European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2341

26.10.2023

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 39/2023

an 17 Márta 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2341]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2022/1264 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh fluidhé-ocsainile i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán (AE) 2022/1290 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar i gcás aimeatochtraidine, clóirmeacuat, dóidín, nicitín, próifeanafos agus Spodoptera exigua multicapsid nucleopolyhedroviru (SeMNPV), aonraíoch BV-0004, i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán (AE) 2022/1321 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh ian fluairíde, ocsafluairfeine, piorocsulam, cuinmeireac agus fluairíd sulfairile i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Rialachán (AE) 2022/1324 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le huasleibhéil iarmhair le haghaidh beinsivindéfhluipire, boscailide, feanasacuine, fluasafop-P, fluipiridhéfhúróin, flocsaipiorocsad, foiseitil-Al, isifeitimíde, meataflumasóin, pireaclóstróibine, spiriteitreamat, tolclófos-meitile i dtáirgí áirithe nó orthu (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Rialachán (AE) 2022/1343 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar aicéacuinicile, clórantrainileapróil agus eimimeictine i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(6)

Rialachán (AE) 2022/1346 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh 1,4-dé-mheitiolnaftailéine, 8-hiodrocsacuineoilín, pionocsaideine agus vailifeanaláite i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (6), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(7)

Rialachán (AE) 2022/1363 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le huasleibhéil iarmhar le haghaidh 2,4-D, asocsastróibine, ciahalafop-búitile, ciamocsainile, feinheacsaimíde, flasasulfúróin, florasulam, flurocsaipire, iopróvalacarb agus siltiafam i dtáirgí áirithe nó orthu (7), arna cheartú le IO L 17, 19.1.2023, lch. 99, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(8)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha agus le bia-earraí a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha agus bia-earraí, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I agus sa réamhrá i gCaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 40 (Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32022 R 1264: Rialachán (AE) 2022/1264 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2022 (IO L 192, 21.7.2022, lch. 1),

-

32022 R 1290: Rialachán (AE) 2022/1290 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2022 (IO L 196, 25.7.2022, lch. 74),

-

32022 R 1321: Rialachán (AE) 2022/1321 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2022 (IO L 200, 29.7.2022, lch. 1),

-

32022 R 1324: Rialachán (AE) 2022/1324 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2022 (IO L 200, 29.7.2022, lch. 68),

-

32022 R 1343: Rialachán (AE) 2022/1343 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2022 (IO L 202, 2.8.2022, lch. 1),

-

32022 R 1346: Rialachán (AE) 2022/1346 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2022 (IO L 202, 2.8.2022, lch. 31),

-

32022 R 1363: Rialachán (AE) 2022/1363 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2022 (IO L 205, 5.8.2022, lch. 207) arna cheartú le IO L 17, 19.1.2023, lch. 99.’

Airteagal 2

Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 54zzy (Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32022 R 1264: Rialachán (AE) 2022/1264 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2022 (IO L 192, 21.7.2022, lch. 1),

-

32022 R 1290: Rialachán (AE) 2022/1290 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2022 (IO L 196, 25.7.2022, lch. 74),

-

32022 R 1321: Rialachán (AE) 2022/1321 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2022 (IO L 200, 29.7.2022, lch. 1),

-

32022 R 1324: Rialachán (AE) 2022/1324 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2022 (IO L 200, 29.7.2022, lch. 68),

-

32022 R 1343: Rialachán (AE) 2022/1343 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2022 (IO L 202, 2.8.2022, lch. 1),

-

32022 R 1346: Rialachán (AE) 2022/1346 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2022 (IO L 202, 2.8.2022, lch. 31),

-

32022 R 1363: Rialachán (AE) 2022/1363 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2022 (IO L 205, 5.8.2022, lch. 207) arna cheartú le IO L 17, 19.1.2023, lch. 99.’

Airteagal 3

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin (AE) 2022/1264, (AE) 2022/1290, (AE) 2022/1321, (AE) 2022/1324, (AE) 2022/1343, (AE) 2022/1346, agus (AE) 2022/1363, arna cheartú le IO L 17, 19.1.2023, lch. 99, san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 18 Márta 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 5

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Márta 2023.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 192, 21.7.2022, lch. 1.

(2)   IO L 196, 25.7.2022, lch. 74.

(3)   IO L 200, 29.7.2022, lch. 1.

(4)   IO L 200, 29.7.2022, lch. 68.

(5)   IO L 202, 2.8.2022, lch. 1.

(6)   IO L 202, 2.8.2022, lch. 31.

(7)   IO L 205, 5.8.2022, lch. 207.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2341/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)