European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2425

26.10.2023

MOLADH (AE) 2023/2425 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Deireadh Fómhair 2023

maidir le comhordú freagairtí ar theagmhais a eascraíonn, go háirithe, as scaipeadh ábhair neamhdhleathaigh, roimh theacht i bhfeidhm iomlán Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an ‘Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha’)

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 7170)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá tréimhse coimhlinte agus éagobhsaíochta ann faoi láthair nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Léirítear é le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus leis an ionsaí sceimhlitheoireachta a rinne Hamas ar mhuintir Iosrael. Le tionchar leathan na meán sóisialta, tá an foréigean agus an chogaíocht ag méadú ar líne san Aontas. Dá thoradh sin, tháinig méadú nach bhfacthas riamh roimhe seo ar ábhar neamhdhleathach agus díobhálach atá á scaipeadh ar líne, lena n-áirítear gníomhaíochtaí comhordaithe chun bréagaisnéis agus mífhaisnéis a scaipeadh ar fud an Aontais i ndáil le géarchéimeanna idirnáisiúnta den sórt sin.

(2)

Tá ról tábhachtach ag ardáin ar líne, go háirithe, i scaipeadh faisnéise ar fud an Aontais. Ar thaobh amháin, is príomhbhealaí cumarsáide le haghaidh shaoránaigh an Aontais iad ardáin ar líne agus is féidir faisnéis fhónta a chur ar fáil leo do rialtais agus d’údaráis phoiblí. Éascaítear leo an díospóireacht phoiblí agus faisnéis, tuairimí agus smaointe a scaipeadh ar an bpobal, agus bíonn tionchar acu ar an gcaoi a bhfaigheann saoránaigh faisnéis agus a gcuireann siad ar fáil ar líne í. Ar an taobh eile, is féidir mí-úsáid a bhaint as ardáin ar líne mar mhodh chun ábhar neamhdhleathach nó díobhálach ar líne a scaipeadh agus a mhéadú.

(3)

Le Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá rialacha ceannródaíocha leagtha síos ag an Aontas chun a thimpeallacht faisnéise ar líne a dhaingniú, saoirsí faisnéise ríthábhachtacha a chosaint, go háirithe in aimsir na coinbhleachta, ach lena n-éilítear freisin freagairtí éifeachtacha ar scaipeadh ábhair neamhdhleathaigh ar líne agus bagairtí ar an dioscúrsa sibhialta, ar thoghcháin agus ar an tslándáil phoiblí. Leis an Rialachán sin, rannchuidítear le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí idirghabhálacha trí rialacha comhchuibhithe a leagan amach maidir le timpeallacht shábháilte, intuartha agus iontaofa ar líne lena n-éascaítear nuálaíocht agus ina ndéantar cearta bunúsacha a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais a chosaint go héifeachtach (2).

(4)

Déantar an méid sin leis an Rialachán, go háirithe, trí oibleagáidí sonracha díchill chuí a fhorchur, ar oibleagáidí iad atá saincheaptha do chatagóirí sonracha soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, agus trí struchtúr rialachais a chur ar bun chun comhar agus comhordú a áirithiú idir údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún chun faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar na hoibleagáidí sin, lena n-áirítear an fhéidearthacht prótacail ghéarchéime a tharraingt suas de bhun Airteagal 48.

(5)

Cé nach mbeidh feidhm iomlán ag Rialachán (AE) 2022/2065 ach ón 17 Feabhra 2024 ar aghaidh, tá feidhm aige cheana féin maidir le soláthraithe ardán ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh ar líne a d’ainmnigh an Coimisiún, an 25 Aibreán 2023, mar ardáin an-mhór ar líne agus mar innill chuardaigh an-mhór ar líne de bhun Airteagal 33(4) den Rialachán sin (3). Cé nach bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit ach a gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus údaráis inniúla náisiúnta eile a ainmniú a bheidh freagrach as faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2022/2065 faoin 17 Feabhra 2024, (4) féadfaidh an Coimisiún na cumhachtaí forfheidhmithe a cuireadh de chúram air faoi Roinn 4 de Chaibidil IV den rialachán sin a chur in úsáid cheana féin i ndáil leis na hardáin an-mhór ar líne agus na hinnill chuardaigh an-mhór ar líne a d’ainmnigh sé an 25 Aibreán 2023 (5).

(6)

Mar sin féin, chun go ndéanfaidh an Coimisiún faireachán agus forfheidhmiú éifeachtach ar Rialachán (AE) 2022/2065 i ndáil leis na hardáin an-mhór ar líne sin agus innill chuardaigh an-mhór ar líne arna n-ainmniú, tá gá le cúnamh agus comhar gníomhach le húdaráis náisiúnta na mBallstát. I roinnt cásanna, le forálacha Roinn 4 de Chaibidil IV den rialachán sin, ceanglaítear go sainráite ar an gCoimisiún comhoibriú leis an mBord Eorpach um Sheirbhís Dhigiteach (‘an Bord’), (6) le Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, agus le húdaráis inniúla náisiúnta eile a bhfuil sé beartaithe ag na Ballstáit faireachán agus forfheidhmiú an rialacháin sin a chur de chúram orthu ina gcríoch.

(7)

Ós rud é nár ainmnigh roinnt Ballstát a gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha go fóill agus nach bhfuil an Bord curtha le chéile go fóill, tá sé níos casta don Choimisiún faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar an rialachán sin, sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm go hiomlán, i ndáil le hardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne arna n-ainmniú a bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2022/2065 maidir leo cheana féin (7). Mar sin féin, tá an Coimisiún tiomanta do lánéifeachtacht an rialacháin sin a áirithiú i ndáil le soláthraithe seirbhísí den sórt sin.

(8)

Faoi dháta glactha an Mholta seo, tá níos lú ná 10 % de na Ballstáit tar éis a gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a cheapadh go foirmiúil. I roinnt mhaith Ballstát, áfach, sainaithníodh na húdaráis rialála atá ann cheana roimh ré chun ról an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha a ghlacadh agus cuireadh tús leis na próisis reachtacha náisiúnta. Chuige sin, molann an Coimisiún do na Ballstáit, go dtí go mbeidh an struchtúr rialachais dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2022/2065 i bhfeidhm go hiomlán, údarás neamhspleách a cheapadh le bheith mar chuid de líonra neamhfhoirmiúil de Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ionchasacha, ós rud é go bhfuil an ról acu bunriachtanach chun teagmhais a shainaithint agus chun dul i ngleic leo, go háirithe teagmhais a eascraíonn as scaipeadh ábhair neamhdhleathaigh, a bhfuil riosca soiléir ag baint leo go ndéanfaí imeaglú ar ghrúpaí daonra agus go ndéanfaí struchtúir pholaitiúla agus shóisialta a dhíchobhsú san Aontas nó i gcodanna de, lena n-áirítear na teagmhais sin a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt thromchúiseach don tslándáil phoiblí nó don tsláinte phoiblí san Aontas nó i gcodanna móra de. Moltar dóibh teacht le chéile agus leis an gCoimisiún go rialta i líonra neamhfhoirmiúil chun plé a dhéanamh ar theagmhais den sórt sin a eascraíonn as scaipeadh ábhair neamhdhleathaigh a scaiptear ar ardáin an-mhór ar líne agus as innill chuardaigh an-mhór ar líne, a bhfuil feidhm ag an rialachán sin maidir leo cheana féin. Féadfar a áireamh ar theagmhais den sórt sin, go háirithe, ábhar neamhdhleathach a scaipeadh i ndáil le coinbhleachtaí idirnáisiúnta, gníomhartha sceimhlitheoireachta, éigeandálaí sláinte poiblí, próisis toghcháin, etc.

(9)

Ina theannta sin, molann an Coimisiún cruinnithe sonracha a thionól mar fhreagairt ar theagmhas chun freagairt lúfar chomhordaithe chomhréireach a bhaint amach i bhfianaise chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2065 ag soláthraithe, agus i measc institiúidí an Aontais agus na mBallstát, chun an chumarsáid a chuíchóiriú i gcásanna práinneacha agus chun feasacht fhorleathan staide a éascú.

(10)

Moltar do na Ballstáit freisin cuidiú leis an gCoimisiún faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2022/2065 i ndáil le hardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne arna n-ainmniú. Sa chomhthéacs sin, moltar do na Ballstáit fianaise a bhailiú maidir le scaipeadh ábhair neamhdhleathaigh trí ardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne ar a gcríoch agus an fhianaise sin a roinnt leis an gCoimisiún ionas gur féidir leis freagairt go cuí agus go tapa don ábhar sin.

(11)

Ní chinntear le Rialachán (AE) 2022/2065 an bhfuil cineál áirithe ábhair ina ábhar neamhdhleathach nó nach bhfuil. Cinntear neamhdhleathacht an ábhair le dlíthe náisiúnta nó, i gcás ina gcomhchuibhítear é, le rialacha Eorpacha. Déantar foráil le roinnt gníomhartha de dhlí an Aontais maidir le creat dlíthiúil i ndáil le cineálacha áirithe ábhair neamhdhleathaigh a chuirtear i láthair agus a scaiptear ar líne agus déantar comhchuibhiú leo ar an méid ba cheart a mheas a bheith neamhdhleathach ar fud an Aontais. Go háirithe, le Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) bunaítear rialacha íosta maidir le cionta coiriúla agus smachtbhannaí coiriúla a shainiú i réimse na gcionta sceimhlitheoireachta, na gcionta a bhaineann le grúpa sceimhlitheoireachta agus na gcionta a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta, mar aon le bearta maidir le híospartaigh na sceimhlitheoireachta a chosaint, agus tacaíocht agus cúnamh a thabhairt dóibh.

(12)

Ina theannta sin, sainítear go sonrach le Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) cad is ábhar sceimhlitheoireachta ar líne ann, go háirithe ábhar lena ngríosaítear cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh, lena ndéantar gníomhartha sceimhlitheoireachta a ghlóiriú, lena moltar cionta den sórt sin a dhéanamh, lena n-iarrtar gníomhaíochtaí a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh nó rannchuidiú leo, nó páirt a ghlacadh iontu, lena dtugtar treoir maidir le roinnt cineálacha arm a dhéanamh chun críocha sceimhlitheoireachta nó ar bagairt é chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh. Ina theannta sin, tugtar an creat dlíthiúil do na Ballstáit chun orduithe baint anuas a sheoladh chuig na soláthraithe seirbhísí óstála, agus cuirtear d’oibleagáid orthu an t-ábhar a bhaint anuas laistigh d’uair an chloig. Anuas air sin, ceanglaítear ar na soláthraithe seirbhísí óstála bearta sonracha a chur chun feidhme chun cosc a chur ar shaothrú a gcuid seirbhísí má tá siad neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta.

(13)

Ar an gcaoi chéanna, le Cinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle (10), ceanglaítear ar na Ballstáit coir a dhéanamh as roinnt iompar d’aon ghnó a bhaineann le gríosú poiblí chun foréigin nó fuatha a dhírítear ar ghrúpa daoine nó ar bhall de ghrúpa den sórt sin a shainítear trí thagairt do chine, dath, reiligiún, sliocht nó tionscnamh náisiúnta nó eitneach. Ceanglaítear leis ar na Ballstáit freisin coir a dhéanamh as iompar d’aon ghnó lena nglactar le coireanna cinedhíothaithe, coireanna in aghaidh na daonnachta, coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh na síochána, nó na coireanna sin a dhiúltú nó beag is fiú a dhéanamh díobh, a dhírítear ar ghrúpa daoine nó ball de ghrúpaí den sórt sin a shainítear trí thagairt do chine, dath, reiligiún, sliocht nó bunadh náisiúnta nó eitneach nuair a dhéantar an t-iompar ar bhealach ar dóigh dó gríosú chun foréigin nó fuatha in aghaidh grúpa den sórt sin nó ball de ghrúpa den sórt sin.

(14)

Meabhraíonn an Coimisiún freisin gur féidir leis na húdaráis náisiúnta inniúla urghairí a eisiúint cheana féin in aghaidh soláthraithe seirbhíse idirghabhálacha a bhfuil a gcuid seirbhísí á n-úsáid chun ábhar neamhdhleathach a scaipeadh ar líne. Sa chomhthéacs reatha, tá sé ríthábhachtach go rachadh na húdaráis náisiúnta inniúla ar aghaidh go tapa chun ábhar neamhdhleathach ar líne den sórt sin a shainaithint agus orduithe baint anuas a eisiúint ar bhonn a gcóras náisiúnta. Soiléirítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2022/2065 gur féidir orduithe den sórt sin a eisiúint ar bhonn trasteorann. I bhfianaise riosca na dteagmhas, tá sé ríthábhachtach go mbaileoidh na húdaráis inniúla an fhianaise uile is gá chun go bhféadfar bearta éifeachtacha a dhéanamh in aghaidh méadú ábhair neamhdhleathaigh ar líne maidir leis na coireanna uafásacha a bhíonn ann go minic agus úsáid a bhaint as na cumhachtaí a thugtar dóibh leis na hionstraimí éagsúla de chuid dhlí an Aontais chun dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach.

(15)

Mar gheall ar an iliomad reachtaíochta náisiúnta agus reachtaíochta de chuid an Aontais, chomh maith le cineálacha éagsúla comhordaithe i ndáil le hábhar neamhdhleathach, tá gá níos mó le comhordú a áirithiú idir na Ballstáit sa chéim roimh chur i bhfeidhm iomlán Rialachán (AE) 2022/2065. Tá sé fíorthábhachtach gníomhaíocht mhear chomhordaithe a dhéanamh chun cosc a chur ar ábhar neamhdhleathach, agus go háirithe ábhar sceimhlitheoireachta agus fuathchaint neamhdhleathach, a bheith á scaipeadh ar líne, lena n-áirítear trína mhearscaipeadh. Maidir le gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta chun gníomhú in aghaidh scaipeadh ábhair neamhdhleathaigh ar líne, i gcásanna ina ndéantar gníomhaíocht den sórt sin ar bhealach neamhchomhordaithe, d’fhéadfadh sé sin cur leis an riosca go mbeadh ilroinnt dhlíthiúil agus éiginnteacht dhlíthiúil ann, mar aon le hachrann agus agaí freagartha a mhéadú. Thairis sin, mar a aithnítear le Rialachán (AE) 2022/2065, is fearr is féidir leis an gCoimisiún an rialachán sin a fhorfheidhmiú i ndáil le soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne. Agus an méid sin á chur san áireamh, is inmhianaithe go ngníomhóidh na Ballstáit ar bhealach comhordaithe chun tacú leis na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a fhéadfaidh an Coimisiún a dhéanamh sa deireadh agus na cumhachtaí atá aige a leagtar amach i Roinn 4 de Chaibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2065 á bhfeidhmiú aige.

(16)

Meabhraíonn an Coimisiún freisin go bhfuil roinnt creataí deonacha comhair ann cheana chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair neamhdhleathaigh ar líne.

(17)

Tá sé fíorthábhachtach gníomhaíocht mhear chomhordaithe a dhéanamh chun cosc a chur ar ábhar neamhdhleathach, agus go háirithe ábhar sceimhlitheoireachta agus fuathchaint neamhdhleathach, a bheith á mhearscaipeadh ar líne. Le Prótacal an Aontais um Ghéarchéimeanna, a forbraíodh in 2019 i gcomhthéacs Fhóram Idirlín an Aontais, agus a tugadh cothrom le dáta in 2023, déantar foráil maidir le sásra deonach le haghaidh freagairt mhear chomhordaithe trasteorann ó sholáthraithe seirbhísí ar líne agus maidir le forfheidhmiú an dlí i ndáil le géarchéim amhrasta sa spás ar líne, a eascraíonn as gníomh sceimhlitheoireachta nó gníomh antoisceach foréigneach. Le Prótacal an Aontais um Ghéarchéimeanna, bunaítear nósanna imeachta, róil agus freagrachtaí na bpríomhghníomhaithe, go háirithe chun cur isteach ar imscrúduithe a chosc agus chun a áirithiú go mbeidh an bailiú faisnéise bunaithe ar chomhar deonach i measc chomhaltaí Fhóram Idirlín an Aontais. Is féidir leis na Ballstáit an Prótacal a ghníomhachtú, i gcomhairle le hAonad Atreorúcháin ar Líne an Aontais Eorpaigh (IRU) de chuid Europol. Tá ról ceannasach ag EU IRU sa chomhordú idir údaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí agus soláthraithe seirbhísí ar líne. Tá sé fíorthábhachtach ábhar a bhaintear anuas a chaomhnú freisin chun gur féidir ábhar a bhaintear anuas go míchuí a chur in airde arís agus chun saoirsí bunúsacha a chosaint.

(18)

I gcomhthéacs an Chóid Iompair maidir le cur in aghaidh na fuathchainte ar líne, tá gealltanas tugtha ag mórardáin na meán sóisialta, a bhfuil cuid acu ainmnithe ina n-ardáin an-mhór ar líne faoi Rialachán (AE) 2022/2065, measúnú a dhéanamh ar ábhar fuathchainte ar tugadh fógra ina leith dóibh agus é a bhaint anuas, más gá, laistigh de 24 uair an chloig; déanann líonra de chomharthóirí iontaofa measúnú ar a gcomhlíontacht. Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún agus ag na sínitheoirí faoi láthair ar an gCód Iompair, i gcomhthéacs theacht i bhfeidhm Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2022/2065 freisin, chun gealltanais a thabhairt isteach a fhéadfaidh a bheith ina gcuidiú rioscaí sistéamacha a mhaolú agus bagairtí ó rabhartaí fuathchainte neamhdhleathaí a bhrath sula ndéanfar an t-ábhar a mhearscaipeadh.

(19)

Le Rialachán (AE) 2022/2065, déantar foráil maidir le sásraí comhordúcháin chun freagairt do chásanna éigeandála. Mar sin féin, mar a léirítear leis na himeachtaí a tharla le déanaí, tá imthosca urghnácha ann cheana féin roimh an 17 Feabhra 2024 a bhfuil tionchar acu ar an spás digiteach Eorpach. Na himthosca urghnácha sin, ar teagmhais shonracha nó géarchéim shonrach a eascraíonn as scaipeadh ábhair neamhdhleathaigh is cúis leo, tá riosca soiléir ag baint leo go ndéanfaí grúpaí daonra a imeaglú agus struchtúir pholaitiúla agus shóisialta san Aontas nó codanna díobh a dhíchobhsú. Mar gheall air sin, tá gá le gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais anois, i bhfad roimh dháta chur i bhfeidhm na bhforálacha ábhartha i Rialachán (AE) 2022/2065 (e.g. 17 Feabhra 2024).

(20)

Maidir le bagairtí éigeandála den sórt sin, gníomhaíocht a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta chun gníomhú in aghaidh scaipeadh ábhair neamhdhleathaigh ar líne, tá baol ann go mbeadh an ghníomhaíocht sin neamhchomhordaithe, rud a d’fhágfadh go mbeadh ilroinnt dhlíthiúil agus éiginnteacht dhlíthiúil ann, agus go ndéanfaí achrann agus agaí freagartha a mhéadú. Thairis sin, mar a aithnítear le Rialachán (AE) 2022/2065, is fearr is féidir leis an gCoimisiún an Rialachán a fhorfheidhmiú a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm sistéamach na rialacha ag ardáin an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne. Agus an méid sin á chur san áireamh, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun gníomhú ar bhealach comhordaithe chun tacú leis na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a fhéadfaidh an Coimisiún a dhéanamh sa deireadh agus an ról atá aige a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/2065 á chomhlíonadh aige.

(21)

Tá sé tábhachtach forfheidhmiú an dlí a bheith ina chuid de phleanáil na freagartha náisiúnta chun dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach ionas nach gcuirfear isteach ar a gcuid oibre mar gheall ar bhearta a dhéantar nó atá beartaithe, go háirithe i gcás ina bhfuil garbhagairt don bheatha.

(22)

I bhfianaise na tréimhse coinbhleachta agus éagobhsaíochta a bhfuil tionchar aici ar an Aontas, tréimhse nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, leagtar amach sa mholadh seo sásraí ullmhachta, comhair agus comhordaithe idir an Coimisiún agus na Ballstáit roimh chur i bhfeidhm iomlán Rialachán (AE) 2022/2065 an 17 Feabhra 2024, de mheon an chomhair dhílis, chun gur féidir aistriú tapa a dhéanamh i dtreo chur i bhfeidhm an Rialacháin sin agus a éifeachtacht iomlán a áirithiú ón tráth a bhunófar é. Níl sé d’aidhm ag an Moladh seo na sásraí forfheidhmiúcháin ná an creat oibleagáidí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/2065 a ionadú ná a fhorlíonadh.

(23)

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm an Mholta seo a luaithe a rachaidh sé in éag, i.e. nuair a thiocfaidh Rialachán (AE) 2022/2065 i bhfeidhm ina iomláine.

(24)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Moladh seo go dtí an 17 Feabhra 2024.

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

CUSPÓIR AN MHOLTA SEO

Leis an Moladh seo, moltar do na Ballstáit freagairt ar bhealach comhordaithe comhsheasmhach do theagmhais, go háirithe teagmhais a eascraíonn as scaipeadh ábhair neamhdhleathaigh, lena mbaineann riosca soiléir go ndéanfaí grúpaí den daonra a imeaglú agus struchtúir pholaitiúla agus shóisialta a dhíchobhsú san Aontas nó i gcodanna de, lena n-áirítear na teagmhais siúd a bhféadfadh bagairt thromchúiseach eascairt astu don tslándáil phoiblí nó don tsláinte phoiblí san Aontas nó i gcodanna suntasacha de, vis-à-vis ardáin atá ainmnithe mar ardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne de bhun Rialachán (AE) 2022/2065, roimh an 17 Feabhra 2024.

SAINMHÍNITHE

Chun críocha an Mholta seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

Ciallaíonn ‘Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha’ an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha arna ainmniú ag gach Ballstát de bhun Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2022/2065;

(b)

Ciallaíonn ‘Bord’ an Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha arna bhunú de bhun Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2022/2065;

(c)

Ciallaíonn ‘ardáin an-mhór ar líne’ agus ‘innill chuardaigh an-mhór ar líne’ ardáin agus innill chuardaigh ar líne atá ainmnithe de bhun Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) 2022/2065.

MOLTAÍ SONRACHA

Líonra neamhfhoirmiúil de Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ionchasacha le haghaidh comhair agus comhordaithe roimh an 17 Feabhra 2024

1.

Roimh an 17 Feabhra 2024, moltar do na Ballstáit, trí líonra neamhfhoirmiúil (‘an Líonra Neamhfhoirmiúil’), a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú i ndáil le scaipeadh ábhair neamhdhleathaigh ar ardáin an-mhór ar líne agus ar innill chuardaigh an-mhór ar líne atá ainmnithe cheana de bhun Airteagal 33(4) den Rialachán sin.

2.

Na Ballstáit sin a bhfuil a gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha neamhspleách ceaptha cheana, nó ar a laghad sainaitheanta acu, de bhun Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2025/2065, moltar dóibh sonraí teagmhála an údaráis fhreagraigh a ainmníodh nó a ainmneofar a roinnt leis an gCoimisiún. Moltar do gach Ballstát eile amhlaidh a dhéanamh a luaithe is féidir, lena n-áirítear ar bhonn ad hoc chun páirt a ghlacadh i líonra na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ionchasacha de réir mhír 1.

3.

Moltar do na Ballstáit eile oifigeach ardleibhéil a cheapadh chun páirt a ghlacadh sa Líonra Neamhfhoirmiúil agus sonraí teagmhála an údaráis a ndéanann an t-oifigeach sin ionadaíocht dó a roinnt leis an gCoimisiún, údarás a d’fhéadfadh a bheith ina phointe teagmhála go dtí go n-ainmneofar a gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha.

Cruinnithe sonracha chun freagairtí a chomhordú

4.

D’fhéadfadh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó arna mholadh sin do chomhalta amháin nó níos mó de líonra neamhfhoirmiúil na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ionchasacha, Líonra Neamhfhoirmiúil na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ionchasacha a thionól. Moltar Líonra Neamhfhoirmiúil na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ionchasacha chun comhoibriú leis an gCoimisiún chun freagairt trí chruinnithe sonracha do theagmhais, go háirithe teagmhais a eascraíonn as scaipeadh ábhair neamhdhleathaigh, lena mbaineann riosca soiléir go ndéanfaí grúpaí den daonra a imeaglú agus struchtúir pholaitiúla agus shóisialta a dhíchobhsú san Aontas nó i gcodanna de, lena n-áirítear na teagmhais siúd a bhféadfadh bagairt thromchúiseach eascairt astu don tslándáil phoiblí nó don tsláinte phoiblí san Aontas nó i gcodanna suntasacha de.

5.

Molann an Coimisiún do na Ballstáit páirt ghníomhach a ghlacadh i gcruinnithe an Líonra Neamhfhoirmiúil.

6.

D’fhéadfadh na huirlisí seo a leanas a bheith san áireamh sa fhreagairt chomhordaithe sin ón Líonra Neamhfhoirmiúil:

Cruinnithe Tráthrialta Freagartha do Theagmhais

7.

I gcomhthéacs na dteagmhas sin, molann an Coimisiún go dtiocfadh líonra neamhfhoirmiúil na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ionchasacha le chéile go tráthrialta chun tuiscint chomhordaithe a bhaint amach ar fhorbairt na n-imthosca urghnácha ar an leibhéal náisiúnta agus creat a mholadh le haghaidh aon ghníomhaíocht leantach a d’fhéadfaí a mheas a bheith riachtanach i bhfianaise na n-imthosca urghnácha sainaitheanta.

8.

Ba cheart na gnéithe seo a leanas a chumhdach leis na cruinnithe sin:

(a)

Faisnéis, dea-chleachtais, modheolaíochtaí, córais theicniúla agus uirlisí a mhalartú chun tacú le hiarrachtaí maoirseachta maidir le hardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne i gcomhthéacs géarchéime.

(b)

Malartú faisnéise arna bailiú ar an leibhéal náisiúnta ó údaráis náisiúnta inniúla maidir le sainaithint ábhair neamhdhleathaigh ar líne a bhaineann leis an ngéarchéim, agus scaipeadh an ábhair sin trí ardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an éifeacht atá aige ar thuairim an phobail áitiúil, i gcás ina bhfuil fáil uirthi.

Bailiú faisnéise

9.

D’fhéadfadh líonra neamhfhoirmiúil na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ionchasacha, i gcás inarb ábhartha, faisnéis fhónta a sholáthar maidir le feidhmiú agus dearadh ardán an-mhór ar líne agus inneall cuardaigh an-mhór ar líne, faisnéis a bhailítear le linn fheidhmiú a gcúraimí faoi seach agus laistigh dá n-inniúlachtaí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/2065 nó ó údaráis inniúla eile ina mBallstát faoi seach.

Tacaíocht don Choimisiún chun Rialachán (AE) 2022/2065 a fhorfheidhmiú agus faireachán a dhéanamh air

10.

Roimh an 17 Feabhra 2024, moltar do na Ballstáit cúnamh a thabhairt don Choimisiún a chuid cumhachtaí a fheidhmiú faoi Roinn 4 de Chaibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2065 i ndáil le soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus inneall cuardaigh an-mhór ar líne atá ainmnithe cheana de bhun Airteagal 33(4) den Rialachán sin.

11.

D’fhéadfadh sé a bheith i gceist leis an gcúnamh sin:

(a)

cúnamh a thabhairt don Choimisiún agallaimh a dhéanamh de bhun Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2022/2065;

(b)

cúnamh a thabhairt don Choimisiún cigireachtaí a dhéanamh laistigh dá gcríoch de bhun Airteagal 69 de Rialachán (AE) 2022/2065, i gcomhréir leis na dlíthe agus na nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme

Rannpháirtíocht i gcreataí comhair dheonaigh atá ann cheana a spreagadh

12.

Moltar do na Ballstáit a thuilleadh a bheith rannpháirteach sna creataí comhair dheonaigh atá ann cheana chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair neamhdhleathaigh ar líne. D’fhéadfaí a áireamh sna creataí comhair dheonaigh sin, go háirithe, Prótacal an Aontais um Ghéarchéimeanna, lena bhforáiltear do shásra deonach chun freagairt do ghéarchéim amhrasta sa spás ar líne, a eascraíonn as gníomh sceimhlitheoireachta nó gníomh antoisceach foréigneach. Thairis sin, moltar do na Ballstáit comhordú a dhéanamh trí fhóraim idirnáisiúnta chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, amhail Gairm chun Gnímh Christchurch agus an Fóram Domhanda Idirlín chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac atá faoi stiúir an tionscail.

Tréimhse cur i bhfeidhm

13.

Beidh feidhm ag an Moladh seo go dtí an 17 Feabhra 2024.

14.

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Moladh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Thierry BRETON

Comhalta den Choimisiún


(1)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).

(2)  Airteagal 1(1) de Rialachán (AE) 2022/2065

(3)  Foilsíodh liosta na seirbhísí ainmnithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, de bhun Airteagal 33(6) de Rialachán (AE) 2065 (IO C 249, 14.7.2023, lch. 2).

(4)  Féach Airteagal 49(3) de Rialachán (AE) 2022/2065.

(5)  De bhun Airteagal 56(2) de Rialachán (AE) 2022/2065, tá cumhachtaí eisiacha ag an gCoimisiún faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar Roinn 5 de Chaibidil III de Rialachán (AE) 2022/2065, ina bhfuil oibleagáidí cuí feabhsaithe is infheidhme maidir le hardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne arna n-ainmniú. De bhun Airteagal 56(3) den Rialachán sin, tá an chumhacht ag an gCoimisiún freisin faireachán a dhéanamh ar na hoibleagáidí díchill chuí a leagtar síos sa rialachán sin agus iad a fhorfheidhmiú in aghaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne, seachas na hoibleagáidí a leagtar síos i Roinn 5 de Chaibidil III de.

(6)  De bhun Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2022/2065, is grúpa comhairleach neamhspleách é an Bord, ina bhfuil na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, maidir le maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha.

(7)  De bhun Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2022/2065, cuirfidh an Bord, inter alia, comhairle ar an gCoimisiún agus ar na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha maidir le bearta iomchuí imscrúdaithe agus forfheidhmithe, go háirithe maidir le soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne agus ag féachaint, go háirithe, do shaoirse soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha seirbhísí a sholáthar ar fud an Aontais.

(8)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

(9)  Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne (IO L 172, 17.5.2021, lch. 79).

(10)  Cinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2008 maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 55).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/2425/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)