European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2495

16.11.2023

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2495 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Samhain 2023

lena leasaítear Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na tairseacha le haghaidh conarthaí poiblí soláthair, seirbhísí agus oibreacha, agus le haghaidh comórtais deartha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (1), agus go háirithe an dara fomhír d’Airteagal 6(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 2014/115/AE (2), d’fhormheas an Chomhairle an Prótacal lena leasaítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais (3) a tugadh i gcrích faoi chuimsiú na hEagraíochta Domhanda Trádála. Ionstraim ilpháirtí is ea an Comhaontú leasaithe maidir le Soláthar Rialtais (‘an Comhaontú’) agus is é is cuspóir dó margaí soláthair rialtais a oscailt go frithpháirteach i measc a chuid páirtithe. Baineann an Comhaontú le haon chonradh soláthair lena mbaineann luach a shroicheann nó a sháraíonn na méideanna a leagtar amach ann (‘tairseacha’) agus a shloinntear mar chearta tarraingthe speisialta.

(2)

Ceann de chuspóirí Threoir 2014/24/AE is ea cead a thabhairt do na húdaráis chonarthacha a chuireann an Treoir sin i bhfeidhm na hoibleagáidí a leagtar síos sa Chomhaontú a chomhlíonadh ag an am céanna. Is gá athbhreithniú a dhéanamh ar na tairseacha a leagtar síos sa Treoir sin chun a áirithiú go mbíonn na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 4, pointí (a), (b) agus (c) de Threoir 2014/24/AE ag comhfhreagairt do na tairseacha a bunaíodh sa Chomhaontú. I gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Threoir 2014/24/AE, tá na tairseacha a bunaíodh in Airteagal 13 den Treoir sin le hailíniú leis na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 4, pointí (a) agus (c), den Treoir sin.

(3)

Le hAirteagal 6(1) de Threoir 2014/24/AE ceanglaítear ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh gach dhá bhliain ar na tairseacha le héifeacht ón 1 Eanáir. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na tairseacha do na blianta 2024-2025 ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh.

(4)

Ní féidir tús a chur le ríomh na dtairseach tráth níos luaithe ná an 1 Meán Fómhair mar gheall ar infhaighteacht sonraí. De réir Airteagal 6(4) den Treoir, ní mór don Choimisiún na tairseacha athbhreithnithe (in euro) agus a luachanna comhfhreagracha in airgeadraí náisiúnta na mBallstát den Aontas Eorpach a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ag tús mhí na Samhna. I bhfianaise an mhéid thuas, agus chun an sprioc-am thuasluaite a bhaint amach, tá an Coimisiún chun dul i muinín an nós imeachta práinne chun an rialachán seo a ghlacadh.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2014/24/AE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2014/24/AE mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

i bpointe (a), cuirtear ‘EUR 5 538 000’ in ionad ‘EUR 5 382 000’;

(b)

i bpointe (b), cuirtear ‘EUR 143 000’; in ionad ‘EUR 140 000’;

(c)

i bpointe (c), cuirtear ‘EUR 221 000’ in ionad ‘EUR 215 000’;

(2)

in Airteagal 13, leasaítear an chéad mhír mar a leanas:

(a)

i bpointe (a), cuirtear ‘EUR 5 538 000’ in ionad ‘EUR 5 382 000’;

(b)

i bpointe (b), cuirtear ‘EUR 221 000’; in ionad ‘EUR 215 000’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Samhain 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 94, 28.3.2014, lch. 65.

(2)  Cinneadh 2014/115/AE ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail lena leasaítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais (IO L 68, 7.3.2014, lch. 1).

(3)   IO L 68, 7.3.2014, lch. 2.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2495/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)