European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2413

31.10.2023

TREOIR (AE) 2023/2413 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Deireadh Fómhair 2023

lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 114, 192(1) agus 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint do na tuairimí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 (‘an Comhaontú Glas don Eoraip’), bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) an cuspóir go mbeadh aeráidneodracht san Aontas faoi 2050 agus sprioc idirmheánach maidir le glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030. Le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais, tá gá le haistriú fuinnimh cóir nach bhfágann aon chríoch ná saoránach ar lár, le méadú ar éifeachtúlacht fuinnimh agus le sciartha i bhfad níos airde d’fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite i gcóras fuinnimh comhtháite.

(2)

Tá ról bunúsach ag fuinneamh in-athnuaite chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ós rud é gurb í earnáil an fhuinnimh is cúis le breis agus 75 % de na hastaíochtaí iomlána gás ceaptha teasa san Aontas faoi láthair. Trí na hastaíochtaí gás ceaptha teasa sin a laghdú, is féidir le fuinneamh in-athnuaite rannchuidiú freisin le dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an gcomhshaol, amhail cailliúint na bithéagsúlachta, agus le truailliú a laghdú i gcomhréir le cuspóirí theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021, dar teideal Pathway to a Healthy Planet for All – EU Action Plan: ‘Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil [Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách - Plean Gníomhaíochta AE: I dtreo Truailliú Nialasach don Aer, d’Uisce agus don Ithir]. Leis an aistriú glas chuig geilleagar atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite, cuideofar le cuspóirí Chinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a bhaint amach, a bhfuil sé mar aidhm leis freisin staid an chomhshaoil a chosaint, a athbhunú agus a fheabhsú, inter alia, trí chailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú. Toisc go laghdaítear, le fuinneamh in-athnuaite, neamhchosaint ar shuaitheadh praghsanna i gcomparáid le breoslaí iontaise, is féidir ról lárnach a bheith ag an bhfuinneamh in-athnuaite maidir le dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh. Is féidir tairbhí fairsinge socheacnamaíocha a bheith ag gabháil le fuinneamh in-athnuaite freisin, agus poist nua á gcruthú agus tionscail áitiúla á gcothú leis, agus aghaidh á tabhairt ar éileamh intíre agus domhanda atá ag dul i méid ar theicneolaíocht fuinnimh in-athnuaite.

(3)

Le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), leagtar síos sprioc cheangailteach fhoriomlán de chuid an Aontais gur ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a thiocfaidh 32 % ar a laghad d’olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais faoi 2030. Faoi Phlean um Sprioc Aeráide 2030, a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2020, dar teideal Stepping up Europe’s 2030 climate ambition: Investing in a climate-neutral future for the benefit of our people [Dlús a chur le huaillmhian aeráide na hEorpa do 2030 – Infheistíocht i dtodhchaí aeráidneodrach chun leas an phobail], ba ghá an sciar d’fhuinneamh in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh a mhéadú go dtí 40 % faoi 2030 chun sprioc an Aontais a bhaint amach i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Sa chomhthéacs sin, i mí Iúil 2021, mar chuid den phacáiste maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach, mhol an Coimisiún an sciar d’fhuinneamh in-athnuaite sa mheascán fuinnimh a mhéadú faoi dhó faoi 2030, i gcomparáid le 2020, chun leibhéal 40 % ar a laghad a bhaint amach.

(4)

Mar thoradh ar na cúinsí ginearálta arna gcruthú ag ionradh na Rúise ar an Úcráin agus ar éifeachtaí phaindéim COVID-19, tá méadú tagtha ar phraghsanna fuinnimh ar fud an Aontais, agus ar an gcaoi sin, tá béim leagtha ar an ngá atá le dlús a chur le héifeachtúlacht fuinnimh agus le húsáid fuinnimh in-athnuaite san Aontas a mhéadú. Chun an cuspóir fadtéarmach arb é atá ann córas fuinnimh atá neamhspleách ar thríú tíortha a bhaint amach, ba cheart don Aontas díriú ar dhlús a chur leis an aistriú glas agus ar bheartas fuinnimh a áirithiú lena laghdaítear an spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe agus lena gcuirtear praghsanna cothroma agus inacmhainne do shaoránaigh agus gnóthais an Aontais i ngach earnáil den gheilleagar chun cinn.

(5)

Tá sé mar aidhm ag Plean REPowerEU a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 (‘Plean REPowerEU’) go mbeadh an tAontas neamhspleách ar bhreoslaí iontaise na Rúise i bhfad roimh 2030. Leis an teachtaireacht sin, foráiltear maidir le tús-ualú fuinnimh gaoithe agus grianfhuinnimh, lena méadaítear meánráta imscartha fuinnimh den sórt sin mar aon le hacmhainn fuinnimh in-athnuaite breise faoi 2030 chun freastal ar tháirgeadh níos airde breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch. Sa teachtaireacht sin, iarradh freisin ar na comhreachtóirí smaoineamh ar sprioc níos airde nó níos luaithe a bhunú maidir le sciar méadaithe an fhuinnimh in-athnuaite sa mheascán fuinnimh. Sa chomhthéacs sin, is iomchuí sprioc fhoriomlán an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite a mhéadú go 42,5 % chun dlús suntasach a chur leis an luas ag a n-imscartar fuinneamh in-athnuaite faoi láthair, agus ar an gcaoi sin, dlús a chur le deireadh a chur, de réir a chéile, le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise trí infhaighteacht fuinnimh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe san Aontas a mhéadú. Thar an leibhéal éigeantach sin, ba cheart do na Ballstáit iarracht a dhéanamh sprioc fhoriomlán de chuid an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite arb ionann í agus 45 % a bhaint amach ar bhonn comhchoiteann i gcomhréir le Plean REPowerEU.

(6)

Ba cheart na spriocanna maidir le fuinneamh in-athnuaite a bheith fite fuaite leis na hiarrachtaí comhlántacha dícharbónaithe ar bhonn foinsí fuinnimh neamhiontaise eile chun an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foinsí éagsúla fuinnimh neamhiontaise a chumasc chun cuspóir an Aontais a bhaint amach maidir le bheith aeráidneodrach faoi 2050, agus a gcúinsí náisiúnta sonracha agus struchtúr a soláthair fuinnimh á gcur san áireamh. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart imscaradh fuinnimh in-athnuaite faoi chuimsiú sprioc cheangailteach fhoriomlán mhéadaithe an Aontais a chomhtháthú in iarrachtaí comhlántacha dícharbónaithe lena mbaineann forbairt foinsí fuinnimh neamhiontaise eile a chinneann na Ballstáit a shaothrú.

(7)

Tá an nuálaíocht ríthábhachtach d’iomaíochas an fhuinnimh in-athnuaite. Is é is aidhm don Phlean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh, a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2015, dar teideal Towards an Integrated Strategic Energy Technology (SET) Plan: Accelerating the European Energy System Transformation [I dTreo Plean Straitéiseach Comhtháite um Theicneolaíocht Fuinnimh (SET): Dlús a chur leis an Athrú ar Chóras Fuinnimh na hEorpa] (‘Plean-SET’), borradh a chur faoin aistriú chuig córas fuinnimh aeráidneodrach trí ghníomhaíochtaí le haghaidh taighde agus nuálaíochta, lena dtugtar aghaidh ar an slabhra nuálaíochta ina iomláine, ó thaighde go glacadh sa mhargadh. Ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), leagann na Ballstáit síos cuspóirí náisiúnta agus spriocanna cistiúcháin do thaighde agus nuálaíocht phoiblí agus, i gcás ina bhfuil fáil orthu, do thaighde agus nuálaíocht phríobháideach a bhaineann leis an Aontas Fuinnimh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tráthchlár don uair ba cheart na cuspóirí a bhaint amach; ag léiriú thosaíochtaí Straitéis an Aontais Fuinnimh a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2015, dar teideal A Framework Strategy for a Resilient Energy Union with a Forward-Looking Climate Change Policy [Creat-Straitéis maidir le hAontas Fuinnimh Buanseasmhach maille le Beartas Réamhbhreathnaitheach don Athrú Aeráide], agus, i gcás inarb ábhartha, ag léiriú thosaíochtaí Phlean-SET. Chun a gcuspóirí náisiúnta agus spriocanna cistiúcháin a chomhlánú, chun táirgeadh fuinnimh in-athnuaite ó theicneolaíocht nuálach fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn agus chun ceannaireacht leanúnach an Aontais i dtaighde agus forbairt teicneolaíochta nuálaí fuinnimh in-athnuaite a choimirciú, ba cheart do gach Ballstát sprioc tháscach a leagan síos do theicneolaíocht nuálach fuinnimh in-athnuaite arb ionann í agus 5 % ar a laghad d’acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite nuashuiteáilte faoi 2030.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), agus i gcomhréir le Moladh (AE) 2021/1749 ón gCoimisiún (9), ba cheart do na Ballstáit cur chuige comhtháite a ghlacadh tríd an bhfoinse in-athnuaite is tíosaí ar fhuinneamh a chur chun cinn d’aon earnáil ar leith agus d’aon fheidhm ar leith, agus trí éifeachtúlacht an chórais a chur chun cinn, ionas go mbeidh an fuinneamh is lú ag teastáil le haghaidh aon ghníomhaíocht eacnamaíoch ar leith.

(9)

Tá sé beartaithe freisin, leis na leasuithe a leagtar amach sa Treoir seo, tacú le baint amach sprioc an Aontais de tháirgeadh bliantúil bithmheatáin inbhuanaithe de 35 billiún méadar ciúbach a bheith ann faoi 2030, sprioc a leagtar amach i ndoiciméad inmheánach oibre ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022, dar teideal Implementing the REPowerEU action plan: investment needs, hydrogen accelerator and achieving the bio-methane targets [Plean gníomhaíochta REPowerEU a chur chun feidhme: riachtanais infheistíochta, luasaire hidrigine agus na spriocanna bithmheatáin a bhaint amach], a ghabhann le Plean REPowerEU, rud a thacóidh le slándáil an tsoláthair agus le huaillmhianta aeráide an Aontais.

(10)

Tá méadú ag teacht ar an aitheantas nach mór beartais bhithfhuinnimh a ailíniú le prionsabal úsáid chascáideach na bithmhaise, Is é is aidhm don phrionsabal sin éifeachtúlacht acmhainní na húsáide bithmhaise a bhaint amach trí thús áite a thabhairt, nuair is féidir, d’úsáid ábhair na bithmhaise thar a húsáid fuinnimh, rud a mhéadódh méid na bithmhaise atá ar fáil laistigh den chóras. Tá ailíniú den sórt sin beartaithe chun rochtain chothrom ar mhargadh na n-amhábhar bithmhaise a áirithiú chun réitigh bhithbhunaithe nuálacha ard-bhreisluacha agus bithgheilleagar inbhuanaithe ciorclach a fhorbairt. Agus scéimeanna tacaíochta le haghaidh bithfhuinnimh á bhforbairt, ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, an soláthar bithmhaise inbhuanaithe atá ar fáil le haghaidh úsáidí fuinnimh agus neamhfhuinnimh agus cothabháil na linnte carbóin foraoise náisiúnta agus na n-éiceachóras a chur san áireamh, chomh maith le prionsabal an gheilleagair chiorclaigh, prionsabal úsáid chascáideach na bithmhaise agus ord na réiteach dramhaíola a bunaíodh i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). I gcomhréir le prionsabal úsáid chascáideach na bithmhaise, ba cheart bithmhais adhmaid a úsáid de réir an bhreisluacha eacnamaíoch agus comhshaoil is airde atá aici san ord tosaíochtaí seo a leanas: táirgí adhmadbhunaithe, síneadh a chur le saolré seirbhíse táirgí adhmadbhunaithe, athúsáid, athchúrsáil, bithfhuinneamh agus diúscairt. I gcás nach bhfuil úsáid ar bith eile le haghaidh bithmhais adhmaid inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de nó iomchuí ó thaobh an chomhshaoil de, is cuidiú aisghabháil fuinnimh chun giniúint fuinnimh ó fhoinsí neamh-in-athnuaite a laghdú. Ba cheart, dá bhrí sin, scéimeanna tacaíochta Ballstát le haghaidh bithfhuinnimh a dhíriú ar bhunábhair den sórt sin nach bhfuil mórán iomaíochta margaidh lena n-aghaidh leis na hearnálacha ábhair, agus ar rud dearfach don aeráid agus don bhithéagsúlacht araon a bhfoinsiú, chun dreasachtaí diúltacha le haghaidh conairí bithfhuinnimh neamh-inbhuanaithe a sheachaint, mar a sainaithníodh i dtuarascáil 2021 ó Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin, dar teideal The use of woody biomass for energy production in the EU [Bithmhais adhmaid a úsáid le haghaidh táirgeadh fuinnimh san Aontas Eorpach].

An tráth céanna, agus bearta á gcur chun feidhme lena n-áirithítear cur i bhfeidhm phrionsabal úsáid chascáideach na bithmhaise, is gá na sainiúlachtaí náisiúnta a aithint, ar sainiúlachtaí iad atá mar threoir do na Ballstáit agus a scéimeanna tacaíochta á ndearadh acu. Ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit maolú ar an bprionsabal sin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo, mar shampla i gcás inar gá sin ar mhaithe le slándáil an tsoláthair fuinnimh, amhail i gcás dálaí aimsire an-fhuar. Ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit freisin maolú ar an bprionsabal sin i gcás nach bhfuil aon tionscail ná saoráidí próiseála ann a d’fhéadfadh breisluach níos airde a bhaint as bunábhair áirithe laistigh d’imlíne gheografach. I gcás den sórt sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh údar maith ó thaobh na heacnamaíochta nó an chomhshaoil de le hiompar thar an imlíne sin chun críche úsáide den sórt sin. Ba cheart do na Ballstáit fógra faoi mhaoluithe den sórt sin a thabhairt don Choimisiún. Níor cheart do na Ballstáit tacaíocht dhíreach airgeadais a dheonú chun fuinneamh a tháirgeadh ó lomáin sáibh, lomáin veiníre, lomáin chruinne de ghrád tionsclaíoch, stumpaí agus fréamhacha. Chun críoch na Treorach seo, ní mheastar gur tacaíocht airgeadais dhíreach iad sochair chánach. Ba cheart tús áite a thabhairt do dhramhaíl a chosc, a athúsáid agus a athchúrsáil. Ba cheart do na Ballstáit féachaint chuige nach gcruthófaí scéimeanna tacaíochta a thiocfadh salach ar spriocanna maidir le dramhaíl a chóireáil agus a d’fhágfadh go mbeadh úsáid neamhéifeachtach á baint as dramhaíl in-athchúrsáilte. Thairis sin, chun úsáid níos éifeachtúla bithfhuinnimh a áirithiú, níor cheart do na Ballstáit tacaíocht nua a dheonú ná aon tacaíocht a athnuachan do ghléasraí leictreachais amháin, ach amháin má tá na suiteálacha lonnaithe i réigiúin a bhfuil stádas úsáide sonrach acu a mhéid a bhaineann leis an aistriú atá ar bun acu ó bhreoslaí iontaise nó sna réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), nó má úsáideann na suiteálacha gabháil agus stóráil carbóin.

(11)

Is féidir úsáid a bhaint as fás tapa agus as iomaíochas costais méadaitheach i dtáirgeadh leictreachais in-athnuaite chun sciar méadaitheach den éileamh ar fhuinneamh a chomhlíonadh, mar shampla teaschaidéil a úsáid le haghaidh téamh spáis nó próisis thionsclaíocha ísealteochta, feithiclí leictreacha a úsáid le haghaidh iompair, nó foirnéisí leictreacha a úsáid i dtionscail áirithe. Is féidir leictreachas in-athnuaite a úsáid freisin chun breoslaí sintéiseacha a tháirgeadh i gcomhair tomhaltais in earnálacha iompair ar deacair iad a dhícharbónú amhail an eitlíocht agus an t-iompar muirí. Ní mór do chreat leictriúcháin comhordú láidir agus éifeachtúil a chumasú agus sásraí margaidh a leathnú chun soláthar agus éileamh a mheaitseáil de réir spáis agus ama, infheistíochtaí i seirbhísí solúbthachta a spreagadh, agus cuidiú le sciartha móra de ghiniúint fuinnimh in-athnuaite athraithigh a chomhtháthú. Ba cheart do Bhallstáit a áirithiú, dá bhrí sin, go leanfar den mhéadú ar imscaradh leictreachais in-athnuaite ar luas atá leormhaith chun freastal ar an méadú san éileamh. Chuige sin, ba cheart do Bhallstáit creat a bhunú lena n-áirítear sásraí atá comhoiriúnach don mhargadh chun dul i ngleic leis na bacainní atá fós ann maidir le córais leictreachais shlána agus leormhaithe a bheith ann, ar córais iad atá oiriúnach le haghaidh ardleibhéal fuinnimh in-athnuaite, chomh maith le saoráidí stórála atá comhtháite go hiomlán sa chóras leictreachais. Go háirithe, leis an gcreat sin, ba cheart dul i ngleic leis na bacainní atá fós ann, lena n-áirítear bacainní neamhairgeadais amhail easpa acmhainní leordhóthanacha digiteacha agus daonna, ó thaobh na n-údarás, chun an líon méadaitheach iarratas ar cheadanna a phróiseáil.

(12)

Agus an sciar d’fhuinneamh in-athnuaite i mBallstát á ríomh, ba cheart breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a áireamh san earnáil ina dtomhlaítear iad (leictreachas, téamh agus fuarú, nó iompar). Chun áireamh dúbailte a sheachaint, níor cheart áireamh a dhéanamh ar an leictreachas in-athnuaite a úsáidtear chun na breoslaí sin a tháirgeadh. Is é a bheadh mar thoradh air sin comhchuibhiú na rialacha cuntasaíochta i gcás na mbreoslaí sin ar fud Threoir (AE) 2018/2001, bídís á n-áireamh don sprioc fhoriomlán maidir le fuinneamh in-athnuaite nó d’aon fhosprioc nó ná bíodh. D’fhágfadh sé freisin go bhféadfaí an fíorfhuinneamh a thomhlaítear a áireamh, agus na caillteanais fuinnimh a tharlaíonn sa phróiseas chun na breoslaí sin a tháirgeadh á gcur san áireamh. Thairis sin, d’fhágfadh sé go bhféadfaí áireamh a dhéanamh ar bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a allmhairítear isteach san Aontas agus a thomhlaítear ann. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chomhaontú, trí chomhaontú sonrach comhair, go ndéanfaí na breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a thomhlaítear i mBallstát amháin a áireamh faoi chomhair an sciar d’olltomhaltas deiridh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite sa Bhallstát inar táirgeadh iad. I gcás ina gcuirtear comhaontuithe comhair den sórt sin i bhfeidhm, mura gcomhaontaítear a mhalairt, moltar do na Ballstáit na breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a áireamh, ar breoslaí iad a tháirgtear i mBallstát nach ceann de na Ballstáit é ina dtomhlaítear iad mar a leanas: suas le 70 % dá dtoirt sa tír ina dtomhlaítear iad agus suas le 30 % dá dtoirt sa tír ina dtáirgtear iad. Is féidir le comhaontuithe idir na Ballstáit a bheith i bhfoirm comhaontú sonrach comhair arna dhéanamh trí ardán an Aontais um fhorbairt in-athnuaite, a seoladh an 29 Samhain 2021.

(13)

Is féidir aistrithe staidrimh, scéimeanna tacaíochta nó tionscadail chomhpháirteacha a bheith i gceist le comhar idir na Ballstáit chun fuinneamh in-athnuaite a chur chun cinn. Fágann sé gur féidir fuinneamh in-athnuaite a imscaradh ar bhealach costéifeachtúil ar fud na hEorpa agus cuireann sé le comhtháthú margaidh. In ainneoin na bhféidearthachtaí a bhaineann leis, ní raibh ach comhar an-teoranta ann idir na Ballstáit, agus dá bhrí sin baineadh torthaí fo-optamacha amach i dtéarmaí éifeachtúlachta chun fuinneamh in-athnuaite a mhéadú. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar na Ballstáit creat le haghaidh comhar maidir le tionscadail chomhpháirteacha a bhunú faoi 2025. Faoi chuimsiú creata den sórt sin, ba cheart do na Ballstáit féachaint le dhá thionscadal chomhpháirteacha ar a laghad a bhunú faoi 2030. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit ar mó a dtomhaltas bliantúil leictreachais ná 100 TWh féachaint le tríú tionscadal comhpháirteach a bhunú faoi 2033. Tionscadail atá maoinithe ag ranníocaíochtaí náisiúnta faoi shásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún (11), chomhlíonfaidís an oibleagáid sin do na Ballstáit lena mbaineann.

(14)

I dteachtaireacht uaidh an 19 Samhain 2020, dar teideal An EU Strategy to harness the potential of offshore renewable energy for a climate neutral future [Straitéis AE chun leas a bhaint as acmhainneacht an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta do thodhchaí a bheidh aeráidneodrach], thug an Coimisiún isteach cuspóir uaillmhianach go mbainfí amach, faoi 2050, 300 GW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta agus 40 GW d’fhuinneamh aigéin thar imchuacha farraige uile an Aontais. Chun an mórathrú sin a áirithiú, ní mór do Bhallstáit oibriú lena chéile thar theorainneacha ar leibhéal imchuach na farraige. Le Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), ceanglaítear ar na Ballstáit comhaontuithe neamhcheangailteacha a thabhairt i gcrích chun comhoibriú maidir le spriocanna do ghiniúint fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta atá le himscaradh laistigh de gach imchuach farraige faoi 2050, le céimeanna idirmheánacha in 2030 agus in 2040. Trí fhaisnéis a fhoilsiú faoi mhéideanna an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta atá beartaithe ag na Ballstáit a bhaint amach trí thairiscintí, méadaítear trédhearcacht agus intuarthacht d’infheisteoirí agus tacaítear leis na spriocanna do ghiniúint fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a bhaint amach. Is uirlis riachtanach í an phleanáil spásúil mhuirí chun a áirithiú go mbaintear úsáidí éagsúla as an bhfarraige san am céanna. Tá gá le spás a leithdháileadh ar thionscadail fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta i bpleananna spásúla muirí chun gur féidir pleanáil fhadtéarmach a dhéanamh, chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag na tionscadail fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta sin agus chun a áirithiú go nglacfaidh an pobal leis an imscaradh atá beartaithe dóibh. Trí rannpháirtíocht na gcomhphobal fuinnimh in-athnuaite a chumasú i dtionscadail chomhpháirteacha maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, cuirtear tuilleadh bealaí ar fáil chun glacadh ag an bpobal a fheabhsú.

(15)

Tá fás tapa ag teacht ar an margadh le haghaidh comhaontuithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite agus soláthraítear leis sin bealach comhlántach chuig margadh na giniúna in-athnuaite anuas ar scéimeanna tacaíochta ó Bhallstáit nó chuig díol díreach ar an margadh mórdhíola leictreachais. Ag an am céanna, tá an margadh le haghaidh comhaontuithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite fós teoranta do líon beag Ballstát agus gnóthais mhóra, agus tá bacainní suntasacha riaracháin, teicniúla agus airgeadais fós ann i gcodanna móra de mhargadh an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, neartú breise a dhéanamh ar na bearta atá ann cheana dá bhforáiltear in Airteagal 15 de Threoir (AE) 2018/2001 chun glacadh comhaontuithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite a spreagadh, trí fhéachaint ar úsáid ráthaíochtaí creidmheasa chun rioscaí airgeadais comhaontuithe den sórt sin a laghdú, agus é á chur san áireamh nár cheart do na ráthaíochtaí sin, sa chás gur ráthaíochtaí poiblí iad, maoiniú príobháideach a bhrú amach. Ina theannta sin, ba cheart bearta chun tacú le comhaontuithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite a leathnú chuig cineálacha eile comhaontuithe ceannacháin fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, comhaontuithe ceannacháin téimh agus fuaraithe in-athnuaite. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar na bacainní ar chomhaontuithe fadtéarmacha ceannacháin fuinnimh in-athnuaite, go háirithe ar chomhaontuithe ceannacháin fuinnimh in-athnuaite trasteorann a imscaradh, agus treoir a eisiúint maidir le deireadh a chur leis na bacainní sin.

(16)

D’fhéadfadh sé go gcaithfear nósanna imeachta riaracháin um dheonú ceadanna a chuíchóiriú tuilleadh chun deireadh a chur le hualaí riaracháin nach bhfuil gá leo chun tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus tionscadail bonneagair eangaí gaolmhara a bhunú. Laistigh de 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo agus ar bhonn na dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, ba cheart don Choimisiún a mheas an bhfuil gá le bearta breise chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na Ballstáit i gcur chun feidhme fhorálacha Threoir (AE) 2018/2001 lena rialaítear nósanna imeachta um dheonú ceadanna, lena n-áirítear i bhfianaise an cheanglais atá ar na pointí teagmhála arna mbunú nó arna n-ainmniú de bhun Airteagal 16 den Treoir sin a áirithiú go gcomhlíonfar na sprioc-amanna do na nósanna imeachta um dheonú ceadanna a leagtar amach sa Treoir sin. Ba cheart a bheith in ann a áireamh ar bhearta breise den sórt sin príomhtháscairí feidhmíochta táscacha maidir le, inter alia, fad na nósanna imeachta um dheonú ceadanna a bhaineann le tionscadail fuinnimh in-athnuaite atá lonnaithe laistigh de limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite agus lasmuigh díobh.

(17)

Tá acmhainneacht mhór neamhshaothraithe i bhfoirgnimh cur go héifeachtach le laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas. Beidh gá le dícharbónú ar théamh agus fuarú i bhfoirgnimh trí sciar méadaithe i dtáirgeadh agus úsáid fuinnimh in-athnuaite chun an uaillmhian dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/1119 a chomhlíonadh agus chun cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a bhaint amach. Mar sin féin, níl aon dul chun cinn in úsáid fuinnimh in-athnuaite le haghaidh téimh agus fuaraithe le 10 mbliana anuas, agus tá sé ag brath go mór ar úsáid mhéadaithe bithmhaise. Mura mbunófar sciartha táscacha d’fhuinneamh in-athnuaite i bhfoirgnimh, ní bheifear in ann an dul chun cinn a rianú agus scrogaill a shainaithint i nglacadh an fhuinnimh in-athnuaite. Má chruthaítear sciartha táscacha d’fhuinnimh in-athnuaite i bhfoirgnimh, tabharfar comhartha fadtéarmach d’infheisteoirí, lena n-áirítear don tréimhse díreach i ndiaidh 2030. Dá bhrí sin, ba cheart sciartha táscacha i dtaobh úsáid fuinnimh in-athnuaite i bhfoirgnimh a tháirgtear ar an láthair nó in aice láimhe chomh maith le fuinneamh in-athnuaite a thógtar ón eangach, a shocrú chun iarrachtaí na mBallstát a threorú agus a spreagadh i dtaobh leas a bhaint as an bhféidearthacht fuinneamh in-athnuaite a úsáid agus a tháirgeadh i bhfoirgnimh, forbairt teicneolaíochta a spreagadh a tháirgeann fuinneamh in-athnuaite agus a chuidíonn le comhtháthú éifeachtúil teicneolaíochta den sórt sa chóras fuinnimh, agus ag an am céanna cinnteacht a thabhairt d’infheisteoirí agus do rannpháirtíocht ar an leibhéal áitiúil, mar aon le rannchuidiú le héifeachtúlacht an chórais. Ba cheart teicneolaíocht chliste agus nuálach a rannchuidíonn le héifeachtúlacht an chórais a chur chun cinn freisin i gcás inarb iomchuí. Chun na sciartha táscacha sin a ríomh, agus an sciar de leictreachas in-athnuaite a thógtar ón eangach agus a úsáidtear i bhfoirgnimh á chinneadh acu, ba cheart do na Ballstáit an meánsciar de leictreachas in-athnuaite a sholáthraítear ar a gcríoch le linn an 2 bhliain roimhe sin a úsáid.

(18)

Is garsprioc íosta riachtanach é sciar táscach an Aontais d’fhuinneamh in-athnuaite in earnáil na tógála atá le baint amach faoi 2030 chun dícharbónú stoc foirgneamh an Aontais a áirithiú faoi 2050 agus comhlánaíonn sé an creat rialála a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh agus feidhmíocht fuinnimh i bhfoirgnimh. Tá sé ríthábhachtach ionas gur féidir breoslaí iontaise ó fhoirgnimh a chéimniú amach ar bhealach rianúil agus costéifeachtach chun a áirithiú go gcuirfear fuinneamh in-athnuaite ina n-ionad. Le sciar táscach an fhuinnimh in-athnuaite in earnáil na tógála, comhlánaítear an creat rialála le haghaidh foirgneamh de bhun dhlí an Aontais maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh trína áirithiú go ndéantar teicneolaíocht, fearais agus bonneagar fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil, a mhéadú go leordhóthanach agus go tráthúil chun teacht in ionad breoslaí iontaise i bhfoirgnimh agus chun a áirithiú go mbeidh soláthar fuinnimh in-athnuaite atá sábháilte agus iontaofa ar fáil d’fhoirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh go dtí 2030. Leis an sciar táscach d’fhuinneamh in-athnuaite in earnáil na tógála, cuirtear chun cinn freisin na hinfheistíochtaí i bhfuinneamh in-athnuaite i straitéisí athchóirithe fadtéarmacha náisiúnta foirgneamh agus i bpleananna athchóirithe fadtéarmacha náisiúnta foirgneamh, rud a chumasaíonn, ar an gcaoi sin, dícharbónú foirgneamh a bhaint amach. Ina theannta sin, leis an sciar táscach d’fhuinneamh in-athnuaite in earnáil na tógála, soláthraítear táscaire breise tábhachtach chun forbairt nó nuachóiriú gréasán téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil a chur chun cinn, agus ar an gcaoi sin comhlánú a dhéanamh ar an sprioc tháscach téimh agus fuaraithe ceantair faoi Airteagal 24 de Threoir (AE) 2018/2001 agus an ceanglas chun a áirithiú go bhfuil fuinneamh in-athnuaite agus dramhtheas agus dramhfhuacht ó chórais téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil ar fáil chun cuidiú le húsáid fuinnimh phríomhúil bhliantúil foirgneamh nua nó athchóirithe a chumhdach. Tá an sciar táscach sin d’fhuinneamh in-athnuaite in earnáil na tógála riachtanach freisin chun a áirithiú go mbainfear amach ar bhealach costéifeachtach an méadú bliantúil ar théamh agus fuarú in-athnuaite de bhun Airteagal 23 de Threoir (AE) 2018/2001.

(19)

I bhfianaise tomhaltas mór fuinnimh i bhfoirgnimh chónaithe, tráchtála agus phoiblí, d’fhéadfaí na sainmhínithe atá ann cheana agus dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) a úsáid agus an sciar náisiúnta d’fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite i bhfoirgnimh á ríomh d’fhonn an t-ualach riaracháin a íoslaghdú agus a áirithiú ag an am céanna go mbainfear amach sciar táscach an Aontais d’fhuinneamh in-athnuaite in earnáil na tógála faoi 2030.

(20)

Tá nósanna imeachta riaracháin fada um dheonú ceadanna ar cheann de na príomhbhacainní roimh infheistíocht i dtionscadail fuinnimh in-athnuaite agus ina mbonneagar gaolmhar. Áirítear ar na bacainní sin castacht na rialacha is infheidhme maidir le suíomhanna a roghnú agus maidir le húdaruithe riaracháin le haghaidh tionscadail den sórt sin, castacht agus fad an mheasúnaithe ar thionchar tionscadal den sórt sin, agus na ngréasán fuinnimh gaolmhar, ar an gcomhshaol, fadhbanna a bhaineann le nascadh leis an eangach, srianta maidir le sonraíochtaí teicneolaíochta a oiriúnú le linn an nós imeachta um dheonú ceadanna, agus fadhbanna foirne na n-údarás deonaithe ceadanna nó oibreoirí na n-eangaí. Chun dlús a chur leis an luas ag a n-imscartar tionscadail den sórt, is iomchuí rialacha a ghlacadh lena ndéanfaí na nósanna imeachta um dheonú ceadanna a shimpliú agus a ghiorrú, agus glacadh forleathan ag an bpobal le himscaradh an fhuinnimh in-athnuaite á chur san áireamh.

(21)

Le Treoir (AE) 2018/2001, déantar cuíchóiriú ar na nósanna imeachta riaracháin um dheonú ceadanna le haghaidh gléasraí fuinnimh in-athnuaite trí rialacha a thabhairt isteach maidir le heagrú agus uasfhad na coda riaracháin den nós imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite, lena gcumhdaítear gach cead ábhartha gléasraí fuinnimh in-athnuaite a thógáil, a athchumhachtú agus a oibriú, agus le haghaidh nascadh gléasraí den sórt sin leis an eangach.

(22)

Na nósanna imeachta riaracháin um dheonú ceadanna le haghaidh gléasraí fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear gléasraí fuinnimh ina ndéantar foinsí fuinnimh in-athnuaite éagsúla a chumasc, teaschaidéil, stóráil fuinnimh chomhshuite, lena n-áirítear saoráidí cumhachta agus teirmeacha, chomh maith leis na sócmhainní is gá chun gléasraí, teaschaidéil agus stóráil den sórt sin a nascadh leis an eangach, agus chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú i ngréasáin téimh agus fuaraithe ar bhealach comhordaithe agus comhchuibhithe, is gá na nósanna imeachta sin a shimpliú agus a ghiorrú tuilleadh chun a áirithiú go mbainfidh an tAontas amach a spriocanna uaillmhianacha aeráide agus fuinnimh do 2030 agus cuspóir na haeráidneodrachta faoi 2050, agus an prionsabal ‘gan dochar a dhéanamh’ den Chomhaontú Glas don Eoraip á chur san áireamh agus gan dochar do roinnt inmheánach na n-inniúlachtaí laistigh de na Ballstáit.

(23)

Trí sprioc-amanna níos giorra agus níos soiléire a thabhairt isteach do chinntí atá le déanamh ag na húdaráis atá inniúil chun ceadanna a dheonú do shuiteálacha fuinnimh in-athnuaite ar bhonn iarratas comhlánaithe, tá sé beartaithe dlús le himscaradh tionscadal fuinnimh in-athnuaite. An t-am a thógtar chun na gléasraí fuinnimh in-athnuaite agus a naisc leis an eangach a thógáil, níor cheart an t-am sin a áireamh faoi chomhair sna sprioc-amanna sin, ach amháin nuair a tharlaíonn sé ar aon am le céimeanna riaracháin eile sa nós imeachta um dheonú ceadanna. Is iomchuí, áfach, idirdhealú a dhéanamh idir tionscadail atá lonnaithe i limistéir atá an-oiriúnach go deo d’imscaradh tionscadal fuinnimh in-athnuaite, ar féidir sprioc-amanna a chuíchóiriú, eadhon limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite, agus tionscadail atá lonnaithe lasmuigh de limistéir den sórt sin. Ba cheart saintréithe na dtionscadal fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a chur san áireamh agus na sprioc-amanna sin á socrú.

(24)

I measc cuid de na fadhbanna is coitianta a mbíonn ar fhorbróirí tionscadail fuinnimh in-athnuaite aghaidh a thabhairt orthu, tá saincheisteanna a bhaineann le nósanna imeachta casta fada riaracháin um dheonú ceadanna agus nósanna imeachta casta fada riaracháin maidir le nascadh leis an eangach a bhunaítear ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach agus easpa foirne agus saineolais theicniúil in údaráis cheadúcháin chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na dtionscadal atá beartaithe ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, is iomchuí gnéithe áirithe a bhaineann leis an gcomhshaol de na nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite a chuíchóiriú.

(25)

Ba cheart do na Ballstáit tacú le tionscadail fuinnimh in-athnuaite a imscaradh ar bhealach níos tapúla trí mhapáil chomhordaithe a dhéanamh le haghaidh imscaradh fuinnimh in-athnuaite agus bonneagair ghaolmhair ar a gcríoch i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha. Ba cheart do na Ballstáit na limistéir thalún, dhromchla, fodhromchla agus farraige nó uisce intíre a shainaithint, ar limistéir iad is gá chun gléasraí fuinnimh in-athnuaite agus bonneagar gaolmhar a shuiteáil chun a rannchuidiú náisiúnta ar a laghad a chomhlíonadh i dtreo na sprice foriomláine athbhreithnithe maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030 a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001 agus chun tacú le cuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1119. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit na doiciméid pleanála spásúla atá ann cheana a úsáid chun na limistéir sin a shainaithint. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil limistéir den sórt sin ag teacht lena gconairí measta agus leis an toilleadh iomlán suiteáilte atá beartaithe agus ba cheart dóibh limistéir shonracha a shainaithint do na cineálacha éagsúla teicneolaíochta fuinnimh in-athnuaite dá bhforáiltear ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999. Agus na limistéir thalún, dhromchla, fodhromchla agus farraige nó uisce intíre is gá á sainaithint, ba cheart aird a thabhairt go háirithe ar infhaighteacht an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus an acmhainneacht a ghabhann leis na limistéir thalún agus farraige éagsúla maidir le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite na gcineálacha éagsúla teicneolaíochta, ar an éileamh réamh-mheasta ar fhuinneamh, agus éifeachtúlacht fuinnimh agus éifeachtúlacht an chórais, ar an iomlán agus i réigiúin éagsúla an Bhallstáit, á gcur san áireamh, agus ar infhaighteacht an bhonneagair fuinnimh ábhartha, na stórála fuinnimh, agus na n-uirlisí solúbthachta eile, agus aird á tabhairt ar an toilleadh is gá chun freastal ar mhéid méadaitheach an fhuinnimh in-athnuaite, chomh maith le híogaireacht comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(26)

Ba cheart do na Ballstáit, mar fhothacar de na limistéir sin, limistéir shonracha thalún (lena n-áirítear dromchlaí agus fodhromchlaí) agus farraige nó uisce intíre a ainmniú mar limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite. Ba cheart na limistéir sin a bheith an-oiriúnach go deo chun tionscadail fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt, agus idirdhealú á dhéanamh idir cineálacha teicneolaíochta, ar an mbonn nach meastar go mbeidh tionchar suntasach ar an gcomhshaol ag imscaradh an chineáil shonraigh foinse fuinnimh in-athnuaite. Agus na limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite á n-ainmniú, ba cheart do na Ballstáit limistéir faoi chosaint a sheachaint agus breathnú ar phleananna athchóirithe agus ar bhearta maoluithe iomchuí. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite a ainmniú go sonrach le haghaidh cineál gléasra fuinnimh in-athnuaite amháin nó níos mó agus ba cheart dóibh an cineál nó na cineálacha fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite atá oiriúnach lena tháirgeadh nó lena dtáirgeadh i limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite den sórt sin a léiriú. Ba cheart do na Ballstáit limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite den sórt sin a ainmniú i gcomhair cineál amháin teicneolaíochta ar a laghad agus ba cheart dóibh méid limistéar luathaithe fuinnimh in-athnuaite den sórt sin a chinneadh, i bhfianaise shainiúlachtaí agus riachtanais an chineáil nó na gcineálacha teicneolaíochta a bhfuil limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite curtha ar bun acu dó dóibh. Agus an méid sin á dhéanamh acu, ba cheart é a bheith mar aidhm ag na Ballstáit a áirithiú go bhfuil méid comhiomlán na limistéar sin suntasach agus go rannchuidíonn siad le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001.

(27)

Trí ilúsáid a bhaint as an spás le haghaidh táirgeadh fuinnimh in-athnuaite agus úsáidí eile talún, uisce intíre agus farraige, amhail táirgeadh bia nó caomhnú an dúlra nó athchóiriú an dúlra, maolaítear na srianta ar úsáid na talún, an uisce intíre nó na farraige. Sa chomhthéacs sin, is uirlis bhuntábhachtach í an phleanáil spásúil chun sineirgí maidir le húsáid talún, uisce intíre agus farraige a shainaithint agus a threorú ag céim luath. Maidir le hilúsáidí na limistéar a shainaithnítear mar thoradh ar na bearta pleanála spásúla arna nglacadh, ba cheart do na Ballstáit na hilúsáidí sin a fhiosrú agus a chumasú agus ba cheart dóibh tús áite a thabhairt dóibh. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit athruithe ar úsáid talún agus farraige a éascú i gcás inar gá, ar choinníoll go bhfuil na húsáidí éagsúla agus na gníomhaíochtaí éagsúla comhoiriúnach lena chéile agus gur féidir leo a bheith ann ag an am céanna.

(28)

Le Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), bunaítear measúnuithe comhshaoil mar uirlis thábhachtach chun cúrsaí comhshaoil a chomhtháthú in ullmhú agus glacadh na bpleananna agus na gclár. Chun limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite a ainmniú, ba cheart do na Ballstáit plean amháin nó níos mó a ullmhú lena gcuimsítear ainmniú na limistéar luathaithe fuinnimh in-athnuaite agus na rialacha agus bearta maolaithe is infheidhme do na tionscadail atá lonnaithe i ngach ceann de na limistéir sin. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann plean aonair a ullmhú le haghaidh gach limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite agus gach teicneolaíochta fuinnimh in-athnuaite, nó ba cheart dóibh a bheith in ann pleananna a bhaineann le teicneolaíochtaí sonracha a ullmhú lena sainaithnítear limistéar luathaithe fuinnimh in-athnuaite amháin nó níos mó. Ba cheart gach plean a bheith faoi réir measúnú comhshaoil de bhun Threoir 2001/42/CE chun measúnú a dhéanamh ar thionchar gach teicneolaíochta fuinnimh in-athnuaite ar na limistéir ábhartha arna n-ainmniú sa phlean sin. Trí mheasúnú comhshaoil a dhéanamh de bhun na Treorach sin chun na críche sin, chuirfí ar chumas na mBallstát cur chuige níos comhtháite agus níos éifeachtúla a bheith acu maidir le pleanáil, maidir le luath-rannpháirtíocht an phobail a áirithiú, agus maidir le cúrsaí comhshaoil a chur san áireamh ag céim luath sa phróiseas pleanála ar leibhéal straitéiseach. Leis sin, rannchuideofaí le borradh a chur faoi imscaradh foinsí fuinnimh in-athnuaite éagsúla ar bhealach ní ba thapa agus ní ba chuíchóirithe, agus éifeachtaí díobhálacha na dtionscadal sin ar an gcomhshaol á n-íoslaghdú ag an am céanna. Ba cheart comhairliúcháin trasteorann idir na Ballstáit a áireamh i measúnuithe comhshaoil den sórt sin más dócha go mbeidh éifeachtaí díobhálacha suntasacha ag an bplean ar an gcomhshaol i mBallstát eile.

(29)

Tar éis ghlacadh na bpleananna lena n-ainmnítear limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite, ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar aon éifeachtaí díobhálacha suntasacha atá ag cur chun feidhme na bpleananna nó na gclár ar an gcomhshaol chun, inter alia, éifeachtaí díobhálacha gan choinne a shainaithint ag céim luath agus chun a bheith in ann gníomhaíocht feabhais iomchuí a dhéanamh, i gcomhréir le Treoir 2001/42/CE.

(30)

Chun glacadh an phobail le tionscadail fuinnimh in-athnuaite a mhéadú, ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun rannpháirtíocht na bpobal áitiúil i dtionscadail fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn. Maidir le forálacha Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (16), a síníodh in Aarhus an 25 Meitheamh 1998, go háirithe na forálacha a bhaineann le rannpháirtíocht phoiblí agus rochtain ar cheartas, de bheith infheidhme.

(31)

Chun cuíchóiriú a dhéanamh ar an bpróiseas maidir le limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite a ainmniú agus chun dúbláil measúnuithe comhshaoil ar limistéar aonair a sheachaint, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann limistéir atá ainmnithe cheana féin mar limistéir oiriúnacha d’imscaradh luathaithe teicneolaíochta fuinnimh in-athnuaite faoin dlí náisiúnta a dhearbhú mar limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite. Ba cheart dearbhuithe den sórt sin a bheith faoi réir coinníollacha comhshaoil áirithe, lena n-áirithítear ardleibhéal cosanta comhshaoil. Ba cheart teorainn ama a chur leis an bhféidearthacht limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite a ainmniú i bpleanáil atá ann cheana, chun a áirithiú nach gcuirfidh an fhéidearthacht sin an próiseas caighdeánach maidir le hainmniú limistéar luathaithe fuinnimh in-athnuaite i mbaol. Tionscadail atá lonnaithe i limistéir ainmnithe náisiúnta atá ann cheana i limistéir faoi chosaint nach féidir a dhearbhú mar limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite, ba cheart dóibh leanúint de bheith ag feidhmiú faoi na coinníollacha céanna faoinar bunaíodh iad.

(32)

I gcás limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite, in éineacht le gléasraí fuinnimh in-athnuaite atá ann cheana, gléasraí fuinnimh in-athnuaite a bheidh ann sa todhchaí lasmuigh de limistéir den sórt sin agus sásraí comhair, ba cheart é a bheith mar aidhm leo a áirithiú go mbeidh táirgeadh fuinnimh in-athnuaite leordhóthanach chun rannchuidiú na mBallstát a chomhlíonadh i ndáil le sprioc fhoriomlán an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001. Ba cheart do na Ballstáit an deis a choinneáil ceadanna a dheonú do thionscadail lasmuigh de limistéir den sórt sin.

(33)

Sna limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite ainmnithe, i ndáil le tionscadail fuinnimh in-athnuaite a chomhlíonann na rialacha agus na bearta a shainaithnítear sna pleananna arna n-ullmhú ag na Ballstáit, ba cheart do na tionscadail sin tairbhiú den toimhde nach bhfuil éifeachtaí suntasacha acu ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, ba cheart tionscadail den sórt sin a bheith díolmhaithe ón oibleagáid measúnú sonrach a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol ar leibhéal an tionscadail de réir bhrí Threoir 2011/92/AE, cé is moite de thionscadail inar chinn an Ballstát measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol a éileamh ar a liosta éigeantach náisiúnta de thionscadail agus de thionscadail ar dócha go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar an gcomhshaol i mBallstát eile nó i gcás ina n-iarrann Ballstát ar dócha go ndéanfaí difear suntasach dó an méid sin. Ba cheart do na hoibleagáidí faoin gCoinbhinsiún maidir le measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol i gcomhthéacs trasteorann (17), a síníodh in Espoo an 25 Feabhra 1991, leanúint de bheith infheidhme maidir leis na Ballstáit inar dócha go mbeidh tionchar suntasach trasteorann ag an tionscadal i dtríú tír.

(34)

Leanann na hoibleagáidí a leagtar amach i dTreoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) de bheith infheidhme maidir le stáisiúin hidreachumhachta, lena n-áirítear i gcás ina gcinneann Ballstát limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite a ainmniú a bhaineann le hidreachumhacht, d’fhonn a áirithiú go bhfuil údar cuí le drochthionchar a d’fhéadfadh a bheith ann ar an dobharlach nó ar na dobharlaigh lena mbaineann agus go gcuirtear na bearta maolaithe ábhartha uile chun feidhme.

(35)

Le hainmniú na limistéar luathaithe fuinnimh in-athnuaite, ba cheart do ghléasraí fuinnimh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh chomhshuite, chomh maith le nascadh gléasraí agus stórála den sórt sin leis an eangach, a bheith in ann tairbhiú den intuarthacht agus de nósanna imeachta riaracháin cuíchóirithe um dheonú ceadanna. Go háirithe, ba cheart do thionscadail atá lonnaithe i limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite tairbhiú de nósanna imeachta riaracháin brostaithe um dheonú ceadanna, lena n-áirítear formheas intuigthe i gcás nach dtugann an t-údarás inniúil freagra maidir le céim riaracháin idirmheánach faoin sprioc-am a leagadh síos, ach amháin má tá an tionscadal sonrach faoi réir measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol nó i gcás nach ann do phrionsabal an fhormheasa intuigthe riaracháin i ndlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann. Ba cheart do na tionscadail sin tairbhiú freisin de sprioc-amanna soiléire agus de dheimhneacht dhlíthiúil a mhéid a bhaineann leis an toradh a mheastar a bheidh ar an nós imeachta um dheonú ceadanna. A luaithe a thíolactar iarratas ar thionscadal i limistéar luathaithe fuinnimh in-athnuaite, ba cheart don Bhallstát próiseas scagtha tapa a dhéanamh arb é is aidhm dó a shainaithint an mbeidh éifeachtaí díobhálacha suntasacha gan choinne mar thoradh ar an tionscadal i bhfianaise íogaireacht comhshaoil an limistéir gheografaigh ina bhfuil sé lonnaithe agus nár sainaithníodh le linn an mheasúnaithe comhshaoil ar na pleananna lena n-ainmnítear limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite arna dhéanamh de bhun Threoir 2001/42/CE agus a shainaithint an dtagann an tionscadal faoi raon feidhme Airteagal 7 de Threoir 2011/92/AE ar bhonn na dóchúlachta go mbeadh éifeachtaí suntasacha aige ar an gcomhshaol i mBallstát eile nó ar bhonn iarraidh ó Bhallstát ar dócha go ndéanfar difear suntasach dó. Chun críche próisis scagtha den sórt sin, ba cheart don údarás inniúil a bheith in ann a iarraidh ar an iarratasóir faisnéis bhreise atá ar fáil a sholáthar gan measúnú nua ná bailiú sonraí a éileamh.

Gach tionscadal atá lonnaithe i limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite a chomhlíonann na rialacha agus na bearta a shainaithnítear sna pleananna arna n-ullmhú ag na Ballstáit, ba cheart a mheas go bhfuil siad formheasta ag deireadh próisis scagtha den sórt sin. Ar choinníoll go bhfuil fianaise shoiléir ag na Ballstáit a mheas gur dócha go n-eascróidh éifeachtaí díobhálacha suntasacha gan choinne as tionscadal sonrach, ba cheart do na Ballstáit, tar éis próiseas scagtha den sórt sin, an tionscadal a chur faoi réir measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol de bhun Threoir 2011/92/AE agus, i gcás inarb ábhartha, faoi réir measúnú de bhun Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (19). Ba cheart do na Ballstáit cúiseanna a thabhairt lena gcinntí chun tionscadail a chur faoi réir measúnuithe den sórt sin sula ndéantar na measúnuithe sin. Ba cheart measúnuithe den sórt sin a dhéanamh laistigh de 6 mhí ó chinntí den sórt sin, agus an deis ann síneadh a chur leis an sprioc-am sin ar an bhforas gur ann d’imthosca urghnácha. Is iomchuí cead a thabhairt do na Ballstáit maoluithe a thabhairt isteach ón oibleagáid measúnuithe den sórt sin a dhéanamh i gcás tionscadail ghaoithe agus fhótavoltacha gréine in imthosca a bhfuil údar cuí leo, toisc go meastar go soláthrófar, le tionscadail den sórt sin, formhór mór an leictreachais in-athnuaite faoi 2030. I gcás den sórt sin, ba cheart don fhorbróir tionscadail bearta maolaithe comhréireacha nó, mura bhfuil siad ar fáil, bearta cúitimh a ghlacadh, a d’fhéadfadh, mura bhfuil bearta cúitimh comhréireacha eile ar fáil, a bheith i bhfoirm cúitimh airgeadaíochta, chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí díobhálacha suntasacha gan choinne sin a sainaithníodh le linn an phróisis scagtha.

(36)

I bhfianaise an ghá dlús a chur le himscaradh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, níor cheart d’ainmniú na limistéar luathaithe fuinnimh in-athnuaite cosc a chur ar shuiteáil tionscadal fuinnimh in-athnuaite atá ar siúl faoi láthair nó suiteálacha a dhéanfar amach anseo i ngach limistéar atá ar fáil maidir le himscaradh fuinnimh in-athnuaite. Ba cheart do thionscadail den sórt sin leanúint de bheith faoi réir na hoibleagáide measúnú tiomnaithe a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol de bhun Threoir 2011/92/AE agus ba cheart dóibh a bheith faoi réir na nósanna imeachta um dheonú ceadanna is infheidhme maidir le tionscadail fuinnimh in-athnuaite atá lonnaithe lasmuigh de limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite. Chun dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna ar an leibhéal is gá chun an sprioc maidir le fuinneamh in-athnuaite a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 a bhaint amach, ba cheart freisin na nósanna imeachta um dheonú ceadanna is infheidhme maidir le tionscadail lasmuigh de limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite a shimpliú agus a chuíchóiriú le tabhairt isteach sprioc-amanna uasta soiléire le haghaidh na gcéimeanna go léir den nós imeachta um dheonú ceadanna, lena n-áirítear measúnuithe tiomnaithe comhshaoil in aghaidh an tionscadail.

(37)

Is féidir go ndéanfaí éin agus speicis eile atá faoi chosaint faoi Threoir 92/43/CEE nó faoi Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) a mharú a chorraí ó am go chéile mar thoradh ar thógáil agus oibriú gléasraí fuinnimh in-athnuaite. Mar sin féin, níor cheart marú nó corraí den sórt sin a mheas mar mharú nó corraí d’aon ghnó de réir bhrí na dTreoracha sin má fhoráiltear, leis an tionscadal le haghaidh thógáil agus oibriú na ngléasraí fuinnimh in-athnuaite sin, do bhearta maolaithe iomchuí chun marú den sórt sin a sheachaint, chun corraí a chosc, chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart sin trí fhaireachán iomchuí agus, i bhfianaise na faisnéise arna bailiú, chun bearta breise a dhéanamh de réir mar is gá chun a áirithiú nach mbeidh aon drochthionchar suntasach ar phobal na speiceas lena mbaineann.

(38)

Anuas ar ghléasraí nua fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil, tá poitéinseal suntasach ag baint le gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite atá ann cheana a athchumhachtú chun rannchuidiú le baint amach na spriocanna maidir le fuinneamh in-athnuaite. Ós rud é gur suiteáladh na gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite atá ann cheana, den chuid is mó, ar shuíomhanna a bhfuil poitéinseal suntasach foinse fuinnimh in-athnuaite ag baint leo, is féidir a áirithiú le hathchumhachtú go leanfar de na suíomhanna sin a úsáid agus san am céanna go laghdófar an gá maidir le suíomhanna nua a ainmniú le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite. Tá tairbhí breise ag baint le hathchumhachtú amhail an nasc leis an eangach atá ann cheana, an dóchúlacht go mbeidh glacadh níos airde ann ón bpobal agus eolas ar an tionchar ar an gcomhshaol.

(39)

Le Treoir (AE) 2018/2001, tugtar isteach nósanna imeachta cuíchóirithe um dheonú ceadanna maidir le hathchumhachtú. Chun freastal ar an ngá atá ag méadú maidir le gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite atá ann cheana a athchumhachtú agus chun leas iomlán a bhaint as na buntáistí a bhaineann leis sin, is iomchuí nós imeachta um dheonú ceadanna atá níos giorra fós a bhunú maidir le gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite atá lonnaithe i limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú, lena n-áirítear próiseas scagtha níos giorra. Maidir le hathchumhachtú gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite atá ann cheana agus atá lonnaithe lasmuigh de limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite, ba cheart do na Ballstáit nós imeachta simplithe agus pras um dheonú ceadanna a áirithiú, ar nós imeachta é nach dtéann thar thréimhse 1 bhliain, agus an prionsabal ‘gan dochar a dhéanamh’ den Chomhaontú Glas don Eoraip á chur san áireamh san am céanna.

(40)

Chun athchumhachtú gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite atá ann cheana a chur chun cinn tuilleadh agus dlús breise a chur leis an athchumhachtú sin, ba cheart nós imeachta simplithe um dheonú ceadanna le haghaidh naisc leis an eangach a bhunú i gcás ina bhfuil méadú teoranta ar an acmhainneacht iomlán i gcomparáid leis an mbuntionscadal mar thoradh ar an athchumhachtú. Le hathchumhachtú tionscadal fuinnimh in-athnuaite, tá athruithe ar thionscadail atá ann cheana nó leathnú na dtionscadal atá ann cheana i gceist ar leibhéil éagsúla. Ba cheart an nós imeachta um dheonú ceadanna, lena n-áirítear measúnuithe comhshaoil agus scagadh, maidir le tionscadail fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú a bheith teoranta don tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an athrú nó ar an leathnú i gcomparáid leis an tionscadal bunaidh.

(41)

Agus suiteáil grianfhuinnimh á athchumhachtú, is féidir méaduithe ar éifeachtúlacht agus ar acmhainneacht a bhaint amach gan an spás atá á úsáid a mhéadú. Dá bhrí sin, níl tionchar éagsúil ag an tsuiteáil athchumhachtaithe ar an gcomhshaol ná mar atá ag an tsuiteáil bhunaidh, ar choinníoll nach méadaítear an spás a úsáidtear sa phróiseas, agus go leantar de na bearta maolaithe comhshaoil a ceanglaíodh ar dtús a chomhlíonadh.

(42)

Maidir le trealamh grianfhuinnimh agus an stóráil chomhshuite a bhaineann leis sin a shuiteáil, chomh maith le nascadh trealaimh agus stórála den sórt sin leis an eangach, i struchtúir shaorga atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo, ar struchtúir iad a cruthaíodh chun críoch eile seachas chun grianfhuinneamh a tháirgeadh nó fuinneamh a stóráil cé is moite de dhromchlaí uisce saorga, amhail díonta, limistéir pháirceála, bóithre agus iarnróid, ní ábhair imní iad de ghnáth a bhaineann le húsáidí iomaíocha den spás nó le tionchar ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, ba cheart do na suiteálacha sin a bheith in ann tairbhiú de nósanna imeachta níos giorra um dheonú ceadanna agus a bheith díolmhaithe ón oibleagáid measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol a dhéanamh de bhun Threoir 2011/92/AE, agus ag an am céanna ligean do na Ballstáit imthosca sonracha a bhaineann le cosaint oidhreachta cultúrtha nó stairiúla, leasanna cosanta náisiúnta, nó cúiseanna sábháilteachta a chur san áireamh. Le suiteálacha féintomhaltais leictreachais, lena n-áirítear iad sin le haghaidh féintomhaltóirí comhchoiteanna, amhail pobail fuinnimh áitiúla, rannchuidítear freisin leis an éileamh foriomlán ar ghás nádúrtha a laghdú, le hathléimneacht an chórais a mhéadú agus le spriocanna fuinnimh in-athnuaite an Aontais a bhaint amach. Ní dócha go mbeidh éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar an gcomhshaol ná ar an eangach ag suiteáil trealaimh grianfhuinnimh ag a bhfuil toilleadh faoi bhun 100 kW, lena n-áirítear suiteálacha d’fhéintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite, agus ní cúis imní é maidir leis an tsábháilteacht. Ina theannta sin, de ghnáth ní bhíonn méadú acmhainneachta de dhíth ar shuiteálacha beaga féintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite ag an bpointe nasctha eangaí. I bhfianaise na n-éifeachtaí dearfacha láithreacha a bhaineann le suiteálacha den sórt sin do thomhaltóirí agus i bhfianaise an tionchair theoranta a bhféadfadh a bheith acu ar an gcomhshaol, is iomchuí an nós imeachta um dheonú ceadanna is infheidhme maidir leo a chuíchóiriú a thuilleadh ar choinníoll nach sáraíonn siad an acmhainneacht atá ag an nasc leis an eangach dáileacháin cheana, trí choincheap an tosta dhearfaigh riaracháin a thabhairt isteach sna nósanna imeachta ábhartha um dheonú ceadanna chun imscaradh na suiteálacha sin a chur chun cinn agus dlús a chur leis an imscaradh sin agus chun bheith in ann leas a bhaint as na tairbhí a bhaineann leis na suiteálacha sin sa ghearrthéarma. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit tairseach níos ísle ná 100 kW a chur i bhfeidhm ar bhonn a srianta inmheánacha, ar choinníoll go bhfanann an tairseach níos airde ná 10,8 kW.

(43)

Tá teicneolaíocht teaschaidéil ríthábhachtach chun téamh agus fuarú in-athnuaite a tháirgeadh ó fhuinneamh comhthimpeallach, lena n-áirítear ó ghléasraí cóireála fuíolluisce agus ó fhuinneamh geoiteirmeach. Fágann teaschaidéil freisin gur féidir dramhtheas agus dramhfhuacht a úsáid. Trí imscaradh tapa teaschaidéal lena slógtar foinsí fuinnimh in-athnuaite tearcúsáidte amhail fuinneamh comhthimpeallach nó fuinneamh geoiteirmeach, agus dramhtheas ó earnálacha tionsclaíocha agus treasacha, lena n-áirítear lárionaid sonraí, is féidir réiteach téimh in-athnuaite a chur in ionad coirí gáis nádúrtha agus coirí eile atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise, agus éifeachtúlacht fuinnimh á méadú ag an am céanna. Cuirfidh sé sin dlús le laghdú ar úsáid gáis chun téamh a sholáthar, i bhfoirgnimh agus sa tionsclaíocht. Chun dlús a chur le suiteáil agus úsáid teaschaidéal, is iomchuí nósanna imeachta um dheonú ceadanna atá spriocdhírithe agus níos giorra a thabhairt isteach le haghaidh suiteálacha den sórt sin, lena n-áirítear nós imeachta simplithe um dheonú ceadanna chun teaschaidéil níos lú a nascadh leis an eangach leictreachais i gcás nach bhfuil aon chúis imní maidir leis an tsábháilteacht ann, nach bhfuil tuilleadh oibreacha de dhíth le haghaidh naisc leis an eangach agus nach bhfuil aon neamh-chomhoiriúnacht theicniúil idir comhpháirteanna an chórais ann, ach amháin i gcás nach gceanglaítear nós imeachta um dheonú ceadanna den sórt sin faoin dlí náisiúnta. A bhuí le suiteáil teaschaidéal atá níos tapúla agus níos éasca, tá sé beartaithe le húsáid mhéadaithe fuinnimh in-athnuaite in earnáil an téimh, arb í is cúis le leath de thomhaltas fuinnimh an Aontais, rannchuidiú le slándáil an tsoláthair agus cuidiú le dul i ngleic le staid níos deacra sa mhargadh.

(44)

Chun críocha dhlí comhshaoil ábhartha an Aontais, sna measúnuithe de réir an cháis is gá chun a fháil amach an bhfuil leas sáraitheach poiblí ag baint le gléasra fuinnimh in-athnuaite, le nascadh an ghléasra sin leis an eangach, leis an eangach ghaolmhar féin nó leis na sócmhainní stórála i gcás ar leith, ba cheart do na Ballstáit a thoimhdiú go bhfuil leas sáraitheach poiblí ag baint leis na gléasraí fuinnimh in-athnuaite sin agus ag a mbonneagar gaolmhar agus gur chun leas na sláinte poiblí agus sábháilteachta poiblí atá siad, ach amháin i gcás ina bhfuil fianaise shoiléir ann go bhfuil éifeachtaí díobhálacha suntasacha ag na tionscadail sin ar an gcomhshaol nach féidir a mhaolú nó a chúiteamh, nó i gcás ina gcinneann na Ballstáit cur i bhfeidhm na toimhde sin a shrianadh in imthosca a bhfuil údar cuí leo agus i gcúinsí sonracha, amhail cúiseanna a bhaineann leis an gcosaint náisiúnta. Trína mheas go bhfuil leas poiblí sáraitheach ag baint le gléasraí fuinnimh in-athnuaite den sórt sin agus gur chun leas na sláinte poiblí agus na sábháilteachta poiblí atá siad, bheadh na tionscadail sin in ann tairbhiú de mheasúnú simplithe.

(45)

Chun a áirithiú go gcuirtear chun feidhme na forálacha a leagtar síos sa Treoir seo ar bhealach rianúil agus éifeachtach, tacaíonn an Coimisiún leis na Ballstáit trí bhíthin na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), lena soláthraítear saineolas teicniúil saincheaptha chun athchóirithe a cheapadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear na hathchóirithe sin lena méadaítear úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, lena gcothaítear comhtháthú córas fuinnimh ar bhealach níos fearr, lena sainaithnítear limistéir shonracha atá an-oiriúnach go deo do shuiteáil gléasraí fuinnimh in-athnuaite a tháirgeadh, agus lena ndéantar an creat maidir le húdarú agus nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite a chuíchóiriú. Maidir leis an tacaíocht theicniúil, mar shampla, baineann sí leis an acmhainneacht riaracháin a neartú, na creataí reachtacha a chomhchuibhiú, agus dea-chleachtais a chomhroinnt ábhartha amhail ilúsáidí a chumasú agus tús áite a thabhairt dóibh.

(46)

Ní mór bonneagar fuinnimh a bheith i bhfeidhm chun tacú le méadú suntasach ar ghiniúint fuinnimh in-athnuaite. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann limistéir bhonneagair thiomnaithe a ainmniú i gcás nach meastar go mbeidh tionchar suntasach ar an gcomhshaol ag imscaradh tionscadal eangaí nó stórála atá riachtanach chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais, i gcás inar féidir tionchar den sórt sin a mhaolú go cuí nó, i gcás nach féidir, é a chúiteamh. D’fhéadfadh tionscadail bhonneagair i limistéir den sórt sin tairbhiú de mheasúnuithe comhshaoil níos cuíchóirithe. Má chinneann na Ballstáit gan limistéir den sórt sin a ainmniú, leanfaidh na measúnuithe agus na rialacha is infheidhme faoi dhlí comhshaoil an Aontais de bheith infheidhme. Chun limistéir bhonneagair a ainmniú, ba cheart do na Ballstáit plean amháin nó níos mó a ullmhú, lena n-áirítear trí bhíthin reachtaíocht náisiúnta, lena gcuimsítear sainaithint na limistéar agus na rialacha agus bearta maolaithe is infheidhme le haghaidh tionscadail atá lonnaithe i ngach limistéar bonneagair. Ba cheart a léiriú go soiléir sna pleananna raon feidhme an limistéir thiomnaithe agus cineál na dtionscadal bonneagair a chumhdaítear. Ba cheart gach plean a bheith faoi réir measúnú comhshaoil de bhun Threoir 2001/42/CE chun measúnú a dhéanamh ar thionchar gach cineáil tionscadail ar na limistéir ábhartha ainmnithe. Le tionscadail eangacha i limistéir bhonneagair thiomnaithe den sórt sin, ba cheart go seachnófaí a mhéid is féidir láithreáin Natura 2000 agus limistéir arna n-ainmniú faoi scéimeanna cosanta náisiúnta chun an dúlra agus an bhithéagsúlacht a chaomhnú, mura rud é, i ngeall ar shainiúlachtaí na dtionscadal eangaí, nach bhfuil aon roghanna malartacha comhréireacha ann ar thionscadail den sórt sin a imscaradh. Agus measúnú á dhéanamh ar chomhréireacht, ba cheart do na Ballstáit aird a thabhairt ar an ngá atá le hinmharthanacht eacnamaíoch, indéantacht agus cur chun feidhme éifeachtach agus luathaithe an tionscadail a áirithiú d’fhonn a áirithiú gur féidir acmhainneacht bhreise giniúna an fhuinnimh in-athnuaite a imscartar a chomhtháthú go pras sa chóras fuinnimh, nó an ann do thionscadail bhonneagair de chineálacha éagsúla cheana i láithreán sonrach Natura 2000 nó i limistéar sonrach faoi chosaint, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí tionscadail bhonneagair éagsúla a chuachadh i láithreán a mbeadh tionchar comhshaoil níos ísle mar thoradh air.

Ba cheart láithreáin Natura 2000 a eisiamh i gcónaí i bpleananna tiomnaithe do thionscadail stórála ós rud é go bhfuil níos lú srianta ann maidir leis an áit chun iad a chur. I limistéir den sórt sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann, faoi chúinsí a bhfuil údar cuí leo lena n-áirítear i gcás inar gá sin chun dlús a chur le leathnú na heangaí chun tacú le himscaradh fuinnimh in-athnuaite chun na spriocanna aeráide agus fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach, díolúintí a thabhairt isteach ó oibleagáidí measúnaithe áirithe dá bhforáiltear i ndlí comhshaoil an Aontais faoi choinníollacha áirithe. Má chinneann na Ballstáit úsáid a bhaint as díolúintí den sórt sin, ba cheart na tionscadail shonracha a bheith faoi réir próiseas scagtha cuíchóirithe atá cosúil leis an bpróiseas scagtha dá bhforáiltear le haghaidh limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite, agus ba cheart an próiseas sin a bheith bunaithe ar shonraí atá ann cheana. Maidir le hiarrataí ón údarás inniúil chun faisnéis bhreise atá ar fáil a sholáthar, níor cheart go dteastódh measúnú nua ná bailiú sonraí nua ina leith. Má shainaithnítear i bpróiseas scagtha den sórt sin tionscadail ar rídhócha go mbeidh éifeachtaí díobhálacha suntasacha gan choinne mar thoradh orthu, ba cheart don údarás inniúil a áirithiú go gcuirfear bearta maolaithe iomchuí agus comhréireacha, nó mura mbeidh siad ar fáil, bearta cúitimh i bhfeidhm. I gcás bearta cúitimh, is féidir forbairt an tionscadail a shaothrú agus bearta cúitimh á sainaithint.

(47)

Cuireann an líon neamhleor oibrithe oilte, go háirithe suiteálaithe agus dearthóirí córais téimh agus fuaraithe in-athnuaite, moill ar chórais atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite a chur in ionad córais téimh ina n-úsáidtear breoslaí iontaise, agus is bacainn shuntasach an líon neamhleor sin ar fhuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú i bhfoirgnimh, sa tionsclaíocht agus sa talmhaíocht. Ba cheart do Bhallstáit oibriú i gcomhar le comhpháirtithe sóisialta agus le comhphobail fuinnimh in-athnuaite chun na scileanna a bheidh de dhíth a réamh-mheas. Ba cheart líon leordhóthanach straitéisí éifeachtacha uas-scilithe agus athscilithe agus clár oiliúna agus deiseanna deimhniúcháin ardchaighdeáin a chur ar fáil a áirithíonn suiteáil cheart agus oibriú iontaofa raon leathan córas téimh agus fuaraithe in-athnuaite agus teicneolaíocht stórála, chomh maith le pointí athluchtaithe feithiclí leictreacha, agus ba cheart iad a chur ar fáil agus a dhearadh ar bhealach a mheallfadh rannpháirtíocht i gcláir oiliúna agus i ndeiseanna deimhniúcháin den sórt sin. Ba cheart do Bhallstáit a bhreithniú cé na gníomhaíochtaí ba cheart a dhéanamh chun grúpaí a mhealladh atá faoi thearcionadaíocht faoi láthair sna réimsí gairme i gceist. Ba cheart liosta suiteálaithe oilte agus creidiúnaithe a chur ar fáil go poiblí chun iontaoibh na dtomhaltóirí agus rochtain éasca ar scileanna saincheaptha suiteálaí agus dearthóra a áirithiú, rud a ráthódh suiteáil cheart agus oibriú ceart córas téimh agus fuaraithe in-athnuaite.

(48)

Uirlis fhíorthábhachtach iad ráthaíochtaí tionscnaimh mar fhaisnéis do thomhaltóirí agus chun glacadh comhaontuithe ceannacháin fuinnimh in-athnuaite a fhairsingiú. Ba cheart a áirithiú, dá bhrí sin, gur féidir eisiúint, trádáil, aistriú agus úsáid ráthaíochtaí tionscnaimh a dhéanamh i gcóras aonfhoirmeach le deimhnithe caighdeánaithe iomchuí a aithnítear go frithpháirteach ar fud an Aontais. Ina theannta sin, chun rochtain a thabhairt ar fhianaise thacaíochta iomchuí do dhaoine a bhfuil comhaontuithe ceannacháin fuinnimh in-athnuaite á dtabhairt i gcrích acu, ba cheart a áirithiú gur féidir aon ráthaíochtaí tionscnaimh gaolmhara a aistriú chuig an gceannaitheoir. I gcomhthéacs córas fuinnimh níos solúbtha agus éilimh tomhaltóirí atá ag méadú, iarrtar go mbeadh uirlis níos nuálaí, níos digití, níos forbartha ó thaobh na teicneolaíochta de agus níos iontaofa ann chun tacú le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite atá ag méadú agus chun doiciméadú a dhéanamh air. Chun an nuálaíocht dhigiteach a éascú sa réimse sin, ba cheart do na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, eisiúint ráthaíochtaí tionscnaimh a chumasú i gcodáin agus níos gaire do stampa ama fíor-ama. I bhfianaise an ghá atá ann cumhachtú tomhaltóirí a fheabhsú agus rannchuidiú le sciar níos airde d’fhuinneamh in-athnuaite sa soláthar gáis, ba cheart do na Ballstáit a cheangal ar sholáthróirí gáis gréasáin a nochtann a meascán fuinnimh do thomhaltóirí deiridh, ráthaíochtaí tionscnaimh a úsáid.

(49)

Ba cheart dlús a chur le forbairt bonneagair le haghaidh gréasáin téimh agus fuaraithe ceantair agus ba cheart an fhorbairt sin a threorú chun leas a bhaint as raon níos leithne foinsí in-athnuaite téimh agus fuaraithe ar bhealach éifeachtúil agus solúbtha chun imscaradh fuinnimh in-athnuaite a mhéadú agus chun comhtháthú an chórais fuinnimh a dhoimhniú. Is iomchuí, dá bhrí sin, liosta na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite a thabhairt cothrom le dáta ar foinsí iad ar cheart do ghréasáin téimh agus fuaraithe ceantair iad féin a chur in oiriúint dá n-úsáid de réir a chéile agus a éileamh go ndéanfar stóráil fuinnimh theirmigh a chomhtháthú mar fhoinse lena mbainfidh solúbthacht, éifeachtúlacht níos fearr fuinnimh agus oibriú níos costéifeachtaí.

(50)

Ceaptar go mbeidh breis agus 30 milliún feithicil leictreach san Aontas faoi 2030 agus, dá bhrí sin, is gá a áirithiú gur féidir leo rannchuidiú go hiomlán le comhtháthú córais leictreachais in-athnuaite, agus go mbeifear in ann, mar sin, sciartha níos airde de leictreachas in-athnuaite a bhaint amach ar bhealach atá barrmhaith ó thaobh costais de. Ní mór gach leas a bhaint as cumas feithiclí leictreacha chun leictreachas in-athnuaite a ghlacadh nuair atá flúirse ann agus é a thabhairt ar ais don eangach nuair atá ganntanas ann, lena rannchuidítear le comhtháthú córais an leictreachais in-athnuaite athraithigh, agus soláthar slán iontaofa leictreachais á áirithiú ag an am céanna. Is iomchuí, dá bhrí sin, bearta sonracha a thabhairt isteach maidir le feithiclí leictreacha agus faisnéis faoi fhuinneamh in-athnuaite agus faoin dóigh agus faoin am le teacht air a dhéanann comhlánú ar na cinn i Rialacháin (AE) 2023/1804 (22) agus (AE) 2023/1542 (23) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(51)

Le Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) agus Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), ceanglaítear ar na Ballstáit rannpháirtíocht na freagartha don éileamh a cheadú agus a chothú trí chomhiomlánú, chomh maith le foráil a dhéanamh maidir le conarthaí praghsála dinimiciúla leictreachais do chustaiméirí deiridh i gcás inarb infheidhme. Chun ligean don fhreagairt don éileamh dreasachtaí breise a sholáthar ar bhealach níos fusa chun leictreachas glas a ionsú, ní mór í a bheith bunaithe ní hamháin ar phraghsanna dinimiciúla ach freisin ar chomharthaí faoi dhul i bhfód iarbhír an leictreachais ghlais sa chóras. Is gá, dá bhrí sin, feabhas a chur ar na comharthaí a fhaigheann tomhaltóirí agus rannpháirtithe sa mhargadh maidir leis an sciar de leictreachas in-athnuaite agus maidir le déine astaíochtaí gás ceaptha teasa an leictreachais a sholáthraítear, trí fhaisnéis thiomnaithe a scaipeadh. Is féidir patrúin tomhaltais a choigeartú ansin ar bhonn treá fuinnimh in-athnuaite agus ar bhonn leictreachas gan charbón a bheith ann, in éineacht le coigeartú arna dhéanamh ar bhonn comharthaí praghais. Leis sin, tacaítear a thuilleadh leis an gcuspóir samhlacha nuálacha gnó agus réitigh dhigiteacha a imscaradh, a mbeadh sé d’acmhainn acu tomhaltas a nascadh le leibhéal an fhuinnimh in-athnuaite san eangach leictreachais agus, mar sin, dreasachtaí a sholáthar le haghaidh na n-infheistíochtaí cearta sa ghréasán chun bonn a chur faoin aistriú chuig fuinneamh glan.

(52)

Chun seirbhísí solúbthachta agus cothromúcháin ó chomhbhailiú na sócmhainní stórála dáilte a fhorbairt ar bhealach iomaíoch, ba cheart rochtain fíor-ama ar fhaisnéis bhunúsach faoi cheallraí, amhail staid sláinte, staid luchta, toilleadh agus pointe socraithe cumhachta, a sholáthar faoi théarmaí neamh-idirdhealaitheacha, i gcomhréir leis na rialacha ábhartha maidir le cosaint sonraí, agus saor in aisce d’úinéirí nó d’úsáideoirí na gceallraí agus do na heintitis atá ag gníomhú thar a gceann, amhail bainisteoirí córais fuinnimh i bhfoirgnimh, soláthraithe seirbhísí soghluaisteachta agus rannpháirtithe eile sa mhargadh leictreachais. Is iomchuí, dá bhrí sin, bearta a thabhairt isteach a thugann aghaidh ar an ngá le rochtain ar shonraí den sórt sin chun éascú a dhéanamh ar oibríochtaí ceallraí baile agus feithiclí leictreacha a bhaineann le comhtháthú, ar bearta iad a chomhlánaíonn na forálacha maidir le rochtain ar shonraí ceallraí a bhaineann le hathrú cuspóra ceallraí a éascú a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/1542. Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le rochtain ar shonraí ceallraí feithiclí leictreacha i dteannta aon fhorálacha a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir leis an gcineálcheadú feithiclí.

(53)

Mar gheall go bhfuil an líon feithiclí leictreacha ar bóthar, ar iarnród, ar muir agus i modhanna eile iompair ag méadú, beidh gá le hoibríochtaí athluchtaithe a bharrfheabhsú agus a bhainistiú ar bhealach nach gcruthaíonn plódú agus lena mbaintear an leas is mó is féidir as infhaighteacht leictreachais in-athnuaite agus praghsanna ísle leictreachais sa chóras. I gcás ina dtabharfadh athluchtú cliste agus déthreoch cúnamh do fhlíteanna feithiclí leictreacha dul i bhfód breise a dhéanamh ó thaobh leictreachas in-athnuaite de in earnáil an iompair agus sa chóras leictreachais i gcoitinne, ba cheart feidhmiúlacht den sórt sin a chur ar fáil freisin. I bhfianaise shaolré fhada pointí athluchtaithe, ba cheart ceanglais a bhaineann le bonneagar athluchtaithe a choimeád cothrom le dáta ar bhealach a d’fhreastalódh ar riachtanais a bheidh ann amach anseo agus ar bhealach nach mbeadh éifeachtaí glasála diúltacha aige ar fhorbairt teicneolaíochta agus seirbhísí.

(54)

Pointí athluchtaithe áit a mbíonn feithiclí leictreacha páirceáilte de ghnáth ar feadh tréimhsí fada ama, amhail áit a mbíonn daoine páirceáilte ar chúiseanna cónaithe nó fostaíochta, is pointí iad sin atá an-ábhartha do chomhtháthú an chórais fuinnimh. Dá bhrí sin, is gá feidhmiúlachtaí athluchtaithe chliste agus, i gcás inarb iomchuí, dhéthreoch a áirithiú. I ndáil leis sin, tá tábhacht faoi leith ag baint le hoibriú gnáthbhonneagair athluchtaithe nach bhfuil ar fáil don phobal, tábhacht faoi leith ó thaobh feithiclí leictreacha a chomhtháthú sa chóras leictreachais toisc é a bheith lonnaithe áit a mbíonn feithiclí leictreacha páirceáilte arís agus arís eile ar feadh tréimhsí fada ama, amhail i bhfoirgnimh ar a bhfuil rochtain theoranta, i bpáirceáil d’fhostaithe nó i saoráidí páirceála a ligtear ar cíos do dhaoine nádúrtha nó do dhaoine dlítheanacha.

(55)

Tá an fhreagairt don éileamh ríthábhachtach chun athluchtú cliste feithiclí leictreacha a chumasú agus, ar an gcaoi sin, comhtháthú éifeachtúil feithiclí leictreacha san eangach leictreachais a chumasú, rud a bheidh ríthábhachtach don phróiseas chun an t-iompar a dhícharbónú agus chun comhtháthú an chórais fuinnimh a éascú. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit tionscnaimh a spreagadh, i gcás inarb ábhartha, ar tionscnaimh iad lena ndéantar freagairt don éileamh a chur chun cinn trí idir-inoibritheacht agus malartú sonraí do chórais téimh agus fuaraithe, d’aonaid stórála fuinnimh theirmigh agus d’fheistí ábhartha eile a bhaineann le fuinneamh.

(56)

Ba cheart é a bheith de cheart ag úsáideoirí feithiclí leictreacha a dhéanann comhaontuithe conarthacha le soláthraithe seirbhísí leictrea-shoghluaisteachta agus le rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais faisnéis agus míniúcháin a fháil ar an difear a dhéanfaidh téarmaí an chomhaontaithe d’úsáid a bhfeithicle agus do staid sláinte a ceallra. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí leictrea-shoghluaisteachta agus rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais míniú soiléir a thabhairt d’úsáideoirí feithiclí leictreacha faoin dóigh a n-íocfar iad as na seirbhísí solúbthachta, cothromúcháin agus stórála a sholáthrófar don chóras leictreachais agus don mhargadh leictreachais a bhuí le húsáid a bhfeithicle leictrí. Is gá freisin cearta tomhaltóirí úsáideoirí feithiclí leictreacha a chosaint nuair a dhéanann siad comhaontuithe den sórt sin, go háirithe maidir le cosaint a sonraí pearsanta amhail suíomh agus nósanna tiomána, i dtaca le húsáid a bhfeithicle. Is féidir rogha úsáideoirí feithiclí leictreacha maidir leis an gcineál leictreachais a cheannaítear lena úsáid ina bhfeithicil leictreach, chomh maith le roghanna eile, a bheith san áireamh i gcomhaontuithe den sórt sin. Ar na cúiseanna sin, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbaintear an úsáid is éifeachtaí is féidir as an mbonneagar athluchtaithe a imscartar. Chun feabhas a chur ar mhuinín na dtomhaltóirí sa leictrea-shoghluaisteacht, tá sé bunriachtanach gur féidir le húsáideoirí feithiclí leictreacha a síntiús a úsáid ag pointí athluchtaithe éagsúla. Cuirfidh sé sin ar chumas an tsoláthraí seirbhíse atá ag an úsáideoir leictreach a rogha an fheithicil leictreach a chomhtháthú ar an mbealach is fearr sa chóras leictreachais, trí phleanáil intuartha agus dreasachtaí ar bhonn roghanna úsáideoirí na feithicle leictrí. Tá sé sin i gcomhréir freisin le prionsabail córais fuinnimh atá dírithe ar thomhaltóirí agus atá bunaithe ar tháirgeoirí is tomhaltóirí, agus ar an gceart soláthróirí atá ag úsáideoirí feithiclí leictreacha a roghnú mar chustaiméirí deiridh de réir fhorálacha Threoir (AE) 2019/944.

(57)

D’fhéadfadh sócmhainní stórála dáilte, amhail ceallraí baile agus ceallraí feithiclí leictreacha, go leor seirbhísí solúbthachta agus cothromúcháin a chur ar fáil don eangach trí chomhiomlánú. Chun forbairt feistí agus seirbhísí den sórt sin a éascú, ba cheart na forálacha rialála a bhaineann le nascadh agus oibriú na sócmhainní stórála, amhail taraifí, amanna gealltanais agus sonraíochtaí nasctha, a dhearadh ar bhealach nach gcuireann isteach ar acmhainneacht na sócmhainní stórála go léir, lena n-áirítear cinn bheaga agus shoghluaiste agus feistí eile, mar shampla, teaschaidéil, painéil ghréine agus stóráil theirmeach, chun seirbhísí solúbthachta agus cothromúcháin a chur ar fáil don chóras agus chun cur le dul i bhfód breise leictreachais in-athnuaite, i gcomparáid le sócmhainní stórála do-aistrithe níos mó. De bhreis ar na forálacha ginearálta lena gcoisctear idirdhealú sa mhargadh a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/943 agus i dTreoir (AE) 2019/944, ba cheart ceanglais shonracha a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt go hiomlánaíoch ar rannpháirtíocht na sócmhainní sin agus chun deireadh a chur le haon bhacainní atá fós ann maidir le hacmhainneacht sócmhainní den sórt sin a scaoileadh chun cuidiú le dícharbónú an chórais leictreachais agus le cumhacht a thabhairt do thomhaltóirí a bheith rannpháirteach go gníomhach san aistriú fuinnimh.

(58)

Mar phrionsabal ginearálta, ba cheart do na Ballstáit cothrom iomaíochta a áirithiú do chórais bheaga dhíláraithe giniúna agus stórála leictreachais, lena n-áirítear trí cheallraí agus feithiclí leictreacha, ionas go bhfuil siad in ann a bheith rannpháirteach sna margaí leictreachais, lena n-áirítear bainistiú ar phlódú agus soláthar seirbhísí solúbthachta agus cothromúcháin ar bhealach neamh-idirdhealaitheach i gcomparáid le córais eile giniúna agus stórála leictreachais, agus gan ualach riaracháin ná rialála díréireach. Ba cheart do na Ballstáit féintomhaltóirí agus comhphobail fuinnimh in-athnuaite a spreagadh chun a bheith rannpháirteach go gníomhach sna margaí leictreachais sin trí sheirbhísí solúbthachta a sholáthar trí fhreagairt ar éileamh agus trí stóráil lena n-áirítear trí cheallraí agus feithiclí leictreacha.

(59)

Is sa tionsclaíocht a dhéantar 25 % de thomhaltas fuinnimh an Aontais, agus is tomhaltóir mór téimh agus fuaraithe í, téamh agus fuarú atá ag brath 91 % ar bhreoslaí iontaise faoi láthair. Teocht íseal (< 200 °C) atá i gceist le 50 % den éileamh ar théamh agus fuarú, áfach, agus tá roghanna costéifeachtacha fuinnimh in-athnuaite ann dó sin, lena n-áirítear trí leictriú agus úsáid dhíreach an fhuinnimh in-athnuaite. Ina theannta sin, úsáideann an tionsclaíocht foinsí neamh-in-athnuaite mar amhábhair chun táirgí amhail cruach agus ceimiceáin a tháirgeadh. Leis na cinntí maidir le hinfheistíocht tionsclaíochta a dhéantar inniu, cinnfear na próisis tionsclaíochta agus na roghanna fuinnimh ar féidir leis an tionsclaíocht iad a chur san áireamh amach anseo, mar sin tá sé tábhachtach go mbeadh na cinntí infheistíochta sin slán i bhfad na haimsire agus go seachnófaí leo sócmhainní tréigthe a chruthú. Ba cheart, mar sin, tagarmharcanna a chur i bhfeidhm chun dreasachtaí a thabhairt don tionsclaíocht chun athrú a dhéanamh go próisis táirgeachta atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh, ar próisis iad a bhreoslaítear le fuinneamh in-athnuaite agus a n-úsáidtear amhábhair atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh, amhail hidrigin in-athnuaite, lena n-aghaidh freisin. Ba cheart do na Ballstáit leictriú próiseas tionsclaíoch a chur chun cinn nuair is féidir, mar shampla i gcás teas tionsclaíoch ísealteochta. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit cur chun cinn a dhéanamh ar mhodheolaíocht choiteann a úsáid le haghaidh táirgí a lipéadaítear mar tháirgí a táirgeadh go páirteach nó go hiomlán agus úsáid á baint as fuinneamh in-athnuaite nó agus úsáid á baint as breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch mar bhunábhar, agus modheolaíochtaí an Aontais maidir le lipéadú táirgí agus tionscnaimh an Aontais maidir le táirgí inbhuanaithe, ar modheolaíochtaí agus tionscnaimh iad atá ann cheana, á gcur san áireamh. Sheachnódh sé sin cleachtais mheabhlacha agus mhéadódh sé iontaoibh na dtomhaltóirí. Thairis sin, ós rud é gur fearr le tomhaltóirí táirgí a rannchuidíonn le cuspóirí comhshaoil agus athraithe aeráide, spreagfadh sé éileamh margaidh ar na táirgí sin.

(60)

Chun spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise agus ar allmhairí breoslaí iontaise a laghdú, ba cheart don Choimisiún straitéis de chuid an Aontais maidir le hidrigin allmhairithe agus intíre a fhorbairt ar bhonn sonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit.

(61)

Is féidir breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a úsáid chun críoch fuinnimh, ach is féidir iad a úsáid freisin chun críoch neamhfhuinnimh mar bhunábhar nó mar amhábhar i dtionscail amhail tionscal na cruach nó tionscal na gceimiceán. Le húsáid breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch chun an dá chríoch, baintear lánleas astu chun cur in ionad breoslaí iontaise a úsáidtear mar bhunábhar agus chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú i bpróisis tionsclaíochta ar deacair iad a leictriú agus ba cheart, mar sin, iad a chur san áireamh i sprioc a bhaineann le húsáid breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch. Níor cheart é a bheith mar thoradh ar bhearta náisiúnta a thacaíonn le glacadh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch sna hearnálacha tionsclaíochta sin ar deacair iad a leictriú glanmhéadú ar thruailliú mar gheall ar éileamh méadaithe ar ghiniúint leictreachais a shásaítear leis na breoslaí iontaise is mó a dhéanann truailliú, amhail gual, díosal, lignít, móin ola agus scealla ola. Ba cheart tomhaltas hidrigine i bpróisis tionsclaíochta trína dtáirgtear an hidrigin mar sheachtháirge nó trína ndíorthaítear í ó sheachtháirge ar deacair breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a chur ina n-ionad a eisiamh ón sprioc sin. Cumhdaítear hidrigin a thomhlaítear chun breoslaí iompair a tháirgeadh faoi na spriocanna iompair le haghaidh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch.

(62)

I straitéis hidrigine an Aontais, a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Iúil 2020, dar teideal A hydrogen strategy for a climate-neutral Europe [Straitéis hidrigine le go mbeadh an Eoraip aeráidneodrach], aithnítear an ról atá ag gléasraí táirgthe hidrigine atá ann cheana agus atá iarfheistithe chun a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun uaillmhian mhéadaithe aeráide 2030 a bhaint amach. I bhfianaise na straitéise sin, agus faoi chreat an ghlao ar thionscadail arna eagrú faoi Chiste an Aontais don Nuálaíocht, a bunaíodh le hAirteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), tá cinntí infheistíochta glactha ag cuardaitheoirí luatha d’fhonn saoráidí táirgthe hidrigine a bhí ann cheana bunaithe ar theicneolaíocht athchóirithe meatáin ghaile a iarfheistiú agus é mar aidhm leis sin táirgeadh hidrigine a dhícharbónú. Chun an t-ainmneoir a ríomh maidir le cion na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a úsáidtear chun críoch fuinnimh deiridh agus neamhfhuinnimh sa tionsclaíocht, níor cheart hidrigin a chur san áireamh a tháirgtear i saoráidí táirgthe iarfheistithe bunaithe ar theicneolaíocht athchóirithe meatáin ghaile dár foilsíodh cinneadh ón gCoimisiún d’fhonn deontas a dhámhachtain faoin gCiste don Nuálaíocht roimh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo agus lena mbaintear amach meánlaghdú 70 % ar ghás ceaptha teasa ar bhonn bliantúil.

(63)

Ina theannta sin, ba cheart a aithint go bhféadfadh sé go mbeadh dúshláin shonracha ag baint le hathsholáthar hidrigine a tháirgtear ón bpróiseas athchóirithe meatáin ghaile do shaoráidí táirgthe amóinia comhtháite áirithe atá ann cheana. Bheadh gá le saoráidí táirgthe den sórt sin a atógáil, rud a d’éileodh iarracht shuntasach ó na Ballstáit ag brath ar a gcúinsí náisiúnta sonracha agus ar struchtúr a soláthair fuinnimh.

(64)

Chun cuspóir an Aontais a bhaint amach maidir le bheith aeráidneodrach faoi 2050 agus chun tionsclaíocht an Aontais a dhícharbónú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann úsáid foinsí fuinnimh neamh-iontaise agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a chomhcheangal i gcomhthéacs a gcúinsí náisiúnta sonracha agus a meascáin fuinnimh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an sprioc maidir le húsáid breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch in earnáil na tionsclaíochta a laghdú, ar choinníoll go dtomhlaíonn siad sciar teoranta de hidrigin nó dá díorthaigh a tháirgtear ó bhreoslaí iontaise agus go bhfuil siad ar an mbóthar ceart i dtreo an rannchuidithe náisiúnta a mheastar a bheidh acu i gcomhréir leis an bhfoirmle atá in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999.

(65)

Tá an-tábhacht ag baint le huaillmhian a mhéadú in earnáil an téimh agus an fhuaraithe chun an sprioc fhoriomlán maidir le fuinneamh in-athnuaite a bhaint amach ós rud é gur téamh agus fuarú a thomhlaíonn thart ar leath fhuinneamh an Aontais, lena gcumhdaítear raon leathan úsáidí deiridh agus teicneolaíochta i bhfoirgnimh, sa tionsclaíocht agus i dtéamh agus fuarú ceantair. Chun dlús a chur leis an méadú ar fhuinneamh in-athnuaite in earnáil an téimh agus an fhuaraithe, ba cheart méadú bliantúil íosta de phointe céatadáin ar leibhéal na mBallstát a bheith ina cheangal ar gach Ballstát. An meánmhéadú ceangailteach bliantúil íosta de 0,8 pointe céatadáin idir 2021 agus 2025, agus 1,1 pointe céatadáin idir 2026 agus 2030 i dtéamh agus fuarú is infheidhme maidir leis na Ballstáit uile, ba cheart iad a chomhlánú le méaduithe táscacha breise nó rátaí breisithe a ríomhtar go sonrach do gach Ballstát chun meánmhéadú de 1,8 pointe céatadáin ar leibhéal an Aontais a bhaint amach. Is é is aidhm do na méaduithe táscacha breise sin atá sonrach do na Ballstáit nó breisithe táscacha breise sin atá sonrach do na Ballstáit na hiarrachtaí breise is gá a athdháileadh chun an leibhéal inmhianaithe fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach in 2030 i measc na mBallstát ar bhonn na holltáirgeachta intíre agus na cost-éifeachtúlachta agus chun treoir a thabhairt do na Ballstáit maidir le leibhéal leordhóthanach fuinnimh in-athnuaite a d’fhéadfadh a bheith ann chun leas a bhaint as san earnáil sin. Ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, measúnú a dhéanamh ar a n-acmhainneacht fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in earnáil an téimh agus an fhuaraithe agus ar úsáid ionchasach dramhtheasa agus dramhfhuachta. Ba cheart do na Ballstáit dhá bheart nó níos mó a chur chun feidhme ó liosta na mbeart chun an sciar d’fhuinneamh in-athnuaite i dtéamh agus fuarú a mhéadú. Agus na bearta sin á nglacadh agus á gcur chun feidhme acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na bearta sin inrochtana do gach tomhaltóir, go háirithe na tomhaltóirí sin atá ina gcónaí i dteaghlaigh ar ioncam íseal nó i dteaghlaigh leochaileacha.

(66)

Chun a áirithiú go ngabhann faisnéis níos fearr do thomhaltóirí le tábhacht mhéadaithe an téimh agus fuaraithe ceantair, is iomchuí an trédhearcacht a shoiléiriú agus a neartú a mhéid a bhaineann leis an sciar d’fhuinnimh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh na gcóras téimh agus fuaraithe ceantair.

(67)

Córais téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil atá nua-aimseartha agus bunaithe ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, tá acmhainneacht léirithe acu chun réitigh chostéifeachtacha a sholáthar chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú, éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus an córas fuinnimh a chomhtháthú, rud a éascóidh ag an am céanna dícharbónú foriomlán earnáil an téimh agus an fhuaraithe. Chun a áirithiú go mbaintear leas as an acmhainneacht sin, ba cheart an méadú bliantúil ar fhuinneamh in-athnuaite nó dramhtheas agus dramhfhuacht i dtéamh agus fuarú ceantair a ardú ó 1 phointe céatadáin go 2,2 pointe céatadáin gan cineál táscach an mhéadaithe sin a athrú, rud a léiríonn forbairt mhíchothrom an chineáil gréasáin sin ar fud an Aontais.

(68)

Chun léiriú a dhéanamh ar an tábhacht mhéadaithe a bhaineann le téamh agus fuarú ceantair agus ar an ngá atá ann le forbairt na ngréasán sin a stiúradh chun níos mó fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú, is iomchuí oibreoirí córas téimh nó fuaraithe ceantair a spreagadh chun soláthróirí tríú páirtí d’fhuinneamh in-athnuaite agus de dhramhtheas agus dramhfhuacht a nascadh le córais gréasán téimh nó fuaraithe ceantair atá os cionn 25 MW.

(69)

Cuireann córais téimh agus fuaraithe, go háirithe córais téimh agus fuaraithe ceantair, le cothromú na heangaí leictreachais níos mó ná riamh trí éileamh breise a chur ar fáil ar leictreachas in-athnuaite athraitheach, amhail an ghaoth agus an ghrian, nuair a bhíonn leictreachas in-athnuaite den sórt sin flúirseach agus saor agus nuair a bheadh sé ciorraithe murach sin. Is féidir cothromú den sórt sin a bhaint amach trí úsáid a bhaint as gineadóirí teasa agus fuachta a thiomáintear le leictreachas, amhail teaschaidéil, go háirithe nuair a bhíonn na gineadóirí teasa agus fuachta sin cúpláilte le mórstóráil theirmeach, go háirithe i dtéamh agus fuarú ceantair nó i dtéamh aonair, i gcás nach bhfuil barainneachtaí scála agus éifeachtúlachtaí ar leibhéal an chórais ar fáil maidir le téamh agus fuarú ceantair. Gabhann dhá thairbhe le teaschaidéil, is í an chéad cheann éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú ar bhealach suntasach, rud a spárálann méid suntasach fuinnimh agus costais ar thomhaltóirí, agus is í an dara ceann fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú trí úsáid níos fearr a bhaint as fuinneamh geoiteirmeach agus comhthimpeallach. Chun tuilleadh dreasachtaí a chur ar fáil maidir le húsáid leictreachais in-athnuaite le haghaidh téamh agus fuarú agus stóráil teasa, trí theaschaidéil go háirithe a imscaradh, is iomchuí cead a thabhairt do na Ballstáit leictreachas in-athnuaite lena dtiomáintear na gineadóirí teasa agus fuachta sin, lena n-áirítear teaschaidéil, a áireamh faoi chomhair an mhéadaithe bhliantúil cheangailtigh tháscaigh ar fhuinneamh in-athnuaite ar an téamh agus fuarú agus ar théamh agus fuarú ceantair.

(70)

In ainneoin é a bheith ar fáil go forleathan, ní bhaintear ach tearcúsáid as dramhtheas agus dramhfhuacht, rud is cúis le cur amú acmhainní, éifeachtúlacht fuinnimh níos ísle i gcórais náisiúnta fuinnimh agus tomhaltas fuinnimh níos airde ná mar is gá san Aontas. Ar choinníoll go soláthraítear é ó théamh agus fuarú ceantair éifeachtúil, is iomchuí a lamháil go ndéanfaí dramhtheas agus dramhfhuacht a áireamh faoi chomhair chomhlíonadh páirteach na spriocanna le haghaidh fuinneamh in-athnuaite i bhfoirgnimh, sa tionsclaíocht, i dtéamh agus fuarú agus faoi chomhair chomhlíonadh iomlán na spriocanna le haghaidh téamh agus fuarú ceantair. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí leas a bhaint as sineirgí idir fuinneamh in-athnuaite agus dramhtheas agus dramhfhuacht i ngréasáin téimh agus fuaraithe ceantair tríd an réasúnaíocht eacnamaíoch a mhéadú maidir le hinfheistíocht a dhéanamh i nuachóiriú agus forbairt na ngréasán sin. Níor cheart é a bheith inghlactha dramhtheas a áireamh go sonrach sa tagarmharc fuinnimh in-athnuaite thionsclaíoch ach amháin a mhéid a bhaineann le dramhtheas nó dramhfhuacht arna sheachadadh trí oibreoir téimh agus fuaraithe ceantair ó láithreán eile nó foirgneamh tionsclaíoch eile, á áirithiú ar an gcaoi sin gurb é príomhghníomhaíocht oibreoirí den sórt sin teas nó fuacht a sholáthar agus go ndéantar idirdhealú soiléir idir an dramhtheas a áirítear agus an dramhtheas inmheánach arna aisghabháil laistigh den fhiontar céanna nó de na foirgnimh chéanna nó san fhiontar gaolmhar nó sna foirgnimh ghaolmhara.

(71)

Chun a áirithiú go mbíonn téamh agus fuarú ceantair rannpháirteach go hiomlán i gcomhtháthú earnáil an fhuinnimh, is gá an comhar le hoibreoirí córas dáileacháin leictreachais a leathnú chun oibreoirí córas tarchurtha leictreachais a chumhdach agus chun raon feidhme an chomhair a leathnú go pleanáil infheistíochtaí eangaí agus margaí chun úsáid níos fearr a bhaint as acmhainneacht téimh agus fuaraithe ceantair ó thaobh seirbhísí solúbthachta a sholáthar i margaí leictreachais. Ba cheart deiseanna a bheith ann le haghaidh comhar breise le hoibreoirí gréasán gáis, lena n-áirítear gréasáin hidrigine agus gréasáin eile fuinnimh, chun comhtháthú níos leithne sna hiompróirí fuinnimh agus an úsáid is costéifeachtaí a áirithiú. Thairis sin, d’fhéadfadh ceanglais le haghaidh comhordú níos dlúithe idir oibreoirí téimh agus fuaraithe ceantair, earnálacha tionsclaíochta agus treasacha, agus údaráis áitiúla éascú a dhéanamh ar an idirphlé agus ar an gcomhar atá riachtanach chun leas a bhaint as acmhainneacht chostéifeachtach dramhtheasa agus dramhfhuachta trí chórais téimh agus fuaraithe ceantair.

(72)

Is féidir le húsáid breoslaí in-athnuaite agus leictreachas in-athnuaite in earnáil an iompair cur le dícharbónú earnáil iompair an Aontais ar bhealach costéifeachtach, agus feabhas a chur ar an éagsúlú fuinnimh san earnáil sin, i measc rudaí eile, agus, san am céanna, nuálaíocht, fás eacnamaíoch agus poist a chur chun cinn san Aontas agus an spleáchas ar allmhairí fuinnimh á laghdú san am céanna. D’fhonn an sprioc mhéadaithe le haghaidh laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos le Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach, ba cheart an leibhéal fuinnimh in-athnuaite a sholáthraítear do gach modh iompair san Aontas a mhéadú. Trí chead a thabhairt do na Ballstáit rogha a dhéanamh idir sprioc iompair a shloinntear mar sprioc maidir le laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa nó mar sciar den tomhaltas fuinnimh in-athnuaite, tugtar solúbthacht iomchuí do na Ballstáit chun a mbeartais a dhearadh chun an t-iompar a dhícharbónú. Thairis sin, dá dtabharfaí isteach sprioc chomhcheangailte atá bunaithe ar fhuinneamh do bhithbhreoslaí ardfhorbartha, do bhithghás agus do bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, lena n-áirítear sciar íosta do bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, d’áiritheofaí úsáid mhéadaithe na mbreoslaí in-athnuaite a mbeadh an tionchar is lú acu ar an gcomhshaol i modhanna iompair ar deacair iad a leictriú amhail an t-iompar muirí agus an eitlíocht. Chun tús a chur leis an aistriú breosla san iompar muirí, ba cheart do na Ballstáit a bhfuil calafoirt mhuirí acu féachaint lena áirithiú, amhail ó 2030, gurb é 1,2 % ar a laghad an sciar de bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch sa mhéid iomlán fuinnimh a sholáthraítear d’earnáil an iompair mhuirí. Ba cheart a áirithiú go mbainfí amach na spriocanna sin trí oibleagáidí ar sholáthróirí breosla chomh maith le bearta eile a leagtar síos i Rialacháin (AE) 2023/1805 (27) agus (AE) 2023/2405 (28) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Níor cheart oibleagáidí tiomnaithe ar sholáthróirí breosla eitlíochta a fhorchur ach amháin de bhun Rialachán (AE) 2023/2405 .

(73)

Chun spreagadh a thabhairt do ghlacadh soláthair breoslaí in-athnuaite don earnáil buncaeireachta muirí idirnáisiúnta, earnáil is deacair a dhícharbónú, chun na spriocanna iompair a ríomh, ba cheart breoslaí in-athnuaite a sholáthraítear do bhuncair mhuirí idirnáisiúnta a áireamh sa tomhaltas deiridh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in earnáil an iompair agus, dá réir sin, ba cheart breoslaí a sholáthraítear do bhuncair mhuirí idirnáisiúnta a áireamh i dtomhaltas deiridh foinsí fuinnimh in earnáil an iompair. Mar sin féin, is ionann an t-iompar muirí agus sciar mór den olltomhaltas deiridh fuinnimh i gcás roinnt Ballstát. I bhfianaise na srianta teicneolaíochta agus rialála atá ann faoi láthair agus a chuireann cosc ar úsáid tráchtála bithbhreoslaí in earnáil an iompair mhuirí, is iomchuí, de mhaolú ar an gceanglas an fuinneamh ar fad a sholáthraítear d’earnáil an iompair mhuirí a áireamh, chun spriocanna sonracha iompair a ríomh, cead a thabhairt do na Ballstáit uasteorainn 13 % den olltomhaltas deiridh fuinnimh a chur leis an bhfuinneamh a sholáthraítear d’earnáil an iompair mhuirí. I gcás na mBallstát oileánach, ina bhfuil an t-olltomhaltas deiridh fuinnimh in earnáil an iompair mhuirí ard go díréireach, eadhon níos mó ná aon trian d’olltomhaltas deiridh fuinnimh in earnálacha an bhóthair agus an iarnróid, ba cheart an uasteorainn a bheith cothrom le 5 %. Mar sin féin, chun an sprioc fhoriomlán maidir le fuinneamh in-athnuaite a ríomh, agus saintréithe sonracha buncar muirí idirnáisiúnta á gcur san áireamh, i dtaca le breoslaí a sholáthraítear dóibh, níor cheart iad a áireamh in olltomhaltas deiridh fuinnimh Ballstáit ach amháin má tá siad in-athnuaite.

(74)

Beidh ról fíor-riachtanach ag an leictrea-shoghluaisteacht ó thaobh earnáil an iompair a dhícharbónú. Chun forbairt bhreise na leictrea-shoghluaiseachta a chothú, ba cheart do na Ballstáit sásra creidmheasa a bhunú a chuirfeadh ar a gcumas d’oibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal rannchuidiú leis an oibleagáid a leag Ballstáit ar sholáthróirí breosla a shásamh, trí leictreachas in-athnuaite a sholáthar. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann pointí athluchtaithe príobháideacha a áireamh sa sásra creidmheasa sin, más féidir a léiriú gur d’fheithiclí leictreacha amháin a sholáthraítear an leictreachas in-athnuaite a sholáthraítear do na pointí athluchtaithe príobháideacha sin. Agus tacaíocht á tabhairt don leictreachas in earnáil an iompair trí shásraí creidmheasa den sórt sin, tá sé tábhachtach leanfadh na Ballstáit d’ardleibhéal uaillmhéine a leagan síos i dtaca lena meascán breosla leachtaigh a dhícharbónú, go háirithe in earnálacha iompair ar deacair dícharbónú a dhéanamh iontu, amhail earnálacha an iompair mhuirí agus na heitlíochta, ina bhfuil leictriú díreach i bhfad níos deacra.

(75)

Is féidir breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, lena n-áirítear hidrigin in-athnuaite, a úsáid mar bhunábhar nó mar fhoinse fuinnimh i bpróisis thionsclaíocha agus cheimiceacha san iompar muirí agus san eitlíocht, chun earnálacha a dhícharbónú, arb earnálacha iad nach mbeadh sé indéanta, ó thaobh na teicneolaíochta de, ná iomaíoch, leictriú díreach a dhéanamh orthu. Is féidir iad a úsáid freisin le haghaidh stóráil fuinnimh chun an córas fuinnimh a chothromú, i gcás inar gá, rud a d’fhágfadh go mbeadh ról suntasach acu i gcomhtháthú córas fuinnimh.

(76)

Tá sé d’aidhm ag beartas fuinnimh in-athnuaite an Aontais rannchuidiú le spriocanna an Aontais i dtaca le maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Agus an sprioc sin á saothrú, tá sé fíor-riachtanach rannchuidiú freisin le cuspóirí níos leithne comhshaoil, agus go háirithe le cailliúint na bithéagsúlachta a chosc, rud atá faoi thionchar diúltach mar gheall ar an athrú indíreach ar an talamhúsáid a bhaineann le táirgeadh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise áirithe. Is seanchúram tábhachtach idirghlúine do shaoránaigh an Aontais agus do reachtóirí an Aontais é rannchuidiú leis na cuspóirí aeráide agus comhshaoil sin. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas na breoslaí sin a chur chun cinn i gcainníochtaí lena gcothromaítear an uaillmhian is gá agus an gá atá ann gan rannchuidiú le hathrú díreach agus indíreach ar thalamhúsáid. Leis an mbealach a ríomhtar an sprioc iompair, níor cheart difear a dhéanamh do na teorainneacha a bunaíodh i dtaobh conas a áirítear breoslaí áirithe a tháirgtear ó bharra bia agus beatha ar thaobh amháin agus breoslaí lena ngabhann riosca ard maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid ar an taobh eile faoi chomhair na sprice sin. Ina theannta sin, chun nach gcruthófaí dreasacht chun bithbhreoslaí agus bithghás a tháirgtear ó bharra bia agus beatha a úsáid in earnáil an iompair, agus tionchar an chogaidh i gcoinne na hÚcráine ar sholáthar bia agus beatha á chur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit leanúint de bheith in ann rogha a dhéanamh an áireoidh siad bithbhreoslaí agus bithghás a tháirgtear ó bharra bia agus beatha faoi chomhair na sprice iompair. Mura ndéanfaidh siad iad a áireamh, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rogha a dhéanamh an sprioc fuinneamhbhunaithe a laghdú nó an sprioc maidir le laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa a laghdú, ar an tuiscint go bhfuil laghdú 50 % ann ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le bithbhreoslaí a tháirgtear ó bharra bia agus beatha, rud a chomhfhreagraíonn do na gnáthluachanna a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na gconairí táirgthe is ábhartha i gcás bithbhreoslaí a tháirgtear ó bharra bia agus beatha, chomh maith le híostairseach na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhfuil feidhm aici maidir le formhór na suiteálacha a tháirgeann bithbhreoslaí den sórt sin.

(77)

Chun a áirithiú go laghdóidh úsáid bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise méid méadaitheach astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí indíreacha a d’fhéadfadh a bheith ag cur chun cinn breoslaí den sórt sin, amhail dífhoraoisiú, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar leibhéal an sciar uasta den mheánmhéadú bliantúil ar an limistéar táirgthe domhanda i stoic ardcharbóin bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus eolaíocha, agus spriocanna agus gealltanais aeráide an Aontais á gcur san áireamh, agus ba cheart dó, i gcás inar gá, tairseach nua a mholadh ar bhonn thorthaí a athbhreithnithe. Thairis sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht conair luathaithe a dhearadh chun deireadh a chur de réir a chéile le rannchuidiú breoslaí den sórt sin le spriocanna fuinnimh in-athnuaite chun méid na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a uasmhéadú.

(78)

Trí sprioc an iompair a leagan síos mar sprioc maidir le laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa, is gá foráil a dhéanamh maidir le modheolaíocht lena gcuirtear san áireamh go laghdaíonn cineálacha éagsúla fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite méideanna éagsúla astaíochtaí gás ceaptha teasa agus, dá bhrí sin, go rannchuidíonn siad ar bhealach éagsúil le sprioc ar leith. Ba cheart a mheas go bhfuil astaíochtaí gás ceaptha teasa nialasacha ag leictreachas in-athnuaite, rud a chiallaíonn go laghdaíonn sé astaíochtaí gás ceaptha teasa 100 % i gcomparáid le leictreachas a ghintear as breoslaí iontaise. Cruthóidh sé sin dreasacht chun leictreachas in-athnuaite a úsáid ós rud é nach dócha go mbainfear céatadán chomh hard céanna de laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa amach le breoslaí in-athnuaite agus le breoslaí carbóin athchúrsáilte. Dá bhrí sin, an bealach ab éifeachtúla chun iompar de bhóthar a dhícharbónú ná leictriú atá ag brath ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite. Ina theannta sin, chun úsáid breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a chur chun cinn sna modhanna eitlíochta agus iompair mhuirí, ar modhanna iad atá deacair a leictriú, is iomchuí iolraitheoir a thabhairt isteach do na breoslaí a sholáthraítear sna modhanna iompair sin, agus iad á n-áireamh faoi chomhair na spriocanna sonracha a leagtar amach le haghaidh na mbreoslaí sin.

(79)

Rannchuidíonn leictriú díreach earnálacha críochúsáide, lena n-áirítear earnáil an iompair, le héifeachtúlacht an chórais, agus éascaíonn sé an t-aistriú go córas fuinnimh atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite. Is meán éifeachtach ann féin é, dá bhrí sin, chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Ní gá, dá bhrí sin, creat a chruthú maidir le breisíocht a bhfuil feidhm aige go sonrach maidir le leictreachas in-athnuaite a sholáthraítear d’fheithiclí leictreacha in earnáil an iompair. Ina theannta sin, is féidir le feithiclí grianleictreacha rannchuidiú go mór le dícharbónú earnáil iompair an Aontais.

(80)

Ós rud é gur mar fhuinneamh in-athnuaite atá breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch le háireamh, gan beann ar an earnáil ina dtomhlaítear iad, ba cheart leathnú a dhéanamh ar na rialacha lena gcinntear a nádúr in-athnuaite nuair is ó leictreachas a tháirgtear iad, ar rialacha iad nach raibh feidhm acu ach maidir leis na breoslaí sin nuair a thomhlaítear in earnáil an iompair iad, chun gach breosla in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a chumhdach, gan beann ar an earnáil ina dtomhlaítear iad.

(81)

Tá breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch tábhachtach chun an sciar d’fhuinneamh in-athnuaite a mhéadú in earnálacha a bhfuiltear ag súil go mbeidh siad ag brath ar bhreoslaí gásacha agus leachtacha san fhadtéarma, lena n-áirítear le haghaidh feidhmeanna tionsclaíocha agus in iompar tromshaothair. Faoin 1 Iúil 2028, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar na modheolaíochta lena sainítear cathain is féidir a mheas gur iomlán in-athnuaite é leictreachas a úsáidtear chun breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a tháirgeadh, lena n-áirítear tionchar na breisíochta agus an chomhghaoil ama agus gheografaigh ar chostais táirgthe, ar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus ar an gcóras fuinnimh agus ba cheart dó tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ba cheart measúnú a dhéanamh sa tuarascáil go háirithe ar thionchar na modheolaíochta sin ar infhaighteacht agus inacmhainneacht breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch d’earnálacha na tionsclaíochta agus an iompair agus ar chumas an Aontais a spriocanna maidir le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a bhaint amach, agus straitéis an Aontais maidir le hidrigin allmhairithe agus intíre á cur i gcuntas agus an méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnáil an leictreachais agus sa chóras foriomlán fuinnimh á íoslaghdú. I gcás inarb é conclúid na tuarascála sin nach leor an mhodheolaíocht chun infhaighteacht agus inacmhainneacht leordhóthanach a áirithiú agus nach rannchuidíonn sí go mór le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, le comhtháthú an chórais fuinnimh agus le baint amach spriocanna an Aontais do 2030 maidir le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar mhodheolaíocht an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, gníomh tarmligthe a ghlacadh chun an mhodheolaíocht a leasú chun na coigeartuithe is gá a dhéanamh ar na critéir chun borradh faoi thionscal na hidrigine a éascú.

(82)

Chun éifeachtacht comhshaoil níos airde a áirithiú i dtaobh chritéir an Aontais maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh breoslaí bithmhaise soladaí i suiteálacha a tháirgeann téamh, leictreachas agus fuarú, ba cheart an íostairseach chun critéir den sórt sin a chur i bhfeidhm a ísliú ón tairseach reatha de 20 MW go 7,5 MW.

(83)

Le Treoir (AE) 2018/2001, neartaíodh an creat maidir le hinbhuanaitheacht bithfhuinnimh agus laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa trí chritéir a leagan síos do gach earnáil chríochúsáide. Leagtar amach inti rialacha sonracha le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bhithmhais foraoise, rialacha lenar éilíodh inbhuanaitheacht na n-oibríochtaí buainte agus áireamh astaíochtaí ón athrú ar an talamhúsáid. I gcomhréir leis na cuspóirí maidir leis an mbithéagsúlacht a chaomhnú agus scriosadh gnáthóg a chosc de bhun Threoir 92/43/CEE, Threoir 2000/60/CE, Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29) agus Threoir 2009/147/CE, is gá cosaint fheabhsaithe a bhaint amach do ghnáthóga atá an-bhithéagsúil agus ar mhórán carbóin, amhail foraoisí príomhúla agus seanfháis, foraoisí an-bhithéagsúil, féarthailte, tailte móna agus fraochmhánna. Dá bhrí sin, ba cheart eisiaimh agus teorainneacha maidir le foinsiú bithmhaise foraoise ó na limistéir sin a thabhairt isteach, i gcomhréir leis an gcur chuige maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bhithmhais talmhaíochta, ach amháin i gcás ina ndéantar foráil leis an gcur chuige rioscabhunaithe maidir leis na heisiaimh agus na teorainneacha is gá agus ina soláthraíonn oibreoirí na dearbhuithe is gá. Ina theannta sin, faoi réir idirthréimhsí iomchuí chun críoch slándála infheistíochta, ba cheart feidhm a bheith de réir a chéile freisin ag na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa maidir le suiteálacha bithmhais-bhunaithe atá ann cheana chun a áirithiú gur laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bheidh mar thoradh ar tháirgeadh bithfhuinnimh i ngach suiteáil den sórt sin i gcomparáid le fuinneamh a ghintear as breoslaí iontaise.

(84)

Ba cheart na critéir maidir le hinbhuanaitheacht a bhaineann le baint bithmhaise foraoise a shonrú a thuilleadh, i gcomhréir le prionsabail an bhainistithe inbhuanaithe ar fhoraoisí. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag na sonraíochtaí sin an cur chuige rioscabhunaithe do bhithmhais foraoise a neartú agus a shoiléiriú, agus san am céanna forálacha comhréireacha a chur ar fáil do na Ballstáit lena gceadaítear oiriúnuithe spriocdhírithe a dhéanamh i gcás cleachtais a d’fhéadfadh a bheith iomchuí go háitiúil.

(85)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an úsáid a bhaineann siad as bithmhais foraoise chun fuinneamh a tháirgeadh comhoiriúnach lena n-oibleagáidí de bhun Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30). Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit measúnuithe réamhbhreathnaitheacha a dhéanamh agus na bearta is gá a chur chun feidhme lena gcomhlánaítear a n-oibleagáidí de bhun Rialachán (AE) 2018/1999.

(86)

I bhfianaise chás sonrach na réigiún is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE agus arb iad na saintréithe atá acu in earnáil an fhuinnimh leithlisiú, soláthar teoranta agus spleáchas ar bhreoslaí iontaise, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le síneadh a chur leis an maolú lena gceadaítear do na Ballstáit critéir shonracha a ghlacadh chun a áirithiú go mbeidh siad incháilithe do thacaíocht airgeadais i dtaca le breoslaí bithmhaise áirithe a thomhailt sna réigiúin sin chun bithleachtanna agus bithbhreoslaí a chumhdach freisin. Ba cheart bonn cirt oibiachtúil a bheith le haon chritéir shonracha i ngeall ar neamhspleáchas fuinnimh an réigiúin is forimeallaí lena mbaineann agus ar mhaithe le haistriú rianúil a áirithiú chuig na critéir maidir le hinbhuanaitheacht, na critéir maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa sa réigiún is forimeallaí lena mbaineann i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001.

(87)

Tá an tAontas tiomanta d’inbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta an táirgthe breosla bithmhaise a fheabhsú. Comhlánaíonn an Treoir seo gníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais, go háirithe aon ghníomh reachtach maidir le dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach lena leagtar síos ceanglais díchill chuí sa slabhra luacha maidir le drochthionchar ar chearta an duine nó ar an gcomhshaol.

(88)

Chun an t-ualach riaracháin ar tháirgeoirí breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte agus ar Bhallstáit a laghdú, i gcás ina n-aithníonn an Coimisiún trí ghníomh cur chun feidhme go ndéantar, le scéimeanna deonacha nó náisiúnta, fianaise a thabhairt nó sonraí cruinne a sholáthar maidir le comhlíonadh critéar maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa chomh maith le ceanglais eile a leagtar síos sna forálacha leasaitheacha a leagtar amach sa Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit glacadh le torthaí an deimhnithe a eisítear le scéimeanna den sórt sin faoi raon feidhme aitheantas an Choimisiúin. Chun an t-ualach ar shuiteálacha beaga a laghdú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann sásra fíorúcháin deonach simplithe a bhunú le haghaidh suiteálacha a bhfuil ionchur teirmeach iomlán acu idir 7,5 MW agus 20 MW.

(89)

Chun na rioscaí a mhaolú agus chun cosc níos fearr a chur ar chalaois sna slabhraí soláthair le haghaidh bithfhuinnimh agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, le Treoir (AE) 2018/2001, foráiltear do bhreisithe luachmhara ó thaobh trédhearcachta, inrianaitheachta agus maoirseachta de. Sa chomhthéacs sin, tá sé d’aidhm ag bunachar sonraí an Aontais atá le cur ar bun ag an gCoimisiún rianú breoslaí in-athnuaite leachtacha agus gásacha agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a chumasú. Ba cheart raon feidhme an bhunachair sonraí a leathnú ó iompar chun go gcumhdófaí gach earnáil chríochúsáide eile ina dtomhlaítear breoslaí. Le leathnú den sórt sin, tá sé beartaithe rannchuidiú ríthábhachtach a dhéanamh leis an bhfaireachán cuimsitheach ar tháirgeadh agus ar thomhaltas na mbreoslaí sin, trí mhaolú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le háireamh dúbailte nó neamhrialtachtaí feadh na slabhraí soláthair a chumhdaítear ag bunachar sonraí an Aontais. Ina theannta sin, chun aon riosca a bhaineann le héilimh dhúbailte ar an ngás in-athnuaite céanna a sheachaint, ba cheart ráthaíocht tionscnaimh a eisítear i dtaca le haon choinsíneacht gáis in-athnuaite atá cláraithe sa bhunachar sonraí a chur ar ceal. Ba cheart an bunachar sonraí a chur ar fáil go poiblí ar bhealach oscailte, trédhearcach agus soláimhsithe, agus prionsabail na cosanta sonraí atá príobháideach agus íogair ó thaobh na tráchtála de á n-urramú freisin. Ba cheart don Choimisiún tuarascálacha bliantúla a fhoilsiú faoin bhfaisnéis a thuairiscítear i mbunachar sonraí an Aontais, lena n-áirítear cainníochtaí, tionscnamh geografach agus cineál bunábhair na mbithbhreoslaí, na mbithleachtanna agus na mbreoslaí bithmhaise. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit féachaint le hobair a dhéanamh ar an idirnascacht idir bunachar sonraí an Aontais agus na bunachair sonraí náisiúnta atá ann cheana, lena gcumasaítear aistriú rianúil agus lena gcumasaítear idirchaidreamh na mbunachar sonraí. Mar chomhlánú ar an neartú sin ar thrédhearcacht agus inrianaitheacht coinsíneachtaí aonair amhábhar agus breoslaí sa slabhra soláthair, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 ón gCoimisiún (31), a glacadh le déanaí, cuireadh feabhas ar na ceanglais maidir le hiniúchadh a dhéanamh ar chomhlachtaí deimhniúcháin agus méadaíodh na cumhachtaí maidir le maoirseacht phoiblí, lena n-áirítear an deis a bheith ag údaráis inniúla rochtain a fháil ar dhoiciméid agus ar áitribh oibreoirí eacnamaíocha ina rialuithe maoirseachta. Rinneadh sláine chreat fíorúcháin Threoir (AE) 2018/2001 a neartú go suntasach dá réir sin tríd an iniúchadh a dhéanann comhlachtaí deimhniúcháin agus bunachar sonraí an Aontais a chomhlánú le hacmhainneacht fíorúcháin agus maoirseachta údaráis inniúla na mBallstát. Moltar go láidir go mbainfeadh na Ballstáit leas as an dá fhéidearthacht maidir le maoirseacht phoiblí.

(90)

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit oiriúnú go leanúnach do dhea-chleachtais riaracháin agus gach beart iomchuí a dhéanamh chun cur chun feidhme Threoir (AE) 2018/2001 a shimpliú, agus ar an gcaoi sin costais chomhlíontachta a laghdú do ghníomhaithe lena mbaineann agus do na hearnálacha a ndéantar difear dóibh.

(91)

Ní mór forálacha iomchuí frithchalaoise a leagan síos, go háirithe i ndáil le húsáid amhábhar atá bunaithe ar dhramhaíl nó bithmhaise a shainaithnítear mar riosca ard maidir le hathrú indíreach ar an talamhúsáid. Ós rud é go bhfuil sé bunriachtanach calaois a bhrath agus a chosc chun go seachnófaí iomaíocht éagórach agus dífhoraoisiú rábach, lena n-áirítear i dtríú tíortha, ba cheart inrianaitheacht iomlán agus dheimhnithe na n-amhábhar sin a chur chun feidhme.

(92)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2018/2001 a leasú dá réir.

(93)

Le Rialachán (AE) 2018/1999, déantar roinnt tagairtí don sprioc cheangailteach ar leibhéal an Aontais gur ó fhuinneamh in-athnuaite a thiocfaidh 32 % ar a laghad den sciar d’fhuinneamh in-athnuaite a thomhlaítear san Aontas in 2030. Ós rud é gur gá an sprioc sin a mhéadú chun rannchuidiú go héifeachtach leis an uaillmhian go laghdófaí astaíochtaí gás ceaptha teasa 55 % faoi 2030, ba cheart na tagairtí sin a leasú. Le haon cheanglais phleanála nó tuairiscithe bhreise a leagtar síos, ní chruthófar córas nua pleanála agus tuairiscithe, ach ba cheart do na ceanglais sin a bheith faoi réir an chreata pleanála agus tuairiscithe atá ann cheana faoin Rialachán sin.

(94)

Ba cheart raon feidhme Threoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32) a leasú chun dúbláil ceanglas rialála a sheachaint maidir le cuspóirí dícharbónaithe breoslaí iompair agus chun ailíniú le Treoir (AE) 2018/2001.

(95)

Ba cheart na sainmhínithe a leagtar síos i dTreoir 98/70/CE a ailíniú leis na sainmhínithe a leagtar síos i dTreoir (AE) 2018/2001 chun sainmhínithe difriúla a bheith á gcur i bhfeidhm de bhun an dá ghníomh sin a sheachaint.

(96)

Na hoibleagáidí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus bithbhreoslaí a úsáid a leagtar amach i dTreoir 98/70/CE, ba cheart iad a scriosadh chun cuíchóiriú a dhéanamh agus chun rialáil dhúbailte a sheachaint maidir leis na hoibleagáidí dícharbónaithe breoslaí iompair neartaithe dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2018/2001.

(97)

Na hoibleagáidí maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach i dTreoir 98/70/CE, ba cheart iad a scriosadh chun dúbláil na rialála ar oibleagáidí tuairiscithe a sheachaint.

(98)

Ba cheart Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (33), lena soláthraítear na rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme aonfhoirmeach Airteagal 7a de Threoir 98/70/CE, a aisghairm toisc go mbeidh sí imithe i léig le haisghairm Airteagal 7a de Threoir 98/70/CE leis an Treoir seo.

(99)

A mhéid a bhaineann le comhpháirteanna bithbhunaithe i mbreosla díosail, leis an tagairt i dTreoir 98/70/CE do bhreosla díosail B7, is é sin breosla díosail ina bhfuil suas le 7 % d’eistir mheitile aigéid shailligh (FAME), cuirtear teorainn leis na roghanna atá ar fáil chun spriocanna ionchorpraithe bithbhreoslaí níos airde a bhaint amach mar a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001. An chúis atá leis sin ná gurb é B7 atá i gceist le soláthar iomlán breosla díosail an Aontais, nach mór. Mar gheall air sin, ba cheart an sciar uasta de chomhpháirteanna bithbhunaithe a mhéadú ó 7 % go 10 %. Chun glacadh B10 sa mhargadh a chothú, is é sin breosla díosail ina bhfuil suas le 10 % FAME, tá gá le grád cosanta B7 ar fud an Aontais le haghaidh 7 % FAME i mbreosla díosail mar gheall ar an gcion suntasach feithiclí nach bhfuil comhoiriúnach le B10 a mheastar a bheith sa fhlít faoi 2030. Ba cheart é sin a léiriú in Airteagal 4(1), an dara fomhír, de Threoir 98/70/CE.

(100)

Ba cheart a bheith in ann, mar thoradh ar fhorálacha idirthréimhseacha, leanúint ar aghaidh le bailiú ordúil sonraí agus leis na hoibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh maidir leis na hairteagail de Threoir 98/70/CE a scriostar leis an Treoir seo.

(101)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon astaíochtaí gás ceaptha teasa, spleáchas fuinnimh agus praghsanna fuinnimh a laghdú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(102)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (34), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann na reachtóirí go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur, go háirithe tar éis bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás C-543/17, an Coimisiún v an Bheilg (35).

(103)

Chun na hualaí rialála ar shaoránaigh, ar riaracháin agus ar ghnóthais a thugtar isteach leis an Treoir seo a fhritháireamh, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat rialála sna hearnálacha lena mbaineann i gcomhréir leis an bprionsabal ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’, mar a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2021, dar teideal Better Regulation: Joining forces to make better laws [Rialáil Níos Fearr: Oibriú as lámha a chéile chun dlíthe níos fearr a dhéanamh],

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir (AE) 2018/2001

Leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, leasaítear an dara mír mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):

‘(1)

ciallaíonn “fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite” nó “fuinneamh in-athnuaite” fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite neamh-iontaise, eadhon fuinneamh gaoithe, gréine (grianfhuinneamh teirmeach agus grianfhuinneamh fótavoltach) agus geoiteirmeach, fuinneamh osmóiseach, fuinneamh comhthimpeallach, fuinneamh taoide, fuinneamh toinne agus fuinneamh eile aigéin, hidreachumhacht, bithmhais, gás ó líonadh talún, gás ó ionad cóireála camrais, agus bithghás;

(1a)

ciallaíonn “lomáin chruinne de ghrád tionsclaíoch” lomáin sáibh, lomáin veiníre, laíon adhmaid cruinn nó scoilte, chomh maith le gach lomán cruinn eile atá oiriúnach chun críoch tionsclaíoch, gan lomáin chruinne a bhfágann a saintréithe, amhail speicis, toisí, díríocht, agus dlús nód, go bhfuil siad mí-oiriúnach d’úsáid thionsclaíoch mar atá sainmhínithe agus cuí-réasúnaithe ag na Ballstáit de réir dhálaí ábhartha na foraoise agus an mhargaidh a áireamh;’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (4):

‘(4)

ciallaíonn “olltomhaltas deiridh fuinnimh” na tráchtearraí fuinnimh sin arna seachadadh chun críoch fuinnimh chuig an tionsclaíocht, chuig an iompar, chuig teaghlaigh, chuig seirbhísí lena n-áirítear seirbhísí poiblí, chuig an talmhaíocht, chuig an bhforaoiseacht agus chuig an iascach, an leictreachas agus an teas a thomhlaíonn an brainse fuinnimh ar mhaithe le táirgeadh leictreachais agus teasa, agus caillteanais leictreachais agus teasa le linn a ndáilte agus a dtarchurtha;’;

(c)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘(9a)

ciallaíonn “limistéar luathaithe fuinnimh in-athnuaite” suíomh sonrach nó limistéar sonrach, cé acu atá sé ar an talamh, ar muir nó ar uiscí intíre, atá ainmnithe ag Ballstát mar shuíomh nó limistéar atá an-oiriúnach go deo chun gléasraí fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil;

(9b)

ciallaíonn “trealamh grianfhuinnimh” trealamh a thiontaíonn fuinneamh ón ngrian go fuinneamh teirmeach nó leictreach, go háirithe trealamh teirmeach gréine agus trealamh fótavoltach gréine;’;

(d)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘(14a)

ciallaíonn “crios tairisceana” crios tairisceana mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (65), de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(14b)

ciallaíonn “teicneolaíocht nuálach fuinnimh in-athnuaite” teicneolaíocht giniúna fuinnimh in-athnuaite lena bhfeabhsaítear, ar bhealach amháin ar a laghad, teicneolaíocht fuinnimh in-athnuaite úrscothach atá inchomparáide nó lena bhfágtar gurb insaothraithe teicneolaíocht fuinnimh in-athnuaite nach ndéantar a thráchtálú go hiomlán nó a bhfuil leibhéal soiléir riosca ag baint léi;

(14c)

ciallaíonn “córas méadraithe chliste” córas méadraithe chliste mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (23), de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);

(14d)

ciallaíonn “pointe athluchtaithe” pointe athluchtaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (48), de Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3);

(14e)

ciallaíonn “rannpháirtí sa mhargadh” rannpháirtí sa mhargadh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (25), de Rialachán (AE) 2019/943;

(14f)

ciallaíonn “margadh leictreachais” margaí leictreachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Threoir (AE) 2019;/944;

(14g)

ciallaíonn “ceallra baile” ceallra in-athluchtaithe neamhspleách de thoilleadh rátaithe ar mó é ná 2 kWh, atá oiriúnach lena shuiteáil agus lena úsáid i dtimpeallacht bhaile;

(14h)

ciallaíonn “ceallra feithiclí leictreacha” ceallra feithiclí leictreacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (14), de Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4).

(14i)

ciallaíonn “ceallra tionsclaíoch” ceallra tionsclaíoch mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (13), de Rialachán (AE) 2023/1542;

(14j)

ciallaíonn “staid sláinte” staid sláinte mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (28), de Rialachán (AE) 2023/1542;

(14k)

ciallaíonn “staid luchta” staid luchta mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (27), de Rialachán (AE) 2023/1542;

(14l)

ciallaíonn “pointe socraithe cumhachta” an fhaisnéis dhinimiciúil a choinnítear i gcóras bainistithe ceallra lena bhforordaítear na socruithe cumhachta leictrí ar cheart don cheallra oibriú go hoptamach le linn oibríocht athluchtaithe nó díluchtaithe, ionas go ndéantar a staid sláinte agus a úsáid oibríochtúil a optamú;

(14m)

ciallaíonn “athluchtú cliste” oibríocht athluchtaithe ina ndéantar déine an leictreachais a sheachadtar chuig an gceallra a choigeartú go dinimiciúil, ar bhonn faisnéis a fhaightear trí chumarsáid leictreonach;

(14n)

ciallaíonn “údarás rialála” údarás rialála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2019/943;

(14o)

ciallaíonn “athluchtú déthreoch” athluchtú déthreoch mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Rialachán (AE) 2023/1804;

(14p)

ciallaíonn “pointe athluchtaithe gnáthchumhachta” pointe athluchtaithe gnáthchumhachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (37,) de Rialachán (AE) 2023/1804;

(14q)

ciallaíonn “comhaontú ceannacháin fuinnimh in-athnuaite” conradh faoina gcomhaontaíonn duine nádúrtha nó dlítheanach fuinneamh in-athnuaite a cheannach go díreach ó tháirgeoir, lena gcuimsítear comhaontuithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite agus comhaontuithe ceannacháin téimh agus fuaraithe in-athnuaite, ach gan a bheith teoranta dóibh sin;

(*1)  Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54)."

(*2)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125)."

(*3)  Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE (IO L 234, 22.9.2023, lch. 1)."

(*4)  Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO L 191, 28.7.2023, lch. 1).’;"

(e)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

(18a)

ciallaíonn “tionsclaíocht” gnóthais agus táirgí a thagann faoi ranna B, C agus F agus faoi roinn J, rannán (63) den aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha (NACE REV.2), mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5);

(18b)

ciallaíonn “críoch neamhfhuinnimh” úsáid breoslaí mar amhábhair i bpróiseas tionsclaíoch, seachas chun fuinneamh a tháirgeadh;

(*5)  Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le fearainn shonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).’;"

(f)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘(22a)

ciallaíonn “breoslaí in-athnuaite” bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch;

(22b)

ciallaíonn “bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh” bunphrionsabal éifeachtúlachta fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Rialachán (AE) 2018/1999;’;

(g)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (36):

‘(36)

ciallaíonn ‘breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch” breoslaí leachtacha agus gásacha a ndíorthaítear a luach fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite seachas ó bhithmhais;’;

(h)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘(44a)

ciallaíonn “foraois phlandála” foraois phlandála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6);

(44b)

ciallaíonn “fuinneamh osmóiseach” fuinneamh arna chruthú ón éagsúlacht i dtiúchan salainn idir dhá shreabhán, amhail uisce úr agus sáile;

(44c)

ciallaíonn “éifeachtúlacht córais” réitigh atá tíosach ar fhuinneamh a roghnú i gcás ina gcumasaítear leo freisin bealach dícharbónaithe costéifeachtach, solúbthacht bhreise agus úsáid éifeachtúil acmhainní;

(44d)

ciallaíonn “stóráil fuinnimh chomhshuite” saoráid stórála fuinnimh atá chomhcheangailte le saoráid lena dtáirgtear fuinneamh in-athnuaite agus atá nasctha leis an bpointe rochtana eangaí céanna;

(44e)

ciallaíonn “feithicil ghrianleictreach” mótarfheithicil atá feistithe le gléasra cumhachta nach bhfuil ann ach meaisíní leictreacha neamh-fhorimeallacha mar thiontaire fuinnimh, le córas stórála fuinnimh in-athluchtaithe leictreach ar féidir é a athluchtú go seachtrach, agus le painéil fhótavoltacha atá comhtháite le feithiclí;

(*6)  Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 206).’;"

(2)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Áiritheoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile gur ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a thiocfaidh 42,5 %, ar a laghad, de sciar iomlán d’olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais faoi 2030.

Féachfaidh na Ballstáit i gcomhar le chéile le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite in olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais in 2023 a mhéadú go 45 %.

Leagfaidh na Ballstáit sprioc tháscach síos do theicneolaíocht nuálach fuinnimh in-athnuaite arb ionann í agus 5 % ar a laghad de thoilleadh fuinnimh in-athnuaite nuashuiteáilte faoi 2030.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go dtáirgtear fuinneamh ó bhithmhais ar bhealach ina n-íoslaghdaítear iarmhairtí saobhacha míchuí ar mhargadh na n-amhábhar bithmhaise agus drochthionchar ar an mbithéagsúlacht, ar an gcomhshaol agus ar an aeráid. Chuige sin, cuirfidh siad san áireamh ord na réiteach dramhaíola a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE agus áiritheoidh siad cur i bhfeidhm phrionsabal úsáid chascáideach na bithmhaise, agus béim á leagan ar scéimeanna tacaíochta agus aird chuí á tabhairt ar shainiúlachtaí náisiúnta.

Déarfaidh na Ballstáit scéimeanna tacaíochta le haghaidh fuinneamh ó bhithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise ar bhealach ina seachnófar go dtabharfaí dreasacht do chonairí neamh-inbhuanaithe agus go ndéanfaí an iomaíocht leis na hearnálacha ábhair a shaobhadh, d’fhonn a áirithiú go n-úsáidfear bithmhais adhmaid de réir an bhreisluacha eacnamaíoch agus comhshaoil is airde atá aici san ord tosaíochtaí seo a leanas:

(a)

táirgí adhmadbhunaithe;

(b)

síneadh a chur le saolré seirbhíse táirgí adhmadbhunaithe;

(c)

athúsáid;

(d)

athchúrsáil;

(e)

bithfhuinneamh; agus

(f)

diúscairt.

3a.   Féadfaidh na Ballstáit maolú ar phrionsabal úsáid chascáideach na bithmhaise dá dtagraítear i mír 3 i gcás inar gá chun slándáil an tsoláthair fuinnimh a áirithiú. Féadfaidh Ballstáit maolú ar an bprionsabal sin freisin i gcás nach féidir leis an tionsclaíocht áitiúil bithmhais foraoise a úsáid go cainníochtúil nó go teicniúil le haghaidh breisluach eacnamaíoch nó comhshaoil atá níos airde ná táirgeadh fuinnimh, i gcás bunábhair a thagann ó na nithe a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí bainistíochta foraoisí riachtanacha, arb é is aidhm dóibh oibríochtaí tanúcháin réamhthráchtála a áirithiú nó gníomhaíochtaí bainistíochta foraoisí riachtanacha a dhéantar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta maidir le cosc falscaithe i limistéir ardriosca;

(b)

lománaíocht tarrthála tar éis suaitheadh nádúrtha doiciméadaithe; nó

(c)

baint adhmad áirithe nach mbíonn a saintréithe oiriúnach do shaoráidí próiseála áitiúla.

3b.   Uair amháin sa bhliain ar a mhéad, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi achoimre ar na maoluithe ar phrionsabal úsáid chascáideach na bithmhaise de bhun mhír 3a, mar aon leis na cúiseanna le maoluithe den sórt sin agus an scála geografach a bhfuil feidhm acu maidir leis. Poibleoidh an Coimisiún na fógraí a fhaightear, agus féadfaidh sé tuairim phoiblí a eisiúint maidir le haon cheann díobh.

3c.   Ní dheonóidh na Ballstáit tacaíocht dhíreach airgeadais maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

lomáin sáibh, lomáin veiníre, lomáin chruinne de ghrád tionsclaíoch, stumpaí agus fréamhacha a úsáid chun fuinneamh a tháirgeadh;

(b)

fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh ó dhramhaíl a loscadh, mura gcomhlíontar na hoibleagáidí maidir le bailiú ar leithligh a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE.

3d.   Gan dochar do mhír 3, ní dheonóidh na Ballstáit tacaíocht nua ná ní dhéanfaidh siad aon tacaíocht a athnuachan do tháirgeadh leictreachais ó bhithmhais foraoise i ngléasraí leictreachais amháin, mura gcomhlíonann leictreachas den sórt sin ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

táirgtear é i réigiún a shainaithnítear i bplean críochach um aistriú cóir a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7) i ngeall ar a spleáchas ar bhreoslaí iontaise soladacha, agus comhlíonann sé na ceanglais iomchuí a leagtar amach in Airteagal 29(11) den Treoir seo;

(b)

táirgtear é trí ghabháil agus stóráil CO2 bithmhaise a chur i bhfeidhm agus comhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 29(11), an dara fomhír;

(c)

táirgtear é i réigiún forimeallach, dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE, ar feadh tréimhse theoranta agus é mar chuspóir ina leith úsáid bithmhaise foraoise a chéimniú síos a mhéid is féidir gan difear a dhéanamh don rochtain ar fhuinneamh sábháilte agus slán.

Faoi 2027, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir le tionchar scéimeanna tacaíochta na mBallstát le haghaidh bithmhaise, lena n-áirítear an tionchar ar an mbithéagsúlacht, ar an aeráid agus ar an gcomhshaol, agus ar shaobhadh a d’fhéadfadh a bheith ar an margadh, agus déanfaidh sé measúnú ar an bhféidearthacht i dtaobh tuilleadh srianta maidir le scéimeanna tacaíochta le haghaidh bithmhais foraoise.

(*7)  Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).’;"

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘4a.   Déanfaidh na Ballstáit creat a bhunú, a bhféadfaidh scéimeanna agus bearta tacaíochta a áireamh ann lena n-éascaítear ráta glactha comhaontuithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite, lena gcumasaítear leictreachas in-athnuaite a úsáid go leibhéal atá comhsheasmhach le rannchuidiú náisiúnta an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus ar luas atá comhsheasmhach leis na conairí táscacha dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (a)(2), de Rialachán (AE) 2018/1999. Go háirithe, rachaidh an creat sin i ngleic leis na bacainní atá fós ann maidir le hardleibhéal soláthair leictreachais in-athnuaite, lena n-áirítear na bacainní sin a bhaineann le nósanna imeachta um dheonú ceadanna, agus le forbairt an bhonneagair tarchurtha, dáileacháin agus stórála is gá, lena n-áirítear stóráil fuinnimh chomhshuite. Le linn dóibh an creat sin a dhearadh, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an leictreachas in-athnuaite breise is gá chun freastal ar an éileamh in earnálacha an iompair, na tionsclaíochta, na tógála, agus an téimh agus an fhuaraithe agus maidir le táirgeadh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch. Féadfaidh na Ballstáit achoimre ar na beartais agus ar na bearta faoin gcreat agus measúnú ar a gcur chun feidhme, faoi seach, a áireamh ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17den Rialachán sin.’

;

(3)

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Maidir leis an gcéad fhomhír, pointe (a), (b) nó (c), ní mheasfar gás nó leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite ach aon uair amháin chun sciar an olltomhaltais deiridh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a ríomh.

Déanfar fuinneamh a tháirgtear ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a áireamh san earnáil ina ndéantar é a thomhailt, eadhon earnáil an leictreachais, an téimh agus an fhuaraithe, nó an iompair.

Gan dochar don tríú fomhír, féadfaidh na Ballstáit a chomhaontú, trí chomhaontú sonrach comhair, go ndéanfaidh siad iomlán na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, nó cuid díobh, a thomhlaítear i mBallstát amháin a áireamh faoi chomhair sciar an olltomhaltais deiridh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite sa Bhallstát ina dtáirgtear na breoslaí sin. Chun faireachán a dhéanamh i dtaobh an ndéantar na breoslaí in-athnuaite céanna de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a áireamh sa Bhallstát ina dtáirgtear iad agus sa Bhallstát ina dtomhlaítear iad araon agus chun an méid a áiríodh a thaifeadadh, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon chomhaontú comhair den sórt sin. Le comhaontú comhair den sórt sin, áireofar méid na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch atá le háireamh ar an iomlán agus i gcás gach Ballstáit agus an dáta a thiocfaidh an comhaontú comhair chun bheith oibríochtúil.’;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘2.   Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), déanfar olltomhaltas deiridh leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite a ríomh mar an chainníocht de leictreachas a tháirgtear i mBallstát ó fhoinsí in-athnuaite, lena n-áirítear táirgeacht leictreachais ó fhéintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite agus ó chomhphobail fuinnimh in-athnuaite agus leictreachas ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus lena n-eisiatar táirgeacht leictreachais in aonaid taisce pumpála ó uisce a pumpáladh in aghaidh fána roimhe sin chomh maith le leictreachas a úsáidtear chun breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a tháirgeadh.’

;

(c)

i mír 4, cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Déanfar tomhaltas deiridh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in earnáil an iompair a ríomh mar shuim gach bithbhreosla, bithgháis agus breosla in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a thomhlaítear in earnáil an iompair. Áireofar leis sin breoslaí in-athnuaite a sholáthraítear do bhuncair mhuirí idirnáisiúnta.’;

(4)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘1a.   Faoin 31 Nollaig 2025, comhaontóidh gach Ballstát go ndéanfar creat le haghaidh comhar maidir le tionscadail chomhpháirteacha a bhunú le Ballstát amháin eile nó níos mó chun fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh, faoi réir an mhéid seo a leanas:

(a)

faoin 31 Nollaig 2030, féachfaidh na Ballstáit le teacht ar chomhaontú maidir le dhá thionscadal chomhpháirteacha ar a laghad a bhunú;

(b)

faoin 31 Nollaig 2033, féachfaidh na Ballstáit a bhfuil tomhaltas leictreachais bliantúil de níos mó ná 100 TWh acu le teacht ar chomhaontú maidir leis an tríú tionscadal comhpháirteach a bhunú.

Beidh sainaithint na dtionscadal comhpháirteach fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta comhsheasmhach leis na riachtanais arna sainaithint sna pleananna comhtháite straitéiseacha ardleibhéil maidir le forbairt gréasáin amach ón gcósta le haghaidh gach imchuach farraige dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8) agus an plean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais dá dtagraítear in Airteagal 30(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2019/943, ach féadfaidh siad dul thar na riachtanais sin agus féadfaidh siad rannpháirt sa tsainaithint sin a thabhairt d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus do ghnóthais phríobháideacha.

Oibreoidh na Ballstáit i dtreo leithdháileadh cothrom na gcostas agus na dtairbhí a bhaineann le tionscadail chomhpháirteacha. Chuige sin, cuirfidh na Ballstáit costais agus tairbhí ábhartha uile an tionscadail chomhpháirtigh san áireamh sa chomhaontú ábhartha comhair.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi chomhaontuithe comhair, lena n-áirítear an dáta a mheasfar a dtiocfaidh na tionscadail chomhpháirteacha chun bheith oibríochtúil. Maidir le tionscadail a mhaoinítear le ranníocaíochtaí náisiúnta faoi shásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún (*9), measfar go gcomhlíontar leo na hoibleagáidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír le haghaidh na mBallstát lena mbaineann.

(*8)  Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45)."

(*9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2020 maidir le sásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite (IO L 303, 17.9.2020, lch. 1).’;"

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘7a.   Ar bhonn na spriocanna táscacha do ghiniúint fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta atá le himscaradh laistigh de gach imchuach farraige, arna sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2022/869, foilseoidh na Ballstáit lena mbaineann faisnéis faoi mhéideanna an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta atá beartaithe acu a bhaint amach trí thairiscintí, agus an fhéidearthacht theicniúil agus eacnamaíoch don bhonneagar eangaí agus na gníomhaíochtaí atá ar siúl cheana á gcur san áireamh. Féachfaidh na Ballstáit leis an spás a leithdháileadh ar thionscadail fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta ina gcuid pleananna spásúla muirí, agus na gníomhaíochtaí atá ar siúl cheana sna limistéir a ndéantar difear dóibh á gcur san áireamh. Chun deonú ceadanna a éascú do thionscadail chomhpháirteacha fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, laghdóidh na Ballstáit castacht an nós imeachta um dheonú ceadanna, méadóidh siad éifeachtúlacht agus trédhearcacht an nós imeachta sin, feabhsóidh siad an comhar eatarthu féin agus bunóidh siad, i gcás inarb iomchuí, pointe teagmhála aonair. Chun feabhas a chur ar an méid a nglacann an pobal leis sin, féadfaidh na Ballstáit comhphobail fuinnimh in-athnuaite a áireamh i dtionscadail chomhpháirteacha fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta.’

;

(5)

leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘1.   Aon rialacha náisiúnta a bhaineann le nósanna imeachta údarúcháin, deimhniúcháin agus ceadúnúcháin a chuirtear i bhfeidhm ar ghléasraí agus ar ghréasáin ghaolmhara tarchurtha agus dáileacháin lena dtáirgtear leictreachas, téamh nó fuarú ó fhoinsí in-athnuaite, agus a chuirtear i bhfeidhm ar an bpróiseas a bhaineann le bithmhais a chlaochlú go bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise nó táirgí eile fuinnimh, agus a chuirtear i bhfeidhm ar bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh siad comhréireach agus riachtanach agus go rannchuideofar leo le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme.’

;

(b)

cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.   Aon sonraíochtaí teicniúla atá le comhlíonadh ag trealamh agus córais fuinnimh in-athnuaite chun leas a bhaint as scéimeanna tacaíochta agus chun bheith incháilithe faoi sholáthar poiblí, déanfaidh na Ballstáit iad a shainiú go soiléir. I gcás inarb ann do chaighdeáin chomhchuibhithe nó caighdeáin Eorpacha, lena n-áirítear córais tagartha teicniúla arna mbunú ag na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, déanfar sonraíochtaí teicniúla den sórt sin a shloinneadh de réir na gcaighdeán sin. Tabharfar tosaíocht do chaighdeáin chomhchuibhithe, ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun tacú le dlí an Aontais, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10) agus Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*11). Murab ann dóibh, úsáidfear caighdeáin chomhchuibhithe agus caighdeáin Eorpacha eile, san ord sin. Le caighdeáin theicniúla den sórt sin, ní fhorordófar an áit a gcaithfear an trealamh agus na córais sin a dheimhniú, ná ní dhéanfar le caighdeáin den sórt sin bac a chur ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

2a.   Tástáil ar theicneolaíocht nuálach fuinnimh in-athnuaite chun fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh, a chomhroinnt agus a stóráil, cuirfidh na Ballstáit an tástáil sin chun cinn trí thionscadail phíolótacha i bhfíorthimpeallacht, ar feadh tréimhse theoranta, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme, agus coimircí iomchuí ag gabháil léi chun oibriú slán an chórais fuinnimh a áirithiú agus chun tionchar díréireach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint, agus déanfar an méid sin faoi mhaoirseacht údaráis inniúil.

3.   Agus pleanáil, lena n-áirítear luathphleanáil spásúil, dearadh, tógáil agus athfheistiú á ndéanamh acu maidir le bonneagar uirbeach, limistéir thionsclaíocha, thráchtála nó chónaithe agus maidir le bonneagar fuinnimh agus iompair, lena n-áirítear leictreachas, téamh agus fuarú ceantair, gás nádúrtha agus gréasáin breoslaí malartacha, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a n-údaráis inniúla ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, forálacha do chomhtháthú agus imscaradh an fhuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear d’fhéintomhaltas fuinnimh in-athnuaite agus do chomhphobail fuinnimh in-athnuaite, agus d’úsáid dhosheachanta dramhtheasa agus dramhfhuachta. Go háirithe, spreagfaidh na Ballstáit comhlachtaí riaracháin áitiúla agus réigiúnacha téamh agus fuarú ó fhoinsí in-athnuaite a áireamh i bpleanáil bonneagair cathrach i gcás inarb iomchuí, agus chun dul i gcomhairle leis na hoibreoirí gréasáin chun tionchar na gclár éifeachtúlachta fuinnimh agus freagartha ar éileamh a léiriú mar aon le forálacha sonracha maidir le féintomhaltas fuinnimh in-athnuaite agus comhphobail fuinnimh in-athnuaite, i ndáil le pleananna forbartha bonneagair na n-oibreoirí gréasáin.

(*10)  Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1)."

(*11)  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).’;"

(c)

scriostar míreanna 4 go 7;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

‘8.   Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar na bacainní rialála agus riaracháin maidir le comhaontuithe ceannacháin fuinnimh in-athnuaite fadtéarmacha, agus bainfidh siad bacainní nach bhfuil údar leo maidir le comhaontuithe den sórt sin, agus cuirfidh siad glacadh comhaontuithe den sórt sin chun cinn, lena n-áirítear trí iniúchadh a dhéanamh ar conas na rioscaí airgeadais a bhaineann leo a laghdú, go háirithe trí ráthaíochtaí creidmheasa a úsáid. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na comhaontuithe sin faoi réir nósanna imeachta díréireacha nó idirdhealaitheacha ná muirir dhíréireacha nó idirdhealaitheacha, agus gur féidir aon ráthaíochtaí tionscnaimh lena mbaineann a aistriú chuig ceannaitheoir an fhuinnimh in-athnuaite faoin gcomhaontú ceannacháin fuinnimh in-athnuaite.

Déanfaidh na Ballstáit cur síos ar a mbeartais agus bearta lena gcuirtear glacadh comhaontuithe ceannacháin fuinnimh in-athnuaite chun cinn ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin. Soláthróidh siad léiriú sna tuarascálacha sin ar dhul chun cinn freisin maidir le giniúint fuinnimh in-athnuaite a fhaigheann tacaíocht ó chomhaontuithe ceannacháin fuinnimh in-athnuaite.

Tar éis an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an Coimisiún anailís ar na bacainní ar chomhaontuithe ceannacháin fuinnimh in-athnuaite fadtéarmacha agus go háirithe ar chomhaontuithe ceannacháin fuinnimh in-athnuaite trasteorann a imscaradh agus eiseoidh sé treoir maidir le deireadh a chur leis na bacainní sin.

9.   Faoin 21 Samhain 2025, measfaidh an Coimisiún an bhfuil gá le bearta breise chun tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit i gcur chun feidhme na nósanna imeachta um dheonú ceadanna dá bhforáiltear sa Treoir seo, lena n-áirítear trí bhíthin príomhtháscairí feidhmíochta táscacha a fhorbairt.’

;

(6)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 15a

Fuinneamh in-athnuaite a phríomhshruthú i bhfoirgnimh

1.   Chun táirgeadh agus úsáid fuinnimh in-athnuaite in earnáil na tógála a chur chun cinn, déanfaidh na Ballstáit sciar náisiúnta táscach d’fhuinneamh in-athnuaite arna tháirgeadh ar an láthair nó in aice láimhe agus d’fhuinneamh in-athnuaite a thógtar ón eangach a chinneadh sa tomhaltas deiridh fuinnimh in earnáil na tógála atá acu in 2030 atá comhsheasmhach le sprioc tháscach de sciar fuinnimh 49 % ar a laghad ó fhoinsí in-athnuaite in earnáil na tógála i dtomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais i bhfoirgnimh in 2030. Áireoidh na Ballstáit a sciar náisiúnta táscach sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 chomh maith le faisnéis maidir le conas a bheartaíonn siad é a bhaint amach.

2.   Féadfaidh na Ballstáit dramhtheas agus dramhfhuacht a áireamh faoi chomhair an sciar náisiúnta tháscaigh dá dtagraítear i mír 1, suas le teorainn 20 % den sciar sin. Má chinneann siad déanamh amhlaidh, cuirfear, leis an sciar náisiúnta táscach, leath an chéatadáin de dhramhtheas agus dramhfhuacht a áirítear faoi chomhair an sciar sin.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit bearta iomchuí isteach ina rialacháin náisiúnta agus cóid tógála agus, i gcás inarb infheidhme, ina scéimeanna tacaíochta, chun méadú a dhéanamh ar an sciar de leictreachas agus téamh agus fuarú ó fhoinsí in-athnuaite a tháirgtear ar an láthair nó in aice láimhe agus d’fhuinneamh in-athnuaite a thógtar ón eangach sa stoc foirgneamh. Féadfar a áireamh le bearta den sórt sin bearta náisiúnta a bhaineann le méaduithe suntasacha ar fhéintomhaltas fuinnimh in-athnuaite, ar chomhphobail fuinnimh in-athnuaite, ar stóráil fuinnimh áitiúil, ar athluchtú cliste agus athluchtú déthreoch, ar sheirbhísí solúbthachta eile amhail freagairt don éileamh, agus i gcomhar le feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a bhaineann le comhghiniúint agus athchóirithe móra a mhéadaíonn líon na bhfoirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de agus líon na bhfoirgneamh a théann níos faide ná na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Threoir 2010/31/AE.

Chun an sciar táscach d’fhuinneamh in-athnuaite dá bhforáiltear i mír 1 a bhaint amach, ceanglóidh na Ballstáit, ina rialacháin náisiúnta agus cóid tógála agus, i gcás inarb infheidhme, ina scéimeanna tacaíochta nó ar mhodh eile a bhfuil éifeacht chomhionann aige, go n-úsáidfear leibhéil íosta fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a tháirgtear ar an láthair nó in aice láimhe agus fuinnimh in-athnuaite a thógtar ón eangach i bhfoirgnimh nua agus i bhfoirgnimh atá ann cheana a bhfuil mór-athchóiriú á dhéanamh orthu nó a bhfuil an córas téimh á athnuachan iontu, i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE, i gcás ina bhfuil sé sin indéanta go heacnamaíoch, go teicniúil agus go feidhmiúil. Ceadóidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na leibhéil íosta sin, inter alia, trí théamh agus fuarú ceantair éifeachtúil.

Maidir le foirgnimh atá ann cheana, beidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis na fórsaí armtha sa mhéid nach mbeidh cur i bhfeidhm na fomhíre sin ar neamhréir le nádúr ná le príomhchuspóir ghníomhaíochtaí na bhfórsaí armtha, agus sa mhéid sin amháin, cé is moite d’ábhar a úsáidtear go heisiach chun críoch míleata.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag foirgnimh phoiblí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil ról eiseamláireach maidir leis an sciar d’fhuinneamh in-athnuaite a úsáidtear, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2010/31/AE agus Airteagal 5 de Threoir 2012/27/AE. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt an oibleagáid sin a chomhlíonadh, inter alia, trína fhoráil go n-úsáidfidh tríú páirtithe díonta foirgneamh poiblí nó díonta foirgneamh príobháideach poiblí i gcomhair suiteálacha lena dtáirgtear fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite.

5.   I gcás ina meastar é a bheith ábhartha, féadfaidh na Ballstáit comhar idir údaráis áitiúla agus comhphobail fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn in earnáil na tógála, go háirithe tríd an soláthar poiblí a úsáid.

6.   Chun an sciar táscach d’fhuinneamh in-athnuaite dá bhforáiltear i mír 1 a bhaint amach, déanfaidh na Ballstáit úsáid córas agus trealaimh téimh agus fuaraithe in-athnuaite a chur chun cinn, agus féadfaidh siad teicneolaíocht nuálach a chur chun cinn, amhail córais agus trealamh cliste leictrithe téimh agus fuaraithe atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite, arna gcomhlánú, i gcás inarb infheidhme, le bainistiú cliste ar thomhaltas fuinnimh i bhfoirgnimh. Chuige sin, úsáidfidh na Ballstáit gach beart, uirlis agus dreasacht iomchuí, lena n-áirítear lipéid fuinnimh a fhorbraítear faoi Rialachán (AE) 2017/1369, teastais feidhmíochta fuinnimh a bhunaítear de bhun Airteagal 11 de Threoir 2010/31/AE, agus teastais nó caighdeáin iomchuí eile a fhorbraítear ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, agus áiritheoidh siad go gcuirfear go leor faisnéise agus comhairle ar fáil maidir le breoslaí malartacha in-athnuaite atá an-éifeachtúil ó thaobh an fhuinnimh de agus maidir leis na hionstraimí airgeadais agus dreasachtaí atá ar fáil chun ráta athsholáthair méadaithe a chur chun cinn maidir le seanchórais téimh agus chun athrú méadaithe chuig réitigh atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite a chur chun cinn.

Airteagal 15b

Mapáil ar na limistéir is gá maidir le rannchuidithe náisiúnta i dtreo sprioc fhoriomlán an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030

1.   Faoin 21 Bealtaine 2025, déanfaidh na Ballstáit mapáil chomhordaithe chun fuinneamh in-athnuaite a imscaradh ar a gcríoch chun sainaithint a dhéanamh ar an acmhainneacht intíre agus na limistéir dromchla talún, fodhromchla, farraige nó uisce intíre atá ar fáil is gá chun gléasraí fuinnimh in-athnuaite agus an bonneagar a bhaineann leo a shuiteáil, amhail saoráidí eangaí agus saoráidí stórála, lena n-áirítear stóráil theirmeach, a theastaíonn chun a rannchuidithe náisiúnta i dtreo sprioc fhoriomlán an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030 a leagtar síos in Airteagal 3(1) den Treoir seo a chomhlíonadh ar a laghad. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit na doiciméid pleanála spásúla nó na pleananna pleanála spásúla atá acu cheana a úsáid nó féadfaidh siad cur leo, lena n-áirítear pleananna spásúla muirí a cuireadh ar bun de bhun Threoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*12). Áiritheoidh na Ballstáit comhordú i measc na n-údarás agus na n-eintiteas ábhartha náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear oibreoirí gréasáin, maidir le mapáil na limistéar is gá, i gcás inarb iomchuí.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil limistéir den sórt sin, lena n-áirítear na gléasraí fuinnimh in-athnuaite atá ann cheana agus na sásraí comhair atá ann cheana, comhchuimseach leis na conairí measta agus an toilleadh iomlán suiteáilte atá beartaithe ag teicneolaíocht fuinnimh in-athnuaite a leagtar amach ina bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999.

2.   Chun na limistéir dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint, cuirfidh na Ballstáit an méid a leanas go háirithe san áireamh:

(a)

infhaighteacht an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus an acmhainneacht atá ag na cineálacha éagsúla teicneolaíochta sna limistéir dromchla talún, fodhromchla, farraige nó uisce intíre fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh;

(b)

an t-éileamh réamh-mheasta ar fhuinneamh, agus solúbthacht fhéideartha na freagartha gníomhaí ar an éileamh, na gnóthachain éifeachtúlachta a bhfuiltear ag súil leo agus comhtháthú an chórais fuinnimh á gcur san áireamh;

(c)

infhaighteacht an bhonneagair fuinnimh ábhartha, lena n-áirítear eangacha, stóráil agus uirlisí solúbthachta eile nó an acmhainneacht maidir le bonneagar eangaí agus stóráil den sórt sin a chruthú nó a uasghrádú;

3.   Tabharfaidh na Ballstáit tús áite d’ilúsáidí na limistéar dá dtagraítear i mír 1. Beidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite comhoiriúnach leis na húsáidí arna mbaint as na limistéir sin cheana féin.

4.   Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú go tráthrialta agus, i gcás inar gá, nuashonrú go tráthrialta ar na limistéir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go háirithe i gcomhthéacs na nuashonruithe ar a bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999.

Airteagal 15c

Limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite

1.   Faoin 21 Feabhra 2026, áiritheoidh na Ballstáit go nglacfaidh na húdaráis inniúla plean amháin nó níos mó lena n-ainmnítear, mar fhothacar de na limistéir dá dtagraítear in Airteagal 15b(1), limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite le haghaidh cineál foinsí fuinnimh in-athnuaite amháin nó níos mó. Féadfaidh na Ballstáit gléasraí dócháin bithmhaise agus gléasraí hidreachumhachta a eisiamh. Sna pleananna sin, déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:

(a)

limistéir talún, uisce intíre agus farraige atá sách aonfhoirmeach a ainmniú, ar limistéir iad a meastar nach mbeidh tionchar mór ag imscaradh cineáil shonraigh nó cineálacha sonracha foinsí fuinnimh in-athnuaite ar an gcomhshaol iontu, i bhfianaise shainiúlachtaí an limistéir a roghnaítear, agus an méid seo a leanas á dhéanamh san am céanna:

(i)

tosaíocht a thabhairt do dhromchlaí saorga agus tógtha, amhail díonta agus aghaidheanna foirgneamh, bonneagar iompair agus a bhfuil go díreach thart orthu, limistéir pháirceála, feirmeacha, láithreáin dramhaíola, láithreáin tionscail, mianaigh, dobharlaigh shaorga intíre, lochanna saorga nó taiscumair shaorga agus, i gcás inarb iomchuí, láithreáin cóireála fuíolluisce uirbigh, mar aon le talamh díghrádaithe nach bhfuil inúsáidte don talmhaíocht;

(ii)

eisiamh a dhéanamh ar láithreáin Natura 2000 agus limistéir arna n-ainmniú faoi scéimeanna náisiúnta cosanta le haghaidh chaomhnú an dúlra agus na bithéagsúlachta, príomhbhealaigh imirce éan agus mamach farraige chomh maith le limistéir eile a shainaithnítear ar bhonn mapaí íogaireachta agus na n-uirlisí dá dtagraítear i bpointe (iii), seachas le haghaidh dromchlaí saorga agus tógtha atá lonnaithe sna limistéir sin amhail díonta, limistéir pháirceála nó bonneagar iompair;

(iii)

na huirlisí agus na tacair sonraí iomchuí comhréireacha uile a úsáid chun na limistéir a shainaithint nach mbeadh tionchar suntasach ag na gléasraí fuinnimh in-athnuaite ar an gcomhshaol iontu, lena n-áirítear mapáil íogaireachta fiadhúlra, agus aird á tabhairt ar na sonraí atá ar fáil i gcomhthéacs líonra comhsheasmhach Natura 2000 a fhorbairt, a mhéid a bhaineann leis na cineálacha gnáthóg agus na speicis faoi Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (*13), chomh maith leis na héin agus na láithreáin atá faoi chosaint faoi Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*14);

(b)

rialacha iomchuí a bhunú le haghaidh na limistéar luathaithe fuinnimh in-athnuaite maidir leis na bearta éifeachtacha maolaithe atá le glacadh i dtaca le gléasraí fuinnimh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh chomhshuite a shuiteáil, mar aon leis na sócmhainní is gá chun gléasraí agus stóráil den sórt sin a nascadh leis an eangach, chun an drochthionchar ar an gcomhshaol a d’fhéadfadh teacht chun cinn a sheachaint nó, mura féidir é sin a dhéanamh, chun é a laghdú go suntasach, i gcás inarb iomchuí trína áirithiú go gcuirtear bearta maolaithe iomchuí i bhfeidhm ar bhealach comhréireach agus go tráthúil chun a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 6(2) agus Airteagal 12(1) de Threoir 92/43/CEE, Airteagal 5 de Threoir 2009/147/CEE agus Airteagal 4(1), pointe (a)(i), de Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*15) agus chun meathlú a sheachaint agus stádas maith éiceolaíoch nó acmhainneacht mhaith éiceolaíoch a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (a), de Threoir 2000/60/CE.

Díreofar na rialacha dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír ar shainiúlachtaí gach limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite shainaitheanta, ar an gcineál nó na cineálacha teicneolaíochta fuinnimh in-athnuaite atá le himscaradh i ngach limistéar agus ar an tionchar sainaitheanta ar an gcomhshaol.

Mar thoradh ar chomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo agus cur chun feidhme na mbeart maolaithe iomchuí ag na tionscadail aonair, toimhdeofar nach sáraíonn tionscadail na forálacha sin gan dochar d’Airteagal 16a(4) agus (5) den Treoir seo. I gcás nach ndearnadh tástáil fhorleathan ar bhearta maolaithe nua chun cosc a chur, a mhéid is féidir, ar mharú nó corraí speiceas atá faoi chosaint faoi Threoracha 92/43/CEE agus 2009/147/CE, nó ar aon tionchar eile ar an gcomhshaol, a mhéid a bhaineann le héifeachtacht na mbeart nua sin, féadfaidh na Ballstáit a cheadú go n-úsáidfear iad i dtionscadal píolótach amháin nó i roinnt tionscadal píolótach ar feadh tréimhse theoranta ama, ar choinníoll go ndéantar faireachán géar ar éifeachtacht beart den sórt sin agus go nglactar céimeanna iomchuí láithreach má léirítear nach bhfuil siad éifeachtach.

Sna pleananna lena n-ainmnítear limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite dá dtagraítear sa chéad fhomhír, míneoidh na húdaráis inniúla an measúnú a rinneadh chun gach limistéar luathaithe fuinnimh in-athnuaite ainmnithe a shainaithint ar bhonn na gcritéar a leagtar amach i bpointe (a) den chéad fhomhír agus chun bearta maolaithe iomchuí a shainaithint.

2.   Sula nglactar iad, beidh na pleananna lena n-ainmnítear limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite faoi réir measúnú comhshaoil de bhun Threoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*16), agus, más dócha go mbeidh tionchar suntasach acu ar láithreáin Natura 2000, beidh na pleananna faoi réir an mheasúnaithe iomchuí de bhun Airteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE.

3.   Cinnfidh na Ballstáit méid na limistéar luathaithe fuinnimh in-athnuaite, i bhfianaise shainiúlachtaí agus riachtanais an chineáil nó na gcineálacha teicneolaíochta ar cuireadh na limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite ar bun ina leith. Agus rogha á coinneáil acu cinneadh a dhéanamh maidir le méid na limistéar sin, beidh sé d’aidhm ag na Ballstáit a áirithiú go bhfuil méid comhiomlán na limistéar sin suntasach agus go rannchuidíonn siad leis na cuspóirí a leagtar amach sa Treoir seo a bhaint amach. Cuirfear na pleananna lena n-ainmnítear limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, den Airteagal seo ar fáil go poiblí agus déanfar athbhreithniú orthu go tréimhsiúil, de réir mar is iomchuí, go háirithe i gcomhthéacs nuashonrú na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999.

4.   Faoin 21 Bealtaine 2024, maidir le limistéir shonracha a ainmníodh cheana féin mar limistéir atá oiriúnach le haghaidh imscaradh luathaithe cineáil teicneolaíochta fuinnimh in-athnuaite amháin nó níos mó, féadfaidh na Ballstáit limistéir shonracha den sórt sin a dhearbhú mar limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

tá limistéir den sórt sin lasmuigh de láithreáin Natura 2000, limistéir arna n-ainmniú faoi scéimeanna cosanta náisiúnta le haghaidh chaomhnú an dúlra agus na bithéagsúlachta agus bealaí imirce éan sainaitheanta;

(b)

bhí na pleananna lena sainaithnítear limistéir den sórt sin faoi réir measúnú straitéiseach comhshaoil de bhun Threoir 2001/42/CE agus, i gcás inarb iomchuí, faoi réir measúnú de bhun Airteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE; agus

(c)

cuireann na tionscadail atá lonnaithe i limistéir den sórt sin rialacha agus bearta iomchuí agus comhréireacha chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar an drochthionchar ar an gcomhshaol a d’fhéadfadh teacht chun cinn.

5.   Cuirfidh na húdaráis inniúla an nós imeachta um dheonú ceadanna agus na sprioc-amanna dá dtagraítear in Airteagal 16a i bhfeidhm maidir le tionscadail aonair i limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite.

Airteagal 15d

Rannpháirtíocht an phobail

1.   Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirtíocht an phobail maidir leis na pleananna lena n-ainmnítear limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite dá dtagraítear in Airteagal 15c(1), an chéad fhomhír, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir 2001/42/CE, lena n-áirítear an pobal a ndéantar difear dó nó ar dócha go ndéanfar difear dó a shainaithint.

2.   Déanfaidh na Ballstáit glacadh an phobail le tionscadail fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn trí bhíthin rannpháirtíocht dhíreach agus indíreach na bpobal áitiúil sna tionscadail sin.

Airteagal 15e

Limistéir don bhonneagar eangaí agus stórála is gá chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais

1.   Féadfaidh na Ballstáit plean amháin nó níos mó a ghlacadh chun limistéir thiomnaithe bhonneagair a ainmniú chun tionscadail eangaí agus stórála a fhorbairt a bhfuil gá leo chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais i gcás nach meastar go mbeidh tionchar suntasacha ag forbairt den sórt sin ar an gcomhshaol, inar féidir tionchar den sórt sin a mhaolú go cuí nó, i gcás nach féidir, é a chúiteamh. Is é is aidhm do limistéir den sórt sin tacú leis na limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite agus iad a chomhlánú. Maidir leis na pleananna sin:

(a)

i gcás tionscadail eangaí, déanfar láithreáin Natura 2000 agus limistéir arna n-ainmniú faoi scéimeanna cosanta náisiúnta le haghaidh chaomhnú an dúlra agus na bithéagsúlachta a sheachaint, ach amháin mura bhfuil aon roghanna malartacha comhréireacha ann lena n-imscaradh, agus cuspóirí an láithreáin á gcur san áireamh;

(b)

i gcás tionscadail stórála, déanfar láithreáin Natura 2000 agus limistéir arna n-ainmniú faoi scéimeanna náisiúnta cosanta a eisiamh;

(c)

áiritheofar leo sineirgí le hainmniú limistéar luathaithe fuinnimh in-athnuaite;

(d)

beidh siad faoi réir measúnú comhshaoil de bhun Threoir 2001/42/CE agus, i gcás inarb infheidhme, faoi réir measúnú de bhun Airteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE; agus

(e)

bunófar leo rialacha iomchuí agus comhréireacha, lena n-áirítear rialacha maidir le bearta maolaithe comhréireacha atá le glacadh chun tionscadail eangaí agus stórála a fhorbairt chun na héifeachtaí díobhálacha ar an gcomhshaol a d’fhéadfadh teacht chun cinn a sheachaint nó, mura féidir éifeachtaí den sórt sin a sheachaint, chun iad a laghdú go suntasach.

Agus pleananna den sórt sin á n-ullmhú acu, rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis na hoibreoirí córas bonneagair ábhartha.

2.   De mhaolú ar Airteagail 2(1) agus Airteagal 4(2) de Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*17) agus ar Iarscríbhinn I, pointe 20, agus Iarscríbhinn II, pointe 3(b), a ghabhann léi, agus de mhaolú ar Airteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE, féadfaidh na Ballstáit, in imthosca a bhfuil údar cuí leo, lena n-áirítear i gcás inar gá sin chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite chun na spriocanna aeráide agus fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach, tionscadail eangaí agus stórála is gá chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais a dhíolmhú ón measúnú tionchair ar an gcomhshaol de bhun Airteagal 2(1) de Threoir 2011/92/AE, ó mheasúnú ar a n-impleachtaí ar láithreáin Natura 2000 de bhun Airteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE agus ón measúnú ar a n-impleachtaí ar chosaint speiceas de bhun Airteagal 12(1) de Threoir 92/43/CEE agus de bhun Airteagal 5 de Threoir 2009/147/CE, ar choinníoll go bhfuil an tionscadal eangaí nó stórála lonnaithe i limistéar tiomnaithe bonneagair arna ainmniú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus go gcomhlíonann sé na rialacha a bhunaítear, lena n-áirítear na rialacha maidir le bearta maolaithe comhréireacha atá le glacadh, i gcomhréir le mír 1, pointe (e), den Airteagal seo. Féadfaidh na Ballstáit díolúintí den sórt sin a dheonú freisin i ndáil le limistéir bhonneagair a ainmníodh roimh an 20 Samhain 2023 má bhí siad faoi réir measúnú comhshaoil de bhun Threoir 2001/42/CE. Ní bheidh feidhm ag maoluithe den sórt sin maidir le tionscadail ar dócha go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar an gcomhshaol i mBallstát eile nó i gcás ina n-iarrann Ballstát ar dócha go ndéanfaí difear suntasach dó amhlaidh, dá bhforáiltear in Airteagal 7 de Threoir 2011/92/AE.

3.   I gcás ina ndéanann Ballstát tionscadail eangaí agus stórála de bhun mhír 2 den Airteagal seo a dhíolmhú ó na measúnuithe dá dtagraítear sa mhír sin, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát sin próiseas scagtha maidir leis na tionscadail atá lonnaithe i limistéir thiomnaithe bhonneagair. Beidh próiseas scagtha den sórt sin bunaithe ar shonraí atá ann cheana ón measúnú comhshaoil de bhun Threoir 2001/42/CE. Féadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh ar an iarratasóir faisnéis bhreise atá ar fáil a sholáthar. Tabharfar an próiseas scagtha chun críche laistigh de 30 lá. Beidh sé d’aidhm aige a shainaithint más rídhócha go n-eascróidh éifeachtaí díobhálacha suntasacha gan choinne as aon cheann de thionscadail den sórt sin, i bhfianaise íogaireacht comhshaoil na limistéar geografach ina bhfuil siad lonnaithe, ar éifeachtaí iad nár sainaithníodh le linn an mheasúnaithe comhshaoil ar na pleananna lena n-ainmnítear limistéir thiomnaithe bhonneagair a dhéantar de bhun Threoir 2001/42/CE agus, i gcás inarb ábhartha, de bhun Threoir 92/43/CEE.

4.   I gcás ina sainaithnítear tionscadal sa phróiseas scagtha ar rídhócha go n-eascróidh éifeachtaí díobhálacha suntasacha gan choinne dá dtagraítear i mír 3 as, áiritheoidh an t-údarás inniúil, ar bhonn sonraí atá ann cheana, go gcuirfear bearta maolaithe iomchuí agus comhréireacha i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí sin. I gcás nach féidir bearta maolaithe den sórt sin a chur i bhfeidhm, áiritheoidh an t-údarás inniúil go nglacfaidh an t-oibreoir bearta cúitimh iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí sin, a fhéadfaidh, mura bhfuil bearta cúitimh comhréireacha eile ar fáil, a bheith i bhfoirm cúitimh airgeadaíochta as cláir chosanta speiceas, chun stádas caomhnaithe na speiceas a ndéantar difear dóibh a áirithiú nó a fheabhsú.

5.   I gcás inar gá tionscadal chun an bonneagar eangaí a threisiú i limistéir bhonneagair thiomnaithe nó lasmuigh díobh mar gheall ar chomhtháthú fuinnimh in-athnuaite sa chóras leictreachais, agus i gcás ina bhfuil tionscadal den sórt sin faoi réir próiseas scagtha a dhéantar de bhun mhír 3 den Airteagal seo, faoi réir cinneadh i dtaobh an bhfuil measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol ag teastáil ón tionscadal nó faoi réir measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol de bhun Airteagal 4 de Threoir 2011/92/AE, beidh próiseas scagtha den sórt sin, cinneadh den sórt sin nó measúnú den sórt sin ar an tionchar ar an gcomhshaol teoranta don tionchar a d’fhéadfadh teacht as an athrú nó as an leathnú i gcomparáid leis an mbonneagar eangaí bunaidh.

(*12)  Treoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat do phleanáil spásúil mhuirí (IO L 257, 28.8.2014, lch. 135)."

(*13)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7)."

(*14)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7)."

(*15)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1)."

(*16)  Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30)."

(*17)  Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).’;"

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

‘Airteagal 16

Eagar agus príomhphrionsabail an nós imeachta um dheonú ceadanna

1.   Cumhdófar leis an nós imeachta um dheonú ceadanna gach ceadúnas riaracháin ábhartha chun gléasraí fuinnimh in-athnuaite a thógáil, a athchumhachtú agus a oibriú, lena n-áirítear iad siúd lena gcomhcheanglaítear foinsí fuinnimh in-athnuaite éagsúla, teaschaidéil, agus stóráil fuinnimh chomhshuite, lena n-áirítear saoráidí cumhachta agus teirmeacha, mar aon leis na sócmhainní is gá chun gléasraí, teaschaidéil agus stóráil den sórt sin a nascadh leis an eangach, agus chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú i ngréasáin téimh agus fuaraithe, lena n-áirítear ceadanna maidir le nascadh leis an eangach agus, i gcás inar gá, measúnuithe comhshaoil. Beidh an nós imeachta um dheonú ceadanna comhdhéanta de na céimeanna riaracháin uile ón tráth a admhaítear comhlántacht an iarratais ar chead i gcomhréir le mír 2 go dtí go dtugann an t-údarás inniúil ábhartha nó na húdaráis inniúla ábhartha fógra faoin gcinneadh críochnaitheach maidir le toradh an nós imeachta um dheonú ceadanna.

2.   Laistigh de 30 lá, i gcás gléasraí fuinnimh in-athnuaite atá lonnaithe i limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite, agus laistigh de 45 lá, i gcás gléasraí fuinnimh in-athnuaite atá lonnaithe lasmuigh de limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite, ó iarratas ar chead a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil comhlántacht an iarratais a admháil nó, mura bhfuil an fhaisnéis ar fad is gá chun iarratas a phróiseáil seolta ag an iarratasóir, iarrfaidh sé ar an iarratasóir iarratas comhlánaithe a thíolacadh gan moill mhíchuí. Is é an dáta ar a n-admhaíonn an t-údarás inniúil comhlántacht an iarratais dáta tosaigh an nós imeachta um dheonú ceadanna.

3.   Déanfaidh na Ballstáit pointe teagmhála amháin nó níos mó a chur ar bun nó a ainmniú. Treoróidh agus éascóidh na pointí teagmhála sin, arna iarraidh sin don iarratasóir, an t-iarratasóir le linn an nós imeachta riaracháin ar fad maidir le hiarratas ar chead a dhéanamh agus um dheonú ceadanna. Ní cheanglófar ar an iarratasóir teagmháil a dhéanamh le níos mó ná pointe teagmhála amháin le linn an nós imeachta ar fad. Treoróidh an pointe teagmhála an t-iarratasóir tríd an nós imeachta riaracháin maidir le hiarratas ar chead a dhéanamh, lena n-áirítear na céimeanna a bhaineann le cosaint an chomhshaoil, ar bhealach trédhearcach go dtí go ndéanfaidh na húdaráis inniúla cinneadh amháin nó roinnt cinntí ag deireadh an nós imeachta um dheonú ceadanna, soláthróidh sé an fhaisnéis uile is gá don iarratasóir agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh sé rannpháirt d’údaráis riaracháin eile. Áiritheoidh an pointe teagmhála go gcomhlíonfar na sprioc-amanna maidir leis na nósanna imeachta um dheonú ceadanna a leagtar amach sa Treoir seo. Ligfear do na hiarratasóirí doiciméid ábhartha a thíolacadh i bhfoirm dhigiteach. Faoin 21 Samhain 2025, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na nósanna imeachta uile um dheonú ceadanna i bhformáid leictreonach.

4.   Cuirfidh an pointe teagmhála lámhleabhar nósanna imeachta ar fáil d’fhorbróirí gléasraí fuinnimh in-athnuaite agus soláthróidh sé an fhaisnéis sin ar líne freisin, lena dtugtar aghaidh go soiléir freisin ar thionscadail fuinnimh in-athnuaite ar mhionscála, ar thionscadail féintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite agus ar chomhphobail fuinnimh in-athnuaite. San fhaisnéis ar líne, léireofar an pointe teagmhála is ábhartha don iarratas i dtrácht. Má tá níos mó ná pointe teagmhála amháin ag Ballstát, léireofar san fhaisnéis ar líne an pointe teagmhála is ábhartha don iarratas i dtrácht.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain éasca ag iarratasóirí agus ag an bpobal i gcoitinne ar nósanna imeachta simplí chun díospóidí a bhaineann leis an nós imeachta um dheonú ceadanna a réiteach agus le ceadanna a eisiúint chun gléasraí fuinnimh in-athnuaite a thógáil agus a oibriú, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, sásraí um réiteach malartach díospóidí.

6.   Maidir le hachomhairc riaracháin agus bhreithiúnacha i gcomhthéacs tionscadail chun gléasra fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt, nascadh an ghléasra sin leis an eangach agus na sócmhainní sin atá riachtanach chun forbairt a dhéanamh ar na gréasáin bonneagair fuinnimh is gá chun fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras fuinnimh, lena n-áirítear achomhairc a bhaineann le gnéithe comhshaoil, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh siad faoi réir an nós imeachta riaracháin agus bhreithiúnaigh is gasta atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil ábhartha.

7.   Soláthróidh na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha chun foireann cháilithe agus uas-sciliú agus athsciliú a n-údarás inniúil a áirithiú i gcomhréir leis an toilleadh giniúna fuinnimh in-athnuaite suiteáilte pleanáilte dá bhforáiltear ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999. Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh do na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla chun an nós imeachta um dheonú ceadanna a éascú.

8.   Ach amháin nuair a tharlaíonn sé i gcomhthráth le céimeanna riaracháin eile den nós imeachta um dheonú ceadanna, ní áireofar an méid seo a leanas le ré an nós imeachta um dheonú ceadanna:

(a)

an t-am ar lena linn atá na gléasraí fuinnimh in-athnuaite, a naisc leis an eangach agus, d’fhonn cobhsaíocht na heangaí, iontaofacht na heangaí agus sábháilteacht na heangaí a áirithiú, an bonneagar eangaí riachtanach gaolmhar, á dtógáil nó á n-athchumhachtú;

(b)

an t-am i gcomhair na gcéimeanna riaracháin atá riachtanach chun uasghrádú suntasach a dhéanamh ar an eangach a bhfuil gá leis chun cobhsaíocht na heangaí, iontaofacht na heangaí agus sábháilteacht na heangaí a áirithiú;

(c)

an t-am i gcomhair aon achomharc breithiúnach agus leigheasanna breithiúnacha, agus imeachtaí eile os comhair cúirte nó binse, agus sásraí um réiteach malartach díospóidí, lena n-áirítear nósanna imeachta gearáin agus achomhairc neamhbhreithiúnacha agus leigheasanna neamhbhreithiúnacha.

9.   Na cinntí a eascraíonn as na nósanna imeachta um dheonú ceadanna, cuirfear ar fáil go poiblí iad i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.’;

Airteagal 16a

An nós imeachta um dheonú ceadanna i limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh an nós imeachta um dheonú ceadanna dá dtagraítear in Airteagal 16(1) thar 12 mhí i gcás tionscadail fuinnimh in-athnuaite atá i limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite. Mar sin féin, i gcás tionscadail fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, ní rachaidh an nós imeachta um dheonú ceadanna thar thréimhse 2 bhliain. I gcás ina bhfuil údar cuí leis ar an bhforas gur ann d’imthosca urghnácha, féadfaidh na Ballstáit ceachtar de na tréimhsí sin a fhadú suas go 6 mhí. Cuirfidh na Ballstáit an forbróir tionscadail ar an eolas go soiléir faoi na himthosca urghnácha a thugann údar le fadú den sórt sin.

2.   Maidir leis an nós imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh athchumhachtú gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite, le haghaidh suiteálacha nua ag a bhfuil toilleadh leictreach ar lú é ná 150 kW, le haghaidh stóráil fuinnimh chomhshuite, lena n-áirítear saoráidí cumhachta agus teirmeacha, agus le haghaidh a nasctha leis an eangach, i gcás ina bhfuil siad lonnaithe i limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite, ní rachaidh sé thar 6 mhí. Mar sin féin, i gcás tionscadail fuinnimh gaoithe amach ón gcósta, ní rachaidh an nós imeachta um dheonú ceadanna thar 12 mhí. I gcás ina bhfuil údar cuí leis ar an bhforas gur ann d’imthosca urghnácha, amhail ar fhorais cúiseanna sábháilteachta sáraitheacha i gcás ina bhfuil tionchar suntasach ag an tionscadal athchumhachtaithe ar an eangach nó ar thoilleadh bunaidh, méid bhunaidh nó feidhmíocht bhunaidh na suiteála, féadfaidh na Ballstáit an tréimhse 6 mhí a fhadú suas go 3 mhí agus an tréimhse 12 mhí i gcás tionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a fhadú suas go 6 mhí. Cuirfidh na Ballstáit an forbróir tionscadail ar an eolas go soiléir faoi na himthosca urghnácha a thugann údar le fadú den sórt sin.

3.   Gan dochar do mhíreanna 4 agus 5 den Airteagal seo, de mhaolú ar Airteagal 4(2) de Threoir 2011/92/AE agus ar Iarscríbhinn II, pointí 3(a), (b), (d), (h), (i), agus 6(c), ina n-aonar nó i gcomhar le pointe 13(a), a ghabhann léi, a mhéid a bhaineann le tionscadail fuinnimh in-athnuaite, le hiarratais nua ar ghléasraí fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear gléasraí lena gcomhcheanglaítear cineálacha éagsúla teicneolaíochta fuinnimh in-athnuaite agus athchumhachtú gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite i limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite atá ainmnithe don teicneolaíocht ábhartha agus stóráil fuinnimh chomhshuite, mar aon le nascadh gléasraí agus stórála den sórt sin leis an eangach, beidh siad díolmhaithe ón gceanglas measúnú tiomnaithe ar an tionchar ar an gcomhshaol a dhéanamh de bhun Airteagal 2(1) de Threoir 2011/92/AE, ar choinníoll go gcomhlíonann na tionscadail sin Airteagal 15c(1), pointe (b), den Treoir seo. Ní bheidh feidhm ag an maolú sin maidir le tionscadail ar dócha go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar an gcomhshaol i mBallstát eile nó i gcás ina n-iarrann Ballstát ar dócha go ndéanfaí difear suntasach dó amhlaidh, de bhun Airteagal 7 de Threoir 2011/92/AE.

De mhaolú ar Airteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE, ní bheidh na gléasraí fuinnimh in-athnuaite dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo faoi réir measúnú maidir lena n-impleachtaí do láithreáin Natura 2000 ar choinníoll go gcomhlíonann na tionscadail fuinnimh in-athnuaite sin na rialacha agus na bearta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 15c(1), pointe (b), den Treoir seo.

4.   Déanfaidh na húdaráis inniúla próiseas scagtha ar na hiarratais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Beidh sé d’aidhm ag próiseas scagtha den sórt sin a shainaithint más rídhócha go n-eascróidh éifeachtaí díobhálacha suntasacha gan choinne as aon cheann de na tionscadail fuinnimh in-athnuaite i bhfianaise íogaireacht comhshaoil na limistéar geografach ina bhfuil siad lonnaithe, ar éifeachtaí iad nár sainaithníodh le linn an mheasúnaithe comhshaoil ar na pleananna lena n-ainmnítear limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite dá dtagraítear in Airteagal 15c(1), an chéad fhomhír, den Treoir seo a dhéantar de bhun Threoir 2001/42/CE agus, i gcás inarb ábhartha, de bhun Threoir 92/43/CEE. Beidh sé d’aidhm ag próiseas scagtha den sórt sin freisin a shainaithint an dtagann aon cheann de thionscadail fuinnimh in-athnuaite den sórt sin faoi raon feidhme Airteagal 7 de Threoir 2011/92/AE mar gheall ar an dóchúlacht go mbeidh éifeachtaí suntasacha aige ar an gcomhshaol i mBallstát eile nó mar gheall ar iarraidh ó Bhallstát ar dócha go ndéanfar difear suntasach dó.

Chun críche próisis scagtha den sórt sin, soláthróidh an forbróir tionscadail faisnéis faoi shaintréithe an tionscadail fuinnimh in-athnuaite, faoin méid a chomhlíonann sé na rialacha agus na bearta arna sainaithint de bhun Airteagal 15c(1), pointí (b), le haghaidh an limistéir shonraigh luathaithe fuinnimh in-athnuaite, faoi aon bheart breise a ghlac an forbróir tionscadail agus faoin gcaoi a dtéitear i ngleic leis an tionchar ar an gcomhshaol leis na bearta sin. Féadfaidh an t-údarás inniúil a iarraidh ar an bhforbróir tionscadail faisnéis bhreise atá ar fáil a sholáthar. An próiseas scagtha a bhaineann le hiarratais ar ghléasraí nua fuinnimh in-athnuaite, tabharfar chun críche é laistigh de 45 lá ón dáta a tíolacadh an fhaisnéis leordhóthanach is gá chun na críche sin. Mar sin féin, i gcás iarratais ar shuiteálacha ag a bhfuil toilleadh leictreach ar lú é ná 150 kW agus iarratais nua ar athchumhachtú gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite, tabharfar an próiseas scagtha chun críche laistigh de 30 lá.

5.   Tar éis an phróisis scagtha, beidh na hiarratais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo údaraithe ó thaobh an chomhshaoil de gan aon cheangal maidir le cinneadh sainráite ón údarás inniúil, ach amháin má ghlacann an t-údarás inniúil cinneadh riaracháin, lena leagtar amach cúiseanna cuí ar bhonn fianaise shoiléir, lena léirítear gur rídhócha go n-eascróidh éifeachtaí díobhálacha suntasacha gan choinne as tionscadal sonrach i bhfianaise íogaireacht comhshaoil an limistéir gheografaigh ina bhfuil an tionscadal lonnaithe, ar éifeachtaí iad nach féidir a mhaolú leis na bearta a shainaithnítear sna pleananna lena n-ainmnítear limistéir luathaithe nó le bearta atá beartaithe ag an bhforbróir tionscadail. Cuirfear cinntí den sórt sin ar fáil go poiblí. Beidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite den sórt sin faoi réir measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol de bhun Threoir 2011/92/AE agus, más infheidhme, faoi réir measúnú de bhun Threoir 92/43/CEE, a dhéanfar laistigh de 6 mhí ón gcinneadh riaracháin lena sainaithnítear gur rídhócha gur ann d’éifeachtaí díobhálacha suntasacha gan choinne. I gcás ina bhfuil údar cuí leis ar na forais gur ann d’imthosca urghnácha, féadfar an tréimhse 6 mhí sin a fhadú 6 mhí.

I gcás imthosca a bhfuil údar cuí leo, lena n-áirítear i gcás inar gá sin chun an t-imscaradh fuinnimh in-athnuaite a luathú chun na spriocanna aeráide agus fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach, féadfaidh na Ballstáit tionscadail ghaoithe agus fhótavoltacha gréine a dhíolmhú ó mheasúnuithe den sórt sin.

I gcás ina ndéanann na Ballstáit tionscadail ghaoithe agus fhótavoltacha gréine a dhíolmhú ó na measúnuithe sin, glacfaidh an t-oibreoir bearta maolaithe comhréireacha nó, i gcás nach bhfuil bearta maolaithe den sórt sin ar fáil, bearta cúitimh a fhéadfaidh, mura bhfuil bearta cúitimh comhréireacha eile ar fáil, a bheith i bhfoirm cúitimh airgeadaíochta, chun aghaidh a thabhairt ar aon éifeachtaí díobhálacha. I gcás ina bhfuil tionchar ag na héifeachtaí díobhálacha sin ar chosaint speiceas, íocfaidh an t-oibreoir cúiteamh airgeadaíochta as cláir cosanta speiceas ar feadh thréimhse oibriúcháin an ghléasra fuinnimh in-athnuaite chun stádas caomhnaithe na speiceas lena mbaineann a áirithiú nó a fheabhsú.

6.   Sa nós imeachta um dheonú ceadanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, áiritheoidh na Ballstáit go measfar, mar gheall ar an easpa freagra ó na húdaráis inniúla ábhartha laistigh den sprioc-am a leagtar síos, na céimeanna riaracháin idirmheánacha sonracha a bheith formheasta, ach amháin i gcás ina bhfuil an tionscadal sonrach fuinnimh in-athnuaite faoi réir measúnú tionchair ar an gcomhshaol de bhun mhír 5 nó i gcás nach ann do phrionsabal an fhormheasa intuigthe riaracháin i gcóras dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le cinntí críochnaitheacha maidir le toradh an nós imeachta um dheonú ceadanna, ar cinntí iad a bheidh sainráite. Cuirfear na cinntí uile ar fáil go poiblí.

Airteagal 16b

An nós imeachta um dheonú ceadanna lasmuigh de limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh an nós imeachta um dheonú ceadanna dá dtagraítear in Airteagal 16(1) thar 2 bhliain i gcás tionscadail fuinnimh in-athnuaite atá lonnaithe lasmuigh de limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite. Mar sin féin, i gcás tionscadail fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, ní rachaidh an nós imeachta um dheonú ceadanna thar thréimhse 3 bliana. I gcás ina bhfuil údar cuí leis ar fhorais gur ann d’imthosca urghnácha, lena n-áirítear i gcás ina gceanglaítear leis na himthosca urghnácha sin tréimhsí fadaithe atá riachtanach le haghaidh measúnuithe faoi dhlí comhshaoil an Aontais is infheidhme, féadfaidh na Ballstáit ceachtar de na tréimhsí sin a fhadú suas go 6 mhí. I gcás den sórt sin, cuirfidh na Ballstáit an forbróir tionscadail ar an eolas go soiléir faoi na himthosca urghnácha a thugann údar le fadú den sórt sin.

2.   I gcás ina gceanglaítear measúnú comhshaoil a dhéanamh de bhun Threoir 2011/92/AE nó 92/43/CEE, déanfar é i nós imeachta aonair ina gcomhcheanglaítear na measúnuithe ábhartha uile le haghaidh tionscadal fuinnimh in-athnuaite ar leith. Nuair a cheanglaítear aon mheasúnú den sórt sin a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol, agus an fhaisnéis a sholáthair an forbróir tionscadail á cur san áireamh, eiseoidh an t-údarás inniúil tuairim maidir le raon feidhme agus leibhéal mionsonraí na faisnéise atá le háireamh ag an bhforbróir tionscadail sa tuarascáil measúnaithe ar an tionchar ar an gcomhshaol, agus ní dhéanfar a raon feidhme a leathnú ina dhiaidh sin. I gcás ina bhfuil na bearta maolaithe is gá glactha ag tionscadal sonrach fuinnimh in-athnuaite, ní mheasfar gur gníomhaíochtaí d’aon ghnó iad aon mharú nó corraí speiceas atá faoi chosaint faoi Airteagal 12(1) de Threoir 92/43/CEE agus Airteagal 5 de Threoir 2009/147/CE. I gcás nach bhfuil tástáil fhorleathan déanta ar bhearta maolaithe nua chun cosc a chur, a mhéid is féidir, ar mharú nó corraí speiceas atá faoi chosaint faoi Threoracha 92/43/CEE agus 2009/147/CE, nó chun aon tionchar eile ar an gcomhshaol a chosc, a mhéid a bhaineann le héifeachtacht na mbeart nua sin, féadfaidh na Ballstáit a n-úsáid le haghaidh tionscadal píolótach amháin nó níos mó a cheadú ar feadh tréimhse theoranta ama, ar choinníoll go ndéantar dlúthfhaireachán ar éifeachtacht beart maolaithe den sórt sin agus go nglactar céimeanna iomchuí láithreach mura bhfuil siad éifeachtach.

An nós imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh athchumhachtú gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite, le haghaidh suiteálacha nua ag a bhfuil toilleadh leictreach ar lú é ná 150 kW agus le haghaidh stóráil fuinnimh chomhshuite, agus le haghaidh nascadh gléasraí, suiteálacha agus stórála den sórt leis an eangach, atá lonnaithe lasmuigh de limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite, ní rachaidh sé thar 12 mhí, lena n-áirítear maidir le measúnuithe ar an gcomhshaol i gcás ina gceanglaítear sin leis an dlí ábhartha. Mar sin féin, i gcás tionscadail fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, ní rachaidh an nós imeachta um dheonú ceadanna thar thréimhse 2 bhliain. I gcás ina bhfuil údar cuí leis ar an bhforas gur ann d’imthosca urghnácha, féadfaidh na Ballstáit ceachtar de na tréimhsí sin a fhadú suas go 3 mhí. Cuirfidh na Ballstáit an forbróir tionscadail ar an eolas go soiléir faoi na himthosca urghnácha a thugann údar le fadú den sórt sin.

Airteagal 16c

An nós imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh athchumhachtaithe a luathú

1.   I gcás nach dtagann méadú thar 15 % ar thoilleadh gléasra cumhachta fuinnimh in-athnuaite mar thoradh ar athchumhachtú gléasra cumhachta fuinnimh in-athnuaite, agus gan dochar d’aon mheasúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar an gcomhshaol a cheanglaítear de bhun mhír 2, áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh naisc leis an eangach tarchuir nó dáileacháin thar 3 mhí tar éis iarratas a dhéanamh chuig an eintiteas ábhartha mura bhfuil údair imní dhea-bhunaithe maidir le sábháilteacht ann nó mura bhfuil neamh-chomhoiriúnacht theicniúil ann idir comhpháirteanna an chórais.

2.   I gcás ina bhfuil athchumhachtú gléasra cumhachta fuinnimh in-athnuaite faoi réir an phróisis scagtha dá bhforáiltear in Airteagal 16a(4), nó faoi réir cinneadh i dtaobh an bhfuil measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol ag teastáil ón tionscadal nó faoi réir measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol de bhun Airteagal 4 de Threoir 2011/92/AE, beidh próiseas scagtha den sórt sin, cinneadh den sórt sin nó measúnú den sórt sin ar an tionchar ar an gcomhshaol teoranta don tionchar a d’fhéadfadh teacht as an athrú nó as an leathnú i gcomparáid leis an tionscadal bunaidh.

3.   I gcás nach bhfuil úsáid spáis bhreise i gceist le hathchumhachtú suiteálacha gréine agus ina gcomhlíonann sé na bearta maolaithe comhshaoil is infheidhme arna leagan síos le haghaidh na suiteála gréine bunaidh, beidh an tionscadal díolmhaithe ó aon cheanglais is infheidhme próiseas scagtha dá bhforáiltear in Airteagal 16a(4) a dhéanamh, cinneadh a dhéanamh i dtaobh an bhfuil measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol ag teastáil ón tionscadal, nó measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol a dhéanamh de bhun Airteagal 4 de Threoir 2011/92/AE.

Airteagal 16d

An nós imeachta um dheonú ceadanna maidir le trealamh grianfhuinnimh a shuiteáil

1.   An nós imeachta um dheonú ceadanna dá dtagraítear in Airteagal 16(1) maidir le trealamh grianfhuinnimh agus stóráil fuinnimh chomhshuite, lena n-áirítear suiteálacha gréine atá comhtháite san fhoirgneamh, a shuiteáil i struchtúir shaorga atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo, cé is moite de dhromchlaí uisce saorga, áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh an nós imeachta sin thar 3 mhí, ar choinníoll nach é príomhaidhm struchtúr saorga den sórt sin grianfhuinneamh a tháirgeadh ná fuinneamh a stóráil. De mhaolú ar Airteagal 4(2) de Threoir 2011/92/AE agus ar Iarscríbhinn II, pointí 3(a) agus (b), ina n-aonar nó i gcomhar le pointe 13(a), a ghabhann léi, beidh suiteáil trealaimh gréine den sórt sin díolmhaithe ón gceanglas, más infheidhme, measúnú tiomnaithe ar an tionchar ar an gcomhshaol a dhéanamh de bhun Airteagal 2(1) den Treoir sin.

Féadfaidh na Ballstáit limistéir nó struchtúir áirithe a eisiamh ó chur i bhfeidhm na chéad fhomhíre chun an oidhreacht chultúrtha nó stairiúil a chosaint, chun críoch leasanna cosanta náisiúnta, nó ar chúiseanna sábháilteachta.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh an nós imeachta um dheonú ceadanna maidir le trealamh grianfhuinnimh ag a bhfuil toilleadh 100 kW nó níos lú a shuiteáil, lena n-áirítear i gcás féintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite agus comhphobail fuinnimh in-athnuaite, thar aon mhí amháin. Mar gheall ar an easpa freagra ó na heintitis ábhartha laistigh den sprioc-am a leagtar síos tar éis iarratas comhlánaithe a thíolacadh, measfar an cead a bheith deonaithe, ar choinníoll nach sáraíonn toilleadh an trealaimh grianfhuinnimh toilleadh an naisc leis an eangach dáileacháin atá ann cheana.

I gcás ina bhfuil ualach suntasach riaracháin nó srianta ar oibriú na heangaí leictreachais ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm na tairsí toillte dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit tairseach toillte níos ísle a chur i bhfeidhm ar choinníoll go bhfanfaidh sí os cionn 10,8 kW.

Airteagal 16e

An nós imeachta um dheonú ceadanna chun teaschaidéil a shuiteáil

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh an nós imeachta um dheonú ceadanna chun teaschaidéil faoi bhun 50 MW a shuiteáil thar aon mhí amháin. Mar sin féin, i gcás theaschaidéil ó fhoinse na talún, ní rachaidh an nós imeachta um dheonú ceadanna thar thréimhse 3 mhí.

2.   Mura bhfuil údair imní dhea-bhunaithe maidir le sábháilteacht ann, mura bhfuil gá le tuilleadh oibreacha a dhéanamh chun naisc a dhéanamh leis an eangach nó mura bhfuil neamh-chomhoiriúnacht theicniúil ann maidir le comhpháirteanna an chórais, áiritheoidh na Ballstáit go gceadófar naisc a dhéanamh leis an eangach tarchurtha nó dáileacháin laistigh de 2 sheachtain ó fhógra a thabhairt don eintiteas ábhartha faoin méid seo a leanas:

(a)

teaschaidéil ag a bhfuil toilleadh leictreach suas le 12 kW; agus

(b)

teaschaidéil ag a bhfuil toilleadh leictreach suas le 50 kW arna suiteáil ag féintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite, ar choinníoll gurb ionann toilleadh leictreach shuiteáil giniúna leictreachais in-athnuaite an fhéintomhaltóra fuinnimh in-athnuaite agus 60 % ar a laghad de thoilleadh leictreach an teaschaidéil.

3.   Féadfaidh na Ballstáit limistéir nó struchtúir áirithe a eisiamh ó chur i bhfeidhm mhíreanna 1 agus 2 chun an oidhreacht chultúrtha nó stairiúil a chosaint, chun críoch leasanna cosanta náisiúnta, nó ar chúiseanna sábháilteachta.

4.   Déanfar na cinntí uile a eascraíonn as an nós imeachta um dheonú ceadanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chur ar fáil go poiblí i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.

Airteagal 16f

Leas poiblí sáraitheach

Faoin 21 Feabhra 2024, go dtí go mbainfear aeráidneodracht amach, áiritheoidh na Ballstáit, maidir leis an nós imeachta um dheonú ceadanna, go measfar pleanáil, tógáil agus oibriú na ngléasraí fuinnimh in-athnuaite, nascadh gléasraí den sórt sin leis an eangach, an eangach ghaolmhar féin, agus na sócmhainní stórála a bheith ina leas poiblí sáraitheach agus gur chun leas na sábháilteachta poiblí agus na sláinte poiblí atá siad agus leasanna dlíthiúla á gcothromú i gcásanna aonair chun críocha Airteagal 6(4) agus Airteagal 16(1), pointe (c), de Threoir 92/43/CEE, Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE agus Airteagal 9(1), pointe (a), de Threoir 2009/147/CE. Féadfaidh na Ballstáit, in imthosca sonracha a bhfuil údar cuí leo, cur i bhfeidhm an Airteagail seo a shrianadh do chodanna áirithe dá gcríoch, do chineálacha áirithe teicneolaíochta nó do thionscadail ag a bhfuil saintréithe teicniúla áirithe i gcomhréir leis na tosaíochtaí a leagtar amach ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi shrianta den sórt sin, mar aon leis na cúiseanna atá leo.’;

(8)

in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

‘3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a scéimeanna deimhniúcháin nó a scéimeanna cáiliúcháin coibhéiseacha ar fáil do shuiteálaithe agus dearthóirí gach cineáil córais téimh agus fuaraithe in-athnuaite i bhfoirgnimh, sa tionsclaíocht agus sa talmhaíocht, do shuiteálaithe córas fótavoltach gréine, lena n-áirítear stóráil fuinnimh, agus do shuiteálaithe pointí athluchtaithe lena gcumasaítear freagairt don éileamh. Féadfar scéimeanna agus struchtúir atá ann cheana a chur san áireamh sna scéimeanna sin de réir mar is iomchuí agus beidh siad bunaithe ar na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn IV. Aithneoidh gach Ballstát an deimhniú arna dheonú ag Ballstáit eile i gcomhréir leis na critéir sin.

Déanfaidh na Ballstáit creat a chur ar bun chun líon leordhóthanach suiteálaithe oilte agus cáilithe den teicneolaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír a áirithiú chun freastal ar fhás an fhuinnimh in-athnuaite is gá chun na spriocanna a leagtar amach sa Treoir seo a bhaint amach.

Chun líon leordhóthanach suiteálaithe agus dearthóirí a bhaint amach, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear cláir oiliúna leordhóthanacha ar fáil a mbeidh deimhniú nó cáiliú lena gcuimsítear teicneolaíocht téimh agus fuaraithe in-athnuaite, córais fhótavoltacha gréine, lena n-áirítear stóráil fuinnimh, agus pointí athluchtaithe lena gcumasaítear freagairt don éileamh agus na réitigh nuálacha is déanaí dóibh, mar thoradh orthu ar choinníoll go bhfuil siad comhoiriúnach lena scéimeanna deimhniúcháin nó lena scéimeanna cáiliúcháin coibhéiseacha. Cuirfidh na Ballstáit bearta i bhfeidhm chun rannpháirtíocht i gcláir oiliúna den sórt sin a chur chun cinn, go háirithe ag fiontair bheaga agus mheánmhéide agus ag daoine féinfhostaithe. Féadfaidh na Ballstáit comhaontuithe deonacha a chur i bhfeidhm leis na soláthraithe teicneolaíochta ábhartha agus na díoltóirí teicneolaíochta ábhartha chun oiliúint a chur ar líon leordhóthanach suiteálaithe, a fhéadfar a bheith bunaithe ar mheastacháin díolacháin, sna réitigh nuálach is déanaí atá ar fáil ar an margadh agus sa teicneolaíocht nuálach is déanaí atá ar fáil ar an margadh.

Má shainaithníonn na Ballstáit bearna shubstaintiúil idir líon na suiteálaithe oilte agus cáilithe atá ar fáil agus líon na suiteálacha oilte agus cáilithe atá riachtanach, glacfaidh siad bearta chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna sin.

4.   Cuirfidh na Ballstáit faisnéis faoi na scéimeanna deimhniúcháin nó na scéimeanna cáiliúcháin coibhéiseacha dá dtagraítear i mír 3 ar fáil don phobal. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don phobal freisin, ar bhealach trédhearcach a bhfuil rochtain éasca air, liosta a thugtar cothrom le dáta go tráthrialta de shuiteálaithe atá deimhnithe nó cáilithe i gcomhréir le mír 3.’

;

(9)

leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘2.   Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit go n-eiseofar ráthaíocht tionscnaimh mar fhreagra ar iarraidh ó tháirgeoir fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, lena n -áirítear breoslaí in-athnuaite gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch amhail hidrigin, mura rud é go gcinneann na Ballstáit, ar mhaithe le cuntas a thabhairt ar luach margaidh na ráthaíochta tionscnaimh, gan ráthaíocht tionscnaimh den sórt sin a eisiúint chuig táirgeoir a fhaigheann tacaíocht airgeadais ó scéim tacaíochta. Féadfaidh Ballstát socrú a dhéanamh i dtaobh ráthaíochtaí tionscnaimh a eisiúint i gcás fuinneamh ó fhoinsí neamh-in-athnuaite. Féadfar eisiúint ráthaíochtaí tionscnaimh a chur faoi réir teorainn íostoillte. Méid caighdeánach 1 MWh a bheidh sa ráthaíocht tionscnaimh. I gcás inarb iomchuí, féadfar méid caighdeánach den sórt sin a roinnt ar mhéid codán, ar choinníoll gur iolraí de 1 Wh an codán. Ní eiseofar níos mó ná ráthaíocht tionscnaimh amháin i dtaca le gach aonad fuinnimh a tháirgtear.’

;

(ii)

cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis an dara fomhír:

‘Tabharfar isteach próisis chlárúcháin shimplithe agus táillí clárúcháin laghdaithe i gcás suiteálacha beaga ar lú iad ná 50 kW agus i gcás comhphobail fuinnimh in-athnuaite.’;

(iii)

sa cheathrú fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

i gcás nach n-eisítear na ráthaíochtaí tionscnaimh go díreach chuig an táirgeoir ach chuig soláthraí nó tomhaltóir a cheannaíonn an fuinneamh i dtimpeallacht iomaíoch nó i gcomhaontú fadtéarmach ceannacháin cumhachta in-athnuaite.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

‘3.   Chun críocha mhír 1, beidh na ráthaíochtaí tionscnaimh bailí i gcás idirbheart ar feadh tréimhse 12 mhí tar éis tháirgeadh an aonaid ábhartha fuinnimh. Áiritheoidh na Ballstáit go rachaidh gach ráthaíocht tionscnaimh nach bhfuil curtha ar ceal in éag faoi cheann 18 mí ar a dhéanaí tar éis tháirgeadh an aonaid ábhartha fuinnimh. Déanfaidh na Ballstáit na ráthaíochtaí tionscnaimh sin atá imithe in éag a chur san áireamh agus a meascán fuinnimh iarmhair á ríomh acu.

4.   Chun críocha an nochta dá dtagraítear i míreanna 8 agus 13, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh gnóthais fuinnimh na ráthaíochtaí tionscnaimh ar ceal faoi cheann 6 mhí ar a dhéanaí tar éis dheireadh bhailíocht na ráthaíochta tionscnaimh. Thairis sin, faoin 21 Bealtaine 2025, áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseofar na sonraí maidir lena meascán fuinnimh iarmhair ar bhonn bliantúil.’

;

(c)

i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

foinse an fhuinnimh ónar táirgeadh an fuinneamh agus dáta tosaigh agus dáta deiridh an táirgthe, a fhéadfar a shonrú mar a leanas:

(i)

i gcás gás in-athnuaite, lena n-áirítear breoslaí in-athnuaite gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, agus téamh agus fuarú in-athnuaite, ag eatramh in aghaidh na huaire nó ag eatramh ar lú é ná uair an chloig;

(ii)

maidir le leictreachas in-athnuaite, i gcomhréir leis an tréimhse réitigh míchothromaíochtaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (15), de Rialachán (AE) 2019/943.’;

(d)

i mír 8, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre:

‘I gcás ina soláthraítear gás ó ghréasán hidrigine nó ó ghréasán gáis nádúrtha, lena n-áirítear breoslaí in-athnuaite gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus bithmheatán, ceanglaítear ar an soláthraí an sciar nó an chainníocht fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite ina mheascán fuinnimh chun críocha Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/73/CE a léiriú do thomhaltóirí deiridh. Déanfaidh an soláthraí amhlaidh trí ráthaíochtaí tionscnaimh a úsáid ach amháin:

(a)

maidir leis an sciar dá mheascán fuinnimh a chomhfhreagraíonn do thairiscintí tráchtála neamhrianaithe, más ann dóibh, a bhféadfaidh an soláthraí an meascán fuinnimh iarmhair a úsáid ina leith;

(b)

i gcás ina gcinneann Ballstát gan ráthaíochtaí tionscnaimh a eisiúint do tháirgeoir a fhaigheann tacaíocht airgeadais ó scéim tacaíochta.

Nuair a thomhlaíonn custaiméir gás ó ghréasán hidrigine nó ó ghréasán gáis nádúrtha, lena n-áirítear breoslaí in-athnuaite gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus bithmheatán, mar a léirítear sa tairiscint tráchtála ón soláthraí, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhfhreagróidh na ráthaíochtaí tionscnaimh a chuirtear ar ceal do na saintréithe gréasáin ábhartha.’;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 13:

‘13.   Faoin 31 Nollaig 2025, glacfaidh an Coimisiún tuarascáil lena ndéantar measúnú ar na roghanna atá ann maidir le lipéad glas uile-Aontais a bhunú d’fhonn úsáid an fhuinnimh in-athnuaite arna ghiniúint ag suiteálacha nua a chur chun cinn. Úsáidfidh soláthraithe an fhaisnéis atá i ráthaíochtaí tionscnaimh chun a léiriú go gcomhlíontar ceanglais lipéid den sórt sin.

13a.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fheidhmiú an chórais ráthaíochtaí tionscnaimh agus déanfaidh sé measúnú faoin 30 Meitheamh 2025 ar an gcothromaíocht atá idir soláthar agus éileamh na ráthaíochtaí tionscnaimh sa mhargadh agus, i gcás míchothromaíochtaí, sainaithneoidh sé tosca ábhartha a dhéanann difear don soláthar agus don éileamh.’

;

(10)

in Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Faoi réir an mheasúnaithe a áirítear ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin maidir leis an ngá atá le bonneagar nua a thógáil do théamh agus fuarú ceantair ó fhoinsí in-athnuaite chun sprioc fhoriomlán an Aontais a leagtar síos in Airteagal 3(1) den Treoir seo a bhaint amach, déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, na bearta is gá d’fhonn bonneagar téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil a fhorbairt chun téamh agus fuarú ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, amhail grianfhuinneamh teirmeach, grianfhuinneamh fótavoltach, teaschaidéil faoi thiomáint leictreachais in-athnuaite ina n-úsáidtear fuinneamh comhthimpeallach agus fuinneamh geoiteirmeach, teicneolaíocht fuinnimh gheoiteirmigh eile, bithmhais, bithghás, bithleachtanna agus dramhtheas agus dramhfhuacht, in éineacht, i gcás inar féidir, le stóráil fuinnimh theirmigh, córais freagartha don éileamh agus cumhacht chun suiteálacha a théamh.’

;

(11)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 20a

Comhtháthú córais de leictreachas in-athnuaite a éascú

1.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar oibreoirí córais tarchurtha agus, má tá na sonraí ar fáil dóibh, ar oibreoirí córas dáileacháin ina gcríoch sonraí a chur ar fáil maidir leis an sciar de leictreachas in-athnuaite agus an cion astaíochtaí gás ceaptha teasa den leictreachas a sholáthraítear i ngach crios tairisceana, a chruinne is féidir in eatraimh ama atá ar cóimhéid le minicíocht socraíochta an mhargaidh ach nach mó ná aon uair an chloig amháin, le réamhaisnéis i gcás inar féidir. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil rochtain ag oibreoirí córas dáileacháin ar na sonraí is gá. Mura bhfuil rochtain ag oibreoirí córas dáileacháin, de bhun an dlí náisiúnta, ar na sonraí uile is gá, cuirfidh siad an córas tuairiscithe sonraí atá ann cheana faoin Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais i bhfeidhm, i gcomhréir le forálacha Threoir (AE) 2019/944. Cuirfidh na Ballstáit dreasachtaí ar fáil le haghaidh uasghráduithe ar eangacha cliste chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar chothromaíocht na heangaí agus chun sonraí fíor-ama a chur ar fáil.

Má tá siad ar fáil go teicniúil, cuirfidh oibreoirí córas dáileacháin sonraí anaithnidithe agus comhiomlánaithe ar fáil freisin maidir leis an acmhainneacht freagartha don éileamh agus maidir leis an leictreachas in-athnuaite arna ghiniúint agus arna instealladh isteach san eangach ag féintomhaltóirí agus ag comhphobail fuinnimh in-athnuaite.

2.   Cuirfear na sonraí dá dtagraítear i mír 1 ar fáil go digiteach ar bhealach lena n-áirithítear idir-inoibritheacht ar bhonn formáidí comhchuibhithe sonraí agus ar bhonn tacair sonraí chaighdeánaithe ionas gur féidir le rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais, comhbhailitheoirí, tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh iad a úsáid ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, agus gur féidir le feistí cumarsáide leictreonaí amhail córais méadraithe chliste, pointí athluchtaithe feithiclí leictreacha, córais téimh agus fuaraithe agus córais bainistíochta fuinnimh foirgneamh iad a léamh.

3.   Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/1542, áiritheoidh na Ballstáit go gcumasóidh monaróirí ceallraí baile agus ceallraí tionsclaíocha rochtain fíor-ama ar fhaisnéis bhunúsach maidir leis an gcóras bainistithe ceallraí, lena n-áirítear toilleadh ceallraí, staid sláinte, staid luchta agus pointe socraithe cumhachta, d’úinéirí agus úsáideoirí ceallraí, chomh maith le tríú páirtithe atá ag gníomhú, le toiliú sainráite, thar ceann na n-úinéirí agus na n-úsáideoirí, amhail gnóthais bainistíochta fuinnimh foirgneamh agus rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais, faoi théarmaí neamh-idirdhealaitheacha, gan aon chostas agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí.

Glacfaidh na Ballstáit bearta chun a chur de cheangal ar mhonaróirí feithicle sonraí infheithicle a chur ar fáil, i bhfíor-am, ar sonraí iad a bhaineann le staid sláinte ceallra, staid luchta ceallra, pointe socraithe cumhachta ceallra, toilleadh ceallra, agus, i gcás inarb iomchuí, suíomh feithiclí leictreacha, le húinéirí agus úsáideoirí feithiclí leictreacha, chomh maith le tríú páirtithe atá ag gníomhú thar ceann na n-úinéirí agus na n-úsáideoirí, amhail rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais agus soláthraithe seirbhíse leictrea-shoghluaisteachta, faoi théarmaí neamh-idirdhealaitheacha agus gan aon chostas, i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí, agus sa bhreis ar cheanglais bhreise maidir le cineálcheadú agus faireachas margaidh a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*18).

4.   Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/1804, áiritheoidh na Ballstáit nó a n-údaráis inniúla ainmnithe gur féidir le pointí athluchtaithe gnáthchumhachta nua agus pointí athluchtaithe gnáthchumhachta ionadaithe nach bhfuil inrochtana go poiblí atá suiteáilte ar a gcríoch tacú le feidhmiúlachtaí athluchtaithe chliste agus, i gcás inarb iomchuí, leis an gcomhéadan le córais méadraithe chliste, nuair atá siad imscartha ag na Ballstáit, agus le feidhmiúlachtaí athluchtaithe dhéthreoch i gcomhréir le ceanglais Airteagal 15(3) agus (4) den Rialachán sin.

5.   Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/943 agus Treoir (AE) 2019/944, áiritheoidh na Ballstáit go gceadófar leis an gcreat rialála náisiúnta do chórais bheaga nó mhóibíleacha amhail ceallraí baile agus feithiclí leictreacha agus foinsí fuinnimh beaga díláraithe eile a bheith rannpháirteach sna margaí leictreachais, lena n-áirítear bainistiú ar phlódú agus soláthar seirbhísí solúbthachta agus cothromúcháin, lena n-áirítear trí chomhiomlánú. Chuige sin, bunóidh na Ballstáit, i ndlúthchomhar leis na rannpháirtithe uile sa mhargadh agus leis na húdaráis rialála uile, ceanglais theicniúla maidir le rannpháirtíocht sna margaí leictreachais, ar bhonn shaintréithe teicniúla na gcóras sin.

Cuirfidh na Ballstáit cothrom iomaíochta sna margaí leictreachais ar fáil do shócmhainní fuinnimh beaga díláraithe nó córais mhóibíleacha agus áiritheoidh siad rannpháirtíocht neamh-idirdhealaitheach sna margaí leictreachais dóibh.

(*18)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).’;"

(12)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 22a

Príomhshruthú a dhéanamh ar an bhfuinneamh in-athnuaite sa tionsclaíocht

1.   Maidir le sciar na bhfoinsí in-athnuaite i méid na bhfoinsí fuinnimh a úsáidtear chun críoch fuinnimh deiridh agus neamhfhuinnimh in earnáil na tionsclaíochta, féachfaidh na Ballstáit le méadú táscach 1,6 pointe céatadáin ar a laghad a chur leis mar mheánmhéid bliantúil arna ríomh le haghaidh na dtréimhsí 2021 go 2025 agus 2026 go 2030.

Féadfaidh na Ballstáit dramhtheas agus dramhfhuacht a áireamh faoi chomhair na meánmhéaduithe bliantúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír, suas le teorainn 0,4 pointe céatadáin, ar choinníoll gur ó théamh agus fuarú ceantair éifeachtúil a sholáthraítear an dramhtheas sin agus an dramhfhuacht sin, cé is moite de ghréasáin nach soláthraíonn teas ach d’fhoirgneamh amháin nó i gcás ina dtomhlaítear an fuinneamh teirmeach ar fad ar an láthair agus ar an láthair sin amháin agus i gcás nach ndíoltar an fuinneamh teirmeach. Má chinneann siad déanamh amhlaidh, cuirfear, leis an meánmhéadú bliantúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, leath na bpointí céatadáin dramhtheasa agus dramhfhuachta a áiríodh.

Áireoidh na Ballstáit na beartais agus na bearta a bheartaítear agus a ghlactar chun méadú táscach den sórt sin a bhaint amach ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin.

Nuair a mheastar gur rogha chostéifeachtach é an leictriú, déanfar leictriú na bpróiseas tionsclaíoch, ar leictriú é atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite, a chur chun cinn leis na beartais agus bearta sin. Leis na beartais agus bearta sin, féachfar le dáil fhabhrach a chruthú sa mhargadh d’infhaighteacht roghanna malartacha fuinnimh in-athnuaite atá inmharthana go heacnamaíoch agus indéanta go teicniúil chun dul in ionad breoslaí iontaise a úsáidtear le haghaidh téamh tionsclaíoch agus é mar aidhm leis sin laghdú a dhéanamh ar úsáid breoslaí iontaise a úsáidtear le haghaidh téamh ina bhfuil an teocht faoi bhun 200 °C. Agus na beartais agus bearta sin á nglacadh acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, an éifeachtacht agus an t-iomaíochas idirnáisiúnta agus an gá dul i ngleic le bacainní rialála, riaracháin agus eacnamaíocha.

Áiritheoidh na Ballstáit gur 42 % ar a laghad den hidrigin a úsáidtear chun críoch fuinnimh deiridh agus neamhfhuinnimh sa tionsclaíocht a bheidh i gcion na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a úsáidtear chun críoch fuinnimh deiridh agus neamhfhuinnimh faoi 2030, agus gur 60 % den hidrigin sin a bheidh sa chion sin faoi 2035. Chun an céatadán sin a ríomh, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)

chun an t-ainmneoir a ríomh, cuirfear san áireamh an luach fuinnimh hidrigine chun críoch fuinnimh deiridh agus neamhfhuinnimh, seachas na nithe seo a leanas:

(i)

hidrigin a úsáidtear mar tháirgí idirmheánacha chun gnáthbhreoslaí iompair agus bithbhreoslaí a tháirgeadh;

(ii)

hidrigin a tháirgtear trí ghás iarmharach tionsclaíoch a dhícharbónú agus a úsáidtear chun an gás sonrach óna dtáirgtear í a ionadú;

(iii)

hidrigin a tháirgtear mar sheachtháirge nó a dhíorthaítear ó sheachtháirgí i suiteálacha tionsclaíocha;

(b)

chun an t-uimhreoir a ríomh, cuirfear san áireamh luach fuinnimh na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a thomhlaítear in earnáil na tionsclaíochta chun críoch fuinnimh deiridh agus neamhfhuinnimh, seachas breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a úsáidtear mar tháirgí idirmheánacha chun gnáthbhreoslaí iompair agus bithbhreoslaí a tháirgeadh;

(c)

chun an t-uimhreoir agus an t-ainmneoir a ríomh, úsáidfear na luachanna a bhaineann le luach fuinnimh breoslaí a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Chun críocha phointe (c) den chúigiú fomhír den mhír seo, chun luach fuinnimh breoslaí nach n-áirítear in Iarscríbhinn III a chinneadh, úsáidfidh na Ballstáit na caighdeáin Eorpacha ábhartha chun luachanna calracha breoslaí a chinneadh, nó i gcás nár glacadh aon chaighdeán Eorpach chun na críche sin, úsáidfidh siad na caighdeáin ábhartha ISO.

2.   Déanfaidh na Ballstáit scéimeanna lipéadaithe deonacha a chur chun cinn do tháirgí tionsclaíocha a maítear go dtáirgtear iad le fuinneamh in-athnuaite agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch. Léireofar le scéimeanna lipéadaithe deonacha den sórt sin céatadán an fhuinnimh in-athnuaite a úsáidtear nó céatadán na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a úsáidtear ag an gcéim a bhaineann leis an mbunábhar a fháil, a réamhphróiseáil, a mhonarú agus a dháileadh, arna ríomh ar bhonn na modheolaíochtaí a leagtar síos i Moladh (AE) 2021/2279 ón gCoimisiún (*19) nó in ISO 14067:2018.

3.   An méid breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a bhfuil súil ag na Ballstáit iad a allmhairiú agus a onnmhairiú, déanfaidh siad é a thuairisciú ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin. Ar bhonn an tuairiscithe sin, forbróidh an Coimisiún straitéis de chuid an Aontais maidir le hidrigin allmhairithe agus intíre agus é mar aidhm léi an margadh Eorpach hidrigine agus táirgeadh hidrigine intíre a chur chun cinn laistigh den Aontas, ag tacú le cur chun feidhme na Treorach seo agus le baint amach na spriocanna a leagtar síos anseo, agus aird chuí á tabhairt ar shlándáil an tsoláthair agus ar neamhspleáchas straitéiseach an Aontais san fhuinneamh agus ar chothrom iomaíochta sa mhargadh domhanda hidrigine. Ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin, léireoidh na Ballstáit an chaoi a bhfuil sé beartaithe acu rannchuidiú leis an straitéis sin.

Airteagal 22b

Coinníollacha chun an sprioc maidir le húsáid breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch in earnáil na tionsclaíochta a laghdú

1.   Féadfaidh Ballstát cion na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a úsáidtear chun críoch fuinnimh deiridh agus neamhfhuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 22a(1), an cúigiú fomhír, a laghdú 20 % in 2030, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

tá an Ballstát sin ar an mbóthar ceart i dtreo a rannchuidithe náisiúnta le sprioc cheangailteach fhoriomlán an Aontais a leagtar síos in Airteagal 3(1), an chéad fhomhír, atá coibhéiseach ar a laghad lena rannchuidiú náisiúnta a bhfuiltear ag dréim leis i gcomhréir leis an bhfoirmle dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999; agus

(b)

is mó ná 23 % in 2030 agus ní mó ná 20 % in 2035 an sciar hidrigine, nó a díorthaigh, a tháirgtear ó bhreoslaí iontaise a thomhlaítear sa Bhallstát sin.

I gcás nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha sin, scoirfidh an laghdú dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’fheidhm a bheith aige.

2.   I gcás ina gcuireann Ballstát an laghdú dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún ina leith sin, in éineacht lena phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus mar chuid dá thuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin. Áireofar san fhógra faisnéis faoin sciar nuashonraithe de bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus na sonraí ábhartha uile chun a léiriú gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an staid sna Ballstáit a bhaineann tairbhe as laghdú d’fhonn comhlíonadh leanúnach na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 1, pointí (a) agus (b) a fhíorú.

(*19)  Moladh ón gCoimisiún (AE) 2021/2279 an 15 Nollaig 2021 maidir le modhanna an Loirg Comhshaoil a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil táirgí agus eagraíochtaí ar feadh a saolré a thomhas agus a chur in iúl (IO L 471, 30.12.2021, lch. 1).’;"

(13)

leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Chun úsáid fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn in earnáil an téimh agus an fhuaraithe, déanfaidh gach Ballstát an sciar fuinnimh in-athnuaite san earnáil sin a mhéadú 0,8 pointe céatadáin ar a laghad mar mheán bliantúil arna ríomh don tréimhse 2021 go 2025 agus 1,1 pointe céatadáin ar a laghad mar mheán bliantúil arna ríomh don tréimhse 2026 go 2030, ag tosú ó sciar an fhuinnimh in-athnuaite in earnáil an téimh agus an fhuaraithe in 2020, méadú a shloinntear i dtéarmaí an sciar náisiúnta den olltomhaltas deiridh fuinnimh agus a ríomhtar i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Airteagal 7.

Féadfaidh na Ballstáit dramhtheas agus dramhfhuacht a áireamh faoi chomhair na meánmhéaduithe bliantúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír, suas le teorainn 0,4 pointe céatadáin. Má chinneann siad déanamh amhlaidh, cuirfear, leis an meánmhéadú bliantúil, leath na bpointí céatadáin dramhtheasa agus dramhfhuachta a áirítear go huasteorainn de 1,0 pointe céatadáin don tréimhse 2021 go 2025 agus de 1,3 pointe céatadáin don tréimhse 2026 go 2030.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin rún atá acu dramhtheas agus dramhfhuacht a áireamh agus faoin méid measta ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999. De bhreis ar na híosmhéaduithe bliantúla sna pointe céatadáin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, féachfaidh gach Ballstát le sciar an fhuinnimh in-athnuaite ina earnáil téimh agus fuaraithe a mhéadú de réir na bpointí céatadáin táscacha breise a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia a ghabhann leis an Treoir seo.

Féadfaidh na Ballstáit leictreachas in-athnuaite a úsáidtear do théamh agus d’fhuarú a áireamh faoi chomhair an mheánmhéadaithe bhliantúil a leagtar amach sa chéad fhomhír, suas go teorainn 0,4 pointe céatadáin, ar choinníoll go bhfuil éifeachtúlacht an aonaid gineadóra teasa agus fuachta níos airde ná 100 %. Má chinneann siad déanamh amhlaidh, cuirfear, leis an meánmhéadú bliantúil, leath an leictreachais in-athnuaite sin arna shloinneadh i bpointí céatadáin go huasteorainn 1,0 pointe céatadáin don tréimhse 2021 go 2025 agus go huasteorainn 1,3 pointe céatadáin don tréimhse 2026 go 2030.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin rún atá acu leictreachas in-athnuaite a úsáidtear i dtéamh agus fuarú ó ghineadóirí teasa agus fuachta arb airde a n-éifeachtúlacht ná 100 % a áireamh faoi chomhair an mhéadaithe bhliantúil a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo. Déanfaidh na Ballstáit acmhainneachtaí measta leictreachais in-athnuaite na n-aonad gineadóra teasa agus fuachta arb airde a n-éifeachtúlacht ná 100 % a áireamh ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999. Déanfaidh na Ballstáit an méid leictreachais in-athnuaite a úsáidtear i dtéamh agus fuarú ó aonaid gineadóra teasa agus fuachta arb airde a n-éifeachtúlacht ná 100 % a áireamh ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin.

1a.   Chun an sciar den leictreachas in-athnuaite a úsáidtear i dtéamh agus fuarú a ríomh chun críocha mhír 1, úsáidfidh na Ballstáit meánsciar an leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear ina gcríoch sa 2 bhliain roimhe sin.

1b.   Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar a n-acmhainneacht fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus ar an úsáid a bhaintear as dramhtheas agus dramhfhuacht san earnáil téimh agus fuaraithe lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, anailís ar limistéir atá oiriúnach lena n-imscaradh a bhfuil riosca íseal éiceolaíoch ag baint leo agus ar an acmhainneacht atá ann le haghaidh tionscadail teaghlaigh ar scála beag. Sa mheasúnú sin, breithneofar teicneolaíocht atá ar fáil agus indéanta go heacnamaíoch le haghaidh úsáidí tionsclaíocha agus baile chun garspriocanna agus bearta a leagan amach chun úsáid fuinnimh in-athnuaite a mhéadú i dtéamh agus fuarú agus, i gcás inarb iomchuí, chun úsáid an dramhtheasa agus na dramhfhuachta a mhéadú trí théamh agus fuarú ceantair d’fhonn straitéis náisiúnta fhadtéarmach a bhunú chun astaíochtaí gás ceaptha teasa agus an truailliú aeir a eascraíonn as téamh agus fuarú a laghdú. Beidh an measúnú sin i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus mar chuid de na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus gabhfaidh an measúnú sin leis an measúnú cuimsitheach ar théamh agus fuarú a cheanglaítear le hAirteagal 14(1) de Threoir 2012/27/AE.’

;

(b)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

‘Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, agus a sciar fuinnimh in-athnuaite san earnáil téimh agus fuaraithe agus a mheánmhéadú bliantúil á ríomh i gcomhréir leis an mír sin, lena n-áirítear an méadú táscach breise a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia, maidir le gach Ballstát:’;

(ii)

scriostar pointe (a);

(iii)

cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

‘Go háirithe, cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil d’úinéirí nó tionóntaí foirgneamh agus do FBManna maidir le bearta costéifeachtúla, agus ionstraimí airgeadais, chun feabhas a chur ar an úsáid a bhaintear as fuinneamh in-athnuaite sna córais téimh agus fuaraithe. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis ar fáil trí uirlisí comhairleacha inrochtana trédhearcacha.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Chun an meánmhéadú bliantúil dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, a bhaint amach, féachfaidh na Ballstáit le dhá cheann ar a laghad de na bearta seo a leanas a chur chun feidhme:

(a)

fuinneamh in-athnuaite nó dramhtheas agus dramhfhuacht a ionchorprú go fisiciúil sna foinsí fuinnimh agus sna breoslaí a sholáthraítear i gcomhar téimh agus fuaraithe;

(b)

córais téimh agus fuaraithe fuinnimh in-athnuaite ardéifeachtúla a shuiteáil i bhfoirgnimh, foirgnimh a nascadh le córais téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil nó fuinneamh in-athnuaite nó dramhtheas agus dramhfhuacht a úsáid sna próisis téimh agus fuaraithe thionsclaíocha;

(c)

bearta arna gcumhdach ag teastais intrádála lena gcruthaítear go gcomhlíontar an oibleagáid a leagtar síos i mír 1, an chéad fhomhír, trí thacú le bearta suiteála faoi phointe (b) den mhír seo, arna ndéanamh ag oibreoir eacnamaíoch eile amhail suiteálaí neamhspleách teicneolaíochta fuinnimh in-athnuaite nó ag cuideachta seirbhísí fuinnimh a sholáthraíonn seirbhísí suiteála i leith fuinneamh in-athnuaite;

(d)

fothú acmhainneachta d’údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla chun acmhainneacht áitiúil téimh agus fuaraithe in-athnuaite a mhapáil, chun tionscadail agus bonneagar fuinnimh in-athnuaite a phleanáil agus a chur chun feidhme agus chun comhairle a thabhairt i leith na dtionscadal sin agus an bhonneagair sin;

(e)

creataí maolaithe riosca a chruthú chun costas an chaipitil do thionscadail in-athnuaite teasa agus fuaraithe agus tionscadail dramhtheasa agus dramhfhuachta a laghdú, lena gceadaítear, inter alia, tionscadail níos lú a chuachadh agus tionscadail den sórt sin a nascadh ar bhealach níos iomlánaíche le bearta eile éifeachtúlachta fuinnimh agus athchóirithe foirgneamh;

(f)

comhaontuithe ceannacháin téimh agus fuaraithe in-athnuaite a chur chun cinn do thomhaltóirí corparáideacha agus do thomhaltóirí beaga comhchoiteanna;

(g)

scéimeanna athsholáthair atá beartaithe maidir le foinsí iontaise téimh, córais téimh nach bhfuil comhoiriúnach le foinsí in-athnuaite nó scéimeanna chun deireadh a chur le céimniú amach iontaise lena ngabhann garspriocanna;

(h)

ceanglais ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach a bhaineann le pleanáil teasa in-athnuaite, lena gcuimsítear fuarú;

(i)

táirgeadh bithgháis agus a instealladh isteach san eangach gháis a chur chun cinn, seachas é a úsáid chun leictreachas a tháirgeadh;

(j)

bearta lena gcuirtear chun cinn comhtháthú na teicneolaíochta stórála fuinnimh theirmigh i gcórais téimh agus fuaraithe;

(k)

gréasáin téimh agus fuaraithe ceantair in-athnuaite a chur chun cinn, go háirithe ag comhphobail fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear trí bhearta rialála, socruithe maoiniúcháin agus tacaíocht;

(l)

bearta beartais eile, a bhfuil éifeacht chomhionann acu, lena n-áirítear bearta fioscacha, scéimeanna tacaíochta nó dreasachtaí airgeadais eile a rannchuidíonn le trealamh in-athnuaite téimh agus fuaraithe a shuiteáil agus gréasáin fuinnimh lena soláthraítear fuinneamh in-athnuaite don téamh agus fuarú i bhfoirgnimh agus sa tionsclaíocht a fhorbairt.

Agus na bearta sin á nglacadh agus á gcur chun feidhme acu, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag gach tomhaltóir orthu, go háirithe iad siúd atá i dteaghlaigh ar ioncam íseal nó i dteaghlaigh leochaileacha, teaghlaigh nach mbeadh caipiteal tosaigh leordhóthanach acu chun tairbhe a bhaint as murach sin.’

;

(14)

leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis faoin bhfeidhmíocht fuinnimh agus faoin sciar fuinnimh in-athnuaite atá ina ngréasáin téimh agus fuaraithe ceantair ar fáil do na tomhaltóirí deiridh, ar bhealach ina mbeidh rochtain éasca uirthi, amhail faisnéis faoi bhillí nó faoi shuíomhanna gréasáin soláthróirí agus faisnéis a iarradh. Déanfar an fhaisnéis faoi sciar an fhuinnimh in-athnuaite a shloinneadh ar a laghad mar chéatadán den olltomhaltas deiridh fuinnimh i dtéamh agus fuarú arna shannadh do chustaiméirí córais téimh agus fuaraithe ceantair ar leith, lena n-áirítear faisnéis faoin méid fuinnimh a úsáideadh chun aonad amháin téimh a sholáthar don chustaiméir nó don úsáideoir deiridh.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 4, 5 agus 6:

‘4.   Féachfaidh na Ballstáit le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus ó dhramhtheas agus dramhfhuacht i dtéamh agus fuarú ceantair a mhéadú 2,2 pointe céatadáin táscach mar mheán bliantúil arna ríomh don tréimhse 2021 go 2030, ag tosú le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus ó dhramhtheas agus dramhfhuacht i dtéamh agus fuarú ceantair in 2020, agus leagfaidh siad síos na bearta is gá chuige sin ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999. Sloinnfear sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite i dtéarmaí sciar an olltomhaltais deiridh fuinnimh i dtéamh agus fuarú ceantair arna choigeartú de réir na ngnáth-mheándálaí aeráide.

Féadfaidh na Ballstáit an leictreachas in-athnuaite a úsáidtear do théamh agus fuarú ceantair a áireamh sa mheánmhéadú bliantúil a leagtar amach sa chéad fhomhír.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin rún atá acu an leictreachas in-athnuaite a úsáidtear i dtéamh agus fuarú ceantair a áireamh faoi chomhair an mhéadaithe bhliantúil a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo. Déanfaidh na Ballstáit na hacmhainneachtaí leictreachais in-athnuaite measta don téamh agus fuarú ceantair a áireamh ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999. Déanfaidh na Ballstáit an méid leictreachais in-athnuaite a úsáidtear i dtéamh agus fuarú ceantair a áireamh ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin.

4a.   Chun an sciar den leictreachas in-athnuaite a úsáidtear i dtéamh agus fuarú ceantair a ríomh chun críocha mhír 4, úsáidfidh na Ballstáit meánsciar an leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear ina gcríoch sa 2 bhliain roimhe sin.

Na Ballstáit a bhfuil sciar fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus ó dhramhtheas agus dramhfhuacht i dtéamh agus fuarú ceantair acu atá os cionn 60 %, féadfaidh siad aon sciar den sórt sin a áireamh mar chomhlíonadh ar an meánmhéadú bliantúil dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír. Na Ballstáit a bhfuil sciar fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus ó dhramhtheas agus dramhfhuacht i dtéamh agus fuarú ceantair acu atá os cionn 50 % agus suas le 60 %, féadfaidh siad aon sciar den sórt sin a áireamh mar chomhlíonadh ar leath an mheánmhéadaithe bhliantúil dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír.

Leagfaidh na Ballstáit síos na bearta is gá chun an meánmhéadú dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír, den Airteagal seo a chur chun feidhme ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999.

4b.   Áiritheoidh na Ballstáit go moltar d’oibreoirí na gcóras téimh agus fuaraithe ceantair os cionn acmhainneacht 25 MWth soláthróirí tríú páirtí d’fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite agus ó dhramhtheas agus dramhfhuacht a nascadh leis na córais nó go moltar dóibh tairiscint a dhéanamh soláthróirí tríú páirtí a nascadh leis na córais nó teas nó fuacht ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh agus ó dhramhtheas agus dramhfhuacht ó sholáthróirí tríú páirtí a cheannach ar bhonn critéir neamh-idirdhealaitheacha arna leagan síos ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann, i gcás inar gá d’oibreoirí den sórt sin ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

freastal ar an éileamh ó chustaiméirí nua;

(b)

acmhainneacht eile a chur in ionad na hacmhainneachta giniúna teasa nó fuachta atá ann cheana;

(c)

an acmhainneacht giniúna teasa nó fuachta atá ann cheana a mhéadú.

5.   Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d’oibreoir córais téimh nó fuaraithe ceantair diúltú soláthróir tríú páirtí a nascadh nó teas nó fuacht ó sholáthróir tríú páirtí a cheannach in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

níl an acmhainneacht riachtanach sa chóras de dheasca soláthairtí eile teasa nó fuachta ó fhoinsí in-athnuaite nó dramhtheasa agus dramhfhuachta;

(b)

ní chomhlíonann an teas nó an fuacht ón soláthróir tríú páirtí na paraiméadair theicniúla atá riachtanach chun nascadh leis na córais agus chun oibriú iontaofa agus sábháilte an chórais téimh agus fuaraithe ceantair a áirithiú;

(c)

is féidir leis an oibreoir a léiriú go mbeadh, mar thoradh ar rochtain a thabhairt, méadú iomarcach ann ar an gcostas teasa nó fuachta do thomhaltóirí deiridh i gcomparáid leis an gcostas a bhaineann leis an bpríomhsholáthar áitiúil teasa nó fuachta a úsáid, an ceann lena mbeadh an fhoinse in-athnuaite nó dramhtheas agus dramhfhuacht ag dul in iomaíocht;

(d)

is córas téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil é córas an oibreora.

Áiritheoidh na Ballstáit, nuair a dhiúltaíonn oibreoir córais téimh agus fuaraithe ceantair soláthróir téimh nó fuaraithe a nascadh leis an gcóras de bhun na chéad fhomhíre, go gcuirfidh an t-oibreoir sin faisnéis faoi na cúiseanna leis an diúltú, chomh maith leis na coinníollacha atá le comhlíonadh agus bearta atá le glacadh sa chóras chun go bhféadfaí an nascadh a chumasú, ar fáil don údarás inniúil. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh próiseas iomchuí i bhfeidhm chun diúltú nach bhfuil bonn cirt leis a leigheas.

6.   I gcás inar gá, cuirfidh na Ballstáit creat comhordúcháin i bhfeidhm idir oibreoirí córais téimh agus fuaraithe ceantair agus na foinsí dramhtheasa agus dramhfhuachta a d’fhéadfadh a bheith ann sna hearnálacha tionsclaíocha agus treasacha chun úsáid dramhtheasa agus dramhfhuachta a éascú. Áiritheofar leis an gcreat comhordúcháin sin idirphlé maidir le húsáid dramhtheasa agus dramhfhuachta lena mbaineann an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

oibritheoirí córais téimh agus fuaraithe ceantair;

(b)

fiontair san earnáil thionsclaíoch agus threasach a ghineann dramhtheas agus dramhfhuacht is féidir a aisghabháil go heacnamaíoch trí chórais téimh agus fuaraithe ceantair, amhail lárionaid sonraí, gléasraí tionsclaíocha, foirgnimh mhóra tráchtála, saoráidí stórála fuinnimh, agus iompar poiblí;

(c)

údaráis áitiúla atá freagrach as bonneagar fuinnimh a phleanáil agus a fhormheas;

(d)

saineolaithe eolaíocha atá ag obair ar an úrscothacht is déanaí maidir le córais téimh agus fuaraithe ceantair; agus

(e)

comhphobail fuinnimh in-athnuaite a bhfuil baint acu le téamh agus fuarú.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 8, 9 agus 10:

‘8.   Gach 4 bliana ar a laghad, bunóidh na Ballstáit creat faoina ndéanfaidh na hoibreoirí córas dáileacháin leictreachais, i gcomhar le hoibreoirí na gcóras téimh nó fuaraithe ceantair ina réigiún faoi seach, measúnú ar an acmhainneacht atá ag córais téimh agus fuaraithe ceantair seirbhísí cothromúcháin agus seirbhísí córais eile a sholáthar, lena n-áirítear freagairt don éileamh agus stóráil theirmeach farasbairr leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite, agus measúnú a dhéanamh freisin ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh sé níos tíosaí ar acmhainní agus níos costéifeachtúla, i gcomparáid le réitigh mhalartacha, úsáid a bhaint as an acmhainneacht a sainaithníodh.

Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin leictreachais aird chuí ar thorthaí an mheasúnaithe a cheanglaítear faoin gcéad fhomhír i bpleanáil na heangaí, in infheistíocht san eangach agus i bhforbairt bonneagair ina gcríocha faoi seach.

Éascóidh na Ballstáit comhordú idir oibreoirí córas téimh agus fuaraithe ceantair agus oibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin leictreachais chun a áirithiú gur féidir le seirbhísí cothromúcháin, stórála agus solúbthachta eile, amhail freagairt don éileamh, a sholáthraíonn oibreoirí córais téimh ceantair agus oibreoirí córas fuaraithe ceantair a bheith rannpháirteach ina margaí leictreachais.

Féadfaidh na Ballstáit na ceanglais maidir le measúnú agus comhordú faoin gcéad fhomhír agus faoin tríú fomhír a leathnú chuig oibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin gáis, lena n-áirítear gréasáin hidrigine agus gréasáin eile fuinnimh.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-údarás inniúil cearta na dtomhaltóirí agus na rialacha maidir le córais téimh agus fuaraithe ceantair a oibriú i gcomhréir leis an Airteagal seo a shainiú go soiléir, a chur ar fáil go poiblí agus a fhorfheidhmiú.

10.   Ní cheanglófar ar Bhallstát míreanna 2 go 9 a chur i bhfeidhm i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

bhí a sciar de théamh agus fuarú ceantair níos lú ná, nó cothrom le, 2 % den olltomhaltas deiridh fuinnimh i dtéamh agus fuarú an 24 Nollaig 2018;

(b)

méadaítear a sciar de théamh agus fuarú ceantair os cionn 2 % den olltomhaltas deiridh fuinnimh i dtéamh agus fuarú an 24 Nollaig 2018 trí théamh agus fuarú ceantair éifeachtúil nua a fhorbairt ar bhonn a phlean chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna thíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus i gcomhréir leis an Rialachán sin agus ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 23(1b) den Treoir seo;

(c)

90 % den olltomhaltas deiridh fuinnimh i gcórais téimh agus fuaraithe ceantair, tarlaíonn sé i gcórais téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil.’;

(15)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

‘Airteagal 25

Méadú ar fhuinneamh in-athnuaite agus laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa in earnáil an iompair

1.   Leagfaidh gach Ballstát oibleagáid ar sholáthróirí breosla an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

gurb é seo a leanas an toradh atá ar mhéid na mbreoslaí in-athnuaite agus an leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear d’earnáil an iompair:

(i)

sciar 29 % ar a laghad d’fhuinneamh in-athnuaite laistigh den olltomhaltas deiridh fuinnimh in earnáil an iompair faoi 2030; nó

(ii)

laghdú 14,5 % ar a laghad ar dhéine gás ceaptha teasa faoi 2030, i gcomparáid leis an mbonnlíne a leagtar amach in Airteagal 27(1), pointe (b), i gcomhréir le conair tháscach arna leagan síos ag an mBallstát;

(b)

gurb é 1 % ar a laghad in 2025 agus 5,5 % ar a laghad in 2030 an sciar iomlán de bhithbhreoslaí ardfhorbartha agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX agus de bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch san fhuinneamh a sholáthraítear d’earnáil an iompair, a bhfuil sciar de 1 phointe céatadáin ar a laghad le teacht as breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch in 2030.

Moltar do na Ballstáit spriocanna difreáilte a leagan síos do bhithbhreoslaí ardfhorbartha agus do bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX agus do bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch ar an leibhéal náisiúnta chun an oibleagáid a leagtar amach sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo a chomhlíonadh ar bhealach ina ndéantar forbairt an dá bhreosla a chur chun cinn agus a leathnú.

Féachfaidh na Ballstáit a bhfuil calafoirt mhuirí acu lena áirithiú, amhail ó 2030, gur 1,2 % ar a laghad sciar na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch sa mhéid iomlán fuinnimh a sholáthraítear d’earnáil an iompair mhuirí.

Tuairisceoidh na Ballstáit, ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, ar sciar an fhuinnimh in-athnuaite laistigh den olltomhaltas deiridh fuinnimh in earnáil an iompair, lena n-áirítear in earnáil an iompair mhuirí, agus ar an laghdú a dhéantar leo ar dhéine gás ceaptha teasa.

Má leasaítear liosta an bhunábhair a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn IX i gcomhréir le hAirteagal 28(6), féadfaidh na Ballstáit a sciar íosta de bhithbhreoslaí ardfhorbartha agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar sin san fhuinneamh a sholáthraítear d’earnáil an iompair a mhéadú dá réir sin.

2.   Chun na spriocanna dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), agus na sciartha dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), a ríomh, maidir leis na Ballstáit:

(a)

cuirfidh siad san áireamh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, lena n-áirítear nuair a bhaintear úsáid astu mar tháirgí eatramhacha chun na nithe seo a leanas a tháirgeadh:

(i)

gnáthbhreoslaí iompair; nó

(ii)

bithbhreoslaí, ar choinníoll nach n-áirítear an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaintear amach trí bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a úsáid, agus laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na mbithbhreoslaí á ríomh;

(b)

féadfaidh siad bithghás a instealltar isteach sa bhonneagar náisiúnta tarchurtha agus dáileacháin gáis a chur san áireamh.

3.   Chun na spriocanna a leagtar síos i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), a ríomh, féadfaidh na Ballstáit breoslaí carbóin athchúrsáilte a chur san áireamh.

Agus an oibleagáid ar sholáthróirí breosla á dearadh acu, féadfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

soláthróirí breosla a sholáthraíonn leictreachas nó breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a dhíolmhú ón gceanglas an sciar íosta de bhithbhreoslaí ardfhorbartha agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX a chomhlíonadh maidir leis na breoslaí sin;

(b)

an oibleagáid a leagan trí bhíthin bearta lena ndírítear ar mhéideanna, ar luach fuinnimh nó ar astaíochtaí gás ceaptha teasa;

(c)

idirdhealú a dhéanamh idir iompróirí fuinnimh éagsúla;

(d)

idirdhealú a dhéanamh idir earnáil an iompair mhuirí agus earnálacha eile.

4.   Bunóidh na Ballstáit sásra lena gceadaítear do sholáthróirí breosla ina gcríoch creidmheasanna a mhalartú chun fuinneamh in-athnuaite a sholáthar d’earnáil an iompair. Gheobhaidh oibreoirí eacnamaíocha a sholáthraíonn leictreachas in-athnuaite d’fheithiclí leictreacha trí phointí athluchtaithe poiblí creidmheasanna, beag beann ar cé acu atá nó nach bhfuil na hoibreoirí eacnamaíocha faoi réir na hoibleagáide atá leagtha ag an mBallstát ar sholáthróirí breosla, agus féadfaidh siad na creidmheasanna sin a dhíol le soláthróirí breosla, agus tabharfar cead dóibh na creidmheasanna a úsáid chun an oibleagáid a leagtar amach i mír 1, an chéad fhomhír, a chomhlíonadh. Féadfaidh na Ballstáit pointí athluchtaithe príobháideacha a áireamh sa sásra sin ar choinníoll gur féidir a léiriú gur d’fheithiclí leictreacha amháin a sholáthraítear an leictreachas in-athnuaite a sholáthraítear do na pointí athluchtaithe príobháideacha sin.’;

(16)

leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘1.   Chun ríomh a dhéanamh ar olltomhaltas deiridh fuinnimh Ballstáit ó fhoinsí in-athnuaite dá dtagraítear in Airteagal 7 agus ar an sciar íosta d’fhuinneamh in-athnuaite agus ar an sprioc maidir le laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a), ní mó a bheidh an sciar de bhithbhreoslaí agus de bhithleachtanna, chomh maith leis an sciar de bhreoslaí bithmhaise a thomhlaítear san iompar, i gcás ina dtáirgtear ó bharra bia agus beatha iad, ná pointe céatadán amháin níos airde ná an sciar de bhreoslaí den sórt sin i dtomhaltas deiridh fuinnimh in earnáil an iompair sa Bhallstát sin in 2020, agus is 7 % den olltomhaltas deiridh fuinnimh uasmhéid an olltomhaltais a bheidh in earnáil an iompair sa Bhallstát sin.’

;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír:

‘I gcás ina bhfuil sciar na mbithbhreoslaí agus na mbithleachtanna, chomh maith leis an sciar de bhreoslaí bithmhaise a thomhlaítear san iompar, a tháirgtear ó bharra bia agus beatha i mBallstát teoranta do sciar níos ísle ná 7 % nó i gcás ina gcinneann Ballstát an sciar a theorannú tuilleadh, féadfaidh an Ballstát sin an sciar íosta d’fhuinneamh in-athnuaite nó an sprioc maidir le laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a), a laghdú dá réir sin, i bhfianaise an rannchuidithe a bheadh déanta ag na breoslaí sin ó thaobh an sciar íosta d’fhuinneamh in-athnuaite nó laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Chun críoch na sprice maidir le laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa, measfaidh na Ballstáit go sábhálfaidh na breoslaí sin 50 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa.’;

(b)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘2.   Chun ríomh a dhéanamh ar olltomhaltas deiridh fuinnimh Ballstáit ó fhoinsí in-athnuaite dá dtagraítear in Airteagal 7 agus ar an sciar íosta d’fhuinneamh in-athnuaite nó ar an sprioc maidir le laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a), an sciar de bhithbhreoslaí, bithleachtanna nó breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca ard maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a tháirgtear ó bharra bia agus beatha a dtugtar faoi deara ina leith gur cuireadh síneadh suntasach leis an limistéar táirgthe le go gcumhdófaí talamh a bhfuil stoc ard carbóin aige, ní sháróidh an sciar sin leibhéal tomhaltais breoslaí den sórt sin sa Bhallstát sin in 2019, mura ndeimhnítear iad mar bhithbhreoslaí, bithleachtanna nó breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca íseal maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid de bhun na míre seo.’

;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú fomhír:

‘Faoin 1 Meán Fómhair 2023, athbhreithneoidh an Coimisiún na critéir a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear sa cheathrú fomhír den mhír seo ar bhonn na sonraí eolaíocha is fearr atá ar fáil agus glacfaidh sé gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 35 chun na critéir sin a leasú, i gcás inarb iomchuí, agus chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí chonair a áireamh chun laghdú a dhéanamh de réir a chéile ar an rannchuidiú le sprioc fhoriomlán an Aontais a leagtar síos in Airteagal 3(1) agus leis an sciar íosta d’fhuinneamh in-athnuaite agus leis an sprioc maidir le laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a), ar rannchuidiú é a thagann ó bhithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca ard indíreach maidir le hathrú ar thalamhúsáid agus a dtugtar faoi deara gur cuireadh síneadh suntasach ar an limistéar táirgthe le go gcumhdófaí talamh a bhfuil stoc ard carbóin aige. Beidh an t-athbhreithniú sin bunaithe ar leagan athbhreithnithe den tuarascáil maidir le leathnú an bhunábhair arna tíolacadh i gcomhréir leis an tríú fomhír den mhír seo. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin, go háirithe, ar cheart an tairseach ar an sciar uasta den mheánleathnú bliantúil ar an limistéar táirgthe domhanda i stoic arda charbóin a laghdú ar bhonn critéir oibiachtúla atá bunaithe ar an eolaíocht, agus spriocanna agus gealltanais aeráide an Aontais á gcur san áireamh.

I gcás inarb iomchuí, leasóidh an Coimisiún na critéir a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear sa cheathrú fomhír ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chúigiú fomhír. Leanfaidh an Coimisiún d’athbhreithniú a dhéanamh, gach 3 bliana tar éis ghlacadh an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, ar na sonraí atá mar bhonn taca leis an ngníomh tarmligthe sin. Déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe sin á thabhairt cothrom le dáta nuair is gá i bhfianaise na n-imthosca atá ag teacht chun cinn agus na fianaise eolaíche is déanaí atá ar fáil.’;

(17)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

‘Airteagal 27

Rialacha ríomha in earnáil an iompair agus maidir le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch beag beann ar a n-úsáid deiridh

1.   Chun an laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa a ríomh dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a)(ii), beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)

déanfar na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh mar a leanas:

(i)

i gcás bithbhreosla agus bithgháis, trí mhéid na mbreoslaí sin a sholáthraítear do gach modh iompair a iolrú faoina laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa arna gcinneadh de réir Airteagal 31;

(ii)

i gcás breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, trí mhéid na mbreoslaí sin a sholáthraítear do gach modh iompair a iolrú faoina laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa arna gcinneadh i gcomhréir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 29a(3);

(iii)

i gcás leictreachas in-athnuaite, tríd an méid leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear do gach modh iompair a iolrú faoin táirge comparáide breoslaí iontaise ECF(e) a leagtar amach in Iarscríbhinn V;

(b)

ríomhfar an bhonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a)(ii), go dtí an 31 Nollaig 2030 trí mhéid an fhuinnimh a sholáthraítear d’earnáil an iompair a iolrú faoin táirge comparáide breoslaí iontaise EF(t) a leagtar amach in Iarscríbhinn V; ón 1 Eanáir 2031, is é a bheidh sa bhonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a)(ii), suim na nithe seo a leanas:

(i)

méid na mbreoslaí a sholáthraítear do gach modh iompair arna iolrú faoin táirge comparáide breoslaí iontaise EF(t) a leagtar amach in Iarscríbhinn V;

(ii)

méid an leictreachais a sholáthraítear do gach modh iompair arna iolrú faoin táirge comparáide breoslaí iontaise ECF(e) a leagtar amach in Iarscríbhinn V;

(c)

chun na méideanna ábhartha fuinnimh a ríomh, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(i)

chun méid an fhuinnimh a sholáthraítear d’earnáil an iompair a chinneadh, úsáidfear na luachanna a bhaineann le luach fuinnimh breoslaí iompair a leagtar amach in Iarscríbhinn III;

(ii)

chun luach fuinnimh na mbreoslaí iompair nach n-áirítear in Iarscríbhinn III a chinneadh, úsáidfidh na Ballstáit na caighdeáin Eorpacha ábhartha chun luachanna calracha breoslaí a chinneadh, nó, i gcás nár glacadh aon chaighdeán Eorpach chun na críche sin, caighdeáin ábhartha ISO;

(iii)

cinntear méid an leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear d’earnáil an iompair trí mhéid an leictreachais a sholáthraítear don earnáil sin a iolrú faoi mheánsciar an leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear i gcríoch an Bhallstáit sa 2 bhliain roimhe sin, mura bhfaightear leictreachas ó nasc díreach le suiteáil a ghineann leictreachas in-athnuaite agus mura soláthraítear é d’earnáil an iompair, agus sa chás sin, áireofar an leictreachas go hiomlán mar leictreachas in-athnuaite agus féadfar leictreachas arna ghiniúint ag feithicil ghrianleictreach agus a úsáidtear le haghaidh tomhaltas ag an bhfeithicil féin a áireamh go hiomlán mar leictreachas in-athnuaite;

(iv)

beidh sciar na mbithbhreoslaí agus an bhithgháis a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX i luach fuinnimh breoslaí agus leictreachais a sholáthraítear d’earnáil an iompair teoranta do 1,7 %, seachas sa Chipir agus i Málta;

(d)

cinntear an laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa ó úsáid fuinnimh in-athnuaite trí na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó úsáid bithbhreoslaí, bithgháis, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear do gach modh iompair a roinnt ar an mbonnlíne; féadfaidh na Ballstáit breoslaí carbóin athchúrsáilte a chur san áireamh.

Féadfaidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil údar leis, an teorainn dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c)(iv), den mhír seo a mhéadú, agus infhaighteacht an bhunábhair a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX á cur san áireamh. Tabharfar fógra don Choimisiún faoi aon mhéadú den sórt sin mar aon leis na cúiseanna leis sin, agus beidh sé faoi réir a fhormheasa ag an gCoimisiún.

2.   Chun na sciartha íosta dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a)(i) agus pointe (b), a ríomh, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)

chun an t-ainmneoir a ríomh, arb é sin an méid fuinnimh a thomhlaítear in earnáil an iompair, cuirfear na breoslaí agus an leictreachas go léir a sholáthraítear d’earnáil an iompair san áireamh;

(b)

chun an t-uimhreoir a ríomh, arb é sin an méid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a thomhlaítear in earnáil an iompair chun críocha Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, cuirfear san áireamh luach fuinnimh gach cineáil fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a sholáthraítear do gach modh iompair, lena n-áirítear do bhuncair mhuirí idirnáisiúnta, i gcríoch gach Ballstáit; féadfaidh na Ballstáit breoslaí carbóin athchúrsáilte a chur san áireamh;

(c)

measfar go bhfuil dhá oiread a luacha fuinnimh sa sciar de bhithbhreoslaí agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear in Iarscríbhinn IX agus ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch;

(d)

measfar go bhfuil ceithre oiread a luacha fuinnimh sa sciar de leictreachas in-athnuaite nuair a chuirtear ar fáil d’fheithiclí bóthair é agus féadfar a mheas go bhfuil 1,5 oiread a luacha fuinnimh sa sciar sin nuair a chuirtear ar fáil d’iompar iarnróid é;

(e)

measfar go bhfuil 1,2 oiread a luacha fuinnimh sa sciar de bhithbhreoslaí ardfhorbartha agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX a sholáthraítear sna modhanna eitlíochta agus iompair mhuirí agus measfar go bhfuil 1,5 oiread a luacha fuinnimh sa sciar de bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a sholáthraítear sna modhanna eitlíochta agus iompair mhuirí;

(f)

beidh an sciar de bhithbhreoslaí agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX i luach fuinnimh breoslaí agus leictreachais a sholáthraítear d’earnáil an iompair teoranta do 1,7 %, seachas sa Chipir agus i Málta;

(g)

chun méid an fhuinnimh a sholáthraítear d’earnáil an iompair a chinneadh, úsáidfear na luachanna a bhaineann le luach fuinnimh breoslaí iompair mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III;

(h)

chun an luach fuinnimh a ríomh i gcás breoslaí iompair nach n-áirítear in Iarscríbhinn III, úsáidfidh na Ballstáit na caighdeáin Eorpacha ábhartha chun luachanna calracha breoslaí a chinneadh, nó, i gcás nár glacadh aon chaighdeán Eorpach chun na críche sin, caighdeáin ábhartha ISO;

(i)

déanfar méid an leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear in earnáil an iompair a chinneadh trí mhéid an leictreachais a sholáthraítear don earnáil sin a iolrú faoi mheánsciar an leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear i gcríoch an Bhallstáit sa 2 bhliain roimhe sin, mura bhfaightear leictreachas ó nasc díreach le suiteáil a ghineann leictreachas in-athnuaite agus mura soláthraítear é d’earnáil an iompair, agus sa chás sin, áireofar an leictreachas sin go hiomlán mar leictreachas in-athnuaite agus féadfar leictreachas arna ghiniúint ag feithicil ghrianleictreach agus a úsáidtear le haghaidh tomhaltas ag an bhfeithicil féin a áireamh go hiomlán mar leictreachas in-athnuaite.

Féadfaidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil údar leis, an teorainn dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (f), den mhír seo a mhéadú, agus infhaighteacht an bhunábhair a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX á cur san áireamh. Tabharfar fógra don Choimisiún faoi aon mhéadú den sórt sin, mar aon leis an gcúis atá leis sin, agus beidh sé faoi réir a fhormheasa ag an gCoimisiún.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a leasú tríd an teorainn ar an sciar de bhithbhreoslaí agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX a oiriúnú ar bhonn measúnú ar infhaighteacht an bhunábhair. Beidh an teorainn sin cothrom le 1,7 % ar a laghad. Má dhéanann an Coimisiún gníomh tarmligthe den sórt sin a ghlacadh, beidh feidhm ag an teorainn a leagtar amach ann freisin maidir le Ballstáit a bhfuil formheas faighte acu ón gCoimisiún chun an teorainn a mhéadú, i gcomhréir le mír 1, an dara fomhír, nó mír 2, an dara fomhír, den Airteagal seo, tar éis idirthréimhse 5 bliana, gan dochar do cheart an Bhallstáit an teorainn nua sin a chur i bhfeidhm níos luaithe. Féadfaidh na Ballstáit iarratas a dhéanamh ar fhormheas nua ón gCoimisiún le haghaidh méadú ar an teorainn a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe i gcomhréir le mír 1, an dara fomhír, nó le mír 2, an dara fomhír, den Airteagal seo.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a leasú trí bhreoslaí iompair agus a luach fuinnimh, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, a oiriúnú i gcomhréir le dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.

5.   Chun críocha na ríomhanna dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), agus i mír 2, an chéad fhomhír, pointe (a), measfar nach mó ná 13 %, mar chion d’olltomhaltas deiridh fuinnimh an Bhallstáit sin, méid an fhuinnimh a sholáthraítear d’earnáil an iompair mhuirí. I gcás na Cipire agus Mhálta, measfar nach mó ná 5 %, mar chion d’olltomhaltas deiridh fuinnimh na mBallstát sin, méid an fhuinnimh a thomhlaítear in earnáil an iompair mhuirí. Beidh feidhm ag an mír seo go dtí an 31 Nollaig 2030.

6.   I gcás ina n-úsáidtear leictreachas chun breoslaí iompair in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a tháirgeadh, go díreach nó chun táirgí eatramhacha a tháirgeadh, bainfear úsáid as an meánsciar leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite i dtír an táirgthe, faoi mar a tomhaiseadh 2 bhliain roimh an mbliain atá i gceist, chun sciar an fhuinnimh in-athnuaite a chinneadh.

Mar sin féin, féadfar leictreachas a fhaightear ó nasc díreach le suiteáil lena ngintear leictreachas in-athnuaite a áireamh go hiomlán mar leictreachas in-athnuaite i gcás ina n-úsáidtear é chun breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a tháirgeadh, ar an gcoinníoll gur fíor an méid seo a leanas i leith na suiteála:

(a)

cuirtear i mbun feidhme é tar éis na suiteála lena ngintear na breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch nó ag an am céanna; agus

(b)

níl sé nasctha leis an eangach nó tá sé nasctha leis an eangach ach is féidir fianaise a chur ar fáil gur soláthraíodh an leictreachas lena mbaineann gan leictreachas a thógáil ón eangach.

Féadfar leictreachas a tógadh ón eangach a áireamh go hiomlán mar leictreachas in-athnuaite ar an gcoinníoll go ndearnadh é a tháirgeadh go heisiach ó fhoinsí in-athnuaite agus gur léiríodh na hairíonna in-athnuaite agus aon chritéir iomchuí eile, agus é á áirithiú nach ndéantar airíonna in-athnuaite an leictreachais sin a áireamh ach an t-aon uair amháin agus in aon earnáil chríochúsáide amháin.

Faoin 31 Nollaig 2021, déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí mhodheolaíocht de chuid an Aontais a bhunú lena leagtar amach rialacha mionsonraithe trína gcomhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha na ceanglais a leagtar síos sa dara fomhír agus sa tríú fomhír den mhír seo.

Faoin 1 Iúil 2028, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ndéantar measúnú ar thionchar mhodheolaíocht an Aontais a leagtar amach i gcomhréir leis an gceathrú fomhír, lena n-áirítear tionchar na breisíochta agus an chomhghaoil ama agus gheografaigh ar chostais táirgthe, ar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus ar an gcóras fuinnimh.

Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ón gCoimisiún, go háirithe, ar an tionchar atá ar infhaighteacht agus inacmhainneacht breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch d’earnálacha na tionsclaíochta agus an iompair agus ar chumas an Aontais a spriocanna maidir le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a bhaint amach, agus straitéis an Aontais maidir le hidrigin allmhairithe agus intíre i gcomhréir le hAirteagal 22a á cur san áireamh, agus an méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnáil an leictreachais agus sa chóras foriomlán fuinnimh á íoslaghdú san am céanna. I gcás inarb é conclúid na tuarascála sin nach leor na ceanglais chun infhaighteacht agus inacmhainneacht leordhóthanach breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch d’earnálacha na tionsclaíochta agus an iompair a áirithiú agus nach rannchuidíonn siad go suntasach le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, le comhtháthú an chórais fuinnimh agus le baint amach spriocanna an Aontais maidir le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a leagtar amach do 2030, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar mhodheolaíocht an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, glacfaidh sé gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an mhodheolaíocht sin a leasú, chun na coigeartuithe is gá a dhéanamh ar na critéir a leagtar síos sa dara fomhír agus sa tríú fomhír den mhír seo chun borradh faoi thionscal na hidrigine a éascú.’;

(18)

leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

(a)

scriostar míreanna 2, 3 agus 4;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Faoin 30 Meitheamh 2024, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a shonrú chun an sciar de bhithbhreosla, agus de bhithghás le haghaidh iompair, a eascraíonn as bithmhais a bheith á próiseáil in éineacht le breoslaí iontaise mar chuid de phróiseas comhchoiteann a chinneadh.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7.   Faoin 31 Nollaig 2025, i gcomhthéacs an mheasúnaithe dhébhliantúil ar an dul chun cinn a dhéantar de bhun Rialachán (AE) 2018/1999, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh cé acu an spreagtar go héifeachtach nó nach spreagtar an nuálaíocht leis an oibleagáid a bhaineann le bithbhreoslaí ardfhorbartha agus le bithghás a tháirgtear ó bhunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Treoir seo a leagtar síos in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (b), den Treoir seo agus cé acu an áirithítear nó nach n-áirithítear leis an oibleagáid sin laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnáil an iompair. Déanfaidh an Coimisiún anailís sa mheasúnú sin i dtaobh an seachnaítear ar bhealach éifeachtach, le cur i bhfeidhm an Airteagail seo, áireamh dúbailte an fhuinnimh in-athnuaite.

Tíolacfaidh an Coimisiún togra, más iomchuí, chun an oibleagáid a bhaineann le bithbhreoslaí ardfhorbartha agus bithghás a tháirgtear ó bhunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX a leagtar síos in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (b), a leasú.’

;

(19)

leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

rannchuidiú le sciartha fuinnimh in-athnuaite na mBallstát agus na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 3(1), Airteagal 15a(1), Airteagal 22a(1), Airteagal 23(1), Airteagal 24(4) agus Airteagal 25(1);’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Mar sin féin, maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó dhramhaíl agus ó iarmhair nach iarmhair thalmhaíochta, dhobharshaothraithe, iascaigh ná foraoiseachta iad, ní gá dóibh sin ach na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos i mír 10 a chomhlíonadh chun go gcuirfí san áireamh iad chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír den mhír seo. I gcás dramhaíl mheasctha a úsáid, áfach, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar oibreoirí córais sórtála dramhaíola measctha a chur i bhfeidhm arb é is aidhm dóibh ábhair iontaise a bhaint. Beidh feidhm ag an bhfomhír seo freisin maidir le dramhaíl agus le hiarmhair a ndéantar iad a phróiseáil ar dtús chun táirge a dhéanamh díobh sula ndéantar tuilleadh próiseála orthu chun bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a dhéanamh díobh.’;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú fomhír:

‘Le breoslaí bithmhaise, comhlíonfar na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos i míreanna 2 go 7 agus 10 má úsáidtear iad:

(a)

i gcás breoslaí bithmhaise soladaí, i suiteálacha a tháirgeann leictreachas, téamh agus fuarú arb ionann a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán agus 7,5 MW nó ar mó ná sin é;

(b)

i gcás breoslaí bithmhaise gásacha, i suiteálacha a tháirgeann leictreachas, téamh agus fuarú arb ionann a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán agus 2 MW nó ar mó ná sin é;

(c)

i gcás suiteálacha a tháirgeann breoslaí bithmhaise gásacha ag a bhfuil an meánráta sreafa bithmheatáin seo a leanas:

(i)

os cionn 200 m3 meatán coibhéiseach/h arna thomhas ag coinníollacha caighdeánacha teochta agus brú, eadhon 0 °C agus 1 bhar de bhrú atmaisféarach;

(ii)

má tá bithghás comhdhéanta de mheascán de mheatán agus de ghás neamhdhócháin eile, i gcás an ráta sreafa bithmheatáin, an tairseach a leagtar amach i bpointe (i), arna athríomh i gcomhréireacht leis an sciar toirtmhéadrach meatáin atá sa mheascán.

Féadfaidh na Ballstáit na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur i bhfeidhm maidir le suiteálacha a bhfuil ionchur teirmeach rátaithe iomlán nó ráta sreafa bithmheatáin níos ísle acu.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   I dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bhithmhais talmhaíochta agus arna gcur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, ní dhéanfar iad as amhábhar a fuarthas as talamh a bhfuil ardluach bithéagsúlachta aige, eadhon talamh a raibh aon cheann de na stádais seo a leanas aige i mí Eanáir 2008 nó dá héis, beag beann ar cé acu a choinnigh nó nár choinnigh an talamh an stádas sin:

(a)

foraois phríomhúil agus coillearnach eile, eadhon foraois agus coillearnach eile ar de speicis dúchais iad, i gcás nach bhfuil aon léiriú soiléir infheicthe ann maidir le gníomhaíocht an duine agus nach gcuirtear isteach go suntasach ar na próisis éiceolaíocha; agus foraoisí seanfháis mar a shainmhínítear sa tír ina bhfuil an fhoraois suite;

(b)

foraois agus coillearnach eile an-bhithéagsúil a bhfuil an-chuid speiceas inti agus nach bhfuil díghrádaithe, agus atá sainaitheanta mar fhoraois nó coillearnach an-bhithéagsúil ag an údarás inniúil ábhartha, mura gcuirtear fianaise ar fáil lena léirítear nár chuir táirgeadh an bhunábhair sin as do na críocha cosanta dúlra sin;

(c)

limistéir arna n-ainmniú:

(i)

ag an dlí nó ag na húdaráis inniúla ábhartha chun críoch cosanta dúlra, mura gcuirtear fianaise ar fáil lena léirítear nár chuir táirgeadh an bhunábhair sin as do na críocha cosanta dúlra sin; nó

(ii)

chun cosaint a thabhairt d’éiceachórais nó speicis atá neamhchoitianta, faoi bhagairt nó i mbaol, ar éiceachórais nó speicis iad a aithnítear le comhaontuithe idirnáisiúnta nó a chuirtear ar liostaí arna dtarraingt suas ag eagraíochtaí idir-rialtasacha nó ag an Aontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra, faoi réir a n-aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 30(4), an chéad fhomhír, mura gcuirtear fianaise ar fáil lena léirítear nár chuir táirgeadh an bhunábhair sin as do na críocha cosanta dúlra sin;

(d)

féarthalamh an-bhithéagsúil is fairsinge ná heicteáir amháin ar ceann amháin de na nithe seo a leanas é:

(i)

féarthalamh nádúrtha, eadhon féarthalamh a d’fhanfadh ina fhéarthalamh in éagmais ghníomhaíocht an duine agus a choinníonn slán comhdhéanamh na speiceas nádúrtha agus na próisis agus saintréithe éiceolaíocha; nó

(ii)

féarthalamh neamhnádúrtha, eadhon féarthalamh nach bhfanfadh ina fhéarthalamh in éagmais ghníomhaíocht an duine, a bhfuil an-chuid speiceas ann agus nach bhfuil díghrádaithe agus arna aithint ag an údarás inniúil ábhartha mar fhéarthalamh ard-bhithéagsúil, mura gcuirtear fianaise ar fáil lena léirítear gur gá an bunábhar a bhaint chun a stádas mar fhéarthalamh ard-bhithéagsúil a chaomhnú; nó

(e)

fraochmhá.

I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 6, pointí (a)(vi) agus (vii), tá feidhm freisin ag an gcéad fhomhír den mhír seo, cé is moite de phointe (c), maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bhithmhais foraoise.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear tuilleadh na critéir chun a chinneadh cén féarthalamh atá le cumhdach faoin gcéad fhomhír, pointe (d), den mhír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3).’

;

(c)

i mír 4, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

‘I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 6, pointí (a)(vi) agus (vii), tá feidhm freisin ag an gcéad fhomhír den mhír seo, cé is moite de phointí (b) agus (c), agus an dara fomhír den mhír seo maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bhithmhais foraoise.’;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   I dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bhithmhais talmhaíochta agus arna gcur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), ní dhéanfar iad as amhábhar a fuarthas as talamh a bhí ina thalamh portaigh i mí Eanáir 2008, mura gcuirtear fianaise ar fáil lena léirítear nach mbaineann draenáil ithreach nár draenáladh roimhe sin le saothrú agus baint an amhábhair sin. I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 6, pointí (a)(vi) agus (vii), tá feidhm freisin ag an mír seo maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bhithmhais foraoise.;’

(e)

leasaítear mír 6 mar a leanas:

(i)

i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (iii) agus (iv):

‘(iii)

go ndéantar limistéir arna n-ainmniú ag an dlí idirnáisiúnta nó ag an dlí náisiúnta nó ag an údarás inniúil ábhartha chun críoch cosanta dúlra, lena n-áirítear i mbogaigh, féarthalamh, fraochmhá agus tailte portaigh, a chosaint agus é mar aidhm leis sin an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus scriosadh gnáthóg a chosc;

(iv)

go ndéantar an bhuaint agus aird á tabhairt ar cháilíocht na hithreach agus an bhithéagsúlacht a choinneáil i gcomhréir le prionsabail an bhainistithe inbhuanaithe ar fhoraoisí, agus é mar aidhm leis sin cosc a chur le haon drochthionchar, ar bhealach lena seachnaítear buaint stumpaí agus fréamhacha, díghrádú foraoisí príomhúla, agus foraoisí seanfháis mar a shainmhínítear sa tír ina bhfuil an fhoraois suite, nó tiontú na bhforaoisí sin ina bhforaoisí plandála, agus buaint ar ithreacha leochaileacha, go ndéantar an bhuaint i gcomhréir leis na huastairseacha le haghaidh glanleaganacha crann mór mar a shainmhínítear sa tír ina bhfuil an fhoraois suite, agus le tairseacha coinneála atá iomchuí go háitiúil agus go héiceolaíoch d’eastóscadh adhmaid mhairbh agus go ndéantar an bhuaint i gcomhréir le ceanglais chun úsáid a bhaint as córais lománaíochta lena n-íoslaghdaítear aon drochthionchar ar cháilíocht na hithreach, lena n-áirítear balcadh ithreach, agus ar ghnéithe bithéagsúlachta agus ar ghnáthóga:’;

(ii)

i bpointe (a), cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(vi)

na foraoisí inar baineadh an bhithmhais foraoise, ní ó thailte ag a bhfuil na stádais dá dtagraítear i mír 3, pointí (a), (b), (d) agus (e), mír 4, pointe (a), agus i mír 5, faoi seach, iad faoi na coinníollacha céanna chun stádas talún a shonraítear sna míreanna sin a chinneadh; agus

(vii)

maidir le suiteálacha a tháirgeann bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise ó bhithmhais foraoise, go n-eisíonn siad ráiteas dearbhaithe, a bhfuil próisis inmheánacha ar leibhéal cuideachta mar bhonn taca leis, chun críoch na n-iniúchtaí arna ndéanamh de bhun Airteagal 30(3), á rá nach bhfaightear an bhithmhais foraoise ó na tailte dá dtagraítear i bpointe (vi) den fhomhír seo.’;

(iii)

i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (iii) agus (iv):

‘(iii)

go ndéantar limistéir arna n-ainmniú ag an dlí idirnáisiúnta nó ag an dlí náisiúnta nó ag an údarás inniúil ábhartha chun críoch cosanta dúlra, lena n-áirítear i mbogaigh, féarthalamh, fraochmhá agus tailte portaigh, a chosaint agus é mar aidhm leis sin an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus scriosadh gnáthóg a chosc, mura gcuirtear fianaise ar fáil lena léirítear nach gcuireann baint an amhábhair sin as do na críocha cosanta dúlra sin;

(iv)

go ndéantar an bhuaint agus aird á tabhairt ar cháilíocht agus bithéagsúlacht na hithreach a choinneáil, i gcomhréir le prionsabail an bhainistithe inbhuanaithe ar fhoraoisí, agus é mar aidhm leis sin cosc a chur le haon drochthionchar, ar bhealach lena seachnaítear buaint stumpaí agus fréamhacha, díghrádú foraoisí príomhúla, agus foraoisí seanfháis mar a shainmhínítear sa tír ina bhfuil an fhoraois suite, nó tiontú na bhforaoisí sin ina bhforaoisí plandála, agus buaint ar ithreacha leochaileacha, go ndéantar an bhuaint i gcomhréir leis na huastairseacha le haghaidh glanleaganacha crann mór mar a shainmhínítear sa tír ina bhfuil an fhoraois suite, agus le tairseacha coinneála atá iomchuí go háitiúil agus go héiceolaíoch d’eastóscadh adhmaid mhairbh agus go ndéantar an bhuaint i gcomhréir le ceanglais chun úsáid a bhaint as córais lománaíochta lena n-íoslaghdaítear aon drochthionchar ar cháilíocht na hithreach, lena n-áirítear balcadh ithreach, agus ar ghnéithe bithéagsúlachta agus ar ghnáthóga; agus’;

(f)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

‘7a.   Beidh táirgeadh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise ó bhithmhais foraoise intíre comhsheasmhach le gealltanais agus spriocanna na mBallstát a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*20) agus leis na beartais agus bearta a dtugann na Ballstáit tuairisc orthu ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999.

7b.   Mar chuid dá bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe deiridh atá le tíolacadh faoin 30 Meitheamh 2024 de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, áireoidh na Ballstáit an méid seo a leanas ar fad:

(a)

measúnú ar sholáthar intíre na bithmhaise foraoise atá ar fáil chun críoch fuinnimh in 2021-2030 i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos san Airteagal seo;

(b)

measúnú ar a chomhoiriúnaí atá úsáid réamh-mheasta na bithmhaise foraoise chun fuinneamh a tháirgeadh le spriocanna agus buiséid na mBallstát do 2026 go 2030 a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841; agus

(c)

tuairisc ar na bearta agus beartais náisiúnta lena n-áirithítear comhoiriúnacht do na spriocanna agus buiséid sin.

Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir leis na bearta agus beartais dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), den mhír seo mar chuid dá dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999.

(*20)  Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1).’;"

(g)

i mír 10, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

do tháirgeadh leictreachais, téimh agus fuaraithe ó bhreoslaí bithmhaise a úsáidtear i suiteálacha a thosaigh ag oibriú tar éis an 20 Samhain 2023, ar a laghad 80 %;

(e)

do tháirgeadh leictreachais, téimh agus fuaraithe ó bhreoslaí bithmhaise a úsáidtear i suiteálacha a bhfuil a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán cothrom le nó níos mó ná 10 MW, ar suiteálacha iad a thosaigh ag oibriú idir an 1 Eanáir 2021 agus an 20 Samhain 2023, 70 % ar a laghad go dtí an 31 Nollaig 2029, agus 80 % ar a laghad ón 1 Eanáir 2030;

(f)

do tháirgeadh leictreachais, téimh agus fuaraithe ó bhreoslaí bithmhaise gásacha a úsáidtear i suiteálacha a bhfuil a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán cothrom le nó níos lú ná 10 MW, ar suiteálacha iad a thosaigh ag oibriú idir an 1 Eanáir 2021 agus an 20 Samhain 2023, 70 % ar a laghad sula raibh siad ag oibriú ar feadh 15 bliana, agus ar a laghad 80 % tar éis dóibh a bheith ag oibriú ar feadh 15 bliana;

(g)

do tháirgeadh leictreachais, téimh agus fuaraithe ó bhreoslaí bithmhaise a úsáidtear i suiteálacha a bhfuil a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán cothrom le nó níos mó ná 10 MW, ar suiteálacha iad a thosaigh ag oibriú roimh an 1 Eanáir 2021, ar a laghad 80 % tar éis dóibh a bheith ag oibriú ar feadh 15 bliana, ar a luaithe ón 1 Eanáir 2026 agus ar a dhéanaí ón 31 Nollaig 2029;

(h)

do tháirgeadh leictreachais, téimh agus fuaraithe ó bhreoslaí bithmhaise gásacha a úsáidtear i suiteálacha a bhfuil a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán cothrom le nó níos lú ná 10 MW, ar suiteálacha iad a thosaigh ag oibriú roimh an 1 Eanáir 2021, 80 % ar a laghad tar éis dóibh a bheith ag oibriú ar feadh 15 bliana agus ar a luaithe ón 1 Eanáir 2026.’;

(h)

i mír 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

‘(a)

suiteálacha atá lonnaithe i réigiún is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE a mhéid a tháirgeann saoráidí den sórt sin leictreachas nó téamh nó fuarú ó bhreoslaí bithmhaise agus ó bhithleachtanna nó a tháirgeann siad bithbhreoslaí; agus

(b)

breoslaí bithmhaise agus bithleachtanna a úsáidtear sna suiteálacha dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo agus bithbhreoslaí a tháirgtear sna suiteálacha sin, beag beann ar áit tionscnaimh na bithmhaise sin, ar an gcoinníoll go bhfuil údar oibiachtúil le critéir den sórt sin ar na forais gurb é is aidhm leo, i gcás an réigiúin sin is forimeallaí, rochtain ar fhuinneamh sábháilte agus slán agus céimniú isteach rianúil na gcritéar a leagtar síos i míreanna 2 go 7 agus 10 agus 11 den Airteagal seo a áirithiú, rud a bheadh mar dhreasacht don aistriú ó bhreoslaí iontaise go bithbhreoslaí inbhuanaithe, bithleachtanna inbhuanaithe agus breoslaí bithmhaise inbhuanaithe.’;

(i)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘15.   Go dtí an 31 Nollaig 2030, féadfar fuinneamh ó bhithbhreoslaí, ó bhithleachtanna agus ó bhreoslaí bithmhaise a chur san áireamh freisin chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), den Airteagal seo, i gcás inar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

deonaíodh tacaíocht roimh an 20 Samhain 2023, i gcomhréir leis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach in Airteagal 29 sa leagan di a bhí i bhfeidhm an 29 Meán Fómhair 2020; agus

(b)

deonaíodh an tacaíocht i bhfoirm tacaíocht fhadtéarmach ar cinneadh méid seasta ina leith ag tús na tréimhse tacaíochta agus ar choinníoll go bhfuil sásra ceartúcháin i bhfeidhm chun a áirithiú nach ann do róchúiteamh.’;

(20)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 29a

Critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte

1.   Ní dhéanfar fuinneamh ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a áireamh faoi chomhair sciartha fuinnimh in-athnuaite na mBallstát agus faoi chomhair na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagail 3(1), 15a(1), 22a(1), 23(1), 24(4) agus 25(1) ach amháin más 70 % ar a laghad na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a thagann ó úsáid na mbreoslaí sin.

2.   Ní fhéadfar fuinneamh ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte a áireamh faoi chomhair na spriocanna dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a), ach amháin más 70 % ar a laghad na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a thagann ó úsáid na mbreoslaí sin.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a shonrú chun measúnú a dhéanamh ar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte. Áiritheofar leis an modheolaíocht nach dtabharfar creidmheas as astaíochtaí seachanta i gcás CO2 ó fhoinsí iontaise ar tugadh creidmheas astaíochta as í a ghabháil cheana faoi fhorálacha eile dlí. Leis an modheolaíocht, cumhdófar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ar feadh na saolré agus cuirfear san áireamh astaíochtaí indíreacha a eascraíonn as atreorú ábhar ionchuir docht amhail dramhaíl a úsáidtear chun breoslaí carbóin athchúrsáilte a tháirgeadh.;’

(21)

leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:

(a)

i mír 1, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘1.   I gcás ina bhfuil breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte le háireamh faoi chomhair na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), Airteagal 15a(1), Airteagal 22a(1), Airteagal 23(1), Airteagal 24(4) agus Airteagal 25(1), ceanglóidh na Ballstáit ar oibreoirí eacnamaíocha a chruthú, trí bhíthin iniúchtaí éigeantacha neamhspleácha agus trédhearcacha, i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 8 den Airteagal seo, gur comhlíonadh na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus in Airteagal 29a(1) agus (2) i leith breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte. Chuige sin, ceanglóidh siad ar oibreoirí eacnamaíocha úsáid a bhaint as córas cothromúcháin maise ar fíor an méid seo a leanas ina leith:’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás ina bpróiseáiltear coinsíneacht, déanfar oiriúnú ar an bhfaisnéis faoi na hairíonna inbhuanaitheachta agus faoi na hairíonna maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus sannfar í don aschur i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(a)

i gcás nach mbíonn de thoradh ar an bpróiseáil a dhéantar ar choinsíneacht amhábhair ach aschur amháin atá beartaithe chun bithbhreoslaí, bithleachtanna nó breoslaí bithmhaise, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, nó breoslaí carbóin athchúrsáilte a tháirgeadh, oiriúnófar méid na coinsíneachta agus cainníochtaí gaolmhara na n-airíonna inbhuanaitheachta agus na n-airíonna maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa trí fhachtóir tiontaithe a chur i bhfeidhm arb ionann é agus an choibhéis atá idir mais an aschuir atá beartaithe do tháirgeadh den sórt sin agus mais an amhábhair atá á thabhairt isteach sa phróiseas;

(b)

i gcás ina mbíonn de thoradh ar an bpróiseáil a dhéantar ar choinsíneacht amhábhair níos mó ná aschur amháin atá beartaithe chun bithbhreoslaí, bithleachtanna nó breoslaí bithmhaise, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch nó breoslaí carbóin athchúrsáilte a tháirgeadh, cuirfear fachtóir tiontaithe ar leithligh i bhfeidhm ar gach aschur agus úsáidfear cothromaíocht mhaise ar leithligh.’;

(c)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

‘Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go dtíolacfaidh oibreoirí faisnéis iontaofa faoi chomhlíonadh na gcritéar maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus Airteagal 29a(1) agus (2), agus chun a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha ar fáil don Bhallstát ábhartha, arna iarraidh sin dó, na sonraí a úsáideadh chun an fhaisnéis sin a fhorbairt. Ceanglóidh na Ballstáit ar oibreoirí eacnamaíocha socrú a dhéanamh maidir le hiniúchadh neamhspleách de chaighdeán leordhóthanach a dhéanamh ar an bhfaisnéis a tíolacadh, agus fianaise a chur ar fáil go bhfuil an méid sin déanta acu. Chun Airteagal 29(3), pointí (a), (b), (d) agus (e), Airteagal 29(4), pointe (a), Airteagal 29(5), Airteagal 29(6), pointe (a), agus Airteagal 29(7), pointe (a), a chomhlíonadh, féadfar iniúchóireacht an chéad pháirtí nó iniúchóireacht an dara páirtí a úsáid suas go dtí an chéad phointe bailithe den bhithmhais foraoise. Fíorófar leis an iniúchóireacht go bhfuil na córais atá á n-úsáid ag na hoibreoirí eacnamaíocha cruinn, iontaofa agus cosanta ar chalaois, lena n-áirítear fíorú lena n-áirithítear nach ndéantar ábhair a mhodhnú nó a dhiúscairt d’aon ghnó ionas go bhféadfadh an choinsíneacht nó cuid den choinsíneacht a bheith ina dramhaíl nó ina hiarmhar. Leis an iniúchóireacht, déanfar meastóireacht freisin ar mhinicíocht agus modheolaíocht na samplála agus ar stóinseacht na sonraí.

Beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos sa mhír seo gan beann ar cibé acu a tháirgtear na breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte laistigh den Aontas nó ar cibé acu a dhéantar iad a allmhairiú isteach san Aontas. Déanfar faisnéis faoi thionscnamh geografach agus cineál bunábhair na mbithbhreoslaí, na mbithleachtanna agus na mbreoslaí bithmhaise in aghaidh an tsoláthróra breosla a chur ar fáil do thomhaltóirí ar bhealach cothrom le dáta, inrochtana go héasca agus so-úsáidte ar shuíomhanna gréasáin na n-oibreoirí, na soláthróirí nó na n-údarás inniúil ábhartha agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil.’;

(d)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘4.   Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go ndéanfar, le scéimeanna deonacha náisiúnta nó idirnáisiúnta lena leagtar síos caighdeáin maidir le táirgeadh breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, sonraí cruinne a sholáthar maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa chun críocha Airteagal 29(10) agus Airteagal 29a(1) agus (2), comhlíonadh Airteagal 27(6) agus Airteagal 31a(5) a léiriú, nó a léiriú go bhfuil na critéir maidir le hinbhuanaitheacht a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) á gcomhlíonadh i gcás coinsíneachtaí bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise. Le linn dóibh a léiriú go gcomhlíontar na critéir a leagtar síos in Airteagal 29(6) agus (7), féadfaidh na hoibreoirí an fhianaise is gá a sholáthar go díreach ar leibhéal an limistéir foinsithe. Féadfaidh an Coimisiún limistéir a aithint chun cosaint a thabhairt d’éiceachórais nó speicis atá neamhchoitianta, faoi bhagairt atá i mbaol, ar éiceachórais nó speicis iad a aithnítear le comhaontuithe idirnáisiúnta nó a chuirtear ar liostaí arna dtarraingt suas ag eagraíochtaí idir-rialtasacha nó ag an Aontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra chun críocha Airteagal 29(3), an chéad fhomhír, pointe (c)(ii).’

;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Féadfaidh na Ballstáit scéimeanna náisiúnta a chur ar bun ina bhfíoraítear comhlíonadh na gcritéar maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus in Airteagal 29a(1) agus (2), i gcomhréir leis an modheolaíocht a forbraíodh faoi Airteagal 29a(3), ó cheann ceann na líne cúraim lena mbaineann na húdaráis inniúla. Féadfar na scéimeanna sin a úsáid freisin chun cruinneas agus iomláine na faisnéise arna háireamh ag oibreoirí eacnamaíocha i mbunachar sonraí an Aontais a fhíorú, chun comhlíonadh Airteagal 27(6) a léiriú agus chun bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca íseal maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a dheimhniú.

Féadfaidh Ballstát fógra faoi scéim náisiúnta den sórt sin a thabhairt don Choimisiún. Tabharfaidh an Coimisiún tosaíocht don mheasúnú ar scéim den sórt sin chun aitheantas frithpháirteach déthaobhach agus iltaobhach na scéimeanna sin a éascú. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an gcomhlíonann scéim náisiúnta den sórt sin ar tugadh fógra ina leith na coinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3).

I gcás ina gcinneann an Coimisiún go gcomhlíonann an scéim náisiúnta na coinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo, ní dhiúltófar, le scéimeanna eile arna n-aithint ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an Airteagal seo, aitheantas frithpháirteach a thabhairt do scéim náisiúnta an Bhallstáit sin a mhéid a bhaineann le fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar as a bhfuil sí aitheanta ag an gCoimisiún.

Maidir le suiteálacha a tháirgeann leictreachas, téamh agus fuarú a bhfuil a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán idir 7,5 agus 20 MW, féadfaidh na Ballstáit scéimeanna fíorúcháin náisiúnta simplithe a bhunú chun comhlíonadh na gcritéar maidir le hinbhuanaitheacht agus na gcritéar maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) a áirithiú. Maidir leis na suiteálacha céanna, leagfar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear i mír 8 den Airteagal seo na coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh scéimeanna fíorúcháin deonacha simplithe chun a áirithiú go gcomhlíontar na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach in Airteagal 29(2) go (7) agus (10).’

;

(f)

i mír 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘9.   I gcás ina soláthraíonn oibreoir eacnamaíoch fianaise nó sonraí a fuarthas i gcomhréir le scéim a bhí faoi réir cinneadh de bhun mhír 4 nó 6, ní cheanglóidh Ballstát ar an oibreoir eacnamaíoch tuilleadh fianaise a sholáthar maidir le comhlíonadh na ngnéithe a chumhdaítear leis an scéim as a bhfuil an scéim aitheanta ag an gCoimisiún.’

;

(g)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

‘10.   Arna iarraidh sin do Bhallstát, ar iarraidh í a fhéadfar a bheith bunaithe ar iarraidh ó oibreoir eacnamaíoch, scrúdóidh an Coimisiún, ar bhonn na fianaise uile atá ar fáil, ar comhlíonadh na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus in Airteagal 29a(1) agus (2) i ndáil le foinse breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte.

Laistigh de 6 mhí tar éis iarraidh den sórt sin a fháil, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a chinneadh an bhféadfaidh an Ballstát lena mbaineann ceachtar den mhéid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a tháirgtear ón bhfoinse sin a chur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 29(1); nó

(b)

de mhaolú ar mhír 9, a cheangal ar sholáthróirí fhoinse na mbreoslaí in-athnuaite agus na mbreoslaí carbóin athchúrsáilte tuilleadh fianaise a sholáthar faoi chomhlíonadh na gcritéar sin maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus faoi chomhlíonadh na dtairseach sin maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3).’

;

(22)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

‘Airteagal 31a

Bunachar sonraí an Aontais

1.   Faoin 21 Samhain 2024, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear ar bun bunachar sonraí de chuid an Aontais chun go bhféadfar breoslaí in-athnuaite leachtacha agus gásacha agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a rianú (‘bunachar sonraí an Aontais’).

2.   Ceanglóidh na Ballstáit ar na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha sonraí cruinne a iontráil go tráthúil i mbunachar sonraí an Aontais maidir leis na hidirbhearta a rinneadh agus saintréithe inbhuanaitheachta na mbreoslaí atá faoi réir na n-idirbheart sin, lena n-áirítear astaíochtaí gás ceaptha teasa a saolré, ag tosú ó phointe a dtáirgthe go dtí go gcuirtear ar an margadh san Aontas iad. Chun sonraí a iontráil i mbunachar sonraí an Aontais, measfar gur córas aonair cothromúcháin maise é an córas idirnasctha gáis. Soláthrófar sonraí maidir le breoslaí gásacha in-athnuaite a instealladh agus a tharraingt siar i mbunachar sonraí an Aontais. Sonraí i dtaobh ar cuireadh tacaíocht ar fáil chun coinsíneacht shonrach bhreosla a tháirgeadh agus, má cuireadh, i dtaobh an chineáil scéime tacaíochta, déanfar na sonraí sin a iontráil i mbunachar sonraí an Aontais freisin. Féadfar na sonraí sin a iontráil i mbunachar sonraí an Aontais trí bhunachair sonraí náisiúnta.

I gcás inarb iomchuí chun inrianaitheacht sonraí ó cheann ceann an tslabhra soláthair a fheabhsú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí raon feidhme na sonraí atá le háireamh i mbunachar sonraí an Aontais a leathnú tuilleadh chun sonraí ábhartha a chumhdach ó phointe táirgthe nó bailithe an amhábhair a úsáidtear le haghaidh tháirgeadh an bhreosla.

Ceanglóidh na Ballstáit ar sholáthróirí breosla na sonraí is gá a iontráil i mbunachar sonraí an Aontais chun a fhíorú go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, an dara fomhír agus an tríú fomhír, le haghaidh breoslaí gásacha a instealltar i mbonneagar gáis idirnasctha an Aontais, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, i gcás ina gcinneann an Ballstát córas cothromúcháin maise a chomhlánú le córas ráthaíochtaí tionscnaimh, sonraí a iontráil i mbunachar sonraí an Aontais faoi na hidirbhearta a rinneadh agus faoi na saintréithe inbhuanaitheachta agus sonraí ábhartha eile, amhail astaíochtaí gás ceaptha teasa na mbreoslaí suas go dtí an pointe insteallta chuig an mbonneagar gáis idirnasctha.

3.   Beidh rochtain ag na Ballstáit ar bhunachar sonraí an Aontais chun faireachán a dhéanamh agus sonraí a fhíorú.

4.   I gcás inar eisíodh ráthaíochtaí tionscnaimh i leith coinsíneacht gáis in-athnuaite a tháirgeadh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na ráthaíochtaí tionscnaimh sin a aistriú chuig bunachar sonraí an Aontais an tráth a chláraítear coinsíneacht gáis in-athnuaite i mbunachar sonraí an Aontais agus a chuirtear ar ceal iad tar éis an choinsíneacht gáis in-athnuaite a tharraingt siar ó bhonneagar gáis idirnasctha an Aontais. Ní bheidh ráthaíochtaí tionscnaimh den sórt sin, a luaithe a aistrítear iad, intrádála lasmuigh de bhunachar sonraí an Aontais.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit ina gcreat dlí náisiúnta go bhfíorófar cruinneas agus iomláine na sonraí arna n-iontráil ag oibreoirí eacnamaíocha sa bhunachar sonraí, mar shampla trí úsáid a bhaint as comhlachtaí deimhniúcháin faoi chuimsiú scéimeanna deonacha nó náisiúnta arna n-aithint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 30(4), (5) agus (6) agus a fhéadfar a chomhlánú le córas ráthaíochtaí tionscnaimh.

Le scéimeanna deonacha nó náisiúnta den sórt sin, féadfar úsáid a bhaint as córais sonraí tríú páirtí mar idirghabhálaithe chun na sonraí a bhailiú, ar choinníoll gur tugadh fógra don Choimisiún faoi úsáid den sórt sin.

Féadfaidh gach Ballstát bunachar sonraí náisiúnta atá ann cheana agus atá ailínithe agus nasctha le bunachar sonraí an Aontais trí chomhéadan a úsáid, nó bunachar sonraí náisiúnta a bhunú, is féidir le hoibreoirí eacnamaíocha a úsáid mar uirlis chun sonraí a bhailiú agus a dhearbhú agus chun na sonraí sin a iontráil agus a aistriú isteach i mbunachar sonraí an Aontais, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

comhlíontar, leis an mbunachar sonraí náisiúnta, bunachar sonraí an Aontais, lena n-áirítear maidir le tráthúlacht tharchur na sonraí, tíopeolaíocht na dtacar sonraí a aistríodh, agus na prótacail maidir le cáilíocht sonraí agus fíorú sonraí;

(b)

áirithíonn na Ballstáit go ndéantar na sonraí a iontráiltear sna bunachair sonraí náisiúnta a aistriú láithreach chuig bunachar sonraí an Aontais.

Féadfaidh na Ballstáit bunachair sonraí náisiúnta a bhunú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, amhail chun ceanglais náisiúnta níos déine a chur san áireamh, a mhéid a bhaineann le critéir maidir le hinbhuanaitheacht. Le bunachair sonraí náisiúnta den sórt sin, ní chuirfear bac ar inrianaitheacht fhoriomlán na gcoinsíneachtaí inbhuanaithe amhábhar nó breoslaí atá le hiontráil i mbunachar sonraí an Aontais i gcomhréir leis an Treoir seo.

Cáilíocht na sonraí a iontráiltear i mbunachar sonraí an Aontais trí bhíthin bunachair sonraí náisiúnta, saintréithe inbhuanaitheachta na mbreoslaí a bhaineann leis na sonraí sin, agus formheas deiridh na n-idirbheart, déanfar iad a fhíorú trí bhunachar sonraí an Aontais agus trí bhunachar sonraí an Aontais amháin. Déanfar cruinneas agus iomláine na sonraí sin a fhíorú i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 ón gCoimisiún (*21). Féadfaidh comhlachtaí deimhniúcháin iad a sheiceáil.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi ghnéithe mionsonraithe a mbunachair sonraí náisiúnta. Tar éis an fhógra sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an gcomhlíonann an bunachar sonraí náisiúnta na ceanglais a leagtar síos sa tríú fomhír. Murab amhlaidh an cás, féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais sin.

6.   Cuirfear sonraí comhiomlánaithe ó bhunachar sonraí an Aontais ar fáil go poiblí, ag féachaint go cuí do chosaint faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus coinneofar cothrom le dáta iad. Déanfaidh an Coimisiún tuarascálacha bliantúla a fhoilsiú agus a chur ar fáil go poiblí maidir leis na sonraí atá i mbunachar sonraí an Aontais, lena n-áirítear cainníochtaí, tionscnamh geografach agus cineál bunábhair breoslaí.

(*21)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2022 i ndáil le rialacha chun critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus critéir maidir le riosca íseal i ndáil le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a fhíorú (IO L 168, 27.6.2022, lch. 1).’;"

(23)

leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘3.   Faoin 31 Nollaig 2027, tíolacfaidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach maidir leis an gcreat rialála maidir le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn don tréimhse tar éis 2030.’

;

(ii)

cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

‘Agus an togra reachtach dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á ullmhú aige, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh, i gcás inarb iomchuí:

(a)

comhairle ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach um an Athrú Aeráide a bunaíodh faoi Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*22);

(b)

buiséad táscach réamh-mheasta an Aontais maidir le gáis ceaptha teasa mar a leagtar amach in Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*23);

(c)

na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh ag na Ballstáit faoin 30 Meitheamh 2024 de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999;

(d)

an taithí a fuarthas trí chur chun feidhme na Treorach seo, lena n-áirítear na critéir atá inti maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa; agus

(e)

forbairtí teicneolaíochta maidir le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite.

(*22)  Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (IO L 126, 21.5.2009, lch. 13)."

(*23)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1)’;"

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘3a.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur i bhfeidhm na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 29(7a) agus (7b) agus ar an tionchar atá acu ar inbhuanaitheacht bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a áirithiú.’

;

(24)

leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(3), an dara fomhír, Airteagal 26(2), an ceathrú fomhír, Airteagal 26(2), an cúigiú fomhír, Airteagal 27(3), Airteagal 27(4), Airteagal 27(6), an ceathrú fomhír, Airteagal 28(5), Airteagal 28(6), an dara fomhír, Airteagal 29a(3), Airteagal 31(5), an dara fomhír, agus Airteagal 31a(2), an dara fomhír, a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 20 Samhain 2023. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(3), an cúigiú fomhír, Airteagal 8(3), an dara fomhír, Airteagal 26(2), an ceathrú fomhír, Airteagal 26(2), an cúigiú fomhír, Airteagal 27(3), Airteagal 27(4), Airteagal 27(6), an ceathrú fomhír, Airteagal 28(5), Airteagal 28(6), an dara fomhír, Airteagal 29a(3), Airteagal 31(5), agus Airteagal 31a(2), an dara fomhír, a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(3), an cúigiú fomhír, Airteagal 8(3), an dara fomhír, Airteagal 26(2), an ceathrú fomhír, Airteagal 26(2), an cúigiú fomhír, Airteagal 27(3), Airteagal 27(4), Airteagal 27(6), an ceathrú fomhír, Airteagal 28(5), Airteagal 28(6), an dara fomhír, Airteagal 29a(3), Airteagal 31(5), nó Airteagal 31a(2), an dara fomhír, i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’

;

(25)

leasaítear na hIarscríbhinní i gcomhréir leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1999

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (11):

‘(11)

ciallaíonn ‘spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais’ an sprioc cheangailteach uile-Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú in 2030 dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2021/1119, sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030 a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001, an sprioc ar leibhéal an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú in 2030 dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*24), agus sprioc 15 % d’idirnascadh leictreachais do 2030 nó aon spriocanna ina dhiaidh sin i ndáil leis sin arna gcomhaontú ag an gComhairle Eorpach nó ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle do 2030.

(*24)  Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231, 20.9.2023, p. 1).’;"

(b)

i bpointe 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

i gcomhthéacs moltaí ón gCoimisiún atá bunaithe ar an measúnú de bhun Airteagal 29(1), pointe (b), maidir le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, Ballstát a bheith ag cur chun feidhme go luath a rannchuidiú le sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030 a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001 arna thomhas in aghaidh a phointí tagartha náisiúnta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite;’;

(2)

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(2):

‘(2)

maidir le fuinneamh in-athnuaite:

D’fhonn sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030 a bhaint amach, sprioc a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001, rannchuidiú leis an sprioc sin ó thaobh sciar an Bhallstáit d’fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite in olltomhaltas deiridh fuinnimh in 2030, maille le conair tháscach le haghaidh an rannchuidithe sin ó 2021 ar aghaidh. Faoi 2022, sroichfear, leis an gconair tháscach, pointe tagartha ar luach 18 % ar a laghad den mhéadú iomlán ar an sciar d’fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite idir sprioc cheangailteach náisiúnta an Bhallstáit sin do 2020 agus a rannchuidiú le sprioc 2030. Faoi 2025, sroichfear, leis an gconair tháscach, pointe tagartha dar luach 43 % ar a laghad den mhéadú iomlán ar an sciar d’fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite idir sprioc cheangailteach náisiúnta an Bhallstáit sin do 2020 agus a rannchuidiú le sprioc 2030. Faoi 2027, sroichfear, leis an gconair tháscach, pointe tagartha dar luach 65 % ar a laghad den mhéadú iomlán ar an sciar d’fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite idir sprioc cheangailteach náisiúnta an Bhallstáit sin do 2020 agus a rannchuidiú le sprioc 2030.

Faoi 2030, sroichfear, leis an gconair tháscach, ar a laghad rannchuidiú beartaithe an Bhallstáit. I gcás ina bhfuil an Ballstát ag súil leis go sáróidh sé sprioc cheangailteach náisiúnta 2020, féadfar tús a chur ar an gconair tháscach ar pé leibhéal is réamh-mheasta di. Maidir le conairí táscacha na mBallstát, i dteannta a chéile, ní mór gurb ionann iad agus pointí tagartha an Aontais in 2022, 2025 agus 2027 agus sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030 a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001. Ar leithligh óna rannchuidiú le sprioc an Aontais agus óna chonair tháscach chun críocha an Rialacháin seo, beidh Ballstát saor chun uaillmhianta níos mó a shonrú chun críocha an bheartais náisiúnta.’;

(3)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Áiritheoidh na Ballstáit i dteannta a chéile gurb ionann suim a rannchuidithe agus leibhéal sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030 a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001 ar a laghad.’

;

(4)

in Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I réimse an fhuinnimh in-athnuaite, mar chuid dá mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an dul chun cinn maidir le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais ar bhonn conair tháscach de chuid an Aontais a thosaíonn ag 20 % in 2020, a shroicheann pointí tagartha dar luach 18 % ar a laghad in 2022, 43 % in 2025 agus 65 % in 2027 den mhéadú foriomlán i sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite idir sprioc 2020 an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite agus sprioc 2030 an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite, agus a shroicheann sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030 a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001.’

.

Airteagal 3

Leasuithe ar Threoir 98/70/CE

Leasaítear Treoir 98/70/CE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘Airteagal 1

Raon Feidhme

Leis an Treoir seo, leagtar síos, i leith feithiclí bóthair, agus innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, lena n-áirítear soithí uiscebhealaí intíre nuair nach mbíonn siad ar muir, tarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta, agus árthaí áineasa nuair nach mbíonn siad ar muir, sonraíochtaí teicniúla ar fhorais sláinte agus chomhshaoil le haghaidh breoslaí atá le húsáid le hinnill adhainte deimhní agus innill adhainte comhbhrú, agus ceanglais theicniúla na n-inneall sin á gcur san áireamh.’;

(2)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 8 agus 9:

‘8.

ciallaíonn ‘soláthróir’ soláthróir breosla mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (38), de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*25);

9.

ciallaíonn ‘bithbhreoslaí’ bithbhreoslaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (33), de Threoir (AE) 2018/2001;

(*25)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).’;"

(3)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Ceanglóidh na Ballstáit ar sholáthróirí a áirithiú go gcuirfear díosal a bhfuil suas le 7 % d’eistear meitile aigéid shailligh (FAME) ann ar an margadh.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Áiritheoidh na Ballstáit gurb é 10 mg/kg an cion uasta sulfair is incheadaithe in olaí gáis atá beartaithe lena n-úsáid ag innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, lena n-áirítear soithí uiscebhealaí intíre, tarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta agus árthaí áineasa. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfar breoslaí leachtacha seachas na holaí gáis sin a úsáid i soithí uiscebhealaí intíre agus in árthaí áineasa ach amháin mura sáraítear an cion uasta sulfair is incheadaithe le cion sulfair na mbreoslaí leachtacha sin.’

;

(4)

scriostar Airteagail 7a go 7e;

(5)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

i mír 1, scriostar pointí (g), (h), (i) agus (k);

(b)

scriostar mír 2;

(6)

leasaítear Iarscríbhinní, I, II, IV agus V i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 4

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faoi bhráid an Choimisiúin na sonraí a bhailítear agus a thuairiscítear don údarás arna ainmniú ag an mBallstát maidir leis an mbliain 2023 nó maidir le cuid díobh i gcomhréir le hAirteagal 7a(1), an tríú fomhír, agus Airteagal 7a(7) de Threoir 98/70/CE, a scriostar le hAirteagal 3, pointe (4), den Treoir seo.

2.   Áireoidh an Coimisiún na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in aon tuarascáil a mbeidh sé d’oibleagáid air í a thíolacadh faoi Threoir 98/70/CE.

Airteagal 5

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 21 Bealtaine 2025..

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagal 1, pointe (6), maidir le hAirteagal 15e de Threoir (AE) 2018/2001, agus Airteagal 1, pointe (7), maidir le hAirteagail 16, 16b, 16c, 16d, 16e agus 16f den Treoir sin, a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 1 Iúil 2024.

Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi na forálacha sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 6

Aisghairm

Aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle le héifeacht ón 1 Eanáir 2025.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh in Strasbourg, an 18 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. M. ALBARES BUENO


(1)   IO C 152, 6.4.2022, lch. 127 agus IO C 443, 22.11.2022, lch. 145.

(2)   IO C 301, 5.8.2022, lch. 184.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2023.

(4)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(5)  Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).

(6)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(8)  Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1).

(9)  Moladh (AE) 2021/1749 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2021 dar teideal On energy efficiency first: from principle to practice — Guidelines and examples for its implementation in decision-making into the energy sector and beyond [Tús áite don Éifeachtúlacht Fuinnimh: ó phrionsabail go cleachtas — Treoirlínte agus samplaí dá cur chun feidhme sa chinnteoireacht san earnáil fuinnimh agus níos faide i gcéin] (IO L 350, 4.10.2021, lch. 9).

(10)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2020 maidir le sásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite (IO L 303, 17.9.2020, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh (IO L 304, 14.11.2008, lch. 1).

(14)  Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle na 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe i ndáil leis an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).

(15)  Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30).

(16)   IO L 124, 17.5.2005, lch. 4.

(17)   IO L 104, 24.4.1992, lch. 7.

(18)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(19)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(20)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(21)  Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).

(22)  Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE (IO L 234, 22.9.2023, lch. 1)

(23)  Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO L 191, 28.7.2023, lch. 1).

(24)  Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54).

(25)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach leictreachais agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

(26)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(27)  Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 234, 22.9.2023, lch. 48).

(28)  Rialachán (AE) 2023/2405 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le cothrom na Féinne a áirithiú le haghaidh aeriompar inbhuanaithe (ReFuelEU Aviation) (IO L 2023/2405, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2405/oj).

(29)  Treoir 2008/56/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíochtaí Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

(30)  Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1).

(31)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2022 i ndáil le rialacha chun critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus critéir maidir le riosca íseal i ndáil le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a fhíorú (IO L 168, 27.6.2022, lch. 1).

(32)  Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail agus lena leasaítear Treoir 93/12/CEE ón gComhairle (IO L 350, 28.12.1998, lch. 58).

(33)  Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle an 20 Aibreán 2015 lena leagtar síos modhanna áirimh agus ceanglais tuairiscithe de bhun Threoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail (IO L 107, 25.4.2015, lch. 26).

(34)   IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(35)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 8 Iúil 2019, an Coimisiún v an Bheilg, C-543/17, ECLI:EU:C:2019:573.


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn I, scriostar an ró deiridh sa tábla;

(2)

cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas isteach:

‘IARSCRÍBHINN IA

SCIARTHA NÁISIÚNTA A BHAINEANN LE TÉAMH AGUS FUARÚ D’FHUINNEAMH Ó FHOINSÍ IN-ATHNUAITE IN OLLTOMHALTAS DEIRIDH FUINNIMH LE hAGHAIDH 2020-2030

 

Breisithe breise ar Airteagal 23(1)

(i bpointí céatadáin)

don tréimhse 2021-2025 (*1)

Breisithe breise ar Airteagal 23(1)

(i bpointí céatadáin)

don tréimhse 2026-2030 (*2)

Scaireanna a eascraíonn as sin, lena n-áirítear breisithe gan dramhtheas agus dramhfhuacht

(i bpointí céatadáin)

an Bheilg

1,0

0,7

1,8

an Bhulgáir

0,7

0,4

1,5

an tSeicia

0,8

0,5

1,6

an Danmhairg

1,2

1,1

1,6

an Ghearmáin

1,0

0,7

1,8

an Eastóin

1,3

1,2

1,7

Éire

2,3

2,0

3,1

an Ghréig

1,3

1,0

2,1

an Spáinn

0,9

0,6

1,7

an Fhrainc

1,3

1,0

2,1

an Chróit

0,8

0,5

1,6

an Iodáil

1,1

0,8

1,9

an Chipir

0,8

0,5

1,6

an Laitvia

0,7

0,6

1,1

an Liotuáin

1,7

1,6

2,1

Lucsamburg

2,3

2,0

3,1

an Ungáir

0,9

0,6

1,7

Málta

0,8

0,5

1,6

an Ísiltír

1,1

0,8

1,9

an Ostair

1,0

0,7

1,8

an Pholainn

0,8

0,5

1,6

an Phortaingéil

0,7

0,4

1,5

an Rómáin

0,8

0,5

1,6

an tSlóivéin

0,8

0,5

1,6

an tSlóvaic

0,8

0,5

1,6

an Fhionlainn

0,6

0,5

1,0

an tSualainn

0,7

0,7

0,7

;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III:

‘IARSCRÍBHINN III

LUACH FUINNIMH BREOSLAÍ

Breosla

Luach fuinnimh de réir meáchain

(luach calrach íochtarach, MJ/kg)

Luach fuinnimh de réir toirte

(luach calrach íochtarach, MJ/l)

BREOSLAÍ Ó BHITHMHAIS AGUS/NÓ Ó OIBRÍOCHTAÍ PRÓISEÁLA BITHMHAISE

 

 

Bithphrópán

46

24

Ola glasraí íon (ola arna táirgeadh ó phlandaí ola trí fháisceadh, eastóscadh nó modhanna inchomparáide, amh nó scagtha ach gan aon athrú ceimiceach)

37

34

Bithdhíosal - eistear meitile aigéid shailligh (eistear meitile arna tháirgeadh ó ola de thionscnamh bithmhaise)

37

33

Bithdhíosal - eistear eitile aigéid shailligh (eistear eitile arna tháirgeadh ó ola de thionscnamh bithmhaise)

38

34

Bithghás is féidir a íonú go cáilíocht gáis nádúrtha

50

Ola de thionscnamh bithmhaise arna hidreachóireáil (arna cóireáil go teirmiceimiceach le hidrigin), le húsáid in ionad díosail

44

34

Ola de thionscnamh bithmhaise arna hidreachóireáil (arna cóireáil go teirmiceimiceach le hidrigin), le húsáid in ionad díosail

45

30

Ola de thionscnamh bithmhaise arna hidreachóireáil (arna cóireáil go teirmiceimiceach le hidrigin), le húsáid in ionad scairdbhreosla

44

34

Ola de thionscnamh bithmhaise arna hidreachóireáil (arna cóireáil go teirmiceimiceach le hidrigin), le húsáid in ionad gás peitriliam leachtaithe

46

24

Ola chomhphróiseáilte (arna próiseáil i scaglann go comhuaineach le breosla iontaise) de thionscnamh bithmhaise nó bithmhaise pirealaithe le húsáid in ionad díosail

43

36

Ola chomhphróiseáilte (arna próiseáil i scaglann go comhuaineach le breosla iontaise) de thionscnamh bithmhaise nó bithmhaise pirealaithe le húsáid in ionad peitril

44

32

Ola chomhphróiseáilte (arna próiseáil i scaglann go comhuaineach le breosla iontaise) de thionscnamh bithmhaise nó bithmhaise pirealaithe le húsáid in ionad scairdbhreosla

43

33

Ola chomhphróiseáilte (arna próiseáil i scaglann go comhuaineach le breosla iontaise) de thionscnamh bithmhaise nó bithmhaise pirealaithe le húsáid in ionad gás peitriliam leachtaithe

46

23

BREOSLAÍ IN-ATHNUAITE IS FÉIDIR A THÁIRGEADH Ó FHOINSÍ ÉAGSÚLA IN-ATHNUAITE, LENA nÁIRÍTEAR BITHMHAIS

 

 

Meatánól ó fhoinsí in-athnuaite

20

16

Eatánól ó fhoinsí in-athnuaite

27

21

Própánól ó fhoinsí in-athnuaite

31

25

Bútanól ó fhoinsí in-athnuaite

33

27

Díosal Fischer-Tropsch (hidreacarbón sintéiseach nó meascán de hidreacarbóin shintéiseacha le húsáid in ionad díosail)

44

34

Peitreal Fischer-Tropsch (hidreacarbón sintéiseach nó meascán de hidreacarbóin shintéiseacha le húsáid in ionad peitril)

44

33

Scairdbhreosla Fischer-Tropsch (hidreacarbón sintéiseach nó meascán de hidreacarbóin shintéiseacha, le húsáid in ionad scairdbhreosla)

44

33

Gás peitriliam leachtaithe Fischer-Tropsch (hidreacarbón sintéiseach nó meascán de hidreacarbóin shintéiseacha le húsáid in ionad gás peitriliam leachtaithe)

46

24

DME (éitear démheitile)

28

19

Hidrigin ó fhoinsí in-athnuaite

120

ETBE (éitear búitileach treasach eitileach arna tháirgeadh ar bhonn eatánóil)

36 (lena n-áirítear 33 % ó fhoinsí in-athnuaite)

27 (lena n-áirítear 33 % ó fhoinsí in-athnuaite)

MTBE (éitear búitileach treasach meitileach arna tháirgeadh ar bhonn meatánóil)

35 (lena n-áirítear 22 % ó fhoinsí in-athnuaite)

26 (lena n-áirítear 22 % ó fhoinsí in-athnuaite)

TAEE (éitear eitileach treasach aimileach arna tháirgeadh ar bhonn eatánóil)

38 (lena n-áirítear 29 % ó fhoinsí in-athnuaite)

29 (lena n-áirítear 29 % ó fhoinsí in-athnuaite)

TAME (éitear eitileach treasach meitileach aimileach arna tháirgeadh ar bhonn meatánóil)

36 (lena n-áirítear 18 % ó fhoinsí in-athnuaite)

28 (lena n-áirítear 18 % ó fhoinsí in-athnuaite)

THxEE (éitear eitileach treasach heicsealach arna tháirgeadh ar bhonn eatánóil)

38 (lena n-áirítear 25 % ó fhoinsí in-athnuaite)

30 (lena n-áirítear 25 % ó fhoinsí in-athnuaite)

THxME (éitear meitileach treasach heicsealach arna tháirgeadh ar bhonn meatánóil)

38 (lena n-áirítear 14 % ó fhoinsí in-athnuaite)

30 (lena n-áirítear 14 % ó fhoinsí in-athnuaite)

BREOSLAÍ NEAMH-IN-ATHNUAITE

 

 

Peitreal

43

32

Díosal

43

36

Scaird-bhreosla

43

34

Hidrigin ó fhoinsí neamh-in-athnuaite

120

;

(4)

leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a seo a leanas in ionad an teidil:

‘OILIÚINT AGUS DEIMHNIÚ SUITEÁLAITHE AGUS DEARTHÓIRÍ SUITEÁLACHA FUINNIMH IN-ATHNUAITE’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh agus phointí 1, 2 agus 3:

‘Beidh na scéimeanna deimhniúcháin nó cáiliúcháin coibhéiseacha agus na cláir oiliúna dá dtagraítear in Airteagal 18(3) bunaithe ar na critéir seo a leanas:

1.

Beidh an próiseas deimhniúcháin nó cáiliúcháin coibhéiseach trédhearcach agus sainithe go soiléir ag na Ballstáit nó ag an gcomhlacht riaracháin a cheapfaidh siad.

1a.

Déanfar na deimhnithe a eisíonn comhlachtaí deimhniúcháin a shainiú go soiléir agus beidh siad éasca le sainaithint d’oibrithe agus do ghairmithe atá ag lorg deimhniúcháin.

1b.

Cuirfidh an próiseas deimhniúcháin ar chumas suiteálaithe an t-eolas teoiriciúil agus praiticiúil is gá a fháil agus a ráthú go bhfuil na scileanna is gá acu chun suiteálacha ardcháilíochta a oibríonn go hiontaofa a chur i bhfeidhm.

2.

Suiteálaithe córas lena n-úsáidtear bithmhais, teaschaidéil, fuinneamh geoiteirmeach éadomhain, grianfhuinneamh fótavoltach agus grianfhuinneamh teirmeach, lena n-áirítear stóráil fuinnimh agus pointí athluchtaithe, beidh deimhniú acu ó chlár oiliúna creidiúnaithe nó soláthraí oiliúna creidiúnaithe nó ó scéimeanna cáiliúcháin coibhéiseacha.

3.

Is iad na Ballstáit nó an comhlacht riaracháin a cheapfaidh siad a dhéanfaidh creidiúnú ar an gclár oiliúna nó soláthraí oiliúna. Áiritheoidh an comhlacht creidiúnúcháin go mbeidh cuimsitheacht agus leanúnachas agus clúdach réigiúnach nó náisiúnta ag baint leis na cláir oiliúna, lena n-áirítear cláir uas-scilithe agus athscilithe, arna dtairiscint ag an soláthraí oiliúna.

Beidh saoráidí teicniúla leormhaithe ag an soláthraí oiliúna chun oiliúint phraiticiúil a sholáthar, lena n-áirítear trealamh leordhóthanach saotharlainne nó saoráidí comhfhreagracha chun oiliúint phraiticiúil a sholáthar.

I dteannta na bunoiliúna, déanfaidh an soláthraí oiliúna cúrsaí oiliúna athnuachana agus uas-scilithe níos giorra arna n-eagrú i modúil oiliúna a thairiscint lena gcuirtear ar chumas suiteálaithe agus dearthóirí inniúlachtaí nua a fhoghlaim, agus a gcuid scileanna a leathnú agus a éagsúlú i roinnt cineálacha teicneolaíochta agus ina réimsí féin. Áiritheoidh an soláthraí oiliúna go gcuirfear oiliúint in oiriúint do theicneolaíocht nua fuinnimh in-athnuaite i gcomhthéacs na bhfoirgneamh, na tionsclaíochta agus na talmhaíochta. Aithneoidh soláthraithe oiliúna na scileanna ábhartha a fhoghlaimítear.

Dearfar na cláir oiliúna agus na modúil oiliúna sa chaoi is go mbeifear in ann foghlaim ar feadh an tsaoil a dhéanamh i suiteálacha fuinnimh in-athnuaite agus beidh siad comhoiriúnach leis an ngairmoiliúint do chuardaitheoirí poist céaduaire agus do dhaoine fásta atá ag lorg athoiliúna nó fostaíocht nua.

Dearfar na cláir oiliúna chun gur fusa cáilíochtaí a fháil lena gcumhdaítear cineálacha éagsúla teicneolaíochta agus réitigh éagsúla agus chun speisialtóireacht theoranta i mbranda sonrach nó i dteicneolaíocht shonrach a sheachaint. Féadfaidh monaróir an trealaimh nó an chórais, institiúidí nó cumainn a bheith ina soláthraí oiliúna.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5:

‘5.

Críochnóidh an cúrsa oiliúna le scrúdú a mbeidh deimhniú nó cáilíocht mar thoradh air. Beidh san áireamh sa scrúdú measúnú praiticiúil ar choirí bithmhaise nó soirn bhithmhaise, teaschaidéil, suiteálacha geoiteirmeacha éadoimhne, suiteálacha fótavoltacha gréine nó teirmeacha gréine, lena n-áirítear stóráil fuinnimh, nó pointí athluchtaithe, lena gcumasaítear freagairt don éileamh, a shuiteáil go rathúil.’;

(d)

leasaítear pointe 6(c) mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘(c)

Sa chuid theoiriciúil den oiliúint do shuiteálaithe teaschaidéal, ba cheart forléargas a thabhairt ar staid an mhargaidh do theaschaidéil agus ba cheart a chumhdach léi foinsí fuinnimh gheoiteirmigh agus teocht foinsí talún i réigiúin éagsúla, ithreacha agus carraigeacha a shainaithint don tseoltacht theirmeach, rialacháin maidir le foinsí fuinnimh gheoiteirmigh a úsáid, a indéanta atá sé teaschaidéil a úsáid i bhfoirgnimh agus an córas teaschaidéil is oiriúnaí a fháil amach, agus eolas faoi na ceanglais theicniúla a bhaineann leo, sábháilteacht, scagadh aeir, nascadh leis an bhfoinse teasa agus leagan amach an chórais, agus comhtháthú le réitigh stórála fuinnimh, lena n-áirítear in éineacht le suiteálacha gréine. Leis an oiliúint, ba cheart eolas maith a thabhairt freisin ar aon chaighdeán Eorpach le haghaidh teaschaidéal agus ar an dlí náisiúnta ábhartha agus dlí ábhartha an Aontais. Ba cheart don suiteálaí na príomh-inniúlachtaí seo a leanas a léiriú:’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii):

‘(iii)

an cumas comhpháirteanna a roghnú agus a mhéidniú i ngnáth-imthosca suiteála, lena n-áirítear luachanna tipiciúla a chinneadh don lód teasa atá ag foirgnimh éagsúla agus do tháirgeadh uisce the bunaithe ar thomhaltas fuinnimh, toilleadh an teaschaidéil a chinneadh bunaithe ar an luach fuinnimh chun uisce te a tháirgeadh, ar thoirt stórála an fhoirgnimh agus ar an soláthar inbhriste cumhachta; réitigh stórála fuinnimh a chinneadh, lena n-áirítear trí chomhpháirt an umair mhaolánaigh agus a thoirt agus an dara córas téimh a chomhtháthú;

(iv)

tuiscint ar staidéir féidearthachta agus dearaidh;

(v)

tuiscint ar dhruileáil, i gcás teaschaidéil gheoiteirmeacha.’;

(e)

leasaítear pointe 6(d) mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘(d)

Sa chuid theoiriciúil den oiliúint do shuiteálaithe córas fótavoltach gréine agus córas teirmeach gréine, ba cheart forléargas a thabhairt ar staid margaidh na dtáirgí gréine agus ar an gcomparáid idir na costais agus an cumas tuillimh, agus ba cheart a chumhdach léi gnéithe éiceolaíocha, comhpháirteanna, saintréithe agus toisiú na gcóras gréine, córais chruinne a roghnú agus toisiú na gcomhpháirteanna, an t-éileamh ar theas a chinneadh, roghanna chun réitigh stórála fuinnimh a chomhtháthú, cosaint dóiteáin, fóirdheontais ghaolmhara, chomh maith le suiteálacha fótavoltacha gréine agus teirmeacha gréine a dhearadh, a shuiteáil agus a chothabháil. Leis an oiliúint, ba cheart eolas maith a thabhairt ar aon chaighdeán Eorpach le haghaidh teicneolaíochtaí, agus ar dheimhniú amhail Solar Keymark, agus ar an dlí náisiúnta gaolmhar agus dlí gaolmhar an Aontais. Ba cheart don suiteálaí na príomh-inniúlachtaí seo a leanas a léiriú:’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

‘(ii)

an cumas chun córais agus a gcomhpháirteanna a bhaineann go sonrach le córais ghníomhacha agus éighníomhacha a shainaithint, lena n-áirítear an dearadh meicniúil, agus chun suíomh na gcomhpháirteanna, leagan amach an chórais agus an chumraíocht a chinneadh, agus roghanna chun réitigh stórála fuinnimh a chomhtháthú, lena n-áirítear trí chomhcheangal le stáisiúin athluchtaithe.’;

(5)

in Iarscríbhinn V, leasaítear cuid C mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6:

‘6.

Chun críocha an ríomha dá dtagraítear i bpointe 1(a), ní chuirfear san áireamh laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhainistiú feabhsaithe talmhaíochta, esca„ amhail aistriú chuig síolú díreach nó curaíocht laghdaithe, bhairr fheabhsaithe agus uainíocht na mbarr, úsáid barr cumhdaigh, lena n-áirítear bainistiú iarmhar barr, agus úsáid feabhsaitheora orgánaigh ithreach, amhail múirín agus díleáiteán coipthe aoiligh, mura bhfuil an baol ann go ndéanfaidh siad dochar don bhithéagsúlacht. Ina theannta sin, cuirfear fianaise dhaingean infhíoraithe ar fáil go bhfuil méadú tagtha ar chion carbóin na hithreach nó gur réasúnach a bheith ag súil go dtiocfadh méadú air thar an tréimhse inar saothraíodh na hamhábhair lena mbaineann agus aird á tabhairt ar na hastaíochtaí i gcás ina dtagann méadú ar úsáid leasacháin agus luibhicídí mar thoradh ar chleachtais den sórt sin (*3).

(*3)  Is féidir le tomhais ar chion carbóin na hithreach a bheith i bhfianaise den sórt sin, e.g. tríd an gcéad tomhas roimh an saothrú agus tomhais go tráthrialta ina dhiaidh sin cúpla bliain óna chéile. I gcás den sórt sin, sula mbeadh teacht ar an dara tomhas, dhéanfaí méadú i gcion carbóin na hithreach a mheas ar bhonn turgnaimh ionadaíocha nó samhlacha ithreach. Ón dara tomhas ar aghaidh, bheadh na tomhais ina mbunús lena chinneadh an ann do mhéadú ar chion carbóin na hithreach agus ar a mhéid’;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 15:

‘15.

Beidh laghduithe ar astaíochtaí ó ghabháil CO2 agus ionadú CO2, eccr, bainteach go díreach le táirgeadh na mbithbhreoslaí nó na mbithleachtanna lena bhfuil siad luaite, agus beidh siad teoranta d’astaíochtaí a seachnaíodh trí ghabháil CO2 ar carbón de thionscnamh bithmhaise an carbón atá ann agus a úsáidtear in ionad CO2 iontaise-dhíorthaithe i dtáirgeadh táirgí agus seirbhísí tráchtála roimh an 1 Eanáir 2036.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 18:

‘18.

Chun críocha na ríomhanna dá dtagraítear i bpointe 17, is iad na hastaíochtaí atá le roinnt eec + el + esca + na codáin sin ep, etd, eccs agus eccr, a tharlaíonn suas go dtí an chéim den phróiseas ina dtáirgtear comhtháirge, an chéim sin san áireamh. Más rud é go ndearnadh aon chionroinnt ar chomhtháirgí ag céim níos luaithe den phróiseas sa tsaolré, úsáidfear an codán de na hastaíochtaí sin a sannadh don táirge breosla eatramhach sa chéim dheireanach sin den phróiseas chun na gcríoch sin seachas iomlán na n-astaíochtaí sin. I gcás bithbhreoslaí agus bithleachtanna, cuirfear gach comhtháirge nach dtagann faoi raon feidhme phointe 17 san áireamh chun críocha an ríomha sin.

Measfar luach fuinnimh nialasach a bheith ag comhtháirgí a bhfuil luach fuinnimh diúltach acu chun críocha an ríomha.

Mar riail ghinearálta, measfar astaíochtaí gás ceaptha teasa nialasacha ar feadh na saolré a bheith ag dramhaíl agus iarmhair, lena n-áirítear an dramhaíl agus iarmhair uile a áirítear in Iarscríbhinn IX, suas go dtí próiseas bailithe na n-ábhar sin beag beann orthu a bheith próiseáilte ina dtáirgí eatramhacha sula ndéantar iad a chlaochlú go dtí an táirge deiridh.

I gcás breoslaí bithmhaise a tháirgtear i scaglanna, seachas an teaglaim de ghléasraí próiseála ina bhfuil coirí nó aonaid chomhghiniúna a sholáthraíonn teas agus/nó leictreachas don ghléasra próiseála, is é an scaglann a úsáidfear mar aonad anailíse chun críocha an ríomha dá dtagraítear i bpointe 17’;

(6)

in Iarscríbhinn VI, leasaítear cuid B mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6:

‘6.

Chun críocha an ríomha dá dtagraítear i bpointe 1(a), ní chuirfear san áireamh laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhainistiú feabhsaithe talmhaíochta, esca„ amhail aistriú chuig síolú díreach nó curaíocht laghdaithe, bairr fheabhsaithe agus uainíocht na mbarr, úsáid barr cumhdaigh, lena n-áirítear bainistiú iarmhar barr, agus úsáid feabhsaitheora orgánaigh ithreach, amhail múirín agus díleáiteán coipthe aoiligh, mura bhfuil an baol ann go ndéanfaidh siad dochar don bhithéagsúlacht. Ina theannta sin, cuirfear fianaise dhaingean infhíoraithe ar fáil go bhfuil méadú tagtha ar chion carbóin na hithreach nó gur réasúnach a bheith ag súil go dtiocfadh méadú air thar an tréimhse inar saothraíodh na hamhábhair lena mbaineann agus aird á tabhairt ar na hastaíochtaí i gcás ina dtagann méadú ar úsáid leasacháin agus luibhicídí mar thoradh ar chleachtais den sórt sin (*4).

(*4)  Is féidir le tomhais ar chion carbóin na hithreach a bheith i bhfianaise den sórt sin, e.g. tríd an gcéad tomhas roimh an saothrú agus tomhais go tráthrialta ina dhiaidh sin cúpla bliain óna chéile. I gcás den sórt sin, sula mbeadh teacht ar an dara tomhas, dhéanfaí méadú i gcion carbóin na hithreach a mheasúnú ar bhonn turgnaimh ionadaíocha nó samhlacha ithreach. Ón dara tomhas ar aghaidh, bheadh na tomhais ina mbunús lena chinneadh an ann do mhéadú ar chion carbóin na hithreach agus ar a mhéid’;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 15:

‘15.

Beidh laghduithe ar astaíochtaí ó ghabháil CO2 agus ionadú CO2, eccr, bainteach go díreach le táirgeadh na mbreoslaí bithmhaise lena bhfuil siad luaite, agus teoranta d’astaíochtaí a seachnaíodh trí ghabháil CO2 ar carbón de thionscnamh bithmhaise an carbón atá ann agus a úsáidtear in ionad CO2 iontaise-dhíorthaithe i dtáirgeadh táirgí agus seirbhísí tráchtála roimh an 1 Eanáir 2036.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 18:

‘18.

Chun críocha na ríomhanna dá dtagraítear i bpointe 17, is iad na hastaíochtaí atá le roinnt eec + el + esca + na codáin sin de ep, etd, eccs agus eccr a tharlaíonn suas go dtí an chéim den phróiseas ina dtáirgtear comhtháirge, an chéim sin san áireamh. Más rud é go ndearnadh aon chionroinnt ar chomhtháirgí ag céim níos luaithe den phróiseas sa tsaolré, úsáidfear an codán de na hastaíochtaí sin a sannadh don táirge breosla eatramhach sa chéim dheireanach sin den phróiseas chun na gcríoch sin seachas iomlán na n-astaíochtaí sin.

I gcás bithgháis agus bithmheatáin, cuirfear gach comhtháirge nach dtagann faoi raon feidhme phointe 17 san áireamh chun críocha an ríomha sin. Measfar luach fuinnimh nialasach a bheith ag comhtháirgí a bhfuil luach fuinnimh diúltach acu chun críocha an ríomha.

Mar riail ghinearálta, measfar astaíochtaí gás ceaptha teasa nialasacha ar feadh na saolré a bheith ag dramhaíl agus iarmhair, lena n-áirítear an dramhaíl agus iarmhair uile atá in Iarscríbhinn IX, suas go dtí próiseas bailithe na n-ábhar sin beag beann orthu a bheith próiseáilte ina dtáirgí eatramhacha sula ndéantar iad a chlaochlú go dtí an táirge deiridh.

I gcás breoslaí bithmhaise a tháirgtear i scaglanna, seachas an teaglaim de ghléasra próiseála ina bhfuil coirí nó aonaid chomhghiniúna a thugann teas agus/nó leictreachas don ghléasra próiseála, is é an scaglann a bheidh san aonad anailíse chun críocha an ríomha dá dtagraítear i bpointe 17’;

(7)

in Iarscríbhinn VII, sa sainmhíniú ar ‘Qin-úsáidte’, cuirtear tagairt d’Airteagal 7(3) in ionad na tagartha d’Airteagal 7(3);

(8)

leasaítear Iarscríbhinn IX mar a leanas:

(a)

i gCuid A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘Bunábhair chun bithghás don iompar agus bithbhreoslaí ardfhorbartha a tháirgeadh:’

(b)

i gCuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘Bunábhair chun bithbhreoslaí agus bithghás don iompar a tháirgeadh, a mbeidh a rannchuidiú i dtreo na spriocanna dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a), teoranta don mhéid seo a leanas:’.


(*3)  Is féidir le tomhais ar chion carbóin na hithreach a bheith i bhfianaise den sórt sin, e.g. tríd an gcéad tomhas roimh an saothrú agus tomhais go tráthrialta ina dhiaidh sin cúpla bliain óna chéile. I gcás den sórt sin, sula mbeadh teacht ar an dara tomhas, dhéanfaí méadú i gcion carbóin na hithreach a mheas ar bhonn turgnaimh ionadaíocha nó samhlacha ithreach. Ón dara tomhas ar aghaidh, bheadh na tomhais ina mbunús lena chinneadh an ann do mhéadú ar chion carbóin na hithreach agus ar a mhéid’;

(*4)  Is féidir le tomhais ar chion carbóin na hithreach a bheith i bhfianaise den sórt sin, e.g. tríd an gcéad tomhas roimh an saothrú agus tomhais go tráthrialta ina dhiaidh sin cúpla bliain óna chéile. I gcás den sórt sin, sula mbeadh teacht ar an dara tomhas, dhéanfaí méadú i gcion carbóin na hithreach a mheasúnú ar bhonn turgnaimh ionadaíocha nó samhlacha ithreach. Ón dara tomhas ar aghaidh, bheadh na tomhais ina mbunús lena chinneadh an ann do mhéadú ar chion carbóin na hithreach agus ar a mhéid’;’


(*1)  Solúbthachtaí Airteagal 23(2), pointí (b) agus (c), i gcás inar cuireadh san áireamh iad agus na breisithe breise agus na scaireanna a eascraíonn astu á ríomh.

(*2)  Solúbthachtaí Airteagal 23(2), pointí (b) agus (c), i gcás inar cuireadh san áireamh iad agus na breisithe breise agus na scaireanna a eascraíonn astu á ríomh.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinní I, II, IV agus V a ghabhann le Treoir 98/70/CE mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonóta 1:

(1)

Is iad na modhanna a shonraítear in EN 228:2012+A1:2017 a bheidh sna modhanna tástála. Féadfaidh na Ballstáit an modh anailíseach a shonraítear i gcaighdeán ionadach EN 228:2012+A1:2017 a ghlacadh más féidir a thaispeáint go mbaineann an cruinneas céanna ar a laghad agus an leibhéal beachtais céanna ar a laghad leis is a bhaineann leis an modh anailíseach a mbeidh sé á chur ina ionad.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonóta 2:

(2)

is ‘fíorluachanna’ iad na luachanna a luaitear sa tsonraíocht. Agus a luachanna teorann á socrú, cuireadh i bhfeidhm téarmaí EN ISO 4259-1:2017/A1:2021 ‘Peitriliam agus táirgí gaolmhara — Beachtas modhanna tomhais agus torthaí – Cuid 1: Na sonraí beachtais a chinneadh maidir le modhanna tástála’ agus trí íosluach a shocrú, cuireadh difríocht íosta 2R os cionn náid san áireamh (R = in-atáirgtheacht). Déanfar na torthaí ó thomhais aonair a léirmhíniú ar bhonn na gcritéar a bhfuil tuairisc orthu in EN ISO 4259-2:2017/A1:2019.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonóta 6:

(6)

Mona-alcóil agus éitir eile nach airde a bhfiuchphointe deiridh ná an fiuchphointe deiridh a luaitear in EN 228:2012 +A1:2017.’;

(2)

leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

sa líne dheireanach den tábla, ‘cion FAME – EN 14078’, san iontráil sa cholún deireanach ‘Teorainneacha’‘Uasmhéid’, cuirtear ‘10.0’ in ionad ‘7,0’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonóta 1:

(1)

Is iad na modhanna a shonraítear in EN 590:2013+A1:2017 a bheidh sna modhanna tástála. Féadfaidh na Ballstáit an modh anailíseach a shonraítear i gcaighdeán ionadach EN 590:2013+A1:2017 a ghlacadh más féidir a thaispeáint go mbaineann an cruinneas céanna ar a laghad agus an leibhéal beachtais céanna ar a laghad leis is a bhaineann leis an modh anailíseach a mbeidh sé á chur ina ionad.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonóta 2:

(2)

Is ‘fíorluachanna’ iad na luachanna a luaitear sa tsonraíocht. Agus a luachanna teorann á socrú, cuireadh i bhfeidhm téarmaí EN ISO 4259-1:2017/A1:2021 ‘Peitriliam agus táirgí gaolmhara — Beachtas modhanna tomhais agus torthaí – Cuid 1: Na sonraí beachtais a chinneadh maidir le modhanna tástála’ agus trí íosluach a shocrú, cuireadh difríocht íosta 2R os cionn náid san áireamh (R = in-atáirgtheacht). Déanfar na torthaí ó thomhais aonair a léirmhíniú ar bhonn na gcritéar a bhfuil tuairisc orthu in EN ISO 4259-2:2017/A1:2019.’;

(3)

scriostar Iarscríbhinní IV agus V.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2413/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)