European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2416

25.10.2023

CINNEADH (AE) 2023/2416 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Deireadh Fómhair 2023

maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar an tríú tráthchuid le haghaidh 2023

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh cúnaimh airgeadais ar Thíortha agus ar Chríocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo (1), agus go háirithe Airteagal 7(2) i gcomhar le hAirteagal 14(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme i dtaca leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (2), agus go háirithe Airteagal 19(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/1877, maidir lena mheastacháin nuashonraithe i ndáil le gealltanais agus íocaíochtaí faoi na hionstraimí a ndéanann sé bainistíocht orthu, tá siad le seoladh ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) chuig an gCoimisiún.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 19(5) de Rialachán (AE) 2018/1877, tá an Coimisiún le togra a chur i láthair faoin 10 Deireadh Fómhair 2023 lena sonrófar méid an tríú tráthchuid den ranníocaíocht le haghaidh 2023.

(3)

De bhun Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2018/1877, le glaonna ar ranníocaíochtaí, ídeofar ar dtús na méideanna dá bhforáiltear i gCistí Eorpacha Forbraíochta a bhí ann roimhe sin. Ba cheart, dá bhrí sin, glao ar chistí a dhéanamh de bhun Rialachán (AE) 2018/1877 le haghaidh BEI agus le haghaidh an Choimisiúin.

(4)

De bhun Airteagal 152 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), tá Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’) chun leanúint de bheith ina páirtí sa Chiste Eorpach Forbraíochta (CEF) go dtí go ndúnfar an 11ú CEF agus gach CEF eile roimhe sin atá fós gan dúnadh. Mar sin féin, de bhun Airteagal 153 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, níl sciar na Ríochta Aontaithe de chistí saortha ó thionscadail faoin 11ú CEF i gcás ina ndearnadh na cistí sin a shaoradh tar éis an 31 Nollaig 2020, nó faoi CEFanna roimhe sin, le hathúsáid.

(5)

Le Cinneadh (AE) 2022/2242 ón gComhairle (3), socraítear méid bliantúil na ranníocaíochta atá le híoc ag na páirtithe in CEF le haghaidh 2023 ag EUR 1 800 000 000 le haghaidh an Choimisiúin agus ag EUR 300 000 000 le haghaidh BEI.

(6)

Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear ann a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Socraítear leis seo méid bliantúil na ranníocaíochtaí atá le híoc ag na páirtithe in CEF mar an tríú tráthchuid le haghaidh 2023 ag EUR 500 000 000. Déanfar é a roinnt ina EUR 400 000 000 don Choimisiún, agus EUR 100 000 000 do BEI.

Airteagal 2

Déanfaidh na páirtithe in CEF ranníocaíochtaí aonair CEF a íoc leis an gCoimisiún agus le BEI mar an tríú tráthchuid le haghaidh 2023, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)   IO L 210, 6.8.2013, lch. 1.

(2)   IO L 307, 3.12.2018, lch. 1.

(3)  Cinneadh (AE) 2022/2242 ón gComhairle an 14 Samhain 2022 maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an ciste sin a mhaoiniú, lena sonraítear an uasteorainn le haghaidh 2024, an méid bliantúil le haghaidh 2023, méid na chéad tráthchoda le haghaidh 2023 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2025 agus 2026 (IO L 294, 15.11.2022, lch. 17).


IARSCRÍBHINN

An Tríú Tráthchuid de Ranníocaíochtaí CEF le haghaidh 2023 (EUR) atá le híoc leis an gCoimisiún agus le BEI

NA BALLSTÁIT & AN RÍOCHT AONTAITHE

Scála 11ú CEF %

An tríú tráthchuid 2023 (EUR)

Iomlán

An Coimisiún

11ú CEF

BEI

11ú CEF

AN BHEILG

3,24927

12 997 080

3 249 270

16 246 350

AN BHULGÁIR

0,21853

874 120

218 530

1 092 650

AN tSEICIA

0,79745

3 189 800

797 450

3 987 250

AN DANMHAIRG

1,98045

7 921 800

1 980 450

9 902 250

AN GHEARMÁIN

20,57980

82 319 200

20 579 800

102 899 000

AN EASTÓIN

0,08635

345 400

86 350

431 750

ÉIRE

0,94006

3 760 240

940 060

4 700 300

AN GHRÉIG

1,50735

6 029 400

1 507 350

7 536 750

AN SPÁINN

7,93248

31 729 920

7 932 480

39 662 400

AN FHRAINC

17,81269

71 250 760

17 812 690

89 063 450

AN CHRÓIT

0,22518

900 720

225 180

1 125 900

AN IODÁIL

12,53009

50 120 360

12 530 090

62 650 450

AN CHIPIR

0,11162

446 480

111 620

558 100

AN LAITVIA

0,11612

464 480

116 120

580 600

AN LIOTUÁIN

0,18077

723 080

180 770

903 850

LUCSAMBURG

0,25509

1 020 360

255 090

1 275 450

AN UNGÁIR

0,61456

2 458 240

614 560

3 072 800

MÁLTA

0,03801

152 040

38 010

190 050

AN ÍSILTÍR

4,77678

19 107 120

4 776 780

23 883 900

AN OSTAIR

2,39757

9 590 280

2 397 570

11 987 850

AN PHOLAINN

2,00734

8 029 360

2 007 340

10 036 700

AN PHORTAINGÉIL

1,19679

4 787 160

1 196 790

5 983 950

AN RÓMÁIN

0,71815

2 872 600

718 150

3 590 750

AN tSLÓIVÉIN

0,22452

898 080

224 520

1 122 600

AN tSLÓVAIC

0,37616

1 504 640

376 160

1 880 800

AN FHIONLAINN

1,50909

6 036 360

1 509 090

7 545 450

AN tSUALAINN

2,93911

11 756 440

2 939 110

14 695 550

AN RÍOCHT AONTAITHE (*1)

14,67862

58 714 480

14 678 620

73 393 100

IOMLÁN IDIR AE-27 & AN RÍOCHT AONTAITHE

100,00

400 000 000

100 000 000

500 000 000


(*1)  Maidir le hAirteagal 153 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, d’iarr an Ríocht Aontaithe go foirmiúil i mí an Mhárta 2023 go n-aisíocfadh an Coimisiún in 2023 sciar na Ríochta Aontaithe, atá gan íoc, de chúlchistí an 10ú agus an 11ú CEF trí shocrú glanáirimh in aghaidh ranníocaíocht gan íoc na Ríochta Aontaithe le haghaidh 2023 (an 2ú agus an 3ú tráthchuid, i.e. EUR 154,12 milliún san iomlán). Tá an socrú glanáirimh sin le cur san áireamh sna treoracha íocaíochta faoi seach.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2416/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)