|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2228 |
24.10.2023 |
CINNEADH (CBES) 2023/2228 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Deireadh Fómhair 2023
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1763 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 1 Deireadh Fómhair 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/1763 (1) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin. |
|
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh (CBES) 2015/1763, ba cheart na bearta sriantacha a athnuachan go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2015/1763 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 6 de Chinneadh (CBES) 2015/1763, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:
‘Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024.’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 23 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (CBES) 2015/1763 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin (IO L 257, 2.10.2015, lch. 37).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2228/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)