European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2239

9.11.2023

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 84/2023

an 28 Aibreán 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2239]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1484 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le Carbónáit DDA (DDACarbonate) lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1486 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le hacroiléin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 12 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1487 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le heatafeanprocs lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1488 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le K-HDO lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1489 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le spíonasad lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(6)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1494 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe i ndáil leis na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú don táirge bithicídeach Mouskito Spray i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(7)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1495 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le meidéataimidín lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(8)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1496 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le teabúconasól lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(9)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1497 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2022 lena gcinntear an táirge bithicídeach é táirge ina bhfuil ‘Capsicum oleoresin expeller pressed’, de bhun Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(10)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1515 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2022 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe i ndáil leis na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú don táirge bithicídeach Mouskito Junior Lotion i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 12zzzzzzzzd (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/874 ón gCoimisiún) de Chaibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘12zzzzzzzze.

32022 D 1484: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1484 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le Carbónáit DDA (DDACarbonate) lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 233, 8.9.2022, lch. 79).

12zzzzzzzzf.

32022 D 1486: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1486 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le hacroiléin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 12 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 233, 8.9.2022, lch. 83).

12zzzzzzzzg.

32022 D 1487: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1487 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le heatafeanprocs lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 233, 8.9.2022, lch. 85).

12zzzzzzzzh.

32022 D 1488: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1488 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le K-HDO lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 233, 8.9.2022, lch. 87).

12zzzzzzzzi.

32022 D 1489: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1489 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le spíonasad lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 233, 8.9.2022, lch. 89).

12zzzzzzzzj.

32022 D 1494: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1494 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe i ndáil leis na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú don táirge bithicídeach Mouskito Spray i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 234, 9.9.2022, lch. 23).

12zzzzzzzzk.

32022 D 1495: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1495 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le meidéataimidín lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 234, 9.9.2022, lch. 26).

12zzzzzzzzl.

32022 D 1496: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1496 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le teabúconasól lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 234, 9.9.2022, lch. 28).

12zzzzzzzzm.

32022 D 1497: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1497 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2022 lena gcinntear an táirge bithicídeach é táirge ina bhfuil ‘Capsicum oleoresin expeller pressed’, de bhun Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 234, 9.9.2022, lch. 30).

12zzzzzzzzn.

32022 D 1515: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1515 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2022 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe i ndáil leis na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú don táirge bithicídeach Mouskito Junior Lotion i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 235, 12.9.2022, lch. 58).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Chinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1484, (AE) 2022/1486, (AE) 2022/1487, (AE) 2022/1488, (AE) 2022/1489, (AE) 2022/1494, (AE) 2022/1495, (AE) 2022/1496, (AE) 2022/1497 agus (AE) 2022/1515 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 29 Aibreán 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1) *.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Aibreán 2023.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 233, 8.9.2022, lch. 79.

(2)   IO L 233, 8.9.2022, lch. 83.

(3)   IO L 233, 8.9.2022, lch. 85.

(4)   IO L 233, 8.9.2022, lch. 87.

(5)   IO L 233, 8.9.2022, lch. 89.

(6)   IO L 234, 9.9.2022, lch. 23.

(7)   IO L 234, 9.9.2022, lch. 26.

(8)   IO L 234, 9.9.2022, lch. 28.

(9)   IO L 234, 9.9.2022, lch. 30.

(10)   IO L 235, 12.9.2022, lch. 58.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2239/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)