|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2481 |
14.11.2023 |
CINNEADH (AE) 2023/2481 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Samhain 2023
lena leagtar síos raonta táscacha maidir le spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais don líonra bainistíochta aerthráchta le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha (2025-2029)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun aerspás Eorpach aonair a chruthú (an Creat-Rialachán) (1), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (a), de,
Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus (AE) Uimh. 391/2013 (2), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 11(3), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, is é an Coimisiún atá freagrach as spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais a shocrú i bpríomhréimsí feidhmíochta na sábháilteachta, an chomhshaoil, na hacmhainne agus na costéifeachtúlachta, le haghaidh gach tréimhse tagartha den scéim feidhmíochta agus muirearaithe do sheirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra aerloingseoireachta. Leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le socrú na spriocanna feidhmíochta sin ar fud an Aontais ag an gCoimisiún i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(2) |
Na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha (‘TT4’), tréimhse a chlúdaíonn na blianta féilire 2025 go 2029, tá siad le glacadh faoin 1 Meitheamh 2024. |
|
(3) |
Chun ullmhúchán a dhéanamh do na spriocanna feidhmíochta sin ar fud an Aontais, ceanglaíonn Airteagal 9(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ar an gCoimisiún raonta táscacha maidir le spriocanna a fhoilsiú le haghaidh gach príomhréimse feidhmíochta (‘PRF’), arb é atá i gceist leo na luachanna bliantúla íosta agus uasta a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais a shocrú laistigh díobh. Tá na raonta táscacha sin maidir le spriocanna le húsáid ag an gCoimisiún chun dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 10(3) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, le daoine agus eagraíochtaí ábhartha eile agus, maidir le gnéithe sábháilteachta, le Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (‘EASA’). |
|
(4) |
Mhol an Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta (‘CAF’) arna ainmniú ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 raonta táscacha maidir le spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh TT4 i dtuarascáil a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin an 29 Meán Fómhair 2023. |
|
(5) |
Sa tuarascáil sin, chuir an CAF i láthair go mionsonraithe na toimhdí, an réasúnaíocht agus an anailís is bunús do na raonta táscacha maidir le spriocanna atá beartaithe i bpríomhréimsí feidhmíochta na sábháilteachta, an chomhshaoil, na hacmhainne agus na costéifeachtúlachta. A mhéid a bhaineann leis an éabhlóid tráchta a thuartar le haghaidh TT4, bhain an CAF úsáid as réamhaisnéis tráchta bhonnlíne STATFOR Eurocontrol is déanaí a bhí ar fáil agus a foilsíodh an 31 Márta 2023. |
|
(6) |
Na raonta táscacha maidir le spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais a leagtar amach sa Chinneadh seo, ba cheart iad a bheith bunaithe ar na luachanna a mhol an CAF ina thuarascáil dá dtagraítear in aithrisí (4) agus (5), agus ba cheart an mhodheolaíocht láidir, na sonraí cuimsitheacha, agus na hanailísí fairsinge cainníochtúla agus cáilíochtúla a chuirtear i láthair sa tuarascáil sin a bheith mar bhonn taca leo. |
|
(7) |
Maidir leis an PRF a bhaineann leis an tsábháilteacht, ba cheart aird a thabhairt ar na feabhsuithe ar éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta arna mbaint amach le linn an tríú tréimhse thagartha (‘TT3’) agus ar na feabhsuithe eile a bhfuil gá leo i bhfianaise na bhforbairtí rialála agus oibríochtúla is déanaí. |
|
(8) |
Chun na raonta táscacha maidir le spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais a ríomh le haghaidh PRF an chomhshaoil, ba cheart aird a thabhairt ar an bhfeidhmíocht stairiúil a baineadh amach maidir leis an PRF sin, ar na buntáistí a mheastar a bheidh ann de thoradh na mbeart a leagtar amach i bPlean Feabhsúcháin Líonra Aerbhealaí na hEorpa dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún (3), sa leagan de a foilsíodh i mí Iúil 2023 (4), agus ar na hiarmhairtí ar shreabha aerthráchta san aerspás atá ag an gcogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin. Thairis sin, na raonta táscacha atá beartaithe maidir le spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh PRF an chomhshaoil, ba cheart a chur san áireamh leo torthaí staidéir a rinne an CAF ar na hidirspleáchais idir PRFanna an chomhshaoil agus na hacmhainne, staidéar a úsáideadh chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchar srianta acmhainne a bhfuil coinne leo ar an PRF a bhaineann leis an gcomhshaol le linn TT4. |
|
(9) |
Chun na raonta táscacha maidir le spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais a ríomh le haghaidh PRF na hacmhainne, ba cheart aird a thabhairt ar dtús ar fheidhmíocht stairiúil acmhainne Soláthraithe Seirbhísí Aerloingseoireachta (‘ANSPanna’), agus béim ar na moilleanna ar bhainistíocht na sreibhe aerthráchta (‘ATFM’) de dheasca srianta acmhainneachta ar an rialú aerthráchta (‘ATC’) nó de dheasca cúiseanna foirne ATC. Ar an dara dul síos, ba cheart aird a thabhairt ar shuaití stairiúla ar sheirbhísí aerloingseoireachta de dheasca cúiseanna nach mbaineann le ATC agus ar an tionchar a bhíonn ag moilleanna de dheasca drochaimsire ar an soláthar acmhainne. Ar an tríú dul síos, ba cheart aird a thabhairt ar phleananna feabhsúcháin acmhainne na ANSPanna atá san áireamh sa Phlean Eorpach um Oibríochtaí Líonra dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123, sna hIarscríbhinní a ghabhann leis a foilsíodh i mí Aibreán 2023 (5). I ndáil le buntáistí oibríochtúla a mheastar a bheidh ann le linn TT4 ón gcuid feidhmiúlachtaí bainistíochta aerthráchta (‘ATM’) de ‘Comhthionscadal a hAon’ SESAR agus a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/116 ón gCoimisiún (6), chun raonta táscacha maidir le spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais a fhorbairt le haghaidh TT4 ba cheart aird a thabhairt ar an anailís a rinne Bainisteoir Imlonnaithe SESAR agus atá i gceangal le tuarascáil an CAF. |
|
(10) |
I ndáil le PRF na costéifeachtúlachta, ba cheart na réamhshonraí costais agus tráchta le haghaidh TT4 a chuir na Ballstáit isteach faoin 1 Meitheamh 2023 a úsáid mar cheann de na hionchuir chun raonta táscacha maidir le spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais a ríomh le haghaidh TT4. Anailís shaineolach réamhbhreathnaitheach an CAF ar bhoinn costais TT4 agus ar an bhféidearthacht go bhfeabhsófar an chostéifeachtúlacht le linn TT4, agus na hidirspleáchais le PRFanna eile á gcur san áireamh, cuireann sí a thuilleadh leis an mbonn taca atá faoi raonta táscacha maidir le spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais. Ba cheart aird a thabhairt freisin ar anailís ar na neamhéifeachtúlachtaí costais measta i soláthar seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach a thagann faoi raon feidhme na scéime feidhmíochta agus muirearaithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach san Iarscríbhinn na raonta táscacha maidir le spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha (‘TT4’), arb é atá i gceist leo na luachanna bliantúla íosta agus uasta a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún na spriocanna feidhmíochta sin ar fud an Aontais Eorpaigh a shocrú laistigh díobh.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Samhain 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.
(2) IO L 56, 25.2.2019, lch. 1.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2019 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta (BAT) a chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 ón gCoimisiún (IO L 28, 31.1.2019, lch. 1).
(4) https://www.eurocontrol.int/publication/european-route-network-improvement-plan-ernip-part-2
(5) https://www.eurocontrol.int/publication/european-network-operations-plan-2023-2027
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/116 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2021 maidir le bunú Chomhthionscadal a hAon lena dtacaítear le cur chun feidhme an Mháistirphlean Eorpaigh um Bainistíocht Aerthráchta dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 409/2013 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2014 ón gCoimisiún (IO L 36, 2.2.2021, lch. 10).
IARSCRÍBHINN
Raonta táscacha maidir le spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha (‘TT4’)
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA SÁBHÁILTEACHTA
Éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, i raon idir leibhéil A agus D EASA
|
Leibhéal éifeachtachta na bainistíochta sábháilteachta atá le baint amach ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, de réir an chuspóra bainistíochta sábháilteachta |
Cuimse íochtair maidir le spriocanna ar fud an Aontais (le baint amach faoi 2029) |
Cuimse uachtair maidir le spriocanna ar fud an Aontais (le baint amach faoi 2029) |
|
Beartas agus cuspóirí sábháilteachta |
C |
C |
|
Bainistíocht riosca sábháilteachta |
D |
D |
|
Dearbhú sábháilteachta |
C |
C |
|
Cur chun cinn sábháilteachta |
C |
C |
|
Cultúr sábháilteachta |
C |
C |
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA AN CHOMHSHAOIL
Meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig iarbhír
|
Meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig iarbhír, mar chéatadán |
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
2029 |
|
Cuimse uachtair maidir le spriocanna ar fud an Aontais |
2,71 % |
2,70 % |
2,69 % |
2,67 % |
2,66 % |
|
Cuimse íochtair maidir le spriocanna ar fud an Aontais |
2,49 % |
2,46 % |
2,44 % |
2,42 % |
2,39 % |
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA hACMHAINNE
Meánmhoill ar Bhainistíocht na Sreibhe Aerthráchta (‘ATFM’) faoi bhealach i nóiméid in aghaidh na heitilte
|
Meánmhoill ATFM eitilte faoi bhealach, i nóiméid in aghaidh na heitilte |
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
2029 |
|
Cuimse uachtair maidir le spriocanna ar fud an Aontais |
0,50 |
0,50 |
0,50 |
0,40 |
0,40 |
|
Cuimse íochtair maidir le spriocanna ar fud an Aontais |
0,41 |
0,38 |
0,35 |
0,33 |
0,31 |
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA COSTÉIFEACHTÚLACHTA
Athrú bliain ar bhliain ar an meánchostas aonaid arna shuí (‘CAAS’) faoi bhealach ar fud an Aontais le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach
|
Athrú bliain ar bhliain ar an meán-CAAS faoi bhealach ar fud an Aontais, mar chéatadán |
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
2029 |
|
Cuimse uachtair maidir le spriocanna ar fud an Aontais |
–0,7 % |
–0,7 % |
–0,7 % |
–0,7 % |
–0,7 % |
|
Cuimse íochtair maidir le spriocanna ar fud an Aontais |
–3,1 % |
–3,1 % |
–3,1 % |
–3,1 % |
–3,1 % |
|
Luach bonnlíne don mheán-CAAS faoi bhealach ar fud an Aontais le haghaidh TT4, i dtéarmaí réadacha in EUR 2022 |
2024 |
|
Luach bonnlíne measta do na raonta maidir le spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta ar fud an Aontais le haghaidh TT4 |
EUR 55,61 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2481/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)