![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2226 |
24.10.2023 |
TREOIR (AE) 2023/2226 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Deireadh Fómhair 2023
lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 113 agus 115 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is dúshláin mhóra don Aontas agus ar an leibhéal domhanda iad calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach. Tá an malartú faisnéise ríthábhachtach sa chomhrac i gcoinne cleachtais den sórt sin. |
(2) |
Leag Parlaimint na hEorpa béim ar an tábhacht pholaitiúil a bhaineann le cánachas cothrom agus le calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac, lena n-áirítear trí chomhar riaracháin níos dlúithe agus trí mhalartú faisnéise níos mó idir na Ballstáit. |
(3) |
An 7 Nollaig 2021, d’fhormheas an Chomhairle tuarascáil ó Ecofin chuig an gComhairle maidir le cúrsaí cánach ina n-iarrtar ar an gCoimisiún togra reachtach a chur síos in 2022 ina mbeadh tuilleadh athbhreithnithe ar Threoir 2011/16/AE ón gComhairle (3), i ndáil leis an malartú faisnéise maidir le cripteashócmhainní agus rialuithe cánach a bhaineann le daoine saibhre. |
(4) |
An 26 Eanáir 2021, d’fhoilsigh an Chúirt Iniúchóirí tuarascáil lena scrúdaítear creat dlíthiúil agus cur chun feidhme Threoir 2011/16/AE. Tagtar ar an gconclúid sa tuarascáil sin go bhfuil creat dlíthiúil foriomlán Threoir 2011/16/AE láidir, ach gur gá roinnt forálacha a neartú chun a áirithiú go mbainfear leas iomlán as an malartú faisnéise agus go dtomhaisfear éifeachtacht an uathmhalartaithe faisnéise. Tagtar ar an gconclúid sa tuarascáil freisin gur cheart raon feidhme Threoir 2011/16/AE a mhéadú chun catagóirí breise sócmhainní agus ioncaim a chumhdach, amhail cripteashócmhainní. |
(5) |
Tá tábhacht níos mó ag baint leis an margadh cripteashócmhainní agus méadaíodh a chaipitliú go mór agus go tapa le 10 mbliana anuas. Is léiriú digiteach ar luach nó ar cheart í cripteashócmhainn ar féidir a aistriú agus a stóráil go leictreonach trí theicneolaíocht mórleabhar dáilte nó teicneolaíocht chomhchosúil a úsáid. |
(6) |
Tá rialacha agus treoir curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit, nach ionann iad ó Bhallstát go Ballstát, maidir le cáin a ghearradh ar ioncam a dhíorthaítear ó idirbhearta cripteashócmhainní. Mar gheall ar chineál díláraithe cripteashócmhainní, áfach, is deacair do riaracháin chánach na mBallstát comhlíonadh cánach a áirithiú. |
(7) |
Le Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leathnaíodh creat rialála an Aontais chuig saincheisteanna cripteashócmhainní nach raibh á rialú go dtí seo ag gníomhartha seirbhísí airgeadais an Aontais agus chuig soláthraithe seirbhísí i ndáil leis na cripteashócmhainní sin (‘soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní’). Leagtar amach i Rialachán (AE) 2023/1114 na sainmhínithe a úsáidtear chun críocha na Treorach seo. Cuirtear san áireamh sa Treoir seo freisin an ceanglas údarúcháin le haghaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní faoi Rialachán (AE) 2023/1114 chun an t-ualach riaracháin ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a íoslaghdú. Mar gheall ar chineál bunúsach trasteorann cripteashócmhainní, tá gá le comhar riaracháin idirnáisiúnta láidir chun rialáil éifeachtach a áirithiú. |
(8) |
Le creat an Aontais maidir leis an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac (AML/CFT), leathnaítear raon feidhme na n-eintiteas faoi oibleagáid atá faoi réir rialacha AML/CFT chuig soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a rialaítear le Rialachán (AE) 2023/1114. Ina theannta sin, leathnaítear le Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) an oibleagáid atá ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí a chur le haistrithe cistí chuig soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní d’fhonn inrianaitheacht aistrithe cripteashócmhainní a áirithiú chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac. |
(9) |
Ar an leibhéal idirnáisiúnta, is é is aidhm don Chreat Tuairiscithe maidir le Cripteashócmhainní de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), a leagtar amach i gCuid I den doiciméad ‘Creat Tuairiscithe Cripteashócmhainní agus Leasuithe ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe’ arna fhormheas ag ECFE an 26 Lúnasa 2022 (‘Creat Tuairiscithe Cripteashócmhainní ECFE’), trédhearcacht chánach níos fearr a thabhairt isteach maidir le cripteashócmhainní agus maidir le tuairisciú ina leith. Ba cheart an creat a d’fhorbair ECFE a chur san áireamh i rialacha an Aontais chun éifeachtacht an mhalartaithe faisnéise a mhéadú agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú. Agus an Treoir seo á cur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as na Tráchtaireachtaí ar an Samhail-chomhaontú idir Údaráis Inniúla, a leagtar amach sa doiciméad ‘Caighdeáin Idirnáisiúnta le haghaidh Uathmhalartú Faisnéise i gCúrsaí Cánach: Creat Tuairiscithe Cripteashócmhainne agus nuashonrú 2023 ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe’, arna seoladh ag ECFE an 8 Meitheamh 2023 (‘Tráchtaireachtaí ar an Samhail-chomhaontú idir Údaráis Inniúla’), agus as Creat Tuairiscithe Cripteashócmhainní ECFE mar fhoinsí léirithe nó léirmhínithe agus chun comhsheasmhacht a áirithiú i ndáil leis an gcur i bhfeidhm ar fud na mBallstát. |
(10) |
Le Treoir 2011/16/AE, leagtar síos oibleagáidí ar institiúidí airgeadais faisnéis faoi chuntais airgeadais a thuairisciú do riaracháin chánach a gceanglaítear orthu ansin an fhaisnéis sin a mhalartú le Ballstáit ábhartha eile. Níl oibleagáid ann, áfach, maidir leis an gcuid is mó de chripteashócmhainní a thuairisciú faoin Treoir sin toisc nach airgead iad a choimeádtar i gcuntais taisclainne ná i sócmhainní airgeadais. Ina theannta sin, i bhformhór na gcásanna, ní chumhdaítear soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ná oibreoirí cripteashócmhainní leis an sainmhíniú atá ann faoi láthair ar institiúid airgeadais faoi Threoir 2011/16/AE. |
(11) |
Chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua a eascraíonn as úsáid mhéadaitheach modhanna malartacha íocaíochta agus infheistíochta, a bhfuil rioscaí nua imghabhála cánach ag baint leo agus nach gcumhdaítear go fóill le Treoir 2011/16/AE, ba cheart cripteashócmhainní agus a n-úsáideoirí a chumhdach leis na rialacha maidir le tuairisciú agus malartú faisnéise. |
(12) |
Chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, ba cheart an tuairisciú a bheith éifeachtach, simplí agus sainithe go soiléir. Is deacair teagmhais inchánach a tharlaíonn agus infheistíocht á déanamh i gcripteashócmhainní a bhrath. Is iad soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní tuairiscithe is fearr atá in ann an fhaisnéis is gá faoina n-úsáideoirí a bhailiú agus a fhíorú. Ba cheart an t-ualach riaracháin a íoslaghdú don tionscal ionas go mbeidh sé in ann a lánacmhainneacht a fhorbairt san Aontas. |
(13) |
Tá uathmhalartú faisnéise idir údaráis chánach ríthábhachtach chun go mbeidh an fhaisnéis is gá acu ionas go mbeidh siad in ann measúnú ceart a dhéanamh ar na méideanna cánach ioncaim atá dlite. Ba cheart idirbhearta trasteorann agus idirbhearta intíre araon a chumhdach leis an oibleagáid tuairiscithe chun éifeachtacht na rialacha tuairiscithe, dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, cothrom iomaíochta agus urramú phrionsabal an neamh-idirdhealaithe a áirithiú. |
(14) |
Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a rialaíltear le Rialachán (AE) 2023/1114 agus a údaraítear faoin Rialachán sin agus maidir le hoibreoirí cripteashócmhainní nach rialaítear leis an Rialachán sin ná nach n-údaraítear faoin Rialachán sin. Tagraítear don dá ghrúpa mar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní tuairiscithe toisc go gceanglaítear orthu tuairisciú faoin Treoir seo. Tá an tuiscint ghinearálta ar a bhfuil i gceist le cripteashócmhainní an-leathan agus áirítear léi cripteashócmhainní arna n-eisiúint ar bhealach díláraithe, chomh maith le cripteamhonaí cobhsaí, lena n-áirítear comharthaí ríomh-airgid mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2023/1114 agus comharthaí neamh-idirmhalartacha áirithe. Tá cripteashócmhainní ar féidir iad a úsáid chun críoch íocaíochta nó infheistíochta intuairiscithe faoin Treoir seo. Dá bhrí sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní tuairiscithe a mheas ar bhonn cás ar chás cé acu is féidir nó nach féidir cripteashócmhainní a úsáid chun críocha íocaíochta agus infheistíochta, agus na díolúintí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2023/1114 á gcur san áireamh, go háirithe maidir le líonra teoranta agus comharthaí fóntais áirithe. |
(15) |
Chun a chur ar a gcumas do riaracháin chánach anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis a fhaigheann siad agus í a úsáid i gcomhréir le forálacha náisiúnta, mar shampla chun faisnéis a mheaitseáil agus luacháil a dhéanamh ar shócmhainní agus ar ghnóthachain chaipitiúla, is iomchuí tuairisciú agus malartú faisnéise a éileamh, faisnéis atá foroinnte i ndáil le gach cripteashócmhainn a ndearna an t-úsáideoir cripteashócmhainní idirbhearta ina leith. |
(16) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun forálacha maidir le huathmhalartú faisnéise idir údaráis inniúla a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na socruithe praiticiúla is gá a ghlacadh chun uathmhalartú faisnéise sainordaitheach a thuairiscíonn soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní tuairiscithe a chur chun feidhme, lena n-áirítear foirm chaighdeánach le haghaidh malartú faisnéise. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). |
(17) |
Féadfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2023/1114 a ngníomhaíocht a dhéanamh san Aontas trí nós imeachta an phas nuair atá a n-údarú faighte acu i mBallstát. Chun na gcríoch sin, coinníonn an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) clár le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní údaraithe. Ina theannta sin, coinníonn ESMA dúliosta d’oibreoirí a fheidhmíonn seirbhísí cripteashócmhainní ar gá údarú a fháil ina leith faoi Rialachán (AE) 2023/1114. |
(18) |
Maidir le hoibreoirí cripteashócmhainní nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1114 ach a bhfuil oibleagáid orthu faisnéis a thuairisciú faoi na húsáideoirí cripteashócmhainní a bhfuil cónaí orthu san Aontas de bhun na Treorach seo, ba cheart a chur de cheangal orthu clárú in aon Bhallstát amháin chun a n-oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh. |
(19) |
Chun comhar riaracháin a chothú le dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad, ba cheart cead a bheith ag oibreoirí cripteashócmhainní a chomhlíonann coinníollacha áirithe faisnéis maidir le húsáideoirí cripteashócmhainní a bhfuil cónaí orthu san Aontas a thuairisciú d’údaráis chánach dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í amháin a mhéid a chomhfhreagraíonn an fhaisnéis a thuairiscítear don fhaisnéis a leagtar amach sa Treoir seo agus a mhéid atá comhaontú éifeachtach cáilitheach i bhfeidhm idir údaráis inniúla agus dlínse den sórt sin nach dlínse de chuid an Aontais í. Ina dhiaidh sin, chuirfeadh an dlínse cháilithe nach dlínse de chuid an Aontais í an fhaisnéis sin in iúl do riaracháin chánach na mBallstát ina bhfuil úsáideoirí cripteashócmhainní ina gcónaí. I gcás inarb iomchuí, ba cheart an sásra sin a úsáid ionas nach ndéanfar faisnéis chomhfhreagrach a thuairisciú agus a tharchur níos mó ná aon uair amháin. |
(20) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun a chinneadh, maidir le faisnéis is gá a mhalartú de bhun comhaontú idir údaráis inniúla Ballstáit agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í, cé acu a chomhfhreagraíonn nó nach gcomhfhreagraíonn an fhaisnéis sin don fhaisnéis a shonraítear sa Treoir seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Ós rud é go bhfuil sé fós faoi inniúlacht na mBallstát comhaontuithe a thabhairt i gcrích le dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais dhírigh, d’fhéadfaí gníomhaíocht an Choimisiúin a chur i ngníomh freisin le hiarraidh ó Bhallstát. Chun na críche sin, is gá go bhfuil an Coimisiún in ann an chomhfhreagairt a chinneadh freisin, tar éis iarraidh a fháil ó Bhallstát, sula mbeartaítear comhaontú den sórt sin a thabhairt i gcrích. I gcás ina mbeidh malartú faisnéise den sórt sin bunaithe ar chomhaontú iltaobhach údarás inniúil, ba cheart don Choimisiún an cinneadh a dhéanamh maidir le comhfhreagairt i ndáil leis an gcreat ábhartha ina iomláine a chumhdaítear leis an gcomhaontú údarás inniúil sin. Mar sin féin, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann fós don Choimisiún an cinneadh a dhéanamh maidir le comhfhreagairt, i gcás inarb iomchuí, i ndáil le comhaontú déthaobhach údaráis inniúil. |
(21) |
A mhéid is íoschaighdeán nó a choibhéis é an caighdeán idirnáisiúnta maidir le tuairisciú agus uathmhalartú faisnéise maidir le chripteashócmhainní, eadhon Creat Tuairiscithe Cripteashócmhainní ECFE, ar caighdeán é lena mbunaítear raon feidhme agus inneachar íosta maidir lena chur chun feidhme ag dlínsí, níor cheart a cheangal go ndéanfadh an Coimisiún cinneadh maidir le comhfhreagairt idir an Treoir seo agus Creat Tuairiscithe Cripteashócmhainní ECFE. trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, ar choinníoll go bhfuil comhaontú éifeachtach cáilitheach idir údaráis inniúla i bhfeidhm idir na dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad agus na Ballstáit uile. |
(22) |
Cé gur thacaigh G20 le Creat Tuairiscithe Cripteashócmhainní ECFE agus gur mhol sé go gcuirfí chun feidhme é, níl aon chinneadh déanta fós maidir le cé acu a mheasfaí nó nach measfaí é a bheith ina íoschaighdeán nó a choibhéis. Go dtí go ndéanfar an cinneadh sin, tá dhá chur chuige éagsúla sa Treoir seo chun comhfhreagairt a chinneadh. |
(23) |
Leis an Treoir seo, ní ghlactar ionad aon oibleagáidí níos leithne a eascraíonn as Rialachán (AE) 2023/1114. |
(24) |
Chun cóineasú a chothú agus maoirseacht chomhsheasmhach a chur chun cinn maidir leis an Treoir seo agus le Rialachán (AE) 2023/1114, tá údaráis inniúla le hoibriú i gcomhar le húdaráis nó institiúidí náisiúnta eile agus faisnéis ábhartha a chomhroinnt. |
(25) |
Maidir le díolúine ó oibleagáidí tuairiscithe dá bhforáiltear sa Treoir seo, atá ag brath ar shásraí comhfhreagracha tuairiscithe agus malartaithe a chinneadh i ndáil le dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad agus i ndáil leis na Ballstáit, níor cheart feidhm a bheith aici ach amháin i réimse an chánachais, agus go háirithe chun críocha na Treorach seo, agus níor cheart í a mheas mar bhonn chun comhfhreagairt a aithint i réimsí eile de dhlí an Aontais. |
(26) |
Tá sé ríthábhachtach atreisiú a dhéanamh ar fhorálacha Threoir 2011/16/AE maidir leis an bhfaisnéis atá le tuairisciú nó le malartú chun dul in oiriúint d’fhorbairtí nua ar mhargaí éagsúla agus, dá bhrí sin, dul i ngleic go héifeachtach le hiompar sainaitheanta maidir le calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach. Ba cheart na forbairtí a fheictear sa mhargadh inmheánach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta a léiriú sna forálacha sin d’fhonn tuairisciú éifeachtach agus malartú éifeachtach faisnéise a bhaint amach. Dá bhrí sin, áirítear sa Treoir seo, i measc rudaí eile, na leasuithe is déanaí ar Chomhchaighdeán Tuairiscithe ECFE, lena n-áirítear comhtháthú na bhforálacha maidir le ríomh-airgead agus airgeadra digiteach na mbanc ceannais, a leagtar amach i gCuid II den Chreat Tuairiscithe maidir le Cripteashócmhainní agus Leasuithe ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe arna fhormheas ag ECFE an 26 Lúnasa 2022, agus leathnú raon feidhme an uathmhalartaithe faisnéise maidir le rialuithe cánach trasteorann i ndáil le rialuithe áirithe i dtaca le daoine nádúrtha. Agus na leasuithe is déanaí ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe á gcur chun feidhme acu, mar a áirítear sa Treoir seo iad, agus mar a luadh cheana sna haithrisí a ghabhann le Treoir 2014/107/AE ón gComhairle (7) i ndáil leis an leagan bunaidh den Chomhchaighdeán Tuairiscithe, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as na Tráchtaireachtaí ar an Samhail-chomhaontú idir údaráis inniúla agus an Comhchaighdeán Tuairiscithe, lena n-áirítear anois na leasuithe is déanaí ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe, mar fhoinsí léirithe nó léirmhínithe agus chun comhsheasmhacht a áirithiú maidir leis an gcur i bhfeidhm ar fud na mBallstát. |
(27) |
Úsáidtear ríomh-airgead, mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/110/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), go minic san Aontas, agus tá méadú ag teacht ar líon na n-idirbheart agus a gcomhluach de réir a chéile. Ní chumhdaítear ríomh-airgead go sainráite le Treoir 2011/16/AE, áfach. Tá cineálacha éagsúla cur chuige ag na Ballstáit i leith ríomh-airgid. Mar thoradh air sin, ní chumhdaítear táirgí gaolmhara i gcónaí leis na catagóirí ioncaim agus caipitil atá ann cheana i dTreoir 2011/16/AE. Ba cheart, dá bhrí sin, rialacha a thabhairt isteach i dTreoir 2011/16/AE chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag oibleagáidí tuairiscithe maidir le ríomh-airgead. |
(28) |
Chun deireadh a chur le bealaí éalaithe lena gcumasaítear calaois chánach, imghabháil cánach, agus seachaint cánach, ba cheart a chur de cheangal ar na Ballstáit faisnéis a bhaineann le hioncam a dhíorthaítear ó dhíbhinní neamhchoimeádta a mhalartú. Ba cheart, dá bhrí sin, ioncam a dhíorthaítear ó dhíbhinní neamhchoimeádta a áireamh sna catagóirí ioncaim atá faoi réir uathmhalartú faisnéise. |
(29) |
Tá an uimhir chéannachta chánach (TIN) riachtanach chun go mbeidh na Ballstáit in ann an fhaisnéis a fhaightear a mheaitseáil le sonraí atá i mbunachair sonraí náisiúnta. Cuireann sí le cumas na mBallstát na cáiníocóirí ábhartha a shainaithint agus measúnú ceart a dhéanamh ar na cánacha gaolmhara. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go gcuirfidh na Ballstáit TIN na ndaoine aonair agus na n-eintiteas a tuairiscíodh san áireamh i dtuairisciú agus i gcur in iúl faisnéise i gcomhthéacs malartuithe a bhaineann le catagóirí ioncaim agus caipitil atá faoi réir uathmhalartú faisnéise sainordaitheach, cuntais airgeadais, rialuithe cánach trasteorann agus réamh-chomhaontuithe praghsála, tuarascálacha de réir tíre, socruithe intuairiscithe trasteorann, faisnéis faoi dhíoltóirí ar ardáin dhigiteacha agus ar chripteashócmhainní. |
(30) |
Chun infhaighteacht TIN a mhéadú d’údaráis inniúla na mBallstát, ba cheart do gach Ballstát na bearta is gá a dhéanamh lena gceanglaítear go dtuairisceofar TIN na ndaoine aonair agus na n-eintiteas arna n-eisiúint ag an mBallstát cónaithe i ndáil le hioncam ó fhostaíocht, táillí stiúrthóra agus pinsin agus.i ndáil le rialuithe cánach trasteorann agus réamh-chomhaontuithe praghsála, tuarascálacha de réir tíre agus socruithe intuairiscithe trasteorann. Féadfar go bhfuil sna bearta sin ceanglais dlí intíre a thabhairt isteach faoin spriocdháta trasuite a leagtar amach sa Treoir seo, chun TIN a thuairisciú. Thairis sin, tar éis theacht i bhfeidhm Threoir (AE) 2022/2523 ón gComhairle (9) agus, i bhfianaise na rialacha maidir le tearmainn a leagtar amach sa Treoir sin, tá sé tábhachtach meaitseáil chuí a áirithiú, i gcomhthéacs an uathmhalartaithe faisnéise shainordaithigh maidir le tuarascálacha de réir tíre de bhun Threoir 2011/16/AE. Aithníonn na Ballstáit freisin, áfach, go bhféadfadh cásanna annamha a bheith ann nuair nach féidir leis an eintiteas tuairiscithe nó an duine aonair tuairiscithe TIN a bhailiú agus a thuairisciú, lena n-áirítear, in ainneoin na n-iarrachtaí a rinneadh, cásanna nárbh fhéidir leis an eintiteas tuairiscithe nó an duine aonair tuairiscithe TIN a bhailiú nó nár eisíodh TIN don cháiníocóir. |
(31) |
Ba cheart do gach Ballstát, i gcás ina bhfuair údarás inniúil an Bhallstáit é, TIN na ndaoine aonair agus na n-eintiteas arna n-eisiúint ag an mBallstát cónaithe a chur san áireamh sna malartuithe a bhaineann le rialuithe cánach trasteorann agus réamh-chomhaontuithe praghsála, tuarascálacha de réir tíre agus socruithe intuairiscithe trasteorann. |
(32) |
In éagmais malartú rialuithe maidir le daoine nádúrtha, d’fhéadfadh sé nach mbeadh riaracháin chánach na mBallstát lena mbaineann ar an eolas faoi na rialuithe sin. Tá baol ann, dá bhrí sin, go gcruthófar deiseanna le haghaidh calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach. Chun an baol sin a laghdú agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart don uathmhalartú rialuithe cánach trasteorann na rialuithe sin a chumhdach i gcás ina sáraíonn méid an idirbhirt nó na sraithe idirbheart den rialú cánach trasteorann tairseach shonrach. |
(33) |
Ba cheart rialuithe cánach trasteorann lena gcinntear cé acu atá nó nach bhfuil duine ina chónaitheoir chun críoch cánach sa Bhallstát a eisíonn an rialú a mhalartú go huathoibríoch freisin. Mar sin féin, ar mhaithe le comhréireacht, agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú, níor cheart cineálacha coiteanna rialuithe cánach trasteorann ar féidir gné den chinneadh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil duine nádúrtha ina chónaitheoir chun críoch cánach i mBallstát a bheith i gceist leo, níor cheart dóibh a bheith, ar an bhforas sin amháin, faoi réir malartú faisnéise maidir le rialuithe cánach trasteorann. Níor cheart rialuithe cánach trasteorann maidir le cánachas ag an bhfoinse i ndáil le hioncam neamhchónaitheoirí ó fhostaíocht, táillí stiúrthóra nó pinsin a mhalartú, ach amháin i gcás ina sáraíonn méid an idirbhirt nó na sraithe idirbheart den rialú cánach trasteorann an tairseach. |
(34) |
Tá coinne leis go dtabharfaidh roinnt Ballstát seirbhísí sainaitheantais isteach mar mhodh simplithe agus caighdeánaithe chun soláthraithe seirbhísí agus cáiníocóirí a shainaithint. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit ar mian leo úsáid a bhaint as an bhformáid sin maidir le sainaithint é sin a dhéanamh ar choinníoll nach ndéanfaidh sé difear do shreabhadh ná do cháilíocht na faisnéise atá ag Ballstáit eile nach n-úsáideann na seirbhísí sainaitheantais sin. Dá bhrí sin, níor cheart go ndéanfadh úsáid seirbhísí sainaitheantais difear do na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí ná do na ceanglais maidir le faisnéis a bhailiú. Thairis sin, má tá an cur chuige sin éagsúil le caighdeáin chomhfhreagracha ECFE maidir le huathmhalartú faisnéise ar bhealaí áirithe, níor cheart tionchar a bheith ag na forálacha sa Treoir seo i ndáil le húsáid seirbhísí sainaitheantais ar an gcinneadh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis a thuairiscítear agus a mhalartaítear de bhun comhaontú idir údaráis inniúla Ballstáit agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í coibhéiseach nó comhfhreagrach don fhaisnéis a shonraítear sa Treoir seo. |
(35) |
Tá sé tábhachtach, ar bhonn prionsabail, go n-úsáidfear an fhaisnéis a chuirtear in iúl faoi Threoir 2011/16/AE chun cánacha a chumhdaítear faoi raon feidhme ábhartha na Treorach sin a mheasúnú, a riar agus a fhorfheidhmiú. Mar sin féin, tháinig éiginnteachtaí maidir le húsáid faisnéise chun cinn mar gheall ar chreat doiléir. I bhfianaise an naisc idir calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach, agus sciúradh airgid, i dtéarmaí forfheidhmithe freisin, is iomchuí a shoiléiriú go bhféadfar faisnéis a chuirtear in iúl idir na Ballstáit a úsáid freisin chun dleachtanna custaim a mheasúnú, a riar agus a fhorfheidhmiú agus chun an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac. |
(36) |
I bhfianaise mhéid agus chineál na faisnéise a bhailítear agus a mhalartaítear ar bhonn Threoir 2011/16/AE, is féidir an fhaisnéis sin a bheith úsáideach i réimsí áirithe eile. Cé gur cheart, mar riail ghinearálta, úsáid na faisnéise sin i réimsí eile a theorannú do limistéir arna bhformheas ag an mBallstát a chuireann an fhaisnéis in iúl i gcomhréir leis an Treoir seo, is gá úsáid níos leithne na faisnéise a cheadú i gcásanna a bhfuil saintréithe sonracha tromchúiseacha ag baint leo agus i gcás inar comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais gníomhaíocht a dhéanamh. Is éard a bheadh sna cásanna sin go háirithe na cásanna ina ndearnadh cinntí de bhun Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le bearta sriantacha. Is féidir faisnéis a mhalartaítear faoi Threoir 2011/16/AE a bheith an-ábhartha chun sárú ar bhearta sriantacha nó imchéimniú na mbeart sin a bhrath. Ina chomaoin sin, beidh aon sárú féideartha ar na bearta sriantacha ábhartha chun críoch cánach, ós rud é gur seachaint cánach i ndáil leis na sócmhainní lena mbaineann a bheidh i gceist le seachaint beart sriantach i bhformhór na gcásanna. I bhfianaise na sineirgí dóchúla agus an dlúthnaisc idir seachaint beart sriantach a bhrath agus seachaint cánach a bhrath, is iomchuí, dá bhrí sin, úsáid bhreise na faisnéise a údarú. |
(37) |
Tá sé ríthábhachtach go n-úsáidfidh údarás inniúil gach Ballstáit a fhaigheann an fhaisnéis sin an fhaisnéis a chuirtear in iúl faoi Threoir 2011/16/AE. Dá bhrí sin, is iomchuí a cheangal ar údarás inniúil gach Ballstáit sásra éifeachtach a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go n-úsáidfear faisnéis a fhaightear trí thuairisciú nó trí mhalartú faisnéise faoi Threoir 2011/16/AE. Is féidir a áireamh ar úsáid na faisnéise sin, mar shampla, cláir chomhlíontachta dheonacha, fógraí chun nochtadh a ghiniúint, feachtais feasachta, tuairisceáin chánach a réamhlíonadh, measúnuithe riosca, iniúchtaí teoranta, iniúchtaí ginearálta, códú cánach, meastachán cánach, comhshamhlú i gcórais náisiúnta agus bearta eile a bhaineann le cáin. |
(38) |
Chun feabhas a chur ar úsáid éifeachtúil acmhainní, chun malartú faisnéise a éascú agus ionas nach mbeadh ar na Ballstáit uile athruithe den chineál céanna a dhéanamh ar a gcórais stórála faisnéise, ba cheart eolaire lárnach a bhunú don fhaisnéis atá le cur in iúl maidir le cripteashócmhainní, a mbeadh rochtain ag na Ballstáit uile air agus a mbeadh rochtain ag an gCoimisiún air chun críocha staidrimh amháin, ar a ndéanfadh na Ballstáit an fhaisnéis thuairiscithe a uaslódáil agus a stóráil in ionad í a mhalartú trí ríomhphost slán. Níor cheart cead a thabhairt do na Ballstáit rochtain a fháil ach amháin ar shonraí san eolaire lárnach sin a bhaineann lena gcónaitheoirí féin. Ba cheart gach rochtain agus gach srian ar rochtain ar an eolaire lárnach a bheith i gcomhréir leis na ceanglais faoi Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na socruithe praiticiúla is gá a ghlacadh chun an t-eolaire lárnach sin a bhunú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
(39) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun uirlis a fhorbairt lena bhféadfar fíorú leictreonach agus uathoibrithe a dhéanamh ar chruinneas TIN arna sholáthar ag an gcáiníocóir nó ag an eintiteas tuairiscithe nó ag an duine tuairiscithe. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Tá uirlis TF atá le soláthar do na Ballstáit ceaptha cuidiú maidir leis na rátaí meaitseála a mhéadú le haghaidh riaracháin chánach agus maidir le feabhas a chur ar cháilíocht na faisnéise a mhalartaítear i gcoitinne. |
(40) |
Níor cheart an íostréimhse choinneála i ndáil le taifid faisnéise a fhaightear trí mhalartú faisnéise idir na Ballstáit de bhun Threoir 2011/16/AE a bheith níos faide ná mar is gá ach, in aon chás, níor cheart í a bheith níos giorra ná 5 bliana. Níor cheart do na Ballstáit faisnéis a choinneáil níos faide ná mar is gá chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach. |
(41) |
Is rialaitheoirí sonraí iad institiúidí airgeadais tuairiscithe, idirghabhálaithe, oibreoirí ardán tuairiscithe, soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní tuairiscithe nó údaráis inniúla na mBallstát de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679. I gcás ina gcinneann dhá rialaitheoir nó níos mó de na rialaitheoirí sin go comhpháirteach na críocha agus na bealaí le sonraí pearsanta a phróiseáil, meastar gur rialaitheoirí comhpháirteacha iad. Mar shampla, meastar gur rialaitheoirí comhpháirteacha ar an eolaire lárnach iad údaráis inniúla na mBallstát, tar éis dóibh teacht ar chomhaontú go comhpháirteach maidir leis na sonraí pearsanta atá le próiseáil agus maidir leis an modh próiseála. |
(42) |
Chun forfheidhmiú cuí na rialacha faoin Treoir seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i ndáil le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun fhorálacha na Treorach seo i dtaca le huathmhalartú faisnéise sainordaitheach a thuairiscíonn soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní tuairiscithe, agus ba cheart dóibh gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis sin dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach ach fós féin is faoin mBallstát atá sé an rogha a dhéanamh cén pionóis a bheadh i gceist. |
(43) |
Ar mhaithe leis an uainiú idir an mheastóireacht ar chur i bhfeidhm Threoir 2011/16/AE agus an mheastóireacht dhébhliantúil ar ábharthacht na saintréithe in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir seo a chomhchuibhiú, ba cheart uainiú na bpróiseas meastóireachta sin a ailíniú. |
(44) |
Agus an breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 8 Nollaig 2022 i gCás C-694/20, Orde van Vlaamse Balies and Others (11), á chur san áireamh, ba cheart Treoir 2011/16/AE a leasú ar bhealach nach mbeidh d’éifeacht ag a forálacha go gceanglófar ar dhlíodóirí atá ag gníomhú mar idirghabhálaí, i gcás ina bhfuil siad díolmhaithe ón oibleagáid tuairiscithe mar gheall ar an bpribhléid ghairmiúil dlíodóra atá de cheangal orthu, fógra a thabhairt d’aon idirghabhálaí eile nach iad a gcliant faoi oibleagáidí tuairiscithe an idirghabhálaí sin. Mar sin féin, maidir le haon idirghabhálaithe atá díolmhaithe ón oibleagáid tuairiscithe mar gheall ar an bpribhléid ghairmiúil dlíodóra atá de cheangal orthu, ba cheart go mbeadh sé de cheangal orthu go fóill fógra a thabhairt dá gcliant faoi oibleagáidí tuairiscithe an chliaint sin gan mhoill. |
(45) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus thug sé tuairim uaidh an 3 Aibreán 2023 (13). |
(46) |
Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Treoir seo mar aon leis na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Go háirithe, leis an Treoir seo, áirithítear go dtugtar lánurraim don cheart maidir le cosaint sonraí pearsanta a chumhdaítear in Airteagal 8 den Chairt. I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach a mheabhrú go bhfuil feidhm ag Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoi Threoir 2011/16/AE. Ina theannta sin, féachann an Treoir seo lena áirithiú go n-urramófar go hiomlán an tsaoirse chun gnó a dhéanamh. |
(47) |
Maidir le cuspóir Threoir 2011/16/AE, is é sin comhar riaracháin éifeachtúil idir na Ballstáit faoi choinníollacha atá comhoiriúnach le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, de bharr na haonfhoirmeachta agus na héifeachtachta is gá, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
(48) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/16/AE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Treoir 2011/16/AE mar a leanas:
(1) |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
(2) |
leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
|
(3) |
Leasaítear Airteagal 8a mar a leanas:
|
(4) |
leasaítear Airteagal 8ab mar a leanas:
|
(5) |
in Airteagal 8ac(2), an chéad fhomhír, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:
|
(6) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 8ad Raon feidhme agus coinníollacha a bhaineann le huathmhalartú faisnéise sainordaitheach a thuairiscíonn Soláthraithe Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe 1. Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá lena gceanglaítear ar Sholáthraithe Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe na ceanglais tuairiscithe a chomhlíonadh agus na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a leagtar síos i Ranna II agus III d’Iarscríbhinn VI, faoi seach, a chur i gcrích. Áiritheoidh gach Ballstát freisin cur chun feidhme éifeachtach agus comhlíonadh na mbeart sin i gcomhréir le Roinn V d’Iarscríbhinn VI. 2. De bhun na gceanglas tuairiscithe agus na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí is infheidhme i Ranna II agus III d’Iarscríbhinn VI, faoi seach, déanfaidh údarás inniúil Ballstáit ina ndéantar an tuairisciú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, trí uathmhalartú, agus laistigh den teorainn ama a leagtar síos i mír 6 den Airteagal seo, an fhaisnéis a shonraítear i mír 3 den Airteagal seo a chur in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann i gcomhréir leis na socruithe praiticiúla arna nglacadh de bhun Airteagal 21. 3. Cuirfidh údarás inniúil Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas in iúl maidir le gach Duine Intuairiscithe:
Chun críocha phointe (c)(ii) agus (iii), cuirfear in iúl an méid a íocadh nó a fuarthas san Airgeadra Fiat inar íocadh nó ina bhfuarthas é. I gcás ina ndearnadh na méideanna a íoc nó a fháil in Airgeadraí Fiat iolracha, cuirfear in iúl na méideanna in airgeadra Fiat aonair, arna n-aistriú tráth gach Idirbhirt Intuairiscithe ar bhealach a chuireann an Soláthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe i bhfeidhm go comhsheasmhach. Chun críocha phointe (c)(iv) go (ix), déanfar an margadhluach cóir a chinneadh agus a chur in iúl in Airgeadra Fiat amháin, arna luacháil tráth gach Idirbhirt Intuairiscithe ar bhealach a chuireann an Soláthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe i bhfeidhm go comhsheasmhach. Sonrófar san fhaisnéis a chuirfear in iúl an tAirgeadra Fiat ina dtuairiscítear gach méid. 4. Chun an malartú faisnéise dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a éascú, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe praiticiúla is gá, lena n-áirítear bearta chun cur in iúl na faisnéise a leagtar amach sa mhír sin a chaighdeánú, mar chuid den nós imeachta lena mbunaítear an fhoirm ríomhairithe chaighdeánach dá bhforáiltear in Airteagal 20(5). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2). 5. Ní bheidh rochtain ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3, pointí (a) agus (b). 6. Cuirfear an teachtaireacht in iúl de bhun mhír 3 den Airteagal seo leis an bhfoirm ríomhairithe chaighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 20(5) laistigh de 9 mí tar éis dheireadh na bliana féilire lena mbaineann na ceanglais tuairiscithe is infheidhme maidir le Soláthraithe Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe. Cuirfear an chéad fhaisnéis in iúl don bhliain féilire ábhartha nó do thréimhse tuairiscithe iomchuí eile ón 1 Eanáir 2026. 7. Chun na ceanglais tuairiscithe dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh, leagfaidh gach Ballstát síos na rialacha is gá chun a chur de cheangal ar Oibreoir Cripteashócmhainní clárú san Aontas. Leithdháilfidh údarás inniúil Bhallstát an chláraithe uimhir chéannachta aonair ar an Oibreoir Cripteashócmhainní sin. Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha ar dá mbun a chláróidh Oibreoir Cripteashócmhainní le húdaráis inniúil Ballstáit aonair i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i Roinn V, mír F, d’Iarscríbhinn VI. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena gceanglaítear nach bhféadfar Oibreoir Cripteashócmhainní, ar cúlghaireadh a chlárú i gcomhréir le Roinn V, fomhír F(7) d’Iarscríbhinn VI, a chlárú arís ach amháin má sholáthraíonn sé d’údaráis an Bhallstáit lena mbaineann dearbhú iomchuí a mhéid a bhaineann lena ghealltanas na ceanglais tuairiscithe san Aontas a chomhlíonadh, lena n-áirítear aon cheanglas tuairiscithe nár comhlíonadh fós. 8. Ní bheidh feidhm ag mír 7 den Airteagal seo maidir le Soláthraithe Seirbhísí Cripteashócmhainní de réir bhrí Roinn IV, fomhír B(1), d’Iarscríbhinn VI. 9. Leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe praiticiúla agus teicniúla is gá chun Oibreoirí Cripteashócmhainní a chlárú agus a shainaithint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2). 10. Bunóidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2025, clár Oibreoirí Cripteashócmhainní ina dtaifeadfar faisnéis atá le cur in iúl i gcomhréir le Roinn V, fomhír F(2), d’Iarscríbhinn VI. Beidh an clár Oibreoirí Cripteashócmhainní sin ar fáil d’údaráis inniúla na mBallstát uile. 11. Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tar éis iarraidh réasúnaithe ó aon Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis is gá a mhalartú go huathoibríoch de bhun comhaontú idir údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í comhfhreagrach don fhaisnéis a shonraítear i Roinn II, mír B, d’Iarscríbhinn VI, de réir bhrí Roinn IV, fomhír F(5), d’Iarscríbhinn VI. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2). Cuirfidh Ballstát a iarrfaidh an beart dá dtagraítear sa chéad fhomhír iarraidh réasúnaithe chuig an gCoimisiún. Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil an fhaisnéis uile aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh, rachaidh sé i dteagmháil leis an mBallstát lena mbaineann laistigh de dhá mhí ón iarraidh a fháil agus sonróidh sé cén fhaisnéis bhreise atá de dhíth air. A luaithe a bheidh an fhaisnéis uile ag an gCoimisiún a mheasann sé a bheith riachtanach, tabharfaidh sé fógra don Bhallstát iarrthach laistigh de mhí amháin agus cuirfidh sé an fhaisnéis ábhartha faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 26(1). Agus é ag gníomhú ar a thionscnamh féin, ní ghlacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach amháin i ndáil le comhaontú údarás inniúil le dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í lena gceanglaítear uathmhalartú faisnéise maidir le duine aonair nó Eintiteas ar custaiméir de chuid Soláthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe é chun Idirbhearta Intuairiscithe a dhéanamh, arna dtabhairt i gcrích ag Ballstát. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil faisnéis ina faisnéis chomhfhreagrach de réir bhrí na chéad fhomhíre maidir le hIdirbhearta Intuairiscithe, cuirfidh an Coimisiún san áireamh go cuí an méid a chomhfhreagraíonn an córas, ar a bhfuil an fhaisnéis sin bunaithe, don chóras a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach sa mhír seo freisin chun a chinneadh nach bhfuil an fhaisnéis comhfhreagrach a thuilleadh de réir bhrí Roinn IV, fomhír F(5), d’Iarscríbhinn VI. 12. D’ainneoin mhír 11, i gcás ina gcinnfear caighdeán idirnáisiúnta i dtaca le tuairisciú agus uathmhalartú faisnéise maidir le cripteashócmhainní a bheith ina íoschaighdeán nó ina choibhéis, ní bheidh gá a thuilleadh le haon chinneadh a dhéanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis is gá a mhalartú go huathoibríoch de bhun chur chun feidhme an chaighdeáin sin agus an chomhaontaithe údarás inniúil idir an Ballstát/na Ballstáit lena mbaineann agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í ina fhaisnéis chomhfhreagrach. Measfar an fhaisnéis sin a bheith comhfhreagrach don fhaisnéis a cheanglaítear faoin Treoir seo, ar choinníoll go bhfuil comhaontú údarás inniúil i bhfeidhm idir údaráis inniúla na mBallstát uile lena mbaineann agus an dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í lena gceanglaítear uathmhalartú faisnéise maidir le duine aonair nó Eintiteas ar custaiméir de chuid Soláthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe é chun Idirbhearta Intuairiscithe a dhéanamh. Ní bheidh feidhm a thuilleadh ag na forálacha comhfhreagracha san Airteagal seo agus in Iarscríbhinn VI chun na gcríoch sin.’ |
(7) |
leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
|
(8) |
in Airteagal 18, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘4. Cuirfidh údarás inniúil gach Ballstáit sásra éifeachtach i bhfeidhm chun a áirithiú go mbaintear úsáid as an bhfaisnéis a fhaightear trí thuairisciú nó malartú faisnéise faoi Airteagail 8 go 8ad.’ |
(9) |
in Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: ‘5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos foirmeacha ríomhairithe caighdeánacha, lena n-áirítear na socruithe teanga, sna cásanna seo a leanas:
Ní sháróidh na foirmeacha ríomhairithe caighdeánacha sin na comhpháirteanna le haghaidh an mhalartaithe faisnéise a liostaítear in Airteagail 8a(6), 8ab(14) agus 8ad(3), agus na réimsí eile sin lena mbaineann atá nasctha leis na comhpháirteanna sin a bhfuil gá leo chun cuspóirí Airteagail 8a, 8ab agus 8ad a bhaint amach, faoi seach. Leis na socruithe teanga dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, ní chuirfear cosc ar na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 8a agus 8ab a chur in iúl in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais. Mar sin féin, féadfar a fhoráil leis na socruithe teanga sin go seolfar gnéithe tábhachtacha den fhaisnéis sin i gceann amháin eile de theangacha oifigiúla an Aontais freisin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2).’ |
(10) |
leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
|
(11) |
in Airteagal 22, cuirtear na míreanna seo a leanas leis: ‘3. Coinneoidh na Ballstáit an taifid den fhaisnéis a fhaightear tríd an uathmhalartú faisnéise de bhun Airteagail 8 go 8ad ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá ach, in aon chás, ar feadh tréimhse nach giorra ná 5 bliana ón dáta a fuarthas faisnéis den sórt sin chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach. 4. Féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú go mbeidh cead ag eintiteas tuairiscithe deimhniú a fháil trí mhodhanna leictreonacha ar bhailíocht fhaisnéis TIN maidir le haon cháiníocóir atá faoi réir malartú faisnéise faoi Airteagail 8 go 8ad. Ní fhéadfar deimhniú fhaisnéis TIN a iarraidh ach amháin chun bailíochtú a dhéanamh ar chruinneas na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 8(1), 8(3a), 8a(6), 8aa(3), 8ab(14), 8ac(2) agus 8ad(3).’ |
(12) |
in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: ‘3. Déanfaidh gach Ballstát faireachán agus measúnú i ndáil leis féin, ar éifeachtacht an chomhair riaracháin i gcomhréir leis an Treoir seo, lena n-áirítear maidir le himghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac, agus cuirfidh sé torthaí a mheasúnaithe in iúl don Choimisiún uair sa bhliain. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhoirm agus na coinníollacha maidir leis an measúnú bliantúil sin a chur in iúl. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2).’ |
(13) |
leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:
|
(14) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25a: ‘Airteagal 25a Pionóis Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus a bhaineann le hAirteagail 8aa go 8ad agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur chun feidhme. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.’ |
(15) |
in Airteagal 27, scriostar mír 2; |
(16) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 27c TIN a thuairisciú agus a chur in iúl 1. Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá lena gceanglaítear go ndéanfaidh an t-eintiteas tuairiscithe nó an duine aonair TIN na ndaoine aonair tuairiscithe nó na n-eintiteas tuairiscithe arna n-eisiúint ag an mBallstát cónaithe a thuairisciú agus go gcuirfidh gach Ballstát in iúl é nuair a cheanglaítear sin go sainráite leis an Treoir seo agus de bhun na nAirteagal agus na nIarscríbhinní sin. 2. Maidir le tréimhsí inchánach dar tús an 1 Eanáir 2030 nó ina dhiaidh sin, déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá lena gceanglaítear go dtuairisceofar TIN na gcónaitheoirí arna n-eisiúint ag an mBallstát cónaithe, i gcás inar féidir, i ndáil leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8(1), an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (d), a mhéid is catagóirí ioncaim agus caipitil iad sin faoina gcuirfí faisnéis in iúl fiú mura mbeadh TIN ar fáil. 3. Maidir le tréimhsí inchánach dar tús an 1 Eanáir 2028 nó ina dhiaidh sin, déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá lena gceanglaítear go dtuairisceofar TIN na ndaoine aonair agus na n-eintiteas arna n-eisiúint ag an mBallstát cónaithe, i gcás inar féidir, i ndáil leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8a(6), pointí (a) agus (k), chomh maith le daoine aonair agus eintitis tuairiscithe i ndáil leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8aa(3), pointe (b), agus in Airteagal 8ab(14), pointe (h). 4. Maidir le tréimhsí inchánach dar tús an 1 Eanáir 2028 nó ina dhiaidh sin, déanfaidh gach Ballstát TIN na ndaoine aonair agus na n-eintiteas arna n-eisiúint ag an mBallstát cónaithe, i gcás ina bhfuair údarás inniúil an Bhallstáit é, a áireamh i gcur in iúl na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 8a(6), pointí (a) agus (k), chomh maith le daoine aonair agus eintitis tuairiscithe i ndáil le cur in iúl na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 8aa(3), pointe (b), agus in Airteagal 8ab(14), pointe (h).’ |
(17) |
leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo; |
(18) |
leasaítear Iarscríbhinn V i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo; |
(19) |
cuirtear isteach an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo mar Iarscríbhinn VI. |
Airteagal 2
1. Maidir leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2025. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar na tagairtí sin.
2. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, maidir leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 1, pointe 11, den Treoir seo agus Airteagal 1, pointe 16, den Treoir seo a mhéid a bhaineann le hAirteagal 27c(3) agus (4) de Threoir 2011/16/AE a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2027. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairt den sórt sin.
3. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, maidir leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 1, pointe 16, den Treoir seo a mhéid a bhaineann le hAirteagal 27c(2) de Threoir 2011/16/AE a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2029. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2030 ar aghaidh.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairt den sórt sin.
4. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh i Lucsamburg, an 17 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
N. CALVIÑO SANTAMARÍA
(1) Tuairim an 13 Meán Fómhair 2023 nár foilsíodh fós in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .
(2) Tuairim an 23 Márta 2023 (IO C 184, 25.5.2023, lch. 55).
(3) Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40).
(5) Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(7) Treoir 2014/107/AE ón gComhairle an 9 Nollaig 2014 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir leis an uathmhalartú faisnéise sainordaitheach i réimse an chánachais (IO L 359, 16.12.2014, lch. 1)
(8) Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).
(9) Treoir (AE) 2022/2523 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar agus do ghrúpaí mórscála intíre san Aontas(IO L 328, 22.12.2022, lch. 1)
(10) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1)
(11) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 8 Nollaig 2022, Orde van Vlaamse Balies and Others, C-694/20, ECLI:EU:C:2022:963.
(12) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2011/16/AE mar a leanas:
(1) |
leasaítear Roinn I mar a leanas:
|
(2) |
i Roinn VI, mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
(3) |
i Roinn VII, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
|
(4) |
leasaítear Roinn VIII mar a leanas:
|
(5) |
i Roinn IX, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: ‘Chun críocha na Treorach seo a bhaint amach, taifid dá dtagraítear sa chéad mhír, pointe (2), leanfaidh siad de bheith ar fáil tráth nach faide ná mar is gá ach, in aon chás, tráth nach giorra ná 5 bliana;’ |
(6) |
cuirtear an roinn seo a leanas léi: ‘ROINN XI BEARTA IDIRTHRÉIMHSEACHA D’ainneoin Roinn I, fomhír A(1), pointe (b) agus fomhír A(6a), i ndáil le gach Cuntas Intuairiscithe atá á choimeád ag Institiúid Airgeadais Tuairiscithe ón 31 Nollaig 2025 ar aghaidh agus le haghaidh tréimhsí tuairiscithe dar críoch an dara bliain féilire tar éis an dáta sin, ní gá faisnéis a thuairisciú i ndáil leis an ról/na róil, ar dá bhua/dá mbua is Duine Rialaithe nó sealbhóir Leasa Chothromais de chuid an Eintitis é gach Duine Intuairiscithe, ach amháin má tá an fhaisnéis sin ar fáil sna sonraí atá inchuardaithe go leictreonach arna gcothabháil ag an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe.’. |
(*1) Treoir (AE) 2023/226 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (IO L 2023/2226, 24.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2226/oj).’;’
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE mar a leanas:
(1) |
i Roinn I, mír C, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
|
(2) |
i Roinn II, scriostar fomhír B(3); |
(3) |
i Roinn III, mír B, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
|
(4) |
i Roinn IV, fomhír F(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
|
IARSCRÍBHINN III
‘IARSCRÍBHINN VI
CEANGLAIS TUAIRISCITHE, NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LE DÍCHEALL CUÍ, AGUS RIALACHA EILE IS INFHEIDHME MAIDIR LE SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ CRIPTEASHÓCMHAINNÍ TUAIRISCITHE
Leagtar síos leis an Iarscríbhinn seo ceanglais tuairiscithe, nósanna imeachta maidir le dícheall cuí, agus rialacha eile a chuirfidh na Soláthraithe Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe i bhfeidhm chun go mbeidh na Ballstáit in ann an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8ad a chur in iúl, trí uathmhalartú faisnéise.
Leagtar síos leis an Iarscríbhinn seo freisin na rialacha agus na nósanna imeachta riaracháin atá le bheith i bhfeidhm sna Ballstáit d’fhonn cur chun feidhme éifeachtach na gceanglas tuairiscithe agus na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a leagtar amach san Iarscríbhinn, agus comhlíonadh na gceanglas tuairiscithe agus na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí sin, a áirithiú.
ROINN I
OIBLEAGÁIDÍ SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ CRIPTEASHÓCMHAINNÍ TUAIRISCITHE
A. |
Tá Soláthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe, mar a shainmhínítear i Roinn IV, fomhír B(3), faoi réir na gceanglas tuairiscithe agus na gceanglas maidir le dícheall cuí a leagtar amach i Ranna II agus III, faoi seach, i mBallstát, más rud é:
|
B. |
Tá Soláthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe faoi réir na gceanglas tuairiscithe agus na gceanglas maidir le dícheall cuí a leagtar amach i Ranna II agus III, faoi seach, i mBallstát i ndáil le hIdirbhearta Intuairiscithe a chuirtear i bhfeidhm trí Bhrainse atá bunaithe i mBallstát. |
C. |
Ní cheanglaítear ar Sholáthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe, ar Eintiteas é, na ceanglais tuairiscithe agus na ceanglais maidir le dícheall cuí a leagtar amach i Ranna II agus III, faoi seach, a chur i gcrích i mBallstát a bhfuil sé faoina réir de bhun fhomhír A(2), pointe (b), (c) nó (d), má chuireann an Soláthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe sin na ceanglais sin i gcrích in aon Bhallstát eile nó i nDlínse Cháilithe Nach Dlínse de chuid an Aontais í de bhua é a bheith ina chónaí chun críoch cánach sa Bhallstát sin nó sa Dlínse Cháilithe sin Nach Dlínse de chuid an Aontais í. |
D. |
Ní cheanglaítear ar Sholáthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe, ar Eintiteas é, na ceanglais tuairiscithe agus na ceanglais maidir le dícheall cuí a leagtar amach i Ranna II agus III, faoi seach, a chur i gcrích i mBallstát a bhfuil sé faoina réir de bhun fhomhír A(2), pointe (c) nó (d), má chuireann an Soláthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe sin na ceanglais sin i gcrích in aon Bhallstát eile nó i nDlínse Cháilithe Nach Dlínse de chuid an Aontais í de bhua gur Eintiteas é (a) atá ionchorpraithe nó eagraithe faoi dhlíthe an Bhallstáit sin nó faoi dhlíthe na Dlínse Cáilithe Nach Dlínse de chuid an Aontais í agus (b) go bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige sa Bhallstát eile nó sa Dlínse Cháilithe eile Nach Dlínse de chuid an Aontais í nó go bhfuil oibleagáid air tuairisceáin chánach nó tuairisceáin faisnéise cánach a chomhdú chuig na húdaráis chánach sa Bhallstát eile nó sa Dlínse Cháilithe eile Nach Dlínse de chuid an Aontais í i ndáil le hioncam an Eintitis. |
E. |
Ní cheanglaítear ar Sholáthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe, ar Eintiteas é, na ceanglais tuairiscithe agus na ceanglais maidir le dícheall cuí a leagtar amach i Ranna II agus III, faoi seach, a chur i gcrích i mBallstát a bhfuil sé faoina réir de bhun fhomhír A(2), pointe (d), má chuireann an Soláthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe sin na ceanglais sin i gcrích in aon Bhallstát eile nó in aon Dlínse Cháilithe eile Nach Dlínse de chuid an Aontais í de bhua é a bheith á bhainistiú ón mBallstát sin nó ón Dlínse Cháilithe sin Nach Dlínse de chuid an Aontais í. |
F. |
Ní cheanglaítear ar Sholáthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe, ar duine aonair é, na ceanglais tuairiscithe agus na ceanglais maidir le dícheall cuí a leagtar amach i Ranna II agus III, faoi seach, a chur i gcrích i mBallstát a bhfuil sé faoina réir de bhun fhomhír A(2), pointe (d), má chuireann an Soláthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe sin na ceanglais sin i gcrích in aon Bhallstát eile nó in aon Dlínse Cháilithe eile Nach Dlínse de chuid an Aontais í de bhua é a bheith ina chónaí chun críoch cánach sa Bhallstát sin nó sa Dlínse Cháilithe sin Nach Dlínse de chuid an Aontais í. |
G. |
Ní cheanglaítear ar Sholáthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe na ceanglais tuairiscithe agus na ceanglais maidir le dícheall cuí a leagtar amach i Ranna II agus III, faoi seach, a chur i gcrích i mBallstát a bhfuil sé faoina réir de bhun fhomhír A(2), pointe (a), (b), (c) nó (d), má tá fógra taiscthe aige le Ballstát i bhformáid arna sonrú ag an mBallstát sin lena ndeimhnítear go bhfuil na ceanglais sin curtha i gcrích ag an Soláthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe sin faoi rialacha aon Bhallstáit eile nó aon Dlínse Cáilithe eile Nach Dlínse de chuid an Aontais í de bhun critéar atá comhchosúil go substaintiúil le fomhír A(2), pointe (a), (b), (c) nó (d), faoi seach. |
H. |
Ní cheanglaítear ar Sholáthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe na ceanglais tuairiscithe agus na ceanglais maidir le dícheall cuí a leagtar amach i Ranna II agus III, faoi seach, a chur i gcrích i mBallstát i ndáil le hIdirbhearta Intuairiscithe a dhéanann sé trí Bhrainse in aon Bhallstát eile nó in aon Dlínse Cháilithe eile Nach Dlínse de chuid an Aontais í, má chuireann an Brainse sin na ceanglais sin i gcrích sa Bhallstát eile sin nó sa Dlínse Cháilithe eile sin Nach Dlínse de chuid an Aontais í. |
ROINN II
CEANGLAIS TUAIRISCITHE
A. |
Déanfaidh Soláthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe, de réir bhrí Roinn I, mír A agus mír B, an fhaisnéis a leagtar amach i mír B den Roinn seo a thuairisciú d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé faoi réir ceanglais tuairiscithe i gcomhréir le Roinn I. |
B. |
Maidir le gach bliana féilire ábhartha nó tréimhse tuairiscithe iomchuí eile, agus faoi réir oibleagáidí Soláthraithe Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe a leagtar amach i Roinn I agus faoi réir na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a leagtar amach i Roinn III, tuairisceoidh Soláthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe an fhaisnéis seo a leanas dá Úsáideoirí Cripteashócmhainní ar Úsáideoirí Intuairiscithe iad nó ag a bhfuil Daoine Rialaithe ar Daoine Intuairiscithe iad:
|
C. |
D’ainneoin fhomhír B(1), ní cheanglaítear an áit bhreithe a thuairisciú mura gceanglaítear ar an Soláthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe í a fháil agus a thuairisciú faoin dlí náisiúnta. |
D. |
Déanfar an fhaisnéis a liostaítear i mír B a thuairisciú ar bhonn bliantúil sa bhliain féilire tar éis na bliana lena mbaineann an fhaisnéis. Cuirfear an chéad fhaisnéis in iúl don bhliain féilire ábhartha nó do thréimhse tuairiscithe iomchuí eile ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh. |
E. |
D’ainneoin mhíreanna A agus D den Roinn seo, ní cheanglófar ar Sholáthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe de réir bhrí Roinn I, fomhír A(2), pointe (a), (b), (c) nó (d), an fhaisnéis a leagtar amach i mír B den Roinn seo a sholáthar i ndáil le hÚsáideoir Intuairiscithe nó Duine Rialaithe Intuairiscithe a gcuireann an Soláthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe tuairisciú na faisnéise sin ina leith i gcrích i ndlínse nach dlínse de chuid an Aontais í a chumhdaítear le Comhaontú Éifeachtach Cáilitheach idir Údaráis Inniúla agus Ballstát cónaithe an Úsáideora Intuairiscithe sin nó an Duine Rialaithe sin. |
ROINN III
NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LE DÍCHEALL CUÍ
Caitear le hÚsáideoir Cripteashócmhainní mar Úsáideoir Intuairiscithe ag tosú amhail ón dáta a shainaithnítear é mar Úsáideoir den sórt sin de bhun na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a thuairiscítear sa Roinn seo.
A. |
Nósanna imeachta maidir le dícheall cuí d’Úsáideoirí Cripteashócmhainní Aonair Tá feidhm ag na nósanna imeachta seo a leanas chun a chinneadh an Úsáideoir Intuairiscithe é an tÚsáideoir Cripteashócmhainní Aonair.
|
B. |
Nósanna imeachta maidir le dícheall cuí d’Úsáideoirí Cripteashócmhainní Eintitis Tá feidhm ag na nósanna imeachta seo a leanas chun a chinneadh an Úsáideoir Intuairiscithe nó Eintiteas é an tÚsáideoir Cripteashócmhainní Eintitis, seachas Duine Eisiata nó Eintiteas Gníomhach, ag a bhfuil Duine Rialaithe amháin nó níos mó ar Daoine Intuairiscithe iad.
|
C. |
Ceanglais maidir le bailíocht féindeimhniúchán
|
D. |
Ceanglais ghinearálta maidir le dícheall cuí
|
ROINN IV
TÉARMAÍ SAINMHÍNITHE
Tá an bhrí a leagtar amach thíos ag na Téarmaí seo a leanas:
A. |
Cripteashócmhainn Intuairiscithe
|
B. |
Soláthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe
|
C. |
Idirbheart Intuairiscithe
|
D. |
Úsáideoir Intuairiscithe
|
E. |
Duine Eisiata
|
F. |
Ilghnéitheach
|
ROINN V
CUR CHUN FEIDHME ÉIFEACHTACH
A. |
Rialacha chun na ceanglais bhailithe agus fíoraithe a leagtar síos i Roinn III a fhorfheidhmiú
|
B. |
Rialacha lena gceanglaítear ar Sholáthraithe Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe taifid a choimeád de na bearta a ghlactar agus ar aon fhaisnéis ar a mbraitear le haghaidh fheidhmiú na gceanglas tuairiscithe agus na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus bearta leordhóthanacha a dhéanamh chun na taifid sin a fháil
|
C. |
Nósanna imeachta riaracháin chun a fhíorú go gcomhlíonann Soláthraithe Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe na ceanglais tuairiscithe agus na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí Leagfaidh na Ballstáit síos nósanna imeachta riaracháin chun a fhíorú go gcomhlíonann Soláthraithe Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe na ceanglais tuairiscithe agus na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a leagtar amach i Ranna II agus III, faoi seach. |
D. |
Nósanna imeachta riaracháin chun obair leantach a dhéanamh le Soláthraithe Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe i gcás ina dtuairiscítear faisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn Leagfaidh na Ballstáit síos nósanna imeachta chun obair leantach a dhéanamh le Soláthraithe Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a thuairisceofar neamhiomlán nó míchruinn. |
E. |
Nós imeachta riaracháin maidir le húdarú Soláthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Déanfaidh údarás inniúil Ballstáit a thugann údarú do Sholáthraithe Seirbhísí Cripteashócmhainní i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/1114 liosta de na Soláthraithe Seirbhísí Cripteashócmhainní údaraithe uile a chur in iúl don údarás inniúil go tráthrialta agus ar a dhéanaí roimh an 31 Nollaig den bhliain féilire ábhartha nó de thréimhse tuairiscithe iomchuí eile, faoin Treoir seo, más údarás éagsúil é sin. |
F. |
Nós imeachta riaracháin maidir le clárú aonair Oibreora Cripteashócmhainní
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2226/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)