European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2467

6.11.2023

CINNEADH (AE) 2023/2467 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2023

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste um Aitheantas Frithpháirteach do Cháilíochtaí Gairmiúla a bunaíodh faoin gComhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada, de pháirt, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh maidir le comhaontú i ndáil le haitheantas frithpháirteach do cháilíochtaí gairmiúla le haghaidh ailtirí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (AE) 2017/37 ón gComhairle (1), déantar foráil maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Chuimsithigh Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada, de pháirt, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile. Síníodh CETA an 30 Deireadh Fómhair 2016.

(2)

Le Cinneadh (AE) 2017/38 ón gComhairle (2), déantar foráil maidir le codanna de CETA a chur i bhfeidhm go sealadach, lena n-áirítear bunú an Chomhchoiste um Aitheantas Frithpháirteach do Cháilíochtaí Gairmiúla ‘Coiste MRA’). Tá CETA á chur i bhfeidhm go sealadach ón 21 Meán Fómhair 2017 i leith.

(3)

An 22 Bealtaine 2018, chuir Eagraíochtaí Rialála don Ailtireacht i gCeanada (ROAC (ar a dtugtaí ‘Údaráis Ceadúnúcháin Ailtireachta Cheanada’ (CALA)) agus Comhairle Ailtirí na hEorpa (ACE) Moladh Comhpháirteach faoi bhráid Choiste MRA. Ag an gcruinniú a bhí ag Coiste MRA an 16 Aibreán 2019, chomhaontaigh sé go bhfuil ceanglais Chaibidil a hAon Déag de CETA comhlíonta agus gurb ionann na doiciméid a sholáthair ROAC agus ACE agus Moladh Comhpháirteach le haghaidh Comhaontú um Aitheantas Frithpháirteach (MRA) a bhí inghlactha, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an luach a d’fhéadfadh a bheith aige agus comhoiriúnacht chórais ceadúnúcháin nó cáilíochtaí na bPáirtithe.

(4)

Ag an gcruinniú a bhí ag Coiste MRA an 24 Samhain 2020, bhunaigh an Coiste na heintitis chaibidlíochta agus leag sé síos na céimeanna chun MRA a chaibidliú. Tionóladh sraith de 9 mbabhta caibidlíochta idir an 24 Márta 2021 agus an 10 Márta 2022.

(5)

Leis an dréacht-MRA a rinneadh a chaibidliú idir an tAontas agus Ceanada déantar foráil maidir le haitheantas frithpháirteach do cháilíochtaí gairmiúla faoi choinníollacha sonracha diana. Maidir le haitheantas do cháilíochtaí gairmiúla Ceanadacha, éilíonn an dréacht-MRA 12 bliana ar a laghad d’oideachas, oiliúint agus taithí ghairmiúil mar ailtire, ceadúnas nó clárúchán gairmiúil bailí mar ailtire ó údarás inniúil i gCeanada agus dea-stádas. Leis an gceanglas chun ceadúnas nó clárúchán gairmiúil bailí mar ailtire a bhaint amach, tugtar le fios go gcuirfeadh duine a chuid staidéir i gcrích i gcomhréir le Caighdeán Oideachais Cheanada agus le córas creidiúnaithe Bord Deimhnithe Ailtireachta Cheanada. Measúnú ar na coinníollacha inar baineadh amach clárúchán nó ceadúnas, sin é is bonn leis an gconclúid sa Mholadh Comhpháirteach go n-aithneofaí go raibh caighdeáin oideachais agus oiliúna praiticiúla na n-ailtirí i gCeanada inghlactha.

(6)

Leagfar amach in MRA rialacha ar féidir na cáilíochtaí gairmiúla atá ag ailtirí a aithint dá réir agus ar féidir rochtain ar ghníomhaíochtaí ailtireachta gairmiúla a thabhairt dá réir sa dá Pháirtí agus dá bhrí sin éascófar trádáil i seirbhísí ailtireachta leis.

(7)

Tá Coiste MRA chun cinneadh maidir le MRA a ghlacadh.

(8)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste MRA a bhunú a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh maidir le MRA, mar go mbeidh an MRA ina cheangal ar an Aontas.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gCoiste MRA a bheith bunaithe ar an dréachtChinneadh atá i gceangal leis seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste um Aitheantas Frithpháirteach do Cháilíochtaí Gairmiúla (‘Coiste MRA’) a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh maidir le comhaontú i ndáil le haitheantas frithpháirteach do cháilíochtaí gairmiúla le haghaidh ailtirí, beidh sé bunaithe ar an dréachtChinneadh ó Choiste MRA atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PLANAS PUCHADES


(1)  Cinneadh (AE) 2017/37 ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 2016 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Chuimsithigh Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada, de pháirt, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (IO L 11, 14.1.2017, lch. 1).

(2)  Cinneadh (AE) 2017/38 ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Chuimsithigh Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada, de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (IO L 11, 14.1.2017, lch. 1080).


DRÉACHT

CINNEADH Uimh. … ÓN gCOMHCHOISTE UM AITHEANTAS FRITHPHÁIRTEACH DO CHÁILÍOCHTAÍ GAIRMIÚLA

an …

lena leagtar amach comhaontú i ndáil le haitheantas frithpháirteach do cháilíochtaí gairmiúla le haghaidh ailtirí

AN COMHCHOISTE UM AITHEANTAS FRITHPHÁIRTEACH DO CHÁILÍOCHTAÍ GAIRMIÚLA,

Ag féachaint don Chomhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada, de pháirt, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 30 Deireadh Fómhair 2016, go háirithe Airteagal 11.3.6 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 30.7.3 CETA, tá codanna de CETA á gcur i bhfeidhm go sealadach ó bhí an 21 Meán Fómhair 2017 ann.

(2)

Le hAirteagal 11.3.6 CETA foráiltear go nglacfaidh an Comhchoiste um Aitheantas Frithpháirteach do Cháilíochtaí Gairmiúla (‘an Coiste’) Comhaontú um Aitheantas Frithpháirteach (MRA) trí bhíthin cinnidh má mheasann an Coiste go bhfuil an MRA comhsheasmhach le CETA,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

1.

Leis seo glacann an Coiste an MRA le haghaidh Ailtirí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus atá ina chuid dhílis den Chinneadh seo.

2.

Cuimsíonn raon feidhme críochach an Chinnidh seo tíortha a aontaíonn don Aontas Eorpach de bhun Airteagal 30.10 CETA.

3.

Ar mhaithe le tuilleadh cinnteacha, tá feidhm ag CETA maidir leis an gCinneadh seo, lena n-áirítear a nósanna imeachta um réiteach díospóidí i gCaibidil Fiche a Naoi agus a eisceachtaí i gCaibidil Fiche a hOcht.

4.

Ar mhaithe le tuilleadh cinnteachta, ní choisceann aon ní sa Chinneadh seo ar Pháirtí bearta a chur i bhfeidhm chun rialú a dhéanamh ar theacht isteach daoine nádúrtha ina chríoch, nó fanacht sealadach daoine nádúrtha ina chríoch, lena n-áirítear na bearta sin is gá chun sláine a theoireannacha a chosaint agus chun gluaiseacht ordúil daoine nádúrtha trasna a theorainneacha a áirithiú, ar choinníoll nach gcuirfear na bearta sin i bhfeidhm ar bhealach lena ndéanfar neamhniú nó lagú ar na sochair a fhabhróidh d’aon Pháirtí faoi théarmaí Chaibidil a Deich de CETA. An fíoras go gceanglaítear víosa a bheith ag daoine nádúrtha de chuid tír áirithe agus nach gceanglaítear víosa a bheith ag daoine nádúrtha de chuid tíortha eile, ní rud é a shílfear a bheith ina neamhniú nó ina lagú ar shochair faoi théarmaí Chaibidil 10 de CETA.

5.

Athdhearbhaíonn na Páirtithe a gceart chun rialála, agus chun rialacháin nua a thabhairt isteach lena rialaítear gníomhaíocht eacnamaíoch ar mhaithe le leas an phobail, chun cuspóirí beartais phoiblí dlisteanacha a bhaint amach, amhail an tsláinte phoiblí a chosaint agus a chur chun cinn, seirbhísí sóisialta, an t-oideachas poiblí, an tsábháilteacht, an comhshaol, moráltacht an phobail, an chosaint shóisialta nó cosaint tomhaltóirí, príobháideachas agus cosaint sonraí agus cur chun cinn agus cosaint na héagsúlachta cultúrtha.

6.

Má bheartaíonn an tAontas Eorpach cúrsa réamhchlárúcháin ar líne a thabhairt isteach faoi Airteagal 5(4) MRA le haghaidh ailtirí, cuirfidh sé an Coiste ar an eolas luath go leor roimh ré ionas go bhféadfar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an méid sin ar an gCinneadh seo a phlé.

7.

D’fhéadfadh na Páirtithe faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8(1) MRA le haghaidh ailtirí a thiomsú i ndoiciméad de chuid Choiste MRA agus a fhoilsiú.

8.

Beidh éifeacht ag an gCinneadh seo 30 lá tar éis an dáta a ghlacfaidh an Coiste é. Tagann sé chun bheith ina cheangal tar éis do gach Páirtí fógra a thabhairt don Choiste go bhfuil a gceanglais inmheánacha féin comhlíonta acu i gcomhréir le hAirteagal 11.3.6 CETA. Ar mhaithe le tuilleadh cinnteachta, ní dheonófar aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla ailtirí de bhun an Chinnidh seo sula mbeidh an Cinneadh ina cheangal.

9.

Scoirfidh an Cinneadh seo de bheith éifeachtach agus ina cheangal mura dtiocfaidh CETA i bhfeidhm agus má dhéantar cur i bhfeidhm sealadach CETA a fhoirceannadh i gcomhréir le fomhír (d) d’Airteagal 30.7.3 CETA, nó má dhéantar CETA a fhoirceannadh, de bhun Airteagal 30.9.1 CETA.

10.

I gcás Cheanada, áirítear sna ceanglais inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 8 den Chinneadh seo daingniú ó na comhlachtaí rialála uile a chuimsíonn Eagraíochtaí Rialála um Ailtireacht i gCeanada agus na gníomhaíochtaí reachtacha agus rialála ábhartha a dhéanann Cúigí agus Críocha, más ann d'aon ghníomhaíocht den chineál sin. Ar mhaithe le tuilleadh cinnteachta, féadfaidh Cúigí agus Críocha, de bhun an údaráis bhunreachtúil atá acu i gCeanada chun cáilíochtaí agus seirbhísí gairmiúla a rialú, údaráis shonracha a tharmligean dá gcomhlachtaí rialála laistigh dá ndlínse féin, de réir a rogha féin.

11.

Má chuireann Páirtí iarraidh faoi bhráid an Choiste i scríbhinn gur cheart an Cinneadh seo a chúlghairm, déanfar an Cinneadh seo a chúlghairm agus ní bheidh sé ina cheangal a thuilleadh ar na Páirtithe, mura gcinnfidh an Coiste a mhalairt laistigh de 90 lá tar éis an iarraidh sin a fháil.

12.

I gcás ina ndéanfar an Cinneadh seo a chúlghairm, nó i gcás ina ndéanfar CETA a fhoirceannadh nó i gcás ina ndéanfar é a chur i bhfeidhm go sealadach i gcomhréir le hAirteagal 30.9.1 nó le fomhír (d) d’Airteagal 30.7.3 CETA, cinntí lena n-aithnítear na cáilíochtaí gairmiúla atá ag ailtirí, cáilíochtaí a deonaíodh de bhun an Chinnidh seo roimh an dáta cúlghairme nó an dáta foirceanta, beidh na cinntí sin fós bailí. I gcás ina ndéanfar an Cinneadh seo a chúlghairm, nó i gcás ina ndéanfar CETA a fhoirceannadh nó i gcás ina ndéanfar é a chur i bhfeidhm go sealadach, aon iarraidh ar aitheantas a chuirfear faoi bhráid Páirtí roimh dháta cúlghairme an Chinnidh seo nó roimh dháta foirceanta CETA nó sula gcuirfear i bhfeidhm go sealadach é, déanfar measúnú uirthi agus déanfar í a chur i gcrích de bhun théarmaí an Chinnidh seo. Beidh cúlghairm an Chinnidh seo, foirceannadh CETA nó cur i bhfeidhm sealadach CETA i gcomhréir le hAirteagal 30.9.1 nó le fomhír (d) d’Airteagal 30.7.3 CETA gan dochar d’aon oibleagáid ar ailtirí údaruithe a athnuachan nó gníomhaíochtaí ailtireachta a shaothrú ina ndlínse óstach.

13.

Féadfaidh Páirtí a bhfuil sé iarrtha aige go ndéanfaí an Cinneadh seo a chúlghairm fógra a thabhairt don Choiste go bhfuil sé ag iarraidh go n-athbhunófaí an Cinneadh seo. Féadfaidh an Coiste cinneadh a ghlacadh chuige sin laistigh de 3 bliana ón dáta cúlghairme agus beidh an cinneadh sin ón gCoiste ina cheangal i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 8 den Chinneadh seo.

14.

Tá an Cinneadh seo tarraingthe suas i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag an téacs i ngach ceann de na teangacha sin.

Thar ceann AN CHOMHCHOISTE UM AITHEANTAS FRITHPHÁIRTEACH DO CHÁILÍOCHTAÍ GAIRMIÚLA

Na Comhchathaoirligh


IARSCRÍBHINN

Comhaontú i ndáil le hAitheantas Frithpháirteach do Cháilíochtaí Gairmiúla le haghaidh Ailtirí

Tá an tAONTAS EORPACH agus CEANADA,

dá ngairtear na ‘Páirtithe’ go comhpháirteach anseo feasta,

ar a bheith de rún daingean acu;

(1)

creat a BHUNÚ chun córas cothrom, trédhearcach, comhsheasmhach a bhaint amach ar mhaithe le haitheantas frithpháirteach do cháilíochtaí gairmiúla le haghaidh ghairm an ailtire;

AGUS

(2)

Á nDEARBHÚ DÓIBH a ngealltanais mar Pháirtithe sa Chomhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada, de pháirt, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 30 Deireadh Fómhair 2016;

(3)

Á AITHINT DÓIBH údarás na Rialtas Cúigeach agus Críochach i gCeanada maidir le cáilíochtaí agus seirbhísí gairmiúla a rialú laistigh dá ndlínse;

(4)

Á CUR CHUN FEIDHME ACU Caibidil a hAondéag de CETA maidir le haitheantas frithpháirteach do cháilíochtaí gairmiúla le haghaidh ghairm an ailtire;

(5)

Á hAITHINT DÓIBH obair ullmhúcháin agus Moladh Comhpháirteach Chomhairle Ailtirí na hEorpa agus na nEagraíochtaí Rialála Ailtireachta i gCeanada;

(6)

Á MHEABHRÚ DÓIBH gur cheart táillí údarúcháin a fhéadfaidh iarratasóir a thabhú i ndáil lena iarraidh a bheith réasúnach agus i gcomhréir leis na costais a thabhaítear, agus nár cheart go bhfágfaidís, astu féin, go gcuirfí srian ar sholáthar seirbhíse ná ar shaothrú aon ghníomhaíochta eacnamaíche eile a chumhdaítear le CETA;

(7)

Á nAITHINT DÓIBH ardchaighdeáin oideachas agus oiliúint phraiticiúil na n-ailtirí laistigh de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus i gCúigí agus i gCríocha Cheanada, caighdeáin a chuireann san áireamh na traidisiúin éagsúla náisiúnta oideachasúla, agus a fhágann gur féidir gnéithe coibhéise a bheith ann;

(8)

Á SPREAGADH DÓIBH trádáil i seirbhísí ailtireachta idir an tAontas Eorpach agus Ceanada trí na coinníollacha a leagan síos le haghaidh aitheantas frithpháirteach do cháilíochtaí gairmiúla ionas go bhféadfar ailtirí a chlárú nó a cheadúnú sa Pháirtí eile ina dhiaidh sin;

(9)

Á THABHAIRT DÁ nAIRE Comhaontú Saorthrádála Cheanada (1), comhaontú ina bhfuil forálacha maidir le soghluaisteacht an lucht saothair intíre laistigh de Cheanada;

(10)

Á MHEABHRÚ DÓIBH go bhféadfaidh iarratasóir ar diúltaíodh dá iarraidh ar aitheantas faoin gComhaontú seo leas a bhaint as an nós imeachta athbhreithnithe a shonraítear faoi Airteagal 12.3.6 CETA,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Cuspóir agus raon feidhme

1.   Bunaítear leis an gComhaontú seo na coinníollacha agus na nósanna imeachta ar dá réir a aithneoidh dlínse de chuid Páirtí amháin, dlínse a rialaíonn rochtain ar ghníomhaíochtaí ailtireachta nó saothrú na ngníomhaíochtaí sin trí cháilíochtaí gairmiúla sonracha a éileamh, na cáilíochtaí gairmiúla lena dtugtar rochtain ar ghníomhaíochtaí gairmiúla i ndlínse de chuid an Pháirtí eile.

2.   Tá feidhm ag an gComhaontú seo maidir le náisiúnaigh de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus maidir le náisiúnaigh de Cheanada atá ag iarraidh gabháil do ghníomhaíochtaí ailtireachta agus iad a shaothrú ar bhonn féinfhostaithe nó fostaithe.

3.   Níl feidhm ag an gComhaontú seo maidir le hailtirí atá údaraithe chun gníomhaíochtaí ailtireachta a shaothrú i gCeanada nó san Aontas Eorpach de bhun comhaontú um aitheantas frithpháirteach le tríú páirtí.

4.   Gan dochar don Chomhaontú seo, féadfaidh Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus Cúigí agus Críocha 11527 Cheanada cáilíochtaí gairmiúla nach gcomhlíonann ceanglais an Chomhaontaithe seo a aithint, i gcomhréir lena ndlíthe agus a rialacháin féin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 1.1, Airteagal 1.2 agus Airteagal 11.1 CETA. Tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin agus cuirtear iad in ionad na sainmhínithe in Airteagal 1.1, Airteagal 1.2 agus Airteagal 11.1 CETA, i gcás inarb ábhartha:

(a)

ciallaíonn ‘ailtire’ duine nádúrtha atá cáilithe go gairmiúil agus go hacadúil agus atá cláraithe, ceadúnaithe nó a chomhionann chun gníomhaíochtaí ailtireachta a shaothrú i ndlínse a chumhdaítear leis an gComhaontú seo, de réir na gcoinníollacha atá i bhfeidhm lena dtugtar rochtain ar shaothrú na ngníomhaíochtaí gairmiúla a chumhdaítear leis an gComhaontú seo;

(b)

ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí ailtireachta’ gníomhaíochtaí ailtireachta a dhéantar go rialta faoin teideal gairmiúil ‘ailtire’ a shaothrú i ndlínse óstach;

(c)

ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás nó comhlacht a chumhachtaítear faoi dhlíthe agus rialacháin na bPáirtithe chun na cáilíochtaí gairmiúla a chumhdaítear leis an gComhaontú seo a aithint ar mhaithe le rochtain ar ghníomhaíochtaí ailtireachta nó saothrú na ngníomhaíochtaí sin nó chun doiciméid a eisiúint atá ábhartha d’oibriú an Chomhaontaithe seo;

(d)

ciallaíonn ‘cáilíochtaí foirmiúla’ dioplómaí, teastais agus fianaise eile a eisíonn údarás inniúil i ndlínse a ainmnítear de bhun forálacha reachtacha, rialála nó riaracháin na dlínse sin agus a dheimhníonn gur cuireadh an oiliúint ghairmiúil i gcrích;

(e)

ciallaíonn ‘dlínse óstach’ an dlínse den Pháirtí a bheartaíonn go mbeidh rochtain ar ghníomhaíochtaí ailtireachta nó saothrú na ngníomhaíochtaí sin ag brath ar cháilíochtaí gairmiúla sonracha agus i gcás ina mbíonn ailtire a bhfuil cáilíochtaí gairmiúla críochnaitheacha bainte amach acu i ndlínse de chuid an Pháirtí eile ag iarraidh gníomhaíochtaí ailtireachta a shaothrú;

(f)

ciallaíonn ‘dlínse’ an chríoch de gach ceann de Chúigí nó Críocha Cheanada, nó an chríoch de gach Ballstát den Aontas Eorpach, a mhéid a bhíonn feidhm ag an gComhaontú seo sna críocha sin;

(g)

ciallaíonn ‘taithí ghairmiúil’ cleachtas éifeachtach dleathach gníomhaíochtaí ailtireachta i ndlínse;

(h)

ciallaíonn an ‘Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla’ Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (2), lena n-áirítear na hiarscríbhinní a ghabhann léi, arna leasú;

(i)

ciallaíonn ‘cáilíochtaí gairmiúla’ na cáilíochtaí a fhianaítear le fianaise ar cháilíocht fhoirmiúil agus taithí ghairmiúil, lena n-áirítear fianú ar chlárú gairmiúil, ceadúnas nó a chomhionann; agus

(j)

ciallaíonn ‘ROAC’ Eagraíochtaí Rialála um Ailtireacht i gCeanada, eagraíocht ghairmiúil náisiúnta d’údaráis inniúla Chúigeacha agus Chríochacha a oibríonn go deonach mar chomharghrúpa chun caighdeáin agus cláir a bhfuil aitheantas náisiúnta acu maidir le gairm an ailtire a ghlacadh.

Airteagal 3

Iarmhairtí aitheantais

1.   I gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na coinníollacha a leagtar amach sa Chomhaontú seo, aithneoidh údarás inniúil dlínse óstaí gur comhionann iad na cáilíochtaí gairmiúla atá ag ailtire arna ndeimhniú ag aon údarás inniúil de chuid an Pháirtí eile.

2.   Chun críoch rochtain ar ghníomhaíochtaí ailtireachta nó saothrú na ngníomhaíochtaí sin, tabharfaidh an dlínse óstach an éifeacht chéanna do na cáilíochtaí gairmiúla atá ag ailtirí ar aithníodh a gcáilíochtaí faoin gComhaontú seo ina críoch agus atá ag cáilíochtaí gairmiúla a eisítear nó a dheimhnítear ina críoch, agus tabharfaidh sí rochtain ar shaothrú gníomhaíochtaí ailtireachta.

Airteagal 4

Ceanglais maidir le haitheantas

1.   Gan dochar d’Airteagal 6, agus faoi réir aon cheanglas maidir le scileanna teanga a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm, is iad seo a leanas na ceanglais a bheidh ar ailtire ó Bhallstát an Aontais Eorpaigh chun gníomhaíochtaí ailtire a shaothrú i ndlínse óstach de chuid Cheanada:

(a)

12 bhliain ar a laghad d’oideachas, d’oiliúint agus de thaithí ghairmiúil mar ailtire, arna bhfianú le fianaise ar an méid seo a leanas:

cáilíochtaí foirmiúla a chomhlíonann ceanglais Airteagal 46, lena n-áirítear na cáilíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn V, nó ceanglais Airteagal 49, lena n-áirítear na cáilíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn VI, den Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla,, agus teastas ag gabháil leo a fhianaíonn comhlíonadh na gceart faighte faoin Treoir sin, de réir mar is iomchuí, agus

4 bliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil i mBallstát an Aontais Eorpaigh a fuarthas tar éis clárú, ceadúnaithe nó a chomhionainn,

(b)

clárú nó ceadú gairmiúil bailí mar ailtire ó údarás inniúil i mBallstát an Aontais Eorpaigh nó a chomhionann más rud é nach bhfuil aon chóras clárúcháin nó ceadúnaithe ann, agus

(c)

dea-theist.

2.   Gan dochar d’Airteagal 6, agus faoi réir aon cheanglas maidir le scileanna teanga a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm, is iad seo a leanas na ceanglais a bheidh ar ailtire ó Cheanada chun gabháil do ghníomhaíochtaí ailtire agus na gníomhaíochtaí sin a shaothrú i mBallstát an Aontais Eorpaigh:

(a)

12 bhliain ar a laghad d’oideachas, d’oiliúint agus de thaithí ghairmiúil mar ailtire, arna bhfianú le fianaise ar an méid seo a leanas:

cáilíochtaí foirmiúla arna n-eisiúint i gCeanada lena dtugtar rochtain ar ghairm an ailtire mar a thugtar tuairisc uirthi i bhFoscríbhinn I, agus

4 bliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil i gCeanada a fuarthas tar éis clárú nó ceadúnaithe,

(b)

clárú nó ceadú gairmiúil bailí mar ailtire ó údarás inniúil i gCeanada, agus

(c)

dea-stádas.

3.   D’fhéadfaí ceanglais na chéad fhleisce d’fhomhír (a) de mhír 1 nó na chéad fhleisce d’fhomhír (a) de mhír 2 den Airteagal seo a chomhlíonadh freisin le cáilíochtaí foirmiúla arna n-eisiúint ag tríú páirtí agus a aithnítear mar cháilíochtaí comhionanna de réir na gceanglas atá ag dlínse de chuid Páirtí, agus i gcás inarb iomchuí, forlíonta le hoiliúint ghairmiúil, scrúdú nó taithí ghairmiúil mar a éilítear sa dlínse sin.

Airteagal 5

Beart cúiteach

1.   Ailtire ó Bhallstát an Aontais Eorpaigh atá ag iarraidh gabháil do ghníomhaíochtaí ailtireachta agus na gníomhaíochtaí sin a shaothrú i ndlínse óstach de chuid Cheanada, tabharfaidh sé faoi chúrsa réamhchlárúcháin 10 n-uair an chloig ar líne chun ceanglais i leith eolas réimse-shonrach a chomhlíonadh maidir le rialachán foirgníochta, doiciméid tógála, riarachán conarthaí agus cleachtas gairmiúil. San iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 6(1) áireofar na táillí a bhaineann le páirt a ghlacadh sa chúrsa. Leagtar amach i bhFoscríbhinn II na ceanglais agus na módúlachtaí a bhaineann leis an gcúrsa réamhchlárúcháin ar líne.

2.   Ní chumhdóidh an cúrsa réamhchlárúcháin ar líne níos mó ná an méid atá comhréireach maidir le haghaidh a thabhairt ar dhifríochtaí ó thaobh eolas réimse-shonrach idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus Cúigí agus Críocha Cheanada. Ní bheidh sé ina dhídhreasacht mhíreasúnta chun cur isteach ar aitheantas agus ní chuirfidh sé moill mhíchuí ar rochtain ar ghníomhaíochtaí gairmiúla ná ar shaothrú na ngníomhaíochtaí sin, ná ní chuirfidh sé isteach ar an méid sin, i gcás ailtirí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Féadfar modúil tástála an chúrsa réamhchlárúcháin ar líne a athdhéanamh suas le 3 huaire laistigh de 3 mhí ón gcéad uair a gheofar rochtain air.

3.   Ní fhéadfar an cúrsa réamhchlárúcháin ar líne a chur de cheangal ach ar ailtirí dá dtagraítear i mír 1 den airteagal seo atá ag iarraidh aitheantas a fháil dá gcáilíochtaí gairmiúla ó dhlínse óstach Cheanadach den chéad uair.

4.   Forchoimeádann an tAontas Eorpach an ceart chun cúrsa réamhchlárúcháin ar líne coibhéiseach a thabhairt isteach. Bheadh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo maidir le haon chúrsa ar líne den sórt sin, cé is moite de cheanglais agus módúlachtaí Fhoscríbhinn II, ach na n-athruithe riachtanacha a bheith déanta.

Airteagal 6

Nósanna imeachta maidir le haitheantas

1.   Ailtire atá ag iarraidh gabháil do ghníomhaíochtaí ailtireachta agus na gníomhaíochtaí sin a shaothrú i ndlínse de chuid an Pháirtí eile, cuirfidh sé iarraidh faoi bhráid údarás inniúil na dlínse sin trí mheán leictreonach a dtacaíonn na doiciméid agus na teastais a liostaítear i bhFoscríbhinn III leis, má iarrann an dlínse óstach sin. Déanfar iarrataí ar aitheantas i dteanga na dlínse óstaí nó in aon teanga eile a nglacann an dlínse óstach léi.

2.   Admhóidh an t-údarás inniúil go bhfuair sé iarraidh trí mheán leictreonach laistigh de mhí amháin tar éis dóibh é a fháil agus cuirfidh siad an t-iarratasóir ar an eolas faoi cé acu a mheastar go bhfuil an iarraidh iomlán nó nach meastar. I gcás iarrataí neamhiomlána, sainaithneoidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis bhreise atá ag teastáil chun an iarraidh a chríochnú agus tabharfaidh sé an deis don iarratasóir é a cheartú laistigh de thréimhse ama réasúnta.

3.   Cuirfear an nós imeachta maidir le scrúdú a dhéanamh ar an iarraidh ar aitheantas i gcrích chomh tapa agus is féidir, agus mar thoradh air déanfaidh údarás inniúil na dlínse óstaí cinneadh cuí-réasúnaithe laistigh de 3 mhí ón dáta a chuir an t-iarratasóir iarraidh iomlán isteach.

4.   Má éilíonn údarás inniúil go ndéanfaí an cúrsa réamhchlárúcháin ar líne dá dtagraítear in Airteagal 5, tabharfaidh an t-údarás inniúil deis don iarratasóir tabhairt faoin gcúrsa ar líne gan moill mhíchuí nuair a mheasann sé go bhfuil ceanglais Airteagal 4 comhlíonta. I gcás ar bith, tabharfaidh an t-údarás inniúil deis don iarratasóir tabhairt faoin gcúrsa réamhchlárúcháin ar líne agus faoin scrúdú teanga má éilítear é, agus, má chuirtear an dá cheann i gcrích go rathúil, tabharfaidh sé cinneadh cuí-réasúnaithe maidir leis an iarraidh don iarratasóir laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

5.   Má dhiúltaítear d’iarraidh, cuirfidh an t-údarás inniúil an t-iarratasóir ar an eolas i scríbhinn agus gan moill mhíchuí. Cuirfidh an t-údarás inniúil an t-iarratasóir ar an eolas faoi na cúiseanna ar diúltaíodh dá iarraidh.

6.   Aon táille a fhéadfaidh iarratasóir a thabhú i ndáil lena iarratas, beidh siad i gcomhréir leis na costais a thabhaíonn údaráis inniúla na dlínse óstaí.

Airteagal 7

Gníomhaíochtaí ailtireachta a shaothrú i ndlínse óstach

1.   Ailtire a fhaigheann aitheantas dá cháilíochtaí nó dá cáilíochtaí gairmiúla faoin gComhaontú seo agus a shaothraíonn gníomhaíochtaí ailtireachta sa dlínse óstach, comhlíonfaidh sé nó sí dlíthe, rialacháin, rialacha iompraíochta agus eitic na dlínse óstaí, amhail rialacha maidir le hárachas slánaíochta gairmiúla éigeantach, scileanna teanga, forbairt ghairmiúil leantach, táillí clárúcháin agus ainmneacha trádála nó gnólachta a úsáid.

2.   Beidh ailtire dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i dteideal gníomhaíochtaí ailtireachta a shaothrú faoin teideal gairmiúil sa dlínse óstach má tá an teideal faoi chosaint an dlí.

3.   Más rud é go bhfuil na cáilíochtaí gairmiúla atá ag ailtire ó Bhallstát an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 4 aitheanta ag dlínse óstach amháin i gCeanada, ní féidir le dlínse óstach eile i gCeanada aon chúrsaí breise a fhorchur nach n-éileofaí ar ailtire ó Cheanada mar choinníoll clárúcháin i ndlínse óstach eile.

Airteagal 8

Cur chun feidhme

1.   Cuirfidh gach Páirtí an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don phobal nó áiritheoidh sé go gcuirfidh a n-údaráis inniúla ar fáil don phobal í, trí mheán leictreonach más féidir:

(a)

ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil a riarann iarrataí ar aitheantas do cháilíochtaí;

(b)

ceanglais agus nósanna imeachta ábhartha a bhaineann le cur chun feidhme agus riarachán na gcinntí maidir le haitheantas frithpháirteach do cháilíochtaí;

(c)

nósanna imeachta a bhaineann le clárúchán éigeantach i gcomhlacht gairmiúil; agus

(d)

dlíthe agus rialacháin is infheidhme maidir le cleachtas na ngníomhaíochtaí gairmiúla a chumhdaítear leis an gComhaontú seo, lena n-áirítear go háirithe na ceanglais i leith eolas réimse-shonrach a ndéantar tástáil orthu sa chúrsa réamhchlárúcháin ar líne dá dtagraítear in Airteagal 5.

2.   Féachfaidh gach Páirtí leis an bPáirtí eile a chur ar an eolas faoi rialacháin nua nó modhnuithe ar rialacháin atá ann cheana féin, rialacháin nó modhnuithe a glacadh agus a cheart chun rialú á fheidhmiú aige, agus a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar aitheantas do cháilíochtaí atá ag ailtirí i gcomhréir le fomhír (d) d’Airteagal 11.5 CETA.

3.   Oibreoidh údaráis inniúla ó gach dlínse de Pháirtí i ndlúthchomhar agus tabharfaidh siad cúnamh frithpháirteach dá chéile chun cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a éascú.

4.   Ní choisceann aon ní sa Chomhaontú seo ar údaráis inniúla nó a gcomhlachais teacht le chéile go tráthrialta chun ábhair a bhaineann le rialú ghairm an ailtire a phlé.

5.   Tarraingeoidh na Páirtithe aird Choiste MRA, a bunaíodh faoi fhomhír (b) d’Airteagal 26.2(1) CETA ar aon saincheist a eascraíonn as cur chun feidhme nó feidhmiú an Chomhaontaithe seo mura féidir na saincheisteanna sin a réiteach i gcomhréir leis an Airteagal seo. Tionólfar an Coiste go pras tráth nach déanaí ná 45 lá tar éis dóibh iarraidh a fháil agus féachfaidh an Coiste le teacht ar réiteach atá sásúil don dá pháirtí laistigh de 4 mhí ón dáta a tionóladh an cruinniú den Choiste.

6.   I gcás ina ndéanfaidh Comhchoiste CETA scrúdú ar an éifeacht a bheadh ag aontachas nua leis an Aontas Eorpach de bhun Airteagal 30.10 CETA, tiocfaidh Coiste MRA le chéile agus tuairisceoidh sé don Choiste um Sheirbhísí agus Infheistíocht chun tacú leis an scrúdú a bheadh ar bun ag Comhchoiste CETA.


(1)  https://www.cfta-alec.ca/canadian-free-trade-agreement/

(2)  (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).


Foscríbhinn I

Cáilíochtaí foirmiúla arna n-eisiúint i gCeanada lena dtugtar rochtain ar ghairm an ailtire dá dtagraítear in Airteagal 4(2)

I gCeanada, is le dioplóma ó cheann de na hollscoileanna seo a leanas a deimhnítear an t-oideachas a éilítear mar cheann de na coinníollacha chun rochtain a fháil ar cháilíochtaí ailtirí:

Ollscoil British Columbia;

Ollscoil Calgary;

Ollscoil Carleton;

Ollscoil Theicniúil Nova Scotia (TUNS) – Ollscoil Dalhousie;

Ollscoil Laval;

Ollscoil Manitoba;

Ollscoil McGill;

Ollscoil Montréal;

Ollscoil Toronto; agus

Ollscoil Waterloo.

Is iad seo a leanas na céimeanna ábhartha:

Baitsiléir san Ailtireacht (B. Arch) go dtí 2004; agus

Máistreacht san Ailtireacht (M. Arch).

Ina theannta sin féadfaidh Bord Deimhnithe Ailtireachta Cheanada (CACB) nó an t-údarás inniúil measúnú a dhéanamh ar chéimeanna gairmiúla nó dioplómaí aonair san ailtireacht ó institiúidí neamhchreidiúnaithe agus deimhniúchán a bhronnadh má chomhlíonann siad Caighdeán Oideachais Cheanada, caighdeán atá formhuinithe ag ROAC. Coinníonn CACB liosta de chreidiúnuithe reatha, chomh maith le faisnéis faoi mhodhanna teastasúcháin, ar a shuíomh gréasáin.

I gcás daoine a bhain céim amach ó cheann de Scoileanna Ailtireachta Ollscoileanna Cheanada sular cuireadh Córas Creidiúnaithe Clár Céime CACB chun feidhme in 1991, dheimhnigh CACB cáilíochtaí oideachais gach céimí aonair ailtireachta, cáilíochtaí nár mhór a bhaint amach ó cheann de na hollscoileanna a liostaítear thuas.


Foscríbhinn II

Mionsonraí faoin gcúrsa réamhchlárúcháin 10 n-uair an chloig ar líne dá dtagraítear in Airteagal 5

1.   Prionsabail ghinearálta agus cuspóirí an chúrsa

Tá an cúrsa réamhchlárúcháin ar líne dá dtagraítear in Airteagal 5 ceaptha chun a áirithiú go bhfuil an t-eolas réimse-shonrach is gá chun cleachtadh i gceann de Chúigí nó Críocha Cheanada faighte ag ailtire ó Bhallstát an Aontais Eorpaigh atá ag iarraidh gabháil do ghníomhaíochtaí ailtireachta agus na gníomhaíochtaí sin a shaothrú i ndlínse óstach de Cheanada.

Nuair a bheidh an cúrsa déanta ag iarratasóir beidh tuiscint aige ar na seirbhísí nach mór don ailtire a sholáthar, na ceanglais chonarthacha is gá a chomhlíonadh sular féidir leis tús a chur le seirbhísí ailtireachta, oibleagáidí gairmiúla a bhaineann le gairm fhéinrialaithe agus an ceanglas chun leas an phobail a chosaint, oibleagáidí riaracháin agus dlíthiúla a chaithfidh a bheith ar eolas ag an ailtire chun seirbhísí ailtireachta a sholáthar i gCeanada agus cén áit ar féidir teacht ar fhaisnéis thagartha bhunriachtanach, lena n-áirítear cóid tógála, fodhlíthe, caighdeáin an tionscail, agus doiciméid rialála eile.

2.   An t-eolas réimse-shonrach a chumhdaítear

Is éard atá san eolas réimse-shonrach na nithe seo a leanas:

rialacháin tógála ábhartha a chuardach agus a dhoiciméadú;

tuiscint ar nósanna imeachta chun faoiseamh nó athraitheas a fháil ó cheanglais ar leith faoi na rialacháin tógála sin;

meastóireacht a dhéanamh ar tháirgí agus ar ábhair;

comhlíontacht an tionscadail leis na rialacháin is infheidhme

conarthaí foirgníochta a ullmhú agus a chaibidil, lena n-áirítear na coinníollacha maidir le conarthaí i gcomhair tógála chun róil an ailtire, an chonraitheora, an úinéara, na cuideachta bannaithe agus an árachóra a shoiléiriú i riarachán na céime tógála;

iarrataí ar chead tógála;

maoirseacht ar dhul chun cinn tógála agus athbhreithniú ar fheidhmíocht; agus

cóid eitice.

3.   Torthaí

Ar chur i gcrích an chúrsa réamhchlárúcháin ar líne don iarratasóir, gheobhaidh sé fógra láithreach faoi cé acu ar bhain sé pasghrád amach nó nár bhain. Déantar na torthaí a tharchur chuig ROAC agus déanann ROAC iad a thaifeadadh go comhuaineach.


Foscríbhinn III

Doiciméid a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil i gcomhréir le hAirteagal 6(1)

D’fhéadfadh údarás inniúil dlínse óstaí a cheangal ar iarratasóir aon cheann de na doiciméid seo a leanas a sholáthar trí mheán leictreonach, de réir mar is iomchuí:

1.

cruthúnas saoránachta nó buanchónaithe i bPáirtí;

2.

fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla;

3.

fianú ar thaithí ghairmiúil;

4.

litir ó údarás inniúil ón dlínse ina bhfuil an t-ailtire cáilithe agus í seolta go díreach trí mheán leictreonach chuig údarás inniúil na dlínse óstaí chun an méid seo a leanas a dheimhniú:

(a)

dáta clárúcháin nó ceadúnaithe, nó a chomhionann más rud é nach bhfuil aon chóras clárúcháin nó ceadúnaithe ann sa dlínse ina bhfuil an t-ailtire cáilithe;

(b)

go bhfuil na ceanglais maidir le cáilíochtaí gairmiúla a leagtar amach i bhfomhír (a) d’Airteagal 4(1) nó i bhfomhír (a) d’Airteagal 4(2) den Chomhaontú seo comhlíonta, de réir mar is iomchuí;

(c)

cruthúnas maidir le dea-theist nó dea-stádas; agus

(d)

mura gcumhdaítear é le fomhír (c), cruthúnas nach bhfuil an t-ailtire faoi réir gníomhaíocht araíonachta leanúnach agus nár cuireadh ar fionraí é nó í ná nár cuireadh cosc air nó uirthi ó ghníomhaíochtaí ailtireachta a shaothrú mar gheall ar mhí-iompar gairmiúil tromchúiseach nó ciontú as cion coiriúil a dhéanamh;

Má éilíonn an dlínse óstach cruthúnas faoi fhomhír (c) nó fomhír (d) thuas, glacfaidh sí mar fhianaise leordhóthanach le teastas arna eisiúint ag údarás inniúil na dlínse ina bhfuil an t-ailtire cáilithe. Más rud é nach n-eisíonn an t-údarás inniúil teastais den sórt sin, glacfaidh an dlínse óstach dearbhú faoi mhionn nó dearbhú sollúnta ón ailtire lena mbaineann os comhair údarás inniúil breithiúnach nó riaracháin, nó nótaire nó comhlacht gairmiúil cáilithe agus. Sa chás sin, soláthróidh an t-iarratasóir teastas arna eisiúint ag údarás den sórt sin nó ag nótaire freisin lena ndeimhnítear barántúlacht a ndearbhaithe faoi mhionn nó a ndearbhaithe shollúnta;

5.

cruthúnas go bhfuil árachas ag an iarratasóir i gcoinne na rioscaí airgeadais a eascraíonn as dliteanas gairmiúil i gcomhréir le dlíthe na dlínse óstaí;

6.

sliocht as an taifead coiriúil ón dlínse dá dtagraítear i bpointe 4;

7.

cruthúnas ar íocaíocht na dtáillí iarrata riachtanacha.

Na doiciméid dá dtagraítear i bpointí 4, 5 agus 6 den Fhoscríbhinn seo, ní bheidh siad níos sine ná 3 mhí d’aois faoin dáta a chuirfear isteach iad.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2467/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)