|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2231 |
24.10.2023 |
CINNEADH (CBES) 2023/2231 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Deireadh Fómhair 2023
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 maidir le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
An 20 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/1693 (1). |
|
(2) |
Beidh feidhm ag na bearta sriantacha a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2016/1693 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023. |
|
(3) |
Tá ceanglas i gCinneadh (CBES) 2016/1693, athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta sriantacha a leagtar amach ann go tráthrialta agus gach 12 mhí ar a laghad. Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha sin go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2016/1693 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 6 de Chinneadh (CBES) 2016/1693, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
‘6. Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus in Airteagal 3(3) agus (4) go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024.’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 23 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2002/402/CBES (IO L 255, 21.9.2016, lch. 25).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2231/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)