|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2419 |
27.10.2023 |
RIALACHÁN (AE) 2023/2419 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Deireadh Fómhair 2023
maidir le lipéadú bia peataí orgánaigh
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Agus cuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) maidir le hioncam cothrom a áirithiú d’fheirmeoirí agus le freagairt d’éilimh na sochaí le haghaidh bia agus sláinte á gcur san áireamh, is deis é an t-éileamh méadaitheach ó thomhaltóirí ar tháirgí orgánacha chun an earnáil bia peataí a leathnú tuilleadh agus chun ioncam feirmeoirí atá i mbun táirgeadh orgánach a mhéadú. Ag aithint go bhfuil ról lárnach ag earnáil an bhia peataí i ndáil le rannchuidiú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, agus ag aithint gur cheart, leis na bearta nua lipéadaithe sin dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus úsáid aonfhoirmeach lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach, rannchuidiú leis an earnáil bia peataí a fhorbairt agus a chur chun cinn, trí tháirgí a dhíol le tomhaltóirí a thugann aird ar ábhar orgánach na dtáirgí a cheannaíonn siad agus tríd an deis a chruthú luach breise a chur le seachtháirgí orgánacha agus comhtháirgí orgánacha. Dá bhrí sin, ba cheart don earnáil bia peataí a bheith in ann rannchuidiú, cé gur go measartha é, le méadú ar thalamh talmhaíochta an Aontais faoi fheirmeoireacht orgánach a bhaint amach faoi 2030, mar a leagtar amach i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2021 dar teideal On an Action Plan for the development of organic production [Maidir le Plean Gníomhaíochta chun táirgeadh orgánach a fhorbairt]. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos rialacha maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha. Tá feidhm ag an Rialachán sin maidir le beatha le haghaidh bia-ainmhithe agus maidir le beatha le haghaidh peataí, eadhon bia peataí, araon. Faoin Rialachán sin, féadfar comhábhair neamhorgánacha de thionscnamh talmhaíochta a údarú le haghaidh gach cineáil beatha orgánaí, cé nach féidir téarma lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach a úsáid sa tuairisc díolacháin i gcás nach comhábhair orgánacha iad na comhábhair thalmhaíochta uile, gan beann ar an méid atá i gceist. Thairis sin, ní féidir le lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a bheith ar an mbeatha sin. Dá thoradh sin, ní chuirtear tomhaltóirí deiridh ar an eolas go díreach faoi chomhlíonadh an táirge le rialacha maidir le táirgeadh orgánach. |
|
(3) |
Cuirtear oibreoirí ar an eolas faoi chomhdhéanamh agus cion na gcomhábhar orgánach, na gcomhábhar atá á dtiontú agus na gcomhábhar neamhorgánach atá i mbeatha cumaisc i gcomhréir le pointe 2.1.2 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848. Os a choinne sin, nuair a dhíoltar beatha go díreach ar an leibhéal miondíola le tomhaltóirí deiridh, níl rialacha ann faoi láthair a bhaineann le faisnéis a sholáthar faoi na comhábhair orgánacha sa bheatha cumaisc i gcás nach comhábhair orgánacha iad na comhábhair talmhaíochta uile. Tá sé ábhartha go háirithe comhábhair talmhaíochta neamhorgánacha a bheith ann i gcás bia peataí. Ba cheart na tomhaltóirí deiridh a chur ar an eolas go hiomchuí faoi chomhdhéanamh bia peataí ina bhfuil comhábhair talmhaíochta orgánacha agus neamhorgánacha araon, rud lena ndéanfaí ar an gcaoi sin muinín tomhaltóirí agus iomaíocht chothrom idir oibreoirí san earnáil bia peataí a chumasú. |
|
(4) |
Roimh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848, agus i gcomhréir le hAirteagal 95(5) de Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún (4), bhunaigh Ballstáit áirithe rialacha náisiúnta nó d’aithin siad caighdeáin phríobháideacha lenar ceadaíodh téarma a úsáid a thagraíonn do tháirgeadh orgánach i dtuairisc díolacháin bia peataí i gcás gur comhábhair orgánacha iad 95 % ar a laghad de chomhábhair thalmhaíochta an táirge de réir meáchain, rud atá ar aon dul leis na rialacha maidir le bia próiseáilte orgánach. |
|
(5) |
Chun críoch faisnéise do thomhaltóirí, comhsheasmhachta agus trédhearcachta sa mhargadh, agus chun úsáid comhábhar orgánach a spreagadh, ba cheart an deis a bheith ann freisin tagairt a dhéanamh do tháirgeadh orgánach faoi choinníollacha áirithe sa tuairisc díolacháin agus i liosta na gcomhábhar de bhia peataí. Ba cheart, dá bhrí sin, na rialacha maidir le lipéadú le haghaidh bia peataí orgánach ar leibhéal an Aontais a bheith ar aon dul leis na rialacha maidir le bia orgánach, ós rud é go ndíoltar an dá chatagóir táirgí ar an leibhéal miondíola le tomhaltóirí deiridh den chuid is mó. |
|
(6) |
Ar an gcúis sin, is iomchuí foráil a dhéanamh do cheanglais lipéadaithe le haghaidh bia peataí arb ionann iad agus dlí sonrach eile de chuid an Aontais a bhaineann le táirgí a chur ar an margadh chun críocha Airteagal 2(5) de Rialachán (AE) 2018/848. Ós rud é gur beatha é bia peataí le haghaidh catagóir shonrach ainmhithe, ba cheart forálacha Rialachán (AE) 2018/848 a bhfuil feidhm acu maidir le beatha leanúint d’fheidhm a bheith acu maidir le bia peataí, go háirithe na forálacha sin a bhaineann le táirgeadh, deimhniú, rialú, margú, agus trádáil le tríú tíortha. |
|
(7) |
Ba cheart faisnéis faoi chomhlíonadh rialacha maidir le táirgeadh orgánach a sholáthar trí na téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach sa tuairisc díolacháin agus i liosta na gcomhábhar, agus trí lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a úsáid. Chun feasacht a éascú i dtaca le comhlíonadh rialacha maidir le táirgeadh orgánach, ba cheart lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a bheith éigeantach don bhia peataí réamhphacáilte ar fad a chomhlíonann Rialachán (AE) 2018/848 agus an Rialachán seo agus a tháirgtear laistigh den Aontas, mar atá amhlaidh i gcás bia réamhphacáilte de bhun Airteagal 32(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/848. |
|
(8) |
Chun forbairt bhreise na hearnála bia peataí a chur chun cinn a thuilleadh, is iomchuí forálacha sonracha a thabhairt isteach maidir le lipéadú bia peataí orgánach, maidir le húsáid téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach sa tuairisc díolacháin agus i liosta na gcomhábhar, agus maidir le húsáid lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach. Ba cheart forálacha speisialta lipéadaithe a leagan síos freisin chun lamháil do thomhaltóirí deiridh na comhábhair orgánacha a úsáidtear i dtáirgí arb é atá iontu den chuid is mó comhábhar a fhaightear ón bhfiach nó ón iascaireacht a shainaithint, ar choinníoll gur comhábhair orgánacha iad na comhábhair talmhaíochta eile ar fad. |
|
(9) |
Lean oibreoirí tar éis an 1 Eanáir 2022 de lipéadú a dhéanamh ar bhia peataí i gcomhréir le rialacha náisiúnta nó le caighdeáin phríobháideacha mar gheall ar an srian le hinfhaighteacht atá ar chomhábhair talmhaíochta áirithe is gá a bheith i bhfoirm orgánach, amhail ábhair bheatha áirithe agus breiseáin bheatha chun cur le blastacht bia peataí, nó chun luach cothaitheach a ráthú. Dá bhrí sin, is iomchuí a cheadú go ndéanfaí stoic táirgí ar cuireadh lipéad orthu a ídiú i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta sin nó leis na caighdeáin phríobháideacha sin a nglacann na Ballstáit leo nó a aithníonn siad i gcomhréir le hAirteagal 95(5) de Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 idir an 1 Eanáir 2022 agus dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
|
(10) |
Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le dáta iarchurtha chur i bhfeidhm na hoibleagáide lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a úsáid ar lipéadú bia peataí réamhphacáilte chun a chur ar chumas oibreoirí ullmhú go hiomlán do chur i bhfeidhm na gceanglas nua lipéadaithe. |
|
(11) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialacha aonfhoirmeacha a ghlacadh maidir le lipéadú bia peataí orgánaigh, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, leagtar síos ceanglais lipéadaithe shonracha le haghaidh bia peataí a tháirgtear i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann le táirgeadh orgánach beatha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2018/848.
Is é atá sa Rialachán seo dlí sonrach eile de chuid an Aontais a bhaineann le táirgí a chur ar an margadh chun críocha Airteagal 2(5) de Rialachán (AE) 2018/848.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘bia peataí’ beatha de réir bhrí Airteagal 3, pointe (46), de Rialachán (AE) 2018/848 atá beartaithe le haghaidh peataí mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2), pointe (f), de Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5); |
|
(2) |
ciallaíonn ‘bia peataí réamhphacáilte’ aon ní aonair de bhia peataí atá le cur i láthair sa cháil sin don tomhaltóir deiridh, arb é atá ann bia peataí agus an phacáistíocht inar cuireadh é roimh é a thairiscint lena dhíol, cibé acu a dhéantar le pacáistíocht den sórt sin an bia peataí a chlúdach go hiomlán nó go páirteach, ach ar aon chuma, ar pacáistíodh é ar bhealach nach féidir a bhfuil ann a athrú gan an phacáistíocht a oscailt nó a athrú; ní chumhdaítear le ‘bia peataí réamhphacáilte’ bia peataí a dhéantar a phacáil san áitreabh díolacháin ar iarraidh ón tomhaltóir deiridh nó bia peataí a dhéantar a réamhphacáil le haghaidh díolachán díreach. |
Airteagal 3
Úsáid téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach ar lipéadú bia peataí
1. I gcás bia peataí, féadfar na téarmaí dá dtagraítear in Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2018/848 a úsáid:
|
(a) |
sa tuairisc díolacháin agus i liosta na gcomhábhar, ar choinníoll:
|
|
(b) |
i liosta na gcomhábhar amháin, ar choinníoll:
|
2. I gcás bia peataí ina bhfuil comhábhair a fhaightear ón bhfiach nó ón iascaireacht, féadfar na téarmaí dá dtagraítear in Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2018/848 a úsáid sa tuairisc díolacháin agus i liosta na gcomhábhar ar choinníoll:
|
(a) |
gur táirge ón bhfiach nó ón iascaireacht é an príomh-chomhábhar; |
|
(b) |
go mbaineann na téarmaí sin sa tuairisc díolacháin go soiléir le comhábhar orgánach seachas an príomh-chomhábhar; |
|
(c) |
go bhfuil na comhábhair thalmhaíochta eile go léir orgánach; |
|
(d) |
nach n-úsáidtear i bpróiseáil an bhia peataí ach breiseáin bheatha agus áiseanna próiseála a údaraítear de bhun Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/848; agus |
|
(e) |
go gcomhlíonann an bia peataí na rialacha sonracha maidir le táirgeadh a leagtar amach i bpointí 1.5, 2.1, 2.2 agus 2.4 de Chuid V d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 agus na teicnící próiseála a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 17(3) den Rialachán sin. |
3. Le liosta na gcomhábhar dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, léireofar cad iad na comhábhair orgánacha. Ní fhéadfar na tagairtí don táirgeadh orgánach a bheith ann ach amháin i ndáil leis na comhábhair orgánacha.
4. I liosta na gcomhábhar dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), agus i mír 2, beidh léiriú ar chéatadán iomlán na gcomhábhar orgánach i gcomparáid le méid iomlán na gcomhábhar talmhaíochta.
5. Na téarmaí dá dtagraítear in Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2018/848 agus an léiriú ar an gcéatadán dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, beidh siad sa dath céanna agus ar mhéid chomhionann agus sa stíl chéanna litreoireachta leis na tásca eile i liosta na gcomhábhar dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.
Airteagal 4
Úsáid lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach ar lipéadú bia peataí
1. Ní fhéadfar lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2018/848 a úsáid ach amháin i lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht bia peataí a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (a), den Rialachán seo.
2. I gcás bia peataí réamhphacáilte a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (a), beidh lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach ar an bpacáistíocht.
Airteagal 5
Bearta idirthréimhseacha
Bia orgánach peataí atá lipéadaithe i gcomhréir le rialacha náisiúnta nó, ina n-éagmais sin, caighdeáin phríobháideacha a nglacann na Ballstáit leo nó atá aitheanta acu i gcomhréir le hAirteagal 95(5) de Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 idir 1 Eanáir 2022 agus an 30 Deireadh Fómhair 2023, féadfar é a chur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.
Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 4(2), áfach, ón 1 Bealtaine 2024;
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 18 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. M. ALBARES BUENO
(1) IO C 140, 21.4.2023, lch. 55.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2023.
(3) Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha i dtaca le táirgeadh, lipéadú agus rialú orgánach (IO L 250, 18.9.2008, lch. 1).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 79/373/CEE ón gComhairle, Treoir 80/511/CEE ón gCoimisiún, Treoracha 82/471/CEE, 83/228/CEE, 93/74/CEE, 93/113/CE agus 96/25/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2004/217/CE ón gCoimisiún (Rialachán maidir le margaíocht bheatha) (IO L 229, 1.9.2009, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2419/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)