European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2225

30.10.2023

TREOIR (AE) 2023/2225 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Deireadh Fómhair 2023

maidir le creidmheasanna tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/48/CE

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos rialacha ar leibhéal an Aontais a bhaineann le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí.

(2)

In 2014, thíolaic an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme Threoir 2008/48/CE. In 2020, thíolaic an Coimisiún an dara tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach sin agus Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin ina raibh torthaí meastóireachta um oiriúnacht agus feidhmíocht rialála ar an Treoir sin, lenar áiríodh comhairliúchán leathan le páirtí leasmhara ábhartha.

(3)

Leis na tuarascálacha agus na comhairliúcháin sin, nochtadh go raibh Treoir 2008/48/CE éifeachtach i bpáirt chun ardchaighdeáin cosanta tomhaltóirí a áirithiú agus forbairt margaidh aonair le haghaidh creidmheasa a chothú, agus go bhfuil na cuspóirí sin fós ábhartha. Eascraíonn na cúiseanna nach raibh an Treoir sin ach éifeachtach i bpáirt ón Treoir féin, mar gheall, mar shampla ar fhoclaíocht neamhbheacht in airteagail ar leith, agus ó imthosca seachtracha, mar shampla na forbairtí atá nasctha le digitiú, cur i bhfeidhm agus forghníomhú praiticiúil sna Ballstáit agus ón bhfíric go bhfuil gnéithe den mhargadh creidmheasa tomhaltóirí ann nach gcumhdaítear leis an Treoir sin.

(4)

Rannchuidigh an digitiú le forbairtí margaidh nár tuaradh tráth a glacadh Treoir 2008/48/CE. Go deimhin, tá athruithe suntasacha tagtha ar an margadh creidmheasa do thomhaltóirí de bharr na mearfhorbairtí teicneolaíocha a cláraíodh ó glacadh an Treoir sin, ó thaobh an tsoláthair de agus ó thaobh an éilimh de araon, mar shampla teacht chun cinn táirgí nua agus forbairt iompraíocht agus roghanna na dtomhaltóirí.

(5)

Mar gheall ar fhoclaíocht neamhbheacht forálacha áirithe de Threoir 2008/48/CE, lena gceadaítear do na Ballstáit forálacha éagsúla a ghlacadh a théann thar na forálacha dá bhforáiltear sa Treoir sin, bhí creat rialála ilroinnte ann ar fud an Aontais i roinnt gnéithe de chomhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí.

(6)

Mar gheall ar an staid de facto agus de jure atá mar thoradh ar na difríochtaí náisiúnta sin i roinnt cásanna, tagann saobhadh iomaíochta i measc creidiúnaithe san Aontas as sin agus cruthaítear bacainní ar an margadh inmheánach. Cuirtear srian le cumas na dtomhaltóirí tairbhiú de thairiscint creidmheasa trasteorann, tairiscint atá ag dul i méid de réir a chéile, agus meastar go dtiocfaidh méadú breise air sin mar thoradh ar an digitiú. Dá réir sin, is féidir go mbeidh iarmhairtí ag an saobhadh agus ag na srianta sin i dtéarmaí éilimh laghdaithe ar earraí agus seirbhísí. Mar thoradh ar an staid sin freisin, tá leibhéal neamhleor agus neamh-chomhsheasmhach cosanta ann do thomhaltóirí ar fud an Aontais.

(7)

Le blianta beaga anuas, tháinig athrú ar an gcreidmheas a thairgtear do thomhaltóirí agus tá éagsúlacht mhór ag baint leis anois. Tháinig táirgí nua creidmheasa chun cinn, go háirithe sa timpeallacht ar líne, agus tagann forbairt leanúnach ar a n-úsáid. Mar thoradh air sin, tá éiginnteacht dhlíthiúil ann i ndáil le cur i bhfeidhm Threoir 2008/48/CE maidir leis na táirgí nua sin.

(8)

Comhlánaíonn an Treoir seo na rialacha a leagtar amach i dTreoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart a shoiléiriú, i gcás coinbhleacht idir forálacha na Treorach seo agus forálacha na Treorach sin, gur cheart feidhm a bheith ag forálacha na Treorach seo, mar lex specialis.

(9)

I gcomhréir le hAirteagal 26 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), cuimsíonn an margadh inmheánach limistéar ina n-áirithítear saorghluaiseacht earraí, daoine agus seirbhísí. Má dhéantar creat dlíthiúil níos trédhearcaí agus níos éifeachtúla a fhorbairt le haghaidh creidmheas tomhaltóirí, ba cheart muinín agus cosaint tomhaltóirí a mhéadú, agus forbairt gníomhaíochtaí trasteorann a éascú.

(10)

Chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh creidmheasanna tomhaltóirí a fheabhsú, is gá foráil a dhéanamh maidir le creat comhchuibhithe Aontais i roinnt príomhréimsí. I bhfianaise an mhargaidh atá ag forbairt i gcreidmheas tomhaltóirí, go háirithe sa timpeallacht ar líne, agus soghluaisteacht mhéadaitheach shaoránaigh an Aontais, le reachtaíocht réamhbhreathnaitheach ón Aontas lenar féidir oiriúnú d’fhoirmeacha creidmheasa amach anseo agus lena dtugtar an méid iomchuí solúbthachta do na Ballstáit maidir lena gcur chun feidhme, cuideofar le cothroime iomaíochta a chruthú do ghnólachtaí.

(11)

Le hAirteagal 169(1) agus Airteagal 169(2), pointe (a), CFAE, foráiltear go bhfuil an tAontas le rannchuidiú le gnóthú ardleibhéil cosanta tomhaltóirí trí bhearta a ghlactar de bhun Airteagal 114 CFAE. Le hAirteagal 38 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) foráiltear go bhfuil ardleibhéal cosanta tomhaltóirí le háirithiú le beartais ón Aontas.

(12)

Tá sé tábhachtach go mbainfeadh tomhaltóirí tairbhe as ardleibhéal cosanta. Mar sin, ba cheart é a bheith indéanta saorghluaiseacht tairiscintí creidmheasa a dhéanamh faoi na dálaí is fearr dóibh sin a thairgeann creidmheas agus dóibh sin a cheanglaíonn é araon, agus aird chuí á tabhairt ar staideanna sonracha sna Ballstáit.

(13)

Tá gá le comhchuibhiú iomlán chun a áirithiú go mbeidh leasanna na dtomhaltóirí uile san Aontas cosanta ar ardleibhéal agus ar leibhéal coibhéiseach agus chun margadh inmheánach dea-fheidhmiúil a chruthú. Dá bhrí sin, níor cheart a cheadú do na Ballstáit forálacha náisiúnta a choinneáil ar bun ná a thabhairt isteach a imíonn ó na cinn úd a leagtar síos sa Treoir seo mura bhforáiltear dá mhalairt sa Treoir seo. Níor cheart feidhm a bheith ag an srian sin, áfach, ach amháin i gcás ina bhfuil forálacha comhchuibhithe sa Treoir seo. I gcás nach ann d’aon fhoráil chomhchuibhithe den sórt sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith saor i gcónaí chun reachtaíocht náisiúnta a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach. Dá réir sin, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit forálacha náisiúnta a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach maidir le dliteanas comhpháirteach sholáthróir na n-earraí nó sholáthraí na seirbhísí agus an chreidiúnaí. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit freisin forálacha náisiúnta a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach maidir le cealú conartha chun earraí a dhíol nó seirbhísí a sholáthar má fheidhmíonn an tomhaltóir a cheart nó a ceart chun tarraingt siar ón gcomhaontú creidmheasa. I ndáil leis sin, i gcás comhaontuithe creidmheasa imrothlaigh, ba cheart a cheadú do na Ballstáit íostréimhse a shocrú is gá a ligean in éag idir an tráth a iarrann an creidiúnaí aisíocaíocht agus an lá nach mór an creidmheas a aisíoc.

(14)

Cinntear raon feidhme an chomhchuibhithe leis na sainmhínithe a leagtar amach sa Treoir seo. Dá bhrí sin, ba cheart an oibleagáid ar na Ballstáit chun an Treoir seo a thrasuí a bheith teoranta dá raon feidhme mar a chinntear leis na sainmhínithe sin. Mar sin féin, ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar do chur i bhfeidhm fhorálacha na Treorach seo ag na Ballstáit, i gcomhréir le dlí an Aontais, maidir le réimsí nach gcumhdaítear lena raon feidhme. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh Ballstát reachtaíocht náisiúnta a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach, reachtaíocht náisiúnta a chomhfhreagraíonn don Treoir seo nó d’fhorálacha áirithe den Treoir seo maidir le comhaontuithe creidmheasa a thagann lasmuigh dá raon feidhme, mar shampla i ndáil le comhaontuithe creidmheasa arb amhlaidh, ar iad a bheith tugtha i gcrích, a iarrtar ar an tomhaltóir ní a thaisceadh mar urrús i slánchoimeád an chreidiúnaí agus ina bhfuil dliteanas an tomhaltóra teoranta go docht don ní sin atá curtha i dtaisce, nó i dtaca le comhaontuithe creidmheasa lena mbaineann méid iomlán creidmheasa is mó ná EUR 100 000. Thairis sin, d’fhéadfadh na Ballstáit an Treoir seo a chur i bhfeidhm freisin maidir le creidmheas nasctha nach dtagann faoi réim an tsainmhínithe ar chomhaontú creidmheasa nasctha a leagtar amach sa Treoir seo. Mar sin, d’fhéadfaí forálacha na Treorach seo maidir le comhaontuithe creidmheasa nasctha a chur i bhfeidhm maidir le comhaontuithe creidmheasa nach bhfónann ach i bpáirt chun conradh a mhaoiniú le hearraí a sholáthar nó seirbhís a sholáthar.

(15)

Tá Treoir 2008/48/CE curtha i bhfeidhm ag roinnt Ballstát maidir le réimsí nach gcumhdaítear lena raon feidhme chun an leibhéal cosanta tomhaltóirí a fheabhsú, agus tá rialacha difriúla náisiúnta ag Ballstáit eile lena rialaítear na réimsí sin a eascraíonn as sonraíochtaí margaidh, rud a fhágann go bhfuil éagsúlachtaí áirithe ann go fóill idir dlí náisiúnta na mBallstát éagsúil i ndáil leis na cineálacha creidmheasa sin. Go deimhin, is féidir le roinnt de na comhaontuithe creidmheasa nach dtagann faoi raon feidhme Threoir 2008/48/CE a bheith díobhálach do thomhaltóirí, lena n-áirítear comhaontuithe creidmheasa gearrthéarmacha a bhfuil costas ard ag baint leo a mbíonn a méid níos ísle de ghnáth ná an íostairseach EUR 200 a leagtar amach sa Treoir sin. Sa chomhthéacs sin, agus leis an aidhm ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí agus an margadh creidmheasa tomhaltóirí trasteorann a éascú, ba cheart a chumhdach leis an Treoir seo roinnt comhaontuithe a bhí eisiata ó raon feidhme Threoir 2008/48/CE, amhail comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí lena mbaineann méid iomlán creidmheasa is lú ná EUR 200. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart táirgí eile a d’fhéadfadh a bheith díobhálach, mar gheall ar na costais arda atá orthu nó na táillí arda a bhaineann leo i gcás íocaíochtaí a chailltear, a chumhdach leis an Treoir seo, chun trédhearcacht mhéadaithe agus cosaint níos fearr a áirithiú do thomhaltóirí, rud as a dtiocfaidh muinín tomhaltóirí níos airde. Chuige sin, maidir le comhaontuithe fruilithe nó léasaithe a bhfuil rogha ceannaigh ag gabháil leo, comhaontuithe creidmheasa i bhfoirm saoráid rótharraingthe agus i gcás inar gá an creidmheas a aisíoc laistigh de 1 mhí, comhaontuithe creidmheasa i gcás ina ndeonaítear an creidmheas saor ó ús agus gan aon mhuirear eile, agus comhaontuithe creidmheasa ar faoina dtéarmaí atá an creidmheas le haisíoc laistigh de 3 mhí agus nach bhfuil ach muirir neamhshuntasacha iníoctha, níor cheart iad a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo. Mar sin féin, i gcás roinnt de na comhaontuithe creidmheasa sin a eisiadh ó raon feidhme Threoir 2008/48/CE agus ar cheart iad a chumhdach faoin Treoir seo, eadhon comhaontuithe creidmheasa lena mbaineann méid iomlán creidmheasa is lú ná EUR 200, creidmheas a dheonaítear saor ó ús agus gan aon mhuirir eile agus gan ach muirir theoranta is iníoctha ag an tomhaltóir as íocaíochtaí déanacha agus creidmheas atá le haisíoc laistigh de 3 mhí agus nach bhfuil ach muirir neamhshuntasacha ag baint leis, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cur i bhfeidhm líon sainithe teoranta d’fhorálacha na Treorach seo a eisiamh, ar forálacha iad a bhaineann le fógraíocht, faisnéis réamhchonarthach agus faisnéis chonarthach, chun ualach nach bhfuil gá leis ar chreidiúnaithe a sheachaint, agus sainiúlachtaí an mhargaidh agus saintréithe áirithe na gcomhaontuithe creidmheasa sin á gcur san áireamh, mar shampla a ré níos giorra, agus leibhéal níos airde cosanta tomhaltóirí á áirithiú ag an am céanna.

(16)

Maidir le scéimeanna ‘ceannaigh anois, íoc níos déanaí’ ina ndeonaíonn an creidiúnaí creidmheas do thomhaltóir chun críche earraí nó seirbhísí arna soláthar ag soláthróir a cheannach, agus chun na críche sin amháin, ar uirlisí digiteacha nua airgeadais iad lena ligtear do thomhaltóirí rudaí a cheannach agus íoc astu de réir a chéile, is minic a dheonaítear scéimeanna den sórt sin saor ó ús agus gan aon mhuirir eile, agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a áireamh i raon feidhme na Treorach seo.

(17)

Maidir le híocaíochtaí iarchurtha áirithe, i gcás ina dtugann soláthróir earraí nó soláthraí seirbhísí am don tomhaltóir íoc as earra nó as seirbhís saor ó ús agus gan aon mhuirir eile seachas muirir theoranta ar íocaíochtaí déanacha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo, ar choinníoll nach bhfuil aon tríú páirtí ann, mar shampla i scéimeanna ‘ceannaigh anois, íoc níos déanaí’, a thairgeann creidmheas as an earra nó as an tseirbhís agus go bhfuil an íocaíocht le forghníomhú go hiomlán laistigh de thréimhse theoranta ama 50 lá ó sheachadadh an earra nó ó sholáthar na seirbhíse sin. Go deimhin, is cleachtais ghnó iad na híocaíochtaí iarchurtha sin a úsáidtear go coitianta chun ligean do thomhaltóirí íoc tar éis dóibh na hearraí nó na seirbhísí a fháil, rud a théann chun tairbhe do thomhaltóirí, mar shampla i gcás íocaíocht iarchurtha billí leighis ina dtugann ospidéil am do thomhaltóirí íoc as costais leighis. Ba cheart an t-eisiamh sin a shrianadh do sholáthróirí móra áirithe earraí ar líne nó soláthraithe móra áirithe seirbhísí ar líne a bhfuil rochtain acu ar bhonn mór custaiméirí, i gcás nach bhfuil creidmheas á thairiscint nó á cheannach ag tríú páirtí agus i gcás ina bhfuil íocaíocht le déanamh ina hiomláine laistigh de 14 lá ó sheachadadh na n-earraí nó na seirbhísí sin, saor ó ús agus gan aon mhuirir eile agus gan ach muirir theoranta is iníoctha ag an tomhaltóir as íocaíochtaí déanacha arna bhforchur i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Bheadh na soláthróirí móra ar líne sin, i bhfianaise a n-acmhainneachtaí airgeadais agus a gcumais tomhaltóirí a spreagadh i dtreo tobcheannaigh agus go bhféadfadh róthomhaltas a bheith ann, in ann, murach sin, íocaíocht iarchurtha a thairiscint ar bhealach an-fhairsing gan aon chosaint a thabhairt do thomhaltóirí agus iomaíocht chóir le soláthróirí eile earraí nó soláthraithe eile seirbhísí a lagú. Leis an srian sin, cheadófaí i gcónaí do thomhaltóirí íocaíochtaí a dhéanamh ar bhealach áisiúil laistigh de 2 sheachtain, agus d’áiritheofaí ag an am céanna, más mian le soláthróirí móra earraí ar líne nó soláthraithe móra seirbhísí ar líne creidmheas a sholáthar ar mhórscála le tréimhse ama níos faide, go mbeadh siad faoi réir na Treorach seo.

(18)

Mar a thuairiscítear in aithris 17 de Rialachán (AE) 2015/751 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), is cártaí creidmheasa iad cártaí dochair iarchurtha atá ar fáil go coitianta ar an margadh ina gcuirtear méid iomlán na n-idirbheart do dhochar chuntas shealbhóir an chárta ar dháta sonrach réamhaontaithe, uair sa mhí de ghnáth, gan ús a bheith le híoc. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann comhaontuithe creidmheasa áirithe i bhfoirm cártaí dochair iarchurtha a dhíolmhú ón Treoir seo, toisc gur féidir leis na comhaontuithe creidmheasa sin cabhrú le teaghlaigh a mbuiséad a choigeartú níos fearr d’ioncam míosúil, nuair is gá an creidmheas a aisíoc laistigh de 40 lá agus é saor ó ús agus gan aon mhuirir eile agus gan ach muirir theoranta a bhaineann le soláthar na seirbhíse íocaíochta, agus nuair a sholáthraíonn institiúid creidmheasa nó institiúid íocaíochta é. Ba cheart an díolúine sin a bheith gan dochar do chur i bhfeidhm na bhforálacha ábhartha maidir le saoráidí rótharraingthe nó rótharraingt intuigthe, forálacha ar cheart feidhm a bheith acu i gcás ina dtéann an aisíocaíocht thar an iarmhéid deimhneach sa chuntas reatha.

(19)

Níor cheart comhaontuithe fruilithe nó léasaithe, i gcás nach leagtar síos sa chomhaontú féin nó i gcomhaontú ar leithligh oibleagáid nó rogha don tomhaltóir maidir le ceannach chuspóir an chomhaontaithe, mar shampla comhaontuithe a bhaineann le cíos, agus leis sin amháin, níor cheart iad a áireamh i raon feidhme na Treorach seo ós rud é nach mbíonn aon aistriú féideartha maoine i gceist leo faoi dheireadh an chonartha.

(20)

Thairis sin, ba cheart na comhaontuithe creidmheasa uile suas go dtí EUR 100 000 a áireamh i raon feidhme na Treorach seo. Ba cheart uastairseach na gcomhaontuithe creidmheasa a leagtar amach sa Treoir seo a bheith níos airde ná an tairseach a leagtar amach i dTreoir 2008/48/CE chun an t-innéacsú maidir le héifeachtaí an bhoilscithe ó 2008 i leith agus do na blianta atá le teacht a chur san áireamh.

(21)

I gcás comhaontuithe creidmheasa lena ndéantar foráil do shocruithe idir an creidiúnaí agus an tomhaltóir i dtaca le híocaíocht iarchurtha nó modhanna aisíocaíochta, i gcás ina bhfuil an tomhaltóir ar mainneachtain cheana nó inar dócha go mbeidh sé ar mainneachtain maidir leis an gcomhaontú creidmheasa tosaigh, nuair is dócha go seachnóidh na socruithe sin an fhéidearthacht go mbeadh imeachtaí breithiúnacha ann a bhaineann leis an mainneachtain agus nach lú fabhar a dtéarmaí ná na cinn a leagtar síos sa chomhaontú creidmheasa tosaigh, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh gan ach líon teoranta d’fhorálacha na Treorach seo a chur i bhfeidhm, inter alia trí chreidiúnaithe a dhíolmhú ón oibleagáid measúnú acmhainneachta creidmheasa a dhéanamh. Ní hionann sin agus cosc a chur ar thomhaltóirí a bhfuil deacracht íocaíochta acu comhaontú creidmheasa nua a fháil a chabhródh leo a gcreidmheas tosaigh a aisíoc ar bhealach níos éasca. Mheasfaí gur dócha go mainneodh tomhaltóirí, mar shampla, i gcásanna ina gcaillfeadh siad a bpost.

(22)

Ó 2008 i leith, tá forbairt ag teacht ar an sluachistiú, le haghaidh costas beag nó infheistíochtaí, de ghnáth, mar chineál maoiniúcháin atá ar fáil do thomhaltóirí. Oibríonn soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin ardán digiteach atá oscailte don phobal chun iasachtóirí ionchasacha, bídís ag gníomhú le linn a dtrádála, a ngnó nó a ngairme nó ná bíodh, a mheaitseáil le tomhaltóirí a bhíonn ag iarraidh cistiú, nó chun an mheaitseáil sin a éascú. D’fhéadfadh an cistiú sin a bheith i bhfoirm creidmheasa tomhaltóirí. I gcás ina soláthróidh soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin creidmheas go díreach do thomhaltóirí, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha na Treorach seo a bhaineann le creidiúnaithe maidir leo. I gcás ina n-éascaíonn soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin deonú creidmheasa idir creidiúnaithe ag gníomhú dóibh le linn a gcuid trádála, a ngnó nó a ngairme, agus tomhaltóirí, ba cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí do chreidiúnaithe faoin Treoir seo maidir leis na creidiúnaithe sin. I gcás mar sin, gníomhaíonn soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin mar idirghabhálaithe creidmheasa, agus mar sin, ba cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí d’idirghabhálaithe creidmheasa faoin Treoir seo maidir leo.

(23)

I gcás cineálacha comhaontuithe creidmheasa sonracha nach bhfuil ach cuid de na forálacha den Treoir seo infheidhme maidir leo, ba cheart do na Ballstáit a bheith saor i gcónaí chun rialáil a dhéanamh, ina ndlí náisiúnta, ar na cineálacha comhaontuithe creidmheasa sin a mhéid a bhaineann le gnéithe eile nach ndéantar a chomhchuibhiú leis an Treoir seo.

(24)

Comhaontuithe maidir le soláthar seirbhísí, ar bhonn leanúnach, nó maidir le soláthar earraí den chineál céanna, i gcás ina n-íocfaidh an tomhaltóir astu ar feadh fhad a soláthair trí thráthchodanna, is féidir go mbeidh siad an-éagsúil, i dtéarmaí leasanna na bpáirtithe conarthacha lena mbaineann, agus rialacha mionsonraithe agus fheidhmiú na n-idirbheart, le comhaontuithe creidmheasa a chumhdaítear leis an Treoir seo. Dá bhrí sin, níor cheart na comhaontuithe sin a mheas mar chomhaontuithe creidmheasa chun críocha na Treorach seo. Áirítear leis na comhaontuithe sin, mar shampla, conradh árachais i gcás ina n-íoctar as an árachas i dtráthchodanna míosúla.

(25)

Comhaontuithe creidmheasa lena gcumhdaítear deonú creidmheasa a urraítear le maoin dhochorraithe agus comhaontuithe creidmheasa arb é is cuspóir dóibh maoiniú a dhéanamh ar éadáil nó ar choinneáil ceart maoine i dtalamh nó i bhfoirgneamh atá ann cheana nó atá beartaithe, lena n-áirítear áitreabh a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí trádála, gnó agus gairme, ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo ós rud é go ndéantar iad a rialáil le Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Níor cheart a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo, áfach, creidmheasanna arb é is cuspóir dóibh maoin chónaithe dhochorraithe a athchóiriú lena mbaineann méid iomlán is mó ná EUR 100 000 agus nach bhfuil urraithe le morgáiste nó le hurrús inchomparáide eile a úsáidtear go coitianta i mBallstát ar mhaoin dhochorraithe nó le ceart a bhaineann le maoin dhochorraithe.

(26)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo gan beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil an creidiúnaí ina dhuine dlítheanach nó nádúrtha. Leis an Treoir seo, áfach, níor cheart difear a dhéanamh do cheart na mBallstát soláthar creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a theorannú do dhaoine dlítheanacha, agus dóibh sin amháin, nó do dhaoine dlítheanacha áirithe.

(27)

Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha áirithe den Treoir seo maidir le hidirghabhálaithe creidmheasa, ar daoine nádúrtha agus dlítheanacha iad, arb amhlaidh, le linn a gcuid trádála, gnó nó gairme, a chuireann comhaontuithe creidmheasa faoi bhráid tomhaltóirí nó a thairgeann dóibh iad, ar luach saothair, a chuidíonn le tomhaltóirí trí obair ullmhúcháin a dhéanamh i leith comhaontuithe creidmheasa nó a thugann comhaontuithe creidmheasa i gcrích le tomhaltóirí thar ceann an chreidiúnaí.

(28)

Ba cheart faisnéis, mar shampla mínithe leordhóthanacha, faisnéis réamhchonarthach, faisnéis ghinearálta agus faisnéis maidir le bunachair sonraí a chuardach, a chur ar fáil saor in aisce do thomhaltóirí. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar riachtanais daoine faoi mhíchumas.

(29)

Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt. Go háirithe, tugtar lánurraim leis an Treoir seo do na cearta maidir le cosaint sonraí pearsanta, chun maoine, chun neamh-idirdhealú, chun cosaint shaol an teaghlaigh agus an tsaoil ghairmiúil, agus cosaint tomhaltóirí de bhun na Cairte.

(30)

Ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a bhfuil feidhm aige maidir le haon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann creidiúnaithe agus idirghabhálaithe creidmheasa a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, agus go háirithe gan dochar do na prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta a leagtar amach in Airteagal 5 den Rialachán sin, lena n-áirítear íoslaghdú sonraí, cruinneas agus teorannú de réir cuspóra.

(31)

I dtaca le tomhaltóirí a bhfuil cónaí orthu go dleathach san Aontas, níor cheart idirdhealú a dhéanamh orthu mar gheall ar a náisiúntacht ná a n-áit chónaithe, nó ar aon fhoras dá dtagraítear in Airteagal 21 den Chairt nuair atá comhaontú creidmheasa laistigh den Aontas á iarraidh, á thabhairt i gcrích nó á shealbhú acu. Tá an méid sin gan dochar don fhéidearthacht coinníollacha éagsúla rochtana ar chreidmheas a thairiscint i gcás ina dtugtar údar cuí leis na coinníollacha éagsúla sin de réir critéar oibiachtúil. Thairis sin, níor cheart a thuiscint leis sin go gcruthaítear oibleagáid ar chreidiúnaithe nó ar idirghabhálaithe creidmheasa seirbhísí a sholáthar i réimsí nach ndéanann siad gnó iontu.

(32)

Ba cheart tomhaltóirí a chosaint ar chleachtais éagóracha nó mhíthreoracha, go háirithe i ndáil leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn an creidiúnaí nó an t-idirghabhálaí creidmheasa, i gcomhréir le Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Tá feidhm fós ag an Treoir sin maidir le comhaontuithe creidmheasa agus oibríonn sí mar ‘eangach shábháilteachta’ lena n-áirithítear gur féidir ardleibhéal cosanta coiteann do thomhaltóirí a choinneáil ar bun in aghaidh cleachtais tráchtála éagóracha i ngach earnáil, lena n-áirítear trí bhearnaí i ndlí eile an Aontais a chomhlánú.

(33)

Ba cheart forálacha sonracha a leagan síos maidir le fógraíocht a bhaineann le comhaontuithe creidmheasa agus maidir le míreanna áirithe d’fhaisnéis chaighdeánach atá le soláthar do thomhaltóirí chun é a chur ar a gcumas dóibh, go háirithe, tairiscintí éagsúla a chur i gcomparáid le chéile. Ba cheart an fhaisnéis chaighdeánach sin a thabhairt ar bhealach soiléir, gonta agus feiceálach trí shampla ionadaíoch. Ba cheart méid iomlán an chreidmheasa agus ré na haisíocaíochta a roghnóidh an creidiúnaí don sampla ionadaíoch sin a bheith comhfhreagrach, a mhéid agus is féidir, do shaintréithe an chomhaontaithe creidmheasa a fhógraíonn an creidiúnaí. Ba cheart an fhaisnéis chaighdeánach a léiriú roimh ré agus go suntasach, ar bhealach soiléir agus i bhformáid tharraingteach. Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith inléite go soiléir agus oiriúnaithe chun na srianta teicniúla de chuid meáin áirithe, mar shampla scáileáin fóin shoghluaiste, a chur san áireamh. Ar chainéil dhigiteacha, d’fhéadfaí cuid den fhaisnéis chaighdeánach sa sampla ionadaíoch a chur ar fáil trí chliceáil, scrollú nó svaidhpeáil. Sula dtugtar rochtain ar thairiscintí creidmheasa, áfach, ba cheart an fhaisnéis chaighdeánach go léir atá le cur san áireamh san fhógraíocht a bhaineann le comhaontuithe creidmheasa a chur faoi bhráid na dtomhaltóirí fiú amháin i gcás cliceála, scrollaithe nó svaidhpeála. Ba cheart freisin an bhunfhaisnéis a scaradh go soiléir ó aon fhaisnéis bhreise a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa. Maidir le coinníollacha fógraíochta sealadacha, mar shampla ráta ‘mealltach’ le ráta iasachta níos ísle le haghaidh mhíonna tosaigh an chomhaontaithe creidmheasa, ní mór iad a shainaithint go soiléir amhlaidh. Ba cheart do thomhaltóirí a bheith in ann an fhaisnéis fhíor-riachtanach uile a fheiceáil d’aon amharc, fiú amháin nuair a bhreathnaíonn siad uirthi ar scáileán fóin shoghluaiste.

Ba cheart uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an chreidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an idirghabhálaí creidmheasa a chur in iúl freisin don tomhaltóir chun a chur ar a chumas dó nó ar a cumas di dul i dteagmháil leis an gcreidiúnaí nó leis an idirghabhálaí creidmheasa go tapa agus go héifeachtúil. Ba cheart uasteorainn a sholáthar i gcás nach féidir an méid iomlán creidmheasa a léiriú mar na suimeanna iomlána a chuirtear ar fáil, go háirithe i gcás ina dtugtar le comhaontú creidmheasa saoirse tarraingthe anuas don tomhaltóir le teorainn maidir leis an méid. Leis an uasteorainn ba cheart an uasteorainn creidmheasa is féidir a chur ar fáil don tomhaltóir a léiriú. I gcásanna sonracha agus a bhfuil bonn cirt leo, chun feabhas a chur ar thuiscint an tomhaltóra ar fhaisnéis a nochtar i bhfógraíocht maidir le comhaontuithe creidmheasa i gcás nach gceadaítear leis an meán a úsáidtear an fhaisnéis sin a thaispeáint ó amharc, mar shampla i bhfógraíocht raidió, ba cheart an méid faisnéise a nochtar a laghdú. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith saor i gcónaí chun ceanglais faisnéise a rialáil ina ndlí náisiúnta maidir le fógraíocht ar chomhaontuithe creidmheasa nach bhfuil faisnéis maidir leis an gcostas creidmheasa inti. Chun cásanna mídhíola creidmheasa a laghdú do thomhaltóirí nach bhfuil in ann é a íoc agus iasachtú inbhuanaithe a chur chun cinn, ba cheart, i ngach cás, rabhadh soiléir feiceálach a bheith i bhfógraíocht comhaontuithe creidmheasa chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi chostais airgid a fháil ar iasacht. Chun leibhéal níos airde cosanta do thomhaltóirí a áirithiú, ba cheart cosc a chur ar fhógraí áirithe, mar shampla iad siúd a spreagann tomhaltóirí chun creidmheas a lorg trína thabhairt le tuiscint go gcuirfeadh creidmheas feabhas ar a staid airgeadais nó trína shonrú nach bhfuil mórán tionchair nó tionchar ar bith ag creidmheas atá cláraithe i mbunachair sonraí ar mheasúnú ar iarratas ar chreidmheas. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit freisin cosc a chur ar fhógraí a mheasann siad a bheith baolach do thomhaltóirí, mar shampla na fógraí sin lena leagtar béim ar a éasca nó a thapúla is féidir creidmheas a fháil.

(34)

Le meán marthanach, lena n-áirítear páipéar agus leaganacha digiteacha idir-inoibritheacha, iniompartha agus meaisín-inléite de dhoiciméid, ba cheart a bheith in ann faisnéis a sheoladh go pearsanta chuig an tomhaltóir, agus ba cheart a chur ar chumas an tomhaltóra faisnéis a stóráil ar bhealach inrochtana sa dóigh is gur féidir tagairt di sa todhchaí agus ar feadh tréimhse ama leordhóthanach chun críocha na faisnéise, agus ba cheart a bheith in ann an fhaisnéis atá stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú agus ba cheart inléiteacht na faisnéise a áirithiú leis ionas gur féidir an fhaisnéis a léamh agus ionas gur féidir tagairt a dhéanamh di. Ba cheart an deis a bheith ag tomhaltóirí cineál an mheáin mharthanaigh a roghnú ar a bhfaightear faisnéis ag an gcéim réamhchonarthach agus a luaithe a thabharfar an conradh i gcrích, agus ar a dtugtar fógra faoina dtarraingt siar. Níor cheart, áfach, do thomhaltóirí a bheith in ann fógra a thabhairt faoina dtarraingt siar ná ceangal a chur ar chreidiúnaithe nó, i gcás inarb infheidhme, ar idirghabhálaithe creidmheasa faisnéis a chur ar fáil maidir le cineálacha meán marthanach nach n-úsáidtear go coitianta.

(35)

Is gnách le fógraíocht díriú ar tháirge amháin nó níos mó go háirithe, ach ba cheart do thomhaltóirí a bheith in ann a gcuid cinntí féin a dhéanamh agus eolas iomlán acu ar an raon táirgí creidmheasa atá á dtairiscint. Maidir leis sin, tá ról tábhachtach ag faisnéis ghinearálta chun oideachas a chur ar an tomhaltóir maidir leis an raon leathan táirgí agus seirbhísí atá ar fáil agus na príomhghnéithe a bhaineann leo. Ba cheart do thomhaltóirí a bheith in ann dá bhrí sin faisnéis ghinearálta maidir leis na táirgí creidmheasa atá ar fáil a rochtain tráth ar bith. Ba cheart dó sin a bheith gan dochar don oibleagáid maidir le faisnéis réamhchonarthach phearsanta a sholáthar do thomhaltóirí.

(36)

Ionas go mbeidh na tomhaltóirí in ann a gcinntí a dhéanamh agus láneolas acu ar na fíorais, ba cheart faisnéis réamhchonarthach leordhóthanach a thabhairt dóibh, chun go mbreithneoidís go cúramach í ar a bhfóillíocht agus ar a n-áisiúlacht féin, in am trátha roimh thabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa agus ní ar aon am leis, lena n-áirítear faisnéis faoi choinníollacha agus costas an chreidmheasa agus faoina n-oibleagáidí, mar aon le mínithe leordhóthanacha ar na nithe sin. Déantar sin chun a áirithiú go mbeidh go leor ama ag tomhaltóirí an fhaisnéis réamhchonarthach a léamh agus a thuiscint, tairiscintí a chur i gcomparáid le chéile agus cinneadh eolasach a dhéanamh. Ba cheart an ceanglas sin a bheith gan dochar do Threoir 93/13/CEE ón gComhairle (9).

(37)

Ba cheart faisnéis réamhchonarthach a sholáthar tríd an bhfoirm maidir le Faisnéis Chaighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo. Chun cuidiú le tomhaltóirí tairiscintí éagsúla a thuiscint agus a chur i gcomparáid le chéile, ba cheart na príomhghnéithe den chreidmheas a chur ar fáil go feiceálach ar an gcéad leathanach den fhoirm sin, trínar cheart do thomhaltóirí an fhaisnéis fhíor-riachtanach uile a fheiceáil d’aon amharc, fiú amháin ar scáileán fóin shoghluaiste. I gcás nach féidir na príomheilimintí go léir a thaispeáint ar bhealach feiceálach ar leathanach amháin, ba cheart iad a thaispeáint sa chéad chuid den fhoirm maidir le Faisnéis Chaighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra ar dhá leathanach ar a mhéad. Ba cheart an fhaisnéis a chuirtear ar fáil san fhoirm sin a bheith soiléir, inléite go soiléir agus oiriúnaithe chun na srianta teicniúla de chuid meáin áirithe a chur san áireamh, mar shampla scáileán fóin shoghluaiste. Ba cheart í a thaispeáint ar bhealach leordhóthanach agus oiriúnach ar na cainéil éagsúla, lena áirithiú gur féidir le gach tomhaltóir faisnéis a rochtain ar an mbonn céanna agus i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(38)

Chun an trédhearcacht agus an inchomparáideacht is mó is féidir a áirithiú maidir le tairiscintí, leis an bhfaisnéis réamhchonarthach ba cheart, go háirithe, ráta céatadánach bliantúil an mhuirir is infheidhme maidir leis an gcreidmheas a áireamh, ráta a chinntear ar an aon bhealach amháin ar fud an Aontais. Ós rud é nach féidir ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a léiriú ag an gcéim sin ach amháin trí shampla, ba cheart an sampla sin a bheith ionadaíoch. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith ag comhfhreagairt, mar shampla, do mheánfhad agus don mhéid iomlán creidmheasa a deonaíodh le haghaidh an chineáil comhaontaithe creidmheasa atá á mheas agus, más infheidhme, do na hearraí a ceannaíodh. Nuair atá an sampla ionadaíoch á chinneadh, ba cheart minicíocht cineálacha áirithe comhaontaithe creidmheasa i margadh sonrach a chur san áireamh freisin. A mhéid a bhaineann leis an ráta iasachta, le minicíocht na dtráthchodanna agus le caipitliú úis, ba cheart do chreidiúnaithe úsáid a bhaint as a ngnáthmhodh chun an creidmheas tomhaltóirí lena mbaineann a ríomh. I gcás ina soláthrófar faisnéis réamhchonarthach níos déanaí ná lá amháin sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag aon chomhaontú creidmheasa nó ag aon tairiscint, ba cheart don chreidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an t-idirghabhálaí creidmheasa a mheabhrú don tomhaltóir, idir lá amháin agus seacht lá tar éis thabhairt i gcrích an chonartha nó, i gcás inarb infheidhme, tar éis don tomhaltóir an tairiscint chreidmheasa cheangailteach a thíolacadh, go bhfuil an deis ag an tomhaltóir tarraingt siar as an gcomhaontú creidmheasa.

(39)

Ba cheart a chuimsiú faoi chostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir na costais uile, lena n-áirítear ús, coimisiúin, cánacha, táillí le haghaidh idirghabhálaithe creidmheasa agus aon táille eile nach mór don tomhaltóir a íoc maidir leis an gcomhaontú creidmheasa, seachas costais nótaire. Ba cheart eolas iarbhír creidiúnaithe ar na costais a mheasúnú go hoibiachtúil, agus ceanglais ghairmiúlachta a leagtar síos sa Treoir seo á gcur san áireamh.

(40)

Comhaontuithe creidmheasa ina ndéantar ráta iasachta a athbhreithniú go tréimhsiúil i gcomhréir le hathruithe a tharlaíonn i ráta tagartha dá dtagraítear sa chomhaontú creidmheasa, níor cheart a mheas gur comhaontaithe creidmheasa le ráta iasachta seasta iad.

(41)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith saor i gcónaí chun forálacha náisiúnta a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach lena dtoirmisctear ar an gcreidiúnaí a cheangal ar an tomhaltóir, i dtaca leis an gcomhaontú creidmheasa, cuntas bainc a oscailt nó comhaontú a thabhairt i gcrích i leith seirbhís choimhdeach eile, nó na costais nó na táillí a íoc le haghaidh na gcuntas bainc sin nó seirbhísí coimhdeacha eile. Sna Ballstáit sin ina gceadaítear na tairiscintí comhcheangailte sin, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas sula dtabharfar an comhaontú creidmheasa i gcrích, faoi aon seirbhís choimhdeach atá éigeantach ionas go bhfaighfear an creidmheas ar an gcéad dul síos nó faoi na téarmaí agus coinníollacha a ndéantar margaíocht ina leith. Na costais is iníoctha i leith na seirbhísí coimhdeacha sin, go háirithe préimheanna árachais, ba cheart iad a áireamh i gcostas iomlán an chreidmheasa. De rogha air sin, mura féidir méid na gcostas sin a chinneadh roimh ré, ba cheart do thomhaltóirí faisnéis leordhóthanach a fháil ag an gcéim réamhchonarthach faoi chostais a bheith ann. Ba cheart glacadh leis go bhfuil eolas ag na creidiúnaithe féin ar chostais na seirbhísí coimhdeacha a thairgeann siad do na tomhaltóirí, na creidiúnaithe iad féin, nó thar ceann tríú páirtí, mura rud é go mbraitheann a bpraghas ar shaintréithe sonracha nó staid na dtomhaltóirí.

(42)

Maidir le cineálacha sonracha comhaontuithe creidmheasa, áfach, is iomchuí, chun leibhéal leordhóthanach cosanta tomhaltóirí a áirithiú gan ualach iomarcach a chur ar chreidiúnaithe nó, i gcás inarb infheidhme, ar idirghabhálaithe creidmheasa, na ceanglais maidir le faisnéis réamhchonarthach a shrianadh, agus cineál sonrach na gcineálacha comhaontuithe creidmheasa sin á chur san áireamh.

(43)

Ba cheart faisnéis chuimsitheach a thabhairt do thomhaltóirí sula dtabharfaidh siad comhaontú creidmheasa chun críche, is cuma cé acu atá nó nach bhfuil idirghabhálaí creidmheasa páirteach i margú an chreidmheasa. Dá bhrí sin, go ginearálta, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais maidir le faisnéis réamhchonarthach maidir le hidirghabhálaithe creidmheasa freisin. I gcás ina ngníomhóidh soláthróirí earraí nó soláthraithe seirbhísí mar idirghabhálaithe creidmheasa i gcáil choimhdeach, áfach, ní iomchuí go bhforchuirtear orthu an oibleagáid dhlíthiúil an fhaisnéis réamhchonarthach a sholáthar i gcomhréir leis an Treoir seo. Féadfar a mheas go bhfuil soláthróirí earraí nó soláthraithe seirbhísí, mar shampla, ag gníomhú mar idirghabhálaithe creidmheasa i gcáil choimhdeach murab í a ngníomhaíocht mar idirghabhálaithe creidmheasa príomhchuspóir a dtrádála, a ngnó nó a ngairme. Sna cásanna sin, gnóthaítear leibhéal leordhóthanach cosanta tomhaltóirí fós ós rud é gur cheart don chreidiúnaí a bheith freagrach as a áirithiú go bhfaigheann an tomhaltóir an fhaisnéis réamhchonarthach iomlán ón idirghabhálaí creidmheasa, má chomhaontaíonn an creidiúnaí agus an t-idirghabhálaí creidmheasa amhlaidh, nó ar bhealach iomchuí éigin eile.

(44)

Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit rialáil a dhéanamh ar chineál ceangailteach ionchasach na faisnéise atá le soláthar don tomhaltóir roimh thabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa agus ar an tréimhse ar lena linn atá an creidiúnaí le bheith faoi cheangal aici.

(45)

D’ainneoin na faisnéise réamhchonarthaí atá le soláthar, is féidir go mbeidh cúnamh breise fós ag teastáil ón tomhaltóir chun a chinneadh, laistigh den raon táirgí a bheartaítear, cén comhaontú creidmheasa is iomchuí le haghaidh a riachtanas agus a staide airgeadais. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, sula dtabharfar an comhaontú creidmheasa i gcrích, go soláthróidh creidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, idirghabhálaithe creidmheasa an cúnamh sin i ndáil leis na táirgí creidmheasa a thairgeann siad don tomhaltóir, trí mhínithe leordhóthanacha a sholáthar saor in aisce maidir leis an bhfaisnéis ábhartha, lena n-áirítear go háirithe saintréithe fíor-riachtanacha na dtáirgí a mholtar don tomhaltóir ar bhealach pearsantaithe ionas gur féidir leis an tomhaltóir na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith acu ar a staid eacnamaíoch a thuiscint, lena n-áirítear iarmhairtí dlíthiúla agus airgeadais a d’fhéadfadh teacht as feidhmiú míchuí oibleagáidí conarthacha. Ba cheart do chreidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, idirghabhálaithe creidmheasa an bealach a dtugtar na mínithe sin a oiriúnú do na himthosca ina dtairgtear an creidmheas agus don ghá atá ag an tomhaltóir le cúnamh, agus eolas agus taithí an tomhaltóra ar chreidmheas agus cineál táirgí creidmheasa aonair á gcur san áireamh. Níor cheart na mínithe sin a bheith ina moladh pearsanta astu féin. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheangal ar chreidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, ar idirghabhálaithe creidmheasa, an fhoirm inar soláthraíodh na mínithe sin don tomhaltóir agus cén uair a soláthraíodh iad a dhoiciméadú.

(46)

Mar a léiríodh sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hintleacht shaorga (an Gníomh um Intleacht Shaorga) a foilsíodh an 21 Aibreán 2021, is féidir córais intleachta saorga (AI) a úsáid go héasca in earnálacha éagsúla an gheilleagair agus na sochaí, lena n-áirítear ar bhonn trasteorann, agus a bheith i gcúrsaíocht ar fud an Aontais. Sa chomhthéacs sin, agus praghas a dtairiscintí á phearsantú ag creidiúnaithe agus idirghabhálaithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí sonracha nó catagóirí sonracha tomhaltóirí ar bhonn cinnteoireachta uathoibríche, ba cheart dóibh tomhaltóirí a chur ar an eolas go soiléir nuair a rinneadh an praghas a chuirtear faoina mbráid a phearsantú ar bhonn próiseáil uathoibríoch sonraí pearsanta lena n-áirítear sonraí intuigthe, ionas gur féidir leo na rioscaí ionchasacha a chur san áireamh ina gcinneadh ceannaigh. De bhun Airteagal 14(2), pointe (f), de Rialachán (AE) 2016/679, ceanglaítear ar chreidiúnaithe agus ar idirghabhálaithe creidmheasa freisin tomhaltóirí a fhaigheann an tairiscint a chur ar an eolas faoi fhoinsí na sonraí a úsáidtear chun an tairiscint a phearsantú.

(47)

Tá sé tábhachtach cosc a chur ar chleachtais, mar shampla táirgí áirithe a nascadh, a d’fhéadfadh tomhaltóirí a spreagadh chun comhaontuithe creidmheasa a dhéanamh nach chun a leasa iad, gan cuachadh táirgí a shrianadh, áfach, a d’fhéadfadh a bheith tairbheach do thomhaltóirí. Ba cheart do na Ballstáit, áfach, leanúint de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar mhargaí seirbhísí airgeadais miondíola chun a áirithiú nach ndéanfaidh cleachtais chuachta rogha nó iomaíocht tomhaltóirí a shaobhadh. Mar riail ghinearálta, níor cheart cleachtais nasctha a cheadú mura rud é nach bhféadfaí an tseirbhís airgeadais ná an táirge a thairgtear mar aon leis an gcomhaontú creidmheasa a thairiscint ar leithligh ós cuid iomlán chomhtháite den chreidmheas í nó é, mar shampla i gcás saoráid rótharraingthe. Agus cúinsí comhréireachta á gcur san áireamh, ba cheart do chreidiúnaí a bheith in ann a cheangal ar an tomhaltóir polasaí árachais ábhartha a bheith aige chun aisíoc an chreidmheasa a ráthú nó chun luach an urrúis a árachú, ba cheart an deis a bheith ag an tomhaltóir a sholáthraí árachais féin a roghnú. Níor cheart go ndéanfadh sé sin dochar do na coinníollacha creidmheasa arna socrú ag an gcreidiúnaí, ar choinníoll go bhfuil an leibhéal coibhéiseach ráthaíochta ag polasaí árachais an tsoláthraí sin agus atá ag an bpolasaí árachais atá beartaithe nó atá á thairiscint ag an gcreidiúnaí. Thairis sin, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit an cumhdach a sholáthraítear le conarthaí árachais a chaighdeánú, go hiomlán nó i bpáirt, chun comparáidí a éascú idir tairiscintí éagsúla le haghaidh tomhaltóirí ar mian leo na comparáidí sin a dhéanamh. Ionas go mbeidh am breise ag an tomhaltóir tairiscintí árachais a chur i gcomparáid sula gceannóidh siad polasaí árachais, ba cheart do na Ballstáit a chur de cheangal go dtabharfar 3 lá ar a laghad don tomhaltóir chun tairiscintí árachais a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa a chur i gcomparáid le chéile gan an tairiscint a athrú, agus go gcuirfear an tomhaltóir ar an eolas faoi sin. Ba cheart do thomhaltóirí a bheith in ann polasaí árachais a thabhairt i gcrích roimh dhul in éag na tréimhse 3 lá sin má iarrann siad amhlaidh go sainráite.

(48)

Mar gheall ar a stair leighis, is minic a chaitear go míchothrom le go leor daoine a bhfuil maolú fadtéarmach acu ón ailse maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí airgeadais. Is minic a bhíonn préimheanna ró-ard le híoc acu, cé go mbíonn siad leigheasta le fada an lá, na deicheanna de bhlianta fiú. Chun rochtain chomhionann ar árachas a bhaineann le comhaontuithe creidmheasa a thabhairt do thomhaltóirí atá tagtha slán ón ailse, ba cheart do na Ballstáit a cheangal nach mbeidh na polasaithe árachais bunaithe ar shonraí pearsanta a bhaineann le diagnóisiú galar oinceolaíoch tomhaltóirí i ndiaidh tréimhse ábhartha ama ó thagann deireadh le cóir leighis na dtomhaltóirí sin. Níor cheart an tréimhse ama sin arna cinneadh ag na Ballstáit a bheith níos faide ná 15 bliana tar éis dheireadh cóireála leighis an tomhaltóra.

(49)

Ba cheart comhaontuithe creidmheasa agus seirbhísí coimhdeacha a chur i láthair ar bhealach soiléir agus trédhearcach. Níor cheart a bheith in ann comhaontú an tomhaltóra maidir le tabhairt i gcrích comhaontaithe creidmheasa ná ceannach seirbhísí coimhdeacha a bhunú ar thátal. Maidir le haon chomhaontú den sórt sin, ba cheart é a bheith ina ghníomh soiléir dearfach lena mbunaítear léiriú a thugtar faoi shaoirse, atá sonrach, eolach agus gan débhrí ar fhormheas an tomhaltóra. Sa chomhthéacs sin, níor cheart a mheas gurb ionann tost, neamhghníomhaíocht ná roghanna réamhshocraithe, mar shampla boscaí ar cuireadh tic leo roimh ré a mheas mar chomhaontú ag an tomhaltóir.

(50)

Is é atá i gceist le comhairle a sholáthar i bhfoirm moladh pearsantaithe, is é sin le rá seirbhísí comhairleacha, gníomhaíocht a d’fhéadfaí a chomhcheangal le gnéithe eile a bhaineann le creidmheas a dheonú nó a idirghabháil. Dá bhrí sin, chun bheith in ann cineál na seirbhísí a sholáthraítear dóibh a thuiscint, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas faoina bhfuil i gceist le seirbhísí comhairleacha mar sin agus cibé acu atá nó nach bhfuil seirbhísí comhairleacha á soláthar nó faoi cibé acu is féidir nó nach féidir iad a sholáthar. I bhfianaise a thábhachtaí atá úsáid na dtéarmaí ‘comhairle’ agus ‘comhairleoirí’ do thomhaltóirí, ba cheart a cheadú do na Ballstáit úsáid na dtéarmaí sin, nó téarmaí comhchosúla, a thoirmeasc i gcás ina mbíonn na seirbhísí comhairleacha sin á soláthar do thomhaltóirí ag creidiúnaithe nó ag idirghabhálaithe creidmheasa. Is iomchuí a áirithiú go bhforchuireann na Ballstáit coimircí i gcás ina dtugtar tuairisc ar chomhairle mar chomhairle neamhspleách chun a áirithiú go mbeidh an raon táirgí atá á mheas agus socruithe luacha saothair i gcomhréir le hionchais tomhaltóirí maidir leis an gcomhairle sin. Le linn seirbhísí comhairleacha a sholáthar, ba cheart do na creidiúnaithe nó do na hidirghabhálaithe creidmheasa léiriú a sholáthar ar cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an moladh bunaithe ar a raon táirgí féin, agus air sin amháin, nó ar raon leathan táirgí ó gach cearn den mhargadh, ionas gur féidir leis an tomhaltóir an bonn ar a bhfuil an moladh á dhéanamh a thuiscint. Thairis sin, ba cheart don chreidiúnaí agus don idirghabhálaí creidmheasa léiriú a sholáthar ar an táille is iníoctha ag an tomhaltóir as na seirbhísí comhairleacha nó, i gcás nach féidir an méid a shuí tráth an nochta, an modh a úsáidtear lena ríomh. Ba cheart comhairle a chur ar fáil ar mhaithe le leas an tomhaltóra i gcónaí, agus comhairleoirí á gcur féin ar an eolas faoi riachtanais agus imthosca an tomhaltóra agus comhaontuithe creidmheasa á moladh a bheadh oiriúnach do riachtanais an tomhaltóra, dá staid airgeadais agus dá gcúinsí pearsanta, agus aird á tabhairt freisin ar an gcuspóir mainneachtainí agus riaráistí a íoslaghdú. Thairis sin, ba cheart líon sách mór de chomhaontuithe creidmheasa i raon táirgí an chomhairleora a chur san áireamh agus comhairle á cur ar fáil.

(51)

D’fhéadfadh deonú creidmheasa nár iarr na tomhaltóirí a bheith ceangailte, i roinnt cásanna, le cleachtais atá díobhálach don tomhaltóir. Maidir leis sin, ba cheart deonú creidmheasa gan iarraidh a thoirmeasc, lena n-áirítear cártaí creidmheasa neamhiarrtha réamh-fhormheasta a sheoltar chuig tomhaltóirí, saoráid rótharraingthe nua nó rótharraingt intuigthe a thabhairt isteach go haontaobhach nó méadú aontaobhach rótharraingt, rótharraingt intuigthe nó teorainn cárta creidmheasa tomhaltóra. Ina theannta sin, ba cheart toirmeasc a chur freisin ar chreidmheas a dheonú gan iarraidh i bhfoirm conarthaí seacháitribh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 8, de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Leis an toirmeasc ar chreidmheas a dheonú gan iarraidh, níor cheart cosc ar chreidiúnaithe agus ar idirghabhálaithe creidmheasa creidmheas a fhógairt nó a thairiscint le linn caidreamh tráchtála i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí agus le bearta náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear fógraíocht agus creidmheas a thairiscint ag an díolphointe chun ceannach earra nó seirbhíse a mhaoiniú.

(52)

Féadfaidh na Ballstáit a thairiscint do thomhaltóirí leigheasanna comhréireacha agus éifeachtacha a lorg i gcoinne creidiúnaithe nó idirghabhálaithe creidmheasa i gcás neamhchomhlíonadh na Treorach seo i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. D’fhéadfadh cúiteamh i leith damáistí agus laghdú ar chostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir nó foirceannadh an chomhaontaithe creidmheasa a bheith i gceist leis na leigheasanna sin.

(53)

Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun cleachtais fhreagracha a chur chun cinn le linn na gcéimeanna uile den chaidreamh creidmheasa, agus gnéithe sonracha a margaidh creidmheasa á gcur san áireamh. Leis na bearta sin, ba cheart a bheith in ann a áireamh, mar shampla, soláthar faisnéise do thomhaltóirí, agus oideachas a chur orthu, lena n-áirítear rabhaidh maidir leis na rioscaí a bhaineann le mainneachtain íocaíochta agus le rófhéichiúnas. I margadh creidmheasa atá ag dul i leithne, go háirithe, is den tábhacht nach rachadh creidiúnaithe i mbun iasachtú mífhreagrach ná creidmheas a thabhairt gan measúnú acmhainneachta creidmheasa roimh ré. Ba cheart do na Ballstáit an mhaoirseacht is gá a dhéanamh chun iompraíocht mar sin ó chreidiúnaithe a sheachaint agus ba cheart dóibh na modhanna is gá a chinneadh chun smachtbhanna a chur ar an iompraíocht sin. Gan dochar d’fhorálacha riosca creidmheasa Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), ba cheart do chreidiúnaithe a bheith freagrach as acmhainneacht creidmheasa an tomhaltóra a sheiceáil go leithleach. Chuige sin, ba cheart a cheadú do chreidiúnaithe úsáid a bhaint as faisnéis a sholáthraíonn an tomhaltóir ní hamháin le linn an comhaontú creidmheasa a ullmhú, ach freisin le linn caidreamh tráchtála seanbhunaithe. Ba cheart do thomhaltóirí gníomhú go stuama freisin agus a n-oibleagáidí conarthacha a urramú.

(54)

Tá sé fíor-riachtanach go ndéantar measúnú agus fíorú ar chumas agus ar chlaonadh an tomhaltóra an creidmheas a aisíoc sula dtugtar comhaontú creidmheasa i gcrích. Ba cheart an measúnú acmhainneachta creidmheasa sin a bheith comhréireach agus ba cheart é a dhéanamh chun leas an tomhaltóra, chun cleachtais iasachtaithe mhífhreagracha agus rófhéichiúnas a chosc, agus ba cheart a chur san áireamh ann na fachtóirí uile is gá agus is ábhartha a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chumas tomhaltóra an creidmheas a aisíoc. Ba cheart an sceideal aisíocaíochta a chur in oiriúint do riachtanais shonracha agus d’acmhainneacht aisíocaíochta an tomhaltóra. I gcásanna ina gcuireann níos mó ná tomhaltóir amháin an t-iarratas ar chreidmheas isteach go comhpháirteach, d’fhéadfaí an measúnú creidmheasa a dhéanamh ar bhonn na comhacmhainneachta aisíocaíochta. Ba cheart measúnú dearfach a bheith gan dochar do shaoirse chonarthach an chreidiúnaí maidir le creidmheas a dheonú. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann treoraíocht bhreise a eisiúint maidir le critéir bhreise agus modhanna breise chun acmhainneacht creidmheasa tomhaltóra a mheasúnú, mar shampla trí theorainneacha a leagan síos ar chóimheasa iasachta-luacha nó iasachta-ioncaim.

(55)

Ba cheart an measúnú acmhainneachta creidmheasa a bheith bunaithe ar fhaisnéis maidir leis an staid airgeadais agus eacnamaíoch. Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith riachtanach agus comhréireach le cineál, fad, luach agus rioscaí an chreidmheasa don tomhaltóir, i gcomhréir le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679, agus ba cheart í a bheith ábhartha, iomlán agus cruinn. Ba cheart a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin, ar a laghad, ioncam agus speansais an tomhaltóra, lena n-áirítear breithniú iomchuí a dhéanamh ar oibleagáidí reatha an tomhaltóra, inter alia speansais mhaireachtála an tomhaltóra agus theaghlach an tomhaltóra, chomh maith le dliteanais airgeadais an tomhaltóra. Níor cheart a áireamh san fhaisnéis sin catagóirí speisialta sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679, amhail sonraí sláinte lena n-áirítear sonraí ailse, ná faisnéis a fhaightear ó líonraí sóisialta. I dTreoirlínte ón Údarás Baincéireachta Eorpach an 29 Bealtaine 2020 maidir le tionscnamh agus faireachán na hiasachta, soláthraítear treoirlínte maidir leis na catagóirí sonraí a fhéadfar a úsáid chun sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha acmhainneachta creidmheasa, lena n-áirítear fianaise ar ioncam nó foinsí eile aisíocaíochta, agus faisnéis ar shócmhainní agus ar dhliteanais airgeadais nó ar cheangaltais airgeadais eile. Ba cheart do thomhaltóirí faisnéis a sholáthar maidir lena staid airgeadais agus eacnamaíoch chun an measúnú acmhainneachta creidmheasa a éascú. Níor cheart creidmheas a chur ar fáil don tomhaltóir ach amháin i gcás ina léireoidh toradh an mheasúnaithe acmhainneachta creidmheasa gur dóigh go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as an gcomhaontú creidmheasa ar an mbealach a éilítear faoin gcomhaontú sin. Agus measúnú á dhéanamh ar chumas an tomhaltóra a oibleagáidí nó a hoibleagáidí faoin gcomhaontú creidmheasa a chomhlíonadh, ba cheart don chreidiúnaí tosca ábhartha agus dálaí sonracha a chur san áireamh, mar shampla, ach gan a bheith teoranta dó seo, i gcás creidmheas a dheonaítear i gcomhréir leis an Treoir seo chun staidéir a mhaoiniú nó chun speansais cúraim sláinte eisceachtúla a chumhdach, go bhfuil fianaise leordhóthanach ann go dtabharfaidh creidmheas den sórt sin ioncam don tomhaltóir amach anseo, nó go bhfuil comhthaobhacht nó cineálacha eile ráthaíochtaí ann a d’fhéadfadh an tomhaltóir a thabhairt chun an creidmheas a urrú.

(56)

Leis an togra le haghaidh Rialachán ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (an Gníomh maidir leis an Intleacht Shaorga), bunaítear gur cheart córais intleachta saorga a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar scór creidmheasa nó acmhainneacht creidmheasa daoine nádúrtha, gur cheart iad a aicmiú mar chórais intleachta saorga ardriosca, ós rud é go gcinntear leo rochtain na ndaoine sin ar acmhainní airgeadais nó seirbhísí fíor-riachtanacha, mar shampla seirbhísí tithíochta, leictreachais agus teileachumarsáide. I bhfianaise an mhéid mhóir sin atá i ngeall, aon uair a bhíonn baint ag an measúnú acmhainneachta creidmheasa le próiseáil uathoibríoch, ba cheart é a bheith de cheart ag an tomhaltóir idirghabháil an duine a fháil ar thaobh an chreidiúnaí. Gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart é a bheith de cheart ag an tomhaltóir míniú bríoch, intuigthe a fháil ar an measúnú a rinneadh agus ar fheidhmiú na próiseála uathoibríche a úsáideadh, lena n-áirítear na príomhathróga, an loighic agus na rioscaí lena mbaineann, chomh maith leis an gceart a thuairim a chur in iúl agus athbhreithniú a iarraidh maidir leis an measúnú acmhainneachta creidmheasa agus athbhreithniú a iarraidh i ndáil leis an gcinneadh maidir le creidmheas a dheonú. Ba cheart a bheith de cheart ag an tomhaltóir go gcuirfí an tomhaltóir ar an eolas faoi na cearta sin tar éis don tomhaltóir faisnéis a fháil go cuí maidir leis an nós imeachta atá le leanúint. Ní gá gur cheart go mbeadh deonú creidmheasa don tomhaltóir mar thoradh ar an bhféidearthacht athbhreithniú ar an measúnú tosaigh agus ar an gcinneadh a iarraidh.

(57)

Chun measúnú a dhéanamh ar stádas creidmheasa tomhaltóra, ba cheart don chreidiúnaí bunachair sonraí creidmheasa a cheadú freisin. Is féidir go gceanglófar leis na himthosca dlíthiúla agus fíriciúla go n-athróidh ceadú na mbunachar sonraí sin ó thaobh raon feidhme de. Chun aon saobhadh iomaíochta a chosc i measc creidiúnaithe, ba cheart rochtain a bheith acu siúd a ndéantar maoirsiú orthu agus a bhfuil Rialachán (AE) 2016/679 á chomhlíonadh go hiomlán acu, ba cheart rochtain a bheith acu ar bhunachair sonraí phríobháideacha nó phoiblí maidir le tomhaltóirí i mBallstát nach bhfuil siad bunaithe faoi choinníollacha neamh-idirdhealaitheacha ann i gcomparáid le creidiúnaithe atá bunaithe sa Bhallstát sin. Ba cheart do na Ballstáit an rochtain trasteorann ar bhunachair sonraí phríobháideacha nó phoiblí a éascú, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679. Chun an chómhalartacht a fheabhsú, i mbunachair sonraí creidmheasa ba cheart ar a laghad faisnéis a choinneáil i ndáil le riaráistí íocaíochta tomhaltóirí maidir le haisíocaíocht an chreidmheasa, maidir leis an gcineál creidmheasa agus maidir le céannacht an chreidiúnaí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais. Níor cheart do chreidiúnaithe agus d’idirghabhálaithe creidmheasa catagóirí speisialta sonraí a phróiseáil, mar shampla sonraí sláinte, dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679, ná faisnéis a fhaightear ó líonraí sóisialta, ós rud é nár cheart na catagóirí sonraí sin ná an fhaisnéis sin a úsáid chun acmhainneacht creidmheasa tomhaltóirí a mheasúnú. Ba cheart do sholáthraithe bunachar sonraí creidmheasa próisis a bheith i bhfeidhm acu chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis atá ina mbunachair sonraí cothrom le dáta agus cruinn. I gcás ina ndiúltaítear don iarratas creidmheasa ar bhonn bunachar sonraí a cheadú, ba cheart do na creidiúnaithe na tomhaltóirí a chur ar an eolas gan moill mhíchuí agus gan mhuirear maidir le toradh an cheadaithe sin agus maidir le mionsonraí an bhunachair sonraí a ceadaíodh chomh maith leis na catagóirí sonraí a cuireadh san áireamh. Thairis sin, chun feasacht tomhaltóirí a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear tomhaltóirí ar an eolas go tráthúil faoi chlárú aon riaráistí aisíocaíochta creidmheasa i mbunachar sonraí agus laistigh de 30 lá ón gclárú, mar shampla trí rabhadh a sheoladh trí ríomhphost ina n-iarrtar orthu rochtain a fháil ar an mbunachar sonraí chun féachaint ar a bhfaisnéis féin maidir le riaráistí creidmheasa a aisíoc.

(58)

Níor cheart, leis an Treoir seo, saincheisteanna dhlí na gconarthaí a rialáil i ndáil le bailíocht comhaontuithe creidmheasa. Dá bhrí sin, sa réimse sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann forálacha náisiúnta atá i gcomhréir le dlí an Aontais a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rialáil a dhéanamh ar an gcóras dlí lena rialaítear an tairiscint chun an comhaontú creidmheasa a thabhairt i gcrích, go háirithe an tráth atá an tairiscint le tabhairt agus an tréimhse ar lena linn atá an tairiscint sin le bheith ceangailteach ar an gcreidiúnaí. Má dhéantar tairiscint mar sin an tráth céanna a thugtar an fhaisnéis réamhchonarthach dá bhforáiltear sa Treoir seo, ba cheart an tairiscint sin a sholáthar, cosúil le haon fhaisnéis bhreise is mian leis an gcreidiúnaí a thabhairt don tomhaltóir, i ndoiciméad ar leithligh. D’fhéadfadh an doiciméad ar leithligh sin a bheith i gceangal leis an bhfoirm Faisnéise Caighdeánaí Eorpaí um Chreidmheas Tomhaltóra.

(59)

Ba cheart an fhaisnéis uile is gá a bheith sa chomhaontú creidmheasa ar bhealach soiléir agus gonta chun é a chur ar a chumas don tomhaltóir a bheith ar an eolas faoina chearta agus faoina oibleagáidí faoin gcomhaontú sin.

(60)

Gan dochar do Threoir 93/13/CEE, agus d’oibleagáidí réamhchonarthacha faoin Treoir seo, agus chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú, ba cheart, in am trátha agus roimh aon mhodhnú ar théarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe creidmheasa, tuairisc a chur ar fáil don tomhaltóir ar na hathruithe atá beartaithe agus, i gcás inarb infheidhme, ar an ngá atá le toiliú an tomhaltóra nó míniú ar na hathruithe a tugadh isteach trí fheidhmiú an dlí; leis an amscála maidir le cur chun feidhme na n-athruithe sin; agus leis na modhanna maidir le gearán a dhéanamh atá ar fáil don tomhaltóir chomh maith leis an tréimhse ama atá ag an tomhaltóir chun gearán a dhéanamh agus ainm agus seoladh an údaráis inniúil ina bhféadfar an gearán a chur isteach. Níor cheart don mhodhnú a dhéantar ar chomhaontú creidmheasa difear a dhéanamh d’aon cheart a bheidh ag tomhaltóir, lena n-áirítear cearta faisnéise faoin Treoir seo. Ba cheart don mhéid sin a bheith gan dochar do dhlí an Aontais agus d’fhorálacha náisiúnta maidir le hinghlacthacht, coinníollacha agus bailíocht modhnuithe ar chonarthaí.

(61)

Chun trédhearcacht iomlán a áirithiú, ba cheart faisnéis a sholáthar don tomhaltóir maidir leis an ráta iasachta, ag an gcéim réamhchonarthach agus nuair a thugtar an comhaontú creidmheasa i gcrích. Le linn an chaidrimh chonarthaigh, ba cheart eolas a chur ar fáil don tomhaltóir, ina theannta sin, maidir le hathruithe ar an ráta iasachta athraitheach agus le hathruithe ar na híocaíochtaí atá ann mar gheall ar na hathruithe sin. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar d’fhorálacha an dlí náisiúnta nach mbaineann le faisnéis do thomhaltóirí agus lena leagtar síos coinníollacha maidir le hathruithe, nó lena bhforordaítear iarmhairtí athruithe, seachas athruithe maidir le híocaíochtaí, i rátaí iasachta agus coinníollacha eacnamaíocha eile lena rialaítear an creidmheas, mar shampla rialacha lena ndéantar foráil nach bhféadfaidh an creidiúnaí an ráta iasachta a athrú ach amháin i gcás inarb ann do chúis bhailí leis an athrú sin nó go bhféadfaidh an tomhaltóir an comhaontú creidmheasa a fhoirceannadh i gcás ina dtiocfadh athrú ar an ráta iasachta nó ar choinníollacha eacnamaíocha sonracha eile maidir leis an gcreidmheas.

(62)

Tá saoráidí rótharraingthe agus an rótharraingt intuigthe ag éirí níos coitianta mar chineálacha creidmheas tomhaltóirí. Dá bhrí sin, is gá na táirgí airgeadais sin a rialáil chun leibhéal na cosanta do thomhaltóirí a mhéadú agus chun rófhéichiúnas a sheachaint. Tá baol ann nach mbeadh tomhaltóirí in ann íoc dá gcinnfeadh na creidiúnaithe aisíocaíochtaí a iarraidh láithreach. Dá bhrí sin, ba cheart cearta tomhaltóirí i leith saoráidí rótharraingthe agus rótharraingt intuigthe a leagan síos sa Treoir seo.

(63)

I gcás rótharraingt intuigthe shuntasach is faide ná tréimhse míosa, ba cheart don chreidiúnaí faisnéis a chur faoi bhráid an tomhaltóra gan mhoill maidir leis an rótharraingt intuigthe, lena n-áirítear an méid lena mbaineann, an ráta iasachta agus aon phionós, muirear nó ús ar riaráistí. I gcás rótharraingt intuigthe thráthrialta, ba cheart don chreidiúnaí seirbhísí comhairleacha a sholáthar don tomhaltóir, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, chun cuidiú leis an tomhaltóir roghanna malartacha nach bhfuil chomh costasach céanna a shainaithint, agus an tomhaltóir a atreorú i dtreo fiach-sheirbhísí comhairleacha.

(64)

Ba cheart ceart chun tarraingt siar a bheith ag tomhaltóirí gan phionós agus gan aon oibleagáid a bheith orthu bonn cirt a thabhairt. Ach mar sin féin, chun an deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú, ba cheart don tréimhse tarraingt siar dul in éag 12 mhí agus 14 lá tar éis an comhaontú creidmheasa a thabhairt i gcrích mura bhfuil na téarmaí agus coinníollacha conarthacha agus an fhaisnéis faighte ag an tomhaltóir i gcomhréir leis an Treoir seo. Níor cheart an tréimhse tarraingt siar a dhul in éag murar cuireadh an tomhaltóir ar an eolas faoina cheart nó faoina ceart chun tarraingt siar.

(65)

I gcás ina dtarraingeoidh tomhaltóir siar as comhaontú creidmheasa a bhfuil earraí faighte ag an tomhaltóir maidir leis, go háirithe as ceannach i dtráthchodanna nó as comhaontú fostaithe nó léasaithe lena ndéantar foráil maidir le hoibleagáid cheannaigh, ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar d’aon rialáil a dhéanann na Ballstáit ar cheisteanna maidir le hearraí a thabhairt ar ais nó aon cheist ghaolmhar.

(66)

I gcásanna áirithe, déantar foráil sa dlí náisiúnta cheana nach bhféadfar cistí a chur ar fáil do na tomhaltóirí roimh dhul in éag sprioc-ama shonraigh. Sna cásanna sin, is féidir gur mian le tomhaltóirí a áirithiú go bhfaigheann siad na hearraí nó na seirbhísí a cheannaigh siad go luath. Dá bhrí sin, i gcás comhaontuithe creidmheasa nasctha, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit foráil a dhéanamh go heisceachtúil, más éard is mian le tomhaltóirí go sainráite ná fáil luath na n-earraí nó na seirbhísí a ceannaíodh, go bhféadfaí an sprioc-am maidir le feidhmiú an chirt chun tarraingt siar a laghdú ionas go mbeadh sé mar an gcéanna leis an sprioc-am nach bhféadfar cistí a chur ar fáil roimhe sin.

(67)

I gcás comhaontuithe creidmheasa nasctha, is ann do chaidreamh idirthuilleamaíochta idir ceannach earraí nó seirbhísí agus an comhaontú creidmheasa a thugtar i gcrích chun na críche sin. Dá bhrí sin, i gcás ina bhfeidhmeoidh an tomhaltóir an ceart chun tarraingt siar i leith an chomhaontaithe ceannaigh, bunaithe ar dhlí an Aontais, níor cheart don tomhaltóir a bheith faoi cheangal ag an gcomhaontú creidmheasa nasctha a thuilleadh. Níor cheart difear a dhéanamh leis sin don dlí náisiúnta is infheidhme maidir le comhaontuithe creidmheasa nasctha i gcásanna inar cuireadh comhaontú ceannaigh ar neamhní nó inar fheidhmigh an tomhaltóir a cheart nó a ceart chun tarraingt siar bunaithe ar an dlí náisiúnta. Níor cheart difear a dhéanamh leis sin do chearta tomhaltóirí ach oiread, cearta a dheonaítear le dlí náisiúnta ar dá réir nach bhféadfaidh tomhaltóir agus soláthróir earraí nó soláthraí seirbhísí gealltanas a dhéanamh, ná nach bhféadfar aon íocaíocht a dhéanamh idir na daoine sin, fad nach mbeidh an comhaontú creidmheasa sínithe ag an tomhaltóir chun ceannach earraí nó seirbhísí a mhaoiniú.

(68)

Ba cheart an ceart a bheith ag na páirtithe conarthacha foirceannadh caighdeánach a dhéanamh ar chomhaontú creidmheasa imrothlaigh. Ina theannta sin, i gcás inar comhaontaíodh amhlaidh sa chomhaontú creidmheasa, ba cheart an ceart a bheith ag an gcreidiúnaí ceart an tomhaltóra chun tarraingt anuas ar chomhaontú creidmheasa imrothlaigh a chur ar fionraí ar chúiseanna a bhfuil údar oibiachtúil leo. Féadfar a áireamh sna cúiseanna sin, mar shampla, amhras faoi úsáid neamhúdaraithe nó chalaoiseach a bheith á baint as an gcreidmheas nó riosca atá méadaithe go suntasach a bhaineann le héagumas an tomhaltóra a oibleagáid nó a hoibleagáid maidir le haisíoc an chreidmheasa a chomhlíonadh. Leis an Treoir seo níor cheart difear a dhéanamh do dhlí náisiúnta na gconarthaí lena rialáiltear cearta na bpáirtithe conarthacha an comhaontú creidmheasa a fhoirceannadh ar bhonn sárú conartha.

(69)

Faoi choinníollacha áirithe, ba cheart a cheadú don tomhaltóir leigheasanna a lorg in aghaidh an chreidiúnaí i gcás fadhbanna a bhaineann leis an gcomhaontú ceannaigh. Ba cheart do na Ballstáit a chinneadh, áfach, a mhéid, agus na coinníollacha ar fúthu, a cheanglaítear ar an tomhaltóir na leigheasanna sin a lorg in aghaidh an tsoláthróra earraí nó an tsoláthraí seirbhísí, go háirithe trí chaingean a thionscnamh in aghaidh an tsoláthróra earraí nó an tsoláthraí seirbhísí, roimh bheith in ann iad a lorg in aghaidh an chreidiúnaí. Níor cheart a bhaint de thomhaltóirí a gcearta faoin dlí náisiúnta lena gcuirtear dliteanas comhpháirteach agus leithleach ar an soláthróir earraí nó an soláthraí seirbhísí agus ar an gcreidiúnaí.

(70)

Ba cheart an ceart a bheith ag an tomhaltóir a oibleagáidí nó a hoibleagáidí a urscaoileadh roimh an dáta a chomhaontaítear sa chomhaontú creidmheasa. Mar a léirmhínigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i rialú Lexitor (13), áirítear leis an gceart atá ag an tomhaltóir chun laghdú a fháil ar chostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir, i gcás ina ndéanfar an creidmheas a aisíoc go luath, na costais uile arna bhforchur ar an tomhaltóir. Ba cheart an laghdú ar chostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir a bheith comhréireach le fad an chomhaontaithe creidmheasa atá fágtha agus ba cheart a áireamh ann freisin costais nach mbraitheann ar fhad an chomhaontaithe creidmheasa sin, lena n-áirítear na costais sin atá ídithe go hiomlán tráth dheonú an chreidmheasa. Mar sin féin, maidir le cánacha agus táillí a chuireann tríú páirtí i bhfeidhm agus a íoctar go díreach leis agus nach mbraitheann ar ré an chomhaontaithe creidmheasa, níor cheart iad a chur san áireamh agus an laghdú á ríomh toisc nach bhforchuireann an creidiúnaí na costais sin agus nach féidir leis an gcreidiúnaí, dá bhrí sin, iad a athrú go haontaobhach. Ba cheart, áfach, na táillí a ghearrann creidiúnaí chun tairbhe tríú páirtí a chur san áireamh agus an laghdú á ríomh. I gcás aisíocaíocht luath ba cheart don chreidiúnaí a bheith i dteideal cúiteamh atá cóir agus a bhfuil údar oibiachtúil leis a fháil as na costais a bhaineann go díreach leis an aisíocaíocht luath, agus aon choigilteas a dhéanann an creidiúnaí leis sin á chur san áireamh. Chun modh ríofa an chúitimh a chinneadh, áfach, is den tábhacht roinnt prionsabal a chomhlíonadh. Ba cheart ríomh an chúitimh atá dlite don chreidiúnaí a bheith trédhearcach agus intuigthe do thomhaltóirí atá ag an gcéim réamhchonarthach cheana agus in aon chás le linn fheidhmiú an chomhaontaithe creidmheasa. Ina theannta sin, ba cheart do chreidiúnaithe a bheith in ann an modh ríofa a chur i bhfeidhm go héasca, agus ba cheart rialú maoirseachta an chúitimh ag na húdaráis inniúla a éascú. Dá bhrí sin, agus ós rud é nach ndéantar creidmheas tomhaltóirí, i bhfianaise a fhaid agus a mhéid, a mhaoiniú le sásraí cistiúcháin fadtéarmacha, ba cheart an uasteorainn le haghaidh an chúitimh a leagan síos i dtéarmaí méid chomhréidh. Leis an gcur chuige sin léirítear cineál sonrach creidmheasanna tomhaltóirí agus níor cheart dochar a dhéanamh don chur chuige i leith táirgí eile a mhaoinítear le sásraí cistiúcháin fadtéarmacha, mar shampla iasachtaí morgáiste ar ráta seasta.

(71)

Ba cheart an ceart a bheith ag na Ballstáit foráil a dhéanamh nach bhféadfaidh an creidiúnaí cúiteamh as aisíocaíocht luath a éileamh ach amháin ar choinníoll gur mó an méid a aisíoctar thar thréimhse 12 mhí ná tairseach atá sainithe ag na Ballstáit. Le linn an tairseach sin a shocrú, rud nár cheart EUR 10 000 a shárú, ba cheart do na Ballstáit meánmhéid creidmheasanna tomhaltóirí ina margadh a chur san áireamh.

(72)

Chun bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chur chun cinn agus chun ardleibhéal cosanta a áirithiú le haghaidh tomhaltóirí ar fud an Aontais, is gá inchomparáideacht faisnéise a bhaineann le rátaí céatadánacha bliantúla an mhuirir a áirithiú ar fud an Aontais.

(73)

Cleachtas coiteann is ea uasteorainneacha a shocrú ar rátaí iasachta, ar rátaí céatadánacha bliantúla nó ar chostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir i roinnt Ballstát. Is léir go raibh tairbhe ag baint le córas uasteorannúcháin den sórt sin chun tomhaltóirí a chosaint ar rátaí iasachta, rátaí céatadánacha bliantúla nó ar chostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir, a bhí ró-ard. Maidir leis sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a gcóras dlí reatha a choinneáil ar bun. Chun iarracht a dhéanamh cosaint tomhaltóirí a mhéadú gan teorainneacha neamhriachtanacha a fhorchur ar na Ballstáit, ba cheart bearta leordhóthanacha a bheith ann, amhail uasteorainneacha nó rátaí úsaireachta, chun mí-úsáid a chosc go héifeachtach agus chun a áirithiú nach ndéanfar rátaí iasachta, rátaí céatadánacha bliantúla muirir nó costas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir atá ró-ard, a ghearradh ar thomhaltóirí.

(74)

Chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart don Choimisiún na bearta sin arna dtabhairt isteach ag na Ballstáit a chur ar fáil go poiblí, i bhfoirm ghonta shoiléir.

(75)

Tá difríochtaí substaintiúla i ndlíthe na mBallstát éagsúil maidir le seoladh gnó agus comhaontuithe creidmheasa á ndeonú. Agus aitheantas á thabhairt don éagsúlacht sna cineálacha gníomhaithe atá páirteach in idirghabháil creidmheasa, tá caighdeáin áirithe ar leibhéal an Aontais fíor-riachtanach chun ardleibhéal gairmiúlachta agus seirbhíse a áirithiú.

(76)

Leis an gcreat de chuid an Aontais is infheidhme, ba cheart an mhuinín a thabhairt do thomhaltóirí go gcuireann creidiúnaithe agus idirghabhálaithe creidmheasa leasanna an tomhaltóra san áireamh, lena n-áirítear a leochaileacht fhéideartha agus na deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith acu maidir leis an táirge a thuiscint, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don chreidiúnaí nó don idirghabhálaí creidmheasa ag an am ábhartha agus ar thoimhdí réasúnacha maidir le rioscaí do staid an tomhaltóra thar théarma an chomhaontaithe creidmheasa a bheartaítear. Príomhghné a bhaineann le muinín sin na dtomhaltóirí a áirithiú is ea an ceanglas a bhaineann lena áirithiú go mbeidh ardleibhéal cothroime, macántachta agus gairmiúlachta sa tionscal, lena n-áirítear freisin iompraíocht fhreagrach chun cleachtais a bhfuil tionchar diúltach acu ar thomhaltóirí a sheachaint, agus go ndéanfar bainistíocht iomchuí ar choinbhleachtaí leasa lena n-áirítear iad sin a eascraíonn as luach saothair mar aon le comhairle a thabhairt chun leas an tomhaltóra.

(77)

Is iomchuí a áirithiú go mbeidh leibhéal leordhóthanach eolais ag foireann ábhartha creidiúnaithe agus idirghabhálaithe creidmheasa chomh maith le leibhéal leordhóthanach inniúlachta inti chun ardleibhéal gairmiúlachta a ghnóthú. Ba cheart a cheangal, dá bhrí sin, go gcruthódh creidiúnaithe agus idirghabhálaithe creidmheasa eolas agus inniúlacht ábhartha ar leibhéal na cuideachta, bunaithe ar na híoscheanglais maidir le heolas agus inniúlacht. Ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit na ceanglais sin is infheidhme maidir le daoine nádúrtha aonair a thabhairt isteach nó a choinneáil, agus na híoscheanglais eolais agus inniúlachta a oiriúnú do na cineálacha éagsúla creidiúnaithe agus idirghabhálaithe creidmheasa, go háirithe nuair is i gcáil choimhdeach a ghníomhaíonn siad. Chun críoch na Treorach seo, maidir leis an bhfoireann atá ag gabháil go díreach do ghníomhaíochtaí faoin Treoir seo, ba cheart foireann cúloifige agus oifige tosaigh a áireamh inti, lena n-áirítear lucht bainistíochta agus, i gcás inarb iomchuí, comhaltaí de bhord na gcreidiúnaithe agus na n-idirghabhálaithe creidmheasa, a chomhlíonann ról tábhachtach i bpróiseas an chomhaontaithe creidmheasa. Daoine a chomhlíonann feidhmeanna tacaíochta nach bhfuil baint acu le próiseas an chomhaontaithe creidmheasa, lena n-áirítear acmhainní daonna agus pearsanra teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide, níor cheart a mheas gur foireann faoin Treoir seo iad. Ba cheart do na Ballstáit bearta a chur i bhfeidhm chun tacú le feasacht a ardú maidir le ceanglais na Treorach seo i bhfiontair bheaga agus meánmhéide ar creidiúnaithe nó ar idirghabhálaithe creidmheasa iad agus a éascaíonn a gcomhlíonadh, mar shampla feachtais faisnéise, treoracha d’úsáideoirí agus scéimeanna oiliúna d’fhostaithe.

(78)

Chun cumas tomhaltóirí cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le hiasacht a fháil agus fiacha a bhainistiú go freagrach, ba cheart do na Ballstáit bearta a chur chun cinn chun tacú le hoideachas a chur ar thomhaltóirí i ndáil le hiasacht a fháil go freagrach agus fiacha a bhainistiú go freagrach, go háirithe maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí, agus i ndáil le bainistiú ginearálta buiséid. D’fhéadfaí oibleagáid den sórt sin a chomhlíonadh agus an creat inniúlachta airgeadais arna fhorbairt ag an Aontas in éineacht leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta á chur san áireamh. Tá sé thar a bheith tábhachtach treoir a thabhairt do thomhaltóirí a ghlacann, go háirithe trí bhíthin uirlisí digiteacha, creidmheas tomhaltóirí den chéad uair. Maidir leis sin, ba cheart don Choimisiún samplaí dea-chleachtas a shainaithint chun tuilleadh forbartha ar bhearta a éascú chun feasacht airgeadais tomhaltóirí a fheabhsú. D’fhéadfadh an Coimisiún na samplaí sin den dea-chleachtas a fhoilsiú i gcomhar le tuarascálacha comhchosúla arna dtarraingt suas a bhaineann le gníomhartha reachtacha eile an Aontais. Agus na bearta sin á gcruthú agus á gcur chun cinn acu, ba cheart do na Ballstáit dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear eagraíochtaí tomhaltóirí. Níor cheart d’oibleagáid den sórt sin cosc a chur ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le hoideachas airgeadais breise.

(79)

I bhfianaise iarmhairtí suntasacha na n-imeachtaí forfheidhmithe ar chreidiúnaithe agus ar thomhaltóirí agus, b’fhéidir, ar chobhsaíocht airgeadais ionchasach, is gá a mholadh do chreidiúnaithe déileáil go réamhghníomhach le riosca creidmheasa atá ag teacht chun cinn ag céim luath agus na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfaidh siad, i gcás inarb iomchuí, staonadh réasúnach a fheidhmiú sula dtionscnaítear imeachtaí forfheidhmithe. Agus cinneadh á dhéanamh an iomchuí bearta staonta a fheidhmiú, nó an bhfuil bonn cirt lena dtairiscint ar bhonn atriallach, ba cheart don chreidiúnaí, i measc gnéithe eile, imthosca aonair an tomhaltóra a chur san áireamh, mar shampla leasanna agus cearta an tomhaltóra, a chumas nó a cumas an creidmheas a aisíoc agus a riachtanais réasúnacha maidir le speansais mhaireachtála, agus ba cheart don chreidiúnaí teorainn a chur leis na costais don tomhaltóir i gcás mainneachtana. Go háirithe, nuair nach dtugann an tomhaltóir freagra ar thairiscint an chreidiúnaí laistigh de thréimhse réasúnach ama, níor cheart ceangal a chur ar an gcreidiúnaí bearta staonta a thairiscint arís is arís eile. Níor cheart do na Ballstáit cosc a chur ar na páirtithe i gcomhaontú creidmheasa a chomhaontú go sainráite gurb amhlaidh atá aistriú earraí, a chumhdaítear le comhaontú creidmheasa nasctha, chuig an gcreidiúnaí nó fáltais ó dhíolachán na n-earraí sin leordhóthanach chun an creidmheas a aisíoc.

(80)

Nuair a mheastar bearta staonta a bheith iomchuí, ba cheart a áireamh iontu modhnú ar théarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe creidmheasa tosaigh agus d’fhéadfaí a áireamh iontu, i measc nithe eile, athmhaoiniú iomlán nó páirteach ar chomhaontú creidmheasa. D’fhéadfaí na nithe seo a leanas, i measc nithe eile, a áireamh i modhnú na dtéarmaí agus na gcoinníollacha sin: síneadh a chur le téarma an chomhaontaithe creidmheasa; cineál an chomhaontaithe creidmheasa a athrú; íocaíocht na haisíocaíochta tráthchoda ar fad nó cuid di a iarchur ar feadh tréimhse; an ráta iasachta a laghdú; saoire íocaíochta a thairiscint; aisíocaíochtaí páirteacha; comhshó airgeadra; agus maitheamh páirteach agus comhdhlúthú fiach. Nuair a mheastar bearta staonta a bheith iomchuí, níor cheart ceangal a chur ar chreidiúnaithe measúnú acmhainneachta creidmheasa a dhéanamh agus téarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe creidmheasa á modhnú, ach amháin má mhéadaítear an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir go suntasach agus na téarmaí agus coinníollacha sin á modhnú. Cé gur cheart an oibleagáid bearta staonta a fheidhmiú a bheith gan dochar do nósanna imeachta faoi rialacha náisiúnta maidir le himeachtaí forfheidhmithe, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear na bearta staonta dá bhforáiltear sa Treoir seo i bhfeidhm go cuí.

(81)

Tomhaltóirí a bhfuil deacrachtaí rompu a ngealltanais airgeadais a chomhlíonadh, rachaidh cuidiú speisialaithe maidir lena bhfiacha a bhainistiú chun tairbhe dóibh. Cumhdaíonn deacrachtaí airgeadais réimse leathan cásanna, mar shampla, i measc go leor cásanna eile, tar éis moill níos mó ná 90 lá a chur ar aisíocaíocht an fhiachais. Is é is cuspóir d’fhiach-sheirbhísí comhairleacha cuidiú le tomhaltóirí a bhfuil deacrachtaí airgeadais rompu agus treoir a thabhairt dóibh, a mhéid is féidir, a bhfiacha gan íoc a aisíoc, agus caighdeán saoil maith a choinneáil ar bun agus a ndínit a chaomhnú san am céanna. Sa chúnamh pearsantaithe neamhspleách sin, féadfar comhairleoireacht dhlíthiúil, bainistíocht airgid agus bainistíocht fiach a áireamh chomh maith le cúnamh sóisialta agus síceolaíoch. Ba cheart d’oibreoirí gairmiúla nach creidiúnaithe, idirghabhálaithe creidmheasa, soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, ceannaitheoirí creidmheasa ná seirbhíseoirí creidmheasa iad, agus atá neamhspleách orthu, an cúnamh a sholáthar. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear fiach-sheirbhísí comhairleacha arna soláthar ag oibreoirí gairmiúla neamhspleácha ar fáil, go díreach nó go hindíreach, agus gan ach muirir theoranta orthu, do thomhaltóirí. Níor cheart do na muirir sin, i bprionsabal, ach costais oibriúcháin a chumhdach agus níor cheart dóibh ualach neamhriachtanach a chur ar na tomhaltóirí a bhfuil deacrachtaí acu nó a bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu a ngealltanais airgeadais a chomhlíonadh. Nuair is féidir, déantar tomhaltóirí a bhfuil deacrachtaí acu a bhfiacha a aisíoc a chur chuig fiach-sheirbhísí comhairleacha sula dtionscnaítear na himeachtaí forfheidhmithe. Ba cheart rochtain éasca a bheith ag tomhaltóirí ar fhiach-sheirbhísí comhairleacha, agus, mar shampla, áit chónaithe na dtomhaltóirí agus a dteanga á gcur san áireamh. Tá sé de shaoirse ag na Ballstáit fós ceanglais shonracha le haghaidh fiach-sheirbhísí comhairleacha a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach. Tá ról ag creidiúnaithe maidir le rófhéichiúnas a chosc trí luathbhrath agus trí thacaíocht a thabhairt do thomhaltóirí a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu. Ar an gcúis sin, ba cheart do chreidiúnaithe próisis agus beartais a bheith i bhfeidhm acu chun tomhaltóirí den sórt sin a bhrath chun a áirithiú gur féidir leo iad a tharchur go héifeachtach chuig fiach-sheirbhísí comhairleacha a bhfuil rochtain éasca orthu.

(82)

Chun trédhearcacht agus cobhsaíocht an mhargaidh a áirithiú, agus ar feitheamh tuilleadh comhchuibhithe, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh bearta iomchuí le haghaidh rialáil nó maoirseacht a dhéanamh ar chreidiúnaithe i bhfeidhm.

(83)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh creidiúnaithe agus idirghabhálaithe creidmheasa, lena n-áirítear institiúidí nach institiúidí creidmheasa iad, faoi réir próiseas leordhóthanach iontrála lena n-áirítear próiseas údarúcháin nó an institiúid nach institiúid creidmheasa í a iontráil i gclár, agus faoi réir socruithe maoirseachta ag údarás inniúil. An ceanglas maidir le próiseas leordhóthanach iontrála agus maidir le clárú, níor cheart feidhm a bheith aige maidir le hinstitiúidí creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), atá faoi réir próiseas údaraithe cheana faoi Threoir 2013/36/AE, ná maidir le hinstitiúidí íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), le haghaidh na seirbhísí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe 4 de Threoir (AE) 2015/2366, ná maidir le hinstitiúidí airgid leictreonaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 1, de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), chun creidmheas a dheonú dá dtagraítear in Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointe (b), de Threoir 2009/110/CE. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar do phróisis náisiúnta iontrála nó do shocruithe clárúcháin nó maoirseachta náisiúnta a fhorchuirtear ar institiúidí íocaíochta agus ar institiúidí airgid leictreonaigh chun críocha creidmheas a dheonú do thomhaltóirí agus a fhorchuirtear ar institiúidí creidmheasa chun críocha gníomhaíochtaí idirghabhálaí creidmheasa i gcomhréir le dlí an Aontais.

(84)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann soláthróirí earraí nó soláthraithe seirbhísí a cháilíonn mar mhicrifhiontair agus mar fhiontair bheaga agus mheánmhéide mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (17) agus a ghníomhaíonn mar idirghabhálaithe creidmheasa i gcáil choimhdeach nó a dheonaíonn creidmheas i bhfoirm íocaíocht iarchurtha chun earraí agus seirbhísí a thairgeann siad a cheannach, gan aon tríú páirtí a bheith ag tairiscint creidmheasa, a dhíolmhú ó na ceanglais maidir le ligean isteach agus clárú na soláthraithe sin, má sholáthraítear an creidmheas saor ó ús agus ó mhuirir, seachas muirir theoranta i gcás íocaíochtaí déanacha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Níor cheart do ghnóthais mhóra an díolúine fhéideartha sin a úsáid chun na ceanglais maidir le ligean isteach agus clárú a leagtar síos sa Treoir seo a sheachaint.

(85)

Ní rialáiltear leis an Treoir seo ach amháin oibleagáidí áirithe de chuid idirghabhálaithe creidmheasa i ndáil le tomhaltóirí. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith saor i gcónaí chun oibleagáidí breise ar idirghabhálaithe creidmheasa a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach, lena n-áirítear na coinníollacha faoina bhféadfaidh idirghabhálaí creidmheasa táillí a fháil ó thomhaltóir a d’iarr seirbhís an idirghabhálaí creidmheasa sin.

(86)

Maidir le sannadh ceart creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, níor cheart é a bheith d’éifeacht leis sin an tomhaltóir a chur i staid nach bhfuil chomh fabhrach céanna. Ba cheart an tomhaltóir a chur ar an eolas go cuí freisin nuair a shanntar an comhaontú creidmheasa do thríú páirtí. Más rud é, áfach, go leanann an creidiúnaí tosaigh, i gcomhaontú leis an sannaí, den chreidmheas a sheirbheáil maidir leis an tomhaltóir, ní chun leas suntasach an tomhaltóra atá sé é a chur ar an eolas faoin sannadh. Dá bhrí sin, bheadh ceanglas ar leibhéal an Aontais go gcuirfear an tomhaltóir ar an eolas faoin sannadh sna cásanna sin iomarcach.

(87)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith saor i gcónaí chun rialacha náisiúnta a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach lena ndéantar foráil maidir le foirmeacha comhchoiteanna cumarsáide i gcás inar gá sin chun na gcríoch a bhaineann le héifeachtacht idirbheart casta, mar shampla urrúsúcháin nó leachtú sócmhainní a tharlaíonn i leachtú riaracháin éigeantach banc.

(88)

Ba cheart do thomhaltóirí rochtain a bheith acu ar nósanna imeachta um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá leordhóthanach, pras agus éifeachtach chun díospóidí a éiríonn as cearta agus oibleagáidí a bhaineann le comhaontuithe creidmheasa a réiteach, agus úsáid á baint as eintitis atá ann cheana nuair is iomchuí. Áirithítear an rochtain sin cheana féin le Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) a mhéid a bhaineann le díospóidí conarthacha ábhartha. Ba cheart rochtain a bheith ag tomhaltóirí freisin, áfach, ar nósanna imeachta um réiteach malartach díospóidí i gcás díospóidí réamhchonarthacha maidir le cearta agus oibleagáidí a bhunaítear leis an Treoir seo, mar shampla, i ndáil le ceanglais faisnéise réamhchonarthaí, seirbhísí comhairleacha agus measúnú acmhainneachta creidmheasa agus freisin i ndáil leis an bhfaisnéis a thugann idirghabhálaithe creidmheasa a dtugann creidiúnaithe luach saothair maidir leo agus dá bhrí nach mbíonn aon chaidreamh díreach conarthach acu le tomhaltóirí. Ba cheart na nósanna imeachta sin um réiteach malartach díospóidí, agus na heintitis a thairgeann iad, a bheith ag teacht leis na ceanglais cháilíochta a bhunaítear le Treoir 2013/11/AE.

(89)

Ba cheart do na Ballstáit údaráis inniúla a ainmniú dá gcumhachtaítear forfheidhmiú na Treorach seo a áirithiú agus ba cheart dóibh a áirithiú go ndeonófar cumhachtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin do na húdaráis inniúla sin agus go mbeidh acu na hacmhainní leordhóthanacha is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann freisin cumhachtaí idirghabhála táirgí a dheonú d’údaráis náisiúnta i gcás ina ndéanann táirgí creidmheasa dochar do thomhaltóirí agus inar gá iad a tharraingt siar. Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar shonraí maidir le rátaí mainneachtana míosúla a bhaineann le cineálacha éagsúla táirgí creidmheasa tomhaltóirí atá ábhartha do raon feidhme na Treorach seo. Ba cheart d’údaráis inniúla Ballstát éagsúil dul i gcomhar le chéile aon uair is gá chun a ndualgais a dhéanamh faoin Treoir seo.

(90)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus ba cheart dóibh gach beart is gá a dhéanamh lena áirithiú go gcuirtear chun feidhme iad. Cé go leanann rogha na bpionós de bheith faoi dhiscréid na mBallstát, ba cheart na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na rialacha sin agus faoi na bearta sin agus ba cheart dóibh fógra a thabhairt dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanann difear dóibh.

(91)

Tá difear suntasach idir na rialacha náisiúnta atá ann cheana maidir le pionóis ar fud an Aontais. Go háirithe, ní áirithíonn gach Ballstát gur féidir fíneálacha éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar thrádálaithe a bhíonn freagrach as sáruithe forleathana, nó sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais. I gcásanna áirithe, is féidir gur grúpa cuideachtaí a bheidh sna trádálaithe sin freisin. Chun a áirithiú gur féidir le húdaráis na mBallstát pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur i leith sáruithe forleathana agus sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais atá faoi réir bearta comhordaithe imscrúdaithe agus forfheidhmithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), ba cheart fíneálacha a thabhairt isteach mar eilimint de na pionóis i leith sáruithe mar sin.

(92)

Chun trédhearcacht agus muinín tomhaltóirí a fheabhsú, ba cheart cead a bheith ag na húdaráis inniúla aon phionós riaracháin a nochtadh don phobal, ar pionós é a fhorchuirtear maidir le sárú ar bhearta a dhéantar de bhun na Treorach seo, mura rud é go ndéanfaí dochar mór do na margaí airgeadais leis an nochtadh sin nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann.

(93)

Ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú éifeachtúil na Treorach seo, mar aon leis an dul chun cinn maidir le margadh inmheánach a bhunú ina mbeidh ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí le haghaidh comhaontuithe creidmheasa. Gach ceithre bliana, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo chun measúnú a dhéanamh ar an uastairseach EUR 100 000 a leagtar síos sa Treoir seo agus ar na céatadáin a úsáidtear chun an cúiteamh is iníoctha a ríomh i gcás aisíocaíocht luath, chomh maith le measúnú i dtaobh an bhfuil raon feidhme na Treorach seo fós iomchuí i ndáil le comhaontuithe creidmheasa a urraítear le maoin dhochorraithe neamhchónaithe. Ba cheart a áireamh sa mheastóireacht sin freisin anailís ar éabhlóid an mhargaidh le haghaidh creidmheasanna tomhaltóirí a thacaíonn leis an aistriú glas agus measúnú ar an ngá atá le bearta breise chun feabhas a chur ar ghlacadh na gcreidmheasanna sin, chomh maith le measúnú ar chur chun feidhme na bpionós arna bhforchur i gcomhréir leis an Treoir seo agus go háirithe ar a n-éifeachtacht agus a n-éifeacht dhíspreagthach. Agus meastóireacht á déanamh ar an Treoir seo, ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar na treochtaí eacnamaíocha san Aontas agus ar an staid sa mhargadh lena mbaineann, mar shampla teacht chun cinn cineálacha nua seirbhísí airgeadais, treochtaí digiteacha, agus méideanna agus treochtaí an tsoláthair creidmheasa trasteorann. Ba cheart dó féachaint freisin ar éifeachtúlacht na Treorach seo, lena n-áirítear na muirir agus na tairbhí a bhaineann léi do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí. Thairis sin, is cineál maoiniúcháin é sluachistiú atá ar fáil le haghaidh tomhaltóirí níos minice anois, le haghaidh costas beag nó infheistíochtaí de ghnáth. Déanann Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) seirbhísí sluachistiúcháin a eisiamh óna raon feidhme, lena n-áirítear seirbhísí sluachistiúcháin lena n-éascaítear deonú creidmheasa, ar seirbhísí iad a thugtar do thomhaltóirí. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le bearta breise chun tomhaltóirí a chosaint atá ag iarraidh creidmheas a fháil nó infheistíocht a dhéanamh trí sholáthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin.

(94)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon bunú rialacha coiteanna maidir le gnéithe áirithe d’fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát maidir le creidmheas tomhaltóirí, a ghnóthú go leordhóthanach agus aird á tabhairt ar fhorbairtí margaidh i bhfianaise an digitithe agus an chuspóra chun soláthar creidmheasa trasteorann a éascú ach gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(95)

Chun gnéithe neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le toimhdí breise chun ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (21). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(96)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (22), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí leis na doiciméid sin a tharchur.

(97)

Agus an líon leasuithe is gá a dhéanamh ar Threoir 2008/48/CE de thoradh fhorás na hearnála creidmheasa tomhaltóirí á chur san áireamh agus chun leas shoiléireacht reachtaíocht an Aontais, ba cheart an Treoir sin a aisghairm agus an Treoir seo a chur ina hionad.

(98)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) agus thug an Maoirseoir tuairim an 26 Lúnasa 2021 (24),

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Treoir seo creat coiteann chun comhchuibhiú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe de dhlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le comhaontuithe creidmheasa.

2.   Níl feidhm ag an Treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

comhaontuithe creidmheasa a urraítear le morgáiste, nó le hurrús inchomparáide eile a úsáidtear go coitianta i mBallstát ar mhaoin dhochorraithe nó a urraítear le ceart a bhaineann le maoin dhochorraithe;

(b)

comhaontuithe creidmheasa arb é is cuspóir dóibh cearta maoine a fháil nó a choinneáil i dtalamh nó i bhfoirgneamh atá ann cheana nó atá beartaithe, lena n-áirítear áitreabh a úsáidtear le haghaidh trádála, gnó nó gairme;

(c)

comhaontuithe creidmheasa lena mbaineann méid iomlán creidmheasa is mó ná EUR 100 000;

(d)

comhaontuithe creidmheasa i gcás ina ndeonaíonn fostóirí an creidmheas dá bhfostaithe mar ghníomhaíocht thánaisteach saor ó ús nó a thairgtear ar rátaí céatadánacha bliantúla an mhuirir is ísle ná na cinn atá i réim ar an margadh agus nach dtairgtear don phobal i gcoitinne;

(e)

comhaontuithe creidmheasa a thugtar i gcrích le gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) nó le hinstitiúidí creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun a cheadú d’infheisteoir idirbheart a dhéanamh a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí airgeadais a liostaítear i Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, i gcás ina bhfuil baint ag an ngnólacht infheistíochta nó ag an institiúid creidmheasa ag a bhfuil an creidmheas á dheonú leis an idirbheart sin;

(f)

comhaontuithe creidmheasa atá mar thoradh ar shocraíocht ar thángthas uirthi sa chúirt nó os comhair údarás reachtúil eile;

(g)

comhaontuithe fruilithe nó léasaithe i gcás nach leagtar síos sa chomhaontú féin nó i gcomhaontú ar leithligh oibleagáid nó rogha maidir le cuspóir an chomhaontaithe a cheannach;

(h)

íocaíochtaí iarchurtha inar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(i)

tugann soláthróir earraí nó soláthraí seirbhísí, gan creidmheas a bheith á thairiscint ag tríú páirtí, am don tomhaltóir íoc as na hearraí nó na seirbhísí arna soláthar ag an soláthróir nó soláthraí sin;

(ii)

tá an praghas ceannaigh le híoc saor ó ús agus gan aon mhuirir eile agus gan ach muirir theoranta is iníoctha ag an tomhaltóir as íocaíochtaí déanacha arna bhforchur i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; agus

(iii)

tá an íocaíocht sin le déanamh go hiomlán laistigh de 50 lá tar éis sheachadadh an earra nó na seirbhíse.

I gcás íocaíochtaí iarchurtha arna dtairscint ag soláthróirí earraí nó soláthraí seirbhísí nach micrifhiontair, fiontair bheaga ná fiontair mheánmhéide iad mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE i gcás ina dtairgeann soláthróirí nó soláthraithe den sórt sin seirbhísí na sochaí faisnéise de réir bhrí Airteagal 1(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) arb é atá iontu cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le tomhaltóirí chun earraí a dhíol nó seirbhísí a sholáthar de réir bhrí Airteagal 2, pointe 7, de Threoir 2011/83/AE, ní bheidh feidhm ag an eisiamh sin ó raon feidhme na Treorach seo ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

níl tríú páirtí ag tairiscint nó ag ceannach creidmheasa;

(ii)

tá an íocaíocht le déanamh go hiomlán laistigh de 14 lá tar éis sheachadadh na n-earraí nó na seirbhísí; agus

(iii)

tá an praghas ceannaigh le híoc saor ó ús agus gan aon mhuirir eile agus gan ach muirir theoranta is iníoctha ag an tomhaltóir as íocaíochtaí déanacha arna bhforchur i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(i)

comhaontuithe creidmheasa a bhaineann leis an íocaíocht iarchurtha, saor in aisce, le haghaidh fiach atá ann cheana;

(j)

comhaontuithe creidmheasa i gcás ina n-iarrtar ar an tomhaltóir ní a thaisceadh mar urrús i slánchoimeád an chreidiúnaí agus ina bhfuil dliteanas an tomhaltóra teoranta go docht don ní sin atá curtha i dtaisce;

(k)

comhaontuithe creidmheasa a bhaineann le hiasachtaí a dheonaítear do phobal srianta faoi fhoráil reachtúil chun críche leasa ghinearálta, agus ar rátaí iasachta níos ísle ná na cinn atá i réim ar an margadh nó saor ó ús nó ar théarmaí eile atá níos fabhraí don tomhaltóir ná na cinn atá i réim ar an margadh;

(l)

comhaontaithe creidmheasa arb ann dóibh an 20 Samhain 2026; mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagail 23 agus 24, Airteagal 25(1), an dara habairt, Airteagal 25(2) agus Airteagail 28 agus 39 seo maidir le gach comhaontú creidmheasa neamhiata arb ann dóibh an 20 Samhain 2026.

3.   D’ainneoin mhír 2, pointe (c), tá feidhm ag an Treoir seo maidir le comhaontuithe creidmheasa lena mbaineann méid iomlán creidmheasa is mó ná EUR 100 000 nach bhfuil urraithe le morgáiste, nó le hurrús inchomparáide eile a úsáidtear go coitianta i mBallstát ar mhaoin dhochorraithe nó le ceart a bhaineann le maoin dhochorraithe, i gcás inarb é is cuspóir do na comhaontuithe creidmheasa sin maoin dhochorraithe chónaithe a athchóiriú.

4.   I gcás comhaontuithe creidmheasa i bhfoirm rótharraingt intuigthe, ní bheidh feidhm ach amháin ag na hAirteagail a leanas:

(a)

Airteagail 1, 2, 3, 17, 19, 25, 31, 35, 36 agus 39 go 50; agus

(b)

Airteagal 18, mura gcinnfidh na Ballstáit a mhalairt.

5.   Féadfaidh na Ballstáit a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm na Treorach seo comhaontuithe creidmheasa i bhfoirm cártaí dochair iarchurtha:

(a)

a sholáthraíonn institiúid creidmheasa nó íocaíochta;

(b)

ar faoina dtéarmaí a chaithfear an creidmheas a aisíoc laistigh de 40 lá; agus

(c)

atá saor ó ús agus gan ach muirir theoranta as an tseirbhís íocaíochta a sholáthar.

6.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh feidhm ach amháin ag Airteagail 1, 2, 3, 7, 8, 11, 19 agus 20, Airteagal 21(1), an chéad fhomhír, pointí (a) go (h) agus (l), Airteagal 21(3) agus Airteagail 23, 25 agus 28 go 50 maidir le comhaontuithe creidmheasa ar eagraíocht a thugann i gcrích iad a bhfuil a ballraíocht srianta do dhaoine atá ina gcónaí nó atá fostaithe i suíomh ar leith nó d’fhostaithe agus d’fhostaithe ar scor de chuid fostóra ar leith, nó do dhaoine a chomhlíonann cáilíochtaí eile a leagtar síos faoin dlí náisiúnta mar bhunús le nasc coiteann a bheith idir na comhaltaí agus a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

bunaítear í chun tairbhe frithpháirtí a comhaltaí;

(b)

ní dhéanann sí brabúis le haghaidh aon duine eile seachas a comhaltaí;

(c)

comhlíonann sí críoch shóisialta a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta;

(d)

ní fhaigheann ná ní bhainistíonn sí ach amháin coigiltis a comhaltaí ná ní sholáthraíonn sí foinsí creidmheasa ach amháin do na comhaltaí sin;

(e)

soláthraíonn sí creidmheas ar bhonn ráta céatadánach bliantúil an mhuirir atá níos ísle ná an ceann atá i réim ar an margadh nó atá faoi réir uasteorainn a leagtar síos leis an dlí náisiúnta.

Féadfaidh na Ballstáit comhaontuithe creidmheasa a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm na Treorach seo, más comhaontuithe iad a thug eagraíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcrích i gcás ina bhfuil luach iomlán na gcomhaontuithe creidmheasa uile atá ann cheana agus a rinne an eagraíocht sin neamhshuntasach i ndáil le luach iomlán na gcomhaontuithe creidmheasa uile atá ann cheana sa Bhallstát ina bhfuil an eagraíocht bunaithe agus ina bhfuil luach iomlán na gcomhaontuithe creidmheasa uile atá ann cheana agus a rinne na heagraíochtaí sin uile sa Bhallstát sin níos lú ná 1 % de luach iomlán na gcomhaontuithe creidmheasa uile atá ann cheana agus a rinneadh sa Bhallstát sin.

Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú gach bliain ar cibé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm aon díolúine mar sin dá dtagraítear sa dara fomhír fós comhlíonta agus déanfaidh siad beart chun an díolúine a tharraingt siar i gcás ina measann siad nach gcomhlíontar na coinníollacha sin a thuilleadh.

7.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh feidhm ach amháin ag Airteagail 1, 2, 3, 7, 8, 11, 19 agus 20, Airteagal 21(1), an chéad fhomhír, pointí (a) go (h), (l) agus (r), Airteagal 21(3) agus Airteagail 23, 25, 28 go 38 agus 40 go 50 maidir le comhaontuithe creidmheasa idir an creidiúnaí agus an tomhaltóir i leith íocaíocht iarchurtha nó modhanna aisíocaíochta, i gcás ina bhfuil an tomhaltóir ar mainneachtain cheana nó inar dócha go mbeidh an tomhaltóir ar mainneachtain maidir leis an gcomhaontú creidmheasa tosaigh agus i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is dócha go seachnófaí leis an socrú an fhéidearthacht go mbeadh imeachtaí dlíthiúla ann maidir le mainneachtain an tomhaltóra;

(b)

ní bheadh an tomhaltóir, tríd an socrú a dhéanamh, faoi réir téarmaí is lú fabhar ná na cinn a leagtar síos sa chomhaontú creidmheasa tosaigh.

8.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach bhfuil feidhm ag Airteagal 8(3), pointí (d), (e) agus (f), Airteagal 10(5), Airteagal 11(4) agus Airteagal 21(3) maidir le ceann amháin nó níos mó de na comhaontuithe creidmheasa seo a leanas:

(a)

comhaontuithe creidmheasa lena mbaineann méid iomlán creidmheasa is lú ná EUR 200;

(b)

comhaontuithe creidmheasa faoina ndeonaítear creidmheas saor ó ús agus gan aon mhuirear eile;

(c)

comhaontuithe creidmheasa faoina gcaithfear creidmheas a aisíoc laistigh de 3 mhí agus gan le híoc ach muirir neamhshuntasacha.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘tomhaltóir’ duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críoch atá lasmuigh dá thrádáil nó dá trádáil, dá ghnó nó dá gnó nó dá ghairm nó dá gairm;

(2)

ciallaíonn ‘creidiúnaí’ duine nádúrtha nó dlítheanach a dheonaíonn creidmheas nó a gheallann creidmheas a dheonú le linn thrádáil, ghnó nó ghairm an duine sin;

(3)

ciallaíonn ‘comhaontú creidmheasa’ comhaontú trína ndeonaíonn creidiúnaí creidmheas, nó trína ngeallann creidiúnaí creidmheas a dheonú, do thomhaltóir i bhfoirm íocaíocht iarchurtha, iasachta nó garaíocht airgeadais chomhchosúil eile seachas comhaontuithe maidir le soláthar seirbhísí ar bhonn leanúnach ná soláthar earraí den chineál céanna, i gcás ina n-íocfaidh an tomhaltóir as na seirbhísí nó na hearraí sin ar feadh fhad a soláthair trí thráthchodanna;

(4)

ciallaíonn ‘seirbhís choimhdeach’ seirbhís a thairgtear don tomhaltóir i gcomhar leis an gcomhaontú creidmheasa;

(5)

ciallaíonn ‘costas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir’ na costais uile, lena n-áirítear ús, coimisiúin, cánacha agus aon chineál eile táillí, a cheanglaítear ar an tomhaltóir a íoc i ndáil leis an gcomhaontú creidmheasa agus arb eol don chreidiúnaí fúthu, seachas costais nótaire; tá costais i leith seirbhísí coimhdeacha a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa, go háirithe préimheanna árachais, ar áireamh freisin i gcostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir i gcás ina bhfuil sé éigeantach, ina theannta sin, conradh a thabhairt i gcrích maidir leis na seirbhísí coimhdeacha sin chun an creidmheas a fháil nó chun é a fháil ar na téarmaí agus na coinníollacha a ndéantar margaíocht ina leith;

(6)

ciallaíonn ‘an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir’ suim an mhéid iomláin creidmheasa agus chostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir;

(7)

ciallaíonn ‘ráta céatadánach bliantúil an mhuirir’ nó ‘APR’ costas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir, arna shloinneadh mar chéatadán bliantúil de mhéid iomlán an chreidmheasa agus arna ríomh mar a leagtar amach in Airteagal 30;

(8)

ciallaíonn ‘ráta iasachta’ an ráta úis a shloinntear mar chéatadán seasta nó athraitheach a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an méid creidmheasa a tarraingíodh anuas;

(9)

ciallaíonn ‘ráta iasachta seasta’ an ráta iasachta a chomhaontaíonn an creidiúnaí agus an tomhaltóir sa chomhaontú creidmheasa ar feadh fhad iomlán an chomhaontaithe creidmheasa, nó roinnt rátaí iasachta a chomhaontaíonn an creidiúnaí agus an tomhaltóir sa chomhaontú creidmheasa ar feadh tréimhsí páirteacha ar ina leith a chinntear na rátaí iasachta agus úsáid eisiach á baint as céatadán seasta sonrach; mura gcinntear na rátaí iasachta uile sa chomhaontú creidmheasa, measfar nach bhfuil an ráta iasachta socraithe ach amháin ar feadh na dtréimhsí páirteacha ar lena n-aghaidh atá na rátaí iasachta cinnte go heisiach le céatadán seasta sonrach a chomhaontaítear ar thabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa;

(10)

ciallaíonn ‘méid iomlán creidmheasa’ an uasteorainn nó na suimeanna iomlána a chuirtear ar fáil faoi chomhaontú creidmheasa;

(11)

ciallaíonn ‘meán marthanach’ aon ionstraim lena gcuirtear ar a cumas nó ar a chumas don tomhaltóir faisnéis atá dírithe go pearsanta air nó uirthi a stóráil ar bhealach atá inrochtana sa todhchaí ar feadh tréimhse leordhóthanach chun críocha na faisnéise agus lena bhféadfar an fhaisnéis atá stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú;

(12)

ciallaíonn ‘idirghabhálaí creidmheasa’ duine nádúrtha nó dlítheanach nach bhfuil ag gníomhú mar chreidiúnaí ná nótaire ná nach gcuireann tomhaltóir i láthair creidiúnaí, agus sin amháin, agus a dhéanann an méid seo a leanas, le linn thrádáil, ghnó nó ghairm an duine sin, ar luach saothair, a fhéadfaidh a bheith i bhfoirm airgid nó aon fhoirm chomhaontaithe eile de chomaoin airgeadais:

(a)

comhaontuithe creidmheasa a chur i láthair tomhaltóirí nó a thairiscint dóibh;

(b)

cúnamh a thabhairt do thomhaltóirí trí obair ullmhúcháin nó riarachán réamhchonarthach eile a dhéanamh i leith comhaontuithe creidmheasa seachas dá dtagraítear i bpointe (a); nó

(c)

comhaontuithe creidmheasa a thabhairt i gcrích le tomhaltóirí thar ceann an chreidiúnaí;

(13)

ciallaíonn ‘faisnéis réamhchonarthach’ an fhaisnéis a sholáthraítear sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag comhaontú creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, trí thairiscint cheangailteach a thíolacadh agus atá de dhíth ar an tomhaltóir chun bheith in ann tairiscintí creidmheasa éagsúla a chur i gcomparáid le chéile agus cinneadh eolach a dhéanamh i dtaobh an dtabharfaidh sé nó sí an comhaontú creidmheasa i gcrích;

(14)

ciallaíonn ‘próifíliú’ próifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679;

(15)

ciallaíonn ‘cleachtas nasctha’ comhaontú creidmheasa a thairiscint nó a dheonú i bpacáiste le táirgí airgeadais ar leith eile nó seirbhísí airgeadais ar leith eile i gcás nach gcuirtear an comhaontú creidmheasa ar fáil don tomhaltóir ar leithligh;

(16)

ciallaíonn ‘cleachtas cuachta’ comhaontú creidmheasa a thairiscint nó a dhíol i bpacáiste le táirgí airgeadais ar leith eile nó seirbhísí ar leith eile i gcás ina gcuirtear an comhaontú creidmheasa ar fáil freisin don tomhaltóir ar leithligh ach ní gá go ndéantar sin ar na téarmaí ná na coinníollacha céanna atá ann nuair a thairgtear iad cuachta leis na táirgí nó seirbhísí eile sin;

(17)

ciallaíonn ‘seirbhísí comhairleacha’ moltaí pearsanta a thugtar do thomhaltóir i leith idirbheart amháin nó níos mó a bhaineann le comhaontuithe creidmheasa agus ar gníomhaíocht ar leithligh iad ó dheonú creidmheasa agus ó na gníomhaíochtaí idirghabhála creidmheasa mar a leagtar amach i bpointe (12);

(18)

ciallaíonn ‘saoráid rótharraingthe’ comhaontú creidmheasa sainráite trína gcuireann creidiúnaí cistí ar fáil do thomhaltóir is mó ná an t-iarmhéid reatha i gcuntas reatha an tomhaltóra;

(19)

ciallaíonn ‘rótharraingt intuigthe’ rótharraingt, a bhfuil glacadh léi go hintuigthe, trína gcuireann creidiúnaí cistí ar fáil do thomhaltóir, cistí is mó ná an t-iarmhéid reatha i gcuntas reatha an tomhaltóra nó an tsaoráid rótharraingthe a comhaontaíodh;

(20)

ciallaíonn ‘comhaontú creidmheasa nasctha’ comhaontú creidmheasa inarb amhlaidh:

(a)

go bhfónann an creidmheas nó na seirbhísí i gceist go heisiach chun comhaontú a mhaoiniú maidir le soláthar earraí sonracha nó soláthar seirbhíse sonraí; agus

(b)

go bhfuil an dá chomhaontú sin, ó thaobh oibiachtúil de, ina n-aonad tráchtála; measfar gurb ann d’aonad tráchtála i gcás ina maoiníonn an soláthróir earraí nó an soláthraí seirbhíse féin an creidmheas don tomhaltóir nó, i gcás ina maoiníonn tríú páirtí an creidmheas, ina n-úsáideann an creidiúnaí seirbhísí an tsoláthróra earraí nó an tsoláthraí seirbhísí i dtaca le margú, tabhairt i gcrích nó ullmhú an chomhaontaithe creidmheasa, nó i gcás ina sonraítear go sainráite na hearraí sonracha nó soláthar seirbhíse sonraí sa chomhaontú creidmheasa;

(21)

ciallaíonn ‘aisíocaíocht luath’ urscaoileadh iomlán nó páirteach oibleagáidí an tomhaltóra faoi chomhaontú creidmheasa, roimh an dáta a comhaontaíodh sa chomhaontú creidmheasa;

(22)

ciallaíonn ‘fiach-sheirbhísí comhairleacha’ cúnamh pearsantaithe de chineál teicniúil, dlíthiúil nó síceolaíoch a sholáthraíonn oibreoirí gairmiúla neamhspleácha nach creidiúnaithe ná idirghabhálaithe creidmheasa iad, go háirithe, mar a shainmhínítear sa Treoir seo, ná nach ceannaitheoirí creidmheasa ná seirbhíseoirí creidmheasa iad mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointí (6) agus (8), de Threoir (AE) 2021/2167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), i bhfabhar tomhaltóirí a bhfuil deacrachtaí acu nó a bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu a gceangaltais airgeadais a chomhlíonadh.

Airteagal 4

Méideanna a shloinntear in euro a chomhshó ina n-airgeadra náisiúnta

1.   Chun críocha na Treorach seo, na Ballstáit sin a dhéanann na méideanna a shloinntear in euro a chomhshó ina n-airgeadra náisiúnta, úsáidfidh siad ar dtús sa chomhshó sin an ráta malairte atá i réim ar an 19 Samhain 2023.

2.   Féadfaidh na Ballstáit na méideanna a eascraíonn as an gcomhshó dá dtagraítear i mír 1 a shlánú, ar choinníoll nach mó ná EUR 10 an slánú sin.

Airteagal 5

Oibleagáid chun faisnéis a sholáthar saor in aisce do thomhaltóirí

Ceanglóidh na Ballstáit, nuair a sholáthraítear faisnéis do thomhaltóirí i gcomhréir leis an Treoir seo, go soláthrófar an fhaisnéis sin gan muirear a chur ar an tomhaltóir gan beann ar an meán a úsáidtear chun í a sholáthar.

Airteagal 6

Neamh-idirdhealú

Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun creidmheas a dheonú idirdhealú in aghaidh tomhaltóirí atá ina gcónaí go dlíthiúil san Aontas mar gheall ar a náisiúntacht nó a n-áit chónaithe ná mar gheall ar aon fhoras eile dá dtagraítear in Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, nuair a dhéanann na tomhaltóirí sin comhaontú creidmheasa a iarraidh, a thabhairt i gcrích nó a choinneáil laistigh den Aontas.

Ní dochar an chéad mhír don fhéidearthacht coinníollacha éagsúla rochtana ar chreidmheas a thairiscint i gcás ina dtugtar údar cuí leis na coinníollacha éagsúla sin de réir critéir oibiachtúla.

CAIBIDIL II

FAISNÉIS A BHEIDH LE SOLÁTHAR ROIMH THABHAIRT I GCRÍCH AN CHOMHAONTAITHE CREIDMHEASA

Airteagal 7

Fógraíocht agus margaíocht ar chomhaontuithe creidmheasa

Gan dochar do Threoir 2005/29/CE, ceanglóidh na Ballstáit go mbeidh aon teachtaireacht fógraíochta agus mhargaíochta maidir le comhaontuithe creidmheasa cothrom agus soiléir agus nach mbeidh sí míthreorach. Beidh toirmeasc ar fhoclaíocht sna teachtaireachtaí fógraíochta agus margaíochta sin lena bhféadfar ionchais bhréagacha a chruthú do thomhaltóir maidir le hinfhaighteacht nó costas creidmheasa nó an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir.

Airteagal 8

Faisnéis chaighdeánach atá le cur ar áireamh i bhfógraíocht comhaontuithe creidmheasa

1.   Fógraíocht a bhaineann le comhaontuithe creidmheasa, ceanglóidh na Ballstáit go n-áireofar rabhadh soiléir feiceálach inti chun tomhaltóirí a chur ar an eolas go bhfuil costas ar airgead a fháil ar iasacht, trí úsáid a bhaint as an bhfoclaíocht ‘Aire! Tá costas ar airgead a fháil ar iasacht’, nó as foclaíocht choibhéiseach.

2.   Fógraíocht a bhaineann le comhaontuithe creidmheasa lena léirítear ráta úis nó aon fhigiúirí a bhaineann le haon chostas creidmheasa don tomhaltóir, ceanglóidh na Ballstáit go n-áireofar faisnéis chaighdeánach inti i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás ina gceanglaítear leis an dlí náisiúnta léiriú ar ráta céatadánach bliantúil an mhuirir i bhfógraíocht maidir le comhaontuithe creidmheasa nach léiríonn ráta úis ná aon fhigiúirí a bhaineann le haon chostas creidmheasa don tomhaltóir de réir bhrí na chéad fhomhíre.

3.   Beidh an fhaisnéis chaighdeánach inléite go héasca nó inchloiste go soiléir, de réir mar is iomchuí, agus oiriúnaithe do shrianta teicniúla an mheáin a úsáidtear le haghaidh fógraíochta agus sonrófar na heilimintí seo a leanas ar fad inti ar bhealach soiléir, gonta agus feiceálach:

(a)

an ráta iasachta, seasta nó athraitheach nó iad araon, mar aon le mionsonraí aon mhuirir a áirítear i gcostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir;

(b)

an méid iomlán creidmheasa;

(c)

ráta céatadánach bliantúil an mhuirir;

(d)

i gcás inarb infheidhme, fad an chomhaontaithe creidmheasa;

(e)

i gcás creidmheas i bhfoirm íocaíocht iarchurtha i leith earraí nó seirbhísí sonracha, an praghas in airgead tirim agus méid aon réamhíocaíochta;

(f)

i gcás inarb infheidhme, an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir agus méid na dtráthchodanna.

I gcásanna sonracha agus a bhfuil bonn cirt leo, maidir leis an meán a úsáidtear chun an fhaisnéis chaighdeánach dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur in iúl, i gcás nach gceadaítear leis an meán sin an fhaisnéis a thaispeáint ó amharc, ní bheidh feidhm ag pointe (e) ná (f) den fhomhír sin.

4.   Sonrófar an fhaisnéis chaighdeánach dá dtagraítear i mír 3, an chéad fhomhír, trí bhíthin sampla ionadaíoch.

5.   I gcás ina bhfuil tabhairt i gcrích conartha maidir le seirbhís choimhdeach a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa éigeantach chun an creidmheas a fháil nó chun é a fháil ar na téarmaí agus na coinníollacha a ndéantar margaíocht ina leith, agus nach féidir costas na seirbhíse sin a chinneadh roimh ré, sonrófar san fhaisnéis chaighdeánach dá dtagraítear i mír 3, an chéad fhomhír, ar bhealach soiléir, gonta agus feiceálach an oibleagáid chun an conradh sin a dhéanamh.

6.   Gan dochar do Threoir 2005/29/CE, i gcásanna sonracha a bhfuil údar cuí leo i gcás nach gcumasaítear leis an meán leictreonach a úsáidtear chun an fhaisnéis chaighdeánach dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a chur in iúl an fhaisnéis sin a thaispeáint go feiceálach agus go soiléir, beidh an tomhaltóir in ann rochtain a fháil ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (e) agus (f) den chéad fhomhír den mhír sin trí chliceáil, trí scrollú nó trí svaidhpeáil.

7.   Déanfaidh na Ballstáit toirmeasc a chur ar fhógraíocht le haghaidh táirgí creidmheasa:

(a)

a spreagann tomhaltóirí creidmheas a lorg trína mholadh go gcuirfeadh creidmheas feabhas ar staid airgeadais na dtomhaltóirí sin;

(b)

a shonraíonn nach bhfuil mórán tionchair nó tionchar ar bith ag comhaontuithe creidmheasa gan íoc nó ag creidmheas cláraithe i mbunachair sonraí ar mheasúnú ar iarratas creidmheasa;

(c)

a thugann le fios go bréagach go dtagann méadú ar acmhainní airgeadais mar thoradh ar chreidmheas, go nglacann sé ionad coigiltis nó go bhféadfaidh sé caighdeáin mhaireachtála an tomhaltóra a fheabhsú.

8.   Féadfaidh na Ballstáit, inter alia, toirmeasc a chur ar fhógraíocht le haghaidh táirgí creidmheasa:

(a)

a chuireann béim ar a éasca nó a thapúla is féidir creidmheas a fháil;

(b)

a chuireann in iúl go bhfuil fógraíocht coinníollach ar chreidmheas a ghlacadh;

(c)

a chuireann ‘tréimhsí cairde’ níos faide ná 3 mhí ar fáil chun tráthchodanna creidmheasa a aisíoc.

Airteagal 9

Faisnéis ghinearálta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh creidiúnaithe nó, i gcás inarb infheidhme, idirghabhálaithe creidmheasa, faisnéis ghinearálta atá soiléir agus intuigthe maidir le comhaontuithe creidmheasa, ar fáil do thomhaltóirí, ag gach tráth ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile arna roghnú ag an tomhaltóir.

Déanfar faisnéis ghinearálta maidir le comhaontuithe creidmheasa, arna gcur ar fáil ag creidiúnaithe, nó i gcás inarb infheidhme, arna gcur ar fáil ag idirghabhálaithe creidmheasa ag a n-áitreabh, a chur ar fáil do thomhaltóirí ar pháipéar ar a laghad.

2.   Beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, san áireamh san fhaisnéis ghinearálta dá dtagraítear i mír 1:

(a)

céannacht, seoladh geografach, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist eisitheoir na faisnéise;

(b)

na críocha dá bhféadfar an creidmheas a úsáid;

(c)

fad féideartha an chomhaontaithe creidmheasa;

(d)

na cineálacha rátaí iasachtaithe atá ar fáil, ag léiriú cibé an bhfuil siad seasta nó athraitheach nó an dá cheann, le tuairisc ghearr ar na saintréithe a bhaineann le ráta seasta nó ráta athraitheach, lena n-áirítear na himpleachtaí gaolmhara don tomhaltóir;

(e)

sampla ionadaíoch den mhéid iomlán creidmheasa, costas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir, an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir agus ráta céatadánach bliantúil an mhuirir;

(f)

léiriú ar chostais bhreise a d’fhéadfadh a bheith ann, nach bhfuil ar áireamh i gcostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir, a bheidh le híoc i dtaca le comhaontú creidmheasa;

(g)

raon na roghanna difriúla a bheidh ar fáil chun an creidmheas a aisíoc leis an gcreidiúnaí, lena n-áirítear líon, minicíocht agus méid na dtráthchodanna aisíocaíochta tráthrialta;

(h)

tuairisc ar na coinníollacha a bhaineann go díreach le haisíocaíocht luath;

(i)

tuairisc ar an gceart chun tarraingt siar;

(j)

léiriú ar na seirbhísí coimhdeacha atá mar chúram ar an tomhaltóir a fháil chun an creidmheas a fháil nó chun é a fháil ar na téarmaí agus coinníollacha a ndéantar margaíocht ina leith agus, i gcás inarb infheidhme, soiléiriú go bhféadfar na seirbhísí coimhdeacha a cheannach ó sholáthraí nach é an creidiúnaí é; agus

(k)

rabhadh ginearálta maidir le hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag neamhchomhlíonadh na ngealltanas atá nasctha leis an gcomhaontú creidmheasa.

Airteagal 10

Faisnéis réamhchonarthach

1.   Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfaidh an creidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an t-idirghabhálaí creidmheasa an fhaisnéis réamhchonarthach shoiléir agus intuigthe a sholáthar don tomhaltóir, ar faisnéis í is gá chun tairiscintí éagsúla a chur i gcomparáid le chéile chun cinneadh eolasach a dhéanamh maidir le comhaontú creidmheasa a thabhairt i gcrích ar bhonn na dtéarmaí agus na gcoinníollacha maidir le creidmheas a thairgeann an creidiúnaí agus, más infheidhme, na roghanna atá curtha in iúl agus an fhaisnéis atá soláthartha ag an tomhaltóir. Soláthrófar an fhaisnéis réamhchonarthach sin don tomhaltóir in am trátha sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag aon chomhaontú creidmheasa nó tairiscint, lena n-áirítear i gcás ina n-úsáidtear modhanna cianchumarsáide mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (e), de Threoir 2002/65/CE.

I gcás ina soláthrófar an fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i dtréimhse is gairide ná lá amháin sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag an gcomhaontú creidmheasa nó ag an tairiscint, ceanglóidh na Ballstáit ar an gcreidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, ar an idirghabhálaí creidmheasa meabhrúchán a sheoladh chuig an tomhaltóir á rá gur féidir tarraingt siar as an gcomhaontú creidmheasa agus faoin nós imeachta atá le leanúint chun tarraingt siar, i gcomhréir le hAirteagal 26. Cuirfear an meabhrúchán sin ar fáil don tomhaltóir, ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile arna roghnú ag an tomhaltóir agus a shonrófar sa chomhaontú creidmheasa, idir lá amháin agus 7 lá tar éis thabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, tar éis don tomhaltóir an tairiscint chreidmheasa cheangailteach a thíolacadh.

2.   Soláthrófar an fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear i mír 1 ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile, arna roghnú ag an tomhaltóir, tríd an bhfoirm maidir le Faisnéis Chaighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Beidh an fhaisnéis uile a sholáthrófar san fhoirm chomh feiceálach céanna. Measfar na ceanglais faisnéise a leagtar síos sa mhír seo agus in Airteagal 3 (1) agus (2), de Threoir 2002/65/CE a bheith comhlíonta ag an gcreidiúnaí má sholáthair an creidiúnaí sin an fhoirm sin.

3.   Maidir leis an bhfaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear i mír 1, sonrófar san fhaisnéis réamhchonarthach gach ceann de na heilimintí seo a leanas, ar bhealach feiceálach sa chéad chuid den fhoirm maidir le Faisnéis Chaighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra ar leathanach amháin:

(a)

céannacht an chreidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht an idirghabhálaí creidmheasa lena mbaineann;

(b)

an méid iomlán creidmheasa;

(c)

fad an chomhaontaithe creidmheasa;

(d)

an ráta iasachta, nó na rátaí iasachta uile má tá feidhm ag rátaí iasachta éagsúla in imthosca éagsúla;

(e)

ráta céatadánach bliantúil an mhuirir agus an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir;

(f)

i gcás creidmheas i bhfoirm íocaíocht iarchurtha i leith earraí nó seirbhísí sonracha agus i gcás comhaontuithe creidmheasa nasctha, na hearraí nó na seirbhísí sonracha agus a bpraghas in airgead tirim;

(g)

na costais i gcás íocaíochtaí déanacha, i.e. an ráta úis is infheidhme i gcás íocaíochtaí déanacha agus na socruithe maidir lena choigeartú, agus, i gcás inarb infheidhme, aon mhuirear is iníoctha i leith mainneachtana;

(h)

méid, líon agus minicíocht na n-íocaíochtaí atá le déanamh ag an tomhaltóir agus, i gcás inarb iomchuí, an t-ord ina ndéanfar íocaíochtaí a leithdháileadh ar iarmhéideanna éagsúla gan íoc a mhuirearaítear ar rátaí iasachta éagsúla chun críoch aisíocaíochta;

(i)

rabhadh maidir leis na hiarmhairtí a bheadh ann mar gheall ar íocaíochtaí a mhainneachtain nó íocaíochtaí déanacha;

(j)

cé acu is ann nó nach ann do cheart chun tarraingt siar agus, i gcás inarb infheidhme, an tréimhse tarraingt siar;

(k)

gurb ann do cheart chun aisíocaíocht luath a fháil, agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le ceart an chreidiúnaí chun cúitimh;

(l)

seoladh geografach, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an chreidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, seoladh geografach, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an idirghabhálaí creidmheasa lena mbaineann.

4.   I gcás nach féidir na heilimintí go léir dá dtagraítear i mír 3 a thaispeáint ar bhealach feiceálach ar leathanach amháin, taispeánfar iad sa chéad chuid den fhoirm maidir le Faisnéis Chaighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra ar dhá leathanach ar a mhéad. Sa chás sin, taispeánfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (g) den mhír sin ar an gcéad leathanach den fhoirm.

5.   Sonrófar san fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear i mír 1 gach ceann de na heilimintí seo a leanas, a thaispeánfar tar éis na heilimintí a liostaítear i mír 3 a dheighilt go suntasach uathu:

(a)

an cineál creidmheasa;

(b)

na coinníollacha lena rialaítear an tarraingt anuas;

(c)

i gcás ina bhfuil feidhm ag rátaí iasachta éagsúla in imthosca éagsúla, na coinníollacha lena rialaítear cur i bhfeidhm gach ráta iasachta agus, i gcás ina mbeidh fáil air sin, aon innéacs nó ráta tagartha is infheidhme maidir le gach ráta iasachta tosaigh, chomh maith leis na tréimhsí, na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun gach ráta iasachta a athrú;

(d)

i gcás ina soláthraítear le comhaontú creidmheasa bealaí tarraingthe anuas éagsúla le muirir nó rátaí iasachta éagsúla agus ina n-úsáideann an creidiúnaí an toimhde a leagtar amach in Iarscríbhinn III, Cuid II, pointe (b), léiriú go bhféadfaidh rátaí céatadánacha bliantúla muirir atá níos airde a bheith mar thoradh ar shásraí tarraingthe anuas eile maidir leis an gcineál comhaontaithe creidmheasa sin;

(e)

i gcás inarb infheidhme, na muirir i leith cuntas éigeantach amháin nó níos mó a choinneáil ar bun ina ndéantar idirbhearta íocaíochta agus tarraingtí anuas araon a thaifeadadh, na muirir i leith modh íocaíochta a úsáid le haghaidh idirbhearta íocaíochta agus tarraingtí anuas araon, aon mhuirear eile a eascraíonn as an gcomhaontú creidmheasa, agus na coinníollacha faoina bhféadfar aon cheann de na muirir sin a athrú;

(f)

sampla ionadaíoch ina léirítear ráta céatadánach bliantúil an mhuirir agus an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir, a léirítear trí shampla ionadaíoch ina luaitear na toimhdí uile a úsáideadh chun an ráta sin a ríomh; i gcás ina mbeidh an creidiúnaí curtha ar an eolas ag an tomhaltóir faoi chomhpháirt amháin nó níos mó dá chreidmheas tosaíochta nó dá creidmheas tosaíochta, mar shampla fad an chomhaontaithe creidmheasa agus an méid iomlán creidmheasa, cuirfidh an creidiúnaí na comhpháirteanna sin san áireamh;

(g)

i gcás inarb infheidhme, aon chostas is iníoctha ag an tomhaltóir le nótaire ar thabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa;

(h)

an oibleagáid, más ann, conradh seirbhíse coimhdí a dhéanamh a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa, i gcás ina bhfuil tabhairt i gcrích an chonartha sin éigeantach chun an creidmheas a fháil nó chun é a fháil ar na téarmaí agus coinníollacha a ndéantar margaíocht ina leith;

(i)

i gcás inarb infheidhme, na hurraí a cheanglaítear;

(j)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir leis an gcaoi a gcinnfear cúiteamh an chreidiúnaí i gcás aisíocaíocht luath;

(k)

ceart an tomhaltóra chun bheith curtha ar an eolas láithreach agus saor in aisce, de bhun Airteagal 19(6), faoin toradh ar cheadú bunachair sonraí a dhéantar chun a acmhainneacht creidmheasa nó a hacmhainneacht creidmheasa a mheasúnú;

(l)

ceart an tomhaltóra, mar a leagtar amach i mír 8 den Airteagal seo, go soláthrófaí cóip den dréacht-chomhaontú creidmheasa dó nó di, arna iarraidh sin, ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile agus saor in aisce, ar choinníoll go bhfuil an creidiúnaí, tráth na hiarrata, toilteanach dul ar aghaidh le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa;

(m)

i gcás inarb infheidhme, léiriú go raibh an praghas pearsantaithe ar bhonn próiseáil uathoibríoch, lena n-áirítear próifíliú;

(n)

i gcás inarb infheidhme, an tréimhse ar lena linn atá an creidiúnaí faoi cheangal ag an bhfaisnéis réamhchonarthach a sholáthraítear i gcomhréir leis an Airteagal seo;

(o)

deis a bheith ag an tomhaltóir dul i muinín sásra gearán agus sásaimh lasmuigh den chúirt agus na bealaí chun rochtain a fháil air;

(p)

rabhadh agus míniú maidir leis na hiarmhairtí dlíthiúla agus airgeadais a ghabhann le neamhchomhlíonadh na ngealltanas eile atá nasctha leis an gcomhaontú creidmheasa sonrach;

(q)

sceideal aisíocaíochta ina bhfuil na híocaíochtaí agus na haisíocaíochtaí uile thar thréimhse an chomhaontaithe creidmheasa, lena n-áirítear na híocaíochtaí agus na haisíocaíochtaí le haghaidh aon seirbhísí coimhdeacha a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa a dhíoltar go comhuaineach, trína mbunaítear íocaíochtaí agus aisíocaíochtaí, i gcás ina mbeidh feidhm ag rátaí iasachta éagsúla in imthosca éagsúla, ar athruithe réasúnacha aníos ar an ráta iasachta.

I gcás ina ndéantar tagairt sa chomhaontú creidmheasa do thagarmharc mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (3), de Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), sonrófar ainm an tagarmhairc sin agus a riarthóra agus na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an tagarmharc sin ar an tomhaltóir i ndoiciméad ar leithligh a fhéadfar a chur i gceangal leis an bhfoirm maidir le Fáisnéis Chaighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra.

6.   Beidh faisnéis a thaispeántar san fhoirm maidir le Faisnéis Chaighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra comhsheasmhach. Beidh sí inléite go soiléir agus cuirfear srianta teicniúla an mheáin ar a dtaispeántar í san áireamh lena haghaidh. Taispeánfar an fhaisnéis ar bhealach leordhóthanach oiriúnach ar na bealaí éagsúla, agus idir-inoibritheacht á cur san áireamh.

Aon fhaisnéis bhreise a fhéadfaidh an creidiúnaí a sholáthar don tomhaltóir, beidh sí inléite go soiléir agus tabharfar i ndoiciméad ar leithligh í, a fhéadfaidh a bheith i gceangal leis an bhfoirm maidir le Faisnéis Chaighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra.

7.   De mhaolú ar mhír 5 den Airteagal seo, i gcás cumarsáid ghuth-theileafónaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Threoir 2002/65/CE, sa tuairisc ar phríomh-shaintréithe na seirbhíse airgeadais atá le soláthar de bhun Airteagal 3(3), pointe (b), an dara fleasc, den Treoir sin áireofar ar a laghad na nithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Sa chás sin, déanfaidh an creidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an t-idirghabhálaí creidmheasa an fhoirm maidir le Faisnéis Chaighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra a sholáthar don tomhaltóir ar mheán marthanach díreach tar éis an comhaontú creidmheasa a thabhairt i gcrích.

8.   Arna iarraidh sin don tomhaltóir, déanfaidh an creidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an t-idirghabhálaí creidmheasa, i dteannta na foirme maidir le Faisnéis Chaighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra, cóip den dréacht-chomhaontú creidmheasa ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile a sholáthar don tomhaltóir saor in aisce, ar choinníoll go bhfuil an creidiúnaí toilteanach, tráth na hiarrata, dul ar aghaidh le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa leis an tomhaltóir.

9.   I gcás comhaontú creidmheasa faoin arb amhlaidh nach n-eascraíonn amúchadh comhfhreagrach láithreach ar an méid iomlán creidmheasa as íocaíochtaí a dhéanann an tomhaltóir, ach a úsáidtear na híocaíochtaí sin mar chaipiteal le linn tréimhsí agus faoi choinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú creidmheasa, nó i gcomhaontú coimhdeach, áireoidh an creidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an t-idirghabhálaí creidmheasa san fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear i mír 1 ráiteas soiléir agus gonta nach ndéantar foráil sna comhaontuithe creidmheasa sin maidir le ráthaíocht go n-aisíocfar an méid iomlán creidmheasa a tharraingítear anuas faoin gcomhaontú creidmheasa mura rud é go dtugtar an ráthaíocht sin go sainráite.

10.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le soláthróirí earraí ná soláthraithe seirbhísí atá ag gníomhú mar idirghabhálaithe creidmheasa i gcáil choimhdeach. Tá an méid sin gan dochar don oibleagáid atá ar an gcreidiúnaí, nó i gcás inarb infheidhme, ar an idirghabhálaí creidmheasa a áirithiú go bhfaigheann an tomhaltóir an fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 11

Faisnéis réamhchonarthach maidir le comhaontuithe creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 2(6) nó (7)

1.   Maidir le comhaontuithe creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 2(6) nó (7), soláthrófar an fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear in Airteagal 10(1), de mhaolú ar Airteagal 10(2), ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile arna roghnú ag an tomhaltóir tríd an bhfoirm maidir le Faisnéis Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Beidh an fhaisnéis sin soiléir agus intuigthe. Beidh an fhaisnéis uile a sholáthrófar san fhoirm sin chomh feiceálach céanna. Measfar na ceanglais faisnéise a leagtar síos sa mhír seo agus in Airteagal 3(1) agus (2), de Threoir 2002/65/CE a bheith comhlíonta ag an gcreidiúnaí má tá an fhoirm sin soláthartha ag an gcreidiúnaí sin.

2.   Maidir le comhaontuithe creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 2(6) nó (7), sonrófar san fhaisnéis réamhchonarthach, dá dtagraítear in Airteagal 10(1), de mhaolú ar Airteagal 10(3), gach ceann de na heilimintí seo a leanas, ar bhealach feiceálach sa chéad chuid den fhoirm maidir le Faisnéis Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra ar leathanach amháin:

(a)

céannacht an chreidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht an idirghabhálaí creidmheasa lena mbaineann;

(b)

an méid iomlán creidmheasa;

(c)

fad an chomhaontaithe creidmheasa;

(d)

an ráta iasachta, nó na rátaí iasachta uile má tá feidhm ag rátaí iasachta éagsúla in imthosca éagsúla;

(e)

ráta céatadánach bliantúil an mhuirir agus an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir;

(f)

i gcás creidmheas i bhfoirm íocaíocht iarchurtha i leith earraí nó seirbhísí sonracha agus i gcás comhaontuithe creidmheasa nasctha, na hearraí nó na seirbhísí sonracha agus a bpraghas in airgead tirim;

(g)

na costais i gcás íocaíochtaí déanacha, i.e. an ráta úis is infheidhme i gcás íocaíochtaí déanacha agus na socruithe maidir lena choigeartú, agus, i gcás inarb infheidhme, aon mhuirear is iníoctha i leith mainneachtana;

(h)

méid, líon agus minicíocht na n-íocaíochtaí atá le déanamh ag an tomhaltóir agus, i gcás inarb iomchuí, an t-ord ina ndéanfar íocaíochtaí a leithdháileadh ar iarmhéideanna éagsúla gan íoc a mhuirearaítear ar rátaí iasachta éagsúla chun críoch aisíocaíochta;

(i)

rabhadh maidir leis na hiarmhairtí a bheadh ann mar gheall ar íocaíochtaí a mhainneachtain nó íocaíochtaí déanacha;

(j)

cé acu is ann nó nach ann do cheart chun tarraingt siar;

(k)

gurb ann do cheart chun aisíocaíocht luath a fháil, agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le ceart an chreidiúnaí chun cúitimh;

(l)

seoladh geografach, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an chreidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, seoladh geografach, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an idirghabhálaí creidmheasa lena mbaineann.

3.   I gcás nach féidir na heilimintí go léir dá dtagraítear i mír 2 a thaispeáint ar bhealach feiceálach ar leathanach amháin, taispeánfar iad sa chéad chuid den fhoirm maidir le Faisnéis Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra ar dhá leathanach ar a mhéad. Sa chás sin, taispeánfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (g) den mhír sin ar an gcéad leathanach den fhoirm.

4.   Sonrófar san fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear i mír 1 gach ceann de na heilimintí seo a leanas, a thaispeánfar tar éis na heilimintí a liostaítear i mír 2 a dheighilt go suntasach uathu:

(a)

an cineál creidmheasa;

(b)

i gcás ina bhfuil rátaí iasachta éagsúla i bhfeidhm in imthosca éagsúla, agus na coinníollacha lena rialaítear cur i bhfeidhm gach ráta iasachta, aon innéacs nó ráta tagartha is infheidhme maidir leis an ráta iasachta tosaigh, na muirir is infheidhme ón tráth a thugtar an comhaontú creidmheasa i gcrích, agus, i gcás inarb infheidhme, na coinníollacha faoina bhféadfar na muirir sin a athrú;

(c)

sampla ionadaíoch ina léirítear ráta céatadánach bliantúil an mhuirir agus an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir, a léirítear trí shampla ionadaíoch ina luaitear na toimhdí uile a úsáideadh chun an ráta sin a ríomh;

(d)

na coinníollacha agus an nós imeachta chun an comhaontú creidmheasa a fhoirceannadh;

(e)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir leis an gcaoi a gcinnfear cúiteamh an chreidiúnaí i gcás aisíocaíocht luath;

(f)

i gcás inarb infheidhme, léiriú go bhféadfar a iarraidh ar an tomhaltóir an méid creidmheasa a aisíoc ina iomláine tráth ar bith;

(g)

tagairt do cheart an tomhaltóra chun bheith curtha ar an eolas láithreach agus saor in aisce, de bhun Airteagal 19(6), faoin toradh ar cheadú bunachair sonraí a dhéantar chun a acmhainneacht creidmheasa nó a hacmhainneacht creidmheasa a mheasúnú;

(h)

i gcás inarb infheidhme, léiriú go raibh an praghas pearsantaithe ar bhonn próiseáil uathoibríoch, lena n-áirítear próifíliú;

(i)

i gcás inarb infheidhme, an tréimhse ar lena linn atá an creidiúnaí faoi cheangal ag an bhfaisnéis réamhchonarthach a sholáthraítear i gcomhréir leis an Airteagal seo;

(j)

tagairt don deis a bheith ag an tomhaltóir dul i muinín sásra gearán agus sásaimh lasmuigh den chúirt agus na bealaí chun rochtain a fháil air;

(k)

rabhadh agus míniú maidir leis na hiarmhairtí dlíthiúla agus airgeadais a ghabhann le neamhchomhlíonadh na ngealltanas eile atá nasctha leis an gcomhaontú creidmheasa sonrach;

(l)

sceideal aisíocaíochta ina mbeidh na híocaíochtaí agus na haisíocaíochtaí uile thar thréimhse an chomhaontaithe creidmheasa, lena n-áirítear na híocaíochtaí agus na haisíocaíochtaí le haghaidh aon seirbhísí coimhdeacha a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa a dhíoltar go comhuaineach, trína mbunaítear íocaíochtaí agus aisíocaíochtaí, i gcás ina mbeidh feidhm ag rátaí iasachta éagsúla in imthosca éagsúla, ar athruithe réasúnacha aníos ar an ráta iasachta.

5.   Beidh faisnéis a thaispeántar san fhoirm maidir le Fáisnéis Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra comhsheasmhach. Beidh sí inléite go soiléir agus cuirfear srianta teicniúla an mheáin ar a dtaispeántar í san áireamh lena haghaidh. Taispeánfar an fhaisnéis ar bhealach leordhóthanach oiriúnach ar na bealaí éagsúla, agus idir-inoibritheacht á cur san áireamh.

6.   De mhaolú ar mhír 4 den Airteagal seo, i gcás cumarsáid ghuth-theileafónaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Threoir 2002/65/CE, sa tuairisc ar phríomh-shaintréithe na seirbhíse airgeadais atá le soláthar de bhun Airteagal 3(3), pointe (b), an dara fleasc, den Treoir seo áireofar, ar a laghad, na heilimintí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Sa chás sin, déanfaidh an creidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an t-idirghabhálaí creidmheasa an fhoirm maidir le Faisnéis Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra a sholáthar don tomhaltóir ar mheán marthanach díreach tar éis an comhaontú creidmheasa a thabhairt i gcrích.

7.   Arna iarraidh sin don tomhaltóir, déanfaidh an creidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an t-idirghabhálaí creidmheasa, i dteannta na foirme maidir le Faisnéis Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra, cóip den dréacht-chomhaontú creidmheasa a sholáthar don tomhaltóir saor in aisce, ar choinníoll go bhfuil an creidiúnaí, tráth na hiarrata, toilteanach dul ar aghaidh le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa leis an tomhaltóir.

8.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le soláthróirí earraí ná soláthraithe seirbhísí atá ag gníomhú mar idirghabhálaithe creidmheasa i gcáil choimhdeach. Tá an méid sin gan dochar don oibleagáid atá ar an gcreidiúnaí, nó i gcás inarb infheidhme, ar an idirghabhálaí creidmheasa a áirithiú go bhfaigheann an tomhaltóir an fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 12

Mínithe leordhóthanacha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gceanglófar ar chreidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, ar idirghabhálaithe creidmheasa mínithe leordhóthanacha a sholáthar don tomhaltóir ar na comhaontuithe creidmheasa a bheartaítear agus aon seirbhísí coimhdeacha a fhágann gur féidir leis an tomhaltóir a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil na comhaontuithe creidmheasa a bheartaítear agus na seirbhísí coimhdeacha oiriúnaithe do riachtanais agus do staid airgeadais an tomhaltóra. Cuirfear mínithe den sórt sin ar fáil saor in aisce agus sula dtabharfar an comhaontú creidmheasa i gcrích. Áireofar na heilimintí seo a leanas sna mínithe:

(a)

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 10, 11 agus 38;

(b)

saintréithe fíor-riachtanacha an chomhaontaithe creidmheasa nó na seirbhísí coimhdeacha a bheartaítear;

(c)

na héifeachtaí sonracha a fhéadfaidh a bheith ag an gcomhaontú creidmheasa nó na seirbhísí coimhdeacha a bheartaítear ar an tomhaltóir, lena n-áirítear na hiarmhairtí a bheadh ann dá mainneodh an tomhaltóir san íocaíocht nó dá n-íocfadh sé go déanach;

(d)

i gcás ina bhfuil seirbhísí coimhdeacha cuachta le comhaontú creidmheasa, cibé acu is féidir nó nach féidir gach comhpháirt den chuach a fhoirceannadh ar leithligh agus na hiarmhairtí a bheadh ann don tomhaltóir mar gheall ar an bhfoirceannadh sin.

2.   An ceanglas dá dtagraítear i mír 1 maidir leis an mbealach atá na mínithe le tabhairt agus a mhéid atá siad le tabhairt, féadfaidh na Ballstáit é a oiriúnú, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, don mhéid seo a leanas:

(a)

imthosca na staide ina dtairgtear an creidmheas;

(b)

an duine dá dtairgtear an creidmheas;

(c)

cineál an chreidmheasa a thairgtear.

Airteagal 13

Tairiscintí pearsantaithe ar bhonn próiseáil uathoibríoch

Gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679, ceanglóidh na Ballstáit go gcuirfidh creidiúnaithe agus idirghabhálaithe creidmheasa tomhaltóirí ar an eolas ar bhealach soiléir sothuigthe nuair a dhéanfar tairiscint phearsantaithe atá bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe sonraí pearsanta a thíolacadh dóibh.

CAIBIDIL III

CLEACHTAIS NASCTHA AGUS CHUACHTA, COMHAONTÚ INTUIGTHE, SEIRBHÍSÍ COMHAIRLEACHA AGUS DEONÚ CREIDMHEASA GAN IARRAIDH

Airteagal 14

Cleachtais nasctha agus chuachta

1.   Ceadóidh na Ballstáit cleachtais chuachta ach toirmiscfidh siad cleachtais nasctha.

2.   De mhaolú ar mhír 1 agus gan dochar do chur i bhfeidhm an dlí iomaíochta, féadfaidh na Ballstáit a cheadú do chreidiúnaithe a iarraidh ar an tomhaltóir cuntas íocaíochta nó coigiltis a oscailt nó a choinneáil ar bun, i gcás inar ceann díobh seo a leanas an t-aon chuspóir amháin atá leis an gcuntas sin:

(a)

caipiteal a charnadh chun an creidmheas a aisíoc;

(b)

an creidmheas a sheirbheáil;

(c)

acmhainní a thiomsú chun an creidmheas a fháil;

(d)

slándáil bhreise a sholáthar don chreidiúnaí i gcás mainneachtana.

3.   Féadfaidh na Ballstáit a cheadú do chreidiúnaithe a cheangal ar an tomhaltóir polasaí árachais ábhartha a bheith aige a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa, agus comaoineacha comhréireachta á gcur san áireamh. Sna cásanna sin, áiritheoidh na Ballstáit go gceanglaítear ar an gcreidiúnaí glacadh leis an bpolasaí árachais ó sholáthróir atá éagsúil lena sholáthróir tosaíochta nó lena soláthróir tosaíochta i gcás ina bhfuil leibhéal ráthaíochta an pholasaí árachais sin coibhéiseach leis an gceann atá molta ag an gcreidiúnaí, gan coinníollacha an chreidmheasa a thairgtear don tomhaltóir a mhodhnú.

4.   Ceanglóidh na Ballstáit nach n-úsáidfear sonraí pearsanta a bhaineann le diagnóisí tomhaltóirí ar ghalair oinceolaíocha chun críche polasaí árachais a bhaineann le comhaontú creidmheasa tar éis tréimhse ama a chinnfidh na Ballstáit, ar tréimhse í nach faide ná 15 bliana tar éis dheireadh chóireáil leighis na dtomhaltóirí.

5.   Ionas go mbeidh am breise ag tomhaltóirí tairiscintí árachais a bhaineann le comhaontuithe creidmheasa a chur i gcomparáid sula gceannóidh siad polasaí árachais dá dtagraítear i mír 3, ceanglóidh na Ballstáit go dtabharfar 3 lá ar a laghad do thomhaltóirí chun tairiscintí árachais a bhaineann le comhaontuithe creidmheasa a chur i gcomparáid le chéile gan tairiscintí den sórt sin a athrú, agus cuirfear tomhaltóirí ar an eolas faoi sin. Féadfaidh tomhaltóirí polasaí árachais a thabhairt i gcrích roimh dhul in éag na tréimhse 3 lá sin má iarrann siad amhlaidh go sainráite.

Airteagal 15

Comhaontú intuigthe chun aon chomhaontú creidmheasa a thabhairt i gcrích nó chun seirbhísí coimhdeacha a cheannach

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach measfaidh creidiúnaithe agus idirghabhálaithe creidmheasa gurb ann do chomhaontú an tomhaltóra maidir le tabhairt i gcrích aon chomhaontaithe creidmheasa nó maidir le ceannach seirbhísí coimhdeacha a chuirtear i láthair trí roghanna réamhshocraithe. Áirítear boscaí ar cuireadh tic leo roimh ré le roghanna réamhshocraithe.

2.   Comhaontú an tomhaltóra maidir le tabhairt i gcrích aon chomhaontaithe creidmheasa nó maidir le ceannach seirbhísí coimhdeacha a chuirtear i láthair trí bhoscaí, is le gníomh soiléir dearfach gan débhrí a thabharfar an comhaontú sin, gníomh lena mbunaítear léiriú a thugtar faoi shaoirse, atá sonrach, eolasach agus gan débhrí ar fhormheas an tomhaltóra maidir leis an inneachar agus an tsubstaint a bhaineann leis na boscaí.

Airteagal 16

Seirbhísí comhairleacha

1.   Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfaidh an creidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an t-idirghabhálaí creidmheasa an tomhaltóir a chur ar an eolas go sainráite, i gcomhthéacs idirbheart ar leith, maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil seirbhísí comhairleacha á soláthar, nó is féidir nó nach féidir iad a sholáthar, don tomhaltóir.

2.   Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfaidh an creidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an t-idirghabhálaí creidmheasa, roimh sholáthar seirbhísí comhairleacha nó tabhairt i gcrích conartha maidir le soláthar na seirbhísí sin, an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar don tomhaltóir ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile arna roghnú ag an tomhaltóir:

(a)

léiriú ar cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an moladh bunaithe ar a raon táirgí féin, agus air sin amháin, nó ar raon leathan táirgí ó gach cearn den mhargadh i gcomhréir le mír 3, pointe (c);

(b)

i gcás inarb infheidhme, léiriú ar an táille is iníoctha ag an tomhaltóir as na seirbhísí comhairleacha nó, i gcás nach féidir méid na táille sin a shuí nuair a sholáthraítear an fhaisnéis, an modh a úsáidtear lena ríomh.

An fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, féadfar í a sholáthar don tomhaltóir i bhfoirm faisnéis réamhchonarthach bhreise i gcomhréir le hAirteagal 10(6), an dara fomhír.

3.   I gcás ina soláthraítear seirbhísí comhairleacha do thomhaltóirí, ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfaidh creidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, idirghabhálaithe creidmheasa:

(a)

an fhaisnéis riachtanach a fháil maidir le staid airgeadais, roghanna agus cuspóirí an tomhaltóra i ndáil leis an gcomhaontú creidmheasa, le go bhféadfaidh an creidiúnaí nó an t-idirghabhálaí creidmheasa comhaontuithe creidmheasa a mholadh atá oiriúnach don tomhaltóir;

(b)

measúnú a dhéanamh ar an staid airgeadais agus riachtanais an tomhaltóra ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i bpointe (a) a bheidh cothrom le dáta tráth an mheasúnaithe, agus cuirfear toimhdí réasúnacha san áireamh ann maidir leis na rioscaí atá ann do staid airgeadais an tomhaltóra thar théarma an chomhaontaithe creidmheasa a mholtar;

(c)

líon sách mór comhaontuithe creidmheasa a mheas ina raon táirgí agus ar an mbonn sin comhaontú creidmheasa amháin nó níos mó a mholadh as measc an raoin táirgí sin atá oiriúnach do riachtanais, staid airgeadais agus imthosca pearsanta an tomhaltóra;

(d)

gníomhú chun leas an tomhaltóra; agus

(e)

taifead a thabhairt don tomhaltóir ar an moladh arna sholáthar, ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile arna roghnú ag an tomhaltóir agus a shonraítear sa chonradh chun seirbhísí comhairleacha a sholáthar.

4.   Féadfaidh na Ballstáit úsáid na dtéarmaí ‘comhairle’ agus ‘comhairleoir’ nó téarmaí comhchosúla a thoirmeasc nuair atá na seirbhísí comhairleacha á margú agus á soláthar do thomhaltóirí ag creidiúnaithe nó, i gcás inarb infheidhme, ag idirghabhálaithe creidmheasa.

I gcás nach dtoirmiscfidh na Ballstáit úsáid na dtéarmaí ‘comhairle’ ná ‘comhairleoir’ ná téarmaí comhchosúla, forchuirfidh siad na coinníollacha seo a leanas maidir le húsáid an téarma ‘comhairle neamhspleách’ nó ‘comhairleoir neamhspleách’ ag creidiúnaithe agus idirghabhálaithe creidmheasa a sholáthraíonn seirbhísí comhairleacha:

(a)

déanfaidh creidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, idirghabhálaithe creidmheasa líon sách mór comhaontuithe creidmheasa atá ar fáil ar an margadh a mheas; agus

(b)

ní íocfaidh creidiúnaí amháin ná níos mó luach saothair le hidirghabhálaithe creidmheasa i ndáil leis na seirbhísí comhairleacha.

Ní bheidh feidhm ag pointe (b) den dara fomhír ach amháin i gcás inar lú an líon creidiúnaithe arna meas ná tromlach den mhargadh.

Féadfaidh na Ballstáit ceanglais níos déine a fhorchur maidir le húsáid na dtéarmaí ‘comhairle neamhspleách’ nó ‘comhairleoir neamhspleách’ ag creidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, ag idirghabhálaithe creidmheasa.

5.   Ceanglóidh na Ballstáit go dtabharfaidh creidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, idirghabhálaithe creidmheasa rabhadh do thomhaltóir nuair is féidir go spreagfar le comhaontú creidmheasa riosca sonrach don tomhaltóir i bhfianaise staid airgeadais an tomhaltóra.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh ach amháin creidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, idirghabhálaithe creidmheasa seirbhísí comhairleacha a sholáthar.

Féadfaidh na Ballstáit, de mhaolú ar an gcéad fhomhír, a cheadú do dhaoine eile seachas iad sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír seirbhísí comhairleacha a sholáthar i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

soláthraítear na seirbhísí comhairleacha ar bhealach teagmhasach i gcúrsa gníomhaíocht ghairmiúil a rialáiltear le forálacha dlí nó rialála nó cód eitice nach n-eisiatar soláthar na seirbhísí sin leo;

(b)

déantar na seirbhísí comhairleacha a sholáthar i gcomhthéacs bainistíocht féich atá ann cheana ag cleachtóirí dócmhainneachta agus i gcás ina ndéantar an ghníomhaíocht bhainistíochta sin a rialáil le forálacha dlí nó rialála;

(c)

déantar na seirbhísí comhairleacha a sholáthar i gcomhthéacs bainistiú fiach atá ann cheana ag soláthraithe fiach-sheirbhísí comhairleacha poiblí nó deonacha dá dtagraítear in Airteagal 36 nach n-oibríonn ar bhonn tráchtála;

(d)

soláthraíonn daoine atá údaraithe agus maoirsithe ag údaráis inniúla na seirbhísí comhairleacha.

Airteagal 17

Toirmeasc ar dheonú creidmheasa gan iarraidh

Toirmiscfidh na Ballstáit deonú aon chreidmheasa ar thomhaltóirí gan a iarraidh sin dóibh roimh ré agus a gcomhaontú sainráite.

CAIBIDIL IV

MEASÚNÚ ACMHAINNEACHTA CREIDMHEASA AGUS ROCHTAIN AR BHUNACHAIR SONRAÍ

Airteagal 18

Oibleagáid chun measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa an tomhaltóra

1.   Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfaidh an creidiúnaí measúnú críochnúil ar acmhainneacht creidmheasa an tomhaltóra sula dtabharfar comhaontú creidmheasa i gcrích. Déanfar an measúnú sin ar mhaithe le leas an tomhaltóra, chun cleachtais iasachtaithe mhífhreagracha agus rófhéichiúnas a chosc, agus tabharfar aird iomchuí ann ar fhachtóirí atá ábhartha maidir le fíorú a dhéanamh ar ionchas an tomhaltóra a oibleagáidí nó a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoin gcomhaontú creidmheasa.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh idirghabhálaithe creidmheasa an fhaisnéis is gá a fhaightear ón tomhaltóir a chur faoi bhráid an chreidiúnaí ábhartha go cruinn i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 chun gur féidir an measúnú acmhainneachta creidmheasa a dhéanamh.

3.   Déanfar an measúnú acmhainneachta creidmheasa ar bhonn faisnéis ábhartha agus chruinn maidir le hioncam agus costais an tomhaltóra agus imthosca airgeadais agus eacnamaíocha eile is gá agus is comhréireach do chineál, fad, luach agus rioscaí an chreidmheasa don tomhaltóir. Féadfar a áireamh san fhaisnéis sin fianaise ar ioncam nó ar fhoinsí eile aisíocaíochta, faisnéis maidir le sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais, nó faisnéis faoi ghealltanais airgeadais eile. Ní áireofar san fhaisnéis sin catagóirí speisialta sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679. Gheofar an fhaisnéis ó fhoinsí inmheánacha nó seachtracha ábhartha, lena n-áirítear an tomhaltóir agus, i gcás inar gá, ar bhonn bunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 19 den Treoir seo a cheadú. Ní mheasfar gur foinse sheachtrach iad líonraí sóisialta chun críche na Treorach seo.

Déanfar an fhaisnéis a fhaightear i gcomhréir leis an mír seo a fhíorú go hiomchuí, i gcás inar gá trí thagairt do dhoiciméadacht atá infhíoraithe go neamhspleách.

4.   Ceanglóidh na Ballstáit ar an gcreidiúnaí nósanna imeachta a bhunú le haghaidh an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1 agus na nósanna imeachta sin a dhoiciméadú agus a chothabháil.

Ceanglóidh na Ballstáit freisin ar an gcreidiúnaí an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a dhoiciméadú agus a chothabháil.

5.   Má chuireann níos mó ná tomhaltóir amháin an t-iarratas ar iasacht isteach go comhpháirteach, d’fhéadfadh an creidiúnaí an measúnú creidmheasa a dhéanamh ar bhonn comhacmhainneacht aisíocaíochta na dtomhaltóirí.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanann an creidiúnaí an creidmheas a chur ar fáil don tomhaltóir ach amháin i gcás ina léiríonn toradh an mheasúnaithe acmhainneachta creidmheasa gur dóigh go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as an gcomhaontú creidmheasa ar an mbealach a éilítear faoin gcomhaontú sin, agus fachtóirí ábhartha dá dtagraítear i mír 1 á gcur san áireamh.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanfaidh creidiúnaí comhaontú creidmheasa a thabhairt i gcrích le tomhaltóir, nach ndéanfaidh an creidiúnaí an comhaontú creidmheasa a chur ar ceal ná a mhodhnú ar dhóigh a ndéanfadh dochar don tomhaltóir ar na forais nach ndearnadh an measúnú acmhainneachta creidmheasa i gceart. Ní bheidh feidhm ag an mír seo i gcás ina léireofar go ndearna an tomhaltóir an fhaisnéis a tugadh don chreidiúnaí dá dtagraítear i mír 3 a cheilt nó a fhalsú go feasach.

8.   I gcás ina mbeidh úsáid próiseáil uathoibríoch sonraí pearsanta i gceist leis an measúnú acmhainneachta creidmheasa, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag an tomhaltóir idirghabháil dhaonna an chreidiúnaí a iarraidh agus a fháil ón gcreidiúnaí, arb é a bheidh ann an ceart chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

míniú soiléir agus intuigthe ar an measúnú acmhainneachta creidmheasa a iarraidh agus a fháil ón gcreidiúnaí, lena n-áirítear míniú ar an loighic agus ar na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil uathoibríoch ar shonraí pearsanta chomh maith lena tionchar agus lena héifeachtaí ar an gcinneadh;

(b)

tuairim an tomhaltóra féin a chur in iúl don chreidiúnaí; agus

(c)

athbhreithniú ar an measúnú ar an acmhainneacht creidmheasa agus an cinneadh maidir leis an gcreidmheas a dheonú ag an gcreidiúnaí a iarraidh.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an tomhaltóir ar an eolas faoin gceart dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina ndiúltaítear don iarratas creidmheasa go gceanglaítear ar an gcreidiúnaí an tomhaltóir a chur ar an eolas gan mhoill faoin diúltú agus, i gcás inarb ábhartha, an tomhaltóir a tharchur chuig fiach-sheirbhísí comhairleacha a bhfuil rochtain éasca orthu. I gcás inarb infheidhme, ceanglófar ar an gcreidiúnaí an tomhaltóir a chur ar an eolas go bhfuil an measúnú acmhainneachta creidmheasa bunaithe ar phróiseáil uathoibríoch sonraí agus faoi cheart an tomhaltóra chun measúnú daonna a dhéanamh agus faoin nós imeachta chun an cinneadh a chonspóid.

10.   I gcás ina gcomhaontóidh na páirtithe an méid iomlán creidmheasa a athrú tar éis thabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa, áiritheoidh na Ballstáit go gceanglaítear ar an gcreidiúnaí acmhainneacht creidmheasa an tomhaltóra a athmheasúnú ar bhonn faisnéis cothrom le dáta sula ndeonaítear aon mhéadú suntasach ar an méid iomlán creidmheasa.

11.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar chreidiúnaithe measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa tomhaltóirí ar bhonn an bunachar sonraí ábhartha a cheadú. Mar sin féin, ní bheidh an measúnú ar acmhainneacht creidmheasa bunaithe go heisiach ar stair chreidmheasa an tomhaltóra.

Airteagal 19

Bunachair Sonraí

1.   I gcás creidmheas trasteorann, áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh rochtain ag creidiúnaithe ó Bhallstáit eile ar bhunachair sonraí a úsáidtear sa Bhallstát sin chun acmhainneacht creidmheasa tomhaltóirí a mheasúnú. Beidh na coinníollacha rochtana ar na bunachair sonraí sin neamh-idirdhealaitheach.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh rochtain ach ag na creidiúnaithe sin atá faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil náisiúnta agus a chomhlíonann go hiomlán Rialachán (AE) 2016/679 ar na bunachair sonraí a úsáidtear chun acmhainneacht creidmheasa tomhaltóirí a mheasúnú.

3.   Beidh feidhm ag mír 1 maidir le bunachair sonraí phoiblí agus phríobháideacha araon.

4.   Na bunachair sonraí dá dtagraítear i mír 1 ina bhfuil faisnéis maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí, sealbhóidh siad ar a laghad faisnéis faoi riaráistí tomhaltóirí in aisíocaíocht an chreidmheasa, faoi chineál an chreidmheasa agus faoi chéannacht an chreidiúnaí.

5.   Ní dhéanfaidh creidiúnaithe ná idirghabhálaithe creidmheasa próiseáil ar chatagóirí speisialta sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ná ar shonraí pearsanta arna bpróiseáil ó líonraí sóisialta a d’fhéadfadh a bheith sna bunachair sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

6.   I gcás ina ndiúltaítear don iarratas creidmheasa ar bhonn bunachar sonraí dá dtagraítear i mír 1 a cheadú, ceanglóidh na Ballstáit go gcuirfidh an creidiúnaí an tomhaltóir ar an eolas gan moill mhíchuí agus gan mhuirear maidir le toradh an cheadaithe sin agus maidir le mionsonraí an bhunachair sonraí a ceadaíodh chomh maith leis na catagóirí sonraí a cuireadh san áireamh.

7.   Chun críoch comhaontuithe creidmheasa, beidh próisis i bhfeidhm ag soláthraithe bunachar sonraí chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis atá ina mbunachair sonraí cothrom le dáta agus cruinn. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear tomhaltóirí ar an eolas:

(a)

laistigh de 30 lá ón dáta a chláraítear aon riaráistí chun creidmheas a aisíoc i mbunachar sonraí; agus

(b)

faoina gcearta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

8.   Chun críoch comhaontuithe creidmheasa, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh nósanna imeachta um ghearáin i bhfeidhm chun dúshláin tomhaltóirí maidir le hinneachar bunachar sonraí a éascú, lena n-áirítear faisnéis is féidir le tríú páirtithe a fháil trí na bunachair sonraí sin.

CAIBIDIL V

FOIRM AGUS INNEACHAR COMHAONTUITHE CREIDMHEASA

Airteagal 20

Foirm an chomhaontaithe creidmheasa

1.   Ceanglóidh na Ballstáit go ndréachtófar comhaontuithe creidmheasa agus aon mhodhnuithe ar na comhaontuithe sin ar pháipéar nó ar mheán marthanach agus go soláthrófar cóip den chomhaontú creidmheasa do na páirtithe conarthacha uile.

2.   Féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a thabhairt isteach nó a choinneáil ar bun maidir le bailíocht comhaontuithe creidmheasa a thabhairt i gcrích atá i gcomhréir le dlí an Aontais.

Airteagal 21

Faisnéis atá le cur san áireamh sa chomhaontú creidmheasa

1.   Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfar na heilimintí uile seo a leanas a shonrú ar bhealach soiléir agus gonta sa chomhaontú creidmheasa:

(a)

an cineál creidmheasa;

(b)

céannachtaí, seoltaí geografacha, uimhreacha teileafóin agus seoltaí ríomhphoist na bpáirtithe conarthacha agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht agus seoladh geografach an idirghabhálaí creidmheasa lena mbaineann;

(c)

an méid iomlán creidmheasa agus na coinníollacha lena rialaítear an tarraingt anuas;

(d)

fad an chomhaontaithe creidmheasa;

(e)

i gcás creidmheas i bhfoirm íocaíocht iarchurtha i leith earraí nó seirbhísí sonracha agus i gcás comhaontuithe creidmheasa nasctha, na hearraí nó na seirbhísí sonracha agus a bpraghas in airgead tirim;

(f)

an ráta iasachta, nó na rátaí iasachta uile i gcás ina bhfuil feidhm ag rátaí iasachta éagsúla in imthosca éagsúla, na coinníollacha lena rialaítear cur i bhfeidhm gach ráta iasachta agus, i gcás ina mbeidh fáil air sin, aon innéacs nó ráta tagartha is infheidhme maidir le gach ráta iasachta tosaigh, chomh maith leis na tréimhsí, na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun gach ráta iasachta a athrú;

(g)

ráta céatadánach bliantúil an mhuirir agus an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir, a ríomhtar tráth a thugtar an comhaontú creidmheasa i gcrích agus léiriú ar na toimhdí uile a úsáidtear sa ríomh sin;

(h)

méid, líon agus minicíocht na n-íocaíochtaí atá le déanamh ag an tomhaltóir agus, i gcás inarb iomchuí, an t-ord ina ndéanfar íocaíochtaí a leithdháileadh ar iarmhéideanna éagsúla gan íoc a mhuirearaítear ar rátaí iasachta éagsúla chun críoch aisíocaíochta;

(i)

i gcás ina bhfuil amúchadh caipitil ar chomhaontú creidmheasa lena ngabhann fad seasta i gceist, tagairt do cheart an tomhaltóra ráiteas cuntais i bhfoirm tábla amúchta a fháil, arna iarraidh sin agus saor in aisce, tráth ar bith i rith fhad an chomhaontaithe creidmheasa;

(j)

i gcás ina mbeidh muirir agus ús le híoc gan amúchadh caipitil, ráiteas ina léirítear na tréimhsí agus na coinníollacha le haghaidh íocaíocht an úis agus aon mhuirear athfhillteach agus neamh-athfhillteach gaolmhar;

(k)

i gcás inarb infheidhme, na muirir i leith cuntas éigeantach amháin nó níos mó a choinneáil ar bun ina ndéantar idirbhearta íocaíochta agus tarraingtí anuas araon a thaifeadadh, na muirir i leith modh íocaíochta a úsáid le haghaidh idirbhearta íocaíochta agus tarraingtí anuas araon, aon mhuirear eile a eascraíonn as an gcomhaontú creidmheasa, agus na coinníollacha faoina bhféadfar na muirir sin a athrú;

(l)

an ráta úis is infheidhme i gcás íocaíochtaí déanacha mar is infheidhme tráth thabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa agus na socruithe maidir lena choigeartú, agus, i gcás inarb infheidhme, aon mhuirear is iníoctha i leith mainneachtana;

(m)

rabhadh maidir leis na hiarmhairtí a bheadh ann mar gheall ar íocaíochtaí a mhainneachtain nó íocaíochtaí déanacha;

(n)

i gcás inarb infheidhme, ráiteas go mbeidh táillí nótaire iníoctha;

(o)

i gcás inarb infheidhme, na hurraí agus an t-árachas a cheanglaítear;

(p)

cé acu is ann nó nach ann do cheart chun tarraingt siar, an tréimhse tarraingt siar, i gcás inarb infheidhme, agus coinníollacha eile lena rialaítear feidhmiú an chirt sin, lena n-áirítear an meán marthanach atá le húsáid don fhógra dá dtagraítear in Airteagal 26(5), an chéad fhomhír, pointe (a), faisnéis maidir leis an oibleagáid atá ar an tomhaltóir a leagtar amach in Airteagal 26(5), an chéad fhomhír, pointe (b), an caipiteal a tarraingíodh anuas agus an t-ús a íoc, agus méid an úis is iníoctha in aghaidh an lae;

(q)

an cineál meáin mharthanaigh ar a roghnaíonn an tomhaltóir an méid seo a leanas a fháil:

(i)

i gcás inarb infheidhme, an meabhrúchán dá dtagraítear in Airteagal 10(1), an dara fomhír;

(ii)

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 22;

(iii)

an fhaisnéis maidir leis an athrú ar an ráta iasachta dá dtagraítear in Airteagal 23, an chéad fhomhír;

(iv)

i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 24(1) agus (2); agus

(v)

i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis maidir le comhaontú creidmheasa neamhiata a fhoirceannadh dá dtagraítear in Airteagal 28(1), an dara fomhír, agus in Airteagal 28(2);

(r)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir leis na cearta a leagtar amach in Airteagal 27, chomh maith leis na coinníollacha maidir leis na cearta sin a fheidhmiú;

(s)

tagairt don cheart chun aisíocaíocht luath a fháil a leagtar amach in Airteagal 29, an nós imeachta chun aisíocaíocht luath a fháil, agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le ceart an chreidiúnaí chun cúiteamh a fháil agus chun míniú trédhearcach cuimsitheach a fháil faoin gcaoi a bhfuil an cúiteamh atá le díol ag an tomhaltóir leis an gcreidiúnaí le háireamh;

(t)

an nós imeachta atá le leanúint agus an ceart chun an comhaontú creidmheasa a fhoirceannadh;

(u)

an deis a bheith ag an tomhaltóir dul i muinín sásra gearán agus sásaimh lasmuigh den chúirt agus na bealaí chun rochtain a fháil air;

(v)

i gcás inarb infheidhme, téarmaí agus coinníollacha conarthacha eile;

(w)

ainm agus seoladh an údaráis maoirseachta inniúil;

(x)

sonraí teagmhála ábhartha soláthraithe fiach-sheirbhísí comhairleacha agus moladh don tomhaltóir dul i dteagmháil le soláthraithe den sórt sin i gcás deacrachtaí aisíocaíochta.

Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír inléite go soiléir agus oiriúnaithe chun srianta teicniúla an mheáin ar a dtaispeántar í a chur san áireamh. Taispeánfar an fhaisnéis ar bhealach leordhóthanach oiriúnach ar na cainéil éagsúla.

2.   I gcás ina bhfuil feidhm ag mír 1, an chéad fhomhír, pointe (i), déanfaidh an creidiúnaí, saor in aisce agus tráth ar bith i rith ré an chomhaontaithe creidmheasa, ráiteas cuntais i bhfoirm tábla amúchta a chur ar fáil don tomhaltóir.

Léireofar sa tábla amúchta dá dtagraítear sa chéad fhomhír na híocaíochtaí atá dlite agus na tréimhsí agus na coinníollacha a bhaineann le híocaíocht na méideanna sin.

Beidh miondealú sa tábla amúchta freisin ar gach aisíocaíocht agus sonrófar sa mhiondealú sin an t-amúchadh caipitil, an t-ús a ríomhfar ar bhonn an ráta iasachta agus, i gcás inarb infheidhme, aon chostas breise.

I gcás nach mbeidh an ráta iasachta seasta nó ina bhféadfar na costais bhreise a athrú faoin gcomhaontú creidmheasa, léireofar sa tábla amúchta, go soiléir agus go gonta, nach leanfaidh na sonraí atá sa tábla de bheith bailí ach amháin go dtí go ndéanfar an ráta iasachta nó na costais sin a athrú i gcomhréir leis an gcomhaontú creidmheasa.

3.   I gcás comhaontú creidmheasa faoin arb amhlaidh nach n-eascraíonn amúchadh comhfhreagrach láithreach ar an méid iomlán creidmheasa as íocaíochtaí a dhéanann an tomhaltóir, ach a úsáidtear na híocaíochtaí sin mar chaipiteal le linn tréimhsí agus faoi choinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú creidmheasa, áireofar sa chomhaontú creidmheasa, mar aon leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, ráiteas soiléir agus gonta nach ndéantar foráil sna comhaontuithe creidmheasa sin maidir le ráthaíocht go n-aisíocfar an méid iomlán creidmheasa a tharraingítear anuas faoin gcomhaontú creidmheasa, mura rud é go dtugtar ráthaíocht mar sin go sainráite.

CAIBIDIL VI

MODHNUITHE AN CHOMHAONTAITHE CREIDMHEASA AGUS ATHRUITHE AR AN RÁTA IASACHTA

Airteagal 22

Faisnéis maidir leis an gcomhaontú creidmheasa a mhodhnú

Gan dochar d’oibleagáidí eile dá bhforáiltear sa Treoir seo, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an creidiúnaí an fhaisnéis seo a leanas a chur in iúl don tomhaltóir ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile a shonraítear sa chomhaontú creidmheasa sula ndéanfaidh siad téarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe creidmheasa a mhodhnú:

(a)

tuairisc shoiléir ar na hathruithe a bheartaítear agus, i gcás inarb infheidhme, ar an ngá atá le toiliú an tomhaltóra nó míniú ar na hathruithe arna dtabhairt isteach le feidhmiú an dlí;

(b)

clár ama chun na hathruithe dá dtagraítear i bpointe (a) a chur chun feidhme;

(c)

na modhanna gearáin atá ar fáil don tomhaltóir maidir leis na hathruithe dá dtagraítear i bpointe (a);

(d)

an tréimhse atá ar fáil le haghaidh aon ghearán den sórt sin a thaisceadh;

(e)

ainm agus seoladh an údaráis inniúil a bhféadfar an gearán sin a chur faoina bhráid.

Airteagal 23

Athruithe sa ráta iasachta

1.   I gcás ina gceadaítear do chreidiúnaithe rátaí iasachta na gcomhaontuithe creidmheasa atá ann cheana a athrú, ceanglóidh na Ballstáit go gcuirfidh an creidiúnaí an tomhaltóir ar an eolas faoi aon athrú sa ráta iasachta ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile a shonraítear sa chomhaontú creidmheasa, in am trátha sula dtiocfaidh an t-athrú i gceist i bhfeidhm.

Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír méid na n-íocaíochtaí atá le déanamh tar éis theacht i bhfeidhm an ráta iasachta nua agus, i gcás ina dtagann athrú ar líon nó minicíocht na n-íocaíochtaí, na mionsonraí ina leith sin.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír sin a thabhairt don tomhaltóir go tréimhsiúil i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

tháinig na páirtithe ar chomhaontú maidir leis an bhfaisnéis thréimhsiúil sin sa chomhaontú creidmheasa;

(b)

athrú i ráta tagartha is cúis leis an athrú sa ráta iasachta;

(c)

cuirtear an ráta tagartha nua ar fáil go poiblí ar bhealach tráthúil trí mhodhanna iomchuí;

(d)

tá an fhaisnéis a bhaineann leis an ráta tagartha nua le fáil freisin:

(i)

in áitreabh an chreidiúnaí;

(ii)

i gcás ina bhfuil suíomh gréasáin ag an gcreidiúnaí, ar an suíomh gréasáin sin; agus

(iii)

i gcás ina bhfuil feidhmchlár móibíleach ag an gcreidiúnaí, tríd an bhfeidhmchlár móibíleach sin.

CAIBIDIL VII

SAORÁIDÍ RÓTHARRAINGTHE AGUS RÓTHARRAINGT INTUIGTHE

Airteagal 24

Saoráidí rótharraingthe

1.   I gcás ina mbeidh creidmheas deonaithe i bhfoirm saoráid rótharraingthe, ceanglóidh na Ballstáit go gcoimeádfaidh an creidiúnaí, ar feadh fhad an chomhaontaithe creidmheasa, an tomhaltóir ar an eolas go tráthrialta, uair sa mhí ar a laghad, trí ráitis chuntais, ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile a shonraítear sa chomhaontú creidmheasa, ina mbeidh na heilimintí seo a leanas:

(a)

an tréimhse bheacht lena mbaineann an ráiteas cuntais;

(b)

méideanna agus dátaí na dtarraingtí anuas;

(c)

an t-iarmhéid ón ráiteas roimhe sin, agus dáta an ráitis sin;

(d)

an t-iarmhéid nua;

(e)

dátaí agus méideanna na n-íocaíochtaí atá déanta ag an tomhaltóir;

(f)

an ráta iasachta a cuireadh i bhfeidhm;

(g)

aon mhuirear a cuireadh i bhfeidhm;

(h)

i gcás inarb infheidhme, an t-íosmhéid atá le híoc ag an tomhaltóir.

2.   I gcás ina mbeidh creidmheas deonaithe i bhfoirm saoráid rótharraingthe, ceanglóidh na Ballstáit go gcuirfidh an creidiúnaí an tomhaltóir ar an eolas ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile a shonraítear sa chomhaontú creidmheasa, faoi mhéaduithe sa ráta iasachta nó in aon mhuirear is iníoctha, in am trátha sula dtagann an t-athrú i gceist i bhfeidhm.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear san fhomhír sin a thabhairt go tréimhsiúil ar an mbealach dá bhforáiltear i mír 1 i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tháinig na páirtithe ar chomhaontú maidir leis an bhfaisnéis thréimhsiúil sin sa chomhaontú creidmheasa;

(b)

athrú i ráta tagartha is cúis leis an athrú sa ráta iasachta;

(c)

cuirtear an ráta tagartha nua ar fáil go poiblí trí mhodhanna iomchuí;

(d)

tá an fhaisnéis maidir leis an ráta tagartha nua le fáil freisin:

(i)

in áitreabh an chreidiúnaí;

(ii)

i gcás ina bhfuil suíomh gréasáin ag an gcreidiúnaí, ar an suíomh gréasáin sin; agus

(iii)

i gcás ina bhfuil feidhmchlár móibíleach ag an gcreidiúnaí, tríd an bhfeidhmchlár móibíleach sin.

3.   Ceanglóidh na Ballstáit ar an gcreidiúnaí fógra a thabhairt don tomhaltóir ar bhealach comhaontaithe faoi gach laghdú nó cealú ar an tsaoráid rótharraingthe 30 lá ar a laghad roimh an lá a ghabhfaidh éifeacht le laghdú nó cealú iarbhír na saoráide rótharraingthe.

4.   I gcás ina ndéantar an tsaoráid rótharraingthe a laghdú nó a chur ar ceal, ceanglóidh na Ballstáit ar an gcreidiúnaí an deis a thairiscint don tomhaltóir, sula dtionscnófar na himeachtaí forfheidhmiúcháin, gan aon chostais bhreise, an méid iarbhír a tarraingíodh anuas a aisíoc go feadh mhéid an laghdaithe sin nó an chealaithe sin. Déanfar aisíocaíocht den sórt sin in 12 thráthchuid mhíosúla chomhionanna ach amháin má roghnaíonn an tomhaltóir aisíocaíocht níos luaithe a dhéanamh, ag an ráta iasachta is infheidhme maidir leis an tsaoráid rótharraingthe.

5.   Féadfaidh na Ballstáit forálacha níos déine a choinneáil nó a ghlacadh maidir le hábhair a bhaineann le cosaint tomhaltóirí a bhfuil saoráid rótharraingthe acu seachas iad siúd dá dtagraítear san Airteagal seo, i gcomhréir le dlí an Aontais.

Airteagal 25

Rótharraingt intuigthe

1.   I gcás comhaontú chun cuntas reatha a oscailt, i gcás ina bhfuil féidearthacht go gceadófaí rótharraingt intuigthe don tomhaltóir, ceanglóidh na Ballstáit go n-áireoidh an creidiúnaí faisnéis faoin bhféidearthacht sin sa chomhaontú sin, mar aon le faisnéis faoin ráta iasachta, na coinníollacha lena rialaítear cur i bhfeidhm an ráta sin, aon innéacs nó ráta tagartha is infheidhme maidir leis an ráta tosaigh iasachta, na muirir is infheidhme ón tráth a thugtar an comhaontú creidmheasa i gcrích, agus, i gcás inarb infheidhme, na coinníollacha faoina bhféadfar na muirir sin a athrú. In aon chás, cuirfidh an creidiúnaí an fhaisnéis sin ar fáil don tomhaltóir ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile arna roghnú ag an tomhaltóir agus a shonraítear sa chomhaontú chun cuntas reatha a oscailt, ar bhonn tráthrialta.

2.   I gcás rótharraingt intuigthe shuntasach is faide ná tréimhse míosa, ceanglóidh na Ballstáit go gcuirfidh an creidiúnaí an tomhaltóir ar an eolas gan mhoill, ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile arna roghnú ag an tomhaltóir agus a shonraítear sa chomhaontú chun cuntas reatha a oscailt, maidir leis na nithe uile seo a leanas:

(a)

an rótharraingt intuigthe;

(b)

an méid lena mbaineann;

(c)

an ráta iasachta;

(d)

aon phionós, muirear nó ús ar riaráistí is infheidhme;

(e)

an dáta aisíocaíochta.

Ina theannta sin, i gcás rótharraingt intuigthe thráthrialta, déanfaidh an creidiúnaí seirbhísí comhairleacha a thairiscint don tomhaltóir, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, agus an tomhaltóir a atreorú saor in aisce i dtreo fiach-sheirbhísí comhairleacha.

3.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar d’aon riail sa dlí náisiúnta lena gceanglaítear ar an gcreidiúnaí cineál eile táirge creidmheasa a thairiscint nuair atá fad na rótharraingthe intuigthe suntasach.

4.   Ceanglóidh na Ballstáit ar an gcreidiúnaí fógra a thabhairt don tomhaltóir ar bhealach comhaontaithe nuair nach gceadaítear an rótharraingt intuigthe a thuilleadh nó nuair a laghdaítear teorainn an rótharraingthe intuigthe 30 lá ar a laghad roimh an lá a ghabhfaidh éifeacht le laghdú nó cealú iarbhír na saoráide rótharraingthe intuigthe.

5.   I gcás ina ndéantar an rótharraingt intuigthe a laghdú nó a chur ar ceal, ceanglóidh na Ballstáit ar an gcreidiúnaí an deis a thairiscint don tomhaltóir, sula dtionscnófar na himeachtaí forfheidhmiúcháin, gan aon chostais bhreise, an méid iarbhír a tarraingíodh anuas a aisíoc go feadh mhéid an laghdaithe sin nó an chealaithe sin. Déanfar aisíocaíocht den sórt sin in 12 thráthchuid mhíosúla chomhionanna ach amháin má roghnaíonn an tomhaltóir aisíocaíocht níos luaithe a dhéanamh, ag an ráta iasachta is infheidhme maidir leis an rótharraingt intuigthe.

6.   Féadfaidh na Ballstáit forálacha níos déine a choinneáil nó a ghlacadh maidir le hábhair a bhaineann le cosaint tomhaltóirí a bhfuil rótharraingt intuigthe acu seachas iad siúd dá dtagraítear san Airteagal seo, i gcomhréir le dlí an Aontais.

CAIBIDIL VIII

TARRAINGT SIAR, FOIRCEANNADH AGUS AISÍOCAÍOCHT LUATH

Airteagal 26

Ceart chun tarraingt siar

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an tomhaltóir tarraingt siar as an gcomhaontú creidmheasa gan aon chúis a thabhairt laistigh de thréimhse 14 lá féilire.

Tosóidh an tréimhse tarraingt siar dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

ón lá a thugtar an comhaontú creidmheasa i gcrích; nó

(b)

ón lá a fhaigheann an tomhaltóir na téarmaí agus na coinníollacha conarthacha agus an fhaisnéis i gcomhréir le hAirteagail 20 agus 21, más déanaí an lá sin ná an dáta dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo.

Measfar gur baineadh amach an sprioc-am dá dtagraítear sa chéad fhomhír má sheolann an tomhaltóir an fógra dá dtagraítear i mír 5, an chéad fhomhír, pointe (a), chuig an gcreidiúnaí sula dtéann an sprioc-am sin in éag.

2.   Mura bhfuil na téarmaí agus na coinníollacha conarthacha agus an fhaisnéis faighte ag an tomhaltóir i gcomhréir le hAirteagail 20 agus 21, rachaidh an tréimhse tarraingt siar in éag, in aon chás, 12 mhí agus 14 lá tar éis an comhaontú creidmheasa a thabhairt i gcrích. Ní bheidh feidhm aige sin i gcás nár cuireadh an tomhaltóir ar an eolas ar chor ar bith faoina cheart nó faoina ceart chun tarraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 21(1), an chéad fhomhír, pointe (p).

3.   I gcás comhaontú creidmheasa nasctha chun earra a cheannach lena ngabhann polasaí fillte lena n-áirithítear aisíocaíocht iomlán ar feadh tréimhse áirithe is faide ná 14 lá féilire, cuirfear síneadh leis an gceart tarraingt siar chun é a mheaitseáil le fad an pholasaí fillte sin.

4.   Más rud é, i gcás comhaontú creidmheasa nasctha, go ndéantar foráil cheana leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme an 19 Samhain 2023 nach féidir cistí a chur ar fáil don tomhaltóir sula dtéann tréimhse shonrach in éag, féadfaidh na Ballstáit, de mhaolú ar mhír 1, foráil a dhéanamh go bhféadfar an tréimhse dá dtagraítear sa mhír sin a laghdú go dtí an fad céanna leis an tréimhse shonrach sin arna iarraidh sin go sainráite ag an tomhaltóir.

5.   Má fheidhmíonn an tomhaltóir a cheart nó a ceart chun tarraingt siar, déanfaidh sé nó sí na bearta seo a leanas:

(a)

fógra a thabhairt don chreidiúnaí i gcomhréir leis an bhfaisnéis a thugann an creidiúnaí de bhun Airteagal 21(1), an chéad fhomhír, pointe (p), ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile arna roghnú ag an tomhaltóir agus a shonraítear sa chomhaontú creidmheasa laistigh den sprioc-am a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo;

(b)

an caipiteal a íoc leis an gcreidiúnaí chomh maith leis an ús a fabhraíodh air ón dáta a rinneadh an creidmheas a tharraingt anuas go dtí an dáta a aisíoctar an caipiteal, gan aon mhoill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 30 lá féilire tar éis dó nó di an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) a sheoladh.

Déanfar an t-ús dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), a ríomh ar bhonn an ráta iasachta a comhaontaíodh. Ní bheidh an creidiúnaí i dteideal aon chúitimh eile ón tomhaltóir i gcás tarraingt siar, seachas cúiteamh as aon mhuirear neamh-in-aisíoctha a d’íoc an creidiúnaí le haon chomhlacht riaracháin poiblí.

6.   I gcás ina soláthraíonn an creidiúnaí nó tríú páirtí seirbhís choimhdeach a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa, ar bhonn comhaontú idir an tríú páirtí sin agus an creidiúnaí, ní bheidh an tomhaltóir faoi cheangal ag an gconradh seirbhíse coimhdí a thuilleadh má fheidhmíonn an tomhaltóir an ceart chun tarraingt siar as an gcomhaontú creidmheasa i gcomhréir leis an Airteagal seo.

7.   Má tá ceart chun tarraingt siar ag an tomhaltóir faoi mhíreanna 1, 5 agus 6 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag Airteagail 6 ná 7 de Threoir 2002/65/CE.

8.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach mbeidh feidhm ag míreanna 1 go 6 den Airteagal seo maidir le comhaontuithe creidmheasa a cheanglaítear le dlí náisiúnta iad a thabhairt i gcrích trí sheirbhísí nótaire, ar choinníoll go ndeimhníonn an nótaire go ráthaítear na cearta dá bhforáiltear faoi Airteagail 10, 11, 20 agus 21 a bheith ag an tomhaltóir.

9.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar d’aon riail sa dlí náisiúnta lena mbunaítear tréimhse nach bhféadfar tús a chur le comhlíonadh an chonartha lena linn.

Airteagal 27

Comhaontuithe creidmheasa nasctha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh tomhaltóir a d’fheidhmigh an ceart chun tarraingt siar, bunaithe ar dhlí an Aontais, maidir le conradh chun earraí a sholáthar nó chun seirbhísí a sholáthar, faoi cheangal a thuilleadh ag comhaontú creidmheasa nasctha.

2.   I gcás nach soláthraítear na hearraí ná nach soláthraítear na seirbhísí a chumhdaítear le comhaontú creidmheasa nasctha, nó nach soláthraítear iad ach i bpáirt, nó nach bhfuil siad i gcomhréir leis an gconradh maidir lena soláthar sin, beidh an ceart ag an tomhaltóir leigheasanna a lorg in aghaidh an chreidiúnaí má lorg an tomhaltóir leigheasanna in aghaidh an tsoláthróra nó an tsoláthraí ach nach bhfuair sé nó sí an sásamh a bhfuil sé nó sí ina theideal de réir an dlí nó an chonartha le haghaidh sholáthar na n-earraí sin nó sholáthar na seirbhísí sin. Cinnfidh na Ballstáit a mhéid atá na leigheasanna sin infheidhmithe agus na coinníollacha faoina bhfuil siad infheidhmithe.

3.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar don dlí náisiúnta lena gcuirtear dliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach ar an gcreidiúnaí i leith aon éileamh a fhéadfaidh a bheith ag an tomhaltóir in aghaidh an tsoláthróra nó an tsoláthraí i gcás ina mbeidh ceannach na n-earraí nó na seirbhísí ón soláthróir nó ón soláthraí maoinithe le comhaontú creidmheasa.

Airteagal 28

Comhaontuithe creidmheasa neamhiata

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an tomhaltóir foirceannadh caighdeánach ar chomhaontú creidmheasa neamhiata a fheidhmiú saor in aisce tráth ar bith, mura rud é go mbeidh tréimhse fógra comhaontaithe ag na páirtithe. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná aon mhí amháin.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an creidiúnaí, i gcás ina gcomhaontófar amhlaidh sa chomhaontú creidmheasa, foirceannadh caighdeánach ar chomhaontú creidmheasa neamhiata a fheidhmiú trí fhógra 2 mhí ar a laghad a thabhairt don tomhaltóir ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile a shonraítear sa chomhaontú creidmheasa.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an creidiúnaí, i gcás ina gcomhaontófar amhlaidh sa chomhaontú creidmheasa, ar chúiseanna a bhfuil údar oibiachtúil leo, foirceannadh a dhéanamh ar cheart an tomhaltóra tarraingt anuas ar chomhaontú creidmheasa neamhiata. Déanfaidh an creidiúnaí an tomhaltóir a chur ar an eolas faoin bhfoirceannadh agus faoi na cúiseanna atá leis ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile a shonraítear sa chomhaontú creidmheasa, i gcás inar féidir sula ndéanfar an foirceannadh agus ar a dhéanaí díreach ina dhiaidh sin, mura rud é go dtoirmisctear le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an fhaisnéis sin a sholáthar nó más rud é go bhfuil an soláthar sin contrártha do chuspóirí an bheartais phoiblí nó na slándála poiblí.

Airteagal 29

Aisíocaíocht luath

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an tomhaltóir i dteideal aisíocaíocht luath tráth ar bith. Sna cásanna sin, beidh an tomhaltóir i dteideal laghdú comhréireach a fháil ar chostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir ar feadh a bhfuil fágtha den chonradh. Le linn an laghdú sin a ríomh, déanfar na costais uile a fhorchuireann an creidiúnaí ar an tomhaltóir a chur san áireamh.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an creidiúnaí, i gcás aisíocaíocht luath, i dteideal cúiteamh, atá cóir agus a bhfuil údar oibiachtúil leis, a fháil as costais a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann go díreach leis an aisíocaíocht luath, ar choinníoll go dtagann an aisíocaíocht luath laistigh de thréimhse ama a bhfuil an ráta iasachta socraithe ina leith.

Ní féidir an cúiteamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheith níos mó ná 1 % de mhéid an chreidmheasa atá faoi réir aisíocaíocht luath i gcás inar faide ná bliain amháin an tréimhse idir an aisíocaíocht luath agus dáta an fhoirceanta a comhaontaíodh ar an gcomhaontú creidmheasa. I gcás nach faide ná bliain amháin an tréimhse sin, ní bheidh an cúiteamh níos mó ná 0.5 % de mhéid an chreidmheasa atá faoi réir aisíocaíocht luath.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh an creidiúnaí i dteideal an chúitimh dá dtagraítear i mír 2 i gcás ina gcomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

rinneadh an aisíocaíocht faoi chonradh árachais a ceapadh chun ráthaíocht aisíocaíochta creidmheasa a sholáthar;

(b)

deonaítear an creidmheas i bhfoirm saoráid rótharraingthe;

(c)

tagann an aisíocaíocht laistigh de thréimhse nach bhfuil an ráta iasachta socraithe ina leith.

4.   De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

níl an creidiúnaí i dteideal an chúitimh dá dtagraítear i mír 2 ach amháin ar an gcoinníoll gur mó méid na haisíocaíochta luaithe ná an tairseach a leagtar amach sa dlí náisiúnta, rud nach sáróidh EUR 10 000 laistigh d’aon tréimhse 12 mhí;

(b)

féadfaidh an creidiúnaí cúiteamh níos airde a éileamh go heisceachtúil más féidir leis an gcreidiúnaí a chruthú gur mó an caillteanas a fulaingíodh de dheasca aisíocaíocht luath ná an méid a cinneadh i gcomhréir le mír 2.

I gcás inar mó an cúiteamh a éilíonn an creidiúnaí ná an caillteanas a fulaingíodh iarbhír de dheasca na haisíocaíochta luaithe, beidh an tomhaltóir i dteideal laghdú comhfhreagrach.

Sa chás sin, is é a bheidh sa chaillteanas ná an difríocht idir an ráta iasachta a comhaontaíodh ar dtús agus an ráta úis ar ar féidir leis an gcreidiúnaí an méid atá faoi réir aisíocaíocht luath ar an margadh tráth na haisíocaíochta sin a thabhairt ar iasacht, agus cuirfear san áireamh ann tionchar na haisíocaíochta luaithe ar na costais riaracháin.

5.   Ní bheidh an cúiteamh dá dtagraítear i mír 2 agus mír 4, pointe (b), in aon chás níos mó ná an méid úis a bheadh íoctha ag an tomhaltóir le linn na tréimhse ama idir an aisíocaíocht luath agus an dáta a comhaontaíodh le haghaidh fhoirceannadh an chomhaontaithe creidmheasa.

CAIBIDIL IX

RÁTA CÉATADÁNACH BLIANTÚIL AN MHUIRIR AGUS BEARTA CHUN RÁTAÍ AGUS COSTAIS A THEORANNÚ

Airteagal 30

Ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh

1.   Ríomhfar ráta céatadánach bliantúil an mhuirir i gcomhréir leis an bhfoirmle mhatamaiticiúil a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn III. Is ionann é, ar bhonn bliantúil, agus luach reatha na ngealltanas uile (tarraingtí anuas, aisíocaíochtaí agus muirir), a bheidh ann amach anseo nó atá ann cheana, atá comhaontaithe ag an gcreidiúnaí agus an tomhaltóir.

2.   Chun ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh, déanfar costas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir a chinneadh, cé is moite d’aon mhuirear is iníoctha ag an tomhaltóir as neamhchomhlíonadh aon cheann dá ghealltanais nó dá gealltanais a leagtar síos sa chomhaontú creidmheasa agus de mhuirir seachas an praghas ceannaigh a bhfuil sé d’oibleagáid air nó uirthi a íoc chun earraí nó seirbhísí a cheannach, cibé acu in airgead tirim nó ar creidmheas a dhéantar an t-idirbheart.

Na costais a bhaineann le cuntas a choinneáil ar bun, ar cuntas é ina dtaifeadtar idirbhearta íocaíochta agus tarraingtí anuas araon, na costais a bhaineann le modh íocaíochta a úsáid le haghaidh idirbhearta íocaíochta agus tarraingtí anuas araon, agus costais eile a bhaineann le hidirbhearta íocaíochta, áireofar iad i gcostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir mura rud é go bhfuil oscailt an chuntais roghnach agus gur sainaithníodh costais an chuntais go soiléir agus ar leithligh sa chomhaontú creidmheasa, nó in aon chomhaontú eile a tugadh i gcrích leis an tomhaltóir.

3.   Déanfar ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh bunaithe ar an toimhde go leanfaidh an comhaontú creidmheasa de bheith bailí ar feadh na tréimhse a comhaontaíodh agus go ndéanfaidh an creidiúnaí agus an tomhaltóir a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi na téarmaí agus faoi na dátaí a shonraítear sa chomhaontú creidmheasa.

4.   I gcás comhaontuithe creidmheasa ina bhfuil clásail lena gceadaítear athruithe sa ráta iasachta nó athruithe i muirir áirithe i ráta céatadánach bliantúil an mhuirir lena bhfágtar nach féidir iad a chainníochtú tráth an ríomha, déanfar ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh ar an toimhde go leanfaidh an ráta iasachta agus muirir eile de bheith seasta i ndáil leis an leibhéal tosaigh agus go leanfaidh siad de bheith infheidhme go dtí deireadh an chomhaontaithe creidmheasa.

5.   I gcás inar gá, úsáidfear na toimhdí breise a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn III agus ráta céatadánach bliantúil an mhuirir á ríomh.

Mura mbeidh na toimhdí a leagtar amach san Airteagal seo agus i gCuid II d’Iarscríbhinn III leordhóthanach chun ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh ar bhealach aonfhoirmeach nó mura ndéantar iad a oiriúnú a thuilleadh do na staideanna tráchtála ar an margadh, cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 45 chun an tAirteagal seo agus Cuid II d’Iarscríbhinn III a leasú chun na toimhdí breise is gá a chur isteach chun ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh nó chun na toimhdí atá ann cheana a mhodhnú.

Airteagal 31

Bearta chun teorainn a chur le rátaí iasachta, rátaí céatadánacha bliantúla an mhuirir nó costais iomlána an chreidmheasa don tomhaltóir

1.   Tabharfaidh na Ballstáit bearta isteach, chun mí-úsáid a chosc go héifeachtach agus chun a áirithiú nach féidir rátaí iasachta, rátaí céatadánacha bliantúla an mhuirir nó costais iomlána creidmheasa don tomhaltóir atá ró-ard a ghearradh ar thomhaltóirí, amhail uasteorainneacha.

2.   Féadfaidh na Ballstáit toirmisc nó teorainneacha a ghlacadh maidir le muirir shonracha nó táillí sonracha arna gcur i bhfeidhm ag creidiúnaithe ar a gcríoch.

3.   Faoin 20 Samhain 2027, cuirfidh an Coimisiún na bearta a thug na Ballstáit isteach i gcomhréir le mír 1 ar fáil go poiblí. Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún maidir leis na bearta sin faoin 20 Samhain 2026.

4.   Faoin 20 Samhain 2029 foilseoidh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach tuarascáil maidir le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i mír 1. Áireofar sa tuarascáil sin measúnú ar na bearta arna gcur i bhfeidhm sna Ballstáit, lena n-áirítear modheolaíochtaí chun uasteorainneacha a bhunú i gcás inarb ábhartha, agus measúnú ar a n-éifeachtacht maidir le teorainn a chur leis na rátaí iasachta, rátaí céatadánacha bliantúla an mhuirir nó costais iomlána creidmheasa don tomhaltóir atá ró-ard, agus áireofar inti cur chuige dea-chleachtais chun bearta den sórt sin a bhunú.

CAIBIDIL X

SEOLADH OIBLEAGÁIDÍ GNÓ AGUS CEANGLAIS LE HAGHAIDH NA FOIRNE

Airteagal 32

Seoladh oibleagáidí gnó le linn creidmheas a sholáthar do thomhaltóirí

1.   Ceanglóidh na Ballstáit go ngníomhóidh an creidiúnaí agus an t-idirghabhálaí creidmheasa ar bhealach macánta, cóir, trédhearcach agus gairmiúil agus go gcuirfidh siad cearta agus leasanna na dtomhaltóirí san áireamh le linn aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

(a)

táirgí creidmheasa a mhonarú;

(b)

fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí creidmheasa i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8;

(c)

creidmheas a dheonú nó a idirghabháil nó deonú creidmheasa a éascú;

(d)

seirbhísí comhairleacha a chur ar fáil;

(e)

seirbhísí coimhdeacha a sholáthar do thomhaltóirí;

(f)

comhaontú creidmheasa a fhorghníomhú.

Beidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (c) agus (d), bunaithe ar fhaisnéis maidir le himthosca an tomhaltóra agus aon cheanglas sonrach a chuireann tomhaltóir in iúl agus ar thoimhdí réasúnacha maidir le rioscaí do staid an tomhaltóra i rith fhad an chomhaontaithe creidmheasa.

Beidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d), bunaithe freisin ar an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 16(3), pointe (a).

2.   Maidir leis an mbealach a n-íocann creidiúnaithe luach saothair lena bhfoireann agus lena n-idirghabhálaithe creidmheasa agus maidir leis an mbealach a n-íocann idirghabhálaithe creidmheasa luach saothair lena bhfoireann, áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfear bac leo sin ar chomhlíonadh na hoibleagáide a leagtar amach i mír 1.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit, le linn beartais luacha saothair a bhunú agus a chur i bhfeidhm maidir leis an bhfoireann atá freagrach as measúnú acmhainneachta creidmheasa, go gcomhlíonfaidh creidiúnaithe na prionsabail seo a leanas ar bhealach agus a mhéid atá iomchuí maidir lena méid, lena n-eagrúchán inmheánach agus le cineál, raon feidhme agus castacht a ngníomhaíochtaí:

(a)

tá an beartas luacha saothair comhsheasmhach le bainistíocht riosca stuama agus éifeachtach agus cuirtear an bhainistíocht sin chun cinn leis agus ní spreagtar glacadh riosca leis a sháraíonn an leibhéal riosca a nglacann an creidiúnaí leis;

(b)

tá an beartas luacha saothair i gcomhréir le straitéis ghnó, cuspóirí, luachanna agus leasanna fadtéarmacha an chreidiúnaí, agus ionchorpraítear bearta ann chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint, go háirithe trí fhoráil a dhéanamh nach bhfuil an luach saothair ag brath ar líon ná ar chion na n-iarratas ar chreidmheas a nglactar leo.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina soláthraíonn creidiúnaithe nó idirghabhálaithe creidmheasa seirbhísí comhairleacha, nach ndéantar dochar le struchtúr luacha saothair na foirne lena mbaineann dá gcumas gníomhú chun leas an tomhaltóra agus go háirithe nach bhfuil sé ag brath ar spriocanna díolacháin. Chun an sprioc sin a bhaint amach, féadfaidh na Ballstáit coimisiúin a íocann an creidiúnaí leis an idirghabhálaí creidmheasa a thoirmeasc freisin.

5.   Féadfaidh na Ballstáit toirmeasc nó srianta a fhorchur ar íocaíochtaí ó thomhaltóir le creidiúnaí nó idirghabhálaí creidmheasa sula ndéanfar comhaontú creidmheasa a thabhairt i gcrích.

Airteagal 33

Ceanglais maidir le heolas agus inniúlacht le haghaidh na foirne

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gceanglóidh creidiúnaithe agus idirghabhálaithe creidmheasa ar a bhfoireann leibhéal iomchuí eolais agus inniúlachta a choimeád cothrom le dáta i ndáil le comhaontuithe creidmheasa a mhonarú, a thairiscint agus a dheonú, gníomhaíochtaí idirghabhála creidmheasa a dhéanamh agus seirbhísí comhairleacha a sholáthar, agus i ndáil le cearta tomhaltóirí i réimse a dtrádála. I gcás ina n-áireofar seirbhísí coimhdeacha i dtabhairt i gcrích comhaontaithe creidmheasa, ceanglófar eolas agus inniúlacht iomchuí i ndáil leis na seirbhísí coimhdeacha sin.

2.   Bunóidh na Ballstáit íoscheanglais maidir le heolas agus inniúlacht don fhoireann creidiúnaithe agus idirghabhálaithe creidmheasa.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla maoirseacht ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i mír 1, agus go mbeidh cumhachtaí ag na húdaráis inniúla chun a cheangal ar chreidiúnaithe agus ar idirghabhálaithe creidmheasa an fhianaise a sholáthar, arb í an fhianaise a mheasann an t-údarás inniúil gá a bheith léi chun an mhaoirseacht sin a chumasú.

CAIBIDIL XI

OIDEACHAS AIRGEADAIS AGUS TACAÍOCHT AIRGEADAIS DO THOMHALTÓIRÍ AG A BHFUIL DEACRACHTAÍ AIRGEADAIS

Airteagal 34

Oideachas airgeadais

1.   Cuirfidh na Ballstáit bearta chun cinn lena dtacaítear le hoideachas a chur ar thomhaltóirí i ndáil le hiasacht a fháil agus fiacha a bhainistiú go freagrach, go háirithe i ndáil le comhaontuithe creidmheasa. Soláthrófar faisnéis shoiléir agus ghinearálta maidir leis an bpróiseas deonaithe creidmheasa do thomhaltóirí chun iad a threorú, go háirithe iad sin a ghlacann, go háirithe trí mheán uirlisí digiteacha, creidmheas tomhaltóirí den chéad uair. Agus na bearta sin á gcruthú agus á gcur chun cinn acu, rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear eagraíochtaí tomhaltóirí.

Áiritheoidh na Ballstáit freisin go scaipfear faisnéis maidir leis an treoraíocht a fhéadfaidh eagraíochtaí tomhaltóirí agus údaráis náisiúnta a sholáthar do thomhaltóirí.

2.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar an oideachas airgeadais atá ar fáil do thomhaltóirí sna Ballstáit a fhoilsiú agus a mheasúnú agus sainaithneoidh sé samplaí dea-chleachtas a d’fhéadfaí a fhorbairt a thuilleadh chun feasacht airgeadais tomhaltóirí a mhéadú.

Airteagal 35

Riaráistí agus bearta staonta

1.   Ceanglóidh na Ballstáit ar chreidiúnaithe, i gcás inarb iomchuí, staonadh réasúnach a fheidhmiú sula dtionscnaítear imeachtaí forfheidhmithe. Cuirfear san áireamh leis na bearta staonta sin, i measc eilimintí eile, imthosca aonair an tomhaltóra. Ní cheanglófar ar chreidiúnaithe bearta staonta a thairiscint arís agus arís eile do thomhaltóirí, ach amháin i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo.

Ní cheanglófar ar chreidiúnaithe measúnú acmhainneachta creidmheasa a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 18 nuair a bheidh téarmaí agus coinníollacha comhaontaithe creidmheasa atá ann cheana á modhnú i gcomhréir leis an tríú fomhír, pointe (b), den mhír seo, ar choinníoll nach méadófar go suntasach an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir agus an comhaontú creidmheasa á mhodhnú.

Na bearta staonta dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

féadfar a áireamh iontu, i measc féidearthachtaí eile, athmhaoiniú iomlán nó páirteach ar chomhaontú creidmheasa;

(b)

áireofar iontu modhnú ar na téarmaí agus coinníollacha atá ann cheana do chomhaontú creidmheasa, agus féadfaidh na nithe seo a leanas, i measc féidearthachtaí eile, a bheith san áireamh leis sin:

(i)

síneadh a chur le téarma an chomhaontaithe creidmheasa;

(ii)

cineál an chomhaontaithe creidmheasa a athrú;

(iii)

íocaíocht na haisíocaíochta tráthchodanna ar fad nó cuid díobh a iarchur ar feadh tréimhse;

(iv)

an ráta iasachta a laghdú;

(v)

saoire íocaíochta a thairiscint;

(vi)

aisíocaíochtaí páirteacha;

(vii)

comhshó airgeadra;

(viii)

maitheamh páirteach agus comhdhlúthú fiach.

2.   Beidh liosta na mbeart féideartha i mír 1, an tríú fomhír, pointe (b), gan dochar don dlí náisiúnta agus ní cheanglófar leo ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis na bearta uile sin sa dlí náisiúnta.

3.   I gcás ina gceadóidh na Ballstáit do chreidiúnaithe muirir a shainiú agus a fhorchur ar an tomhaltóir a eascraíonn as mainneachtain, féadfaidh na Ballstáit sin a cheangal nach mbeidh na muirir sin níos mó ná mar is gá chun an creidiúnaí a chúiteamh as na costais a thabhaigh sé mar thoradh ar an mainneachtain.

4.   I gcás ina gceadóidh na Ballstáit do chreidiúnaithe muirir bhreise a fhorchur ar an tomhaltóir i gcás mainneachtana, cuirfidh na Ballstáit sin uasteorainn ar na muirir sin.

5.   Ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar na páirtithe i gcomhaontú creidmheasa a chomhaontú go sainráite gur leor, chun an creidmheas a aisíoc, earraí a chumhdaítear le comhaontú creidmheasa nasctha nó fáltais ó dhíol na n-earraí sin a chur ar ais nó a aistriú chuig an gcreidiúnaí.

Airteagal 36

Fiach-sheirbhísí comhairleacha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear fiach-sheirbhísí comhairleacha neamhspleácha ar fáil do thomhaltóirí a bhfuil deacrachtaí acu nó a bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu a ngealltanais airgeadais a chomhlíonadh, agus gan ach muirir theoranta iníoctha do na seirbhísí sin.

2.   Chun na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh, beidh próisis agus beartais i bhfeidhm ag creidiúnaithe chun tomhaltóirí a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu a bhrath go luath.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-atreoróidh creidiúnaithe tomhaltóirí a mbíonn deacrachtaí acu a ngealltanais airgeadais a chomhlíonadh chuig fiach-sheirbhísí comhairleacha, ar seirbhísí iad a bhfuil rochtain éasca ag an tomhaltóir orthu.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 20 Samhain 2028, tuarascáil a thíolacadh ina dtabharfar forléargas ar infhaighteacht fiach-sheirbhísí comhairleacha ar fud na mBallstát agus ina sainaithneofar na cleachtais is fearr chun na seirbhísí sin a fhorbairt a thuilleadh. Tabharfaidh na Ballstáit, faoin 20 Samhain 2026, agus gach bliain ina dhiaidh sin, tuarascáil don Choimisiún maidir le fiach-sheirbhísí comhairleacha atá ar fáil.

CAIBIDIL XII

CREIDIÚNAITHE AGUS IDIRGHABHÁLAITHE CREIDMHEASA

Airteagal 37

Institiúidí nach institiúidí creidmheasa ná institiúidí íocaíochta iad a ligean isteach, a chlárú agus a mhaoirsiú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh creidiúnaithe agus idirghabhálaithe creidmheasa faoi réir próiseas leordhóthanach iontrála, faoi réir cláraithe agus faoi réir socruithe maoirseachta arna gcur ar bun ag údarás inniúil neamhspleách.

2.   Maidir leis an gceanglas maidir le próiseas leordhóthanach iontrála agus maidir le clárú, ní bheidh feidhm aige maidir le creidiúnaithe ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

is institiúidí creidmheasa iad mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b)

is institiúidí íocaíochta iad mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Threoir (AE) 2015/2366, le haghaidh na seirbhísí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe (4), den Treoir sin; nó

(c)

is institiúidí airgid leictreonaigh iad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2009/110/CE, maidir le creidmheas a dheonú dá dtagraítear in Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointe (b), den Treoir sin.

3.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan na ceanglais maidir le ligean isteach agus clárú dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm maidir le soláthróirí earraí nó soláthraithe seirbhísí a cháilíonn mar mhicrifhiontair, mar fhiontair bheaga agus mar fhiontair mheánmhéide mar a sainmhínítear i Moladh 2003/361/CE, ag gníomhú dóibh mar seo a leanas:

(a)

idirghabhálaithe creidmheasa i gcáil choimhdeach; nó

(b)

creidiúnaithe i gcáil choimhdeach, a dheonaíonn creidmheas i bhfoirm íocaíocht iarchurtha chun earraí agus seirbhísí a thairgeann siad a cheannach, má sholáthraítear an creidmheas saor ó ús agus mura bhfuil ach muirir theoranta iníoctha ag an tomhaltóir as íocaíochtaí déanacha arna bhforchur i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 38

Oibleagáidí sonracha d’idirghabhálaithe creidmheasa

Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfaidh idirghabhálaithe creidmheasa an méid seo a leanas:

(a)

méid a gcumhachtaí a léiriú, i bhfógraíocht agus i ndoiciméadacht a bheartaítear do thomhaltóirí, agus cibé acu a oibríonn nó nach n-oibríonn siad go heisiach le creidiúnaí amháin nó níos mó nó mar idirghabhálaí neamhspleách;

(b)

aon táille is iníoctha ag an tomhaltóir leis an idirghabhálaí creidmheasa as seirbhísí a sholáthrófar a nochtadh don tomhaltóir;

(c)

teacht ar chomhaontú leis an tomhaltóir maidir le haon táille dá dtagraítear i bpointe (b) ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile sula dtugtar an comhaontú creidmheasa i gcrích;

(d)

aon táille dá dtagraítear i bpointe (b) a chur in iúl don chreidiúnaí, chun ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh.

CAIBIDIL XIII

CEARTA A SHANNADH AGUS RÉITEACH DÍOSPÓIDÍ

Airteagal 39

Cearta a shannadh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an tomhaltóir, i gcás ina ndéanfar cearta an chreidiúnaí a shannadh do thríú páirtí faoi chomhaontú creidmheasa nó faoin gcomhaontú creidmheasa féin, i dteideal aon chosaint a bhí ar fáil dó nó di in aghaidh an chreidiúnaí bunaidh a phléadáil in aghaidh an tsannaí, lena n-áirítear fritháireamh i gcás ina gceadaítear an chosaint sin sa Bhallstát lena mbaineann.

2.   Ceanglóidh na Ballstáit go gcuirfidh an creidiúnaí bunaidh an tomhaltóir ar an eolas faoin sannadh dá dtagraítear i mír 1, seachas i gcás ina leanfaidh an creidiúnaí bunaidh, trí chomhaontú leis an sannaí, den chreidmheas maidir leis an tomhaltóir a sheirbheáil.

Airteagal 40

Réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí ar nósanna imeachta réitithe díospóidí lasmuigh den chúirt a bheidh leordhóthanach, pras agus éifeachtach chun díospóidí idir tomhaltóirí agus creidiúnaithe nó idirghabhálaithe creidmheasa a réiteach a bhaineann le cearta agus oibleagáidí i ndáil le comhaontuithe creidmheasa a bhunaítear faoin Treoir seo, agus úsáid á baint, i gcás inarb iomchuí, as eintitis atá ann cheana a dhéanann réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt. Beidh na nósanna imeachta réitithe díospóidí lasmuigh den chúirt sin, agus na heintitis a thairgeann iad, ag teacht leis na ceanglais cháilíochta a leagtar síos le Treoir 2013/11/AE.

2.   Spreagfaidh na Ballstáit na heintitis a dhéanann an réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt dá dtagraítear i mír 1 le dul i gcomhar le chéile chun díospóidí trasteorann a bhaineann le comhaontuithe creidmheasa a réiteach.

CAIBIDIL XIV

ÚDARÁIS INNIÚLA

Airteagal 41

Údaráis inniúla

1.   Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis náisiúnta inniúla dá gcumhachtaítear chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú na Treorach seo a áirithiú agus áiritheoidh siad go ndeonófar cumhachtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin dóibh chomh maith leis na hacmhainní leordhóthanacha is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh go héifeachtúil agus go héifeachtach.

Beidh na húdaráis ina n-údaráis phoiblí nó ina gcomhlachtaí a aithnítear leis an dlí náisiúnta nó a aithníonn údaráis phoiblí dá gcumhachtaítear go sainráite chun na críche sin leis an dlí náisiúnta. Ní bheidh siad ina gcreidiúnaithe ná ina n-idirghabhálaithe creidmheasa.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na húdaráis inniúla, na daoine uile a oibríonn nó a d’oibrigh do na húdaráis inniúla, chomh maith le hiniúchóirí agus saineolaithe a fhaigheann treoracha ó na húdaráis inniúla, go mbeidh siad faoi cheangal ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla. Ní fhéadfar aon fhaisnéis rúnda a fhéadfaidh siad a fháil i gcúrsa a ndualgas a nochtadh d’aon duine ná d’aon údarás ar bith, ach amháin i bhfoirm achomair nó chomhiomlán, gan dochar do chásanna a chumhdaítear faoin dlí coiriúil nó faoin Treoir seo. Ní chuirfidh sé sin cosc, áfach, ar na húdaráis inniúla faisnéis rúnda a mhalartú nó a tharchur i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit gurb amhlaidh gur ceachtar de na nithe seo a leanas a bheidh sna húdaráis inniúla:

(a)

údaráis inniúla mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29); nó

(b)

údaráis seachas na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (a), ar choinníoll go gceanglaítear le dlíthe náisiúnta, le rialacháin náisiúnta nó le forálacha riaracháin ar na húdaráis sin dul i gcomhar leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (a) aon uair is gá chun a ndualgais a dhéanamh faoin Treoir seo.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh na húdaráis inniúla na critéir a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2017/2394.

5.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi ainmniú na n-údarás inniúil agus faoi aon athrú air sin, agus, i gcás ina bhfuil níos mó ná aon údarás inniúil amháin ar a gcríoch, aon roinnt ar na dualgais faoi seach idir na húdaráis inniúla sin á léiriú. Déanfar an chéad fhógra sin a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí faoin 20 Samhain 2025.

6.   Feidhmeoidh na húdaráis inniúla a gcumhachtaí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:

(a)

go díreach faoina n-údarás féin nó faoi mhaoirseacht na n-údarás breithiúnach; nó

(b)

trí iarratas a dhéanamh chuig cúirteanna atá inniúil chun an cinneadh is gá a dheonú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí achomharc, mura mbeidh rath ar an iarratas chun an cinneadh is gá a dheonú.

7.   I gcás ina bhfuil níos mó ná údarás inniúil amháin ar a gcríoch, áiritheoidh na Ballstáit go saineofar a ndualgais faoi seach go soiléir agus go rachaidh na húdaráis sin i ndlúthchomhar lena chéile ionas gur féidir leo a ndualgais faoi seach a chomhlíonadh go héifeachtach.

8.   Foilseoidh an Coimisiún liosta de na húdaráis inniúla in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh uair amháin sa bhliain ar a laghad, agus tabharfaidh sé cothrom le dáta an liosta sin go leanúnach ar a shuíomh gréasáin.

9.   Féadfaidh na Ballstáit reachtaíocht náisiúnta a chur i bhfeidhm chun cumhachtaí idirghabhála táirgí a dheonú d’údaráis inniúla náisiúnta chun táirgí creidmheasa a tharraingt siar i gcásanna ina bhfuil bonn cirt leo.

CAIBIDIL XV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 42

Leibhéal an chomhchuibhithe

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Treoir seo, a mhéid atá forálacha comhchuibhithe sa Treoir seo, ní fhéadfaidh na Ballstáit forálacha nach bhfuil i gcomhréir leo sin a leagtar síos sa Treoir seo a choinneáil ar bun ná a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta.

2.   Ag feitheamh le tuilleadh comhchuibhithe, i gcás ina n-úsáideann Ballstát na roghanna rialála dá bhforáiltear in Airteagail 2(5) go (8), Airteagal 8(8), Airteagal 14(2) agus (3), Airteagal 16(4) agus (6), Airteagal 18(11), Airteagal 24(5), Airteagal 25(6), Airteagal 26(4) agus (8), Airteagal 29(4), Airteagal 31(2), Airteagal 32(4) agus (5), Airteagal 35(3) agus (4), Airteagal 37(3) agus Airteagal 41(9), tabharfaidh an Ballstát sin fógra faoi don Choimisiún gan mhoill, chomh maith le faoi aon athruithe ina dhiaidh sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin nó ar bhealach eile a bhfuil rochtain éasca air. Déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí freisin chun an fhaisnéis sin a scaipeadh i measc creidiúnaithe náisiúnta, idirghabhálaithe creidmheasa agus tomhaltóirí.

Airteagal 43

Cineál dianriachtanach na Treorach seo

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh tomhaltóirí na cearta a thugtar dóibh leis na bearta náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a tharscaoileadh.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit freisin nach féidir teacht timpeall ar na forálacha a ghlactar chun an Treoir seo a thrasuí mar thoradh ar an mbealach a ndéantar comhaontuithe a fhoirmliú.

Airteagal 44

Pionóis

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha agus na bearta sin faoin 20 Samhain 2026 agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   I gcás ina mbeidh pionóis le forchur i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2394, áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar leo an fhéidearthacht fíneálacha a fhorchur trí nósanna imeachta riaracháin nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh maidir le fíneálacha a fhorchur, nó an dá rud.

3.   Déanfaidh na Ballstáit foráil go bhféadfaidh na húdaráis inniúla aon phionós riaracháin a nochtadh don phobal, ar pionós é a fhorchuirtear maidir le sárú ar na bearta a ghlactar de bhun na Treorach seo, mura rud é go ndéanfaí dochar mór do na margaí airgeadais leis an nochtadh sin nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann.

Airteagal 45

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 30(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 19 Samhain 2023. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas i leith tharmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 30(5) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 30(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 46

Athbhreithniú agus faireachán

1.   Tabharfaidh an Coimisiún, faoin 20 Samhain 2029 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, faoi mheastóireacht ar an Treoir seo. Áireofar sa mheastóireacht:

(a)

measúnú i dtaobh an bhfuil raon feidhme na Treorach seo fós iomchuí i ndáil le comhaontuithe creidmheasa a urraítear le maoin dhochorraithe neamhchónaithe;

(b)

measúnú ar na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 2 (2), pointe (c), agus i gCuid II d’Iarscríbhinn III, agus ar na céatadáin a úsáidtear chun an cúiteamh is iníoctha i gcás aisíocaíocht luath a ríomh dá dtagraítear in Airteagal 29(2), agus measúnú á dhéanamh orthu i bhfianaise treochtaí eacnamaíocha san Aontas agus staid an mhargaidh lena mbaineann;

(c)

anailís ar éabhlóid an mhargaidh le haghaidh creidmheasanna tomhaltóirí a thacaíonn leis an aistriú glas agus measúnú ar an ngá atá le bearta breise a bhaineann leis na creidmheasanna sin; agus

(d)

measúnú ar chur chun feidhme Airteagal 44(1) agus (2), agus go háirithe ar éifeachtacht agus ar éifeacht dhíspreagthach na bpionós arna bhforchur faoin Airteagal sin.

2.   Faoin 20 Samhain 2025, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le cosaint a thabhairt do thomhaltóirí atá ag fáil iasachta agus ag infheistiú trí ardáin sluachistiúcháin, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2020/1503, i gcás nach ngníomhaíonn na hardáin sin mar chreidiúnaithe ná mar idirghabhálaithe creidmheasa, ach ina n-éascóidh siad deonú creidmheasa idir tomhaltóirí.

3.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán, go háirithe, ar an éifeacht atá ag na roghanna rialála dá dtagraítear in Airteagal 42 ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ar thomhaltóirí.

4.   Tuairisceoidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta agus an mheasúnaithe dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach.

Airteagal 47

Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

Aisghairtear Treoir 2008/48/CE le héifeacht ón 20 Samhain 2026.

D’ainneoin na chéad mhíre, leanfaidh Treoir 2008/48/CE d’fheidhm a bheith aici maidir le comhaontuithe creidmheasa atá ann an 20 Samhain 2026 go dtí go bhfoirceannfar iad.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagail 23 agus 24, Airteagal 25(1), an dara habairt, Airteagal 25(2) agus Airteagail 28 agus 39 den Treoir seo maidir le gach comhaontú creidmheasa neamhiata arb ann dóibh an 20 Samhain 2026.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 48

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 20 Samhain 2025. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 20 Samhain 2026.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin..

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 49

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 50

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh in Strasbourg, an 18 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. M. ALBARES BUENO


(1)   IO C 105, 4.3.2022, lch. 92.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2023.

(3)  Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).

(4)  Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus lena leasaítear Treoir 90/619/CEE ón gComhairle agus Treoracha 97/7/CE agus 98/27/CE (IO L 271, 9.10.2002, lch. 16).

(5)  Rialachán (AE) 2015/751 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 1).

(6)  Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34).

(7)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(8)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha’) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(9)  Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(10)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(11)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(12)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(13)  Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 11 Meán Fómhair 2019, Lexitor, C-383/18, ECLI:EU:C:2019:702.

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(15)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(16)  Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoracha 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).

(17)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(18)  Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóidí le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (an Treoir maidir le RMD le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63).

(19)  Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (an Treoir maidir le réiteach malartach díospóidí (RMD) le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).

(20)  Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (IO L 347, 20.10.2020, lch. 1).

(21)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(22)   IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(23)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(24)   IO C 403, 6.10.2021, lch. 5.

(25)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(26)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(27)  Treoir (AE) 2021/2167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2021 maidir le seirbhíseoirí creidmheasa agus ceannaitheoirí creidmheasa agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2014/17/AE (IO L 438, 8.12.2021, lch. 1).

(28)  Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).

(29)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).


IARSCRÍBHINN I

FAISNÉIS CHAIGHDEÁNACH EORPACH UM CHREIDMHEAS TOMHALTÓRA  (1)

Príomhfhaisnéis

Cuid I   [I gcónaí ar an gcéad leathanach den fhoirm]:

Creidiúnaí

I gcás inarb infheidhme

Idirghabhálaí creidmheasa

[Céannacht]

[Céannacht]

Méid iomlán creidmheasa

Ciallaíonn sé sin an uasteorainn nó na suimeanna iomlána a chuirtear ar fáil faoin gcomhaontú creidmheasa.

 

Fad an chomhaontaithe creidmheasa

 

An ráta iasachta nó, i gcás inarb infheidhme, rátaí iasachta éagsúla ag a bhfuil feidhm maidir leis an gcomhaontú creidmheasa

[ %

seasta, nó

athraitheach,

tréimhsí]

Ráta céatadánach bliantúil an mhuirir (APR)

Is é sin an costas iomlán a shloinntear mar chéatadán bliantúil den mhéid iomlán creidmheasa.

Is ann do APR chun cuidiú leat tairiscintí éagsúla a chur i gcomparáid le chéile.

 

An méid iomlán a bheidh ort a íoc

Ciallaíonn sé seo an méid caipitil a fuarthas ar iasacht móide ús agus costais fhéideartha a bhaineann le do chreidmheas.

[Suim an mhéid iomláin creidmheasa agus chostas iomlán an chreidmheasa ar an tomhaltóir]

I gcás inarb infheidhme

Déantar an creidmheas a dheonú i bhfoirm íocaíocht iarchurtha le haghaidh earraí sonracha nó seirbhísí sonracha nó a nascadh le soláthar earraí sonracha nó soláthar seirbhísí sonracha.

Ainm an earra/na seirbhíse

Praghas ar airgead tirim

 

Costais i gcás íocaíochtaí déanacha

Déanfar [… (an ráta úis is infheidhme agus socruithe maidir lena choigeartú agus, i gcás inarb infheidhme, muirir mhainneachtana)] a ghearradh ort as íocaíochtaí déanacha.

Cuid II   [Mura féidir na heilimintí seo a leanas a thaispeáint go feiceálach ar leathanach amháin, taispeánfar iad sa chéad chuid den fhoirm ar an dara leathanach]:

Tráthchodanna agus, i gcás inarb iomchuí, an t-ord ina leithdháilfear na tráthchodanna

Beidh ort an méid seo a leanas a íoc:

[Méid, líon agus minicíocht na n-íocaíochtaí atá le déanamh ag an tomhaltóir]

Beidh ús agus/nó muirir iníoctha ar an mbealach seo a leanas:

Rabhadh maidir leis na hiarmhairtí a bheadh ann mar gheall ar íocaíochtaí a mhainneachtain nó íocaíochtaí déanacha

D’fhéadfadh sé go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha ann duit mar gheall ar íocaíochtaí a mhainneachtain nó íocaíochtaí déanacha (e.g. díol éigeantach) agus go mbeadh sé níos deacra duit creidmheas a fháil sa todhchaí.

 

An ceart chun tarraingt siar

Tá sé de cheart agat tarraingt siar as an gcomhaontú creidmheasa laistigh de thréimhse 14 lá féilire.

Tá/níl

Aisíocaíocht luath

Tá sé de cheart agat an creidmheas a aisíoc go luath tráth ar bith go hiomlán nó go páirteach.

I gcás inarb infheidhme

Tá an creidiúnaí i dteideal cúitimh i gcás aisíocaíocht luath.

Creidiúnaí

Seoladh geografach

Uimhir theileafóin

Seoladh ríomhphoist

Seoladh gréasáin  (*1)

 

I gcás inarb infheidhme

Idirghabhálaí creidmheasa

Seoladh geografach

Uimhir theileafóin

Seoladh ríomhphoist

Seoladh gréasáin  (*1)

 

Faisnéis bhreise faoin gcomhaontú creidmheasa

1.   Tuairisc ar phríomhghnéithe an táirge creidmheasa

An cineál creidmheasa

 

Na coinníollacha lena rialaítear an tarraingt anuas

Ciallaíonn sé sin conas agus cathain a gheobhaidh tú an t-airgead.

I gcás inarb infheidhme

D’fhéadfadh rátaí céatadánacha bliantúla muirir níos airde a bheith mar thoradh ar shásraí tarraingthe anuas eile don chineál ábhartha comhaontaithe creidmheasa

[I gcás ina soláthraítear le comhaontú creidmheasa bealaí tarraingthe anuas éagsúla le muirir nó rátaí iasachta éagsúla agus ina n-úsáidfidh an creidiúnaí an toimhde a leagtar amach i gCuid II, pointe (b), d’Iarscríbhinn III, cuir isteach léiriú go bhféadfaidh rátaí céatadánacha bliantúla muirir atá níos airde a bheith mar thoradh ar shásraí tarraingthe anuas eile maidir leis an gcineál comhaontaithe creidmheasa sin]

I gcás inarb infheidhme

Urraí a cheanglaítear

Is tuairisc é sin ar an urrús atá le soláthar agat i ndáil leis an gcomhaontú creidmheasa.

[Cineál na n-urraí]

I gcás inarb infheidhme

Ní thagann amúchadh láithreach ar an gcaipiteal as aisíocaíochtaí.

 

I gcás inarb infheidhme

Rinneadh an praghas a phearsantú ar bhonn cinnteoireacht uathoibrithe.

 

2.   Costais an chreidmheasa

I gcás inarb infheidhme

Na rátaí iasachta éagsúla a bhfuil feidhm acu maidir leis an gcomhaontú creidmheasa

[%

seasta, nó

athraitheacha (leis an innéacs nó leis an ráta tagartha is infheidhme maidir leis an ráta iasachta tosaigh)

tréimhsí,

coinníollacha lena rialaítear feidhmiú gach ráta iasachta,

tréimhsí, coinníollacha, agus nósanna imeachta chun gach ráta iasachta a athrú]

Sampla ionadaíoch ina léirítear ráta céatadánach bliantúil an mhuirir (APR) an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir.

[% Ní mór sampla ionadaíoch a leagan amach anseo, ar sampla é lena luaitear na toimhdí uile a úsáideadh chun ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh]

An bhfuil sé éigeantach, chun an creidmheas a fháil nó chun é a fháil ar na téarmaí agus coinníollacha a ndéantar margaíocht ina leith, ceann díobh seo a fháil

polasaí árachais lena n-urraítear an creidmheas, nó

conradh seirbhíse coimhdí eile?

Murab eol don chreidiúnaí costais na seirbhísí sin, ní áirítear in APR iad.

Tá/níl [má tá, sonraigh an cineál árachais]

Tá/níl [má tá, sonraigh an cineál seirbhíse coimhdí]

Costais ghaolmhara

I gcás inarb infheidhme

Muirear chun cuntas amháin nó níos mó a choinneáil ar bun is gá chun idirbhearta íocaíochta agus tarraingtí anuas araon a thaifeadadh

 

I gcás inarb infheidhme

Méid na gcostas as modh íocaíochta sonrach (e.g. cárta creidmheasa) a úsáid

 

I gcás inarb infheidhme

Aon chostais eile a eascraíonn as an gcomhaontú creidmheasa

 

I gcás inarb infheidhme

Coinníollacha faoinar féidir na costais thuasluaite a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa a athrú

 

I gcás inarb infheidhme

Oibleagáid táillí nótaire a íoc

 

3.   Gnéithe dlí tábhachtacha eile

I gcás inarb infheidhme

Tá an creidiúnaí i dteideal cúitimh i gcás aisíocaíocht luath

[Cinneadh an chúitimh (modh ríofa) i gcomhréir leis na forálacha lena gcuirtear Airteagal 29 de Threoir (AE) 2023/2225 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) chun feidhme]

Bunachar sonraí a cheadú

Ní mór don chreidiúnaí tú a chur ar an eolas láithreach agus gan mhuirear maidir leis an toradh ar bhunachar sonraí a cheadú, má dhiúltaítear d’iarratas creidmheasa ar bhonn ceadú den sórt sin.

 

Ceart chun dréacht-chomhaontú creidmheasa

Tá an ceart agat, arna iarraidh sin, cóip den dréacht-chomhaontú creidmheasa a fháil saor in aisce. Tá feidhm ag an bhforáil seo má tá an creidiúnaí toilteanach, tráth d’iarrata, dul ar aghaidh chun an comhaontú creidmheasa a thabhairt i gcrích leat.

 

I gcás inarb infheidhme

An tréimhse ar lena linn atá an creidiúnaí faoi cheangal ag an bhfaisnéis réamhchonarthach

Tá an fhaisnéis atá san fhoirm seo bailí ó [...] go dtí [...].

Maidir le sásamh

Tá sé de cheart agat rochtain a bheith agat ar shásra gearán agus sásaimh lasmuigh den chúirt

[An sásra gearán agus sásaimh lasmuigh den chúirt le haghaidh an tomhaltóra agus conas rochtain a fháil air]

Rabhadh maidir leis na hiarmhairtí dlíthiúla agus airgeadais a ghabhann le neamhchomhlíonadh

D’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann duit mura gcomhlíontar na gealltanais a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa seachas íocaíochtaí déanacha nó íocaíochtaí a chailltear.

 

Sceideal aisíocaíochta

[Sceideal aisíocaíochta ina bhfuil na híocaíochtaí agus na haisíocaíochtaí uile atá le déanamh ag an tomhaltóir thar thréimhse an chomhaontaithe creidmheasa, lena n-áirítear na híocaíochtaí i leith aon seirbhísí coimhdeacha]

I gcás inarb infheidhme

4.   Faisnéis bhreise i gcás cianmhargú seirbhísí airgeadais

(a)

Maidir leis an gcreidiúnaí

 

I gcás inarb infheidhme

Ionadaí an chreidiúnaí i do Bhallstát cónaithe

Seoladh

Uimhir theileafóin

Seoladh ríomhphoist

Seoladh gréasáin  (*2)

[Céannacht]

[Seoladh geografach atá le húsáid ag an tomhaltóir]

I gcás inarb infheidhme

Clárú

[An clár trádála ina bhfuil an creidiúnaí taifeadta agus a uimhir chláraithe nó modh sainaitheantais coibhéiseach sa chlár sin]

I gcás inarb infheidhme

An t-údarás maoirseachta

 

(b)

Maidir leis an gcomhaontú creidmheasa

 

I gcás inarb infheidhme

An ceart chun tarraingt siar a fheidhmiú

[Treoracha praiticiúla maidir leis an gceart chun tarraingt siar a fheidhmiú lena léireofar, inter alia, an tréimhse chun an ceart a fheidhmiú, an seoladh ar cheart fógra maidir le feidhmiú an chirt chun tarraingt siar a sheoladh chuige agus na hiarmhairtí a bhainfeadh le gan an ceart chun tarraingt siar a fheidhmiú]

I gcás inarb infheidhme

An dlí a ghlacann an creidiúnaí mar bhonn chun caidreamh a bhunú leat roimh thabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa

 

I gcás inarb infheidhme

Clásal lena sonraítear an dlí is infheidhme maidir leis an gcomhaontú creidmheasa agus/nó an chúirt inniúil

[An clásal ábhartha le leagan amach anseo]

I gcás inarb infheidhme

Córas teanga

Soláthrófar faisnéis agus téarmaí conarthacha i [teanga shonrach]. Le do thoiliú, tá sé beartaithe againn cumarsáid a dhéanamh i [teanga shonrach/teangacha sonracha] ar feadh fhad an chomhaontaithe creidmheasa.


(1)  Aon uair a léirítear ‘i gcás inarb infheidhme’, ní mór don chreidiúnaí an bosca a líonadh isteach má tá an fhaisnéis ábhartha maidir leis an gcineál creidmheasa, nó an fhaisnéis nó an ró iomlán a scriosadh i gcás nach bhfuil an fhaisnéis ábhartha maidir leis an gcineál creidmheasa lena mbaineann.

Leis na mínithe i gcló iodálach, ba cheart go gcabhrófaí leis an tomhaltóir tuiscint níos fearr a fháil ar na figiúirí.

Tugtar mínithe don chreidiúnaí nó don idirghabhálaí creidmheasa leis na léirithe atá idir lúibíní cearnacha agus ní mór an fhaisnéis chomhfhreagrach a chur ina n-ionad.

(*1)  Tá an fhaisnéis sin roghnach.

(2)  Treoir (AE) 2023/2225 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/48/CE (IO L, 2023/2225, 30.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2225/oj).

(*2)  Tá an fhaisnéis sin roghnach le haghaidh an chreidiúnaí.


IARSCRÍBHINN II

FAISNÉIS EORPACH UM CHREIDMHEAS TOMHALTÓRA  (1)

Creidmheas tomhaltóra arna thairiscint ag eagraíochtaí creidmheasa áirithe (Airteagal 2(6) de Threoir (AE) 2023/2225 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (2) )

Comhshó fiachais (Airteagal 2(7) de Threoir (AE) 2023/2225)

Príomhfhaisnéis

Cuid I   [I gcónaí ar an gcéad leathanach den fhoirm]:

Creidiúnaí

I gcás inarb infheidhme

Idirghabhálaí creidmheasa

[Céannacht]

[Céannacht]

An méid iomlán creidmheasa

Ciallaíonn sé sin an uasteorainn nó na suimeanna iomlána a chuirtear ar fáil faoin gcomhaontú creidmheasa.

 

Fad an chomhaontaithe creidmheasa

 

An ráta iasachta nó, i gcás inarb infheidhme, rátaí iasachta éagsúla ag a bhfuil feidhm maidir leis an gcomhaontú creidmheasa

[%

seasta, nó

athraitheach,

tréimhsí]

Ráta céatadánach bliantúil an mhuirir (APR)

Is é sin an costas iomlán a shloinntear mar chéatadán bliantúil den mhéid iomlán creidmheasa.

Is ann do APR chun cuidiú leat tairiscintí éagsúla a chur i gcomparáid le chéile.

 

An méid iomlán a bheidh ort a íoc

Ciallaíonn sé seo an méid caipitil a fuarthas ar iasacht móide ús agus costais fhéideartha a bhaineann le do chreidmheas.

[Suim an mhéid iomláin creidmheasa agus chostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir]

I gcás inarb infheidhme

Déantar an creidmheas a dheonú i bhfoirm íocaíocht iarchurtha le haghaidh earraí sonracha nó seirbhísí sonracha nó a nascadh le soláthar earraí sonracha nó soláthar seirbhísí sonracha

Ainm an earra/na seirbhíse

Praghas ar airgead tirim

 

Costais i gcás íocaíochtaí déanacha

Déanfar [… (an ráta úis is infheidhme agus socruithe maidir lena choigeartú agus, i gcás inarb infheidhme, muirir mhainneachtana)] a ghearradh ort as íocaíochtaí déanacha.

Cuid II   [Mura féidir na heilimintí seo a leanas a thaispeáint go feiceálach ar leathanach amháin, taispeánfar iad sa chéad chuid den fhoirm ar an dara leathanach]:

Tráthchodanna agus, i gcás inarb iomchuí, an t-ord ina leithdháilfear na tráthchodanna

Beidh ort an méid seo a leanas a íoc:

[Méid, líon agus minicíocht na n-íocaíochtaí atá le déanamh ag an tomhaltóir]

Beidh ús agus/nó muirir iníoctha ar an mbealach seo a leanas:

Rabhadh maidir leis na hiarmhairtí a bheadh ann mar gheall ar íocaíochtaí a mhainneachtain nó íocaíochtaí déanacha

D’fhéadfadh sé go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha ann duit mar gheall ar íocaíochtaí a mhainneachtain nó íocaíochtaí déanacha (e.g. díol éigeantach) agus go mbeadh sé níos deacra duit creidmheas a fháil sa todhchaí.

 

An ceart chun tarraingt siar

Tá/níl

Aisíocaíocht luath

Tá sé de cheart agat an creidmheas a aisíoc go luath tráth ar bith go hiomlán nó go páirteach.

I gcás inarb infheidhme

Tá an creidiúnaí i dteideal cúitimh i gcás aisíocaíocht luath.

 

Creidiúnaí

Seoladh geografach

Uimhir theileafóin

Seoladh ríomhphoist

Seoladh gréasáin (*1)

 

I gcás inarb infheidhme

Idirghabhálaí creidmheasa

Seoladh geografach

Uimhir theileafóin

Seoladh ríomhphoist

Seoladh gréasáin (*1)

 

Faisnéis bhreise faoin gcomhaontú creidmheasa

1.   Tuairisc ar phríomhghnéithe an táirge creidmheasa

An cineál creidmheasa

 

I gcás inarb infheidhme

Léiriú go bhféadfar a iarraidh ar an tomhaltóir méid an chreidmheasa a aisíoc ina iomláine tráth ar bith

 

I gcás inarb infheidhme

Rinneadh an praghas a phearsantú ar bhonn cinnteoireacht uathoibrithe.

 

2.   Costais an chreidmheasa

I gcás inarb infheidhme

Na rátaí iasachta éagsúla a bhfuil feidhm acu maidir leis an gcomhaontú creidmheasa

[%

seasta, nó

athraitheacha (leis an innéacs nó leis an ráta tagartha is infheidhme maidir leis an ráta iasachta tosaigh)

tréimhsí,

coinníollacha lena rialaítear feidhmiú gach ráta iasachta]

Sampla ionadaíoch ina léirítear ráta céatadánach bliantúil an mhuirir (APR) agus an mhéid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóra

[% Ní mór sampla ionadaíoch a leagan amach anseo, ar sampla é lena luaitear na toimhdí uile a úsáideadh chun ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh]

I gcás inarb infheidhme

Costais

I gcás inarb infheidhme

Na coinníollacha faoina bhféadfar na costais sin a athrú

[Na costais is infheidhme ón tráth a thugtar an comhaontú creidmheasa i gcrích]

3.   Gnéithe dlí tábhachtacha eile

An comhaontú creidmheasa a fhoirceannadh

[Na coinníollacha agus an nós imeachta chun an comhaontú creidmheasa a fhoirceannadh]

I gcás inarb infheidhme

Tá an creidiúnaí i dteideal cúitimh i gcás aisíocaíocht luath

[Cinneadh an chúitimh (modh ríofa) i gcomhréir leis na forálacha lena gcuirtear Airteagal 29 de Threoir (AE) 2023/2225 chun feidhme]

Bunachar sonraí a cheadú

Ní mór don chreidiúnaí tú a chur ar an eolas láithreach agus gan mhuirear maidir leis an toradh ar bhunachar sonraí a cheadú, má dhiúltaítear d’iarratas creidmheasa ar bhonn ceadú den sórt sin.

 

I gcás inarb infheidhme

An tréimhse ar lena linn atá an creidiúnaí faoi cheangal ag an bhfaisnéis réamhchonarthach

Tá an fhaisnéis atá san fhoirm seo bailí ón […] go dtí an [...].

Maidir le sásamh

Tá sé de cheart agat rochtain a bheith agat ar shásra gearán agus sásaimh lasmuigh den chúirt.

[An sásra gearán agus sásaimh lasmuigh den chúirt le haghaidh an tomhaltóra agus conas rochtain a fháil air]

Rabhadh maidir leis na hiarmhairtí dlíthiúla agus airgeadais a ghabhann le neamhchomhlíonadh

D’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann duit mura gcomhlíontar na gealltanais a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa seachas íocaíochtaí déanacha nó íocaíochtaí a chailltear.

 

Sceideal aisíocaíochta

[Sceideal aisíocaíochta ina bhfuil na híocaíochtaí agus na haisíocaíochtaí uile atá le déanamh ag an tomhaltóir thar thréimhse an chonartha, lena n-áirítear na híocaíochtaí sin i leith aon seirbhísí coimhdeacha]

I gcás inarb infheidhme

4.   Faisnéis bhreise i gcás cianmhargú seirbhísí airgeadais

(a)

Maidir leis an gcreidiúnaí

 

I gcás inarb infheidhme

Ionadaí an chreidiúnaí i do Bhallstát cónaithe

Seoladh

Uimhir theileafóin

Seoladh ríomhphoist

Seoladh gréasáin (*2)

[Céannacht]

[Seoladh geografach atá le húsáid ag an tomhaltóir]

I gcás inarb infheidhme

Clárú

[An clár trádála ina bhfuil an creidiúnaí taifeadta agus a uimhir chláraithe nó modh sainaitheantais coibhéiseach sa chlár sin]

I gcás inarb infheidhme

An t-údarás maoirseachta

 

(b)

Maidir leis an gcomhaontú creidmheasa

 

I gcás inarb infheidhme

An ceart chun tarraingt siar a fheidhmiú

[Treoracha praiticiúla maidir leis an gceart chun tarraingt siar a fheidhmiú lena léireofar, inter alia, an tréimhse tarraingt siar, an seoladh ar cheart fógra maidir le feidhmiú an chirt chun tarraingt siar a sheoladh chuige agus na hiarmhairtí a bhainfeadh le gan an ceart chun tarraingt siar a fheidhmiú]

I gcás inarb infheidhme

An dlí a ghlacann an creidiúnaí mar bhonn chun caidreamh a bhunú leat roimh thabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa

 

I gcás inarb infheidhme

Clásal lena sonraítear an dlí is infheidhme maidir leis an gcomhaontú creidmheasa agus/nó an chúirt inniúil

[An clásal ábhartha le leagan amach anseo]

I gcás inarb infheidhme

Córas teanga

Soláthrófar faisnéis agus téarmaí conarthacha i [teanga shonrach]. Le do thoiliú, tá sé beartaithe againn cumarsáid a dhéanamh i [teanga shonrach/teangacha sonracha] ar feadh fhad an chomhaontaithe creidmheasa.


(1)  Aon uair a léirítear ‘i gcás inarb infheidhme’, ní mór don chreidiúnaí an bosca a líonadh isteach má tá an fhaisnéis ábhartha maidir leis an gcineál creidmheasa, nó an fhaisnéis nó an ró iomlán a scriosadh i gcás nach bhfuil an fhaisnéis ábhartha maidir leis an gcineál creidmheasa lena mbaineann.

Leis na mínithe i gcló iodálach, ba cheart go gcabhrófaí leis an tomhaltóir tuiscint níos fearr a fháil ar na figiúirí.

Tugtar mínithe don chreidiúnaí nó don idirghabhálaí creidmheasa leis na léirithe atá idir lúibíní cearnacha agus ní mór an fhaisnéis chomhfhreagrach a chur ina n-ionad.

(2)  Treoir (AE) 2023/2225 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/48/CE (IO L, 2023/2225, 30.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2225/oj).

(*1)  Tá an fhaisnéis seo roghnach.

(*2)  Tá an fhaisnéis sin roghnach le haghaidh an chreidiúnaí.


IARSCRÍBHINN III

I.   An bhunchothromóid lena léirítear coibhéis na dtarraingtí anuas ar thaobh amháin agus aisíocaíochtaí agus muirir ar an taobh eile.

Is é atá sa bhunchothromóid, lena suitear ráta céatadánach bliantúil an mhuirir (APR), ar bhonn bliantúil, luach reatha iomlán na dtarraingtí anuas ar thaobh amháin agus luach reatha iomlán na n-aisíocaíochtaí agus íocaíochtaí na muirear ar an taobh eile, i.e.:

Image 1

i gcás inarb amhlaidh:

— X

APR,

— m

uimhir na tarraingthe anuas deireanaí,

— k

uimhir tarraingthe anuas, mar sin 1 ≤ k ≤ m,

— Ck

méid na tarraingthe anuas k,

— tk

an t-eatramh, a shloinntear i mblianta agus i gcodáin de bhliain, idir dáta na chéad tarraingthe anuas agus dáta gach tarraingthe anuas ina dhiaidh sin, mar sin t1 = 0,

— m’

uimhir na haisíocaíochta deireanaí muirear nó na híocaíochta deireanaí muirear,

— l

uimhir aisíocaíochta muirear nó íocaíochta muirear,

— Dl

méid aisíocaíochta muirear nó íocaíochta muirear,

— sl

an t-eatramh, a shloinntear i mblianta agus i gcodáin de bhliain, idir dáta na chéad tarraingthe anuas agus dáta gach aisíocaíochta muirear nó íocaíochta muirear.

Tráchtanna

(a)

Ní gá gur méideanna comhionanna a bheidh sna méideanna a íocann an dá pháirtí ag tráthanna éagsúla agus ní gá gur ag eatraimh chomhionanna a íoctar iad.

(b)

Is é dáta na chéad tarraingthe anuas a bheidh sa dáta tosaigh.

(c)

Déanfar na heatraimh idir na dátaí a úsáidtear sna ríomhanna a shloinneadh i mblianta nó i gcodáin de bhliain. Glactar leis go bhfuil 365 lá (nó 366 lá i gcás blianta bisigh), 52 sheachtain nó 12 mhí chomhionanna in aon bhliain amháin. Glactar leis go bhfuil 30,41666 lá (i.e. 365/12) i mí, gan beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil bliain bhisigh ann.

I gcás nach féidir eatraimh idir dátaí a úsáidtear sna ríomhanna a shloinneadh mar líon iomlán seachtainí, míonna ná blianta, sloinnfear na heatraimh mar líon iomlán de cheann de na tréimhsí sin i gcomhar le líon laethanta. Le linn úsáid a bhaint as laethanta:

(i)

áireofar gach lá, lena n-áirítear deirí seachtaine agus saoirí;

(ii)

déanfar tréimhsí comhionanna agus ansin laethanta a áireamh siar go dtí dáta na tarraingthe siar tosaigh;

(iii)

gheofar fad na tréimhse laethanta seachas an chéad lá agus lena n-áirítear an lá deireanach agus sloinnfear é i mblianta tríd an tréimhse sin a roinnt leis an líon laethanta (365 nó 366) den bhliain iomlán a áirítear siar ón lá deireanach go dtí an lá céanna den bhliain roimhe sin.

(d)

Déanfar toradh an ríomha a shloinneadh agus cruinneas ionaid dheachúlaigh amháin ar a laghad ann. Más 5 nó comhionann leis sin an figiúr ag an ionad deachúlach ina dhiaidh sin, cuirfear 1 leis an bhfigiúr ag an ionad deachúlach áirithe sin.

(e)

Is féidir an chothromóid a athscríobh agus úsáid á baint as aon suim aonair agus coincheap na sreafaí (Ak), ar féidir leis a bheith deimhneach nó diúltach, is é sin le rá íoctha nó faighte le linn tréimhsí 1 go n, sloinnte i mblianta, i.e.:

Image 2
,

i gcás inarb é S comhardú reatha na sreafaí. Más é an aidhm atá ann an choibhéis sreafaí a choinneáil ar bun, beidh luach S nialasach.

II.   Is iad seo a leanas na toimhdí breise chun APR a ríomh.

(a)

I gcás ina dtabharfar saoirse tarraingthe anuas don tomhaltóir le comhaontú creidmheasa measfar an méid iomlán creidmheasa a bheith tarraingthe anuas láithreach agus go hiomlán.

(b)

Má dhéantar saoirse tarraingthe anuas a thabhairt go ginearálta don tomhaltóir le comhaontú creidmheasa ach má fhorchuirtear leis, i measc na mbealaí éagsúla tarraingthe anuas, teorainn maidir leis an méid creidmheasa agus leis an tréimhse, measfar an méid creidmheasa a bheith tarraingthe anuas an dáta is luaithe a shocraítear sa chomhaontú creidmheasa agus i gcomhréir leis na teorainneacha tarraingthe anuas sin.

(c)

Má dhéantar foráil i gcomhaontú creidmheasa maidir le bealaí éagsúla tarraingthe anuas lena ngabhann muirir éagsúla nó rátaí iasachta éagsúla, measfar an méid iomlán creidmheasa a bheith tarraingthe anuas ar an muirear is airde agus ar an ráta iasachta is airde a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an sásra tarraingthe anuas is comónta le haghaidh an chineáil sin comhaontaithe creidmheasa.

(d)

I gcás saoráid rótharraingthe, measfar an méid iomlán creidmheasa a bheith tarraingthe anuas go hiomlán agus ar feadh fhad iomlán an chomhaontaithe creidmheasa. Murab eol fad na saoráide rótharraingthe, déanfar APR a ríomh ar an toimhde gurb é fad an chreidmheasa 3 mhí.

(e)

I gcás comhaontú creidmheasa neamhiata, seachas saoráid rótharraingthe, glacfar leis:

(i)

go soláthraítear an creidmheas ar feadh tréimhse 1 bliana dar tús dáta na tarraingthe anuas tosaigh, agus go nglanann an íocaíocht chríochnaitheach a dhéanann an tomhaltóir iarmhéid an chaipitil, an úis agus muirear eile, más ann;

(ii)

go n-aisíocann an tomhaltóir an caipiteal in íocaíochtaí míosúla comhionanna, dar tús 1 mhí tar éis dháta na tarraingthe anuas tosaigh. I gcásanna, áfach, nach mór an caipiteal a aisíoc go hiomlán in íocaíocht aonair amháin agus ar an mbealach sin amháin, laistigh de gach tréimhse íocaíochta, glacfar leis gur thar thréimhse 1 bliana a tharlaíonn tarraingtí anuas agus aisíocaíochtaí comhleanúnacha ar an gcaipiteal ina iomláine a dhéanann an tomhaltóir. Déanfar ús agus muirir eile a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na tarraingtí anuas sin agus na haisíocaíochtaí sin ar chaipiteal agus mar a leagtar amach sa chomhaontú creidmheasa.

Chun críocha an phointe sin, is é is comhaontú creidmheasa neamhiata ann comhaontú creidmheasa gan fad seasta agus lena n-áirítear creidmheasanna nach mór a aisíoc go hiomlán laistigh de thréimhse nó ina diaidh ach, nuair a aisíoctar iad, tagann siad chun bheith ar fáil arís lena dtarraingt anuas.

(f)

I gcás comhaontuithe creidmheasa seachas rótharraingtí agus comhaontuithe creidmheasa neamhiata dá dtagraítear sna toimhdí a leagtar amach i bpointe (d) agus i bpointe (e):

(i)

i gcás nach féidir an dáta aisíocaíochta caipitil ná an méid aisíocaíochta caipitil atá le déanamh ag an tomhaltóir a fháil amach, glacfar leis go ndéantar an aisíocaíocht an dáta is luaithe dá bhforáiltear sa chomhaontú creidmheasa agus le haghaidh an mhéid is ísle dá bhforáiltear leis an gcomhaontú creidmheasa;

(ii)

i gcás nach féidir an t-eatramh idir dáta na tarraingthe anuas tosaigh agus dáta na chéad íocaíochta atá le déanamh ag an tomhaltóir a fháil amach, glacfar leis gurb é an t-eatramh is gairide é.

(g)

I gcás nach féidir an dáta íocaíochta ná an méid íocaíochta atá le déanamh ag an tomhaltóir a fháil amach ar bhonn an chomhaontaithe creidmheasa ná na dtoimhdí a leagtar amach i bpointe (d), (e) ná (f), glacfar leis go ndéantar an íocaíocht i gcomhréir leis na dátaí agus leis na coinníollacha a cheanglaíonn an creidiúnaí agus, nuair nach eol na dátaí agus na coinníollacha sin:

(i)

íocfar muirir úis mar aon leis na haisíocaíochtaí caipitil;

(ii)

déanfar muirear neamhúsmhar a shloinntear mar shuim aonair a íoc ar dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa;

(iii)

déanfar muirir neamhúsmhara a shloinntear mar roinnt íocaíochtaí a íoc ag eatraimh thráthrialta, dar tús dháta na chéad aisíocaíochta caipitil, agus murab eol méid na n-íocaíochtaí sin, glactar leis gur méideanna comhionanna iad;

(iv)

glanann an íocaíocht chríochnaitheach iarmhéid an chaipitil, an úis agus muirear eile, más ann.

(h)

I gcás nach ndearnadh an uasteorainn is infheidhme maidir leis an gcreidmheas a chomhaontú go fóill, glacfar leis gur EUR 1 500 atá inti.

(i)

Má thairgtear rátaí iasachta éagsúla agus muirir éagsúla le haghaidh tréimhse theoranta nó méid teoranta, measfar go mbeidh an ráta iasachta agus na muirir ar an ráta is airde ar feadh fhad iomlán an chomhaontaithe creidmheasa.

(j)

Le haghaidh comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí a gcomhaontaítear ráta iasachta seasta ina leith le haghaidh na tréimhse tosaigh, ar tréimhse í, a ndéantar ar theacht chun críche di, ráta iasachta nua a chinneadh agus a choigeartú go tréimhsiúil ina dhiaidh sin de réir táscaire comhaontaithe, déanfar APR a ríomh bunaithe ar an toimhde gurb ionann an ráta iasachta, ag deireadh thréimhse an ráta iasachta seasta, agus an ráta iasachta a bhí ann tráth a ríomhadh APR, bunaithe ar luach an táscaire a comhaontaíodh an tráth sin.


IARSCRÍBHINN IV

Tábla comhghaoil

Treoir 2008/48/CE

An Treoir seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(1)

 

Airteagal 2(2), pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 2(2), pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 2(2), pointe (d)

Airteagal 2(2), pointe (g)

Airteagal 2(2), pointí (e) agus (f)

Airteagal 2(2), pointí (g), (h), (i), (j), (k) agus (l)

Airteagal 2(2), pointí (d), (e), (f), (i), (j) agus (k)

Airteagal 2(2a)

Airteagal 2(3)

Airteagal 2(3)

Airteagal 2(4), (5), agus (6)

Airteagal 2(4), (6) agus (7)

Airteagal 3, pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 3, pointí 1, 2 agus 3

Airteagal 3, pointe 4

Airteagal 3, pointí (d) agus (e)

Airteagal 3, pointí 18 agus 19

Airteagal 3, pointe (f)

Airteagal 3, pointe 12

Airteagal 3, pointí (g), (h), (i), (j), (k), (l) agus (m)

Airteagal 3, pointí 5, 6, 7, 8, 9, 10 agus 11

Airteagal 3, pointe (n)

Airteagal 3, pointe 20

Airteagal 3, pointí 13, 14, 15, 16, 17, 18, 21 agus 22

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 4

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 5(1)

Airteagal 10(1) (3), (5) agus (6)

Airteagal 5(2)

Airteagal 10(7)

Airteagal 5(4)

Airteagal 10(8)

Airteagal 5(5)

Airteagal 10(9)

Airteagal 5(6)

Airteagal 12(1), pointí (a), (b) agus (c), agus Airteagal 12(2)

Airteagal 6(1) agus (3)

Airteagal 11(1), (2), agus (4)

Airteagal 6(2)

Airteagal 6(4)

Airteagal 11(6)

Airteagal 6(5)

Airteagal 6(6)

Airteagal 11(7)

Airteagal 6(7)

Airteagal 7

Airteagal 10(10) agus Airteagal 11(8)

Airteagal 13

Airteagal 8

Airteagal 18

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 9

Airteagal 19

Airteagal 10(1)

Airteagal 20

Airteagal 10(2), 10(3) agus 10(4)

Airteagal 21

Airteagal 10(5)

Airteagal 11a

Airteagal 22

Airteagal 11

Airteagal 23

Airteagal 12

Airteagal 24

Airteagal 13

Airteagal 28

Airteagal 14

Airteagal 26

Airteagal 15

Airteagal 27

Airteagal 16

Airteagal 29

Airteagal 17

Airteagal 39

Airteagal 18

Airteagal 25

Airteagal 19

Airteagal 30

Airteagal 31

Airteagal 32

Airteagal 33

Airteagal 34

Airteagal 16a

Airteagal 35

Airteagal 36

Airteagal 20

Airteagal 37

Airteagal 21

Airteagal 38

Airteagal 41

Airteagal 22

Airteagail 42 agus 43

Airteagal 23

Airteagal 44

Airteagal 24

Airteagal 40

Airteagal 24a

Airteagal 45

Airteagal 26

Airteagal 42(2)

Airteagal 27(1)

Airteagal 48

Airteagal 27(2)

Airteagal 46

Airteagal 28

Airteagal 4

Airteagal 29

Airteagal 47

Airteagal 30

Airteagal 47

Airteagal 31

Airteagal 49

Airteagal 32

Airteagal 50

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn IV


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2225/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)