|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2453 |
31.10.2023 |
CINNEADH Uimh. 2/2023 Ó CHOISTE AMBASADÓIRÍ ACC-AE
an 25 Deireadh Fómhair 2023
chun Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE a leasú chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) den Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE [2023/2453]
TÁ COISTE AMBASADÓIRÍ ACC-AE,
Ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (1), agus go háirithe Airteagal 15(4) agus Airteagal 16(2) i gcomhar le hAirteagal 95(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (‘Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE’), síníodh é in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Aibreán 2003. I gcomhréir le Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí (2) ACC-AE (‘an cinneadh maidir le bearta idirthréimhseacha’), tá sé le cur i bhfeidhm go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 95(4), an chéad fhomhír, de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, cuireadh tús leis an gcaibidlíocht i dtreo Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE nua (‘an Comhaontú nua’) i mí Mheán Fómhair 2018. Síneoidh an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Comhaltaí Eagraíocht Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin an Comhaontú nua an 15 Samhain 2023. De bhun Airteagal 98(4) den Chomhaontú nua, tá tús le cur lena chur i bhfeidhm sealadach ar an gcéad lá den dara mí tar éis dháta sínithe an Chomhaontaithe sin. Dá bhrí sin, is gá an cinneadh maidir le bearta idirthréimhseacha a leasú chun síneadh breise a chur le cur i bhfeidhm fhorálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE. |
|
(3) |
Le hAirteagal 95(4), an dara fomhír, de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, déantar foráil maidir le Comhairle Airí ACC-AE aon bhearta idirthréimhseacha a ghlacadh a bhféadfadh gá a bheith leo go dtí go dtiocfaidh an Comhaontú nua i bhfeidhm. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 15(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, tharmlig Comhairle Airí ACC-AE, an 23 Bealtaine 2019, na cumhachtaí chun na bearta idirthréimhseacha a ghlacadh chuig Coiste Ambasadóirí ACC-AE (3). |
|
(5) |
Dá bhrí sin, is iomchuí go nglacfadh Coiste Ambasadóirí ACC-AE cinneadh, de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, an cinneadh maidir le bearta idirthréimhseacha a leasú chun síneadh breise a chur le cur i bhfeidhm fhorálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE go dtí an 31 Nollaig 2023. |
|
(6) |
Leanfar d’fhorálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE a chur i bhfeidhm chun leanúnachas a choimeád ar bun sa chaidreamh idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Stáit ACC, ar an taobh eile. Dá réir sin, níl na bearta idirthréimhseacha leasaithe ceaptha chun Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE a leasú, faoi mar a fhoráiltear maidir leis sin in Airteagal 95(3) de, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 1 de Chinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE, cuirfear an dáta ‘31 Nollaig 2023’ in ionad an dáta ‘31 Deireadh Fómhair 2023’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Samhain 2023.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 25 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann Chomhairle na nAirí ACC-AE
Ag Coiste Ambasadóirí ACC-AE
An tUachtarán
Marcos ALONSO ALONSO
(1) IO L 317, 15.12.2000, lch. 3. Leasaíodh an Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE leis an gComhaontú a síníodh i Lucsamburg an 25 Meitheamh 2005 (IO L 209, 11.8.2005, lch. 27) agus leis an gComhaontú a síníodh in Ouagadougou an 22 Meitheamh 2010 (IO L 287, 4.11.2010, lch. 3).
(2) Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 17 Nollaig 2019 maidir le bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE (IO L 1, 3.1.2020, lch. 3).
(3) Cinneadh Uimh. 1/2019 ó Chomhairle na nAirí ACC-AE an 23 Bealtaine 2019 maidir le tarmligean cumhachtaí chuig Coiste Ambasadóirí ACC-AE i dtaca leis an gcinneadh bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE (IO L 146, 5.6.2019, lch. 114).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2453/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)