European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2369

26.10.2023

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 40/2023

an 17 Márta 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2369]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2022/1379 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2400 a mhéid a bhaineann le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla a chinneadh i gcás leoraithe meánmhéide agus leoraithe troma agus busanna troma agus chun feithiclí leictreacha agus teicneolaíochtaí nua eile a thabhairt isteach (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 45zzw (Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún) de Chaibidil I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32022 R 1379: Rialachán (AE) 2022/1379 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2022 (IO L 212, 12.8.2022, lch. 1 ).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2022/1379 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 18 Márta 2023 ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 49/2022 ó Chomhchoiste LEE an 18 Márta 2022 (2), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 398/2021 ó Chomhchoiste LEE an 10 Nollaig 2021 (3), cibé acu is déanaí.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Márta 2023.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 212, 12.8.2022, lch. 1.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

(2)   IO L 182, 7.7.2022, lch. 19.

(3)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2369/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)