European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2373

26.10.2023

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 60/2023

an 17 Márta 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2373]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/750 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2205 a mhéid a bhaineann leis an aistriú go tagarmharcanna nua a ndéantar tagairt dóibh i gconarthaí díorthach áirithe thar an gcuntar (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/314 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251 a mhéid a bhaineann leis an dáta óna ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh le haghaidh cineálacha áirithe conarthaí (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/315 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2205, (AE) 2016/592 agus (AE) 2016/1178 a mhéid a bhaineann leis an dáta óna ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh le haghaidh cineálacha áirithe conarthaí (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 31bcp (Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2205 ón gCoimisiún:

‘-

32022 R 0750: Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/750 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2022 (IO L 138, 17.5.2022, lch. 6).’

2.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointí 31bcp (Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2205 ón gCoimisiún), 31bcq (Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/592 ón gCoimisiún) agus 31bcr (Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1178 ón gCoimisiún):

‘-

32023 R 0315: Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/315 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2022 (IO L 43, 13.2.2023, lch. 4).’

3.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 31bcs (Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251 ón gCoimisiún):

‘-

32023 R 0314: Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/314 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2022 (IO L 43, 13.2.2023, lch. 2).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Tarmligthe (AE) 2022/750, (AE) 2023/314 agus (AE) 2023/315 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 18 Márta 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Márta 2023.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 138, 17.5.2022, lch. 6.

(2)   IO L 43, 13.2.2023, lch. 2.

(3)   IO L 43, 13.2.2023, lch. 4.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2373/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)