European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2493

16.11.2023

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2493 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Samhain 2023

maidir le cóireáil chun críocha na gcuntas náisiúnta um CBL neamhbhailithe mar gheall ar chalaois CBL agus mar gheall ar dhócmhainneacht (an neamhréireacht idir fáltais CBL theoiriciúla agus fáltais CBL iarbhír) chun Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh a chur i bhfeidhm

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh agus lena n–aisghairtear Treoir 89/130/CEE, Euratom ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003 ón gComhairle (Rialachán OIN) (1), agus go háirithe Airteagal 5(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá cóireáil cánach breisluacha neamhbhailithe (CBL) ar cheann de na saincheisteanna a áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2147 (2) ón gCoimisiún, ina liostaítear na saincheisteanna a dtabharfar aghaidh orthu i ngach timthriall fíorúcháin chun iontaofacht, uileghabhálacht agus inchomparáideacht an ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh (‘OIN’) a áirithiú.

(2)

Chun go mbeidh sonraí maidir le OIN iontaofa, uileghabhálach agus inchomparáide, ní mór cóireáil na gcuntas náisiúnta CBL neamhbhailithe mar gheall ar chalaois CBL agus mar gheall ar dhócmhainneacht a shoiléiriú.

(3)

Maidir le cóireáil den sórt sin, d’fhéadfadh sé go dteastódh coigeartú a bhaineann le comhpháirt na neamhréireachta idir fáltais CBL theoiriciúla agus fáltais CBL iarbhír atá inchurtha i leith imghabhála nach mbaineann le cúlcheadú an cheannaitheora (‘gan chomhpháirteachas’) agus CBL neamhbhailithe de dheasca dócmhainneachta.

(4)

Ba cheart comhiomláin OIN agus a gcomhpháirteanna a bheith inchomparáide ar fud na mBallstát agus ba cheart dóibh na sainmhínithe ábhartha agus rialacha cuntasaíochta Chóras Cuntas Eorpach 2010 (CCE 2010) mar atá leagtha síos in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh (3).

(5)

Ba cheart an chóireáil a leagtar síos i gCinneadh 98/527/CE, Euratom (4) ón gCoimisiún a chur in ionad an Rialacháin Cur Chun Feidhme seo, agus torthaí na hoibre a rinneadh ar an tsaincheist sin á gcur san áireamh mar chuid d’fhíorú OIN.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 98/527/CE, Euratom ón gCoimisiún a aisghairm.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán Cur Chun Feidhme seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2019/516,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Déanfaidh na Ballstáit luach CBL neamhbhailithe a ríomh trí na modhanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo a chur i bhfeidhm. Áirítear le luach CBL neamhbhailithe CBL neamhbhailithe mar gheall ar imghabháil ‘gan chomhpháirteachas’ agus, más ábhartha, CBL neamhbhailithe mar gheall ar dhócmhainneacht.

2.   Chun críocha an ríomha sa chéad mhír, cinnfidh na Ballstáit fáltais CBL theoiriciúla agus fáltais CBL iarbhír agus ríomhfaidh siad an neamhréireacht idir an dá mhéid sin, tríd an bhfoirmle ghinearálta seo a leanas a chur i bhfeidhm:

CBL neamhbhailithe = Fáltais CBL theoiriciúla lúide fáltais CBL iarbhír lúide ioncam in easnamh (mar gheall ar imghabháil ‘le comhpháirteachas’)

3.   Déantar fáltais CBL iarbhír a thaifeadadh mar chánacha D.211 mar a leagtar síos in CCE 2010 míreanna 4.26 – 4.28. Ar bhonn na foinse óna ndíorthaítear na fáltais CBL iarbhír (méideanna arna bhfianú le measúnuithe agus dearbhuithe nó fáltais airgid), tá na trí rogha seo a leanas maidir le CBL neamhbhailithe a mheas laistigh den fhoirmle ghinearálta thuas indéanta:

(a)

Rogha 1a (bunaithe ar CCE 2010 mír 4.27a – D.211 a dhíorthaítear ó mheasúnuithe agus ó dhearbhuithe a choigeartaítear le comhéifeacht lena léirítear méideanna measúnaithe agus méideanna dearbhaithe nár bailíodh riamh)

CBL neamhbhailithe (mar gheall ar imghabháil gan chomhpháirteachas agus mar gheall ar dhócmhainneacht) = Fáltais CBL theoiriciúla lúide fáltais CBL iarbhír arna bhfianú le measúnuithe agus dearbhuithe arna gcoigeartú le comhéifeacht lúide ioncam in easnamh (mar gheall ar imghabháil ‘le comhpháirteachas’)

(b)

Rogha 1b (bunaithe ar CCE 2010 mír 4.27a – D.211 a dhíorthaítear ó mheasúnuithe agus ó dhearbhuithe; aistriú caipitil D.995 chuig na hearnálacha ábhartha a taifeadadh, rud a léiríonn méideanna measúnaithe agus méideanna dearbhaithe nár bailíodh riamh)

CBL neamhbhailithe (mar gheall ar imghabháil gan chomhpháirteachas) = Fáltais CBL theoiriciúla lúide fáltais CBL iarbhír arna bhfianú le measúnuithe agus dearbhuithe lúide ioncam in easnamh (mar gheall ar imghabháil ‘le comhpháirteachas’)

(c)

Rogha 2 (bunaithe ar CCE 2010 mír 4.27b – D.211 a dhíorthaítear ó fháltais airgid arna gcoigeartú de réir ama)

CBL neamhbhailithe (mar gheall ar imghabháil gan chomhpháirteachas agus mar gheall ar dhócmhainneacht) = Fáltais CBL theoiriciúla lúide fáltais CBL iarbhír bunaithe ar airgead tirim arna choigeartú de réir ama lúide ioncam in easnamh (mar gheall ar imghabháil ‘le comhpháirteachas’)

4.   Déanfaidh na Ballstáit, más gá, na meastacháin ar bharrachas breisluacha agus oibriúcháin a bheidh ina meastacháin ar ollioncam náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh agus ar olltáirgeacht intíre ag praghsanna an mhargaidh arna ndéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a choigeartú trí luach CBL neamhbhailithe, arna ríomh agus úsáid á baint as an bhfoirmle a leagtar amach i mír 2, a chur leis. Déanfar an coigeartú sin laistigh den bhreisluach (agus dá bharr sin laistigh den bharrachas oibriúcháin) trí aschur agus/nó tomhaltas idirmheánach a choigeartú.

Airteagal 2

Chun an coigeartú a thuairiscítear in Airteagal 1 a dhéanamh, féadfaidh na Ballstáit modh a chur i bhfeidhm atá coibhéiseach leis an modh a leagtar amach in Airteagal 1, agus lena soláthraítear torthaí inchomparáide.

Airteagal 3

Cuimseoidh na Ballstáit sna fardail dá gcuid féin de na foinsí agus na modhanna a úsáideadh chun comhiomláin OIN agus a gcomhpháirteanna a sholáthar i gcomhréir le CCE 2010 (‘Fardal OIN’) tuairisc ar na foinsí agus na modhanna a cuireadh i bhfeidhm, agus luafaidh siad luach na gcoigeartuithe a rinneadh.

Airteagal 4

Más féidir le Ballstát a léiriú don Choimisiún go bhfuil cóireáil choibhéiseach an CBL neamhbhailithe intuigthe ina chuntais cheana féin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 1 maidir leis an mBallstát sin. Aon Bhallstát ar mian leis a léiriú go bhfuil cóireáil choibhéiseach an CBL neamhbhailithe intuigthe ina chuntais cheana féin, soláthróidh sé an tuairisc ábhartha san Fhardal OIN.

Airteagal 5

Gan beann ar cé acu a úsáideann nó nach n–úsáideann Ballstát an modh a thuairiscítear in Airteagal 1 nó an modh a thuairiscítear in Airteagal 2, nó gan beann ar cé acu a leanann nó nach leanann sé cóireáil choibhéiseach lena n–áirithítear CBL neamhbhailithe a áireamh go hintuigthe ina chuntais mar a leagtar síos in Airteagal 4, déanfaidh gach Ballstát, gach 5 bliana ar a laghad, comparáid idir na fáltais CBL theoiriciúla agus na fáltais CBL iarbhír, déanfaidh sé anailís ar an neamhréireacht agus cuirfidh sé torthaí na hanailíse sin san áireamh san Fhardal OIN, ag tosú leis an bhFardal OIN don timthriall fíorúcháin 2025-2029.

Airteagal 6

Aisghairtear Cinneadh 98/527/CE, Euratom.

Airteagal 7

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Samhain 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 91, 29.3.2019, lch. 19.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2147 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí liosta saincheisteanna a dtabharfar aghaidh orthu i ngach timthriall fíorúcháin a shainmhíniú (IO L 428, 18.12.2020, lch. 9.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO L 174, 26.6.2013, lch. 1).

(4)  Cinneadh 98/527/CE, Euratom ón gCoimisiún an 24 Iúil 1998 maidir le calaois CBL a chóireáil chun críocha cuntas náisiúnta (na neamhréireachtaí idir fáltais CBL theoiriciúla agus fáltais CBL iarbhír) (IO L 234, 21.8.1998, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

Ríomhtar luach CBL neamhbhailithe (mar gheall ar imghabháil nach mbaineann le cúlcheadú an cheannaitheora (‘gan chomhpháirteachas’) agus, más ábhartha, mar gheall ar dhócmhainneacht) agus úsáid á baint as an dá athróg seo a leanas:

1.

Luach na bhfáltas CBL teoiriciúil;

2.

An neamhréireacht idir fáltais CBL theoiriciúla agus fáltais CBL iarbhír a bailíodh.

Fáltais CBL theoiriciúla a ríomh

Is ionann na fáltais CBL theoiriciúla agus na méideanna CBL a bhaileofaí dá n–íocfadh gach aonad atá faoi réir CBL é mar a cheanglaítear leis an dlí.

Ní coincheap ná comhiomlán de chuid CCE 2010 é CBL teoiriciúil. Is féidir CBL teoiriciúil a mheas i samhail ríofa ad hoc, lena n–aonraítear an CBL neamh-inasbhainte a áirítear go hintuigthe ar thaobh caiteachais na gcuntas (i.e. san áireamh ach gan iad a nochtadh sa chaiteachas arna luacháil ag praghsanna na gceannaitheoirí).

Go sonrach, chun fáltais CBL theoiriciúla a ríomh, is é an chéad chéim an bonn CBL a thabhairt i gcomhréir leis an reachtaíocht reatha: i bhfocail eile, na hidirbhearta uile atá faoi réir CBL neamh-inasbhainte a shainaithint. Déantar an ríomh sin trí úsáid a bhaint as na sonraí cuntas náisiúnta imdhealaithe is gráinní atá ar fáil. Ríomhtar an bonn CBL i bhfianaise na reachtaíochta agus na rialacha reatha uile lena rialaítear CBL.

Is é an dara céim an ráta iomchuí CBL a chur i bhfeidhm ar gach idirbheart arb é an bonn CBL é mar a shainítear sa mhír roimhe seo. Ní mór gurb iad na rátaí CBL a chuirfear i bhfeidhm na cinn a bhí i bhfeidhm le linn na bliana ar ríomhadh an bonn CBL ina leith (agus aon athrú a rinneadh le linn na bliana á chur san áireamh go cuí). Ríomhtar fáltais CBL theoiriciúla i bhfianaise na reachtaíochta agus na rialacha reatha uile lena rialaítear CBL.

Chun na hidirbhearta uile sa gheilleagar inar cheart CBL neamh-inasbhainte a mhuirearú a shainaithint, is gá anailís an-mhionsonraithe a dhéanamh ar chaiteachas (tomhaltas críochnaitheach, tomhaltas idirmheánach, ollfhoirmiú an chaipitil sheasta) chun na hidirbhearta atá inchánach a aonrú agus na ceannaitheoirí nach féidir leo CBL a asbhaint a aonrú (rud a bhraitheann ar mheascán tosca amhail an earnáil institiúideach, gníomhaíocht eacnamaíoch agus méid). Ba cheart na catagóirí idirbheart seo a leanas (don chuid atá faoi réir CBL neamh-inasbhainte) a chur san áireamh agus CBL teoiriciúil á ríomh:

Caiteachas Teaghlaigh ar Thomhaltas Críochnaitheach (coincheap baile, i.e. caiteachas ar an gcríoch baile);

Tomhaltas idirmheánach earnáil S.13 (i ndiaidh pro rata neamh-inasbhainteachta don earnáil a chur i bhfeidhm);

Tomhaltas idirmheánach earnáil S.15 (i ndiaidh pro rata neamh-inasbhainteachta don earnáil a chur i bhfeidhm);

Tomhaltas idirmheánach earnálacha S.11, S.12 agus S.14 (i ndiaidh pro rata neamh-inasbhainteachta do na gníomhaíochtaí aonair a chur i bhfeidhm);

Aistrithe sóisialta comhchineáil arna gceannach ag earnáil S.13;

Aistrithe sóisialta comhchineáil arna gceannach ag earnáil S.15;

Ollfhoirmiú Caipitil Sheasta earnáil S.13 (i ndiaidh pro rata neamh-inasbhainteachta don earnáil a chur i bhfeidhm);

Ollfhoirmiú Caipitil Sheasta earnáil S.15 (i ndiaidh pro rata neamh-inasbhainteachta don earnáil a chur i bhfeidhm);

Ollfhoirmiú Caipitil Sheasta earnálacha S.11, S.12 agus S.14 (i ndiaidh pro rata neamh-inasbhainteachta do na gníomhaíochtaí aonair a chur i bhfeidhm); agus

Éadálacha lúide diúscairtí earraí luachmhara.

I gcás cineálacha áirithe idirbheart, is gá ‘ pro rata neamh-inasbhainteachta’ a chur i bhfeidhm chun cuntas a thabhairt ar an gcás nach bhfuil ach codanna de chaiteachas ábhartha na hearnála nó na gníomhaíochta institiúidí ar leith faoi réir CBL neamh-inasbhainte. Sna cásanna sin, ní mór pro rata neamh-inasbhainteachta den sórt sin a chur i bhfeidhm, bunaithe ar an sciar den aschur díolmhaithe in aschur iomlán na hearnála/gníomhaíochta ar leith.

Ina theannta sin, ba cheart caiteachas ar roinnt táirgí a bheith faoi réir srianta náisiúnta maidir leis an gceart CBL ionchuir a asbhaint (e.g. gluaisteáin ghnó agus caiteachas gaolmhar, ‘costais ionadaíochta’, etc.) a chur san áireamh ar bhonn uilechoiteann, gan beann ar pro rata neamh-inasbhainteachta do na gníomhaíochtaí nó do na hearnálacha (de réir mar is iomchuí).

Ba cheart roinnt sainiúlachtaí eile a áireamh sa tsamhail – a mhéid is féidir – mar shampla:

Scéimeanna CBL speisialta a bheith ann do ghnólachtaí beaga faoi bhun tairseach chlárúcháin áirithe;

Scéimeanna CBL speisialta eile a bheith ann: feirmeoirí cothromráta, scéim corrlaigh do thionscnóirí turas etc.;

Eisiamh ceart tomhaltais earraí arna dtáirgeadh ar bhonn féinchuntais;

Eisiamh ceart na gceannachán saor ó cháin i siopaí saor ó dhleacht;

Cuimsiú idirbheart nach bhfuil sa chuntas earraí agus seirbhísí ach a d’fhéadfadh a bheith faoi réir CBL neamh-inasbhainte, e.g. ceannach talún foirgníochta.

Déantar meastachán ar an gcáin i ngach ceann de na hidirbhearta thuasluaite arb é an bonn CBL é tríd an ráta CBL iomchuí a chur i bhfeidhm: e.g. má dhéantar idirbheart a luacháil 150 ar phraghas an cheannaitheora agus é rátáilte ag 20 %, mheasfaí gurb é 150/1,2×0,2 = 25 an CBL intuigthe atá taobh thiar de.

D’fhéadfadh sé gur ghá an ríomh sin a mhionchoigeartú má bhíonn an t–idirbheart lena mbaineann faoi réir calaois CBL le comhpháirteachas an chustaiméara, ós rud é nár cheart go n–áireofaí sa chuntas náisiúnta praghas an cheannaitheora ar idirbhearta atá faoi réir na calaoise sin an CBL a imghabháladh amhlaidh. Dá bhrí sin, sa chás sin, más eol gurb é 30 luach an earra/na seirbhíse atá faoi réir calaois CBL mar aon le comhpháirteachas atá leabaithe i bpraghas an cheannaitheora (agus más eol nach n–áirítear an CBL gaolmhar a imghabháladh san iomlán de 150), ríomhfaí luach an CBL atá leabaithe i bpraghas an cheannaitheora mar a leanas: (150-30)/1,2 × 0,2 = 20. Is é 100 a bheadh i gceist le glanluach na n–idirbheart ‘rialta’ agus na n–idirbheart atá faoi réir calaois CBL gan chomhpháirteachas, ar ar gabhadh an CBL i bpraghas an cheannaitheora, is é 20 a bheadh i gceist leis an CBL gaolmhar a áirítear i bpraghas an cheannaitheora, is é 30 a bheadh i gceist le luach na n–idirbheart atá faoi réir calaois CBL mar aon le comhpháirteachas, agus CBL mar aon le comhpháirteachas a áirítear i bpraghas an cheannaitheora – 0. Is é 30 × 0,2 = 6 a bheadh i gceist leis an CBL arna imghabháil mar aon le comhpháirteachas cothrom. Is é 20 + 6 = 26 a bheadh i gceist le luach deiridh an CBL teoiriciúil.

I bhfianaise leibhéal na mionsonraí is gá chun CBL teoiriciúil a ríomh, ba cheart an ríomh sin a bheith bunaithe ar na sonraí cuntas náisiúnta is imdhealaithe atá ar fáil, de réir an táirge. Sna Táblaí Soláthair agus Úsáide (SUT) soláthraítear creat oiriúnach do ríomh den sórt sin. Mar sin féin, ní sholáthróidh fiú na sonraí SUT is mionsonraithe an miondealú a chomhfhreagródh go hiomlán do mhionsonraí an chánachais CBL ar tháirgí, ar ghníomhaíochtaí nó ar earnálacha aonair. Dá bhrí sin, gan dabht, ní mór faisnéis fhorlíontach ó fhoinsí eile a fhiosrú chun an reachtaíocht CBL atá i bhfeidhm a léiriú go cruinn. Áirítear ar na foinsí sin taifid fhioscacha agus/nó riaracháin mhionsonraithe nó suirbhéanna staidrimh. I gcásanna áirithe, chun na scoilteanna is gá a shuí, ní mór dul i muinín staidéir aonuaire, patrúin ualaithe éagsúla, meastacháin nó toimhdí saineolaithe.

An neamhréireacht idir fáltais CBL theoiriciúla agus fáltais CBL a bailíodh go hiarbhír a ríomh agus anailís a dhéanamh air sin

Tá dhá chomhpháirt sa neamhréireacht idir fáltais CBL theoiriciúla (arna ríomh i bhfianaise na reachtaíochta agus na rialacha reatha uile) agus fáltais CBL iarbhír:

1.

CBL arna imghabháil lena mbaineann cúlcheadú na gceannaitheoirí (mar aon le comhpháirteachas) (cásanna nach n–íocann an ceannaitheoir CBL leis an díoltóir; tugann sé sin le tuiscint nár sonrascadh CBL);

2.

CBL arna imghabháil nach mbaineann cúlcheadú na gceannaitheoirí leis (gan chomhpháirteachas) (cásanna ina n–íocann an ceannaitheoir CBL leis an díoltóir, ach go dteipeann ar an díoltóir é a tharchur chuig na húdaráis chánach, lena n–áirítear cásanna dócmhainneachta an díoltóra; tugann sé sin le tuiscint gur sonrascadh CBL agus dá bhrí sin ba cheart cásanna calaoise CBL arna déanamh ag trádálaí atá ar iarraidh a mheas anseo freisin).

Mar thoradh air sin, sroichtear luach CBL neamhbhailithe (mar gheall ar imghabháil ‘gan chomhpháirteachas’ agus, más ábhartha, mar gheall ar dhócmhainneacht) trí CBL arna imghabháil ‘le comhpháirteachas’ a asbhaint ón neamhréireacht idir fáltais CBL theoiriciúla agus fáltais CBL iarbhír.

CBL neamhbhailithe = Fáltais CBL theoiriciúla lúide fáltais CBL iarbhír lúide ioncam in easnamh (mar gheall ar imghabháil ‘le comhpháirteachas’)

Is ionann fáltais CBL iarbhír agus na méideanna arna mbailiú go hiarbhír ag na húdaráis chánach don tréimhse lena mbaineann ríomh na bhfáltas CBL teoiriciúil. Déantar fáltais CBL iarbhír a thaifeadadh mar chánacha D.211 mar a leagtar síos in CCE 2010 míreanna 4,27 – 4,28. Beidh na cánacha taifeadta sin D.211 ar bhonn fabhraithe i gcomhréir le CCE 2010 mír 4,26. Is féidir fáltais CBL iarbhír a dhíorthú ó mhéideanna a fhianaítear le measúnuithe agus le dearbhuithe a choigeartaítear le comhéifeacht lena léirítear suimeanna measúnaithe agus suimeanna dearbhaithe nár bailíodh riamh (rogha 1a), ó mheasúnuithe agus ó dhearbhuithe lena n–úsáidtear aistriú caipitil (D.995) le haghaidh suimeanna nár bailíodh riamh (rogha 1b) nó ó fháltais airgid thirim arna gcoigeartú de réir ama (rogha 2).

D’fhéadfadh cásanna a bheith ann ina dtugtar teideal faoin reachtaíocht reatha do na húdaráis chánach cealuithe a dhéanamh ar éilimh CBL i gcásanna dócmhainneachta. I gcásanna den sórt sin, bheadh na méideanna CBL neamhbhailithe mar gheall ar dhócmhainneacht san áireamh in D.211, má dhíorthaítear D.211 ó mheasúnuithe agus ó dhearbhuithe leis an aistriú caipitil D.995 lena léirítear na cealuithe (rogha 1b) agus nach n–áireofaí in D.211 iad i gcás go n–úsáidfí airgead tirim arna choigeartú de réir ama nó measúnuithe agus dearbhuithe de réir comhéifeachta ar D.211 (rogha 1a agus rogha 2).

Féadfar luach CBL arna imghabháil ‘le comhpháirteachas’ a ríomh, de réir an ghnáis, agus gníomhaíochtaí a bhfuil coigeartú le haghaidh obair neamhdhearbhaithe déanta ina leith á gcur san áireamh.

Trí úsáid a bhaint as an modh sin, an coigeartú d’obair neamhdhearbhaithe arna dhéanamh ar aschur na mbrainsí gníomhaíochta eacnamaíche a chur i bhfeidhm agus méideanna comhfhreagracha na ndíolachán neamhdhearbhaithe a iolrú faoi na rátaí cuí CBL, is féidir luach na bhfáltas CBL ‘in easnamh’ a diúltaíodh do na húdaráis chánach mar gheall ar imghabháil CBL ‘le comhpháirteachas’ a mheas.

Mar shampla: más rud é, i ndiaidh coigeartú le haghaidh obair neamhdhearbhaithe, go ndéanfaí méadú 15 % ar mheastachán ar thomhaltas teaghlaigh táirge ar leith, gan CBL a áireamh, agus más ionann an ráta CBL a bhfuil feidhm aige maidir le ceannacháin an táirge sin agus 20 %, is féidir an méid atá dlite do na húdaráis chánach a ríomh mar a leanas:

Fáltais CBL in easnamh mar gheall ar imghabháil ‘le comhpháirteachas’ = luach dhíolacháin an táirge roimh choigeartú × 15 % × 20 %.

Áirítear ar chineálacha eile cur chuige féideartha i leith an idirdhealaithe idir an chalaois CBL le comhpháirteachas agus gan chomhpháirteachas, e.g. úsáid sonraí fioscacha nó toimhdí saineolaithe ar cad iad na gníomhaíochtaí a bhfuil baint acu le na cineálacha éagsúla calaoise.

CBL neamhbhailithe a thaifeadadh sna cuntais náisiúnta

Ag glacadh leis nach ndéantar idirbhearta nach dtuairiscítear d’údaráis chánach a thuairisciú d’údaráis staidrimh ach an oiread, agus mura bhfuil luachanna CBL neamhbhailithe (mar gheall ar imghabháil gan chomhpháirteachas agus mar gheall ar dhócmhainneacht) san áireamh go hintuigthe sna cuntais cheana féin, ba cheart na coigeartuithe seo a leanas ar idirbhearta na gcuntas náisiúnta a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, chun cuntas a thabhairt ar an CBL neamhbhailithe arna ríomh de réir an mhodha a thuairiscítear thuas (nó de réir modh coibhéiseach):

1,

Ar thaobh an táirgthe: ní mór luach an CBL neamhbhailithe a áireamh i mbreisluach an díoltóra.

2,

Ar thaobh an ioncaim: ní mór luach an CBL neamhbhailithe a áireamh i mbarrachas oibriúcháin an díoltóra.

3,

Ar thaobh an chaiteachais: ní mór luach an CBL neamhbhailithe a áireamh i bpraghas an cheannaitheora ar an earra nó ar an tseirbhís. Dá bhrí sin, ba cheart luach CBL neamhbhailithe a áireamh i dtomhaltas críochnaitheach na dteaghlach agus in ollfhoirmiú caipitil sheasta. Ar bhonn na bhfoinsí agus na modhanna a úsáidtear chun na catagóirí caiteachais a mheas, is féidir na méideanna faoi seach a áireamh sna sonraí foinseacha cheana féin (e.g. má úsáidtear Suirbhé ar Bhuiséad Teaghlaigh) nó níor mhór iad a chur leis go sainráite (e.g. má úsáidtear modhanna indíreacha amhail modh sreafa tráchtearraí nó modhanna cainníochta × praghais).

Níl CBL arna imghabháil i gcalaois le comhpháirteachas le taifeadadh sna cuntais, toisc nach n–íocann an ceannaitheoir é. Tá CBL arna íoc ag an gceannaitheoir ach nach bhfuil bailithe mar gheall ar imghabháil gan chomhpháirteachas agus/nó dócmhainneacht le taifeadadh sna catagóirí faoi seach a léirítear i bpointí 1-3 thuas.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2493/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)