|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2245 |
9.11.2023 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 90/2023
an 28 Aibreán 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2245]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/378 ón gCoimisiún an 4 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha abaimeictin, Bacillus subtilis (Cohn 1872) tréithchineál QST 713, fospeiceas Aizawai de Bacillus thuringiensis tréithchineál ABTS-1857 agus tréithchineál GC-91, fospeiceas Israeliensis (séiritíopa H-14) de Bacillus thuringiensis tréithchineál AM65-52, fospeiceas Kurstaki de Bacillus thuringiensis tréithchineál ABTS 351, tréithchineál PB 54, tréithchineál SA 11, tréithchineál SA12 agus tréithchineál EG 2348, Beauveria bassiana tréithchineál ATCC 74040 agus tréithchineál GHA, clóidineafop, Cydia pomonella Granulovirus (CpGV), ciopróidínil, déchlórpróp-P, feinpiorocsamáit, foiseitil, malaitian, meapainipirim, meatconasól, meitrifeanón, pirimeacarb, Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA342, pirimeiteanail, Pythium oligandrum M1, riomsulfúrón, spionasad, Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál ICC012, tréithchineál T25 agus tréithchineál TV1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál T11, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí T. viride roimhe seo) tréithchineál ICC080, Trichoderma harzianum tréithchineál T-22 agus tréithchineál ITEM 908, tríchlóipir, tríneicseapac, tríthiaconasól agus sioram (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/383 ón gCoimisiún an 4 Márta 2022 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí Metarhizium brunneum tréithchineál Ma 43 (ar a dtugtaí Metarhizium anisopliae var. anisopliae tréithchineál BIPESCO 5/F52 roimhe seo), a mbaineann riosca íseal léi, a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/437 ón gCoimisiún an 16 Márta 2022 lena ndéantar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach dé-ocsaíd charbóin a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(4) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/501 ón gCoimisiún an 25 Márta 2022 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach Beauveria bassiana tréithchineál 203 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(5) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/686 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1295 agus (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha formheasa le haghaidh na substainte gníomhaí sulfocsaflór (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 13a (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún):
|
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 13zzzzzh (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1295 ón gCoimisiún):
|
|
3. |
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 13zzzzzzzzzzzzs (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1474 ón gCoimisiún):
|
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) 2022/378, (AE) 2022/383, (AE) 2022/437, (AE) 2022/501 agus (AE) 2022/686 san Íoslainnis agus san Ioruais, agus tá siad le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 29 Aibreán 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Aibreán 2023.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L 72, 7.3.2022, lch. 2.
(2) IO L 76, 7.3.2022, lch. 1.
(3) IO L 89, 17.3.2022, lch. 3.
(4) IO L 102, 30.3.2022, lch. 1.
(5) IO L 126, 29.4.2022, lch. 18.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2245/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)