European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2259

9.11.2023

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEEUimh. 106/2023

an 28 Aibreán 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2259]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2336 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2022 maidir le liosta a fhoilsiú lena léirítear luachanna astaíochtaí CO2 áirithe in aghaidh an mhonaróra chomh maith le meánastaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle nua tromshaothair a cláraíodh san Aontas de bhun Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh tréimhse tuairiscithe 2020 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 21azkaaa (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1859 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘21azkab.

32022 D 2336: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2336 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2022 maidir le liosta a fhoilsiú lena léirítear luachanna astaíochtaí CO2 áirithe in aghaidh an mhonaróra chomh maith le meánastaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle nua tromshaothair a cláraíodh san Aontas de bhun Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh tréimhse tuairiscithe 2020 (IO L 309, 30.11.2022, lch. 8).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2336 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 29 Aibreán 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 398/2021 ó Chomhchoiste LEE an 10 Nollaig 2021 (2), cibé acu is déanaí.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Aibreán 2023.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 309, 30.11.2022, lch. 8.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

(2)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2259/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)