachán sin maidir le toirmeasc a chur ar allmhairiú táirgí iascaigh arna ngabháil ag soithí a bhfuil bratach tíortha neamh-chomhoibríocha ar foluain acu. I gcás Oileán na Tríonóide agus Tobága, ba cheart gach stoc agus speiceas a shainmhínítear in Airteagal 2(8) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 a chumhdach leis an toirmeasc sin ós rud é nach bhfuil an easpa beart iomchuí arna nglacadh i ndáil le hiascaireacht NNN as ar eascair sainaithint Oileán na Tríonóide agus Tobága mar thríú tír neamh-chomhoibríoch teoranta do stoc nó speiceas ar leith. |
|
(23) |
Tugtar faoi deara go ndéanann iascaireacht NNN, inter alia, stoic éisc a ídiú, gnáthóga muirí a scriosadh, an bonn a bhaint de chaomhnú agus d’úsáid inbhuanaithe acmhainní muirí, iomaíocht a chur as a riocht, slándáil bia a chur i mbaol, iascairí comhlíontacha a chur faoi mhíbhuntáiste éagórach agus pobail chósta a lagú. I bhfianaise mhéid na bhfadhbanna a bhaineann le hiascaireacht NNN, meastar gur gá don Aontas na gníomhaíochtaí i ndáil le hOileán na Tríonóide agus Tobága mar thríú tír neamh-chomhoibríoch a chur chun feidhme go gasta. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(24) |
Má léiríonn Oileán na Tríonóide agus Tobága gur ceartaíodh an cás ba chúis lena liostú, tá an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, le hOileán na Tríonóide agus Tobága a bhaint de liosta na dtríú tíortha neamh-chomhoibríocha i gcomhréir le hAirteagal 34(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008. Agus aon chinneadh den sórt sin á dhéanamh maidir le hOileán na Tríonóide agus Tobága a bhaint den liosta, ba cheart a chur san áireamh cé acu atá nó nach bhfuil bearta nithiúla déanta aige a d’fhéadfadh feabhas marthanach a chur ar an gcás, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, cuirtear Poblacht Oileán na Tríonóide agus Tobága leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Samhain 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
N. CALVIÑO SANTAMARÍA
(1) IO L 286, 29.10.2008, lch. 1.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 24 Márta 2014 lena mbunaítear liosta tríú tíortha neamh-chomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú (IO L 91, 27.3.2014, lch. 43).
(3) Cinneadh ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2016 maidir le fógra a thabhairt do thríú tír go bhféadfaí í a shainaithint mar thríú tír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (IO C 144, 23.4.2016, lch. 14).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2051 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2023 lena sainaithnítear Oileán na Tríonóide agus Tobága mar thír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (IO L 236, 26.9.2023, p. 26).
(5) IO L 179, 23.6.1998, lch. 3.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2517/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)