European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2285

9.11.2023

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 142/2023

an 28 Aibreán 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2285]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/525 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2022 lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 maidir leis na rialacha agus na nósanna imeachta le haghaidh oibriú aerárthaí gan foireann (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 66zbc (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32022 R 0525: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/525 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2022 (IO L 105, 4.4.2022, lch. 3).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/525 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 29 Aibreán 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 115/2023 ó Chomhchoiste LEE an 28 Aibreán 2023 (2), cibé acu is déanaí.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Aibreán 2023.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 105, 4.4.2022, lch. 3.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

(2)   IO L, 9.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2264/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2285/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)