European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2379

3.10.2023

RIALACHÁN (AE) 2023/2379 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Meán Fómhair 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis an mbreiseán bia tartráit stéirile (E 483)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (1), agus go háirithe Airteagal 10(3) agus Airteagal 14 de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bhia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bhia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 leagtar síos liosta an Aontais de bhreiseáin bhia atá formheasta le húsáid i mbia agus coinníollacha a n-úsáide.

(2)

De bhun Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, féadtar liosta an Aontais de bhreiseáin bhia a thabhairt cothrom le dáta ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil.

(3)

Le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún (3) leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bhia a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

(4)

Is substaint é tartráit stéirile (E 483) atá údaraithe i mbianna áirithe, i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

(5)

An 11 Márta 2020, d’eisigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia tuairim eolaíoch maidir le hathmheastóireacht ar thartráit stéirile (E 483) mar bhreiseán bia (4). Luadh sa tuairim go raibh easpa sonraí tocsaineolaíocha leordhóthanacha ann maidir le tartráit stéirile. Ina theannta sin, bhí easpa sonraí leordhóthanacha ann lena bhféadfaí léamh trasna ó shonraí faoi shubstaintí eile a cheadú. Dá bhrí sin, ní raibh an tÚdarás in ann sábháilteacht tartráite stéirile mar bhreiseán bia a dheimhniú agus tháinig sé ar an gconclúid nach bhféadfaí an iontógáil laethúil inghlactha le haghaidh na substainte sin a dheimhniú.

(6)

An 19 Eanáir 2021, sheol an Coimisiún glao poiblí ar shonraí teicniúla agus eolaíocha maidir leis an mbreiseán bia ceadaithe tartráit stéirile (E 483), glao inar díríodh ar na riachtanais sonraí a shainaithin an tÚdarás. Mar sin féin, níor gheall aon oibreoir gnólachta go soláthródh sé na sonraí tocsaineolaíocha a iarradh le haghaidh tartráit stéirile (E 483). In éagmais na sonraí sin, ní féidir leis an Údarás an athmheastóireacht ar shábháilteacht tartráite stéirile mar bhreiseán bia a chur i gcrích. Dá bhrí sin, ní féidir a chinneadh an gcomhlíonann an tsubstaint sin fós na coinníollacha de bhun Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 i ndáil lena cur ar liosta an Aontais de bhreiseáin bhia fhormheasta.

(7)

Dá bhrí sin, is iomchuí tartráit stéirile (E 483) a bhaint de liosta an Aontais de bhreiseáin bhia fhormheasta.

(8)

Toisc nach bhfuil sonraí tocsaineolaíocha iomchuí ann chun sábháilteacht tartráite stéirile (E 483) mar bhreiseán bia dheimhniú, ní féidir údar a thabhairt a thuilleadh lena cur ar an liosta de bhreiseáin bia údaraithe agus ba cheart tartráit stéirile (E 483) a scriosadh ó liosta an Aontais de bhreiseáin bhia údaraithe. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialacháin (CE) Uimh. 1333/2008 agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 a leasú dá réir sin.

(9)

Chun é a chur ar a gcumas d’oibreoirí gnólachtaí bia roghanna malartacha ar thartráit stéirile (E 483) a aimsiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo 6 mhí tar éis dháta a theacht i bhfeidhm.

(10)

Is iomchuí freisin foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse ina bhféadfar leanúint ag margú bianna ina bhfuil tartráit stéirile (E 483) agus a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012, scriostar an iontráil a bhaineann leis an mbreiseán bia tartráit stéirile (E 483).

Airteagal 3

Maidir le bianna ina bhfuil tartráit stéirile (E 483) agus a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh an 23 Aibreán 2024, féadfar leanúint ag margú na bianna sin go dtí a ndáta íosmharthanachta nó go dtí a ‘ndáta éagtha’.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 23 Aibreán 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 354, 31.12.2008, lch. 16.

(2)   IO L 354, 31.12.2008, lch. 1.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bhia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 83, 22.3.2012, lch. 1).

(4)   EFSA Journal [Iris EFSA], 2020;18(3):6033.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 mar a leanas:

(1)

i gCuid B, i dTábla 3 ‘Breiseáin bhia seachas dathanna agus milseoirí’, scriostar an iontráil a bhaineann leis an mbreiseán bia E 483 Tartráit stéirile;

(2)

leasaítear Cuid E mar a leanas:

(a)

i gcatagóir 01.4 (Táirgí bainne coipthe blaistithe, lena n-áirítear táirgí teaschóireáilte), scriostar an iontráil a bhaineann leis an mbreiseán bia E 483 (Tartráit stéirile);

(b)

i gcatagóir 07.1 (Arán agus rollaí), scriostar an iontráil a bhaineann leis an mbreiseán bia E 483 (Tartráit stéirile);

(c)

i gcatagóir 07.2 (Earraí míne bácála), scriostar an iontráil a bhaineann leis an mbreiseán bia E 483 (Tartráit stéirile);

(d)

i gcatagóir 16 (Milseoga seachas táirgí a chumhdaítear faoi chatagóirí 1, 3 agus 4), scriostar an iontráil a bhaineann leis an mbreiseán bia E 483 (Tartráit stéirile).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2379/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)