![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2268 |
9.11.2023 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 125/2023
an 28 Aibreán 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2268]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/97 ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2021 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán (AE) 2015/640 a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí aeracmhainneachta breise nua a thabhairt isteach (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 66ni (Rialachán (AE) 2015/640 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘- |
32021 R 0097: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/97 ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2021 (IO L 31, 29.1.2021, lch. 208).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/97 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 29 Aibreán 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 115/2023 ó Chomhchoiste LEE an 28 Aibreán 2023 (2), cibé acu is déanaí.
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Aibreán 2023.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L 31, 29.1.2021, lch. 208.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
(2) IO L, 2023/…, 9.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/…/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2268/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)