European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2405

31.10.2023

RIALACHÁN (AE) 2023/2405 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Deireadh Fómhair 2023

maidir le cothrom na Féinne a áirithiú d’aeriompar inbhuanaithe (ReFuelEU Aviation)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leis na scórtha de bhlianta anuas, tá ról ríthábhachtach ag an aeriompar i ngeilleagar an Aontais agus i saol laethúil shaoránaigh an Aontais, mar cheann de na hearnálacha is fearr feidhmíochta agus is dinimiciúla i ngeilleagar an Aontais. Ba spreagadh mór é don fhás eacnamaíoch, do phoist, don trádáil agus don turasóireacht, chomh maith leis an nascacht agus an tsoghluaisteacht do ghnólachtaí agus do shaoránaigh araon, agus tá sé ar cheann de na príomhcheangaltóirí idir na réigiúin is forimeallaí agus an mhórthír, go háirithe laistigh de mhargadh aeriompair an Aontais. Chuir an méadú ar sheirbhísí aeriompair go mór leis an nascacht a fheabhsú, comhtháthú a chothú agus éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú laistigh den Aontas, go háirithe do na réigiúin forimeallacha, na réigiún is forimeallaí, na réigiún inar tearc an daonra agus na réigiúin oileánda, chomh maith le tríú tíortha, agus bhí sé ina chumasóir suntasach do gheilleagar an Aontais.

(2)

Ó 2020 ar aghaidh, tá an t-aeriompar ar cheann de na hearnálacha is mó atá thíos le géarchéim COVID-19. Meastar go dtiocfaidh fás de réir a chéile faoin aerthrácht sna blianta atá le teacht agus go bhfillfidh sé ar an leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim. Measann an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) go dtiocfaidh fás suas le 3,1 %, in aghaidh na bliana ar thrácht paisinéirí san Eoraip go dtí 2050, agus suas le 2,4 % in aghaidh na bliana ar an trácht lasta, de réir na réamhaisnéise a rinne sé tar éis COVID-19 maidir le cás ina mbeidh leibhéal ard tráchta. An tráth céanna, tá astaíochtaí ón aeriompar ag méadú ó 1990 i leith agus d’fhéadfadh an treocht maidir le hastaíochtaí a bheith ag méadú teacht ar ais agus an lámh in uachtar á fáil againn ar an bpaindéim. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach ullmhú don todhchaí agus na leasuithe is gá a dhéanamh ionas go n-áiritheofar go mbeidh earnáil aeriompair dea-fheidhmiúil ann lena gcuideofar go hiomlán le spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach, margadh lena ngabhfaidh ardleibhéil nascachta, inacmhainneachta, sábháilteachta agus slándála. Tá oibleagáidí dlíthiúla bunaithe ag an Aontas faoi Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) chun an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí agus chun laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach i gcomparáid le 1990 faoi 2030. Chun é sin a bhaint amach, ní mór do gach earnáil eacnamaíoch, lena n-áirítear earnáil an iompair, céimeanna gasta a thabhairt chun dícharbónú a dhéanamh. I gcás earnáil an aeriompair, is gá, mar gheall air sin, borradh a chur faoi tháirgeadh, sholáthar agus ghlacadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe.

(3)

Is gnéithe sainiúla d’fheidhmiú earnáil aeriompair an Aontais iad an ghné thrasteorann di ar fud an Aontais agus an ghné dhomhanda di. Tá an margadh eitlíochta ar cheann de na hearnálacha is comhtháite sa mhargadh inmheánach, agus rialaítear é le rialacha aonfhoirmeacha maidir le rochtain ar an margadh agus dálaí oibríochtúla. Rialaítear beartas seachtrach aeriompair an Aontais le rialacha a bhunaítear ar an leibhéal domhanda in ICAO, agus i gcomhaontuithe cuimsitheacha iltaobhacha nó déthaobhacha idir an tAontas nó a Bhallstáit agus tríú tíortha. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go leanfaidh an tAontas de na hiarrachtaí a rinneadh ar an leibhéal idirnáisiúnta, iltaobhach agus déthaobhach chun leibhéal ard uaillmhéine agus cóineasaithe a chur chun cinn maidir le glacadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, agus cothrom na Féinne idirnáisiúnta á soláthar ag an am céanna.

(4)

Tá an margadh aeriompair faoi réir iomaíocht ghéar idir gníomhaithe eacnamaíocha ar fud an domhain agus ar fud an Aontais, agus tá cothrom na Féinne ríthábhachtach dó. Tá cobhsaíocht agus rathúnas an mhargaidh aeriompair agus a ghníomhaithe eacnamaíocha ag brath ar chreat beartais soiléir agus comhchuibhithe inar féidir le hoibreoirí aerárthaí, le haerfoirt agus le gníomhaithe eitlíochta eile oibriú ar bhonn rialacha agus deiseanna cothroma, as a n-eascróidh earnáil bhríomhar agus deiseanna fostaíochta. Den chuid is mó, is cuid de chúrsaí taistil domhanda iad eitiltí laistigh den Aontas arna mbunú i margadh domhanda aeriompair. Is amhlaidh atá freisin do chúrsaí taistil ó áiteanna nach bhfuil san Aontas go dtí cinn scríbe nach bhfuil san Aontas trí aerfoirt na hEorpa. Nuair a bhíonn saobhadh margaidh ann, bíonn an baol ann go gcuirfí oibreoirí aerárthaí nó aerfoirt faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le hiomaitheoirí inmheánacha agus seachtracha. Dá bharr sin, d’fhéadfadh sé go gcaillfí iomaíochas an tionscail aeriompair, lena gcuirfí gnólachtaí aeriompair agus poist i mbaol, agus go gcaillfí nascacht aeir agus roghanna iompair do shaoránaigh agus do ghnólachtaí.

(5)

Go háirithe, tá sé riachtanach cothrom na Féinne a áirithiú ar fud mhargadh aeriompair an Aontais maidir le breosla eitlíochta, ar sciar suntasach de chostais oibreoirí aerárthaí é, agus dícharbónú an aeriompair á chothú trí bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a chur chun cinn. Is féidir le héagsúlacht i bpraghsanna breosla eitlíochta difear a dhéanamh d’fheidhmiú eacnamaíoch oibreoirí aerárthaí agus tionchar diúltach a imirt ar iomaíocht sa mhargadh. I gcás ina mbeadh táillí níos airde ann do thomhaltóirí deiridh i ngeall ar phraghsanna breoslaí eitlíochta a bheith níos airde, laghdófaí nascacht na réigiún, soghluaisteacht na saoránach agus iomaíochas na hearnála aeriompair. Nuair a bhíonn difríochtaí i bpraghsanna breosla eitlíochta ann idir aerfoirt de chuid an Aontais nó idir aerfoirt de chuid an Aontais agus aerfoirt nach de chuid an Aontais iad, d’fhéadfadh oibreoirí aerárthaí a straitéisí athbhreoslaithe a oiriúnú ar chúiseanna eacnamaíocha dá bharr. Tagann méadú ar ídiú breosla aerárthaí agus astaíochtaí gás ceaptha teasa neamhriachtanacha de bharr fhorlíonadh na n-umar breosla. Dá réir sin, baineann forlíonadh na n-umar breosla arna dhéanamh ag oibreoirí aerárthaí an bonn de iarrachtaí an Aontais atá dírithe ar chosaint an chomhshaoil. Is féidir le roinnt oibreoirí aerárthaí praghsanna fabhracha breosla eitlíochta ag a mbunáiteanna a úsáid mar bhuntáiste iomaíoch in aghaidh oibreoirí aerárthaí eile a oibríonn bealaí cosúla. D’fhéadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith aige sin ar iomaíochas na hearnála aeriompair, rud a d’fhéadfadh saobhadh sa mhargadh a bheith mar thoradh air agus dochar a dhéanamh do nascacht aeir. Ba cheart bearta le cosc a chur ar chleachtais den sórt sin a bhunú leis an Rialachán seo chun damáiste neamhriachtanach don chomhshaol a sheachaint chomh maith leis na dálaí cóiriomaíochta i margadh aeriompair an Aontais a athbhunú agus a chaomhnú.

(6)

Tá forbairt inbhuanaithe ar cheann de phríomhchuspóirí an chomhbheartais iompair. Éilítear leis sin cur chuige comhtháite lena ndírítear ar fheidhmiú éifeachtach chórais iompair an Aontais a áirithiú, agus caighdeáin shóisialta agus cuspóirí comhshaoil á gcur san áireamh. Is gá, i gcás forbairt inbhuanaithe aeriompair, bearta a thabhairt isteach, lena n-áirítear ionstraimí eacnamaíocha, lena ndírítear ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó aerárthaí a imíonn ó aerfoirt de chuid an Aontais a laghdú agus ar mhargadh a fhorbairt chun breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a tháirgeadh agus a sholáthar. Ba cheart bearta den sórt sin rannchuidiú le cuspóirí aeráide an Aontais a chomhlíonadh faoi 2030 agus 2050.

(7)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2020 dar teideal ‘Sustainable and Smart Mobility Strategy – putting European transport on track for the future’ [Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí], socraítear cur chuige do chóras iompair an Aontais chun a chlaochlú glas agus digiteach a bhaint amach agus le go mbeidh sé níos buanseasmhaí. Is próiseas riachtanach agus dúshlánach é dícharbónú na hearnála aeriompair, go háirithe sa ghearrthéarma. Chuir an dul chun cinn teicneolaíoch, agus tiomantas soiléir ón tionscal eitlíochta, a saothraíodh i gcláir Eorpacha agus náisiúnta um thaighde agus nuálaíocht le laghduithe tábhachtacha ar astaíochtaí leis na scórtha de bhlianta anuas. Sáraíonn an fás domhanda aerthráchta na laghduithe ar astaíochtaí san earnáil, áfach. Cé go bhfuil coinne go gcabhróidh teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear aerárthaí astaíochtaí nialasacha atá faoi thiomáint leictreachais nó hidrigine a fhorbairt, le spleáchas na heitlíochta gearraistir ar fhuinneamh iontaise a laghdú sna blianta amach romhainn agus gur féidir ról tábhachtach a bheith acu san eitlíocht tráchtála sa mheántéarma agus san fhadtéarma, is réiteach iad breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a bhfuil gealladh fúthu chun dícharbónú suntasach i ngach saghas eitilte a bhaint amach sa ghearrthéarma, agus sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Faoi láthair, áfach, ní bhaintear leas as an acmhainneacht sin den chuid is mó agus is gá tacú léi.

(8)

Cuireadh bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh chun feidhme in earnáil an aeriompair. Trí innill atá níos tíosaí ar fhuinneamh a úsáid, agus trí bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a úsáid ar bhealach atá níos tíosaí ar acmhainní, cuidítear le lorg comhshaoil eitiltí a laghdú.

(9)

Is é atá i mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe breoslaí eitlíochta ina bhfuil breoslaí intiteáin leachtacha, atá go hiomlán idirmhalartach le gnáthbhreoslaí eitlíochta agus comhoiriúnach do na hinnill aerárthaigh atá ann cheana. Deimhníodh, ar an leibhéal domhanda, roinnt conairí chun breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a tháirgeadh le húsáid in eitlíocht shibhialta agus mhíleata. Tá breoslaí eitlíochta inbhuanaithe ullamh go teicneolaíoch cheana, san fhíor-ghearrthéarma, chun ról tábhachtach a ghlacadh in astaíochtaí aeriompair a laghdú. Tá coinne go ndéanfar suas cuid mhór den mheascán breoslaí eitlíochta leo sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Thairis sin, le tacaíocht ó chaighdeáin bhreosla idirnáisiúnta iomchuí, agus le tacaíocht chun na caighdeáin sin a cheapadh, d’fhéadfadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe rannchuidiú le cion aramatach an bhreosla eitlíochta deiridh atá in úsáid ag oibreoir aerárthaí a laghdú, agus ar an gcaoi sin cuidiú le hastaíochtaí neamh-CO2 eile a laghdú. Teicneolaíochtaí a bhfuil gealladh fúthu is ea breoslaí eitlíochta eile, mar shampla leictreachas nó hidrigin, agus táthar ag súil go rannchuideoidh siad de réir a chéile le dícharbónú an aeriompair, agus eitiltí gearraistir mar thúsphointe. D’fhéadfadh an Rialachán seo dlús breise a chur le forbairt eolaíoch agus úsáid na dteicneolaíochtaí sin, agus borradh a chur faoin nuálaíocht tráchtála ina leith, trí ligean d’oibreoirí eacnamaíocha na teicneolaíochtaí nuair a bheidh siad seanbhunaithe agus ar fáil ar bhonn tráchtála. Méadóidh sé cinnteacht agus intuarthacht an mhargaidh agus beidh sé ina dhreasacht d’infheistíochtaí sna teicneolaíochtaí nua sin a bhfuil gá leo.

(10)

Beidh costais bhreosla bhreise ar na haerlínte mar thoradh ar bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a thabhairt isteach i margadh aeriompair an Aontais de réir a chéile, mar tá sé níos costasaí faoi láthair teicneolaíochtaí breosla den sórt sin a tháirgeadh ná gnáthbhreoslaí eitlíochta. Meastar go gcuirfidh sé sin leis na saincheisteanna atá ann cheana i ndáil le cothrom na Féinne i margadh aeriompair an Aontais a mhéid a bhaineann le breoslaí eitlíochta agus go mbeidh tuilleadh saofa i measc oibreoirí aerárthaí agus aerfort dá bharr sin, agus i gcomhthéacs Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin ICAO don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) a bheith á chur chun feidhme ag an Aontas agus a Bhallstáit i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2020/954 ón gComhairle (4) agus le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA AE), arna bhunú le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), arna leasú le Treoir (AE) 2023/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Tá teorainn leis an bhfáil ar bhunábhar agus leis an acmhainn táirgthe breosla eitlíochta inbhuanaithe. D’fhéadfadh ganntanas soláthair agus saobhadh margaidh a bheith mar thoradh ar iomaíocht threisithe le haghaidh bunábhar teoranta, rud a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar iomaíochas na hearnála eitlíochta ina hiomláine. Leis an Rialachán seo, ba cheart bearta a dhéanamh ionas nach mbeidh tionchar diúltach ar iomaíochas na hearnála eitlíochta de bharr breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a thabhairt isteach trí cheanglais chomhchuibhithe ar fud an Aontais a shainiú.

(11)

Ar an leibhéal domhanda, is é ICAO a rialaíonn agus a shainíonn breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, agus is in ICAO a chomhaontaíonn tíortha ceanglais mhionsonraithe maidir le hinbhuanaitheacht, inrianaitheacht agus cuntasaíocht chonairí deimhnithe na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a bhíonn le húsáid ar eitiltí arna gcumhdach ag CORSIA. Cé go socraítear dreasachtaí in CORSIA agus go meastar gur cuid thábhachtach iad breoslaí eitlíochta inbhuanaithe don obair ar a indéanta atá cuspóir uaillmhianach fadtéarmach maidir le hastaíochtaí glan-nialasacha carbóin a bhaint amach faoi 2050, a glacadh ag an 41ú Tionól de chuid ICAO i mí Dheireadh Fómhair 2022, níl aon scéim shainordaitheach ann faoi láthair maidir le húsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe le haghaidh eitiltí idirnáisiúnta. De ghnáth, cuimsítear forálacha maidir le cosaint an chomhshaoil i gcomhaontuithe aeriompair cuimsitheacha iltaobhacha nó déthaobhacha idir an tAontas nó a Bhallstáit agus tríú tíortha. Faoi láthair, áfach, ní fhorchuireann forálacha den sórt sin ceanglas ceangailteach ar bith ar pháirtithe conarthacha maidir le húsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe.

(12)

Chun saobhadh iomaíochta a chosc sa mhargadh aeriompair domhanda, a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le caillteanas sreafaí tráchta a nascann trí aerfoirt de chuid an Aontais agus le sceitheadh carbóin agus chun margadh domhanda breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a chruthú, ba cheart don Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain maidir leis an aistriú i dtreo breoslaí inbhuanaithe a úsáid, dul i mbun caibidlíochta idirnáisiúnta chun sainmhínithe agus caighdeáin breoslaí aeir inbhuanaithe a chomhchuibhiú agus cóineasú idirnáisiúnta a chur chun cinn maidir leis na rialacha a bhaineann le breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a tháirgeadh, a ghlacadh agus a ardú. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit iarrachtaí a choinneáil ar bun in ICAO le haghaidh creat domhanda uaillmhianach maidir le breosla eitlíochta inbhuanaithe a tháirgeadh agus a úsáid. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún a mheas go rialta an bhfuil éifeacht dhíobhálach ag forálacha an Rialacháin seo ar fheidhmiú mhargadh aeriompair an Aontais, ar iomaíochas na hearnála, ar chothrom na Féinne idirnáisiúnta i ndáil le haeriompróirí agus le moil aerfoirt agus ar athródú a d’fhéadfadh a bheith ann agus a mbeadh sceitheadh carbóin mar thoradh air agus, i gcás inarb iomchuí, leigheasanna a thíolacadh chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí díobhálacha sin.

(13)

Ar leibhéal an Aontais, leagtar amach rialacha ginearálta maidir le fuinneamh in-athnuaite don earnáil iompair i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). San am a chuaigh thart, níor éirigh le creataí rialála cothrománacha trasearnálacha den sórt sin aistriú ó bhreoslaí iontaise go breosla eitlíochta inbhuanaithe a oibriú san earnáil aeriompair. Leagtar amach spriocanna uileghabhálacha ar fud na modhanna iompair uile a sholáthrófar breoslaí in-athnuaite dóibh i dTreoir (AE) 2018/2001 agus a réamhtheachtaí. Ós rud é gur margadh breoslaí measartha beag atá in earnáil an aeriompair agus go bhfuil sé níos costasaí breoslaí in-athnuaite a tháirgeadh di i gcomparáid le modhanna iompair eile, agus ós rud é go n-oibríonn an earnáil i margadh aeriompair an Aontais, margadh atá an-iomaíoch agus comhtháthaithe, ba cheart an creataí rialála a chomhlánú le bearta atá sonrach d’earnáil an aeriompair chun dlús éifeachtach a chur le himscaradh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe. Thairis sin, tá an baol ann le trasuí Threoir (AE) 2018/2001 sa dlí náisiúnta go mbeadh scoilt shuntasach i margadh aeriompair an Aontais, ina leagfaí amach spriocanna a bheadh an-éagsúil lena chéile mar gheall ar rialacha náisiúnta maidir le breoslaí eitlíochta inbhuanaithe. Meastar go gcuirfeadh sé sin a thuilleadh leis na saincheisteanna a bhaineann le cothrom na Féinne san earnáil aeriompair.

(14)

Dá bhrí sin, tá gá le rialacha aonfhoirmeacha a leagadh síos do mhargadh aeriompair an Aontais chun Treoir (AE) 2018/2001 a chomhlánú agus chun a cuspóirí foriomlána a bhaint amach trí aghaidh a thabhairt ar na riachtanais agus na ceanglais shonracha a eascraíonn as margadh aeriompair an Aontais agus breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a chur chun cinn. Go háirithe, is é is aidhm don Rialachán reatha scoilteadh mhargadh aeriompair an Aontais, saobhadh iomaíochta féideartha idir gníomhaithe eacnamaíocha, nó cleachtais éagóracha seachanta costais i dtaca le hoibreoirí aerárthaí a athbhreoslú a sheachaint agus forbairt breoslaí eitlíochta inbhuanaithe san Aontas á cothú. Le tacaíocht agus maoiniú spriocdhírithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, chomh maith le comhpháirtíochtaí poiblí agus príobháideacha, féadfar an Rialachán seo a chomhlánú tuilleadh chun infhaighteacht agus inacmhainneacht breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a fheabhsú agus dlús breise lena soláthar agus leis an nglacadh leo. Thairis sin, ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do na hoibleagáidí a leagtar síos i dTreoir (AE) 2018/2001; féadfaidh Ballstáit úsáid breoslaí ábhartha a chumhdaítear leis an Rialachán seo a éileamh chun na cuspóirí agus na spriocanna a leagtar síos sa Treoir sin a bhaint amach faoi réir na gcoinníollacha agus laistigh de theorainneacha na Treorach sin.

(15)

Tá sé d’aidhm ag an Rialachán seo ar an gcéad dul síos creat a leagan amach chun cothrom na Féinne i margadh aeriompair an Aontais i dtaca le húsáid breoslaí eitlíochta a athbhunú agus a chaomhnú. Le creat den sórt sin, ba cheart cosc a chur ar cheanglais éagsúla ar fud an Aontais a gcuirfeadh le cleachtais athbhreoslaithe a shaobhfadh iomaíocht idir oibreoirí aerárthaí nó a thabharfadh míbhuntáiste iomaíochta do roinnt aerfort de chuid an Aontais seachas a chéile. Ar an dara dul síos, tá sé d’aidhm aige rialacha láidre a thabhairt isteach i margadh aeriompair an Aontais chun a áirithiú go mbeidh sciar a mhéadóidh de réir a chéile ag breoslaí eitlíochta inbhuanaithe in aerfoirt de chuid an Aontais gan dochar a dhéanamh d’iomaíochas mhargadh aeriompair an Aontais.

(16)

Tá sé fíor-riachtanach rialacha comhchuibhithe a shocrú ar fud an mhargaidh inmheánaigh, a mbeidh feidhm acu ar bhealach díreach agus aonfhoirmeach maidir le gníomhaithe an mhargaidh aeriompair ar thaobh amháin agus maidir le gníomhaithe mhargadh na mbreoslaí eitlíochta ar an taobh eile. Ba cheart an creat uileghabhálach a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 a chomhlánú le lex specialis a mbeidh feidhm aige maidir le haeriompar. Ba cheart sciartha íosta a mhéadóidh de réir a chéile maidir le soláthar breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a áireamh ann. Ba cheart na sciartha íosta sin a shainiú go cúramach, agus na cuspóirí margadh aeriompair dea-fheidhmiúil san Aontas, an gá atá ann an earnáil aeriompair a dhícharbónú agus stádas reatha thionscal na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe á gcur san áireamh.

(17)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán reatha maidir le haerárthaí atá in úsáid san eitlíocht shibhialta agus eitiltí aeriompair tráchtála ar bun acu. Níor cheart feidhm a bheith aige maidir le haerárthaí mar aerárthaí míleata agus eitiltí nach n-úsáidtear ach amháin le haghaidh oibríochtaí chun críoch daonnúil, chun críoch aisdúichithe agus fillte, bídís deonach nó éigeantach, lena n-áirítear athligean isteach, agus chun críoch cuardaigh, tarrthála, fóirithinte anachaine nó míochaine, chomh maith le hoibríochtaí custaim, póilíneachta agus múchta tine. Go deimhin, is de chineál eisceachtúil eitiltí a oibrítear sna himthosca sin agus dá réir sin ní féidir iad a phleanáil i gcónaí ar an mbealach céanna le heitiltí aeriompair tráchtála caighdeánacha. I ngeall ar chineál a n-oibríochtaí, d’fhéadfadh sé nach mbeadh siad i gcónaí in ann na hoibleagáid faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, mar d’fhéadfadh sé a bheith ina ualach nach bhfuil gá leis. Chun freastal ar chothrom na Féinne ar fud mhargadh eitlíochta an Aontais, ba cheart an sciar is mó is féidir den aerthrácht tráchtála a oibrítear ó aerfoirt atá lonnaithe ar chríoch an Aontais a chumhdach leis an Rialachán seo. Ag an am céanna, agus chun nascacht aeir a chosaint ar mhaithe le saoránaigh, gnólachtaí agus réigiúin an Aontais, tá sé tábhachtach nach gcuirfear ualach míchuí ar oibríochtaí aeriompair ag aerfoirt bheaga. Ba cheart tairseach bhliantúil d’aerthrácht paisinéirí agus de thrácht lasta a shainiú, tairseach ar faoina bun nach gcumhdófaí aerfoirt faoin Rialachán seo; ba cheart, áfach, 95 % ar a laghad den trácht iomlán a imíonn ó aerfoirt atá lonnaithe ar chríoch an Aontais a chumhdach le raon feidhme an Rialacháin seo. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart tairseach a shainiú chun oibreoirí aerárthaí atá freagrach as líon an-íseal imeachtaí ó aerfoirt atá lonnaithe ar chríoch an Aontais a eisiamh ón raon feidhme. Mar sin féin, chun leibhéal níos airde uaillmhéine a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh go bhfuil aerfort atá lonnaithe ar a chríoch, ar aerfort é nach mbaineann na tairseacha a leagtar síos sa Rialachán seo amach nó atá lonnaithe i réigiún forimeallach mar a shainmhínítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), faoi réir an Rialacháin seo. Ba cheart d’aerfort atá lonnaithe ar chríoch Aontais agus nach sroicheann na tairseacha a leagtar síos sa Rialachán seo, nó aerfort atá lonnaithe sna réigiúin is forimeallaí, a bheith in ann a iarraidh ar na húdaráis inniúla faoi seach go gcaithfí leis mar aerfort de chuid an Aontais agus go mbeadh sé faoi réir an Rialacháin seo. Thairis sin, i gcás duine a oibríonn eitiltí aeriompair tráchtála nach sroicheann na tairseacha a leagtar síos sa Rialacháin seo nó i gcás duine a oibríonn eitiltí seachas eitiltí aeriompair tráchtála a úsáideann breoslaí tuirbín eitlíochta, ba cheart don duine sin a bheith in ann a chinneadh go gcaithfí leis mar oibreoir aerárthaí chun críocha an Rialacháin seo agus, dá bhrí sin, a bheith faoi réir an Rialacháin seo, nó go gcumhdófar a eitiltí aeriompair neamhthráchtála leis an Rialachán seo.

(18)

Sainmhíníonn caighdeáin breosla eitlíochta idirnáisiúnta na cineálacha gnáthbhreoslaí eitlíochta is féidir a chumasc nó a mheascadh le breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, rud a dhéanann difear d’infheidhmeacht an Rialacháin seo maidir le breoslaí eitlíochta. Thairis sin, tá an sainmhíniú ar bhreoslaí eitlíochta teoranta do bhreoslaí intiteáin agus, dá bhrí sin, ní chuimsíonn hidrigin ná leictreachas a úsáidtear chun aerárthaí a chumhachtú. Dá bhrí sin, tá feidhm ag na hoibleagáidí atá ar sholáthraithe breoslaí eitlíochta agus ar chomhlachtaí bainistithe aerfoirt agus oibreoirí aerárthaí san Aontas maidir le breosla intiteáin i gcás ar bith ina dtagraítear do bhreoslaí eitlíochta, ach amháin i gcás ina bhfuil hidrigin nó leictreachas i gceist.

(19)

Tá sé bunriachtanach nach ndéanfaidh na hoibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo difear díréireach do réigiúin Eorpacha nach bhfuil chomh nasctha sin, mar shampla na réigiúin oileánda agus na réigiúin is forimeallaí, a bhraitheann ar an eitlíocht go minic mar an t-aon mhodh nasctha amháin, agus go n-áiritheofar go mbeidh rochtain ag na réigiúin sin ar earraí agus seirbhísí riachtanacha. Chun cuidiú le hidirnascacht aeir na réigiún ina bhfuil níos lú roghanna malartacha iompair a choimirciú, ba cheart aird a thabhairt ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag forálacha an Rialacháin seo maidir le hinacmhainneacht, iomaíochas agus méaduithe a d’fhéadfadh a bheith ar phraghsanna aerbhealaí a nascann réigiúin iargúlta agus limistéir eile den Aontas.

(20)

Ba cheart forbairt agus imscaradh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a bhfuil ardacmhainneacht inbhuanaitheachta, aibíochta tráchtála, nuálaíochta agus fáis acu a chur chun cinn chun freastal ar riachtanais na todhchaí. Ba cheart é sin a bheith ina thaca le margadh breosla nuálach agus iomaíoch a chruthú le haghaidh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus ba cheart dó soláthar leordhóthanach breoslaí eitlíochta inbhuanaithe don earnáil aeriompair a áirithiú sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma chun rannchuidiú le uaillmhianta dícharbónaithe iompair an Aontais, agus le hiarrachtaí an Aontais maidir le hardleibhéal cosanta comhshaoil a neartú ag an am céanna. Beidh tionchar dearfach ag na dreasachtaí, arna dtabhairt faoi dhlíthe eile de chuid an Aontais, maidir le húsáid breoslaí in-athnuaite de thionscnamh ar an nglacadh a bheidh leis na breoslaí sin san eitlíocht. Teastaíonn creat inbhuanaitheachta láidir soiléir aonair chun cinnteacht dhlíthiúil agus leanúnachas a sholáthar dóibh siúd atá gníomhach sna tionscail eitlíochta agus breoslaí, maidir le hincháilitheacht breoslaí eitlíochta inbhuanaithe faoin Rialachán seo. Chun na críche sin, ba cheart gach bithbhreosla eitlíochta a chomhlíonann na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le hastaíochtaí saolré a leagtar síos i dTreoir (AE) 2018/2001 agus a dheimhnítear i gcomhréir leis an Treoir sin, cé is moite de bhithbhreoslaí a tháirgtear ó ‘barra bia agus beatha’ agus bunábhair áirithe a liostaítear in Airteagal 4(5) den Rialachán seo, gach breosla eitlíochta sintéiseach agus gach breosla eitlíochta carbóin athchúrsáilte a chomhlíonann an tairseach maidir le laghdú ar astaíochtaí saolré dá dtagraítear sa Treoir sin a bheith incháilithe. I ndáil leis sin, chun an chomhsheasmhacht le beartais ghaolmhara eile de chuid an Aontais a áirithiú, ba cheart incháilitheacht bithbhreoslaí eitlíochta, breoslaí eitlíochta sintéiseacha agus breoslaí eitlíochta carbóin athchúrsáilte a bheith bunaithe ar na critéir inbhuanaitheachta agus ar na tairseacha a bunaíodh i dTreoir (AE) 2018/2001.

Go háirithe, tá na breoslaí eitlíochta inbhuanaithe arna dtáirgeadh ón amhábhar a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 riachtanach, mar tá siad ar na teicneolaíochtaí is aibí tráchtála atá ann faoi láthair chun aeriompar a dhícharbónú sa ghearrthéarma. Ba cheart don sciar in-athnuaite de bhreoslaí a tháirgtear trí chomhphróiseáil a bheith incháilithe faoin sainmhíniú ar bhreosla eitlíochta inbhuanaithe, ar choinníoll go dtáirgtear an sciar in-athnuaite ón n-amhábhar a liostaítear i dTreoir (AE) 2018/2001 cé is moite de bhithbhreoslaí a tháirgtear ó ‘barra bia agus beatha’ mar a shainmhínítear sa Treoir sin, agus d’amhábhar áirithe a liostaítear in Airteagal 4(5) den Rialachán seo, agus a chinntear i gcomhréir leis an modheolaíocht atá le leagan amach i rialachán tarmligthe ón gCoimisiún a ghlacfar de bhun Threoir (AE) 2018/2001. Hidrigin in-athnuaite le haghaidh eitlíochta agus breoslaí eitlíochta ísealcharbóin lena mbaintear amach ar a laghad an leibhéal céanna laghduithe ar astaíochtaí saolré le breoslaí eitlíochta sintéiseacha, is féidir léi ról a imirt maidir lena cur in ionad gnáthbhreoslaí eitlíochta agus tacú le dícharbónú eitlíochta agus, dá bhrí sin, ba cheart í a chur san áireamh freisin faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(21)

I bhfianaise na húsáide a bhaintear as amhábhar i gcosmaidí agus i mbeatha ainmhithe, ba cheart bithbhreoslaí eitlíochta seachas bithbhreoslaí ardfhorbartha mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/2001 agus seachas bithbhreoslaí a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Treoir sin agus a sholáthraíonn gach soláthróir breosla eitlíochta in aerfoirt de chuid an Aontais a áireamh suas go huasmhéid 3 % de bhreosla eitlíochta a sholáthraítear chun cloí le líon íosta na sciartha breoslaí eitlíochta inbhuanaithe atá le soláthar ag gach aerfort de chuid an Aontais faoin Rialachán seo.

(22)

Tá líon leathan d’amhábhair incháilithe ríthábhachtach chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an acmhainneacht chun táirgeadh breosla eitlíochta inbhuanaithe a mhéadú ar chostais inacmhainne, agus inbhuanaitheacht an stoic sin á ráthú ag an am céanna. Ní áirítear leis an Rialachán seo cineálacha áirithe amhábhair ach amháin má áirítear amhábhar den sórt sin in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001, agus comhlíonann sé na coinníollacha uile is infheidhme má leagtar amach na coinníollacha sin san Iarscríbhinn sin. Níor cheart liosta na n-amhábhar atá incháilithe faoin Rialachán seo a bheith statach, dá bhrí sin, ach ba cheart dó a bheith ag athrú le himeacht ama chun amhábhar inbhuanaithe nua a chur san áireamh i gcomhréir leis an Treoir sin. Ba cheart athruithe ar liosta na n-amhábhar in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Treoir sin, a chomhlíonann coinníollacha ábhartha na hIarscríbhinne sin, a léiriú go díreach i liosta na mbreoslaí incháilithe faoin Rialachán seo chun amhábhar eitlíochta inbhuanaithe a tháirgeadh.

(23)

Ar chúiseanna inbhuanaitheachta, níor cheart bithbhreoslaí eitlíochta a dhíorthaítear ó bharra beatha agus bia, lena n-áirítear lena ngabhann riosca ard maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a bheith incháilithe. Tarlaíonn athrú indíreach ar an talamhúsáid go háirithe nuair a shaothraítear barra le haghaidh bithbhreoslaí seachas le haghaidh bia agus beatha mar a dhéantaí go traidisiúnta. Méadaíonn an t-éileamh breise sin ar an mbrú ar an talamh agus mar thoradh air, d’fhéadfadh sé go sínfí talamh talmhaíochta isteach i limistéir ina bhfuil stoc ardcharbóin, amhail foraoisí, bogaigh agus talamh portaigh, rud is cúis bhreise imní é maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa méadaithe agus caillteanas bithéagsúlachta. Tá sé léirithe sa taighde go mbraitheann scála na hiarmharta ar thosca éagsúla, a chuimsíonn an cineál amhábhair a úsáidtear chun breosla a tháirgeadh, an leibhéal éilimh breise ar amhábhar arna spreagadh ag úsáid bithbhreoslaí, agus a mhéid a chosnaítear talamh ar fud an domhain ar a bhfuil stoc ardcharbóin. Sainaithníodh ardriosca go mbeadh athrú indíreach ar an talamhúsáid mar thoradh ar bhithbhreoslaí, is é sin, breoslaí a táirgeadh ó amhábhar a tugadh faoi deara ina leith leathnú suntasach ar an limistéar táirgthe ionas go bhfuil sé ag brú isteach ar thalamh ar a bhfuil stoc ardcharbóin. Dá bhrí sin, níor cheart breoslaí a dhíorthaítear ó bharra beatha agus bia a chur chun cinn. Tá an cur chuige sin i gcomhréir le beartas an Aontais, agus go háirithe le Treoir (AE) 2018/2001, a theorannaíonn úsáid na mbithbhreoslaí sin don iompar de bhóthar agus d’iarnród agus a leagann síos uasteorainn leo, i bhfianaise a dtairbhí níos ísle maidir leis an gcomhshaol, a bhfeidhmíocht níos ísle i dtéarmaí an laghdaithe fhéideartha ar gháis ceaptha teasa, agus cúiseanna imní níos leithne ó thaobh na hinbhuanaitheachta de. I dteannta na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le hathrú indíreach ar an talamhúsáid – atá in ann na laghduithe uile nó cuid de na laghduithe a bhaineann le bithbhreoslaí ar leith a chur ar neamhní – is riosca é an t-athrú indíreach freisin ar an talamhúsáid don bhithéagsúlacht. Tá na rioscaí sin fíor-thromchúiseach i ndáil leis an leathnú mór táirgthe a d’fhéadfadh a bheith ann de thoradh méadú mór ar an éileamh.

Tá leibhéil ísle éilimh ar bhithbhreoslaí a dhíorthaítear ó bharra bia agus beatha san earnáil aeriompair i láthair na huaire, ós rud é gur de bhunús iontaise breis agus 99 % de na breoslaí eitlíochta a úsáidtear faoi láthair. Is iomchuí, mar sin, éileamh féideartha an-mhór ar bhithbhreoslaí a dhíorthaítear ó bharra bia agus beatha a sheachaint trí a n-úsáid faoin Rialachán seo a chur chun cinn. Maolaíonn neamh-incháilitheacht na mbithbhreoslaí ó bharra bia faoin Rialachán seo aon riosca go moilleofaí dícharbónú an iompair de bhóthar freisin, rud a d’fhéadfadh a bheith i gceist murach sin de bharr aistriú bithbhreoslaí a dhíorthaítear ó bharra bia ón earnáil bóithre chuig an earnáil aeriompair. Tá sé fíor-riachtanach an t-aistriú sin a mhaolú, ós rud é gurb é an t-iompar de bhóthar go mór fada an earnáil iompair is mó truailliú fós faoi láthair.

(24)

Tá faisnéis chruinn agus cheart faoi shaintréithe breoslaí eitlíochta inbhuanaithe ríthábhachtach le haghaidh fheidhmiú cuí an Rialacháin seo. Chun muinín na dtomhaltóirí a chur chun cinn agus chun trédhearcacht agus inrianaitheacht a áirithiú, ba cheart do sholáthróirí breosla eitlíochta freagrach as an bhfaisnéis cheart a sholáthar maidir le saintréithe an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe arna sholáthar, maidir lena shaintréithe inbhuanaitheachta agus maidir le bunadh an amhábhair a úsáidtear i dtáirgeadh an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe. Ba cheart an fhaisnéis sin a thuairisciú i mbunachar sonraí an Aontais arna bhunú i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001. Maidir le soláthraithe breosla eitlíochta ar cruthaíodh gur thug siad faisnéis mhíthreorach nó mhíchruinn maidir le saintréithe agus bunadh na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a sholáthraíonn siad, ba cheart iad a bheith faoi réir pionóis. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh soláthróirí breosla eitlíochta faisnéis thráthúil agus chruinn isteach sa bhunachar sonraí de chuid an Aontais agus go ndéanfar an fhaisnéis sin a fhíorú agus a iniúchadh. Chun calaois a d’fhéadfadh a bheith ann a chomhrac, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an amhábhar is gá chun breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a allmhairítear ó lasmuigh den Aontas atáirgeadh, ní mór do na Ballstáit, i gcomhar le comhlachtaí ábhartha an Aontais, na sásraí rialaithe do lastais a neartú, lena n-áirítear trí chigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, i gcomhréir le rialacha ábhartha an Aontais. I ndáil leis sin, leagfaidh an Coimisiún amach rialacha cur chun feidhme maidir le deimhniú inbhuanaitheachta i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 chun comhchuibhiú agus neartú breise a dhéanamh ar na rialacha maidir le hiontaofacht, trédhearcacht agus iniúchóireacht neamhspleách agus maidir le comhar údaráis inniúla na mBallstát i dtaobh maoirseacht iniúchóireachta.

(25)

Ba cheart gurbh aidhm don Rialachán reatha é a áirithiú gur féidir le hoibreoirí aerárthaí dul san iomaíocht le chéile ar bhonn comhionannas deiseanna a mhéid a bhaineann leis an rochtain ar bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe. Chun aon saobhadh i margadh aeriompair an Aontais a sheachaint, ba cheart sciartha íosta aonfhoirmeacha a sholáthar do na haerfoirt ar fad de chuid an Aontais. Cé go bhfuil sé de shaoirse ag an margadh cainníochtaí níos mó breosla eitlíochta inbhuanaithe a sholáthar agus a úsáid, leis an Rialachán seo ba cheart a áirithiú gur comhionann na sciartha íosta éigeantacha de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe sna haerfoirt ar fad de chuid an Aontais. Chun soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, agus ar an gcaoi sin forbairt agus imscaradh margaidh na dteicneolaíochtaí breosla eitlíochta is inbhuanaithe agus is nuálaí a chur chun cinn, teicneolaíochtaí a bhfuil an acmhainneacht fáis acu freastal ar riachtanais na todhchaí, leis an Rialachán seo, ba cheart sciartha íosta de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe, lena n-áirítear breoslaí eitlíochta sintéiseacha, a leagan síos le himeacht ama, agus na sciartha sin ag méadú de réir a chéile. Is gá sciartha íosta tiomnaithe maidir le breoslaí eitlíochta sintéiseacha a leagan amach mar chuid de na sciartha íosta de bhreosla eitlíochta inbhuanaithe i bhfianaise fhéidearthacht dícharbónaithe mhór na mbreoslaí eitlíochta sin, agus i bhfianaise na gcostas táirgeachta measta a bhaineann leo faoi láthair. Nuair a tháirgtear iad ó leictreachas agus carbón inbhuanaithe a ghabhtar go díreach ón aer, is féidir le breoslaí eitlíochta sintéiseacha laghduithe de suas le 100 % a bhaint amach ar astaíochtaí i gcomparáid le gnáthbhreosla eitlíochta. Tá buntáistí suntasacha acu freisin i gcomparáid le cineálacha eile breoslaí eitlíochta inbhuanaithe maidir le héifeachtúlacht acmhainne (go háirithe ó thaobh riachtanais uisce de) an phróisis táirgeachta. É sin ráite, áfach, meastar go bhfuil costais táirgeachta na mbreoslaí eitlíochta sintéiseacha idir 3 agus 6 oiread níos airde faoi láthair ná praghas margaidh an ghnáthbhreosla eitlíochta. Mar sin, ba cheart sciartha íosta tiomnaithe a leagan síos leis an Rialachán seo le haghaidh na teicneolaíochta sin.

(26)

Agus gnóthú na gceanglais comhchuibhithe sin de chuid an Aontais maidir le soláthar breosla eitlíochta inbhuanaithe á áirithiú, d’fhéadfadh na Ballstáit beartais agus tionscnaimh tacaíochta a shaothrú arb é is aidhm dóibh leibhéal táirgthe agus glactha breosla eitlíochta inbhuanaithe a mhéadú, lena n-áirítear breoslaí eitlíochta sintéiseacha. Ba cheart do na beartais agus tionscnaimh sin a bheith trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, comhréireach agus de chineál ginearálta a bheidh oscailte do gach fiontar. Leis an Rialachán seo, níor cheart í cosc a chur ar na Ballstáit bearta tiomnaithe a chur chun feidhme lasmuigh dá raon feidhme arb é is aidhm dóibh úsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a éascú nó earnáil an aeriompair a dhícharbónú.

(27)

Cuireann easpa modheolaíochta, critéar agus táscairí coiteanna arna ndeimhniú agus arna dtuairisciú go leordhóthanach agus arna ndéanamh faireachán leordhóthanach orthu ar chumas oibreoirí aerárthaí leibhéil feidhmíochta astaíochtaí a n-eitiltí a mhaoímh, ar leibhéil iad nach féidir a chur i gcomparáid lena chéile. Ní mór do phaisinéirí a bheith in ann muinín a bheith acu as an bhfaisnéis ó oibreoirí aerárthaí maidir le hinbhuanaitheacht na mbreoslaí eitlíochta a úsáideann oibreoirí aerárthaí agus inbhuanaitheacht a n-eitiltí chun roghanna eolasacha a dhéanamh agus comparáid á déanamh idir roghanna éagsúla eitiltí, i gcás eitiltí díreacha agus indíreacha araon, arna dtairiscint ag oibreoirí aerárthaí. Chun go mbeidh tomhaltóirí in ann rogha eolasach a dhéanamh, áfach, is gá faisnéis níos láidre, níos iontaofa, níos neamhspleáiche agus níos comhchuibhithe a bheith ann maidir le tionchar na n-eitiltí ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, is gá na critéir agus na táscairí a úsáidtear chun leibhéal feidhmíochta astaíochtaí a n-eitiltí a chur in iúl faoi chomhlipéad deonach comhshaoil (‘an lipéad’). Ba cheart go bhféadfaí iad a thabhairt cothrom le dáta go héasca chun coinneáil suas le hathruithe teicneolaíocha agus le caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha. Ós rud é go bhféadfadh roinnt de na sonraí is gá chun leibhéal agus cáilíocht an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe a úsáidtear a ríomh mar aon le critéir eile chun feidhmíocht inbhuanaitheachta eitilte a thomhas a bheith íogair ó thaobh na tráchtála de, is gá freisin do chomhlacht neamhspleách tuarascálacha na n-oibreoirí aerárthaí a lárú, faireachán a dhéanamh ar a gcuid sonraí, a gcruinneas a dheimhniú agus lipéad ar an leibhéal iomchuí a eisiúint. I bhfianaise chineál dinimiciúil na sonraí a sholáthraíonn oibreoirí aerárthaí, ba cheart an lipéad a bheith faoi réir rialú agus bailíochtú tréimhsiúil, amhail ag deireadh gach séasúir IATA,. Nuair is gá, bheadh na sonraí sin bunaithe ar mheastacháin amhail an meán-lódfhachtóir d’eitilt, bealach agus séasúr ar leith. Ós rud é go bhfuil oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe ar Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ghníomhaireacht’) faoin Rialachán seo, is iomchuí gurb í an Ghníomhaireacht an comhlacht de chuid an Aontais atá i gceannas ar chur chun feidhme an lipéid. Is iomchuí, dá bhrí sin, na coinníollacha a sholáthar maidir le heisiúint an lipéid chun feidhmíocht chomhshaoil na heitlíochta a thomhas agus, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha sin, a cheangal ar an nGníomhaireacht athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh orthu.

(28)

Mar thoradh ar thabhairt isteach breoslaí eitlíochta inbhuanaithe in aerfoirt de chuid an Aontais agus an borradh a bheidh fúthu, d’fhéadfadh cleachtais fhorlíonadh na n-umar breosla a bheith níos forleithne de dheasca méaduithe ar chostas an bhreosla eitlíochta. Tá na cleachtais forlíonta umar neamh-inbhuanaithe agus ba cheart iad a sheachaint mar go ndéanann siad dochar d’iarrachtaí an Aontais tionchar an iompair ar an gcomhshaol a laghdú. Thiocfadh na cleachtais sin salach ar na cuspóirí dícharbónaithe eitlíochta mar go méadódh meáchan breise an aerárthaigh ar an ídiú breosla agus ar na hastaíochtaí bainteacha i gcás aon eitilt. Is riosca iad na cleachtais forlíonta umar freisin do chothrom na Féinne san Aontas idir oibreoirí aerárthaí, agus idir aerfoirt. Dá bhrí sin, leis an Rialachán seo, ba cheart ceanglas a chur ar oibreoirí aerárthaí athbhreoslú roimh imeacht dóibh ó aerfort ar leith de chuid an Aontais. An méid breosla a chuirtear ar bord roimh imeacht ó aerfort ar leith de chuid an Aontais, ba cheart é a bheith i gcomhréir leis an méid breosla a theastaíonn chun na heitiltí ón aerfort sin a oibriú. Áirithítear leis an gceanglas go mbeidh feidhm ag coinníollacha comhionanna maidir le hoibreoirí aerárthaí an Aontais agus oibreoirí aerárthaí eachtracha ar fud an Aontais, agus ardleibhéal cosanta comhshaoil á áirithiú ag an am céanna. Toisc nach sainíonn an Rialachán sciartha uasta breoslaí eitlíochta inbhuanaithe i ngach breosla eitlíochta, féadfaidh oibreoirí aethárthaí agus soláthróirí breosla eitlíochta beartais chomhshaoil níos uaillmhianaí a shaothrú, lena mbeadh glacadh agus soláthar breoslaí eitlíochta inbhuanaithe níos fearr ina líonra foriomlán oibríochtaí, agus forlíonadh na n-umar breosla á sheachaint ag an am céanna. Mar sin féin, ba cheart a chur san áireamh leis an Rialachán seo freisin go dtarlaíonn forlíonadh na n-umar breosla ag amanna chun na rialacha maidir le sábháilteacht breosla i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (8) a chomhlíonadh agus i gcásanna den sórt sin go bhfuil údar maith leis ar chúiseanna sábháilteachta. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis sin, mar shampla, cásanna de ghanntanas breosla nó d’éilliú breosla ag an aerfort cinn scríbe arna dheimhniú le Fógra d’Eitleoirí nó le Fógra d’Aermhisin (NOTAM). Ina theannta sin, d’fhéadfadh forlíonadh na n-umar breosla a bheith mar thoradh ar dheacrachtaí sonracha oibríochtúla a bheith ag roinnt oibreoirí aerárthaí ag roinnt aerfort, inter alia i dtaobh agaí athluchtúcháin níos faide ar bhonn díréireach a bheith ag aerárthaí nó acmhainn laghdaithe aerfoirt a bheith ann ag buaic-amanna. Ba cheart don Choimisiún in éineacht leis an nGníomhaireacht, dá bhrí sin, faireachán, meastóireacht agus anailís ghéar a dhéanamh ar chásanna a thuairiscítear ina dtarlaíonn forlíonadh na n-umar breosla agus ar na bunchúiseanna atá leo agus, más iomchuí, tograí reachtacha a thíolacadh chun an Rialachán seo a leasú. Tá an méid sin gan dochar do chumhacht an Choimisiúin agus údaráis iomaíochta na mBallstát faoi Airteagail 101 agus 102 CFAE iompraíocht fhrithiomaíoch ag gníomhaithe ar an margadh a imscrúdú agus smachtbhannaí a chur ina leith chun feidhmiú cuí an mhargaidh le haghaidh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a chosaint, go háirithe, i gcás ina nochtar cleachtais fhrithiomaíocha de dheasca faisnéise atá i mbunachar sonraí an Aontais agus sonraí eile a thuairiscítear do na húdaráis inniúla.

(29)

Mar sin féin, leis an Rialachán seo ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht díolúine a thabhairt i gcás bealaí sonracha, ar feadh tréimhse theoranta, ón oibleagáid athbhreoslú a dhéanamh d’oibreoirí aerárthaí a imíonn ó aerfoirt de chuid an Aontais, i gcás inar féidir leis na hoibreoirí sin a léiriú go mbíonn deacrachtaí tromchúiseacha oibríochtúla ann arís agus arís eile maidir le haerárthaí a athbhreoslú ag aerfort ar leith de chuid an Aontais, ar deacrachtaí iad a fhágann nach féidir leo casadh thart laistigh de thréimhse réasúnta ama, a d’fhéadfaidís tionchar a bheith acu ar nascacht, go háirithe i réigiúin imeallacha, nó ar deacrachtaí struchtúracha soláthair breosla iad a fhágann praghsanna breosla i bhfad níos airde i gcomparáid leis an bpraghas a chuirtear i bhfeidhm, ar an meán, maidir le breoslaí de chineálacha comhchosúla in aerfoirt eile de chuid an Aontais. Níor cheart na praghsanna i bhfad níos airde sin ag an aerfort de chuid an Aontais i dtrácht a bheith mar thoradh go príomha ar úsáid níos airde breoslaí eitlíochta inbhuanaithe ag an aerfort sin de chuid an Aontais.

(30)

Cabhróidh glacadh breise breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, a mbíonn cion aramatach níos ísle agus cion sulfair níos ísle acu go hiondúil, le tionchar aeráide neamh-CO2 a laghdú. D’fhéadfadh laghdú breise ar an gcion aramatach agus ar an gcion sulfair i mbreoslaí eitlíochta foirmiú ciorras conaire comhdhlúthaithe a laghdú, feabhas a chur ar cháilíocht an aeir sna haerfoirt agus timpeall orthu, agus cáilíocht an bhreosla a mhéadú chun leasa na n-aerlínte, trí ard-dlús fuinnimh agus trí chostais chothabhála níos ísle mar gheall ar leibhéil níos ísle súiche. Ina theannta sin, ba cheart idirthuilleamaíochtaí idir astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí neamh-CO2 a mheas. Ní mór, áfach, an cion aramatach i mbreoslaí eitlíochta a laghdú agus, ag an am céanna, cloí leis na rialacha idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht breosla agus cothrom na Féinne idirnáisiúnta a chaomhnú. Dá bhrí sin, ba cheart do sholáthróirí breosla eitlíochta tuairisciú don Ghníomhaireacht agus do na húdaráis inniúla ábhartha maidir le cion cumhránaice, naftailéiní agus sulfair na mbreoslaí eitlíochta a sholáthraítear. Agus faisnéis den sórt sin á tuairisciú, d’fhéadfadh soláthróirí breosla eitlíochta brath ar dheimhnithe ábhartha maidir le cáilíocht bhreosla arna dtáirgeadh chun ceanglais na gcaighdeán idirnáisiúnta cáilíochta breosla a sholáthraíonn táirgeoirí agus cumascóirí breoslaí a chomhlíonadh.

(31)

Chomh maith leis na héifeachtaí athraithe aeráide a bhíonn ag an ngnáthbhreosla eitlíochta, bíonn drochthionchar aige freisin ar cháilíocht an aeir. Is féidir ról a bheith ag glacadh breise breoslaí eitlíochta inbhuanaithe maidir le cáilíocht an aeir a fheabhsú.

(32)

Tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfaidh comhlachtaí bainistithe aerfoirt de chuid an Aontais a chumhdaítear leis an Rialachán seo na bearta is gá chun rochtain oibreoirí aerárthaí ar bhreoslaí eitlíochta ina bhfuil breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a éascú, ionas nach mbeidh siad ina gconstaic i ndáil le glacadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe. Más gá, ba cheart d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-aerfort lonnaithe a bheith in ann a cheangal ar chomhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais an fhaisnéis is gá a sholáthar maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo ar mhaithe le dáileadh agus athbhreoslú rianúil oibreoirí aerárthaí le breoslaí eitlíochta inbhuanaithe. Ba cheart do ról na n-údarás inniúil ligean do chomhlachtaí bainistíochta aerfoirt agus aerárthaí de chuid an Aontais pointe fócasach coiteann a bheith acu, i gcás ina dteastóidh soiléiriú teicniúil maidir le hinfhaighteacht bonneagair breosla eitlíochta. Nuair a thiocfaidh aerárthaí leictreacha nó aerárthaí faoi thiomáint hidrigine chun bheith aibí agus nuair a bheidh siad ar fáil ar bhonn tráchtála agus i gcás inarb iomchuí, beidh sé riachtanach go ndéanfaidh comhlachtaí bainistithe aerfoirt de chuid an Aontais, soláthróirí breosla eitlíochta agus láimhseálaithe breosla a chumhdaítear leis an Rialachán seo, gach beart is gá chun comhoibriú agus rochtain ar an mbonneagar iomchuí um athluchtú hidrigine agus leictreach le haghaidh aerárthaí a éascú, i gcomhréir leis an gcreat beartais náisiúnta faoi seach le haghaidh bonneagar breoslaí malartacha.

(33)

Soláthraítear breoslaí eitlíochta do roinnt aerfoirt de chuid an Aontais go príomha trí phíblínte ó scaglanna nó ó stáisiúin chumaisc breoslaí eitlíochta inbhuanaithe. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go gcomhoibreodh na páirtithe atá i gceannas ar na píblínte sin le chéile agus go ndéanfaidís na bearta uile is gá ionas go mbeidh rochtain leanúnach gan bhriseadh ag soláthróirí breosla eitlíochta ar bhonneagar breoslaí eitlíochta sibhialta chun gnáthbhreoslaí eitlíochta agus breoslaí eitlíochta ina bhfuil sciartha breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a sholáthar.

(34)

Ba cheart é a bheith de cheangal ar oibreoirí aerárthaí tuairisc bhliantúil a thabhairt dá n-údarás inniúil nó dá n-údaráis inniúla faoi seach agus don Ghníomhaireacht maidir lena gceannach breosla eitlíochta inbhuanaithe, agus maidir lena dtréithe. Ba cheart faisnéis a sholáthar faoi shaintréithe agus faoi bhunadh an amhábhair, faoin bpróiseas tiontaithe agus faoi na hastaíochtaí saolré le haghaidh gach ceannacháin agus gach cineáil breosla eitlíochta inbhuanaithe.

(35)

Ba cheart ceangal a chur ar oibreoirí aerárthaí tuairisciú ar bhonn bliantúil maidir leis an méid iarbhír breosla eitlíochta a thógann siad ar bord in aghaidh an aerfoirt de chuid an Aontais, lena n-áirítear a mhéid a chomhlíonann siad na rialacha is infheidhme maidir le sábháilteacht breosla, chun a chruthú nach ndearnadh aon fhorlíonadh breosla gan údar. Ba cheart na tuarascálacha a bheith fíoraithe ag fíoraitheoirí neamhspleácha agus a tharchur chuig an údarás inniúil nó na húdaráis inniúla agus chuig an nGníomhaireacht chun measúnú agus faireacháin a dhéanamh ar chomhlíontacht. Ba cheart d’fhíoraitheoirí neamhspleácha cruinneas an bhreosla eitlíochta bhliantúil atá de dhíth arna tuairisciú ag na hoibreoirí aerárthaí a chinneadh trí uirlis arna formheas ag an gCoimisiún a úsáid.

(36)

Gan dochar do na sonraí arna dtaifeadadh ag soláthróirí breosla eitlíochta i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 ón gCoimisiún (9), ba cheart a cheangal ar sholáthróirí breosla eitlíochta tuairisciú bliantúil a dhéanamh ar bhunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear sa Treoir sin, maidir lena soláthar breosla eitlíochta, lena n-áirítear breoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus a dtréithe. Ba cheart faisnéis a sholáthar faoi shaintréithe agus faoi bhunadh an amhábhair, faoi phróisis tiontaithe agus faoi astaíochtaí saolré an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe arna sholáthar. Áirítear san fhaisnéis faoi shaintréithe breoslaí eitlíochta inbhuanaithe an cineál táirge agus na hamhábhair a úsáidtear agus saintréithe inbhuanaitheachta eile is gá chun a léiriú go gcomhlíonann breoslaí eitlíochta inbhuanaithe na critéir inbhuanaitheachta faoi Threoir (AE) 2018/2001.

(37)

Ba cheart do na Ballstáit údarás inniúil nó údaráis inniúla a ainmniú, a bheidh freagrach as cur chun feidhme an Rialacháin seo a fhorfheidhmiú ar oibreoirí aerárthaí, comhlachtaí bainistithe aerfoirt de chuid an Aontais agus soláthróirí breosla eitlíochta. Ba cheart a shainmhíniú sa Rialachán seo na rialacha maidir le hoibreoirí aerárthaí, comhlachtaí bainistithe aerfoirt de chuid an Aontais agus soláthróirí breosla eitlíochta a shannadh do na húdaráis inniúla. Sonraí a dhéantar a chomhiomlánú le haghaidh na n-oibreoirí aerárthaí agus na soláthróirí breosla eitlíochta a bhfuil na húdaráis sin inniúil ina leith, ba cheart don Ghníomhaireacht iad a sheoladh chuig na húdaráis inniúla. A mhéid is féidir, ba cheart go gcuirfeadh leibhéal an chomhiomlánaithe ar chumas na n-údarás inniúil na sonraí comhiomlánaithe sin a chur i gcomparáid le foinsí sonraí eile.

(38)

Ba cheart don Ghníomhaireacht tuarascáil theicniúil a fhoilsiú ar bhonn bliantúil agus í a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Tá an méid sin riachtanach chun go mbeifí in ann infheictheacht shoiléir a sholáthar maidir le cur chun feidhme an Rialacháin, maidir le ceannach agus soláthar breoslaí eitlíochta inbhuanaithe san Aontas agus i dtríú tíortha ábhartha, maidir le staid an mhargaidh lena n-áirítear faisnéis maidir le forbairt na bearna praghsanna idir breoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus breoslaí iontaise, agus comhdhéanamh an bhreosla eitlíochta.

(39)

In éagmais nósanna imeachta breise, ní féidir a chinneadh go cruinn cé acu an bhfuil nó nach bhfuil sciartha breoslaí eitlíochta inbhuanaithe curtha ar bord ina n-umair go fisiciúil ag oibreoirí aerárthaí in aerfoirt shonracha de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag oibreoirí aerárthaí a n-úsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a thuairisciú bunaithe ar thaifid cheannaigh. Ba cheart d’oibreoirí aerárthaí a bheith i dteideal an fhaisnéis a fháil ón soláthróir breosla eitlíochta, atá ag teastáil chun tuairisc a thabhairt ar an gceannach breosla eitlíochta inbhuanaithe. Is é an cuspóir atá le húsáid an chórais cothromaíochta maise dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2018/2001 inrianaitheacht breoslaí eitlíochta a áirithiú, agus féadfaidh soláthróirí breosla eitlíochta a léiriú go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh trí chóras cothromaíochta maise den sórt sin a úsáid, lena n-áirítear nuair a roinntear córas den sórt sin idir dhá Bhallstát nó níos mó.

(40)

Mar thoradh ar shainordú a thabhairt isteach san Aontas maidir le glacadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh míbhuntáiste iomaíochta míchuí ann d’aerlínte Aontais a oibríonn eitiltí cianaistir dhíreacha ó aerfort de chuid an Aontais i gcomparáid lena n-iomaitheoirí a nascann trí mhol aerfoirt lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo gan beartais choibhéiseacha maidir le breoslaí eitlíochta inbhuanaithe. Chun glacadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe san Aontas a chur chun cinn a thuilleadh, a dtuartar go mbeidh difríocht shuntasach praghsanna ag baint leo i gcomparáid le gnáthbhreoslaí eitlíochta amach anseo, ba cheart go mbeadh oibreoirí aerthárthaí in ann lamháltais a éileamh do ghlacadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe i gcomhréir le CTA AE.

(41)

Chun glacadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a dtuartar go mbeidh difríocht shuntasach praghsanna ag baint leo i gcomparáid le gnáthbhreoslaí eitlíochta a chur chun cinn, tá sé ríthábhachtach go mbeidh oibreoirí aerárthaí in ann a mhaíomh go bhfuil breoslaí eitlíochta inbhuanaithe á n-úsáid acu faoi scéimeanna gás ceaptha teasa amhail CTA AE nó CORSIA, faoina rogha féin, gan an laghdú ar astaíochtaí a mhaíomh faoi dhó. Níor cheart d’oibreoirí aerárthaí sochair a éileamh as baisc de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a úsáid faoi níos mó ná scéim gáis ceaptha teasa amháin. Ba cheart iarraidh ar sholáthróirí breosla eitlíochta aon fhaisnéis a sholáthar d’oibreoirí aerárthaí saor in aisce a bhaineann le saintréithe an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe a díoladh leis an oibreoir aerárthaí sin agus atá ábhartha chun críoch tuairiscithe ag an oibreoir aerárthaí faoin Rialachán seo nó faoi scéimeanna gás ceaptha teasa.

(42)

Chun cothrom na Féinne sa mhargadh inmheánach eitlíochta agus comhlíonadh uaillmhianta aeráide an Aontais a áirithiú, leis an Rialachán seo, ba cheart pionóis éifeachtacha, chuí agus athchomhairleacha a ghearradh ar sholáthróirí breosla eitlíochta agus ar oibreoirí aerárthaí i gcás neamh-chomhlíontachta. Ní mór leibhéal na bpionós a bheith i gcomhréir leis an damáiste don chomhshaol agus leis an dochar do chothrom na Féinne sa mhargadh inmheánach de dheasca na neamh-chomhlíontachta. Nuair a bhíonn fíneálacha agus pionóis eile á bhforchur, ba cheart do na húdaráis forás phraghas an bhreosla eitlíochta agus an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe sa bhliain tuairiscithe a chur san áireamh agus d’fhéadfadh siad méid an neamhchomhlíonta a chur san áireamh freisin, mar shampla i gcás ina mbíonn sáruithe a dhéantar arís agus arís eile.

(43)

Beidh ról nach beag ag an aistriú ó bhreoslaí iontaise go breosla eitlíochta inbhuanaithe maidir le dícharbónú a éascú. Mar sin féin, i bhfianaise thearcfhorbairt mhargadh an Aontais do bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe faoi láthair, go bhfuil ardleibhéal iomaíochta ann idir oibreoirí aerárthaí, difreálach tábhachtach praghais idir gnáthbhreoslaí eitlíochta agus breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, ba cheart tacú leis an aistriú sin trí dhreasachtaí a léiríonn an tairbhe chomhshaoil a bhaineann le breoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus a dhéanann iad níos iomaíche d’oibreoirí aerárthaí. Agus úsáid á baint as an ioncam a ghintear ó fhíneálacha, nó an choibhéis i luach airgeadais an ioncaim sin, chun tacú le tionscadail taighde agus nuálaíochta i réimse na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe, táirgeadh na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe nó sásraí lena bhféadfaí na difríochtaí i bpraghsanna idir breoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus gnáthbhreoslaí eitlíochta a dhúnadh.

(44)

Na fíneálacha atá faoi dhliteanas ar sholáthróirí breosla eitlíochta a mhainníonn na sciartha íosta a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, ba cheart iad a chomhlánú leis an oibleagáid cainníochtaí breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, lena n-áirítear breoslaí eitlíochta sintéiseacha, a sholáthar don mhargadh, a chomhfhreagraíonn don easnamh maidir leis na sciartha íosta a leagtar amach in Airteagal 4 agus in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh sa tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin. Mar sin féin, ba cheart solúbthacht a bheith ag soláthróirí breosla eitlíochta maidir leis na hoibleagáidí a chomhlíonadh i ndáil le soláthar breoslaí eitlíochta sintéiseacha agus an oibleagáid easnaimh ghaolmhair in idirthréimhse idir 2030 agus 2034, nuair a thiocfaidh an oibleagáid sin i bhfeidhm den chéad uair, chun aistriú agus baint amach na spriocanna a éascú.

(45)

Tá sé fíor-riachtanach a áirithiú gur féidir sciartha íosta na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a sholáthar go rathúil don mhargadh eitlíochta gan aon ghanntanas soláthair. Chun na críche sin, ba cheart sásra solúbthachta a dhearadh agus a chur i bhfeidhm chun aga tionscanta 10 mbliana a cheadú do thionscal breoslaí eitlíochta inbhuanaithe chun acmhainneacht táirgeachta agus soláthair a fhorbairt dá réir agus chun ligean do sholáthróirí breosla eitlíochta a n-oibleagáidí a chomhlíonadh ar an mbealach is costéifeachtaí, gan uaillmhianta foriomlána comhshaoil an Rialacháin seo a laghdú, agus chun ligean do chomhlachtaí bainistithe aerfoirt de chuid an Aontais, soláthróirí breosla eitlíochta agus oibreoirí aerárthaí na hinfheistíochtaí teicneolaíocha agus lóistíochta is gá a dhéanamh. Ba cheart soláthar na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a thosú in 2025, leis an tsolúbthacht dá bhforáiltear sa sásra solúbthachta. Le linn chur i bhfeidhm an tsásra solúbthachta, féadfaidh soláthróirí breosla eitlíochta breosla eitlíochta ina bhfuil sciar níos airde de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe in aerfoirt áirithe a sholáthar chun cúiteamh a dhéanamh ar bhreoslaí eitlíochta a bhfuil sciar níos ísle de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe acu in aerfoirt eile nó ar infhaighteacht laghdaithe gnáthbhreosla eitlíochta in aerfoirt eile. Ar an gcaoi chéanna, chun deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht a sholáthar don mhargadh agus chun infheistíochtaí a bhrú go marthanach i dtreo acmhainneacht táirgeachta na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe, ba cheart an Rialachán seo a bheith cobhsaí le himeacht ama.

(46)

Chun aistriú rathúil chuig breosla eitlíochta inbhuanaithe a bhaint amach, tá gá le cur chuige cuimsitheach agus leis an timpeallacht chumasúcháin iomchuí chun nuálaíocht a spreagadh, lena mbaineann infheistíocht phoiblí agus phríobháideach araon sa taighde agus san fhorbairt, agus tacaíocht a spreagadh d’ath-imlonnú, d’athsciliú agus d’uas-sciliú oibrithe, chomh maith le bearta teicneolaíocha agus oibríochtúla, agus imlonnú na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus na dteicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha, lena n-áirítear an bonneagar athbhreoslaithe agus athluchtaithe is gá in aerfoirt de chuid an Aontais, agus céadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh á chur san áireamh. Chun na críche sin, ba cheart an t-ioncam a ghintear leis na fíneálacha faoin Rialachán seo a leithdháileadh ar thionscadail an Chiste nua Eitlíochta Inbhuanaithe. Ina theannta sin, tá sé d’aidhm ag bunú na Comhghuaillíochta Eorpaí Tionsclaíochta trí chomhoibriú deonach geallsealbhóirí sa slabhra luacha soláthar agus glacadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe san Eoraip a chothú a thuilleadh.

(47)

Bhí ról suntasach ag an taighde agus ag an nuálaíocht i dtaobh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus breoslaí eitlíochta sintéiseacha a fhorbairt agus acmhainn táirgeachta a fhorbairt. Ba cheart forbairt agus táirgeadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a mhéadú i bhfad níos mó sna blianta atá le teacht. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, leanúint de na hiarrachtaí sin agus an infheistíocht i mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a éascú. Tá deis chomhshaoil agus thionsclaíoch araon ag baint le hinfheistíocht a dhéanamh i dtionscadail acmhainneachta breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, rud a bhfuil éifeachtaí iarmharta aige ó thaobh cruthú post agus nuálaíochta de.

(48)

Chun éifeachtacht chomhshaoil bhearta an Aontais a mhéadú agus chun cumas soláthróirí breosla eitlíochta a éascú a n-oibleagáidí soláthair breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a chomhlíonadh agus breoslaí eitlíochta inbhuanaithe arna chur ar bord ag oibreoirí aerárthaí ar bhealach atá éifeachtach ó thaobh costais de agus, dá bhrí sin, iomaíochas earnáil eitlíochta an Aontais a neartú, ba cheart don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, measúnú a dhéanamh ar cheart bearta breise a ghlacadh chun dáileadh agus úsáid chostéifeachtach breoslaí eitlíochta inbhuanaithe i margadh aeriompair an Aontais a éascú trí cheannach breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a scaradh óna sheachadadh agus a úsáid fhisiciúil. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh, inter alia, trí mheasúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé córas soláthair agus deimhnithe ceannaigh intrádála breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a chur ar bun, a mbeadh eilimintí de scéim leabhair agus éilimh ag gabháil leis, agus cothrom na Féinne agus ardleibhéal sláine comhshaoil á ráthú ag an am céanna, lena n-áirithítear comhsheasmhacht le dlí eile an Aontais, lena n-áirítear Treoracha 2003/87/CE agus 2009/28/CE, chomh maith le riosca calaoise, neamhrialtachtaí nó éilimh dhúbailte a íoslaghdú. Ina anailís, ba cheart don Choimisiún na treochtaí agus na tionscnaimh dhomhanda ábhartha uile a chur san áireamh, chomh maith leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag córas den sórt sin ar fheidhmiú an mhargaidh, lena n-áirítear maidir le haon luaineacht sa mhargadh, éabhlóid praghsanna nó iompraíocht trádála rannpháirtithe sa mhargadh.

(49)

Ba cheart forálacha a bheith sa Rialachán seo maidir le tuarascálacha tréimhsiúla a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le forbairt na margaí eitlíochta agus breoslaí, maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus a thionchar ar mhargadh aeriompair an Aontais, maidir leis an nascacht go hoileáin agus go críocha iargúlta agus maidir le hiomaíochas aeriompróirí an Aontais agus na mol aerfoirt le hais a n-iomaitheoirí i dtíortha comharsanachta, maidir le héifeachtacht na bpríomhghnéithe atá sa Rialachán seo amhail sciartha íosta breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, agus leibhéal na bhfíneálacha nó na bhforbairtí beartais maidir le glacadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe ar an leibhéal idirnáisiúnta. Is den ríthábhacht na heilimintí sin chun staid imeartha shoiléir a sholáthar maidir le margadh na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus ba cheart iad a chur san áireamh agus leasú ar an Rialachán seo á bhreith. Ba cheart tagairt a dhéanamh sna tuarascálacha ón gCoimisiún freisin d’idirghníomhú an Rialacháin seo le gníomhartha reachtacha ábhartha eile, ina sainaithnítear forálacha a d’fhéadfaí a nuashonrú agus a shimpliú, chomh maith le gníomhaíochtaí agus bearta a glacadh nó a d’fhéadfaí a dhéanamh chun an brú costais iomlán ar earnáil an aeriompair a laghdú. Sna tuarascálacha sin, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar roghanna maidir le leasuithe, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear sásraí chun tacú le táirgeadh agus cur ar bord breoslaí eitlíochta inbhuanaithe chomh maith le sásraí lena bhféadfaí na difríochtaí praghais a dhúnadh idir breoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus breoslaí traidisiúnta eitlíochta chun teorainn a chur le tionchar díobhálach an Rialacháin seo ar an aernascacht agus ar an iomaíocht, agus chun sceitheadh carbóin a mhaolú.

(50)

Maidir leis an gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo chun a áirithiú go gcuirfear sciartha íosta de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe ar fáil ag gach aerfort de chuid an Aontais, d’fhéadfadh sé go spreagfadh a leithéid oibreoirí aerárthaí, a oibríonn nasceitiltí a imíonn as aerfoirt de chuid an Aontais agus a bhfuil ceann scríbe deiridh acu lasmuigh den Aontas, chun idirthuras a dhéanamh trí mhoil aerfort nach de chuid an Aontais iad – agus nach bhfuil faoi réir an cheanglais sin – seachas trí mhoil aerfort de chuid an Aontais féin. D’fhéadfadh saobhadh iomaíochta a bheith ina thoradh ar an méid sin, mar aon le riosca sceite carbóin, agus gurb iad aerfoirt de chuid an Aontais agus oibreoirí a úsáideann na haerfoirt sin a bheadh thíos leis. In éagmais scéime éigeantaí maidir le húsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe d’eitiltí idirnáisiúnta ar leibhéal ICAO nó i gcomhaontuithe cuimsitheacha iltaobhacha nó déthaobhacha aeriompair idir an tAontas agus/nó a Bhallstáit agus tríú tíortha a bhfuil leibhéal uaillmhéine den chineál céanna acu i gcomparáid leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus cuspóirí Chomhaontú Pháras (10), arna ghlacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, nó na sásraí a fhorbraítear ar an leibhéal idirnáisiúnta chun riosca sceite carbóin agus saobhadh na hiomaíochta a chosc, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh go háirithe ar fhorbairt sásraí spriocdhírithe lena ndírítear ar na héifeachtaí sin a chosc.

(51)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na díolúintí ón oibleagáid maidir le réamhimeacht athbhreoslaithe a d’fhéadfaí a dheonú d’oibreoirí aerárthaí agus chun na forálacha mionsonraithe agus na caighdeáin theicniúla d’fheidhmiú an chórais lipéadaithe a bhunú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(52)

Beidh éifeacht thánaisteach freisin ag an aistriú chuig breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, is é sin spleáchas ar allmhairí breosla iontaise ó thríú tíortha a laghdú, rud a mhéadóidh slándáil fuinnimh an Aontais. Leis an staid pholaitiúil idirnáisiúnta atá ann faoi láthair, cuirtear béim ar an ngá atá leis an mbeart sin.

(53)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon cothrom na Féinne a choinneáil ar bun i margadh aeriompair an Aontais agus úsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe á méadú san am céanna, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr chineál trasteorann na heitlíochta, ach fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais toisc shaintréithe an mhargaidh agus iarmhairtí an bhirt, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha comhchuibhithe maidir le glacadh agus soláthar breoslaí eitlíochta inbhuanaithe.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hoibreoirí aerárthaí, aerfoirt de chuid an Aontais agus a gcomhlachtaí bainistithe aerfoirt faoi seach de chuid an Aontais, agus maidir le soláthróirí breosla eitlíochta.

Gan dochar do mhír 3, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin maidir le heitiltí aeriompair tráchtála.

2.   Féadfaidh Ballstát a chinneadh, tar éis dó dul i gcomhairle le comhlacht bainistithe an aerfoirt, go gcaithfear le haerfort nach bhfuil cumhdaithe ag Airteagal 3, pointe (1), atá lonnaithe ar a chríoch, mar aerfort de chuid an Aontais chun críocha an Rialacháin seo, ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 6(1) tráth a dhéanfaidh an Ballstát cinneadh.

Féadfaidh comhlacht bainistíochta aerfoirt d’aerfort nach bhfuil cumhdaithe ag Airteagal 3, pointe (1), atá lonnaithe ar chríoch Ballstáit, iarraidh a dhéanamh go ndéileálfar leis an aerfort sin mar aerfort de chuid an Aontais chun críocha an Rialacháin seo, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 6(1) tráth an iarratais sin. Cuirfidh an comhlacht bainistíochta aerfoirt sin an Ballstát a bhfuil a údarás nó a údaráis freagrach as an aerfort faoi Airteagal 11(6) ar an eolas faoin iarraidh sin. Beidh deimhniú ag gabháil leis an bhfógra sin go gcomhlíonann an t-aerfort na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 6(1).

Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an fógra faoin gcinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo don Choimisiún agus do Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ghníomhaireacht’) 6 mhí ar a laghad roimh thús na tréimhse tuairiscithe óna mbeidh feidhm ag an gcinneadh sin. Beidh tuairim réasúnaithe ag gabháil le cinneadh an Bhallstáit lena léireofar go bhfuil sé bunaithe ar chritéir chomhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha, i measc aerfort a bhfuil saintréithe iomaíocha comhchosúla acu.

3.   Féadfaidh duine a oibríonn eitiltí aeriompair tráchtála nach gcumhdaítear le hAirteagal 3, pointe (3), a chinneadh go gcaithfear leis an duine sin mar oibreoir aerárthaí chun críocha an Rialacháin seo. Féadfaidh duine a oibríonn eitiltí seachas eitiltí aeriompair tráchtála de réir bhrí Airteagal 3, pointe (4), a chinneadh go gcaithfear leis an duine sin mar oibreoir aerárthaí chun críocha an Rialacháin seo. Féadfaidh duine a chumhdaítear le hAirteagal 3, pointe (3), a chinneadh go gcumhdófar a chuid eitiltí aeriompair neamhthráchtála leis an Rialachán seo freisin. Tabharfaidh aon duine mar sin fógra faoin gcinneadh sin don Bhallstát a bhfuil a údarás inniúil nó a údaráis inniúla freagrach as an oibreoir aerárthaí sin i gcomhréir le hAirteagal 11(5). Tabharfaidh an Ballstát sin fógra faoin gcinneadh sin don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht 6 mhí ar a laghad roimh thús na tréimhse tuairiscithe óna mbeidh feidhm ag an gcinneadh sin.

4.   Ar bhonn na faisnéise a gheofar de bhun mhíreanna 2 agus 3, soláthróidh an Coimisiún liosta nuashonraithe comhdhlúite d’aerfoirt an Aontais agus d’oibreoirí aerárthaí lena mbaineann. Beidh rochtain éasca ar an liosta sin.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘aerfort de chuid an Aontais’‘aerfort’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2009/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) i gcás inar mhó an trácht paisinéirí ná 800 000 paisinéir nó i gcás inar mhó an trácht lasta ná 100 000 tona sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin, agus nach bhfuil suite i réigiún forimeallach, mar a liostaítear in Airteagal 349 CFAE;

(2)

ciallaíonn ‘comhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais’, i ndáil le haerfort de chuid an Aontais, ‘comhlacht bainistíochta an aerfoirt’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir 2009/12/CE nó, i gcás ina bhfuil bainistiú na mbonneagar láraithe le haghaidh córais dáileacháin breosla forchoimeádta do chomhlacht eile ag an mBallstát lena mbaineann de bhun Airteagal 8(1) de Threoir 96/67/CE ón gComhairle (13), an comhlacht eile sin;

(3)

ciallaíonn ‘oibreoir aerárthaí’ duine a d’oibrigh ar a laghad 500 eitilt aeriompair tráchtála paisinéirí, nó 52 eitilt aeriompair uile-lasta tráchtála a imíonn ó aerfoirt de chuid an Aontais sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin nó, i gcás nach féidir an duine sin a shainaithint, úinéir an aerárthaigh;

(4)

ciallaíonn ‘eitilt aeriompair tráchtála’ eitilt arna hoibriú chun críocha paisinéirí, lasta nó post a iompar le haghaidh luach saothair nó ar cíos, lena n-áirítear eitilt eitlíochta gnó a oibrítear chun críoch tráchtála;

(5)

ciallaíonn ‘bealach’ turas a dhéantar ar eitilt, ag féachaint d’áit imeachta agus do cheann scríbe na heitilte sin;

(6)

ciallaíonn ‘breosla eitlíochta’ breosla intiteáin arna mhonarú lena úsáid go díreach ag aerárthaí;

(7)

ciallaíonn ‘breoslaí eitlíochta inbhuanaithe’ breoslaí eitlíochta arb é atá iontu:

(a)

breoslaí eitlíochta sintéiseacha;

(b)

bithbhreoslaí eitlíochta; nó

(c)

breoslaí eitlíochta carbóin athchúrsáilte;

(8)

ciallaíonn ‘bithbhreoslaí eitlíochta’ breoslaí eitlíochta arb é atá iontu:

(a)

‘bithbhreoslaí ardfhorbartha’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (34), de Threoir (AE) 2018/2001;

(b)

‘bithbhreoslaí’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (33), de Threoir (AE) 2018/2001, arna dtáirgeadh ón mbunábhar a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Treoir sin; nó

(c)

‘bithbhreoslaí’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (33), de Threoir (AE) 2018/2001, cé is moite de bhithbhreoslaí arna dtáirgeadh ó ‘barra bia agus beatha’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (40), den Treoir sin, agus lena gcomhlíontar na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí saolré a leagtar síos in Airteagal 29 den Treoir sin agus a dheimhnítear i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir sin;

(9)

ciallaíonn ‘breoslaí eitlíochta carbóin athchúrsáilte’ breoslaí eitlíochta ar ‘breoslaí carbóin athchúrsáilte’ iad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (35), de Threoir (AE) 2018/2001, a chomhlíonann an tairseach maidir le laghdú ar astaíochtaí saolré dá dtagraítear in Airteagal 29a(2) den Treoir sin agus a dheimhnítear i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir sin;

(10)

ciallaíonn ‘baisc’ cainníocht de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe is féidir a shainaithint le huimhir agus is féidir a rianú;

(11)

ciallaíonn ‘astaíochtaí saolré’ astaíochtaí de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe léirithe mar choibhéis dé-ocsaíde carbóin lena gcuirtear na nithe seo a leanas san áireamh – astaíochtaí de tháirgeadh fuinnimh léirithe mar choibhéis dé-ocsaíde carbóin, iompar, riar fuinnimh agus úsáid ar bord, lena n-áirítear le linn dócháin, arna ríomh i gcomhréir leis na modheolaíochtaí arna nglacadh de bhun Airteagal 28(5) nó in Airteagal 31(5) de Threoir (AE) 2018/2001 nó de bhun dhlí ábhartha an Aontais;

(12)

ciallaíonn ‘breoslaí eitlíochta sintéiseacha’ breoslaí eitlíochta ar ‘breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch’ iad, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (36), de Threoir (AE) 2018/2001, a chomhlíonann an tairseach coigiltis astaíochtaí saolré dá dtagraítear in Airteagal 29a(1) den Treoir sin agus a dheimhnítear i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir sin;

(13)

ciallaíonn ‘breoslaí eitlíochta sintéiseacha ísealcharbóin’ breoslaí eitlíochta ar de thionscnamh neamhbhitheolaíoch iad, a ndíorthaítear a gcion fuinnimh ó hidrigin ísealcharbóin neamhiontaise, a chomhlíonann tairseach 70 % maidir le laghdú ar astaíochtaí saolré agus na modheolaíochtaí chun laghdú astaíochtaí saolré den sórt sin a mheasúnú de bhun dhlí ábhartha an Aontais;

(14)

ciallaíonn ‘gnáthbhreoslaí eitlíochta’ breoslaí eitlíochta a tháirgtear as foinsí breoslaí hidreacarbóin ar foinsí fuinnimh neamh-in-athnuaite iad;

(15)

ciallaíonn ‘hidrigin ísealcharbóin le haghaidh eitlíochta’ hidrigin atá le húsáid in aerárthaí a ndíorthaítear a luach fuinnimh ó fhoinsí neamh-iontaise neamh-in-athnuaite, a chomhlíonann tairseach 70 % maidir le laghdú ar astaíochtaí saolré agus na modheolaíochtaí chun laghdú astaíochtaí saolré den sórt sin a mheasúnú de bhun dhlí ábhartha an Aontais;

(16)

ciallaíonn ‘hidrigin in-athnuaite le haghaidh eitlíochta’ hidrigin lena húsáid in aerárthaí a cháilíonn mar ‘breosla in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch’, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (36), de Threoir (AE) 2018/2001, agus a chomhlíonann an tairseach coigiltis astaíochtaí saolré dá dtagraítear in Airteagal 29a(1), den Treoir sin agus atá deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir sin;

(17)

ciallaíonn ‘hidrigin le haghaidh eitlíochta’ hidrigin in-athnuaite le haghaidh eitlíochta nó hidrigin ísealcharbóin le haghaidh eitlíochta;

(18)

ciallaíonn ‘breoslaí eitlíochta ísealcharbóin’ breoslaí eitlíochta sintéiseacha ísealcharbóin nó hidrigin ísealcharbóin le haghaidh eitlíochta;

(19)

ciallaíonn ‘soláthróir breosla eitlíochta’‘soláthróir breosla’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe 38, de Threoir (AE) 2018/2001, a sholáthraíonn breosla eitlíochta nó hidrigin le haghaidh eitlíochta ag aerfort de chuid an Aontais;

(20)

ciallaíonn ‘láimhsealaí breosla’ soláthróir seirbhísí láimhseála ar an talamh a eagraíonn agus a dhéanann oibríochtaí breoslaithe agus díbhreoslaithe, lena n-áirítear stóráil breosla agus rialú cháilíocht agus chainníocht na seachadtaí breosla, chuig oibreoirí aerárthaí in aerfoirt de chuid an Aontais, dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 96/67/CE;

(21)

ciallaíonn ‘príomháit ghnó’ ceannoifig nó oifig chláraithe soláthróra breosla eitlíochta sa Bhallstát ina ndéantar príomhrialú airgeadais agus oibríochtúil an tsoláthróra breosla eitlíochta;

(22)

ciallaíonn ‘bliain tuairiscithe’ tréimhse aon bhliana, inar gá na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagail 8 agus 10 a chur isteach, bliain dar tosach an 1 Eanáir agus dar críoch an 31 Nollaig;

(23)

ciallaíonn ‘tréimhse tuairiscithe’ tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig de chuid na bliana roimh an mbliain tuairiscithe;

(24)

ciallaíonn ‘breosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth’ an méid breosla eitlíochta ar a dtugtar ‘breosla turais’ agus ‘breosla innealta’ in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (14) is gá chun na heitiltí uile a oibríonn oibreoir aerárthaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a oibriú, a imíonn as aerfort áirithe de chuid an Aontais, le linn tréimhse tuairiscithe;

(25)

ciallaíonn ‘cainníocht bhreosla bhliantúil nár tugadh ar bord’ an difríocht idir an breosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth agus an breosla arna chur ar bord ag oibreoir aerárthaí roimh eitiltí a chumhdaítear faoin Rialachán seo a imíonn as aerfort áirithe de chuid an Aontais, le linn tréimhse tuairiscithe;

(26)

ciallaíonn ‘cainníocht iomlán bhreosla bhliantúil nár tugadh ar bord’ méid na gcainníochtaí bliantúla nár forlíonadh na humair leo ag oibreoir aerárthaí ag gach aerfort de chuid an Aontais le linn tréimhse tuairiscithe;

(27)

ciallaíonn ‘scéim gáis ceaptha teasa’ scéim lena mbronntar sochair ar oibreoirí aerárthaí chun breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a úsáid.

Airteagal 4

Sciar den bhreosla eitlíochta inbhuanaithe atá ar fáil ag aerfoirt de chuid an Aontais

1.   Faoi réir Airteagal 15, áiritheoidh soláthróirí breosla eitlíochta go mbeidh sciar íosta bhreosla eitlíochta inbhuanaithe sa bhreosla eitlíochta uile a chuirtear ar fáil d’oibreoirí aerárthaí ag gach aerfort de chuid an Aontais, lena n-áirítear an sciar íosta de bhreosla eitlíochta sintéiseach i gcomhréir leis na luachanna agus na dátaí cur i bhfeidhm a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Gan dochar do na sciartha íosta sin, áiritheoidh soláthróirí breosla eitlíochta freisin go mbeidh ar a laghad na meánscaireanna de bhreoslaí eitlíochta sintéiseacha a chuirfear ar fáil d’oibreoirí aerárthaí ag gach aerfort de chuid an Aontais thar na tréimhsí ón 1 Eanáir 2030 go dtí an 31 Nollaig 2031 agus ón 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2034, i gcomhréir leis na luachanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Measfar an oibleagáid sin a bheith comhlíonta freisin i gcás ina mbaintear amach na scaireanna íosta a luaitear sa chéad fhomhír trí úsáid a bhaint as na nithe seo a leanas:

(a)

hidrigin in-athnuaite le haghaidh eitlíochta;

(b)

breoslaí eitlíochta ísealcharbóin.

2.   Chun na sciartha íosta in Iarscríbhinn I a ríomh, nuair a chuirfear hidrigin le haghaidh eitlíochta ar fáil d’oibreoirí aerárthaí ag aerfort de chuid an Aontais:

(a)

is iad na luachanna maidir le luach fuinnimh na mbreoslaí ábhartha uile na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 27(2), pointí (f) agus (g) de Threoir (AE) 2018/2001, agus Iarscríbhinn III a ghabhann léi, nó caighdeáin eitlíochta idirnáisiúnta ábhartha maidir le breoslaí nach n-áirítear san Iarscríbhinn sin; agus

(b)

déanfar cion fuinnimh hidrigine don eitlíocht a sholáthrófar a chur san áireamh san uimhreoir agus san ainmneoir araon.

3.   I gcás ina mbaineann soláthróir breosla eitlíochta úsáid as an bhféidearthacht a leagtar síos sa dara fomhír de mhír 1 nó i gcás ina ndéanann oibreoir aerárthaí na breoslaí dá dtagraítear san fhomhír sin a ardú, déanfar tagairtí do bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe in Airteagal 3, pointí (10), (11) agus (27), Airteagail 8, 9 agus 10, Airteagal 12(6) agus (7), Airteagal 13(1), pointí (a), (b) agus (g), Airteagal 14, Airteagal 15(1) agus Iarscríbhinn II a fhorléiriú mar thagairtí freisin do bhreoslaí eitlíochta ísealcharbóin agus do hidrigin in-athnuaite le haghaidh eitlíochta.

4.   I gcás gach tréimhse tuairiscithe, beidh bithbhreoslaí eitlíochta seachas bithbhreoslaí ardfhorbartha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (34), de Threoir (AE) 2018/2001 agus seachas bithbhreoslaí a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Treoir sin, agus a sholáthraíonn gach soláthróir breosla eitlíochta thar aerfoirt de chuid an Aontais, cothrom le huasmhéid 3 % de bhreoslaí eitlíochta arna soláthar chun na sciartha íosta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a chomhlíonadh.

5.   Déanfar breosla eitlíochta inbhuanaithe a tháirgtear ó na bunábhair seo a leanas a eisiamh ó ríomh na sciartha íosta de breosla eitlíochta inbhuanaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo: ‘barra bia agus beatha’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (40), de Threoir (AE) 2018/2001, barra idirmheánacha, driogáit aigéid shailligh pailme agus ábhair a dhíorthaítear ó phailme agus ó shoighe, agus stoc gallúnach agus a dhíorthaigh.

Ní bheidh feidhm ag an eisiamh sin, áfach, maidir le haon bhunábhar a áirítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001, faoi na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

6.   Féadfaidh soláthróirí breosla eitlíochta a léiriú go bhfuil an oibleagáid atá i mír 1 den Airteagal seo á comhlíonadh acu trí úsáid a bhaint as an gcóras cothromúcháin maise dá dtagraítear in Airteagal 30 de Threoir (AE) 2018/2001.

7.   Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 12(4) agus (5), i gcás ina mainneoidh soláthróir breosla eitlíochta na sciartha íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a sholáthar le haghaidh tréimhse tuairiscithe áirithe, déanfaidh sé an t-easnamh sin a chomhlánú, ar a laghad, sa tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin. Go heisceachtúil, i gcás ina mainneoidh soláthróir breosla eitlíochta meánscaireanna an bhreosla eitlíochta shintéisigh a sholáthar thar an tréimhse ón 1 Eanáir 2030 go dtí an 31 Nollaig 2031, comhlánóidh sé an t-easnamh sin ar a laghad roimh dheireadh na tréimhse ón 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2034, agus i gcás ina mainneoidh soláthróir breosla eitlíochta meánscaireanna an bhreosla eitlíochta shintéisigh a sholáthar thar an tréimhse ón 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2034, comhlánóidh sé an t-easnamh sin sa tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin ar a laghad.

Airteagal 5

Oibleagáid athbhreoslaithe maidir le hoibreoirí aerárthaí

1.   90 % ar a laghad den bhreosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth a bheidh sa chainníocht bhliantúil de bhreosla eitlíochta arna chur ar bord ag oibreoir aerárthaí áirithe ag aerfort áirithe de chuid an Aontais.

2.   Féadfaidh oibreoir aerárthaí titim faoi bhun na tairsí i mír 1 den Airteagal seo i gcás inar gá ar chúiseanna a bhaineann le comhlíonadh na rialacha sábháilteachta breosla is infheidhme. I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh an t-oibreoir aerárthaí lena mbaineann bonn cirt don údarás inniúil nó do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 11(6) agus don Ghníomhaireacht a thiteann faoi bhun na tairsí sin, lena n-áirítear léiriú a thabhairt ar na bealaí lena mbaineann. Áireofar an fhaisnéis sin sa tuarascáil faoi Airteagal 8. Déanfar na cainníochtaí breosla gaolmhara a thuairisciú ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 8.

3.   Ar bhonn eisceachtúil, féadfaidh oibreoir aerárthaí, i gcás ina bhfuil bonn cirt leis, díolúine shealadach ón oibleagáid a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a iarraidh ón údarás inniúil nó ó na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 11(6) i gcás eitiltí ar bhealach sonrach atá ann cheana nó ar bhealach nua is lú ná 850 ciliméadar, nó 1 200 ciliméadar i gcás bealaí a nascann le haerfoirt atá suite ar oileáin gan naisc iarnróid ná naisc bhóthair, ag imeacht ó aerfort de chuid an Aontais. Déanfar an fad sin a thomhas trí mhodh an bhealaigh mhórchiorclaigh.

Déanfar iarraidh den sórt sin trí mhí ar a laghad roimh an dáta atá beartaithe i gcomhair chur i bhfeidhm na díolúine, arna tacú le bonn cirt mionsonraithe leordhóthanach. Ba cheart an díolúine sin a bheith teoranta do na cásanna seo a leanas:

(a)

deacrachtaí oibríochtúla tromchúiseacha agus athfhillteacha maidir le haerárthaí a athbhreoslú ag an aerfort áirithe de chuid an Aontais, rud a chuireann cosc ar oibreoirí aerárthaí casadh thart laistigh de thréimhse réasúnach; nó

(b)

deacrachtaí struchtúracha maidir le soláthar breosla eitlíochta a eascraíonn as saintréithe geografacha aerfoirt áirithe de chuid an Aontais, as a n-eascraíonn praghsanna i bhfad níos airde ar bhreoslaí eitlíochta i gcomparáid le praghsanna a chuirtear i bhfeidhm ar an meán ar chineálacha comhchosúla breoslaí eitlíochta in aerfoirt eile de chuid an Aontais mar gheall go háirithe ar shrianta sonracha iompair breosla nó ar infhaighteacht theoranta breoslaí ag an aerfort sin de chuid an Aontais agus a chuireann míbhuntáiste suntasach san iomaíocht ar an oibreoir aerárthaí lena mbaineann i gcomparáid le dálaí an mhargaidh in aerfoirt eile de chuid an Aontais a bhfuil saintréithe iomaíocha comhchosúla acu.

4.   Déanfaidh an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla an iarraidh sin a mheasúnú. I bhfianaise an bhonn chirt a tugadh, féadfaidh sé faisnéis bhreise a iarraidh.

5.   Déanfaidh an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla cinneadh maidir leis an iarraidh sin gan moill mhíchuí agus aon mhí amháin ar a dhéanaí roimh dháta chur i bhfeidhm na díolúine atá beartaithe. I gcás ina n-iarrfaidh an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla faisnéis bhreise de bhun mhír 4, cuirfear an spriocdháta don údarás inniúil nó do na húdaráis inniúla chun cinneadh a dhéanamh ar fionraí go dtí go gcuirfidh an t-oibreoir aerárthaí faisnéis iomlán ar fáil.

Beidh tréimhse theoranta bailíochta ag an díolúine a dheonófar, nach faide ná bliain amháin, agus déanfar athbhreithniú uirthi arna iarraidh sin don oibreoir aerárthaí.

6.   Déanfaidh an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla cinneadh glacadh le haon chéad iarraidh ar dhíolúine arna tíolacadh de bhun mhír 3 nó diúltú di. I gcás ina mainnítear cinneadh den sórt sin a ghlacadh laistigh den teorainn ama a leagtar síos i mír 5, ní mheasfar gur cinneadh é lena n-údaraítear an díolúine a iarradh. I gcás ina mainnítear cinneadh a ghlacadh maidir le hiarraidh ar dhíolúine atá ann cheana a athnuachan, ar choinníoll go bhfuil bonn cirt mionsonraithe leordhóthanach ag tacú leis an iarraidh sin, aon mhí amháin ar a dhéanaí roimh dháta na hathnuachana atá beartaithe, measfar gur cinneadh é lena n-údaraítear leanúint den díolúine a iarradh a chur i bhfeidhm.

7.   Beidh sé de cheart ag an oibreoir aerárthaí achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh ón údarás inniúil nó ó na húdaráis inniúla a dhiúltaíonn iarraidh ar dhíolúine.

8.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla fógra don Choimisiún faoi liosta na ndíolúintí údaraithe agus diúltaithe, agus tabharfaidh sé an bonn cirt lena chinneadh agus an measúnú ar a bhfuil sé bunaithe. Foilseoidh an Coimisiún liosta na ndíolúintí údaraithe agus tabharfaidh sé an liosta sin cothrom le dáta uair sa bhliain ar a laghad.

9.   Tar éis gearán i scríbhinn a bheith tíolactha ag Ballstát, ag oibreoir aerárthaí, ag comhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais lena mbaineann, nó ag soláthróir breosla eitlíochta, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an Coimisiún, tar éis measúnú a dhéanamh ar an mbonn cirt a tugadh don díolúine a deonaíodh de bhun mhír 5 den Airteagal seo i bhfianaise na gcritéar a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina n-iarrtar ar an údarás inniúil nó na húdaráis inniúla cinneadh a ghlacadh lena n-aisghairfear an díolúine sin ó thús na chéad tréimhse sceidealaithe eile de réir bhrí Airteagal 2, pointe (d) de Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle (15). I gcás ina dtosóidh an tréimhse sceidealaithe sin níos lú ná dhá mhí tar éis fhoilsiú an chinnidh, beidh feidhm ag an gcinneadh lena n-aisghairfear an díolúine ó thús na tréimhse sceidealaithe dá éis sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

10.   Chun a bheith in ann na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 9 a ghlacadh, féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis uile is gá a iarraidh ar na Ballstáit agus ar oibreoirí aerárthaí. Cuirfidh na Ballstáit agus oibreoirí aerárthaí an fhaisnéis sin ar fáil gan moill mhíchuí. Éascóidh na Ballstáit soláthar faisnéise ag oibreoirí aerárthaí.

11.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 1 Meán Fómhair 2024, treoirlínte a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm na ndíolúintí dá dtagraítear san Airteagal seo. Leis na treoirlínte sin, áireofar gnéithe atá le soláthar ag oibreoir aerárthaí chun údar a thabhairt leis na díolúintí sin.

Airteagal 6

Oibleagáidí ar chomhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais chun rochtain ar bhreosla eitlíochta inbhuanaithe a éascú

1.   Déanfaidh comhlachtaí bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais na bearta uile is gá chun rochtain a éascú d’oibreoirí aerárthaí ar bhreoslaí eitlíochta ina bhfuil sciartha íosta de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   I gcás ina dtuairisceoidh oibreoirí aerárthaí don údarás inniúil nó do na húdaráis inniúla deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar bhreoslaí eitlíochta ag aerfort áirithe de chuid an Aontais ina bhfuil sciartha íosta breoslaí eitlíochta inbhuanaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, iarrfaidh an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla ar chomhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais an fhaisnéis is gá a sholáthar chun comhlíonadh mhír 1 a chruthú. Déanfaidh comhlacht bainistíochta aerfort de chuid an Aontais lena mbaineann an fhaisnéis a sholáthar don údarás inniúil gan moill mhíchuí.

3.   Déanfaidh an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla measúnú ar an bhfaisnéis uile a fhaightear i gcomhréir le mír 2. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla go gcomhlíonann comhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais a oibleagáidí faoi mhír 1, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht. I gcásanna neamhchomhlíonta, iarrfaidh an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla ar chomhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais na bearta is gá a shainaithint agus a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar an easpa rochtana leordhóthanaí atá ag oibreoirí aerárthaí ar bhreoslaí eitlíochta ina bhfuil sciartha íosta de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe gan moill mhíchuí, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis iarraidh a fháil ón údarás inniúil de bhun mhír 2.

4.   Chun críche mhír 2 agus mhír 3, i gcás inarb iomchuí, soláthróidh soláthróirí breosla eitlíochta, láimhseálaithe breosla, oibreoirí aerárthaí agus aon pháirtí eile lena mbaineann na deacrachtaí a thuairiscítear, an fhaisnéis uile is gá, arna iarraidh sin agus gan moill mhíchuí, do chomhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais agus comhoibreoidh siad le comhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais chun na bearta is gá a shainaithint agus a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a thuairiscítear.

5.   Déanfaidh an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla an fhaisnéis ábhartha uile dá bhforáiltear faoi mhír 2 agus faoi mhír 3 den Airteagal seo a tharchur gan moill mhíchuí chuig an nGníomhaireacht ionas go mbeidh sí in ann an tuarascáil theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 13 a tharraingt suas.

Airteagal 7

Soláthar hidrigine agus leictreachais a chur chun cinn ag aerfoirt de chuid an Aontais

1.   Comhoibreoidh comhlachtaí bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais, soláthróirí breosla eitlíochta agus láimhseálaithe breosla, i gcás inarb iomchuí, lena mBallstát faoi seach chun na creataí beartais náisiúnta a ullmhú le haghaidh imscaradh bonneagar breoslaí malartacha in aerfoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

2.   Comhlachtaí bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais, soláthróirí breosla eitlíochta agus láimhseálaithe breosla, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir leis na creataí beartais náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 nuair a bheidh creat den sórt sin glactha, comhoibreoidh siad agus déanfaidh siad iarrachtaí chun rochtain oibreoirí aerárthaí a éascú ar hidrigin nó ar leictreachas a úsáidtear go príomha chun aerárthach a thiomáint agus iarrachtaí chun an bonneagar agus na seirbhísí a sholáthar is gá chun hidrigin nó leictreachas den sórt sin a sheachadadh, a stóráil agus a ardú chun aerárthaí a athbhreoslú nó a athluchtú i gcomhréir le creataí beartais náisiúnta chun bonneagar breosla malartacha a imscaradh i gcás inarb ábhartha.

3.   Faoin 31 Márta 2025, agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, tuairisceoidh comhlachtaí bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais do na húdaráis inniúla agus don Ghníomhaireacht maidir le dul chun cinn na dtionscadal atá ann cheana, i leith a n-aerfort Aontais faoi seach, a shaothraíonn aon cheann de na tionscnaimh dá dtagraítear i mír 2. Áireofar sa tuarascáil sin faisnéis, atá ar fáil go poiblí nó is féidir a chur ar fáil don phobal, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, réamh-mheastacháin ar thoirteanna agus ar chineál an táirgthe hidrigine agus leictreachais agus ar sholáthar d’oibreoirí aerárthaí ag aerfort an Aontais chomh maith le pleananna imscartha le haghaidh bonneagair agus seirbhísí athluchtaithe agus athbhreoslaithe i gcás ina nglacfar na pleananna sin.

Airteagal 8

Oibleagáidí tuairiscithe atá ar oibreoirí aerárthaí

1.   Faoin 31 Márta gach bliain tuairiscithe, agus den chéad uair in 2025, tuairisceoidh oibreoirí aerárthaí an fhaisnéis seo a leanas maidir le tréimhse tuairiscithe áirithe do na húdaráis inniúla agus don Ghníomhaireacht:

(a)

méid iomlán an bhreosla eitlíochta a cuireadh ar bord ag gach aerfort de chuid an Aontais, arna shloinneadh i dtonaí;

(b)

an breosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth, de réir an aerfoirt de chuid an Aontais, arna shloinneadh i dtonaí;

(c)

an chainníocht bhreosla bhliantúil nár tugadh ar bord, in aghaidh an aerfoirt de chuid an Aontais, atá le tuairisciú mar 0 (nialas) má tá an chainníocht bhreosla bhliantúil nár tugadh ar bord diúltach nó má tá sí níos ísle ná, nó cothrom le, 10 % den bhreosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth;

(d)

an chainníocht bhliantúil a tugadh ar bord, in aghaidh an aerfoirt de chuid an Aontais ar chúiseanna a bhaineann le comhlíonadh na rialacha is infheidhme maidir le sábháilteacht breosla de bhun Airteagal 5(2), arna sloinneadh i dtonaí;

(e)

méid iomlán an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe arna cheannach ó sholáthróirí breosla eitlíochta, chun a n-eitiltí a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus a imíonn as aerfoirt de chuid an Aontais a oibriú, arna shloinneadh i dtonaí.

(f)

i gcás gach ceannacháin breosla eitlíochta inbhuanaithe, ainm an tsoláthróra breosla eitlíochta, an méid a ceannaíodh arna shloinneadh i dtonaí, an próiseas tiontaithe, saintréithe agus tionscnamh an bhunábhair a úsáidtear le haghaidh táirgthe, agus astaíochtaí saolré an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe, agus, i gcás ina n-áirítear i gceannach amháin cineálacha éagsúla breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a bhfuil saintréithe éagsúla acu, ag soláthar na faisnéise sin do gach cineál breosla eitlíochta inbhuanaithe;

(g)

líon iomlán na n-eitiltí a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus a imíonn ó aerfoirt de chuid an Aontais, arna sloinneadh i líon na n-eitiltí agus in uaireanta eitilte.

2.   Déanfar an tuarascáil a chur i láthair i gcomhréir leis na teimpléid a leagtar síos in Iarscríbhinn II.

3.   Déanfar an tuarascáil a fhíorú ag fíoraitheoir neamhspleách i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 14 agus 15 de Threoir 2003/87/CE, agus sna gníomhartha cur chun feidhme a glacadh ar a mbonn.

Airteagal 9

Éileamh oibreora aerárthaí ar úsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe

1.   Ní éileoidh oibreoirí aerárthaí sochair as baisc chomhionann de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a úsáid faoi níos mó ná scéim gáis ceaptha teasa amháin. Bunaítear an fachtóir astaíochta maidir le húsáid breosla eitlíochta inbhuanaithe faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA AE) in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2003/87/CE nó sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 14 den Treoir sin. Chun críche lamháltais a leithdháileadh faoi CTA AE, beidh feidhm ag Treoir 2003/87/CE. Chun críche lamháltais a leithdháileadh a choimeádtar chun breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a ardú faoi CTA AE, beidh feidhm ag Airteagal 3c(6) de Threoir 2003/87/CE.

Déanfaidh oibreoirí aerárthaí na nithe seo a leanas a sholáthar don Ghníomhaireacht, mar aon leis an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 8:

(a)

dearbhú maidir leis na scéimeanna gás ceaptha teasa a nglacann siad páirt iontu agus inar féidir leo breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a thuairisciú;

(b)

dearbhú nár thuairiscigh siad baisceanna comhionanna de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe faoi chuimsiú níos mó ná scéim gás ceaptha teasa amháin; agus

(c)

faisnéis maidir le rannpháirtíocht i scéimeanna tacaíochta airgeadais de chuid an Aontais, scéimeanna náisiúnta nó réigiúnacha lena gcumasaítear oibreoirí aerárthaí a chúiteamh as costais breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a ceannaíodh agus faisnéis faoi cé acu a fuair nó nach bhfuair an bhaisc chéanna de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe tacaíocht faoi níos mó ná scéim tacaíochta airgeadais amháin.

2.   Soláthróidh soláthróirí breosla eitlíochta an fhaisnéis chruinn ábhartha d’oibreoirí aerárthaí a bhaineann leis an tréimhse tuairiscithe saor in aisce, a luaithe is féidir agus in aon chás, tráth nach déanaí ná an 14 Feabhra de gach bliain tuairiscithe, chun úsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a thuairisciú faoi Airteagal 8 den Rialachán seo, nó faoi scéim gás ceaptha teasa.

3.   Féadfaidh an t-oibreoir aerárthaí a iarraidh ar an soláthróir breosla eitlíochta an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar dó maidir le hoibleagáidí tuairiscithe eile, lena n-áirítear iad siúd faoin dlí náisiúnta. Soláthróidh an soláthróir breosla eitlíochta an fhaisnéis sin saor in aisce. I gcás ina mbaineann an iarraidh le faisnéis a bhaineann le tréimhse a chríochnaigh cheana tráth na hiarrata, soláthróidh an soláthróir breosla eitlíochta an fhaisnéis sin laistigh de 90 lá ó dháta na hiarrata sin. I gcás ina mbaineann an iarraidh le faisnéis a bhaineann le tréimhse tuairiscithe nár chríochnaigh fós tráth a rinneadh an iarraidh, féachfaidh an t-oibreoir aerárthaí lena iarraidh a chur isteach 45 lá ar a laghad roimh dheireadh na tréimhse sin. Soláthróidh an soláthróir breosla eitlíochta an fhaisnéis sin laistigh de 45 lá ó dheireadh na tréimhse sin.

Airteagal 10

Na hoibleagáidí tuairiscithe atá ar sholáthróirí breosla eitlíochta

Faoin 14 Feabhra de gach bliana tuairiscithe, agus den chéad uair in 2025, tuairisceoidh soláthróirí breosla eitlíochta an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an tréimhse tuairiscithe i mbunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 31a de Threoir (AE) 2018/2001:

(a)

méid an bhreosla eitlíochta arna sholáthar ag gach aerfort de chuid an Aontais, arna shloinneadh i dtonaí;

(b)

méid an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe arna sholáthar ag gach aerfort de chuid an Aontais, agus maidir le gach cineál breosla eitlíochta inbhuanaithe, mar a shonraítear i bpointe (c), arna shloinneadh i dtonaí;

(c)

an próiseas tiontúcháin, saintréithe agus bunús an bhunábhair a úsáidtear le haghaidh táirgthe agus astaíochtaí saolré gach cineáil breosla eitlíochta inbhuanaithe arna sholáthar ag aerfoirt de chuid an Aontais;

(d)

an cion cumhránaice agus naftailéiní de réir céatadán de thoirt agus cion sulfair de réir céatadáin de mhais i mbreosla eitlíochta arna sholáthar in aghaidh na baisce, in aghaidh aerfort de chuid an Aontais agus ar leibhéal an Aontais, lena léirítear toirt agus mais iomlán gach baisce agus gach modha tástála a cuireadh i bhfeidhm chun cion gach substainte ar leibhéal na baisce a thomhas;

(e)

an luach fuinnimh le haghaidh breosla eitlíochta agus breosla eitlíochta inbhuanaithe arna soláthar ag gach aerfort de chuid an Aontais, i gcás gach cineáil breosla.

Beidh an creat dlíthiúil agus riaracháin is gá i bhfeidhm ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis arna cur isteach ag soláthróirí breosla eitlíochta sa bhunachar sonraí sin de chuid an Aontais cruinn, agus go ndearnadh í a fhíorú agus a iniúchadh de bhun Airteagal 31a de Threoir (AE) 2018/2001.

Beidh rochtain ag an nGníomhaireacht agus ag na húdaráis inniúla ar an mbunachar sonraí sin de chuid an Aontais. Úsáidfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sa bhunachar sonraí sin de chuid an Aontais, a luaithe a dhéanfar an fhaisnéis a fhíorú ar leibhéal an Bhallstáit de bhun Airteagal 31a de Threoir (AE) 2018/2001.

Airteagal 11

Údarás inniúil

1.   Ainmneoidh na Ballstáit an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as cur chun feidhme an Rialacháin seo a fhorfheidhmiú agus as na fíneálacha a fhorchur ar oibreoirí aerárthaí, ar chomhlachtaí bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais agus ar sholáthróirí breosla eitlíochta. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi chéannacht an údaráis inniúil nó na n-údarás inniúil atá ainmnithe acu.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a n-údaráis inniúla a gcúraimí formhaoirseachta agus forfheidhmithe go neamhchlaonta agus go trédhearcach, agus ar bhealach a bheidh neamhspleách ar oibreoirí aerárthaí, ar sholáthróirí breosla eitlíochta agus ar chomhlachtaí bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais. Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hacmhainní agus na cumais riachtanacha ag na húdaráis inniúla chun na cúraimí a shanntar dóibh faoin Rialachán seo a chomhall go héifeachtúil agus go pras.

3.   Comhoibreoidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus údaráis inniúla na mBallstát le chéile agus roinnfidh siad an fhaisnéis ábhartha uile chun cur chun feidhme agus comhlíonadh éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú.

4.   Seolfaidh an Ghníomhaireacht chuig na húdaráis inniúla sonraí a chomhiomlánaítear le haghaidh na n-oibreoirí aerárthaí, aerfoirt de chuid an Aontais agus comhlachtaí bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais faoi seach agus soláthróirí breosla eitlíochta a bhfuil na húdaráis inniúil sin ina leith de bhun mhíreanna 5, 6 agus 7.

5.   Cinnfear an Ballstát freagrach, a bhfuil a údarás inniúil nó a údaráis inniúla, arna ainmniú nó arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, freagrach as oibreoir aerárthaí áirithe, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 748/2009 ón gCoimisiún (17). Maidir le hoibreoirí aerárthaí nach bhfuil sannta do Bhallstát sa Rialachán sin, cinnfear an Ballstát atá freagrach de bhun na rialacha a leagtar síos in Airteagal 18a de Threoir 2003/87/CE. Féadfaidh an Coimisiún tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit sa phróiseas sannta. Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún cúnamh Eurocontrol a iarraidh agus féadfaidh sé aon chomhaontú iomchuí chuige sin a thabhairt i gcrích le Eurocontrol.

6.   Cinnfear an Ballstát freagrach, a bhfuil a údarás inniúil nó a údaráis inniúla, arna ainmniú nó arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1, freagrach as comhlacht bainistíochta aerfoirt áirithe de chuid an Aontais, ar bhonn dhlínse chríochach faoi seach aerfort an Aontais.

7.   An Ballstát freagrach, a bhfuil a údarás inniúil nó a údaráis inniúla, arna ainmniú nó arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1, freagrach as soláthróir breosla eitlíochta áirithe, is é sin an Ballstát ina mbeidh príomháit ghnó an tsoláthróra breosla eitlíochta.

8.   I gcás soláthróirí breosla eitlíochta nach bhfuil príomháit ghnó acu i mBallstát, is é an Ballstát freagrach an Ballstát inar sholáthair an soláthróir breosla eitlíochta an chuid ba mhó breosla eitlíochta in 2023 nó sa chéad bhliain dó ag soláthar breosla eitlíochta i margadh an Aontais, cibé acu is déanaí.

Féadfaidh soláthróir breosla eitlíochta den sórt sin iarraidh réasúnaithe a thíolacadh dá údarás inniúil go n-athshannfaí do Bhallstát eile é, i gcás inar sholáthair sé an chuid ba mhó dá bhreosla eitlíochta sa Bhallstát sin thar an dá bhliain roimh an iarraidh. Déanfar an cinneadh maidir le hathshannadh laistigh de 6 mhí tar éis na hiarrata ón soláthróir breosla eitlíochta, beidh sé faoi réir comhaontaithe ó údaráis inniúla an Bhallstáit athshannta agus déanfar é a tharchur gan moill mhíchuí chuig an nGníomhaireacht agus chuig an gCoimisiún. Beidh feidhm aige ó thús na tréimhse tuairiscithe tar éis an dáta a nglacfar an cinneadh sin.

Airteagal 12

Forfheidhmiú

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena n-áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus cuirfidh siad san áireamh cineál, fad, atarlú agus tromchúis an tsáraithe go háirithe. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin faoin 31 Nollaig 2024 agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon oibreoir aerárthaí a mhainneoidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5 a chomhlíonadh faoi dhliteanas maidir le fíneáil. Beidh an fhíneáil sin comhréireach agus athchomhairleach agus ní bheidh sí níos lú ná dhá oiread níos airde ná an toradh ar iolrú an mheánphraghais bhliantúil ar bhreosla eitlíochta in aghaidh an tona agus na cainníochta breosla iomláine bliantúla nár tugadh ar bord. Féadfar oibreoir aerárthaí a dhíolmhú ó fhíneáil más féidir leis an oibreoir aerárthaí a chruthú gur imthosca eisceachtúla agus neamh-intuartha, agus nach raibh smacht ag an oibreoir aerárthaí orthu, ba chúis le mainneachtain na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5 a chomhlíonadh, nach bhféadfaí a n-éifeachtaí a sheachaint, fiú dá ndéanfaí gach beart réasúnta.

3.   Maidir le haon chomhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais nach ndéanfaidh na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt ar easpa rochtana leordhóthanaí ag oibreoirí aerárthaí ar bhreoslaí eitlíochta ina bhfuil sciartha íosta de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe de bhun Airteagal 6(3), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh siad faoi dhliteanas maidir le fíneáil.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon soláthróir breosla eitlíochta a mhainneoidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 4 maidir leis an sciartha íosta de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a chomhlíonadh faoi dhliteanas maidir le fíneáil. Beidh an fhíneáil sin comhréireach agus athchomhairleach agus ní bheidh sí níos lú ná dhá oiread níos airde ná an toradh ar iolrú na difríochta idir an meánphraghas bliantúil ar ghnáthbhreosla eitlíochta agus breosla eitlíochta inbhuanaithe in aghaidh an tona agus an chainníocht de bhreoslaí eitlíochta nach gcomhlíonann na sciartha íosta dá dtagraítear in Airteagal 4 agus Iarscríbhinn I.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon soláthróir breosla eitlíochta a mhainneoidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 4 maidir leis na sciartha íosta de bhreoslaí eitlíochta sintéiseacha agus, thar an tréimhse ón 1 Eanáir 2030 go dtí an 31 Nollaig 2034, meánsciartha na mbreoslaí eitlíochta sintéiseacha faoi dhliteanas maidir le fíneáil. Beidh an fhíneáil sin comhréireach agus athchomhairleach agus ní bheidh sí níos lú ná dhá oiread níos airde ná an toradh ar iolrú na difríochta idir an meánphraghas bliantúil ar bhreosla eitlíochta sintéiseach agus gnáthbhreosla eitlíochta in aghaidh an tona agus an chainníocht de bhreoslaí eitlíochta nach gcomhlíonann na sciartha íosta dá dtagraítear in Airteagal 4 agus Iarscríbhinn I. Agus an fhíneáil a bhaineann le meánsciartha breoslaí eitlíochta sintéiseacha á mbunú acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh aon fhíneáil, a bhaineann le sciartha íosta na mbreoslaí eitlíochta sintéiseacha a bhfuil an soláthróir breosla eitlíochta faoi dhliteanas ina leith cheana féin i leith na tréimhse faoi seach dá dtagraítear sa mhír seo, chun pionós dúbailte a sheachaint.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar fíneáil a ghearradh ar aon soláthróir breosla eitlíochta ar cruthaíodh gur thug an soláthróir sin faisnéis mhíthreorach nó mhíchruinn maidir le saintréithe nó bunadh an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe a sholáthair an soláthróir faoi Airteagail 9(2) agus 10. Beidh an fhíneáil sin comhréireach agus athchomhairleach agus beidh sí dhá oiread chomh hard, ar a laghad, ná an méid a bheidh ar iolrú na difríochta idir meánphraghas bliantúil an ghnáthbhreosla eitlíochta agus an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe in aghaidh an tona de réir chainníocht na mbreoslaí eitlíochta ar cuireadh an fhaisnéis mhíthreorach nó mhíchruinn ar fáil ina leith.

7.   Sa chinneadh lena bhforchuirtear na fíneálacha dá dtagraítear i míreanna 2, 4, 5 agus 6 den Airteagal seo, míneoidh an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla an mhodheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm chun praghas breosla eitlíochta, breosla eitlíochta inbhuanaithe agus breosla eitlíochta sintéiseacha ar mhargadh breosla eitlíochta an Aontais a chinneadh. Beidh an mhodheolaíocht sin bunaithe ar chritéir infhíoraithe agus oibiachtúla, lena n-áirítear critéir ón tuarascáil theicniúil is déanaí atá ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 13;

8.   Maidir le haon soláthróir breosla eitlíochta a chnuasaigh easnamh ón oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 4 maidir leis na sciartha íosta de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe nó de bhreoslaí eitlíochta sintéiseacha i dtréimhse tuairiscithe áirithe, áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh an soláthróir sin cainníocht den bhreosla sin is comhionann leis an easnamh sin don mhargadh sa tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin, sa bhreis ar a oibleagáid tréimhse tuairiscithe.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, beidh feidhm ag na rialacha a leanas maidir le breoslaí eitlíochta sintéiseacha a bhaineann leis na tréimhsí ón 1 Eanáir 2030 go dtí an 31 Nollaig 2031 agus ón 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2034:

(a)

aon soláthróir breosla eitlíochta a chnuasaigh easnamh ón oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 4 maidir leis na meánsciartha de bhreoslaí eitlíochta sintéiseacha sa tréimhse ón 1 Eanáir 2030 go dtí an 31 Nollaig 2031, soláthróidh an soláthróir sin don mhargadh roimh dheireadh na tréimhse ón 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2034 cainníocht de bhreosla eitlíochta sintéiseach is comhionann leis an easnamh sin, sa bhreis ar oibleagáidí na tréimhse sin; agus

(b)

maidir le haon soláthróir breosla eitlíochta a chnuasaigh easnamh ón oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 4 maidir leis na meánsciartha de bhreoslaí eitlíochta sintéiseacha inbhuanaithe ón tréimhse an 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2034, soláthróidh an soláthróir sin cainníocht den bhreosla eitlíochta sintéiseach is comhionann leis an easnamh sin don mhargadh sa tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin, sa bhreis ar a oibleagáid tréimhse tuairiscithe.

Má chomhlíontar na hoibleagáidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo, ní scaoilfear an soláthróir breosla eitlíochta ón oibleagáid na fíneálacha a leagtar síos i míreanna 4 agus 5 a íoc;

9.   Beidh an creat dlíthiúil agus riaracháin is gá curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta chun comhlíonadh na n-oibleagáidí agus bailiú na bhfíneálacha a áirithiú.

10.   Féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú go n-úsáidfear an t-ioncam a ghintear ó fhíneálacha, nó an choibhéis i luach airgeadais an ioncaim sin, chun tacú le tionscadail taighde agus nuálaíochta i réimse na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe, táirgeadh na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe nó sásraí lena bhféadfar na difríochtaí praghais idir breoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus gnáthbhreoslaí eitlíochta a dhúnadh.

I gcás ina leithdháilfear an t-ioncam sin ar bhuiséad ginearálta Ballstáit, measfar go bhfuil an chéad fhomhír comhlíonta ag Ballstát, má chuireann sé beartais tacaíochta airgeadais chun feidhme chun tacú le tionscadail taighde agus nuálaíochta i réimse na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe, táirgeadh na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe nó beartais lena dtacaítear le sásraí lena bhféadfar na difríochtaí praghais idir breoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus gnáthbhreoslaí eitlíochta a dhúnadh, a bhfuil luach acu atá coibhéiseach nó níos airde ná an t-ioncam a ghintear ó fhíneálacha.

Faoin 25 Meán Fómhair 2026, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, poibleoidh na Ballstáit tuarascáil maidir leis an úsáid a baineadh as na hioncaim chomhiomlánaithe arna nginiúint ó na fíneálacha, agus faisnéis maidir leis an leibhéal caiteachais arna leithdháileadh ar thionscadail taighde agus nuálaíochta i réimse na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe, táirgeadh na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe nó beartais lena dtacaítear le sásraí lenar féidir na difríochtaí praghais idir breoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus gnáthbhreoslaí eitlíochta a dhúnadh.

Airteagal 13

Bailiú sonraí agus foilsiú

1.   Foilseoidh an Ghníomhaireacht tuarascáil theicniúil gach bliain ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagail 7, 8 agus 10 agus cuirfidh sí ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle í. Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, sa tuarascáil sin:

(a)

méid comhiomlánaithe an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe arna cheannach ag oibreoirí aerárthaí ar leibhéal an Aontais, lena úsáid ar eitiltí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a imíonn ó aerfort de chuid an Aontais, agus in aghaidh an aerfoirt de chuid an Aontais;

(b)

méid comhiomlánaithe na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus na mbreoslaí eitlíochta sintéiseacha arna soláthar ar leibhéal an Aontais, de réir an Bhallstáit agus de réir an aerfoirt de chuid an Aontais. Áireofar sa tuarascáil méid agus cineál an amhábhair a úsáidtear ar leibhéal an Aontais, in aghaidh an Bhallstáit agus in aghaidh an aerfoirt de chuid an Aontais agus anailís ar chumas soláthróirí breosla eitlíochta na sciartha íosta a shainítear in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh;

(c)

a mhéid is féidir, méid na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a soláthraíodh, sna tríú tíortha lena bhfuil comhaontú lena rialaítear soláthar aersheirbhísí tugtha i gcrích ag an Aontas, nó ag an Aontas agus a Bhallstáit, agus i dtríú tíortha eile i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí;

(d)

staid an mhargaidh, lena n-áirítear faisnéis faoi phraghsanna, agus treochtaí i dtáirgeadh agus úsáid na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe san Aontas agus in aghaidh an Bhallstáit agus, a mhéid is féidir, sna tríú tíortha lena bhfuil comhaontú lena rialaítear soláthar aersheirbhísí tugtha i gcrích ag an Aontas, nó ag an Aontas agus a Bhallstáit, agus i dtríú tíortha eile, lena n-áirítear faisnéis maidir le héabhlóid na bearna praghsanna idir na breoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus gnáthbhreoslaí eitlíochta;

(e)

an stádas comhlíontachta de chomhlacht bainistithe aerfoirt de chuid an Aontais de réir an aerfoirt, maidir le hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 6;

(f)

stádas comhlíontachta gach oibreora aerárthaí agus soláthróra breosla eitlíochta a bhfuil oibleagáid orthu faoin Rialachán seo sa tréimhse tuairiscithe;

(g)

bunadh agus saintréithe gach breosla eitlíochta inbhuanaithe agus saintréithe inbhuanaitheachta hidrigine le haghaidh eitlíochta arna gceannach ag oibreoirí aerárthaí lena n-úsáid ar eitiltí a chumhdaítear faoin Rialachán seo a imíonn ó aerfoirt de chuid an Aontais;

(h)

meánchion iomlán na n-aramatach agus na naftailéine de réir céatadán de thoirt agus meánchion iomlán an tsulfair de réir céatadán de mhais i mbreosla eitlíochta arna sholáthar ag aerfort de chuid an Aontais agus ar leibhéal an Aontais;

(i)

staid dul chun cinn na dtionscadal ag aerfoirt de chuid an Aontais lena saothraítear tionscnaimh dá dtagraítear in Airteagal 7(3).

2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht dul i gcomhairle le saineolaithe na mBallstát agus an tuarascáil sin á tarraingt suas aici.

Airteagal 14

Scéim Lipéadaithe Comhshaoil

1.   Bunaítear leis seo scéim dheonach lipéadaithe comhshaoil lena bhféadfar feidhmíocht chomhshaoil na n-eitiltí a thomhas.

2.   Lipéid a eiseofar de bhun an Airteagail seo, beidh feidhm acu maidir le hoibreoirí aerárthaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo i gcás eitiltí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a imíonn ó aerfoirt de chuid an Aontais. I gcás ina n-iarrfaidh oibreoir aerárthaí go n-eiseofar lipéad faoin Airteagal seo, iarrfaidh an t-oibreoir lipéad mar sin le haghaidh a eitiltí nó a heitiltí go léir a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus a imíonn ó aerfoirt de chuid an Aontais.

Féadfaidh oibreoirí aerárthaí a iarraidh go n-eiseofar lipéid faoin Airteagal seo freisin le haghaidh a n-eitiltí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a thagann isteach in aerfoirt de chuid an Aontais. I gcás ina n-iarrfaidh oibreoir aerárthaí go n-eiseofar lipéad faoin bhfomhír seo, iarrfaidh an t-oibreoir lipéad mar sin le haghaidh a eitiltí nó a heitiltí go léir a thagann isteach in aerfoirt de chuid an Aontais.

3.   Déanfaidh lipéid arna n-eisiúint de bhun an Airteagail seo leibhéal feidhmíochta comhshaoil eitilte a dheimhniú ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo. Cinnfear leibhéal feidhmíochta comhshaoil eitilte ar bhonn mheánfheidhmíocht chomhshaoil na n-eitiltí a dhéanfaidh oibreoir aerárthaí ar leith ar bhealach sonrach don tréimhse sceidealaithe chomhfhreagrach roimhe sin de réir bhrí Airteagal 2, pointe (d), de Rialachán (CEE) Uimh. 95/93.

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar lipéid a eiseofar de bhun an Airteagail seo:

(a)

an lorg carbóin a bhfuiltear ag dréim leis in aghaidh an phaisinéara, arna shloinneadh i méadrachta amhail i gcileagraim CO2 in aghaidh an phaisinéara, do thréimhse bhailíochta an lipéid;

(b)

an éifeachtúlacht CO2 a bhfuiltear ag dréim léi in aghaidh an chiliméadair, arna shloinneadh i méadrachta amhail i ngraim CO2 in aghaidh an phaisinéara in aghaidh an chiliméadair, do thréimhse bhailíochta an lipéid.

4.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht an lorg carbóin a bhfuiltear ag dréim leis in aghaidh an phaisinéara agus an éifeachtúlacht CO2 a mheastar a bheidh ann in aghaidh an chiliméadair d’eitilt a chinneadh ar bhonn modheolaíocht chaighdeánaithe eolaíochtbhunaithe agus na faisnéise ó oibreoirí aerárthaí a bhaineann le gach ceann de na fachtóirí seo a leanas nó le cuid díobh:

(a)

na cineálacha aerárthaí, meánlíon na bpaisinéirí agus na n-ualaí lasta arna bhforlíonadh nuair is gá le meastacháin ar na fachtóirí sin, mar shampla meán-lódfhachtóirí an bhealaigh shonraithe ar feadh tréimhse áirithe ama; agus

(b)

feidhmíocht an bhreosla a úsáidtear ar na heitiltí a dhéanann an t-oibreoir aerárthaí bunaithe ar ghlacadh breosla agus ar úsáid méadrachta, amhail méid iomlán an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe arna chur ar bord, an céatadán thar ghlacadh iomlán an bhreosla, an cháilíocht agus an bunadh, comhdhéanamh agus astaíochtaí saolré a bhaineann le húsáid breosla arna ríomh le haghaidh na heitilte.

5.   Lipéid a eiseofar de bhun an Airteagail seo, beidh siad bailí ar feadh tréimhse theoranta nach faide ná aon bhliain amháin a shonraítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 11, pointe (c). Taispeánfaidh an t-oibreoir aerárthaí go soiléir tréimhse bhailíochta an lipéid mar aon leis an lipéad.

6.   Eiseoidh an Ghníomhaireacht lipéid arna iarraidh sin d’oibreoir aerárthaí le haghaidh gach eitilte nó gach tacair d’eitiltí a oibrítear faoi na coinníollacha céanna, ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i mír 3 agus na modheolaíochta caighdeánaithe agus eolaíochtbhunaithe agus na fachtóirí caighdeánaithe atá bunaithe ar an eolaíocht dá dtagraítear i mír 4.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht a cheangal ar an oibreoir aerárthaí an fhaisnéis bhreise is gá a sholáthar nó an lipéad a eisiúint.

I gcás nach gcuirfidh an t-oibreoir aerárthaí an fhaisnéis uile is gá isteach chun go n-eiseoidh an Ghníomhaireacht an lipéad a iarradh, diúltóidh an Ghníomhaireacht don iarraidh.

Féadfaidh an t-oibreoir aerárthaí achomharc a dhéanamh in aghaidh chinntí na Gníomhaireachta arna ndéanamh de bhun na míre seo agus mhír 7 den Airteagal seo. Déanfar achomharc den sórt sin a chomhdú leis an mBord Achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 105 de Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) laistigh de 10 lá tar éis an fógra faoin gcinneadh a fháil. Beidh feidhm ag Airteagail 106 agus 107, Airteagal 108(2) agus (3), agus Airteagail 111, 112, 113 agus 114 de Rialachán (AE) 2018/1139. Déanfar aon chinneadh a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht de bhun na míre seo gan moill mhíchuí.

7.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht athbhreithniú tréimhsiúil féachaint ar tháinig athrú ar na fachtóirí ar eisíodh lipéad ar a mbonn i gcás gach eitilte nó gach tacair d’eitiltí a oibrítear faoi na coinníollacha céanna. Má chinneann an Ghníomhaireacht nach bhfuil lipéad iomchuí a thuilleadh, déanfaidh sí, tar éis deis a bheith tugtha aici don oibreoir éisteacht a fháil, an lipéad atá ann cheana a chúlghairm nó lipéad nua a eisiúint. Cuirfidh an Ghníomhaireacht a cinneadh in iúl don oibreoir aerárthaí.

Déanfaidh an t-oibreoir aerárthaí taispeáint an lipéid a choigeartú dá réir sin gan mhoill.

8.   Oibreoirí aerárthaí ar deonaíodh lipéad dóibh de bhun mhír 6, cuirfidh siad an lipéad ar taispeáint ar a mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3, an dara fomhír. Beidh an lipéad so-inrochtana agus intuigthe. Cuirfear i láthair é ar bhealach a chuirfidh ar chumas custaiméirí comparáid a dhéanamh go héasca idir feidhmíocht chomhshaoil eitiltí arna n-oibriú ag oibreoirí aerárthaí éagsúla a bhíonn ag eitilt ar an mbealach céanna. I gcás ina mbeidh an lipéad ar taispeáint ag oibreoirí aerárthaí ag pointe díolacháin nó i gcás aon teagmháil eile leis na custaiméirí, déanfaidh siad amhlaidh i gcás na n-eitiltí uile a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

9.   Chun costais na seirbhíse a sholáthraíonn an Ghníomhaireacht a mhaoiniú, beidh eisiúint lipéid, arna iarraidh sin ag oibreoir aerárthaí, faoi réir muirear a íoc. Ioncam eile de réir bhrí Airteagal 120(1) de Rialachán (AE) 2018/1139 a bheidh san ioncam a ghinfear ó na muirir sin agus láimhseálfar é mar ioncaim shannta a bheidh le leithdháileadh ag an nGníomhaireacht chun na costais sin a chumhdach. Beidh feidhm ag Airteagal 126(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2018/1139. Déanfar méid an mhuirir a shainiú de bhun Airteagal 126(4) de Rialachán (AE) 2018/1139.

10.   Faoi chuimsiú a cúraimí i réimse chosaint an chomhshaoil a leagtar amach in Airteagal 87(2) de Rialachán (AE) 2018/1139, rannchuideoidh an Ghníomhaireacht le feasacht a mhúscailt gur ann don scéim lipéadaithe arna bunú leis an Airteagal seo.

11.   Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na rialacha a leagtar amach san Airteagal seo a áirithiú, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme faoin 1 Eanáir 2025 lena leagtar síos forálacha mionsonraithe maidir leis an méid a leanas:

(a)

an mhodheolaíocht chaighdeánaithe agus eolaíochtbhunaithe dá dtagraítear i mír 4, bunaithe ar na sonraí eolaíocha is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe na sonraí arna soláthar ag an nGníomhaireacht agus lena n-áirítear an mhodheolaíocht chun na meastacháin dá dtagraítear i mír 4, pointe (a), a úsáid;

(b)

an nós imeachta trína soláthróidh oibreoirí aerárthaí an fhaisnéis ábhartha don Ghníomhaireacht chun lipéad a eisiúint, agus an nós imeachta don Ghníomhaireacht chun an lipéad sin a eisiúint, lena n-áirítear an teorainn ama faoina bhfuil an Ghníomhaireacht le cinneadh a dhéanamh de bhun mhír 6;

(c)

fad bailíochta na lipéad arna n-eisiúint de bhun an Airteagail seo, nach faide ná bliain amháin;

(d)

na coinníollacha faoina bhfuil an Ghníomhaireacht leis an athbhreithniú dá dtagraítear i mír 7 a dhéanamh;

(e)

an nós imeachta a luaitear i mír 7 trína bhféadfaidh an Ghníomhaireacht lipéid atá ann cheana a chúlghairm nó lipéad nua a eisiúint;

(f)

na teimpléid chun lipéid a thaispeáint arna n-eisiúint de bhun an Airteagail seo;

(g)

rochtain éasca a áirithiú ar gach lipéad eisithe i bhformáid atá inléite ag meaisín;

(h)

an fhéidearthacht agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh oibreoirí aerárthaí, gan lipéad a úsáid faoin Airteagal seo, aon fhaisnéis faoi fheidhmíocht chomhshaoil atá comhchosúil leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a thaispeáint i gcás eitiltí a imíonn ó aerfoirt de chuid an Aontais.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

12.   Faoin 1 Iúil 2027, déanfaidh an Coimisiún na forbairtí ar fheidhmiú na scéime lipéadaithe a bhunaítear leis an Airteagal seo a shainaithint agus a mheasúnú mar aon le feabhsuithe féideartha ar an scéim nó ar bhearta breise ina leith, d’fhonn gur féidir, go háirithe, scéim lipéadaithe comhshaoil atá éigeantach a bhunú lena gcuimseofar gach gné d’fheidhmíocht chomhshaoil eitiltí nó de thacar d’eitiltí agus na bearta dícharbonúcháin éagsúla a dhéanfaidh oibreoirí aerárthaí, i gcomhréir iomlán le dlí an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ina mbeidh príomhthorthaí an mheasúnaithe arna dhéanamh de bhun na míre seo a chur faoi Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur in éineacht leis an tuarascáil sin.

Airteagal 15

Sásraí solúbthachta

1.   De mhaolú ar Airteagal 4(1), ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2034, le haghaidh gach tréimhse tuairiscithe, féadfaidh soláthróir breosla eitlíochta na sciartha íosta de bhreosla eitlíochta inbhuanaithe mar a shainítear in Iarscríbhinn I a sholáthar mar mheán ualaithe thar iomlán an bhreosla eitlíochta a sholáthair sé in aerfoirt de chuid an Aontais le haghaidh na tréimhse tuairiscithe sin.

2.   Faoin 1 Iúil 2024, déanfaidh an Coimisiún na forbairtí ar tháirgeadh agus soláthar breosla eitlíochta inbhuanaithe i margadh breosla eitlíochta an Aontais a shainaithint agus a mheasúnú mar aon le measúnú a dhéanamh ar fheabhsuithe féideartha ar an sásra solúbthachta maidir le breosla eitlíochta inbhuanaithe atá ann cheana dá dtagraítear i mír 1, nó ar bhearta breise ina leith, amhail córas intrádála breosla eitlíochta inbhuanaithe a bhunú nó a shainaithint chun soláthar breosla a chumasú san Aontas gan é a bheith nasctha go fisiceach le láithreán soláthair, d’fhonn gur féidir soláthar agus glacadh breosla eitlíochta inbhuanaithe a éascú tuilleadh le linn na tréimhse solúbthachta.

D’fhéadfadh córas mar sin, lena n-ionchorpraítear eilimintí de scéim leabhar agus éilimh, a chur ar chumas oibreoirí aerárthaí nó soláthróirí breosla, nó iad araon, breosla eitlíochta inbhuanaithe a cheannach trí shocruithe conarthacha le soláthróirí breosla eitlíochta agus úsáid breosla eitlíochta inbhuanaithe a éileamh ag aerfoirt de chuid an Aontais.

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina leagfar amach príomhthorthaí na meastóireachta a dhéanfar de bhun na míre seo agus, i gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil léi.

Airteagal 16

Nós imeachta coiste

1.   Beidh Coiste ReFuelEU Aviation dá ngairtear ‘an Coiste’ anseo feasta, de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 17

Tuarascálacha agus athbhreithniú

1.   Faoin 1 Eanáir 2027, agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Beidh measúnú mionsonraithe sa tuarascáil ar éabhlóid mhargadh na mbreoslaí eitlíochta, agus ar thionchar na héabhlóide sin ar fheidhmiú mhargadh aeriompair an Aontais lena n-áirítear ar an iomaíochas agus ar an nascacht, go háirithe ar oileáin agus ar chríocha iargúlta, agus ar chost-éifeachtúlacht na laghduithe ar astaíochtaí saolré. Déanfar measúnú sa tuarascáil freisin ar an ngá atá le hinfheistíochtaí, le fostaíocht agus le hoiliúint, agus le taighde agus nuálaíocht i réimse na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe. Ina theannta sin, cuirfidh an tuarascáil eolas ar fáil freisin maidir le dul chun cinn teicneolaíoch sa réimse taighde agus nuálaíocht san earnáil aeriompair atá ábhartha maidir le breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, lena n-áirítear dul chun cinn agus nuálaíocht maidir le hastaíochtaí neamh-CO2 a laghdú nó teicneolaíochtaí um ghabháil dhíreach ón aer.

3.   Déanfar meastóireacht sa tuarascáil ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann athbhreithniú a dhéanamh ar raon feidhme an Rialacháin seo, ar an sainmhíniú ar bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe, ar na breoslaí incháilithe agus ar na sciartha íosta in Airteagal 4 agus in Iarscríbhinn I, agus ar leibhéal na bhfíneálacha. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil ar leathnú féideartha raon feidhme an Rialacháin seo chun foinsí eile fuinnimh agus cineálacha eile breoslaí sintéiseacha a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/2001 a áireamh, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na neodrachta teicneolaíche. Leis an tuarascáil, déanfar measúnú freisin ar thionscnaimh, ar fheabhsuithe agus ar bhearta breise chun soláthar agus glacadh méadaithe breoslaí eitlíochta nach breoslaí eitlíochta intiteáin iad, agus seirbhísí gaolmhara, bonneagair agus teicneolaíochtaí a mhéadú atá comhsheasmhach leis an gcuspóir chun an t-aeriompar a dhícharbónú, agus cothrom na Féinne a chaomhnú san am céanna.

4.   Breithneofar sa tuarascáil an bhféadfaí sásraí a áireamh chun tacú le breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a tháirgeadh agus a chur ar bord, lena n-áirítear cistí a bhailiú agus a úsáid, agus chun drochthionchar an Rialacháin seo ar nascacht agus ar iomaíochas a theorannú. Leis an tuarascáil sin, breithneofar ar cheart sásraí airgeadais agus sásraí eile chun na difríochtaí praghais idir breoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus gnáthbhreoslaí eitlíochta a bheith san áireamh sna sásraí sin.

5.   Déanfar measúnú sa tuarascáil ar thionchar na ndíolúintí arna ndeonú faoi Airteagal 5 ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh eitlíochta.

A mhéid is féidir, áireofar sa tuarascáil faisnéis faoi fhorbairtí beartais i dtríú tíortha ábhartha, lena n-áirítear i gcomhthéacs a gcomhaontuithe iltaobhacha agus déthaobhacha leis an Aontas nó leis an Aontas agus lena Bhallstáit, mar aon le forbairt creata beartais a d’fhéadfadh a bheith ann chun breosla eitlíochta inbhuanaithe a sholáthar agus a chur ar bord ar leibhéal ICAO.

Déanfar measúnú sa tuarascáil ar iomaíochas aeriompróirí agus mhoil aerfoirt de chuid an Aontais i gcomparáid lena n-iomaitheoirí i dtríú tíortha ábhartha, mar aon le hathródú a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe trí aistriú tráchta i dtreo moil aerfoirt i dtríú tíortha, rud is cúis le sceitheadh carbóin. Go háirithe, in éagmais scéim éigeantach ar an leibhéal idirnáisiúnta maidir le húsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe le haghaidh eitiltí idirnáisiúnta a bhfuil leibhéal uaillmhéine comhchosúil aici leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo nó in éagmais sásraí arna bhforbairt ar an leibhéal idirnáisiúnta ionas gur féidir an riosca maidir le sceitheadh carbóin agus saobhadh iomaíochta a sheachaint, breithneoidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2026, i gcás inarb iomchuí, sásraí spriocdhírithe lena ndíreofaí ar na héifeachtaí sin a chosc, lena n-áirítear, más iomchuí, an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) a leathnú go heitlíocht idirnáisiúnta, chomh maith le cineálacha eile beart lena gcuirfí san áireamh go bhfuil ceann scríbe deiridh na heitilte suite lasmuigh de chríoch an Aontais.

6.   Beidh faisnéis mhionsonraithe sa tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Déanfar a mheas sa tuarascáil ar cheart an Rialachán seo a leasú, agus, i gcás inarb iomchuí, cé na leasuithe ba cheart a mheas, i gcomhréir le creat beartais féideartha maidir le glacadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe ar leibhéal ICAO.

Mar chuid den chéad tuarascáil nó níos luaithe mar thuarascáil neamhspleách arna cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar bhearta a d’fhéadfadh a bheith ann chun cion an bhreosla i mbreoslaí eitlíochta a bharrfheabhsú.

7.   Féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus an tuarascáil sin á tarraingt suas aige, 6 mhí ar a laghad sula nglacfar é.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagail 4, 5, 6, 8 agus 10 ón 1 Eanáir 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 18 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. M. ALBARES BUENO


(1)   IO C 105, 4.3.2022, lch. 134.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2023.

(3)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(4)  Cinneadh (AE) 2020/954 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann leis an bhfógra a thabhairt faoi rannpháirtíocht shaorálach sa Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) ón 1 Eanáir 2021 agus an rogha a roghnaíodh chun ceanglais fritháirithe ar oibreoirí aerárthaí a ríomh le linn na tréimhse ó 2021 go 2023 (IO L 212, 3.7.2020, lch. 14).

(5)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(6)  Treoir (AE) 2023/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann le rannchuidiú na heitlíochta le sprioc an Aontais astaíochtaí a laghdú ar fud an gheilleagair agus le cur chun feidhme iomchuí birt dhomhanda mhargadhbhunaithe (IO L 130, 16.5.2023, lch. 115).

(7)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2022 i ndáil le rialacha chun critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus critéir maidir le riosca íseal i ndáil le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a fhíorú (IO L 168, 27.6.2022, lch. 1).

(10)   IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(12)  Treoir 2009/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le muirir aerfoirt (IO L 70, 14.3.2009, lch. 11).

(13)  Treoir 96/67/CE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1996 maidir le rochtain ar mhargadh na láimhseála ar an talamh in aerfoirt an Chomhphobail (IO L 272, 25.10.1996, lch. 36).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).

(15)  Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle an 18 Eanáir 1993 maidir le comhrialacha do leithroinnt sliotán in aerfoirt Chomhphobail (IO L 14, 22.1.1993, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE (IO L 234, 22.9.2023, lch. 1).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 748/2009 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2009 maidir le liosta na n-oibreoirí aerárthaí a rinne gníomhaíocht eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE an 1 Eanáir 2006 nó ina dhiaidh sin lena sonraítear an Ballstát riaracháin do gach oibreoir aerárthaí (IO L 219, 22.8.2009, lch. 1).

(18)  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).

(19)  Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (IO L 130, 16.5.2023, lch. 52).


IARSCRÍBHINN I

Sciartha de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe dá dtagraítear in Airteagal 4

(a)

Ón 1 Eanáir 2025, sciar íosta de 2 % breoslaí eitlíochta inbhuanaithe gach bliain;

(b)

Ón 1 Eanáir 2030, sciar íosta de 6 % breoslaí eitlíochta inbhuanaithe gach bliain;

(i)

don tréimhse ón 1 Eanáir 2030 go dtí an 31 Nollaig 2031, meánsciar de 1,2 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha thar an tréimhse, a bhfuil sciar íosta de 0,7 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha ann gach bliain;

(ii)

don tréimhse ón 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2034, meánsciar de 2,0 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha thar an tréimhse, a bhfuil sciar íosta de 1,2 % ann gach bliain, ón 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2033, agus a bhfuil sciar íosta de 2,0 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha ann ón 1 Eanáir 2034 go dtí an 31 Nollaig 2034;

(c)

Ón 1 Eanáir 2035, sciar íosta de 20 % breoslaí eitlíochta inbhuanaithe gach bliain, ina bhfuil sciar íosta de 5 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha;

(d)

Ón 1 Eanáir 2040, sciar íosta de 34 % breoslaí eitlíochta inbhuanaithe gach bliain, ina bhfuil sciar íosta de 10 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha;

(e)

Ón 1 Eanáir 2045, sciar íosta de 42 % breoslaí eitlíochta inbhuanaithe gach bliain, ina bhfuil sciar íosta de 15 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha;

(f)

Ón 1 Eanáir 2050, sciar íosta de 70 % breoslaí eitlíochta inbhuanaithe gach bliain, ina bhfuil sciar íosta de 35 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha.


IARSCRÍBHINN II

Teimpléad d’oibreoir aerárthaí maidir leis an tuairisciú

Teimpléad d’oibreoir aerárthaí a thuairiscíonn ar chur ar bord breoslaí eitlíochta inbhuanaithe

Aerfort de chuid an Aontais

Sainitheoir ICAO an Aerfoirt sin de chuid an Aontais

Breosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth (tonaí)

Breosla eitlíochta iarmhír a cuireadh ar bord (tonaí)

Cainníocht bhreosla bhliantúil nár tugadh ar bord (tonaí)

Cainníocht iomlán bhreosla bhliantúil nár tugadh ar bord (tonaí)

Cainníocht bhliantúil na n-umar i dtaca le rialacha maidir le sábháilteacht breosla (tonaí)

 

 

 

 

 

 

 

Teimpléad d’oibreoir aerárthaí a thuairiscíonn ar cheannacháin breoslaí eitlíochta inbhuanaithe

Líon iomlán na n-eitiltí arna n-oibriú

Líon iomlán na n-uaireanta eitilte

Soláthróir breosla

An méid a ceannaíodh (tonaí)

Próiseas tiontúcháin

Saintréithe

Bunús an bhunábhair

Astaíochtaí saolré

 

 

 

 

 

 

 

 


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2405/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)