European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2501

10.11.2023

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2501 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Samhain 2023

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) agus (6) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Eanáir 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/44.

(2)

De bhun Airteagal 21(6) de Rialachán (AE) 2016/44, tá athbhreithniú déanta ag an gComhairle ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin.

(3)

Measann an Chomhairle gur cheart na hiontrálacha do bheirt agus d’eintiteas amháin a scriosadh, agus gur cheart na bearta sriantacha in aghaidh gach duine eile agus gach eintitis eile atá ar na liostaí a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 a choinneáil ar bun. Ina theannta sin, ba cheart an fhaisnéis aitheantais do dhuine amháin a nuashonrú.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Samhain 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. CALVIÑO SANTAMARÍA


(1)   IO L 12, 19.1.2016, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/44 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn III (‘Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(2)’), leasaítear Cuid A (‘Daoine’) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 8 a bhaineann le HOUEJ, Mohamad Ali:

‘8.

HOUEJ, Mohamad Ali

Aire Geilleagair agus Trádála i Rialtas Aontachta Náisiúnta na Libia

Dáta breithe: 1949

Áit bhreithe: Al-Azizia (gar do Thripilí)

Aire Tionsclaíochta, Geilleagair agus Trádála i Rialtas an Choirnéil Qadhafi.

Dlúthbhaint aige le hiar-réimeas Muammar Qadhafi.

21.3.2011’;

(b)

scriostar iontráil 12 a bhaineann le MANSOUR, Abdallah;

(c)

scriostar iontráil 14 a bhaineann le QADHAF AL-DAM, Sayyid Mohammed;

(2)

in Iarscríbhinn III (‘Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(2)’), Cuid B (‘Eintitis’), scriostar iontráil 16 a bhaineann le Baroque Investments Limited.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2501/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)