Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2504 |
10.11.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2504 ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Samhain 2023
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 21 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 18 Eanáir 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/44. |
(2) |
Ag eascairt as an mbreithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás C-413/21 P (2), ba cheart iontráil a bhaineann le duine amháin atá liostaithe a scriosadh. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Samhain 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
N. CALVIÑO SANTAMARÍA
(1) IO L 12, 19.1.2016, lch. 1.
(2) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 20 Aibreán 2023, Comhairle an Aontais Eorpaigh v. Aisha Muammer Mohamed El-Qaddafi, Cás C-413/21 P, ECLI:AE:C:2023:306.
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 (Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(1)), Cuid A (Daoine), scriostar an iontráil seo a leanas:
‘9. |
Ainm: 1: AISHA 2: MUAMMAR MUHAMMED 3: ABU MINYAR 4: QADHAFI Teideal: n/b Ainmniú: n/b Dáta breithe: 1 Eanáir 1978 Áit bhreithe: Tripilí, an Libia Comhainm ar ardcháilíocht: Aisha Muhammed Abdul Salam (Uimhir phas na Libia: 215215) Comhainm ar cháilíocht íseal: n/b Náisiúntacht: n/b Uimhir phas: a) Uimhir Oman 03824970; a eisíodh an 4 Bealtaine 2014, a eisíodh in Muscat, Oman (Dáta éaga: an 3 Bealtaine 2024) b) An Libia 428720 c) B/011641 Uimhir aitheantais náisiúnta: 98606612 Seoladh: Sultanate of Oman (Stádas/suíomh measta: Sultanate of Oman) Liostaithe: an 26 Feabhra 2011 (arna leasú an 11 Samhain 2016, an 26 Meán Fómhair 2014, an 21 Márta 2013, an 2 Aibreán 2012, an 25 Feabhra 2020) Faisnéis eile: Liostaithe de bhun mhíreanna 15 agus 17 de rún 1970 (Toirmeasc Taistil, Reo Sócmhainní). Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe: https://www.interpol.int/ga/notice/search/un/5525815’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2504/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)